Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024SC0034

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (athmhúnlú)

SWD/2024/34 final

Strasbourg, 6.2.2024

SWD(2024) 34 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (athmhúnlú)

{COM(2024) 60 final} - {SEC(2024) 57 final} - {SWD(2024) 32 final} - {SWD(2024) 33 final}


Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle

A. An gá atá le gníomhaíocht    

Cén fáth? Cén fhadhb atá ann?

Déanann mí-úsáid ghnéasach leanaí difear don tslándáil phoiblí san Aontas agus sáraíonn sí cearta bunúsacha leanaí faoin gCairt. Is fadhb sláinte poiblí í a chuireann le hualach domhanda trí riosca méadaithe i dtaobh fadhbanna tromchúiseacha meabhairshláinte agus fisiciúla ar feadh shaolré an duine agus a chuireann ualach eacnamaíoch ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar shochaithe. Tá tearcthuairisciú suntasach ann toisc nach mbíonn go leor íospartach in ann teacht chun tosaigh mar gheall ar an aois óg atá orthu agus mar gheall imthosca na mí-úsáide, ar minic gur i suíomhanna teaghlaigh nó i suíomhanna iontaofa eile a tharlaíonn sé. Maidir le mí-úsáid ghnéasach bheo ó chian ar leanaí, tá na féidearthachtaí i leith cionta a imscrúdú agus daoine a ionchúiseamh fós an‑teoranta fiú i gcás ina ndéantar coireanna a thuairisciú nó a bhrath ar bhealach eile. Dá bhrí sin, ní mór freagairt an dlí choiriúil ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a bhí ann cheana agus atá ann fós, sin nó na bearnaí atá tagtha chun cinn ó glacadh creat bunaidh an Aontais in 2011. Is féidir achoimre a dhéanamh ar an bhfadhb mar seo a leanas.

1.Ós rud é go bhfuil láithreacht mhéadaithe ag leanaí ar líne anois i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta is déanaí, ar nós beoshruthú forleathan agus domhain fhíorúla, cruthaítear deiseanna mí-úsáide nua toisc gur minic a théitear i dteagmháil le leanaí ar líne nó go ndéantar a mí-úsáid ghnéasach a bheoshruthú mar sheirbhís ar ordú.

2.Leis na creataí dlíthiúla éagsúla atá i bhfeidhm sna Ballstáit i ndáil le himscrúdú agus ionchúiseamh, ní féidir mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac ar bhealach éifeachtach, go háirithe i bhfianaise na gné ar líne. Cruthaíonn sé sin dúshláin do lucht forfheidhmithe dlí de dheasca na ndeacrachtaí a bhaineann le déantóirí coire a shainaithint agus le fianaise a bhailiú.

Sa chleachtas, is é an toradh a bhíonn ar an dá shaincheist thuas go mbíonn saoirse fhorleathan ó phionós ann i gcás coireanna tromchúiseacha a mbíonn tionchar acu ar íospartaigh linbh ar feadh a saoil.

3.Iarrachtaí chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh, tá siad fós teoranta, ní léir an éifeachtacht atá acu agus tá easpa comhordaithe ina leith i measc páirtithe leasmhara.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Chomh maith le rialáil a dhéanamh ar ról na soláthraithe seirbhíse ar líne, ar thug an Coimisiún aghaidh orthu i mí na Bealtaine 2022 ina thogra le haghaidh rialachán lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac (COM(2022) 209), is gá an creat dlí choiriúil atá ann cheana a fhorlíonadh chun a éifeachtacht a áirithiú. Is é an cuspóir ginearálta feabhas a chur ar shainaithint, ar chosaint agus ar thacaíocht d’íospartaigh na mí-úsáide gnéasaí leanaí, cosc éifeachtach a áirithiú, agus imscrúduithe a éascú. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: (1) a áirithiú go ndéanfar coiriúlú ar gach cineál mí-úsáide gnéasaí leanaí agus teacht i dtír ghnéasaigh ar leanaí a tharlaíonn ar líne; (2) a áirithiú go bhféadfar gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí leis na rialacha náisiúnta maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh; agus (3) feabhas a chur ar chosc, ar chosaint, ar thacaíocht agus ar chúnamh d’íospartaigh, é a cheangal ar na Ballstáit staitisticí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhailiú go córasach, agus comhordú níos fearr a áirithiú i measc na mBallstát agus i measc na bpáirtithe uile lena mbaineann ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tugtar teanga an chreata atá ann cheana cothrom le dáta sa togra: cuirtear ‘ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí’ in ionad na dtagairtí uile do ‘pornagrafaíocht leanaí’ ionas go mbeifear ag teacht le caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun éifeacht dhlisteanaithe neamhbheartaithe a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca an cheangail le pornagrafaíocht aosach dhleathach.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?

Tháinig bearnaí sa chreat atá ann faoi láthair chun cinn mar gheall ar an ngné ar líne go príomha, gné atá de chineál trasteorann, go háirithe a mhéid a bhaineann le beoshruthú nó le mealltóireacht ar líne. In éagmais rialacha comhchoiteanna, bheadh constaicí roimh na Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas a bhaint amach ar bhealach éifeachtach: (i) cosc a chur ar chionta mí-úsáide gnéasaí leanaí a dhéanamh ina gcríoch; (ii) coireanna mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhfuil gné thrasteorann acu a imscrúdú agus a ionchúiseamh; agus (iii) íospartaigh a shainaithint agus cúnamh a thabhairt dóibh.



B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Rogha A: Coigeartuithe reachtacha spriocdhírithe chun débhríochtaí an chreata atá ann faoi láthair a shoiléiriú, comhleanúnachas le hionstraimí nua a áirithiú, agus cainníocht agus cáilíocht na faisnéise atá ar fáil a fheabhsú.

Rogha B: Rogha A in éineacht le leasuithe reachtacha lena modhnófar na sainmhínithe ar choireanna chun na forbairtí teicneolaíochta atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh.

Rogha C: Rogha B in éineacht le leasuithe reachtacha chun cosc níos éifeachtaí, cúnamh d’íospartaigh agus imscrúdú agus ionchúiseamh a áirithiú, agus gné thrasteorann an fheiniméin á cur san áireamh. Is í seo an rogha thosaíochta.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?

D’iarr na páirtithe leasmhara ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat. Dheimhnigh siad gur measadh go raibh leanaí thíos leis de dheasca bearnaí sa choiriúlú i ndáil le treochtaí atá ag teacht chun cinn, treochtaí arna gcumasú nó arna n‑éascú ag an bhforbairt theicneolaíoch agus ag an láithreacht mhéadaithe atá ag leanaí agus ag creachadóirí araon ar líne, go háirithe ó bhí paindéim COVID-19 ann. Go háirithe, sainaithníodh go bhfuil gá le cur chuige níos éifeachtaí maidir leis na dúshláin a bhaineann le cionta den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus maidir le híospartaigh a shainaithint. Chuir na páirtithe leasmhara in iúl freisin gur gá aird níos fearr a thabhairt ar shainiúlachtaí na gcionta i dtaca le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, lena n‑áirítear na dúshláin a bhíonn roimh íospartaigh agus iad ag tuairisciú, an tréimhse fhada a d’fhéadfadh a bheith ann idir tarlú an chiona agus cumas an íospartaigh labhairt faoi, an gá atá le cosc spriocdhírithe agus cúnamh d’íospartaigh, agus na deacrachtaí a eascraíonn as feiniméin amhail ciontóirí gnéis a bhíonn ag taisteal. Go ginearálta, thacaigh na páirtithe leasmhara le nuashonrú spriocdhírithe ar an gcreat, go háirithe d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na mí-úsáide gnéasaí beo ó chian ar leanaí.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?

Meastar go gcuirfidh an togra feabhas ar shainaithint, ar chosaint agus ar thacaíocht d’íospartaigh na mí-úsáide gnéasaí leanaí. Is rud é a d’áiritheodh cosc éifeachtach agus a d’éascódh imscrúduithe freisin. Laghdódh sé an tsaoirse fhorleathan ó phionós a bhíonn ann i gcás na mí-úsáide gnéasaí beo ó chian ar leanaí, trí uirlisí imscrúdaitheacha ní b’éifeachtaí a chur ar fáil agus tríd an gcreat dlí choiriúil a oiriúnú. Is é atá i gceist leis sin a áirithiú go ndéanfar coiriúlú ar ordú mí-úsáide gnéasaí linbh a bheidh le beoshruthú agus a mbeidh an ciontóir ag amharc uirthi go príobháideach, coiriúlú a bheidh neamhspleách ar an mí-úsáid ghnéasach féin, agus ar an gcaoi chéanna go ndéanfar coiriúlú ar iarrachtaí chun leanbh a mhealladh le bheith páirteach i mí-úsáid ghnéasach trí chainéil ar líne amhail comhráite nó ardáin chearrbhachais. D’fhágfadh an tionscnamh freisin go bhféadfaí an eagla agus an tráma marthanach a chuireann bac ar an tuairisciú go minic a chur san áireamh ar feadh tréimhse fhada ama, agus go bhféadfadh marthanóirí gearáin a dhéanamh agus cúiteamh a éileamh as damáistí, rudaí a mbeadh tionchar dearfach acu ar chumas na marthanóirí a gcearta a fheidhmiú agus an tráma a shárú. Dá gcruthófaí údaráis náisiúnta chun iarrachtaí a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta, d’fhéadfaí cur chuige náisiúnta cuimsitheach a bhunú i leith fheiniméan na mí-úsáide gnéasaí leanaí, ar fadhb í a bhaineann leis an tsláinte phoiblí chomh maith leis an gceartas coiriúil. Léirigh struchtúir den chineál sin atá ann i roinnt Ballstát cheana na buntáistí a bhaineann le feasacht a ardú, cosc, guth a thabhairt d’íospartaigh agus do mharthanóirí, agus tacú leo ar bhealach níos éifeachtaí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Is ar údaráis riaracháin na mBallstát a thiteann na costais go príomha. Tá ualach teoranta ar na Ballstáit ag an rogha thosaíochta, rud a dhéantar a fhritháireamh le tionchar dearfach na mbeart maidir le gáinneáil a chosc agus a chomhrac, agus maidir le cosaint na n‑íospartach. Is é atá i gceist leis an rogha thosaíochta den chuid is mó na forálacha atá ann cheana a neartú agus a leathnú seachas oibleagáidí nua a chruthú. Tá bearta curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát cheana féin chun raon feidhme na ndlíthe coiriúla a leathnú i gcomhréir leis na tograí nua, agus tá bearta imscrúdaitheacha breise curtha ar fáil acu, rud a laghdóidh an t-ualach rialála atá orthu. Leis an gceanglas údarás náisiúnta a chruthú chun comhordú a dhéanamh, chruthófaí ualach teoranta rialála agus riaracháin ar Bhallstáit nach bhfuil córas den chineál sin i bhfeidhm acu cheana féin.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní bheidh aon tionchar díreach ná indíreach ar FBManna agus ar an iomaíochas.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Beidh ceithre phríomhchineál tionchair ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta, agus meastar go mbeidh raon feidhme teoranta acu. Ar an gcéad dul síos, beidh ar an údarás riaracháin acmhainní a infheistiú chun na hathruithe is gá a dhéanamh ar an gcreat reachtach náisiúnta. Ar an dara dul síos, dá gcuirfí níos mó beart imscrúdaitheach ar fáil, ba cheart go dtiocfadh méadú ar líon na gcásanna is féidir a imscrúdú, agus, dá bhrí sin, na hacmhainní is gá, ach ar an taobh eile is dócha go gcuirfeadh sé sin le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht na nimscrúduithe, rud a laghdódh ualach oibre foriomlán lucht forfheidhmithe dlí. Ar an tríú dul síos, maidir le cruthú agus cothabháil na núdarás náisiúnta chun na hiarrachtaí i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhordú, beidh tionchar leanúnach aige sin ar bhuiséid náisiúnta sna Ballstáit nach ann do na feidhmeanna sin iontu go fóill. Ar deireadh, d’fhéadfadh sé go rachaidh an bailiú staitisticí atá beartaithe thar a bhfuil ar fáil cheana ar an leibhéal náisiúnta ach tá sé i gcomhréir leis an méid a glacadh cheana faoi Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac 1 .

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Baineann príomhthionchar na rogha tosaíochta le dea-bhail agus cearta leanaí a chosaint agus iad ar líne agus as líne, sin agus dea-bhail agus cearta marthanóirí mí-úsáide gnéasaí leanaí. Ina theannta sin, an togra maidir le cearta íospartach a leathnú chun géarán a dhéanamh agus maidir lena chur ar a gcumas damáistí a éileamh, meastar go mbeadh tionchar dearfach suntasach ag an togra sin ar chumas na n‑íospartach agus na marthanóirí a gcearta a fheidhmiú.

Comhréireacht?

Tá na hathruithe ar an Treoir faoin togra seo teoranta agus spriocdhírithe, agus tá siad dírithe ar aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na príomheasnaimh a sainaithníodh i gcur chun feidhme agus meastóireacht na Treorach sin. Meastar gur comhréireach aon ualach riaracháin eile a d’fhéadfadh a eascairt as an tabhairt cothrom le dáta seo i bhfianaise na dtairbhí fadtéarmacha, lena n‑áirítear tairbhí costais, a bhaineann leis na cineálacha ciona sin a chosc agus a aithint go luath d’íospartaigh agus don tsochaí i gcoitinne. Dá bhrí sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sonraithe a bhaint amach.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar thionchair nithiúla na rogha tosaíochta, i.e. an dul chun cinn iarbhír sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí as líne agus ar líne, agus déanfar sin i gcomparáid leis na trí chuspóir shonracha. Tá bearta sa togra chun staitisticí ábhartha a bhailiú ionas go bhféadfaí measúnú cruinn a dhéanamh ar na tionchair sin. Ar an mbonn sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha cur chun feidhme rialta ar fáil gach 5 bliana, a mbeidh tograí le haghaidh leasú ag gabháil leo de réir mar is gá.

(1)

IO L 274, 30.7.2021, lgh. 41-51.

Top