AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.10.2024
COM(2024) 506 final
2024/0285(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá na deiseanna iascaireachta le socrú le haghaidh fhormhór na stoc gach bliain agus le haghaidh stoic áirithe gach 2 bhliain go 4 bliana.
Tá an tAontas le cuid de na deiseanna iascaireachta a shocrú go neamhspleách, agus tá cuid acu le socrú tar éis comhairliúcháin iltaobhacha nó dhéthaobhacha le tíortha nach bhfuil san Aontas.
Is é is aidhm don togra seo deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh na nithe seo a leanas:
–stoic a ndéanann an tAontas na deiseanna iascaireachta ina leith a shocrú go neamhspleách, lena n‑áirítear stoic dhomhainfharraige;
–stoic: (i) a bhainistítear i gcomhpháirt leis an Ríocht Aontaithe sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthuaiscirt, lena n‑áirítear stoic dhomhainfharraige sna limistéir sin; (ii) a bhainistítear i gcomhpháirt leis an Iorua agus leis an Ríocht Aontaithe sa Mhuir Thuaidh; (iii) a bhainistítear i gcomhpháirt leis an Iorua in Skagerrak-Kattegat; nó (iv) faoi réir chomhairliúcháin na Stát cósta de chuid an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC);
–stoic atá á mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna); agus
–stoic in uiscí tíortha nach bhfuil san Aontas.
Léirítear roinnt deiseanna iascaireachta mar ‘pm’ (pro memoria) sa togra seo, mar gheall ar na nithe seo a leanas:
–ní raibh an chomhairle eolaíoch maidir le stoic uathrialaitheacha áirithe de chuid an Aontais ar fáil an tráth a glacadh an togra; nó
–tá teorainneacha áirithe ar ghabhálacha agus bearta eile ó na ERBInna ábhartha ar feitheamh, mar nár reáchtáladh na cruinnithe bliantúla go fóill; nó
–toisc cur i gcrích comhairliúcháin iltaobhacha nó dhéthaobhacha le tíortha áirithe nach bhfuil san Aontas Eorpach a bheith ar feitheamh, níl figiúirí ar fáil go fóill le haghaidh: (i) stoic a bhainistítear i gcomhpháirt le tíortha nach bhfuil san Aontas; agus (ii) deiseanna iascaireachta a mhalartaítear le tíortha nach bhfuil san Aontas; agus (iii) stoic in uiscí tíortha nach bhfuil san Aontas.
Cur chuige maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú
Socraítear deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Bhunrialachán lena dtagraítear do chuspóirí CBI agus do na pleananna ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair.
Foilsíonn an Coimisiún teachtaireacht bhliantúil ina dtugtar forbhreathnú ar staid na stoc bunaithe ar chomhairle eolaíoch, agus ina mínítear a chur chuige maidir le deiseanna iascaireachta a mholadh. Is é an teideal atá ar an teachtaireacht bhliantúil is déanaí ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025’ (COM(2024) 235 final).
Molann an Coimisiún deiseanna iascaireachta atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus atá i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa teachtaireacht bhliantúil.
Idir an 31 Bealtaine agus an 30 Meitheamh 2024, mar fhreagairt ar iarraidh an Choimisiúin, sholáthair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle eolaíoch bhliantúil nó ilbhliantúil maidir le roinnt stoc uathrialaitheach de chuid an Aontais a chumhdaítear leis an togra seo.
Tá comhairle eolaíoch ó ICES ag brath, go bunúsach, ar na sonraí seo a leanas:
–(i) maidir le stoic a bhfuil tacair sonraí chuimsitheacha ar fáil ina leith, lenar féidir measúnuithe iomlána anailíseacha aois-struchtúrtha/fadstruchtúrtha a dhéanamh, déanann ICES meastacháin ar mhéideanna na stoc agus réamhaisnéisí maidir leis an gcaoi a mbeidh tionchar ag cásanna saothraithe éagsúla ar na méideanna stoic sin (‘táblaí cásanna gabhála’). Ar an mbonn sin, measann ICES coigeartuithe ar na deiseanna iascaireachta lena dtabharfar an stoc go leibhéal lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh;
–(ii) maidir le stoic a bhfuil níos lú sonraí ar fáil ina leith, ní sholáthraíonn ICES cásanna gabhála ach aithníonn sé treochtaí níos fadtéarmaí maidir le hearcaíocht, bithmhais agus básmhaireacht iascaireachta. Ar an mbonn sin, measann ICES deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, bunaithe ar athróga na huastáirgeachta inbhuanaithe; agus
–(iii) i gcás stoic eile a bhfuil sonraí teoranta ar fáil ina leith, agus comhairle á tabhairt maidir le leibhéal na ndeiseanna iascaireachta, braitheann ICES ar an gcur chuige réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh agus cuireann sé modheolaíocht áirithe i bhfeidhm. I gcás na stoc sin a bhfuil níos mó sonraí ar fáil ina leith, aithníonn ICES treochtaí níos fadtéarmaí maidir le hearcaíocht, bithmhais agus básmhaireacht iascaireachta chun measúnú a dhéanamh ar stádas na stoc, ach ní dhéanann sé meastachán ar athróga na huastáirgeachta inbhuanaithe. I gcás na stoc sin a bhfuil an méid is lú sonraí ar fáil ina leith, aithníonn ICES treochtaí i ngabhálacha nó i dtabhairt i dtír chun measúnú a dhéanamh ar stádas na stoc.
Tugtar ‘measúnú anailíseach’ ar mheasúnuithe ICES le haghaidh stoc faoi phointí (i) agus (ii) agus tugtar ‘comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe’ ar an gcomhairle. Tugtar ‘measúnú réamhchúraim’ ar mheasúnuithe le haghaidh stoc faoi phointe (iii) agus tugtar ‘comhairle réamhchúraim’ ar an gcomhairle.
I gcás stoic faoi phointe (i), foilsíonn ICES comhairle gach bliain. Mar sin féin, i gcás stoic faoi phointí (ii) agus (iii), ní dhéanann ICES measúnú ar stoc ná ní fhoilsíonn sé comhairle ar bhonn bliantúil. Ina ionad sin, i gcás na stoc sin faoi phointí (ii) agus (iii), déanann ICES measúnú ar threochtaí níos fadtéarmaí. Dá thoradh sin, measann ICES nach mbeidh stádas measúnaithe na stoc sin faoi réir athruithe móra le linn na tréimhse comhairle. Maidir leis na stoic sin, is í an chomhairle a fhoilsíonn ICES an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh thréimhse iomlán na comhairle. Maidir le stoic uathrialacha an Aontais a bhfoilsíonn ICES comhairle ina leith a fhanann bailí ar feadh roinnt blianta, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) bliantúla a shocrú lena gcumhdófar tréimhse iomlán na comhairle, i.e. tréimhse 2 bhliain (‘TACanna ilbhliantúla’).
Déantar deiseanna iascaireachta atá ar fáil don Aontas a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Bhunrialachán maidir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta.
Deiseanna iascaireachta le moladh níos déanaí
Déantar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic uathrialacha an Aontais nach bhfuil comhairle eolaíoch ar fáil ina leith go fóill a mharcáil le ‘pm’ sa togra seo agus molfar iad a luaithe a bheidh an chomhairle eolaíoch sin ar fáil, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa teachtaireacht bhliantúil. A luaithe a bheidh an chomhairle eolaíoch ar fáil, déanfar an togra seo a thabhairt cothrom le dáta dá réir trí bhíthin páipéir leathoifigiúla ó ranna an Choimisiúin.
Ar an gcuma chéanna, molfar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe eile i bhfianaise thoradh na gcomhairliúchán le tíortha nach bhfuil san Aontas atá ar siúl faoi láthair agus i bhfianaise chruinnithe bliantúla ERBInna nár reáchtáladh go fóill. I ndáil leis na comhairliúcháin sin agus le cruinnithe bliantúla ERBInna, molann an Coimisiún, agus glacann an Chomhairle, seasaimh de chuid an Aontais, atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa teachtaireacht bhliantúil. I gcomhair comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Ríocht Aontaithe maidir le stoic chomhroinnte agus i gcás cruinnithe bliantúla ERBInna, molann an Coimisiún, agus glacann an Chomhairle, sonraíochtaí na seasamh ilbhliantúil.
Cé go bhfuil na comhairliúcháin ar siúl faoi láthair, nár reáchtáladh cruinnithe bliantúla ERBInna áirithe go fóill nó nach bhfuil comhairle eolaíoch ar fáil go fóill, cuimsítear idir lúibíní cearnógacha sa togra seo téacs aithrisí agus fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle agus is le ‘pm’ a mharcáiltear deiseanna iascaireachta.
A luaithe a thabharfar na comhairliúcháin le tíortha nach bhfuil san Aontas chun críche, a bheidh cruinniú bliantúil an ERBI ábhartha thart nó a chuirfear an chomhairle eolaíoch ar fáil, déanfar an togra seo a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéir leathoifigiúla ó ranna an Choimisiúin.
Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Faoi Airteagal 15 den Bhunrialachán, tá gach stoc a bhfuil teorainneacha gabhála ann ina leith faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ó bhí an 1 Eanáir 2019 ann, rud a chiallaíonn gur cheart gach gabháil a thabhairt ar bord agus a choinneáil ar bord na soithí iascaireachta, a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí i gcás inarb infheidhme. Mar sin féin, déantar foráil sa Bhunrialachán maidir le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Ar bhonn moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit, ghlac an Coimisiún rialacháin tharmligthe ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh iascaigh áirithe, lena gceadaítear cainníochtaí teoranta ábhair mhuirí aischurtha ar bhonn díolúintí de minimis nó ard-inmharthanachta.
Ó tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Bhunrialachán, is gá a léiriú sna deiseanna iascaireachta an t‑athrú ón méid a thugtar i dtír chuig an méid a ghabhtar, ós rud é nach gceadaítear i bprionsabal ábhar muirí a aischur a thuilleadh.
Agus cur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír á chur san áireamh, molann an Coimisiún TACanna ar bhonn na comhairle ó ICES faoi ghabhálacha. Sna cuótaí atá beartaithe ag an Aontas, cuirtear san áireamh ábhar muirí aischurtha ar bhonn díolúintí seanbhunaithe; ní thabharfar i dtír na gabhálacha sin ná ní ríomhfar iad in aghaidh na gcuótaí, agus, dá bhrí sin, asbhainfear na méideanna sin as cuótaí an Aontais. Go dtí go ríomhfar na cainníochtaí sin, is le ‘pm’ a mharcáiltear cuótaí an Aontais sa togra seo. Ina theannta sin, i gcás stoic nach dtugann ICES ach comhairle maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith, molann an Coimisiún TACanna ar bhonn na comhairle sin.
Solúbthacht ó bhliain go bliain
Ní mór na naisc idir an Bunrialachán agus Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle a chur san áireamh freisin. In Airteagail 3 agus 4 den Rialachán deireanach sin, déantar foráil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí do stoic le measúnuithe anailíseacha agus le measúnuithe réamhchúraim araon. Faoi Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh faoi réir Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún solúbthacht ó bhliain go bliain a eisiamh, de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96, do stoic le measúnuithe anailíseacha a bhfuil bithmhais faoi bhun Blim acu agus do stoic le measúnuithe réamhchúraim a molann ICES gabhálacha nialasacha ina leith nó an t‑iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí.
Foráiltear le hAirteagal 15(9) den Bhunrialachán maidir le solúbthacht bhreise ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí. Mar sin féin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de ghnóthú chuspóirí CBI, níor cheart feidhm charnach a bheith ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) den Bhunrialachán.
Ba cheart an tsolúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí faoi Airteagal 15(9) den Bhunrialachán a eisiamh freisin i gcás ina mbainfí léi an bonn de ghnóthú chuspóirí CBI, go háirithe maidir le: (i) stoic le measúnuithe anailíseacha a bhfuil bithmhais faoi bhun Blim acu agus nach gceadófar ach iascaigh foghabhála nó eolaíocha ina leith; agus (ii) stoic le measúnuithe réamhchúraim nach gceadófar ach na hiascaigh sin amháin ina leith. Ina theannta sin, ba cheart solúbthacht ó bhliain go bliain a eisiamh i gcás stoic nár tháinig an tAontas agus an tír nó na tíortha ábhartha nach bhfuil san Aontas Eorpach ar chomhaontú maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain a chur i bhfeidhm ina leith nó ar eisiaigh siad cur i bhfeidhm na solúbthachta sin ina leith ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc.
Iascach áineasa
Is féidir leis an iascach áineasa tionchar suntasach a imirt ar stoic ina nglacann an t‑iascach áineasa cuid shuntasach de ghabhálacha iomlána na stoc sin. I gcás stoic den sórt sin, is iomchuí, dá bhrí sin, na gníomhaíochtaí uile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar stádas an stoic a chur san áireamh, gan beann ar cé acu gníomhaíochtaí tráchtála nó gníomhaíochtaí áineasa iad na gníomhaíochtaí sin nó nach ea. Chun cuspóirí CBI a bhaint amach agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Airteagal 10(4) den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh agus Airteagal 11 den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, molann an Coimisiún bearta freisin le haghaidh an iascaigh áineasa, lena n‑áirítear iascach áineasa ón gcladach.
Deiseanna iascaireachta agus míniú atá beartaithe
Stoic uathrialacha de chuid an Aontais
|
TAC
|
Cód TAC
|
An TAC atá beartaithe le haghaidh 2025 (tonaí)
|
An t‑athrú atá beartaithe ar an TAC ó 2024
|
Míniú
|
|
Láimhínigh
(Lophiidae)
Bá theas na Bioscáine agus uiscí Ibéaracha 8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1
|
ANF/8C3411
|
5 432
|
+17 %
|
Cuireann ICES comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe ar fáil le haghaidh dhá speiceas éagsúla láimhínigh sa limistéar seo: láimhíneach an bhoilg dhuibh (Lophius budegassa) agus an láimhíneach bán (Lophius piscatorius).
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus luach phointe FMSY le haghaidh an dá speiceas.
|
|
An colmóir
(Merluccius merluccius)
Bá theas na Bioscáine agus uiscí Ibéaracha
8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1
|
HKE/8C3411
|
17 445
|
tar-rolladh
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC le haghaidh 2024 a thar-rolladh agus é a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus idir luach phointe FMSY agus an luach is airde laistigh de raon an FMSY (‘MSY Fupper’). Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 4(5), pointe (a), den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair agus cuirtear san áireamh leis gurb é an colmóir an speiceas is teorantaí san iascach measctha. Ina theannta sin, chun an stoc a chosaint san fhadtéarma, stoc ar socraíodh TACanna ina leith i gcomhréir le MSY Fupper ó 2022 i leith, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC le haghaidh 2025 a shocrú faoi bhun MSY Fupper.
|
|
An méagram scoilteán
(Lepidorhombus spp.)
Bá theas na Bioscáine agus uiscí Ibéaracha
8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1
|
LEZ/8C3411
|
4 448
|
+23 %
|
Cuireann ICES comhairle maidir leis an MSY ar fáil le haghaidh dhá speiceas éagsúla scoilteáin sa limistéar seo: Lepidorhombus whiffiagonis agus Lepidorhombus Boscii.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus luach phointe FMSY don dá speiceas.
|
|
Gliomach na hIorua
(Nephrops norvegicus)
Bá theas na Bioscáine agus an Mhuir Chantabrach
8c, aonad feidhmiúil 31
|
NEP/8CU31
|
29
|
+134 %
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.
|
|
An leathóg
(Pleuronectes platessa)
in Kattegat
|
PLE/03AS.
|
2 349
|
tar-rolladh
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Is éard atá sa TAC seo cion (26 %) den chomhairle ó ICES maidir le leathóga in Kattegat, sna Beilteanna agus in Øresund. Tá an figiúr sin bunaithe ar chionroinnt na ngabhálacha in 2024 a leagtar amach sa chomhairle ó ICES.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus leis an luach is ísle laistigh de raon FMSY (‘MSY Flower’). Tá sé beartaithe aige an TAC a shocrú faoi bhun MSY Flower, ós rud é gur foghabhálacha atá sna hiascaigh a dhíríonn ar ghliomach na hIorua, ar leathóga agus ar throisc agus ós rud é go bhfuil comhairle ann lena moltar gabháil nialasach i leith trosc.
|
|
An sól coiteann
(Solea solea)
Bá na Bioscáine
8a agus 8b
|
SOL/8AB.
|
2 510
|
+0,8 %
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus le luach phointe FMSY, arna laghdú go comhréireach chun an laghdú ar an mbithmhais a chur san áireamh (tuartar gur thart ar 93 % de MSY Btrigger atá sa bhithmhais agus mar thoradh air sin tagann laghdú 5 % ar an ngabháil iomlán a mholtar).
|
|
An sól coiteann
(Solea solea)
Skagerrak-Kattegat agus Muir Bhailt Thiar
3a; uiscí an Aontais i bhforanna 22-24
|
SOL/3ABC24
|
200
|
-39 %
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tuarann ICES, i gcás gabhálacha os cionn 15 thona in 2025, gur mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi bhun Blim in 2026.
De bhun Airteagal 4(6) agus Airteagal 7(1) den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh, tá sé beartaithe ag an Coimisiún, dá bhrí sin, an iascaireacht spriocdhírithe ar shóil a chur ar fionraí.
Mar sin féin, dá socrófaí an TAC le haghaidh sól ar leibhéal lena n‑áiritheofaí gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi bhun Blim, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn sna hiascaigh ina ndírítear ar ghliomach na hIorua de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha uile a thabhairt i dtír, lena n‑áirítear foghabhálacha na stoc sin in iascaigh mheasctha. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún TAC foghabhála a bhunú i gcomhair sól le haghaidh na n‑iascach a dhíríonn ar ghliomach na hIorua, ar leibhéal 200 tona. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin, a bheag nó a mhór, do leibhéal na ngabhálacha sól in 2023 agus, de réir ICES, tuartar go gcoimeádfaidh sé bithmhais an stoic cobhsaí.
|
|
An bolmán
(Trachurus spp.)
Uiscí Ibéaracha 9
|
JAX/09.
|
173 873
|
+5 %
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.
|
|
An doingean mara
(Dicentrarchus labrax)
Bá na Bioscáine
8a agus 8b
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tuarann ICES go laghdaítear bithmhais an stoic a thuilleadh in 2024, agus í fós faoi bhun MSY Btrigger ach os cionn Blim.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, agus a gcuótaí le haghaidh iascaigh thráchtála á gcinneadh go comhpháirteach acu, gur cheart don Fhrainc agus don Spáinn a áirithiú nach rachaidh suim na ngabhálacha tráchtála, an ábhair mhuirí aischurtha thráchtála, na ngabhálacha áineasa agus an ábhair mhuirí aischurtha áineasa thar luach phointe FMSY le haghaidh na n‑aistrithe iomlána, arna laghdú go comhréireach chun an laghdú ar an mbithmhais a chur san áireamh (tuartar gur thart ar 92 % de MSY Btrigger atá sa bhithmhais agus mar thoradh air sin tagann laghdú 7 % ar an ngabháil iomlán a mholtar).
Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an teorainn ghabhála 1 iasc / iascaire agus an teorainn ghabhála lae a choinneáil ar bun le haghaidh an iascaigh áineasa.
Thairis sin, chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na gcuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla d’Uiscí an Iarthair, molann an Coimisiún go gcuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi na cuótaí sin faoina bhráid.
|
Stoic uathrialacha dhomhainfharraige de chuid an Aontais
|
TAC
|
Cód TAC
|
An cuóta de chuid an Aontais atá beartaithe le haghaidh 2025 agus 2026 (tonaí)
|
An t‑athrú atá beartaithe ar an gcuóta de chuid an Aontais ó 2024*
|
Míniú
|
|
An gránádóir cruinnsocach
(Coryphaenoides rupestris)
Skagerrak-Kattegat
Uiscí an Aontais in 3
|
RNG/03-
|
0,9
|
-5 %
|
Cuireann ICES comhairle réamhchúraim ar fáil maidir leis an stoc sin agus molann sé gabhálacha nialasacha in 2025 agus 2026.
De bhun Airteagal 5(3) den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh agus Airteagal 16(4) den Bhunrialachán, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (5), pointí (c) agus (f), den Rialachán sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún TAC a bhunú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta gránádóirí cruinnsocacha san iascaireacht ina ndírítear ar shéaclaí Artacha (Pandalus borealis), ar leibhéal 0,9 tona. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin, a bheag nó a mhór, do leibhéal na ngabhálacha a tugadh i dtír in 2023.
|
Stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 36, tábla F, a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
Ina theannta sin, molann an Coimisiún deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn 36, tábla F, a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile(‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’). Liostaítear san Iarscríbhinn sin stoic nach bhfuil i láthair ach in uiscí aon Pháirtí amháin.
|
TAC
|
Cód TAC
|
An TAC atá beartaithe le haghaidh 2025 (tonaí)
|
An t‑athrú atá beartaithe ar an TAC ó 2024
|
Míniú
|
|
An deargán
(Pagellus bogaraveo)
Uiscí na nAsór
10
|
SBR/10-
|
399
|
-35 %
|
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic seo.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.
|
An eascann
Cuireann ICES comhairle ar fáil maidir le raon nádúrtha iomlán na heascainne Eorpaí (Anguilla anguilla), lena n‑áirítear an tAtlantach Thoir Thuaidh agus an Mheánmhuir. I bhfianaise staid chriticiúil na heascainne Eorpaí, tá an méid seo a leanas déanta ag ICES:
–(i) le fiche bliain anuas, mhol sé go comhsheasmhach básmhaireacht antrapaigineach na heascainne Eorpaí a choimeád chomh gar do nialas agus is féidir ar fud a raoin nádúrtha;
–(ii) i mí na Samhna 2023, mhol sé gur cheart gan aon ghabháil eascann Eorpach a bheith ann i ngach gnáthóg le haghaidh 2024 nuair a chuirtear i bhfeidhm an cur chuige réamhchúraim. Bhain sé sin le gabhálacha áineasa agus tráchtála araon agus áiríodh leis gabhálacha eascann gloine le haghaidh athstocála agus dobharshaothraithe;
–(iii) an 30 Bealtaine 2022 chuir sé in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn foriomlán, d’ainneoin iarrachtaí na mBallstát, maidir le baint amach an chuspóra ligean do 40 % de bhithmhais na n‑eascann geal éalú ar fud an Aontais ina iomláine, de bhun Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle. Ina theannta sin, mhol ICES freisin gur cheart iarrachtaí caomhnaithe a dhíriú ar na bearta sin lena mbaineann dóchúlacht ard, de réir a sainmhínithe, go ndéanfar básmhaireacht a laghdú agus go gcuirfear le héalú.
Foilseofar comhairle ó ICES le aghaidh 2025 an 1 Samhain 2024.
Leagadh síos tréimhse choiscthe 3 mhí as a chéile le haghaidh iascaireacht eascann sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta bliantúla maidir le huiscí muirí agus uiscí goirte an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh (ó 2018 go 2022). Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle, cuireadh síneadh 6 mhí leis an tréimhse choiscthe le haghaidh aon ghníomhaíocht iascaireachta eascann in uiscí muirí agus uiscí goirte an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2023/194 cuireadh toirmeasc ar gach iascach eascann áineasa sna huiscí sin. Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle, rinneadh na bearta sin a choinneáil ar bun agus, chun cosaint éifeachtach a áirithiú d’eascanna airgid ar imirce ó Mhuir Bhailt go dtí an Mhuir Thuaidh, ceanglaíodh gur cheart do na Ballstáit chósta i bhfolimistéar 3 ICES, is iad sin an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an tSualainn teacht ar chomhaontú maidir le tréimhsí coiscthe éifeachtacha le haghaidh eascanna geala. Thairis sin, leagadh síos le Rialachán (AE) 2024/257 na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe i gcás iascaigh eascann theoranta leanúnacha le linn thréimhse imirce na n‑eascann.
I bhfianaise staid chriticiúil leanúnach na heascainne Eorpaí, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na bearta maidir le heascanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/257 a choinneáil ar bun le haghaidh 2025. Tabharfar an togra seo cothrom le dáta tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh na heascainne Eorpaí san Atlantach Thoir Thuaidh agus sa Mheánmhuir a fhoilsiú le haghaidh 2025.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí’), agus is é is aidhm dóibh rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, go háirithe maidir le tuairisceoir 3, lena gceanglaítear go mbeidh na héisc agus sliogéisc uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra seo.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra, cionroinntear deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit i gcomhréir leis na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair, chomh maith le torthaí cruinnithe bliantúla áirithe de ERBInna a bhí ar siúl cheana. Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, agus cúinsí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, in iascach measctha i gcás inar féidir.
De bhun Airteagal 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 den Bhunrialachán, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta a chuirtear ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, tá an corrlach lánroghnach is gá ag na Ballstáit agus na cuótaí cionroinnte á ndáileadh acu, i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a úsáid.
•An rogha ionstraime
Meastar gurb é rialachán an ionstraim is iomchuí toisc gur féidir ceanglais a leagan síos leis a bhaineann go díreach leis na Ballstáit agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Cuideoidh sé sin lena áirithiú go gcuirfear na ceanglais chun feidhme ar bhealach tráthúil agus comhchuibhithe, rud a mbeidh níos mó deimhneachta dlíthiúla mar thoradh air.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
(a)Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí na comhairlí comhairleacha, ar bhonn na teachtaireachta bliantúla uaidh ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025’.
(b)Achoimre ar na freagraí agus ar an dóigh ar cuireadh san áireamh iad
I bhfreagraí na bpáirtithe leasmhara ar an teachtaireacht bhliantúil thuasluaite, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar staid na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bhainistíochta. Chuir an Coimisiún na freagraí sin san áireamh agus an togra seo á cheapadh aige.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá creat forbartha ag grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta ICES le haghaidh a chomhairle eolaíche. Eisítear comhairle eolaíoch ó ICES ar bhonn an chreata sin agus i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Bhunrialacháin agus leis na Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair, mar a d’iarr an Coimisiún.
Ceann de chuspóirí CBI is ea stoic a athbhunú go dtí leibhéil lena bhféadfar an uastáirgeacht inbhuanaithe a sholáthar, agus iad a choinneáil ar na leibhéil sin. Ionchorpraítear an cuspóir sin go sainráite in Airteagal 2(2) den Bhunrialachán, ina bhforáiltear ‘go mbainfear amach an cuspóir sin […] faoi 2020 i gcás na stoc uile’.
Tá na deiseanna iascaireachta le haghaidh na spriocstoc sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthair agus a bhfuil comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe ann ina leith le socrú ar bhonn na bpleananna ilbhliantúla iomchuí, lena sainítear raon luachanna básmhaireachta iascaigh as a n‑eascraíonn uastáirgeacht inbhuanaithe (‘raon FMSY’) agus a thugann leibhéal solúbthachta faoi choinníollacha áirithe dá bhrí sin. D’iarr an Coimisiún ar ICES comhairle eolaíoch a chur ar fáil is féidir a úsáid chun an tsolúbthacht a chur chun feidhme, lena n‑áirítear a mheas an gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an tsolúbthacht sin a úsáid. Féadfar raon uasta luachanna FMSY a úsáid chun TACanna a shocrú, i gcás ina bhfuil bithmhais an stoic atá i gceist os cionn MSY Btrigger, agus i gcás go bhfuil gá leis sin, bunaithe ar chomhairle eolaíoch nó ar fhianaise, chun an méid seo a leanas a dhéanamh, agus sa chás sin amháin:
–na cuspóirí a leagtar amach sa phlean ilbhliantúil ábhartha a bhaint amach i gcás an iascaigh mheasctha; nó
–díobháil thromchúiseach a dhéantar do stoc éisc de bharr dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó
–luaineachtaí arda ó bhliain go bliain a theorannú.
I gcás ina mbeidh bithmhais an stoic faoi bhun MSY Btrigger, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéal a chomhfhreagróidh don bhásmhaireacht iascaireachta a laghdaítear go comhréireach chun an laghdú ar an bithmhais a chur san áireamh.
Dá bhrí sin, baintear leas sa togra seo as an gcomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil. I gcomhréir le cuspóirí CBI, i gcás ina molfar TACanna ar bhonn comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, comhfhreagróidh siad, de réir na comhairle sin, don leibhéal lena n‑áiritheofaí comhlíonadh na huastáirgeachta inbhuanaithe. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa teachtaireacht bhliantúil ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025’.
De bhun Airteagal 4(6) den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh agus Airteagal 4(7) den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh spriocstoc a shocrú chun a áirithiú gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais faoi bhun an Blim. I gcás ina bhfuil comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe ar fáil, féadfaidh ICES dóchúlachtaí den sórt sin a léiriú, sa ghearrthéarma, sa chomhairle uaidh. Chun a áirithiú go mbainfear amach an dóchúlacht, d’fhéadfadh sé gur ghá ráta básmhaireachta iascaireachta an spriocstoic a laghdú dá réir sin nó d’fhéadfadh sé gur ghá an t‑iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí.
Maidir le spriocstoic ar bheagán sonraí, cuireann comhairle eolaíoch ó ICES treoir chainníochtúil ar fáil maidir le gabhálacha agus baineadh úsáid as sin chun leibhéal na TACanna atá beartaithe a bhunú.
Ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic foghabhála sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthair a shocrú freisin ar bhonn na bpleananna ilbhliantúla ábhartha. Moltar TACanna le haghaidh stoic foghabhála ar bhonn na comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil. Agus deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic foghabhála á socrú, ba cheart breithnithe maidir le hiascaigh mheasctha a chur san áireamh freisin de bhun Airteagal 5(3) de na Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair agus Airteagal 16(4) den Bhunrialachán, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (5), pointí (c) agus (f), den Rialachán sin.
Maidir le stoic foghabhála ar bheagán sonraí, moltar TACanna ar bhonn na treorach cainníochtúla maidir le gabhálacha a sholáthraítear sa chomhairle eolaíoch ó ICES.
•Measúnú tionchair
Le hAirteagal 43(3) CFAE cuirtear teorainn le raon feidhme an rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.
Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Cuirtear san áireamh ann tionscnaimh ó gheallsealbhóirí agus ó chomhairlí comhairleacha más rud é go ndearna ICES athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur coinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.
A mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic ERBInna agus stoic a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach orthu le tíortha nach bhfuil san Aontas, is éard a dhéantar go bunúsach leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Le linn ullmhú na caibidlíochta idirnáisiúnta ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tíortha nach bhfuil san Aontas agus lena linn, déileáiltear le haon ghné atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Comhlíonann an togra seo cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus comhlíonadh a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
2024/0285 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n‑áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Bunrialachán’), tá deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Bhunrialachán, déanfar deiseanna iascaireachta a chionroinnt i measc na mBallstát chun go n‑áiritheofar cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó gach iascaigh.
(2)Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Bhunrialachán, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.
(3)Faoi Airteagal 15 den Bhunrialachán, tá na stoic uile a bhfuil teorainneacha gabhálacha ag gabháil leo faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ó bhí an 1 Eanáir 2019 ann, ach tá feidhm ag díolúintí áirithe. Ar bhonn moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit agus de bhun Airteagal 15 den Bhunrialachán, ghlac an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na mionsonraí le haghaidh iascaigh áirithe maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír.
(4)Ba cheart a chur san áireamh sna deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic speicis a chumhdaítear leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, nach gceadaítear a thuilleadh i bprionsabal ábhar muirí a aischur. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an bhfigiúr comhairle le haghaidh gabhálacha iomlána arna chur ar fáil ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES). Na cainníochtaí a bhféadfar, mar eisceacht ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, leanúint dá n‑aischur, ba cheart iad a asbhaint ón bhfigiúr sin a mholtar le haghaidh gabhálacha iomlána. Ina theannta sin, i gcás deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic nach dtugann ICES ach comhairle maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith, ba cheart iad a shocrú ar bhonn na comhairle sin.
(5)Le Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh plean ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh (‘Plean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh’) agus le Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh plean ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair (‘Plean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair’). Sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair, leagtar amach spriocanna agus bearta chun bainistiú fadtéarmach a dhéanamh ar stoic a chumhdaítear leis na pleananna ilbhliantúla sin. Ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc a liostaítear in Airteagal 1(1) de na Rialacháin sin (‘spriocstoic’) a shocrú i gcomhréir le raon luachanna na básmhaireachta iascaireachta as a n‑eascraíonn an uastáirgeacht inbhuanaithe (‘raonta FMSY’), nó ar leibhéal níos ísle, agus i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear sna Rialacháin sin. Leagtar amach raonta an FMSY sa chomhairle ábhartha ó ICES. I gcás nach mbeidh faisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh na spriocstoc nó na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de na Rialacháin sin (stoic foghabhála) a shocrú i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim, mar a leagtar amach sna Rialacháin sin.
(6)De bhun Airteagal 4(6) den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh agus Airteagal 4(7) den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh spriocstoc a shocrú chun a áirithiú gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais faoi bhun an phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (Blim).
(7)I gcomhréir le hAirteagal 7 den Phlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh agus le hAirteagal 8 den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, i gcás ina léirítear leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na spriocstoic: (i) faoi bhun an MSY Btrigger, tá bearta ceartaitheacha le déanamh, agus go háirithe ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéal a chomhfhreagróidh don bhásmhaireacht iascaireachta a laghdaítear go comhréireach chun an laghdú ar an bithmhais a chur san áireamh; agus (ii) faoi bhun Blim, tá bearta ceartaitheacha breise le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar an stoc a athbhunú go tapa chuig leibhéil os cionn na leibhéal sin a bhfuiltear in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh os a gcionn. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin go háirithe iascaireacht spriocdhírithe ar an stoc atá i gceist a chur ar fionraí agus laghdú leordhóthanach deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó na stoc eile san iascach.
(8)Tá stoic áirithe ann a molann ICES gabhálacha nialasacha nó gabhálacha ísle ina leith, nó tuarann ICES, maidir le dóchúlacht níos lú ná 5 % a bheith ann go dtitfidh an bhithmhais faoi bhun Blim: (i) nach bhféadfaí í a bhaint amach ach amháin le gabhálacha ísle; (ii) nach bhféadfaí í a bhaint amach ach amháin le gabhálacha nialasacha; nó (iii) nach bhféadfaí í a bhaint amach fiú le gabhálacha nialasacha. Mar sin féin, má bunaíodh na TACanna le haghaidh na stoc sin ar na leibhéil a mhol ICES, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha uile a thabhairt i dtír, lena n‑áirítear foghabhálacha ó na stoic sin, in iascaigh mheasctha. Is speiceas é an ‘tachtspeiceas’ a bhfuil easpa cuóta air a d’fhéadfadh stop a chur le hiascaireacht soithigh iascaireachta amháin nó níos mó fiú má tá cuóta fós acu le haghaidh speicis eile. De bhun Airteagal 5(3) de na Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair agus Airteagal 16(4) den Bhunrialachán, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (5), pointí (c) agus (f), den Rialachán sin agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir an t‑iascach a choinneáil ar bun, i bhfianaise na n‑impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe, is iomchuí TACanna sonracha a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha na stoc sin. Ba cheart na TACanna foghabhála sin a shocrú ar leibhéil lena n‑áirithítear go laghdófar ráta básmhaireachta na stoc sin agus / nó go mbeidh a mbithmhais cobhsaí go fóill, agus lena soláthraítear dreasachtaí chun feabhas a chur ar an roghnaíocht agus foghabhálacha na stoc sin a sheachaint. Chun gabhálacha na stoc a laghdú a bhfuil TACanna foghabhála socraithe ina leith, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na n‑iascach ina ngabhtar na stoic sin a shocrú ar leibhéil a chuideoidh le bithmhais na stoc leochaileach a athbhunú go leibhéil inbhuanaithe.
(9)Chun úsáid deiseanna iascaireachta in iascaigh mheasctha i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Bhunrialachán a ráthú a mhéid is féidir, is iomchuí linn a bhunú le haghaidh malartuithe cuótaí le haghaidh na mBallstát nach bhfuil aon chuóta acu chun a bhfoghabhálacha dosheachanta a chumhdach.
(10)I gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 16(4) den Bhunrialachán, maidir le stoic nach gcumhdaítear leis an bPlean Ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh ná leis an bPlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, i gcás ina bhfuil faisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil, ba cheart deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le básmhaireacht iascaireachta na huastáirgeachta inbhuanaithe agus i gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, ba cheart deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (8), den Bhunrialachán.
(11)I gcás stoic áirithe, tá comhairle ó ICES fós bailí ar feadh roinnt blianta agus is í an chomhairle sin an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh tréimhse iomlán na comhairle. Sna cásanna sin, ba cheart TACanna bliantúla a shocrú lena gcumhdófar tréimhse iomlán na comhairle (TAC ilbhliantúil). Mar sin féin, má bhíonn comhairle nua ó ICES ar fáil le linn na tréimhse sin, ba cheart a áirithiú go leanfaidh an TAC ilbhliantúil de bheith comhsheasmhach leis an gcomhairle nua. Thairis sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh na hasbhaintí bliantúla ón bhfigiúr comhairle i gcás gabhálacha iomlána chun díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur san áireamh comhsheasmhach leis na sonraí atá ar fáil.
(12)De réir na comhairle ó ICES le haghaidh 2025, táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú breise ar bhithmhais an doingin mara Eorpaigh (Dicentrarchus labrax) i ranna 8a agus 8b ICES in 2024 agus go mbeidh sí fós faoi bhun MSY Btrigger ach os cionn Blim. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, áiritheoidh an Fhrainc agus an Spáinn go comhpháirteach, agus a gcuótaí le haghaidh iascaigh thráchtála don stoc sin á gcinneadh acu, go mbeidh suim na ngabhálacha tráchtála, an ábhair mhuirí aischurtha thráchtála, na ngabhálacha áineasa agus an ábhair mhuirí aischurtha áineasa faoi bhun luach phointe FMSY le haghaidh na n‑aistrithe iomlána, arna laghdú go comhréireach chun an laghdú ar an mbithmhais a chur san áireamh. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na gcuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sa Phlean Ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair, ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir leis na cuótaí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
(13)Ba cheart bearta breise maidir le hiascach áineasa doingean mara Eorpach i ranna 8a agus 8b ICES a choinneáil ar bun, i bhfianaise an tionchair shuntasaigh atá ag iascach áineasa ar bhithmhais an stoic sin agus an bhithmhais laghdaithe á cur san áireamh.
(14)Tá stoic áirithe ann a molann ICES gabhálacha os cionn leibhéal íseal ina leith. Mar sin féin, má bunaíodh TACanna le haghaidh na stoc sin ar na leibhéil sin, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn agus dhúnfaí roimh am iascaigh áirithe de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha uile a thabhairt i dtír, lena n‑áirítear foghabhálacha na stoc sin in iascaigh mheasctha. De bhun Airteagal 5(3) de na Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair agus Airteagal 16(4) den Bhunrialachán, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (5), pointí (c) agus (f), den Rialachán sin agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir an t‑iascach a choinneáil ar bun, i bhfianaise na n‑impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe, is iomchuí TACanna sonracha a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha na stoc sin. Ba cheart na TACanna foghabhála sin a shocrú bunaithe ar fhianaise lena léirítear go ndúnfaí iascach amháin nó níos mó roimh am dá ndéanfaí na TACanna a shocrú ar an leibhéal a mhol ICES agus go bhféadfadh tionchar socheacnamaíoch dian a bheith aige sin. Ina theannta sin, ba cheart na TACanna foghabhála sin a shocrú ar leibhéil: (i) a laghdódh feiniméan an ‘tachtspeicis’ agus iamh roimh am iascach áirithe; (ii) a laghdódh na tionchair shocheacnamaíocha ghaolmhara; agus (iii) a laghdódh ráta básmhaireachta iascaigh le haghaidh na stoc sin agus / nó a d’áiritheodh go bhfanfadh a mbithmhais cobhsaí; agus (iv) a sholáthródh dreasachtaí chun feabhas a chur ar roghnaíocht agus foghabhálacha na stoc sin a sheachaint.
(15)[De réir na comhairle eolaíche, tá gabhálacha áineasa mangach i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 neamhdhiomaibhseach. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainneacha ar iascach áineasa don mhangach a choinneáil ar bun sna limistéir sin. Chun na láithreacha sceite a chosaint agus chun teorainn a chur le gabhálacha iasc óg, ní fhéadfar aon eiseamal de mhangach a ghabháil agus a choinneáil in iascach áineasa idir an 1 Eanáir agus an 30 Aibreán, agus d’fhéadfaí uasmhéid dhá eiseamal a cheadú don chuid eile den bhliain.]
(16)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an eascann Eorpach a fhoilsiú le haghaidh 2025.] [I mí na Bealtaine 2022 chuir ICES in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn foriomlán, d’ainneoin iarrachtaí na mBallstát maidir le hathbhunú stoc na heascainne Eorpaí (Anguilla anguilla), maidir le baint amach an chuspóra ligean do 40 % de bhithmhais na n‑eascann geal éalú ar fud an Aontais ina iomláine, mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle, agus nár breathnaíodh aon phatrún soiléir maidir le básmhaireacht. I mí na Samhna 2023 mhol ICES arís gur cheart gan aon ghabháil eascann Eorpach a bheith ann i ngach gnáthóg agus ag gach céim den saol, ar fud a raoin nádúrtha, lena gcuimsítear an tAtlantach Thoir Thuaidh agus an Mheánmhuir, nuair a chuirtear an cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm. Bhain sé sin le gabhálacha áineasa agus tráchtála araon agus áiríodh leis gabhálacha eascann gloine le haghaidh athstocála agus dobharshaothrú.]
(17)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an eascann Eorpach a fhoilsiú le haghaidh 2025.] [Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle, cuireadh síneadh 6 mhí leis an tréimhse choiscthe le haghaidh aon ghníomhaíocht iascaireachta eascann tráchtála in uiscí muirí agus uiscí goirte an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh. Cuireadh toirmeasc leis freisin ar gach iascach eascann áineasa sna huiscí sin. Measadh gurbh fhearr a chosnódh tréimhse choiscthe 6 mhí an stoc ná mar a chosnódh bearta an Aontais agus na bearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme go dtí 2022. Measadh freisin leis an tréimhse choiscthe shínithe go gcuirfí le baint amach an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ligean do 40 % ar a laghad d’eascanna geala éalú. Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle, coinníodh na bearta sin ar bun agus soiléiríodh na critéir maidir leis an tréimhse choiscthe agus an maolú a d’fhéadfadh a bheith ann a shocrú i gcás iascaigh eascann theoranta leanúnacha le linn thréimhse imirce na n‑eascann. I bhfianaise staid chriticiúil leanúnach na heascainne Eorpaí, is iomchuí na bearta sin a choinneáil ar bun in 2024.]
(18)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an eascann Eorpach a fhoilsiú le haghaidh 2025.] [De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, is beart caomhnúcháin é eascanna gloine a athstocáil arna roghnú ag Ballstáit áirithe ina bpleananna bainistíochta eascann. D’fhonn é a chur ar a gcumas do na Ballstáit sin leanúint den bheart sin a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gabhálacha eascann gloine in uiscí muirí agus uiscí goirte an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh ag an am iomchuí den bhliain agus b’fhéidir le linn a bpríomhthréimhse imirce nó a bpríomhthréimhsí imirce. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit iascaireacht leanúnach eascann gloine a cheadú go heisiach le haghaidh athstocála ar feadh 50 lá breise le linn phríomhthréimhse imirce nó phríomhthréimhsí imirce na n‑eascann gloine.]
(19)Sa chomhairle ó ICES maidir le stoic áirithe ealásmabrainciach (sciataí, siorcanna, roic), molann sé gabhálacha nialasacha, mar gheall ar a ndrochstádas caomhantais, nó i gcás ina bhféadfadh fiú gníomhaíocht theoranta iascaireachta a bheith ina siocair le riosca tromchúiseach caomhnaithe. Ina theannta sin, bíonn rátaí arda marthanais ag na healásmabrainciaigh sin nuair a dhéantar iad a aischur. Dá bhrí sin, ba cheart gabhálacha na stoc sin a aischur seachas iad a thabhairt i dtír, ós rud é nach meastar go méadaíonn aischur a mbásmhaireacht iascaireachta go suntasach agus go dtacódh sé fiú le caomhnú na stoc sin. Dá bhrí sin, ba cheart iascaireacht na speiceas sin a thoirmeasc, toisc nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leis na speicis a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh orthu de bhun Airteagal 15(4), pointe (a), den Bhunrialachán. Nuair a ghabhtar de thaisme iad, níor cheart dochar a dhéanamh do na speicis sin agus ba cheart iad a scaoileadh saor go pras.
(20)Chun an úsáid a bhaintear as deiseanna iascaireachta a uasmhéadú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le socrú solúbtha a chur chun feidhme idir limistéir áirithe TAC inarb é an stoc bitheolaíoch céanna atá i gceist.
(21)Le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, déantar foráil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain maidir le cuótaí le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha araon. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin maidir leo, go háirithe ar bhonn a stádais bhitheolaíoch. Thairis sin, le hAirteagal 15(9) den Bhunrialachán rinneadh foráil maidir le solúbthacht bhreise ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de ghnóthú chuspóirí CBI, níor cheart feidhm charnach a bheith ag solúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) den Bhunrialachán. Ar deireadh, ba cheart solúbthacht ó bhliain go bliain faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013 a eisiamh, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc.
(22)I gcás nach gcionroinnfear TAC ach ar aon Bhallstát amháin, is iomchuí a thabhairt de chumhacht don Bhallstát sin an TAC sin a shocrú, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is iomchuí an cumhachtú sin, ar choinníoll, agus an leibhéal TAC á chinneadh, go gcomhlíonfaidh an Ballstát na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na gcuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair, ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir leis na TACanna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú a dhéanamh ar na TACanna sin, agus i gcás ina measfaidh STECF nach gcomhlíonann na TACanna sin na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus sna Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus d’Uiscí an Iarthair, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na TACanna i gcomhréir leis an gcomhairle ó STECF.
(23)Is gá teorainneacha na hiarrachta iascaireachta le haghaidh sól a bhunú i Muir nIocht Thiar (roinn 7e ICES) i gcomhréir le hAirteagal 12 de Phlean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair.
(24)Is gá uasteorainneacha na hiarrachta iascaireachta le haghaidh 2025 a bhunú i gcomhréir le hAirteagail 6, 11, 13 agus 16 de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(25)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.
(26)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil NEAFC.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) in 2023, dheimhnigh sé na bearta caomhnúcháin le haghaidh 2024 maidir leis an dá stoc péirsí mara (Sebastes mentella) (peiligeach éadomhain agus peiligeach domhain) i Muir Irminger agus sna huiscí máguaird, lenar cuireadh toirmeasc ar iascaireacht spriocdhírithe ar na stoic sin agus toirmeasc ar an athbhreoslú agus ar aon ghníomhaíocht tacaíochta. Ina theannta sin, chuir NEAFC toirmeasc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar ina gcomhchruinníonn péirsí mara, chun foghabhálacha a íoslaghdú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(27)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil NEAFC.] [Tá an ronnach (Scomber scombrus), an faoitín gorm (Micromesistius poutassou) agus scadán an Atlantaigh‑Chríoch Lochlann (Clupea harengus) san Atlantach Thoir Thuaidh faoi réir chomhairliúcháin na Stát cósta maidir le bainistiú iascaigh i gcás na stoc sin, agus is stoic iad a bhainistíonn NEAFC freisin. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn na seasamh a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 5 Deireadh Fómhair 2023. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifid Chomhaontaithe le haghaidh scadáin an Atlantaigh-Chríoch Lochlann san Atlantach Thoir Thuaidh le haghaidh 2024 a síníodh an 13 Deireadh Fómhair 2023, faoitíní gorma san Atlantach Thoir Thuaidh le haghaidh 2024 a síníodh an 18 Deireadh Fómhair 2023, agus ronnaigh san Atlantach Thoir Thuaidh le haghaidh 2024 a síníodh freisin an 18 Deireadh Fómhair 2023. Ag an 42ú cruinniú bliantúil a bhí ag NEAFC in 2023, ghlac sé moltaí maidir le bearta caomhnúcháin agus bainistíochta le haghaidh scadáin an Atlantaigh‑Chríoch Lochlann agus ronnaigh le haghaidh 2024. Níor ghlac NEAFC moladh maidir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta le haghaidh faoitíní gorma le haghaidh 2024. Is iomchuí, dá bhrí sin, na TACanna le haghaidh scadáin an Atlantaigh-Chríoch Lochlann agus ronnaigh san Atlantach Thoir Thuaidh a shocrú ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a comhaontaíodh i dTaifid Chomhaontaithe na Stát cósta agus i moltaí NEAFC. Is iomchuí freisin an TAC le haghaidh faoitíní gorma san Atlantach Thoir Thuaidh a shocrú ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach i dTaifead Comhaontaithe na Stát cósta maidir le faoitíní gorma agus i gcomhréir le seasamh an Aontais a cuireadh in iúl in NEAFC.]
(28)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil ICCAT.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT) in 2023, chomhaontaigh sé na TACanna arna socrú le haghaidh 2023 do thuinníní gorma an Atlantaigh Thoir (Thunnus thynnus), tuinníní colgacha na Meánmhara agus tuinníní colgacha an Deiscirt (Thunnus alalunga), colgáin (Xiphias gladius) na Meánmhara, an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, mairlíní gorma (Makaira nigricans), mairlíní bána (Tetrapturus albidus), tuinníní buí (Thunnus albacares) agus tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) a choinneáil ar bun le haghaidh 2024, chomh maith leis an liúntas coinneála le haghaidh mácónna biorshrónacha an Atlantaigh Theas (Isurus oxyrinchus). Chomh maith leis sin, shocraigh ICCAT, le haghaidh 2024, TAC 47 251 tona le haghaidh tuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh, TAC 30 000 tona le haghaidh shiorcanna gorma an Atlantaigh Thuaidh agus TAC 27 711 tona le haghaidh shiorcanna gorma an Atlantaigh Theas (Prionace glauca) faoi seach. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(29)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil CCAMLR.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2023, ghlac an Coimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR) teorainneacha gabhála le haghaidh na spriocspeiceas agus na speiceas foghabhála araon le haghaidh na tréimhse ón 1 Nollaig 2023 go dtí an 30 Samhain 2024. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(30)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) in 2024, choinnigh sé bearta ar bun a glacadh le haghaidh tuinníní buí agus tuinníní mórshúileacha i Limistéar Inniúlachta IOTC le haghaidh 2025: (i) an teorainn ghabhála; (ii) an acmhainneacht iascaireachta a theorannú; agus (iii) feistí comhthiomsaithe éisc agus soithí soláthair a theorannú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(31)Beidh cruinniú bliantúil na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) ar siúl ón 17 Feabhra go dtí an 21 Feabhra 2025. Ba cheart, dá réir sin, na bearta atá ann faoi láthair i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna a choinneáil ar bun go sealadach go dtí go mbeidh an cruinniú bliantúil ar siúl agus go dtí go mbunófar na TACanna le haghaidh 2025.
(32)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil IATTC.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) in 2023, chinn sé na bearta atá ann faoi láthair is infheidhme i limistéar Choinbhinsiúin IATTC a choinneáil ar bun. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(33)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil CCSBT.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún um Chaomhnú an Tuinnín Ghoirm Dheisceartaigh in 2023, ghlac sé an TAC don tuinnín gorm Deisceartach (Thunnus maccoyii) ar feadh tréimhse 3 bliana ó 2024 go 2026. Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(34)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil SEAFO.] [Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO) in 2023, chinn sí na TACanna i limistéar Choinbhinsiún SEAFO, a leagtar amach le haghaidh 2023, a choinneáil ar bun le haghaidh 2024.]
(35)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil WCPFC.] [Tionóladh cruinniú bliantúil an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) le haghaidh 2023 ón 4 Nollaig go dtí an 8 Nollaig 2023. Go dtí go mbeidh toradh an chruinnithe sin ar fáil, ba cheart na bearta atá ann faoi láthair i limistéar Choinbhinsiún WCPFC a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis na TACanna agus an líon uasta soithí iascaireachta a choinneáil ar bun go sealadach go dtí go mbeidh na bearta le haghaidh 2024 ar fáil.]
(36)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis chruinniú bliantúil NAFO.] [Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) in 2023, ghlac sí deiseanna iascaireachta i gcás stoic áirithe i limistéar Choinbhinsiún NAFO le haghaidh 2024. Ghlac sí freisin bearta áirithe le haghaidh 2024 a bhfuil nasc feidhmiúil acu le deiseanna iascaireachta le haghaidh scuideanna gearreiteacha (Illex illecebrosus) i bhfolimistéir 3 agus 4 NAFO agus leitheanna earrbhuí (Limanda ferruginea) i ranna 3LNO NAFO, arb é is aidhm dóibh leibhéil fhoghabhálacha na speiceas sin nach spriocspeicis iad a íoslaghdú mar go gcaithfí, gan na bearta sin, na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin a laghdú chun na speicis nach spriocspeicis iad a chosaint. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(37)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) in 2024, rinne sé athbhreithniú ar na deiseanna iascaireachta le haghaidh déadéisc (Dissostichus spp.) i limistéar Del Cano. Cé nár ghlac SIOFA an moladh ón gCoiste Eolaíoch limistéar bainistíochta nua a bhunú le haghaidh déadéisc i limistéar Iomaire na hIndia Theas agus teorainn ghabhála, ba cheart don Aontas na bearta sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an moladh sin agus lena sheasamh a cuireadh in iúl in SIOFA. Rinne SIOFA an liosta de na siorcanna domhainfharraige a thabhairt cothrom le dáta freisin a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh orthu i Limistéar Chomhaontú SIOFA. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais freisin.
(38)Faoi Airteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’), déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin a reáchtáil go bliantúil, faoin 10 Nollaig gach bliain, chun na TACanna don bhliain dár gcionn a chomhaontú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Mura gcomhaontófar na TACanna sin faoin 10 Nollaig, tá na Páirtithe le dul i mbun comhairliúcháin arís láithreach agus é d’aidhm leanúnach acu teacht ar chomhaontú maidir leis na TACanna, mar a cheanglaítear le hAirteagal 499(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(39)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis an comhairliúchán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích.] [In 2023 reáchtáil an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le líon mór TACanna a shocrú le haghaidh 2024 le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Rinneadh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sonraíochtaí a ghabhann le seasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Deireadh Fómhair 2023 agus páipéir neamhoifigiúla fhorlíontacha ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn a síníodh an 6 Nollaig 2023 agus a forlíonadh le haguisín an 8 Nollaig 2023. Ba cheart na deiseanna iascaireachta ábhartha a shocrú, dá bhrí sin, ar an leibhéal a leagtar amach sa Taifead i Scríbhinn sin. Ba cheart na bearta eile a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Taifead i Scríbhinn sin freisin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(40)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis an comhairliúchán idir an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua a thabhairt i gcrích.] [In 2023, reáchtáil an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua comhairliúcháin thríthaobhacha maidir le sé stoc a chomhroinntear agus a bhainistítear go comhpháirteach laistigh de na limistéir atá faoi dhlínse na dtrí pháirtí, agus é d’aidhm acu teacht ar chomhaontú maidir leis na stoic sin a bhainistiú, lena n‑áirítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024. Rinneadh na comhairliúcháin sin idir an 3 Samhain agus an 8 Nollaig 2023, ar bhonn an tseasaimh ón Aontas arna fhormhuiniú ag an gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2023 agus páipéir neamhoifigiúla fhorlíontacha ina dhiaidh sin. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán a dhoiciméadú i dTaifead Comhaontaithe a shínigh Ceann na dToscaireachtaí an 8 Nollaig 2023. Ba cheart na deiseanna ábhartha iascaireachta a shocrú ar an leibhéal arna chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Iorua, mar aon leis na forálacha eile sa Taifead Comhaontaithe sin.]
(41)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis an comhairliúchán idir an tAontas agus an Iorua a thabhairt i gcrích.] [Reáchtáil an tAontas comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Iorua maidir le stoc amháin a chomhroinntear agus a bhainistítear go comhpháirteach i limistéar Skagerrak (an faoitín), agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú maidir le bainistiú an stoic sin agus deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024, mar aon le malartú cuótaí agus socruithe rochtana chomh maith. Rinneadh na comhairliúcháin sin idir an 30 Deireadh Fómhair agus an 8 Nollaig 2023, ar bhonn an tseasaimh ón Aontas arna fhormhuiniú ag an gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2023. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán a dhoiciméadú i dTaifid Chomhaontaithe. Ba cheart na deiseanna ábhartha iascaireachta a shocrú ar an leibhéal arna chomhaontú leis an Iorua, mar aon leis na forálacha eile sna Taifid Chomhaontaithe sin.]
(42)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis an comhairliúchán idir an tAontas agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge a thabhairt i gcrích.] [I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus sa Phrótacal lena gcuirfí an Comhaontú sin chun feidhme, tá leibhéal na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil don Aontas in uiscí na Graonlainne in 2024 bunaithe ag an gComhchoiste. Rinneadh leibhéal na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil don Aontas in uiscí na Graonlainne in 2024 a dhoiciméadú i miontuairiscí chruinniú an Chomhchoiste a tionóladh ón 21 Samhain go dtí an 23 Samhain 2023 sa Bhruiséil. Ba cheart, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta ábhartha a shocrú ar an leibhéal a leagtar amach sna miontuairiscí sin, agus na haistrithe chuig an Iorua faoin malartú bliantúil deiseanna iascaireachta á gcur san áireamh. Maidir le leibhéal na ndeiseanna iascaireachta arna bhunú le haghaidh séaclaí (Pandalus borealis) in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES, ní chuimsítear cúlchiste 150 tona atá le meas mar a leagtar amach i dTaifead Comhaontaithe na gcomhairliúchán iascaigh idir an tAontas agus an Iorua le haghaidh 2024.]
(43)Deonaítear faoi Chonradh an 9 Feabhra 1920 a bhaineann le Spitsbergen (Svalbard) (Conradh Pháras 1920) rochtain chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach ar acmhainní do gach Páirtí sa Chonradh sin, lena n‑áirítear é sin a dheonú i ndáil le hiascaireacht. Leagadh amach seasamh an Aontais maidir leis an rochtain sin i roinnt notes verbales chuig an Iorua, arbh iad na cinn an 26 Feabhra 2021, an 28 Meitheamh 2021 agus an 1 Lúnasa 2022 na cinn is déanaí. A mhéid a bhaineann leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh portáin sneachta (Chionoecetes spp.) timpeall ar Svalbard, is iomchuí teorainn a chur leis an líon soithí iascaireachta atá údaraithe leis na gníomhaíochtaí iascaireachta sin a dhéanamh rud a áiritheoidh go mbeidh saothrú portán sneachta timpeall ar Svalbard comhsheasmhach le rialacha bainistíochta neamh-idirdhealaitheacha a leag an Iorua amach, a bhfuil ceannasacht agus dlínse aici sa limistéar i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Chonradh Pháras 1920. Tá cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta sin i measc na mBallstát teoranta do 2025. San Aontas, is ar na Ballstáit bhrataí atá an phríomhfhreagracht comhlíonadh an dlí is infheidhme a áirithiú.
(44)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha maidir le stoic san Artach Thoir Thuaidh a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a bheidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil.] [A mhéid a bhaineann leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc san Artach Thoir Thuaidh, is iomchuí cuóta an Aontais le haghaidh troisc in uiscí Svalbard agus in uiscí idirnáisiúnta fholimistéar 1 agus roinn 2b ICES a shocrú bunaithe ar an TAC tagartha le haghaidh an stoic sin agus ar chearta iascaireachta stairiúla an Aontais. Ba cheart cuóta sin an Aontais a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh 87/277/CEE ón gComhairle, faoi réir na n‑oiriúnuithe is gá de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a bheith déanta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 36, tábla E, a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.]
(45)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta in uiscí an Aontais le haghaidh soithí a mbeidh bratach Veiniséala ar foluain acu a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a bheidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil.] [I gcomhréir le Dearbhú an Aontais chuig Poblacht Bholavarach Veiniséala maidir le deiseanna iascaireachta in uiscí an Aontais a dheonú do shoithí iascaireachta a mbeidh bratach Veiniséala ar foluain acu sa limistéar eacnamaíoch eisiach amach ó chósta Ghuáin na Fraince, arna fhormheas thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2015/1565 ón gComhairle, ní mór an líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh sclamhairí a bheidh ar fáil do Veiniséala in uiscí an Aontais a shocrú.]
(46)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun Ballstáit aonair a údarú le cionrannta iarrachta iascaireachta a bhainistiú i gcomhréir le córas cileavata-lae; chun laethanta breise ar muir a dheonú le haghaidh scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta agus le haghaidh cumhdach feabhsaithe breathnóra eolaíoch; agus chun formáidí scarbhileoige a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a tharchur maidir le haistrithe laethanta ar muir idir soithí iascaireachta a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu. Ba cheart don Choimisiún na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(47)Chun cur i bhfeidhm leanúnach a áirithiú agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint le linn na tréimhse idir deireadh na bliana agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh na bliana ina dhiaidh sin, ba cheart forálacha an Rialacháin seo maidir le toirmisc agus tréimhsí coiscthe a bheith fós infheidhme ag tús 2026, go dtí go dtiocfaidh an Rialachán lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2026 i bhfeidhm. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart na forálacha a mbeidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 leanúint d’fheidhm a bheith acu ag tús 2027, go dtí go dtiocfaidh an Rialachán lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2027 i bhfeidhm.
(48)Ionas nach gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha na n‑iascairí a chosaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta ón 1 Feabhra 2025. Ar chúiseanna práinne agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe.
(49)Ag deireadh 2024 ghlac na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha (ERBInna) bearta idirnáisiúnta áirithe lena gcruthófar nó lena gcuirfear srian le deiseanna iascaireachta le haghaidh an Aontais agus bhí feidhm ag na bearta sin sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha den Rialacháin seo lena gcuirtear na bearta sin chun feidhme i ndlí an Aontais. Go sonrach, ós rud é go maireann an séasúr iascaireachta i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR ón 1 Nollaig go dtí an 30 Samhain agus go leagtar síos deiseanna nó toirmisc áirithe iascaireachta i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR le haghaidh tréimhse dar tús an 1 Nollaig 2024, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo ón dáta sin. Ina theannta sin, maireann an séasúr iascaireachta le haghaidh déadiasc i limistéar Chomhaontú SIOFA ón 1 Nollaig go dtí an 30 Samhain, agus ós rud é go mbunaítear na TACanna don ghrúpa speiceas sin ar feadh tréimhse dar tús an 1 Nollaig 2024, ba cheart feidhm a bheith ag na TACanna ón dáta sin. Ní dhéanann cur i bhfeidhm cúlghabhálach mar sin dochar do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh toisc go bhfuil cosc ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach an Pháirtí Chonarthaigh ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR agus i limistéar Chomhaontú SIOFA gan údarú.
(50)I gcomhréir le rialacha ICCAT, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach n‑imscarfaidh a gcuid soithí iascaireachta FADanna le linn na 15 lá roimh thús na tréimhse coiscthe, is é sin ón 17 Nollaig 2024 ar aghaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm chúlghabhálach a bheith ag an bhforáil den Rialacháin seo lena gcuirtear an beart sin chun feidhme i ndlí an Aontais,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1.Leis an Rialachán seo socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.
2.Áirítear leis na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:
(a)na teorainneacha gabhála le haghaidh na bliana 2025 agus, i gcás ina sonraítear amhlaidh sa Rialachán seo, le haghaidh 2026 freisin;
(b)na teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh na bliana 2025, cé is moite de na teorainneacha iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a mbeidh feidhm acu ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 31 Eanáir 2026;
(c)deiseanna iascaireachta le haghaidh na tréimhse ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 30 Samhain 2025 le haghaidh stoic áirithe i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR agus le haghaidh stoic áirithe i limistéar Chomhaontú SIOFA;
(d)deiseanna iascaireachta le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026 i limistéar Choinbhinsiún Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na soithí iascaireachta seo a leanas:
(a)soithí iascaireachta de chuid an Aontais; agus
(b)soithí iascaireachta tríú tír in uiscí an Aontais.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas freisin:
(a)iascach áineasa áirithe dá dtagraítear go sainráite sna forálacha ábhartha den Rialachán seo; agus
(b)an t‑iascach tráchtála ón gcladach.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘soitheach tríú tír’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír ar foluain aici agus atá cláraithe i dtríú tír;
(b)ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhthéacs áineasa, turasóireachta nó spóirt;
(c)ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;
(d)ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):
(i)in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír maidir le gach stoc gach bliain;
(ii)i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil maidir le gach stoc gach bliain;
(e)ciallaíonn ‘cuóta’ an cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;
(f)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, lena n‑áirítear meastóireacht atá bunaithe ar athróga, ar sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar;
(g)ciallaíonn ‘TAC anailíseach’ TAC a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith;
(h)ciallaíonn ‘TAC réamhchúraim’ TAC nach bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith ach ina ionad sin go bhfuil measúnú bunaithe ar an gcur chuige réamhchúraim ar fáil nó nach bhfuil aon mheasúnú ar fáil;
(i)ciallaíonn ‘mogallmhéid’ mogallmhéid líonta iascaireachta mar a shainítear in Airteagal (6), pointe (34) de Rialachán (AE) 2019/1241;
(j)ciallaíonn ‘clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais’ an clár arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(k)ciallaíonn ‘logleabhar iascaireachta’ an logleabhar dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(l)ciallaíonn ‘baoi gléasta’ baoi atá marcáilte go soiléir le huimhir thagartha uathúil lenar féidir a úinéir a shainaithint agus atá feistithe le córas rianaithe satailíte chun faireachán a dhéanamh ar a shuíomh;
(m)ciallaíonn ‘baoi oibríochtúil’ aon bhaoi gléasta, a rinneadh a ghníomhachtú, a chasadh air agus a imscaradh roimhe sin ar muir roimhe sin ar shruthfheiste comhthiomsaithe éisc (FAD) nó ar loga le sruth, a tharchuireann suíomhanna agus faisnéis eile a bhíonn ar fáil amhail meastacháin sondálaí fuaime.
Airteagal 4
Limistéir iascaireachta
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas maidir le limistéir iascaireachta:
(a)ciallaíonn ‘limistéir ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara)’ na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(b)ciallaíonn ‘Skagerrak’ an limistéar geografach a theorannaítear thiar le líne a théann ó theach solais Hanstholm go dtí teach solais Lindesnes agus ó dheas le líne a théann ó theach solais Skagen go dtí teach solais Tistlarna agus ón bpointe sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne;
(c)ciallaíonn ‘Kattegat’ an limistéar geografach a theorannaítear ó thuaidh le líne a théann ó theach solais Skagen go dtí teach solais Tistlarna agus ón bpointe sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne agus ó dheas le líne a théann ó Hasenøre go dtí Gnibens Spids, ó Korshage go dtí Spodsbjerg, agus ó Gilbjerg Hoved go dtí Kullen;
(d)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 16 d’fholimistéar 7 ICES’ an limistéar geografach a theorannaítear le rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na suíomhanna seo a leanas:
–53°30’ T, 15°00’ I,
–53°30’ T, 11°00’ I,
–51°30’ T, 11°00’ I,
–51°30’ T, 13°00’ I,
–51°00’ T, 13°00’ I,
–51°00’ T, 15°00’ I;
(e)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 25 de roinn 8c ICES’ an limistéar geografach a theorannaítear le rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na suíomhanna seo a leanas:
–43°00’ T, 9°00’ I,
–43°00’ T, 10°00’ I,
–43°30’ T, 10°00’ I,
–43°30’ T, 9°00’ I,
–44°00’ T, 9°00’ I,
–44°00’ T, 8°00’ I,
–43°30’ T, 8°00’ I;
(f)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 26 de roinn 9a ICES’ an limistéar geografach a theorannaítear le rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na suíomhanna seo a leanas:
–43°00’ T, 8°00’ I,
–43°00’ T, 10°00’ I,
–42°00’ T, 10°00’ I,
–42°00’ T, 8°00’ I;
(g)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 27 de roinn 9a ICES’ an limistéar geografach a theorannaítear le rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na suíomhanna seo a leanas:
–42°00’ T, 8°00’ I,
–42°00’ T, 10°00’ I,
–38°30’ T, 10°00’ I,
–38°30’ T, 9°00’ I,
–40°00’ T, 9°00’ I,
–40°00’ T, 8°00’ I;
(h)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 30 de roinn 9a ICES’ an limistéar geografach faoi dhlínse na Spáinne i Murascaill Cádiz agus sna huiscí máguaird i roinn 9a ICES;
(i)ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil 31 de roinn 8c ICES’ an limistéar geografach a theorannaítear le rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na suíomhanna seo a leanas:
–43°30’ T, 6°00’ I,
–44°00’ T, 6°00’ I,
–44°00’ T, 2°00’ I,
–43°30’ T, 2°00’ I;
(j)ciallaíonn ‘Murascaill Cádiz’ an limistéar geografach i roinn 9a ICES lastoir de dhomhanfhad 7 23'48'' I;
(k)ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún CCAMLR (an Coimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún maidir le beo-acmhainní muirí san Antartach a chaomhnú;
(l)ciallaíonn ‘limistéir CECAF (an Coiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir)’ na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(m)ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún IATTC (an Coimisiún Idir‑Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún chun an Coimisiún Idir‑Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (Coinbhinsiún Antigua);
(n)ciallaíonn ‘Limistéar Choinbhinsiún ICCAT (an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;
(o)ciallaíonn ‘Limistéar Inniúlachta IOTC (an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh)’ an limistéar geografach a shainítear sa Chomhaontú maidir le Bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh;
(p)ciallaíonn ‘limistéir NAFO (Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh)’ na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(q)Ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún NAFO’ na limistéir gheografacha a shainítear sa Coinbhinsiún maidir le Comhoibriú Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh;
(r)ciallaíonn ‘Limistéar Rialála NAFO’ an chuid de Limistéar Choinbhinsiún NAFO atá taobh amuigh den dlínse náisiúnta;
(s)ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún NPFC’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh;
(t)ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún SEAFO (Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas;
(u)ciallaíonn ‘Limistéar Chomhaontú SIOFA (Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas)’ an limistéar geografach a shainítear i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas;
(v)ciallaíonn ‘Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO (an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún um chaomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh na mórmhara san Aigéan Ciúin Theas;
(w)ciallaíonn ‘Limistéar Choinbhinsiún WCPFC (an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir)’ an limistéar geografach a shainítear sa Choinbhinsiún maidir le Stoic Mhórimirceacha Éisc san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú;
(x)ciallaíonn ‘mórmhuir Mhuir Bheiring’ limistéar geografach mhórmhuir Mhuir Bheiring thar 200 muirmhíle ó na bunlínte óna dtomhaistear leithead fharraige theorann Stáit chósta Mhuir Bheiring;
(y)ciallaíonn an ‘limistéar forluí idir limistéir Choinbhinsiún IATTC agus WCPFC’ an limistéar geografach a shainítear leis na teorainneacha seo a leanas:
–domhanfhad 150o°I,
–domhanfhad 130o°I,
–domhanleithead 4o D,
–domhanleithead 50o°D;
TEIDEAL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA
DO SHOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS
Caibidil I
Forálacha ginearálta
Airteagal 5
TACanna agus cionrannta
1.Leagtar amach in Iarscríbhinn I na TACanna do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais agus in uiscí áirithe nach den Aontas iad, leithdháileadh na TACanna sin i measc na mBallstát, agus, i gcás inarb iomchuí na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leis sin.
2.Féadfaidh an Stát cósta lena mbaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarú le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí faoi dhlínse iascaigh Oileáin Fharó, na Graonlainne agus na hIorua, agus sa limistéar iascaireachta mórthimpeall Jan Mayen faoi réir na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán seo, i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.
3.Féadfaidh an Ríocht Aontaithe soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarú le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí faoina dlínse iascaigh faoi réir na TACanna in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2017/2403 agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.
Airteagal 6
TACanna a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit
1.Is é an Ballstát lena mbaineann a chinnfidh na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ina sonraítear iad san Iarscríbhinn sin.
2.Maidir leis na TACanna a bheidh le cinneadh ag Ballstát dá dtagraítear i mír 1:
(a)beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí agus leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i Rialacháin (AE) 2018/973 agus 2019/472, go háirithe leis an gcuspóir maidir le saothrú inbhuanaithe an stoic; agus
(b)beidh saothrú ar an stoc mar thoradh orthu atá:
(i)i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, má bhíonn measúnú anailíseach ar fáil, agus an dóchúlacht is airde is féidir ann gurb amhlaidh a bheidh; nó
(ii)comhsheasmhach leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistíocht iascach, mura mbeidh measúnú anailíseach ar fáil nó má bhíonn sé neamhiomlán.
3.Faoin 01 Feabhra 2025 cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)na TACanna a chinn sé;
(b)na sonraí a bailíodh, a ndearnadh measúnú orthu agus a úsáideadh mar bhonn leis na TACanna a chinneadh;
(c)sonraí maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na TACanna a chinnfear mír 2.
4.I gcás TAC le haghaidh scabairdí dubha (Aphanopus carbo) i limistéar 34.1.2 CECAF, tíolacfaidh an Phortaingéil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 maidir leis an TAC sin le haghaidh 2025 faoin 1 Feabhra 2025 agus maidir leis an TAC sin le haghaidh 2026 faoin 1 Feabhra 2026.
5.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar STECF an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (b) agus (c); agus
(b) a mheasúnú an gcomhlíonann na TACanna arna gcinneadh ag na Ballstáit mír 2.
6. Má mheastar, de réir na comhairle ó STECF, nach leor an fhaisnéis sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faisnéis nua faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an gcomhairle ó STECF, mar aon le faisnéis tacaíochta lena dtugtar bonn cirt don fhaisnéis nua sin i ndáil leis an gcomhairle ó STECF, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis fhoilsiú na comhairle ó STECF.
7. Más rud é, de réir na comhairle ó STECF, nach gcomhlíonann na TACanna arna gcinneadh ag na Ballstáit na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann athbhreithniú, i gcomhréir leis an gcomhairle ó STECF, ar na TACanna a chinn siad agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin na TACanna athbhreithnithe sin, mar aon le faisnéis tacaíochta lena dtugtar bonn cirt do na TACanna athbhreithnithe i ndáil leis an gcomhairle ó STECF, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis fhoilsiú na comhairle sin, i gcás inarb ábhartha, mar aon leis na sonraí nua dá dtagraítear i mír 6.
Airteagal 7
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
1.Gabhálacha nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní choinneofar ar bord iad ná ní thabharfar i dtír iad ach amháin:
(a)má ghabh soithí iascaireachta iad a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu, a bhfuil cuóta acu agus nach bhfuil an cuóta sin ídithe; nó
(b)más cion de chuóta an Aontais iad nár cionroinneadh ar na Ballstáit agus nár ídíodh.
2.Sainaithnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun críocha an mhaolaithe ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha dá bhforáiltear san Airteagal sin.
Airteagal 8
Sásra um malartuithe cuótaí do TACanna maidir le foghabhálacha dosheachanta
1.Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur san áireamh, agus chun cuótaí le haghaidh foghabhálacha áirithe a chur ar fáil do na Ballstáit nach bhfuil cuóta acu, beidh feidhm ag an sásra um malartuithe cuótaí mar a leagtar amach i míreanna 2 go 5 maidir leis na TACanna a shainaithnítear in Iarscríbhinn IA.
2.Cuirfear 6 % de gach cuóta ó na TACanna le haghaidh troisc (Gadus morhua) sa Mhuir Cheilteach (COD/7XAD34), troisc in Iarthar na hAlban (COD/5BE6A), faoitíní i Muir Éireann (WHG/07A.) agus leathóga ballacha i ranna 7h, 7j agus 7k ICES (PLE/7HJK.), agus 3 % de gach cuóta ón TAC le haghaidh faoitíní in Iarthar na hAlban (WHG/56-14), arna gcionroinnt ar gach Ballstát, ar fáil do linn le haghaidh malartuithe cuótaí (‘an linn’), a osclófar an 1 Eanáir 2025. Beidh rochtain eisiach ag na Ballstáit gan chuóta ar an linn go dtí an 31 Márta 2025.
3.Ní fhéadfar na cainníochtaí arna dtarraingt ón linn a mhalartú ná a aistriú go dtí an bhliain dár gcionn. Tar éis an 31 Márta 2025, tabharfar aon chainníocht nár úsáideadh ar ais do na Ballstáit sin a rannchuidigh leis an linn i dtosach.
4.Na Ballstáit nach bhfuil cuóta acu, tabharfaidh siad cuótaí ar ais le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn IA, Cuid C, mura gcomhaontóidh an Ballstát nach bhfuil cuóta aige agus an Ballstát atá ag rannchuidiú leis an linn a mhalairt.
5.Beidh luach tráchtála coibhéiseach ag na cuótaí dá dtagraítear i mír 4, arna chinneadh ar bhonn ráta malairte margaidh nó rátaí malairte eile atá inghlactha go frithpháirteach. In éagmais malairt roghanna, déanfar an luach tráchtála coibhéiseach a chinneadh ar bhonn mheánphraghsanna an Aontais ón mbliain roimhe sin, arna soláthar ag Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe.
6.I gcás nach gceadaítear leis an sásra um malartuithe cuótaí a leagtar amach i míreanna 2 go 5 thuas do na Ballstáit a bhfoghabhálacha dosheachanta a chumhdach go pointe comhchosúil, déanfaidh na Ballstáit iarracht teacht ar chomhaontú maidir le malartuithe cuótaí de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus é á áirithiú acu go mbeidh luach tráchtála coibhéiseach ag na cuótaí a mhalartaítear.
Airteagal 9
Teorainneacha le hiarrachtaí iascaireachta i roinn 7e ICES
1.Le haghaidh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), den Rialachán seo, leagtar amach teorainneacha ar iarracht iascaireachta le haghaidh sól i roinn 7e ICES in Iarscríbhinn II.
2.Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát i gcomhréir le pointe 7.4 d’Iarscríbhinn II, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcionroinntear ar an mBallstát sin líon breise laethanta ar muir, de bhreis ar na laethanta dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II, a bhféadfaidh soitheach iascaireachta a bheith údaraithe ag a Ballstát brataí le bheith i roinn 7e ICES agus aon trealamh rialáilte á iompar ar bord aici. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2) den Rialachán seo.
3.Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh trína gcionroinnfidh sé ar an mBallstát sin 3 lá ar a mhéad idir an 1 Feabhra 2025 agus an 31 Eanáir 2026, de bhreis ar na laethanta sin dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II, ar a bhféadfaidh soitheach iascaireachta a bheith i roinn 7e ICES ar bhonn clár feabhsaithe maidir le cumhdach breathnóra eolaíoch, dá dtagraítear i bpointe 8.1 d’Iarscríbhinn II. Déanfar cionroinnt den sórt sin ar bhonn na tuairisce a chuir an Ballstát sin isteach i gcomhréir le pointe 8.3 d’Iarscríbhinn II agus tar éis dul i gcomhairle le STECF. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2) den Rialachán seo.
[Tabharfar Airteagail 10, 15 agus 18 den Rialachán seo cothrom le dáta tar éis thabhairt i gcrích
na gcomhairliúchán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.]
[Airteagal 10
Bearta maidir le hiascaigh doingean mara Eorpach
i ranna 4b, 4c agus 6a ICES agus i bhfolimistéar 7 ICES
1.Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus ar aon iascach tráchtála ón gcladach, iascaireacht a dhéanamh ar an doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax) i ranna 4b agus 4c ICES agus i bhfolimistéar 7 ICES nó ar dhoingin mhara Eorpacha a ghabhfar sa limistéar sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a athlonnú nó a thabhairt i dtír.
2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 maidir le foghabhálacha doingean mara i ngníomhaíochtaí gabhála tráchtála cois cladaigh. Baineann an díolúine sin le líon stairiúil na líonta trá a socraíodh ar na leibhéil a bhí ann roimh 2017. Ní bheidh gníomhaíochtaí gabhála tráchtála cois cladaigh dírithe ar dhoingin mhara agus ní fhéadfar ach foghabhálacha dosheachanta doingean mara a thabhairt i dtír.
3.De mhaolú ar mhír 1, i mí Eanáir 2025 agus ón 1 Aibreán go dtí an 31 Nollaig 2025 féadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais i ranna 4b, 4c, 7d, 7e, 7f agus 7h ICES doingin mhara Eorpacha a ghabhfar sa limistéar sin leis an trealamh seo a leanas agus laistigh de na teorainneacha seo a leanas a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a athlonnú nó a thabhairt i dtír:
(a)agus úsáid á baint as tráil ghrinnill, le haghaidh foghabhálacha dosheachanta nach mó ná 3,8 tona in aghaidh an tsoithigh iascaireachta agus na bliana agus 5 % de mheáchan ghabhálacha iomlána na n‑orgánach muirí ar bord a ghabhann an soitheach iascaireachta lena mbaineann in aghaidh an turais iascaireachta;
(b)agus úsáid á baint as saighní, le haghaidh foghabhálacha dosheachanta nach mó ná 3,8 tona in aghaidh an tsoithigh iascaireachta agus na bliana agus 5 % de mheáchan ghabhálacha iomlána na n‑orgánach muirí ar bord a ghabhann an soitheach iascaireachta lena mbaineann in aghaidh an turais iascaireachta;
(c)agus úsáid á baint as duáin agus doruithe, nach mó ná 6,2 tona in aghaidh an tsoithigh iascaireachta;
(d)agus úsáid á baint as eangacha geolbhaigh seasta, le haghaidh foghabhálacha dosheachanta nach mó ná 1,6 tona in aghaidh an tsoithigh iascaireachta.
Beidh feidhm ag na maoluithe a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (c), maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thaifead gabhálacha doingean mara Eorpach agus úsáid á baint as duáin agus doruithe i gcaitheamh na tréimhse ón 1 Iúil 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016.
Beidh feidhm ag na maoluithe a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (d), maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thaifead gabhálacha doingean mara Eorpach agus úsáid á baint as eangacha geolbhaigh seasta i gcaitheamh na tréimhse ón 1 Iúil 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016.
I gcás ina ndéanfar soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a ionadú, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go mbeidh feidhm ag na maoluithe sin maidir le soitheach iascaireachta eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach dtiocfaidh méadú ar líon na soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir gach ceann de na maoluithe ná ar a n‑acmhainneacht fhoriomlán iascaireachta.
4.Ní bheidh na teorainneacha gabhála a leagtar amach i mír 3 inaistrithe idir soithí iascaireachta.
5.In iascach áineasa, lena n‑áirítear iascach áineasa ón gcladach, i ranna 4b, 4c, 6a, agus 7a go 7k ICES:
(a)ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta 2025:
(i)ní cheadófar ach iascaireacht gabh agus scaoil le slat nó le dorú láimhe ar an doingean mara Eorpach;
(ii)toirmiscfear na doingin mhara Eorpacha a ghabhfar sa limistéar sin a choinneáil, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír;
(b)in Eanáir agus ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025:
(i)ní fhéadfar níos mó ná dhá eiseamal den doingean mara Eorpach a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae;
(ii)is é 42 cm an t‑íosmhéid do dhoingean mara Eorpach a choinneofar;
(iii)ní dhéanfar líonta seasmhacha a úsáid chun doingin mhara Eorpacha a ghabháil nó a choinneáil.
6.Beidh feidhm ag mír 5 gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine maidir leis an iascach áineasa.]
Airteagal 11
Bearta maidir le hiascaigh doingean mara Eorpach i ranna 8a agus 8b ICES
1.Agus a gcuótaí le haghaidh iascaigh thráchtála á gcinneadh acu, áiritheoidh an Fhrainc agus an Spáinn go comhpháirteach nach rachaidh suim na ngabhálacha tráchtála, an ábhair mhuirí aischurtha thráchtála, na ngabhálacha áineasa agus an ábhair muirí aischurtha áineasa le haghaidh doingin mhara Eorpacha i ranna 8a agus 8b ICES thar 2 631 thona. Measfar gur cuótaí iad na cuótaí sin chun críoch Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
2.Faoin 1 Feabhra 2025, cuirfidh an Spáinn agus an Fhrainc an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)na cuótaí a cinneadh;
(b)na sonraí a bailíodh, a ndearnadh measúnú orthu agus a úsáideadh mar bhonn leis na cuótaí a chinneadh; agus
(c)mionsonraí maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na cuótaí sin mír 1.
3.Is iad an Spáinn (BSS/8ABSPA) agus an Fhrainc (BSS/8ABFRA) a thuairisceoidh gabhálacha in iascaigh thráchtála faoi na cuótaí sin.
4.In iascach áineasa, lena n‑áirítear iascach áineasa ón gcladach, i ranna 8a agus 8b ICES:
(a)féadfaidh uasmhéid eiseamal amháin den doingean mara Eorpach a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae;
(b)ní dhéanfar líonta seasmhacha a úsáid chun doingin mhara Eorpacha a ghabháil nó a choinneáil.
5.Beidh feidhm ag mír 4 gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine maidir leis an iascach áineasa.
[Airteagal 12
Bearta le haghaidh mangaigh
i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1
1.Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 42 cm maidir le gabhálacha mangach i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF.
2.In iascach áineasa, lena n‑áirítear iascach áineasa ón gcladach, i bhfolimistéir 8, 9, 10 ICES agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1:
(a)féadfaidh uasmhéid dhá eiseamal den mhangach (Pollachius pollachius) a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae. Ach an uasteorainn sin a bheith bainte amach, féadfar iascach ‘gabháil agus scaoileadh saor’ a dhéanamh;
(b)ní fhéadfar aon eiseamal den mhangach a ghabháil ná a choinneáil ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán. Mar sin féin, féadfar iascach ‘gabháil agus scaoileadh saor’ a dhéanamh le linn na tréimhse sin.
2.Tá feidhm ag mír 1 gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine maidir leis an iascach áineasa.]
[Déanfar Airteagal 13 a thabhairt cothrom le dáta tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an eascann Eorpach a fhoilsiú le haghaidh 2025.]
[Airteagal 13
Bearta maidir le hiascaigh eascann Eorpach in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES
1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le huiscí muirí agus uiscí goirte i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES, agus maidir le huiscí goirte de chuid an Aontais atá cóngarach dóibh. Áirítear in uiscí goirte inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha.
2.Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta tráchtála ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 agus go ndeimhneoidh STECF don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil údar maith eolaíoch leis na himscrúduithe eolaíocha sin. Beidh feidhm ag na coinníollacha céanna ar an gcaoi chéanna maidir le hoibríochtaí iascaireachta tráchtála ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin agus a dhéantar gan soitheach iascaireachta.
3.Cuirfear toirmeasc ar ghabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha (Anguilla anguilla) ag gach céim dá saolré ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad idir an 1 Aibreán 2025 agus an 31 Márta 2026. Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit agus na hiascairí gach iarracht réasúnach foghabhálacha teagmhasacha eascann Eorpach a íoslaghdú agus, i gcás inar féidir, a chosc ina n‑iomláine. Eiseamail den eascainn a ghabhtar de thaisme, ní dhéanfar aon díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad. Chuige sin, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt, tréimhse choiscthe amháin nó níos mó faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát nó laistigh de Bhallstát amháin ó limistéar iascaireachta amháin go limistéar iascaireachta eile chun patrún imirce geografaí agus aimseartha na heascainne a chur san áireamh ag na céimeanna difriúla dá saolré;
(b)mairfidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe ar feadh tréimhse ama 6 mhí ar a laghad a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le gach iascaire lena mbaineann sa limistéar ábhartha iascaireachta;
(c)beidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe i gcomhréir leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, agus le pleananna bainistíochta náisiúnta arna mbunú de bhun Airteagal 2 den Rialachán sin; agus
(d)cumhdóidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe príomhthréimhse imirce nó príomhthréimhsí imirce na heascainne Eorpaí, lena n‑áirítear an bhuaic shonrach, ag an gcéim saoil shonrach sa Bhallstát lena mbaineann.
4.De mhaolú ar mhír 2, pointe (d), maidir le heascanna Eorpacha arb é 12 cm nó níos mó a bhfad foriomlán, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann gníomhaireachtaí iascaireachta ar feadh suas le 30 lá san iomlán, a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile, a cheadú le linn na príomhthréimhse imirce, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le gach iascaire lena mbaineann sa limistéar ábhartha iascaireachta. Sa chás sin, cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann cosc breise ar feadh tréimhse choibhéiseach ama le linn na príomhthréimhse imirce nó, ar bhonn coimhdeach, díreach roimhe nó ina diaidh. I gcás ina gceadóidh Ballstát iascaireacht a dhéanamh ar laethanta nach dtagann i ndiaidh a chéile, déanfar an trealamh iascaireachta a thógáil amach as an uisce le linn aon tréimhse idir laethanta nach dtagann i ndiaidh a chéile.
5.Maidir le heascanna Eorpacha i bhfolimistéar 3 ICES arb é 12 cm nó níos mó a bhfad foriomlán, comhaontóidh na Ballstáit uile lena mbaineann an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 3 agus an maolú orthu dá dtagraítear i mír 4 chun cosaint éifeachtach na heascainne a áirithiú ar a himirce ó Mhuir Bhailt isteach sa Mhuir Thuaidh. In éagmais comhaontú den sórt sin faoin 1 Márta 2025, is é an 15 Meán Fómhair 2025 go dtí an 15 Márta 2026 an tréimhse choiscthe sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Eastóin, san Fhionlainn, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn agus sa tSualainn, agus ní fhéadfaidh an maolú dá dtagraítear i mír 4 a bheith ann.
6.De mhaolú breise ar mhír 3, pointe (d), i gcás eascanna Eorpacha arb é níos lú ná 12 cm a bhfad foriomlán, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann gníomhaireachtaí iascaireachta ar feadh suas le 30 lá san iomlán, a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile, a cheadú le linn na príomhthréimhse imirce, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le gach iascaire lena mbaineann sa limistéar ábhartha iascaireachta. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann iascaireacht a cheadú go heisiach le haghaidh athstocála suas le 50 lá breise le linn na príomhthréimhse imirce. Sa dá chás, cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann cosc breise ar feadh tréimhse choibhéiseach ama le linn na príomhthréimhse imirce nó, ar bhonn coimhdeach, díreach roimhe nó ina diaidh. I gcás ina gceadóidh Ballstát iascaireacht a dhéanamh ar laethanta nach dtagann i ndiaidh a chéile, déanfar an trealamh iascaireachta a thógáil amach as an uisce le linn aon tréimhse idir laethanta nach dtagann i ndiaidh a chéile.
7.Toirmiscfear iascaigh áineasa na heascainne Eorpaí ag gach céim dá saolré.
8.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt, an Coimisiún ar an eolas:
(a)faoin 1 Márta 2025, maidir leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 3 go 6 mar aon leis an bhfaisnéis tacaíochta lena dtugtar bonn cirt don tréimhse nó do na tréimhsí a roghnaíodh;
(b)laistigh de 2 sheachtain tar éis a nglactha, maidir leis na bearta náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse choiscthe nó leis na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 3 go 6.]
Airteagal 14
Forálacha speisialta maidir le cionranna na ndeiseanna iascaireachta
1.Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a)malartuithe de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(b)asbhaintí agus ath-chionrannta de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(c)ath-chionrannta de bhun Airteagail 12 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403;
(d)gabhálacha breise a thabharfar i dtír arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(e)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(f)asbhaintí de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(g)aistrithe agus malartuithe cuótaí de bhun Airteagail 23 agus 53 den Rialachán seo.
2.Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó anailíseacha chun na TACanna agus na cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 847/96 a shainaithint in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
3.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TAC réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.
4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‑úsáideann Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
[Airteagal 15
Tréimhse choiscthe iascaireachta le haghaidh corra gainimh
Toirmeascfar iascaireacht tráchtála a dhéanamh ar spéirlintí (Ammodytes spp.) le trál grinnill, saighean nó trealaimh tharraingthe chomhchosúla ina bhfuil mogallmhéid is lú ná 16 mm i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2025 agus ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2025.]
[Airteagal 16
Bearta ceartaitheacha le haghaidh trosc sa Mhuir Thuaidh
1.Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na limistéir atá coiscthe don iascaireacht seachas le trealamh peiligeach (peas-saighne agus tráil) agus na tréimhsí a mbeidh feidhm ag na tréimhsí coiscthe lena linn.
2.Soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní ina bhfuil mogallmhéid íosta 70 mm ar a laghad i ranna 4a agus 4b ICES nó 90 mm ar a laghad i roinn 3a ICES, agus spiléir, cuirfear toirmeasc orthu iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais i roinn 4a ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 58°30'00'T agus laisteas de dhomhanleithead 61°30′00''T agus in uiscí an Aontais i ranna 3a.20 (Skagerrak), 4a agus 4b ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 57°00'00''T agus lastoir de dhomhanfhad 5°00'00''O.
3.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh soithí iascaireachta dá dtagraítear sa mhír sin iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear sa mhír sin ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
(a)ní mó a ngabhálacha trosc ná 5 % dá ngabhálacha iomlána in aghaidh an turais iascaireachta; soithí iascaireachta nár mhó a ngabhálacha trosc ná 5 % dá ngabhálacha iomlána sa tréimhse 2017–2019, glactar leis go gcomhlíonann siad an critéar sin ar choinníoll go leanann siad de bheith ag úsáid an trealaimh chéanna a bhí á úsáid acu le linn na tréimhse sin; féadfar an toimhde sin a fhrisnéis;
(b)úsáidtear trál grinnill nó saighean atá rialáilte agus ardroghnaitheach, agus dá bharr sin, de réir staidéar eolaíoch, bíonn laghdú 30 % ar a laghad ar ghabhálacha trosc i gcomparáid le soithí a dhéanann iascaireacht leis an mogallmhéid íosta do threalaimh tharraingthe, mar a shonraítear i gCuid B, pointe 1.1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241; féadfaidh STECF meastóireacht a dhéanamh ar na staidéir sin; agus i gcás ina ndéanfaidh STECF meastóireacht dhiúltach, ní mheasfar na trealaimh sin a bheith bailí a thuilleadh lena n‑úsáid sna limistéir dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
(c)i gcás soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní ina bhfuil mogallmhéid cothrom le 100 mm nó níos mó ná sin (TR1), úsáidtear na trealaimh ardroghnaitheacha seo a leanas:
(i)tráil bhoilg ina bhfuil mogallmhéid íosta 600 mm sa bholg;
(ii)líne iascaireachta ardaithe (0,6 m);
(iii)painéal deighilte cothrománach ina bhfuil painéal éalaithe mogaill mhóir;
(d)i gcás soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní ina bhfuil mogallmhéid cothrom le 70 mm nó níos mó ná sin i roinn 4a ICES agus 90 mm i roinn 3a ICES, agus ar lú é ná 100 mm (TR2), úsáidtear na trealaimh ardroghnaitheacha seo a leanas:
(i)greille shórtála chothrománach nach mó ná 50 mm an spás idir na barraí inti lena scartar na leathóga ó na héisc chruinne, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte do na héisc chruinne;
(ii)painéal Seltra de mhogaill 300 mm cearnach;
(iii)greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir na barraí inti, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte;
(e)tá soithí iascaireachta faoi réir plean náisiúnta seachanta trosc chun gabhálacha trosc a choinneáil i gcomhréir leis an mbásmhaireacht san iascaireacht a chomhfhreagraíonn do na deiseanna iascaireachta arna socrú, bunaithe ar leibhéil na comhairle eolaíche, trí bhearta spásúla nó teicniúla, nó meascán den díobh sin; déanfar pleananna den sórt sin a mheasúnú tráth nach déanaí ná 2 mhí i ndiaidh a gcur chun feidhme, i gcás na mBallstát is é STECF a dhéanfaidh measúnú agus i gcás tríú tíortha is é an comhlacht eolaíoch náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh measúnú, agus, i gcás ina meastar gur gá, ba cheart na pleananna sin a athbhreithniú a thuilleadh má fhaightear amach de réir na measúnuithe sin nach mbainfear amach cuspóir an phlean náisiúnta seachanta trosc.
4.Feabhsóidh na Ballstáit faireachán, rialú agus faireachas na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 chun a áirithiú go ndéanfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 a chomhlíonadh.
5.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.]
[Airteagal 17
Bearta teicniúla don Mhuir Cheilteach, do Mhuir Éireann agus d’Iarthar na hAlban
1.Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill agus le saighní i ranna 7f, 7g de ICES, sa chuid de 7h lastuaidh de dhomhanleithead 49 30′ ó Thuaidh agus sa chuid de 7j lastuaidh de dhomhanleithead 49 30′ ó Thuaidh agus Thoir ó dhomhanfhad 11 Thiar:
(a)soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó le saighní, úsáidfidh siad trealamh ina bhfuil ceann de na mogallmhéideanna seo a leanas:
(i)soc-fhoirceann 110 mm le painéal de mhogall cearnógach 120 mm;
(ii)soc-fhoirceann T90 100 mm;
(iii)soc-fhoirceann 120 mm;
(iv)100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm;
(b)ina theannta sin, soithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht le tráil ghrinnill agus ar cadóga iad 20 % ar a laghad dá ngabhálacha arna meá roimh aon ábhar muirí aischurtha, úsáidfidh siad trealamh iascaireachta a tógadh le spás 1 mhéadair ar laghad idir an líne iascaireachta agus an trealamh talún.
Féadfaidh Ballstáit soithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht le tráil ghrinnill, ar troisc iad níos lú ná 1,5 % dá ngabhálacha, arna meá roimh aon ábhar muirí aischurtha, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm phointe (b), ar choinníoll go bhfuil na soithí sin faoi réir méadú forchéimnitheach ar chumhdach breathnóirí ar muir ar suas le 20 % ar a laghad dá dturais iascaireachta go léir é;
(c)soithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní, ar gliomaigh na hIorua iad níos mó ná 30 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad ceann amháin de na trealaimh seo a leanas:
(i)painéal de mhogall cearnógach 300 mm; soithí arb é níos lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán, féadfaidh siad painéal de mhogall cearnógach 200 mm a úsáid;
(ii)painéal Seltra;
(iii)greille shórtála le spás 35 mm idir na barraí nó líonghreille roghnaíochta comhchosúil;
(iv)soc-fhoirceann 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 100 mm;
(v)dé-shoc fhoirceann ar tógadh an soc-fhoirceann is uachtaraí dá chuid as mogall T90 100 mm ar a laghad agus atá feistithe le painéal deighilte ina bhfuil mogallmhéid uasta 300 mm;
(d)soithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní, ar faoitíní iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha nó ar láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin le chéile iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad ceann amháin de na trealaimh seo a leanas:
(i)soc-fhoirceann 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 100 mm;
(ii)soc-fhoirceann T90 100 mm agus síneadh.
2.Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní i ranna 6a agus 5b ICES laistigh d’uiscí an Aontais, lastoir ó 12° I (Iarthar na hAlban) in iascaigh ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus):
(a)cuirfidh soithí iascaireachta painéal de mhogall cearnógach (suíomh arna choinneáil) 300 mm ar a laghad in úsáid i gcás soithí a úsáideann soc-fhoirceann ina bhfuil mogallmhéid is lú ná 100 mm; i gcás soithí arb é níos lú ná 12 m a bhfad foriomlán agus/nó le cumhacht innill 200 kW nó níos lú, féadfaidh an painéal a bheith 2 m ar fhad foriomlán agus le painéal 200 mm;
(b)soithí iascaireachta ar gliomaigh na hIorua iad níos mó ná 30 % dá ngabhálacha, cuirfidh siad painéal de mhogall (suíomh arna choinneáil) 160 mm cearnógach ar a laghad in úsáid i gcás soithí a úsáideann soc-fhoirceann ina bhfuil mogallmhéid 100-119 mm.
3.Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní i roinn 7a ICES (Muir Éireann):
(a)soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn comhionann le 70 mm nó níos mó ná sin agus ar lú é ná 100 mm agus ar gliomaigh na hIorua iad níos mó ná 30 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad ceann de na trealaimh seo a leanas:
(i)painéal de mhogall cearnógach 300 mm; soithí arb é níos lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán, féadfaidh siad painéal de mhogall cearnógach 200 mm a úsáid;
(ii)painéal Seltra;
(iii)greille shórtála le spás 35 mm idir na barraí;
(iv)líonghreille CEFAS;
(v)tráil flapa;
(b)soithí is comhionann le 12 mhéadar ar fhad iomlán nó atá níos faide ná sin, a oibríonn le tráil ghrinnill nó saighní ar cadóga, troisc, sciataí agus roic le chéile iad níos mó ná 10 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad soc-fhoirceann 120 mm.
4.Ríomhfar na céatadáin ghabhála i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo mar chion de bheomheáchan na n‑acmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2019/1241.
5.Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta iascaireacht a dhéanamh le tráil ghrinnill agus saighní sna limistéir seo a leanas:
(a)ranna 7f go 7k de ICES,
(b)sa limistéar laistiar de dhomhanfhad 5° I i roinn 7e de ICES, agus
(c)i ranna 7b agus 7c de ICES.
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le soithí iascaireachta sna cásanna seo a leanas:
(i)má úsáideann siad soc-fhoirceann de mhogallmhéid 100 mm ar a laghad, nó
(ii)mura mó ná 1.5 % a bhfoghabhálacha trosc, arna measúnú ag STECF, agus iascaireacht á déanamh lasmuigh de na limistéir a luaitear i mír 1.]
[Airteagal 18
Bearta teicniúla le haghaidh deargán i bhfolimistéir 6 go 8 ICES
1.Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 36 cm maidir leis na gabhálacha deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéir 6 go 8 ICES.
2.Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm maidir leis na gabhálacha áineasa deargán i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES.
3.Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2025, beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta, a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu, gach iascaireacht a dhéanamh ar dheargán i bhfolimistéir 6, 7 agus 8 ICES.
4.Ón 1 Feabhra go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ghrinneallsocraithe (LLS) agus le tráil ghrinnill (OTB) i limistéar iarthar Mhuir Chantabriach, os coinne Asturias agus na Gailíse.
5.Toirmiscfear iascaigh áineasa le haghaidh deargán laistigh de na limistéir gheografacha seo a leanas: Limistéar RF 1 (Cariño/Celeiro), Limistéar RF 2 (Ribadeo), Limistéar RF 3 (Navia), Limistéar RF 4 (Ensenada Canero), Limistéar RF 5 (Ensenada de Cabrera/Ría San Martín de la Arena), Limistéar RF 6 (Ría de Treto), Limistéar RF 7 (Bilbao/Plentzia), Limistéar RF 8 (Bermeo/Mundaka).]
[Airteagal 19
Bearta ceartaitheacha don trosc in Kattegat
1.Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in Kattegat le tráil ghrinnill ina bhfuil mogallmhéid íosta 70 mm, úsáidfidh siad ceann amháin de na trealaimh roghnaitheacha seo a leanas:
(a)greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir na barraí inti, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte;
(b)greille shórtála nach mó ná 50 mm an spás idir na barraí inti lena scartar na leathóga ó na héisc chruinne, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte do na héisc chruinne;
(c)painéal Seltra de mhogaill 300 mm cearnach;
(d)trealamh ardroghnaitheacha rialáilte, a mbeidh níos lú ná 1,5 % gabhálacha trosc ann mar thoradh ar a shaintréithe teicniúla, de réir staidéar eolaíoch arna mheasúnú ag STECF, i gcás soithí iascaireachta a bhfuil an trealamh sin á iompar acu ar bord go heisiach.
2.Soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá rannpháirteach i dtionscadal a reáchtálann Ballstát agus a mbeidh trealamh acu a fheidhmeoidh le haghaidh iascach lándoiciméadaithe, féadfaidh siad trealamh a úsáid i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241. Faoin 31 Márta 2025 cuirfidh an Ballstát lena mbaineann liosta de shoithí den sórt sin in iúl don Choimisiún.
3.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.]
Airteagal 20
Speicis atá faoi thoirmeasc
1.Maidir leis na speicis seo a leanas, ní dhéanfaidh soithí de chuid an Aontais iascaireacht orthu, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír:
(a)an roc réaltach (Amblyraja radiata) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 agus roinn 7d ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a; agus uiscí an Aontais i roinn 3a;
(b)an t‑alfainsín taibhseach (Beryx splendens) i bhfolimistéar 6 NAFO;
(c)an siorc gainimh (Carcharias taurus) sna huiscí uile seachas sa Mheánmhuir;
(d)an sciata coiteann (Dipturus batis) (Dipturus cf. flossada agus Dipturus cf. intermedia) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéir 4 agus 6 go 8 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a agus folimistéar 5; agus uiscí an Aontais i bhfolimistéir 3, 9 agus 10;
(e)an lóchrannsiorc mór (Etmopterus princeps) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a; agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéir 1 agus 14 ICES;
(f)an gearrthóir (Galeorhinus galeus) nuair a ghabhtar le spiléir é in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 5; uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéir 6 go 8; agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéir 12 agus 14;
(g)an craosaire (Lamna nasus) sna huiscí uile;
(h)an roc garbh (Raja clavata) in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES;
(i)an roc dústríoctha (Raja undulata) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 6 ICES; agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 10 ICES;
(j)an míolsiorc (Rhincodon typus) sna huiscí uile;
(k)an giotáriasc coiteann (Rhinobatos rhinobatos) sa Mheánmhuir; agus
(l)speicis domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn IA, Cuid D, in uiscí an Aontais, uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta sna limistéir seo a leanas de chuid ICES: 1; 2, seachas uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a; 5 go 10; 12 agus 14, agus limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 CECAF. Ina theannta sin, in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a agus i folimistéar 4 ICES, sna cásanna a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
2.Nuair a ghabhfar de thaisme eiseamail de na speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar aon dochar dóibh agus scaoilfear go pras iad.
Airteagal 21
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le gabhálacha a thabhairt i dtír agus a bhaineann le hiarracht iascaireachta, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Caibidil II
Údaruithe iascaireachta in uiscí tríú tír
Airteagal 22
Údaruithe iascaireachta
1.I gcás inarb infheidhme, leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn V an líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír.
2.I gcás ina n‑aistreoidh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tar éis dó fógra a thabhairt don Choimisiún, cuóta chuig Ballstát eile sna limistéir iascaireachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh aistriú iomchuí údaruithe iascaireachta ag gabháil leis an aistriú, i gcás inarb ábhartha. Ní rachfar thar an líon iomlán údaruithe le haghaidh gach limistéir iascaireachta, mar a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. Tabharfaidh Ballstát an aistrithe fógra don Choimisiún faoi aistriú na n‑údaruithe iascaireachta tráth a dtabharfar fógra don Choimisiún faoin aistriú cuótaí.
Caibidil II
Deiseanna iascaireachta arna mbainistiú
ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 23
Aistrithe cuótaí agus malartuithe
1.I gcás ina gceadófar le rialacha eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI) aistrithe cuótaí nó malartuithe idir na Páirtithe Conarthacha chuig an ERBI sin, féadfaidh Ballstát (‘an Ballstát lena mbaineann’) plé a dhéanamh le Páirtí Conarthach san ERBI sin agus leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí atá beartaithe, de réir mar is iomchuí. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an leagan amach.
2.A luaithe a thabharfaidh fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún leagan amach an aistrithe nó an mhalartaithe cuótaí atá beartaithe a fhormhuiniú. Má fhormhuiníonn an Coimisiún an achoimre, cuirfidh an Coimisiún in iúl, gan moill mhíchuí, an toiliú a bheidh le ceangal leis an aistriú cuótaí nó leis an malartú cuótaí sin. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do rúnaíocht an ERBI maidir leis an aistriú nó malartú cuótaí i gcomhréir le rialacha an ERBI sin.
3.Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi aon aistriú cuótaí nó malartú cuótaí arna chomhaontú.
4.Na deiseanna iascaireachta a gheofar ón bpáirtí conarthach ábhartha san ERBI nó a aistreofar chuige faoin aistriú nó malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a chuirfear le cionroinnt an Bhallstáit lena mbaineann nó a asbhainfear as an gcionroinnt sin, ón uair a bheidh feidhm leis an aistriú nó an malartú cuótaí i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe leis an bPáirtí Conarthach ábhartha san ERBI nó i gcomhréir le rialacha ábhartha an ERBI, de réir mar is iomchuí. Leis na haistrithe agus na malartuithe sin ní dhéanfar aon dochar don scála cionroinnte chun deiseanna iascaireachta a chionroinnt i measc na mBallstát i gcomhréir le prionsabal chobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta.
[Tabharfar ranna 2 go 4 agus 8 go 9 den Rialachán seo cothrom le dáta tar éis chruinnithe bliantúla na ERBInna.]
[Roinn 2
Limistéar Choinbhinsiún NEAFC
Airteagal 24
Péirsí mara i Muir Irminger
1.Toirmeascfar gach gníomhaíocht iascaireachta sa limistéar a theorannaíonn na comhordanáidí seo a leanas arna dtomhas de réir chóras WGS84:
|
Domhanleithead
|
Domhanfhad
|
|
63°00’ T
|
30°00’ I
|
|
61°30’ T
|
27°35’ I
|
|
60°45’ T
|
28°45’ I
|
|
62°00’ T
|
31°35’ I
|
|
63°00’ T
|
30°00’ I
|
2.Péirsí domhainmhara peiligeacha éadoimhne agus péirsí domhainmhara peiligeacha doimhne (Sebastes mentella) ó Mhuir Irminger agus ó na huiscí máguaird (folimistéir 5, 12 agus 14 ICES, agus folimistéir 1 agus 2 NAFO), beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta iascaireacht a dhéanamh orthu nó iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i gcalafoirt an Aontais agus beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais na nithe sin a dhéanamh i gcalafoirt tríú tír freisin.
3.Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais páirt a ghlacadh in oibríochtaí trasloingsithe lena mbaineann na stoic dá dtagraítear i mír 2.
4.Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais athbhreoslú nó seirbhísí tacaíochta a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil gabhálacha de na stoic dá dtagraítear i mír 2 acu.]
[Roinn 3
Limistéar Choinbhinsiún ICCAT
Airteagal 25
Teorainneacha maidir le hacmhainneacht iascaireachta, feirmeoireachta agus ramhraithe
1.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI leis an líon bád baoite agus bád trollála de chuid an Aontais a údaraítear le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma (Thunnus thynnus) idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm san Atlantach Thoir.
2.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI leis an líon soithí iascaireachta mionscála de chuid an Aontais a údaraítear le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm sa Mheánmhuir.
3.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI leis an líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinníní gorma i Muir Aidriad chun críoch feirmeoireachta a údaraítear le hiascaireacht ghníomhach a dhéanamh ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm.
4.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn VI leis an líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma nó iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
5.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn VI leis an líon gaistí a úsáidfear in iascach tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
6.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo leis an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní colgacha an Tuaiscirt (Thunnus alalunga) mar spriocspeiceas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2107.
7.Beidh teorainn mar a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn VI leis an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá 20 m ar a laghad ar a bhfad agus a dhéanann iascaireacht ar thuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
Airteagal 26
Iascach áineasa
I gcás inarb iomchuí, cionroinnfidh na Ballstáit sciar sonrach óna gcuótaí cionroinnte ar an iascach áineasa, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn ID.
Airteagal 27
Siorcanna
I dteannta na dtoirmeasc a bhunaítear le hAirteagail 32 go 36 de Rialachán (AE) 2017/2107, toirmeascfar freisin tabhairt faoi iascaireacht spriocdhírithe ar speicis siorcanna súisteála den ghéineas Alopias.
Airteagal 28
FADanna le haghaidh Tuinníní Trópaiceacha
1.Toirmeascfar feistí comhthiomsaithe éisc a úsáid i limistéar Choinbhinsiún ICCAT ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 12 Márta 2025.
2. Ón 17 Nollaig 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 áiritheoidh na Ballstáit nach n‑úsáidfidh a soithí iascaireachta feistí comhthiomsaithe éisc.]
[Roinn 4
Limistéar Choinbhinsiún CCAMLR
Airteagal 29
Fógraí maidir le hiascaigh thaiscéalaíocha don déadiasc le haghaidh shéasúr iascaireachta 2025-2026
1.Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach in iascaigh spiléireachta thaiscéalaíocha déadiasc (Dissostichus spp.) i bhfolimistéir 48.6, 88.1 agus 88.2 FAO agus i ranna 58.4.1, 58.4.2 agus 58.4.3a FAO lasmuigh de limistéir faoi dhlínse náisiúnta le haghaidh iascaireacht sa tréimhse ón 1 Nollaig 2025 go dtí an 30 Samhain 2026, nó féadfaidh siad a soithí iascaireachta a údarú le bheith rannpháirteach iontu, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) go (7) de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 ón gComhairle.
2.De mhaolú ar na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, tabharfaidh na Ballstáit sin a bhfuil sé beartaithe acu a dhéanamh amhlaidh fógra do Rúnaíocht CCAMLR tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2025.
Airteagal 30
Iascach déadiasc le linn shéasúr iascaireachta 2024-2025
1.I dteannta na gceanglas speisialta maidir le hiascaigh thaiscéalaíocha a leagtar amach in Airteagal 7a de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, beidh iascaireacht ar dhéadéisc le linn na tréimhse ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 30 Samhain 2025 teoranta do na Ballstáit, do na folimistéir agus don líon soithí iascaireachta a leagtar amach i dTábla A in Iarscríbhinn VII, agus do na TACanna agus do na teorainneacha foghabhála a leagtar amach i dTábla B san Iarscríbhinn sin.
2.Toirmeascfar iascaireacht dhíreach ar speicis siorcanna chun críoch eile seachas taighde eolaíoch. Scaoilfear saor ina mbeatha aon fhoghabháil siorcanna, go háirithe siorcanna óga agus baineannaigh thorracha, a ghabhfar de thaisme san iascach déadéisc.
3.I gcás inarb infheidhme, scoirfear d’iascaireacht déadiasc in aon aonad taighde ar mionscála (ATMS) nuair a shroichfidh an ghabháil arna tuairisciú an TAC sonraithe, agus beidh cosc ar iascaireacht san ATMS don chuid eile den séasúr iascaireachta.
4.Déanfar an iascaireacht ar an raon geografach agus bataiméadrach is mó is féidir chun an fhaisnéis is gá a fháil chun an acmhainneacht iascaigh a chinneadh agus chun ró-chomhchruinniú gabhálacha agus iarrachta iascaireachta a sheachaint. Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh, áfach, in áiteanna i bhfolimistéir 48.6, 88.1 agus 88.2 FAO i ndoimhneachtaí is lú ná 550 m.
Airteagal 31
Iascach crilleanna le linn shéasúr iascaireachta 2025-2026
1.Chun críoch Airteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu iascaireacht a dhéanamh ar chrilleanna (Euphausia superba) i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR le linn na tréimhse ón 1 Nollaig 2025 go dtí an 30 Samhain 2026, tabharfaidh siad fógra maidir leis sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2025, agus úsáid á baint acu as an bhfoirm i gCuid B den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VII.
2.De mhaolú ar na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún na fógraí faoi bhráid Rúnaíocht CCAMLR tráth nach déanaí ná an 30 Bealtaine 2025.
3.Áireofar leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 lena n‑údarófar gach soitheach chun bheith rannpháirteach san iascach crilleanna.
4.Maidir le Ballstát a bhfuil rún aige iascaireacht a dhéanamh ar chrilleanna i limistéar Choinbhinsiún CCAMLR, ní thabharfaidh sé fógra faoin rún sin ach i leith soithí iascaireachta údaraithe tráth an fhógra:
(a)a mbeidh a bhratach ar foluain acu; nó
(b)a mbeidh bratach comhalta eile de CCAMLR ar foluain acu agus a mbeifí ag súil, tráth a tharlóidh an t‑iascach, go mbeadh bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu.
5.I gcás ina gcoiscfear ar shoitheach iascaireacht údaraithe, a tugadh fógra fúithi do Rúnaíocht CCAMLR i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, a bheith rannpháirteach in iascach crilleanna de bharr cúiseanna dlisteanacha oibríochtúla nó de bharr force majeure, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann soitheach iascaireacht ionadaíoch eile a údarú le bheith rannpháirteach san iascach sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann Rúnaíocht CCAMLR a chur ar an eolas láithreach agus an Coimisiún i gcóip agus soláthróidh sé an méid seo a leanas:
(a)sonraí iomlána an tsoithigh (na soithí) iascaireachta ionaid atá beartaithe, lena n‑áirítear an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 601/2004; agus
(b)cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna lena dtugtar údar leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairt ábhartha.]
Roinn 5
Limistéar Inniúlachta IOTC
Airteagal 32
Acmhainneacht iascaireachta soithí a dhéanann
iascaireacht i Limistéar Inniúlachta IOTC a theorannú
1.Is mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a bheidh an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanfaidh iascaireacht ar thuinníní trópaiceacha i Limistéar Inniúlachta IOTC agus an acmhainneacht chomhfhreagrach san olltonnáiste.
2.Is mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIII a bheidh an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanfaidh iascaireacht ar cholgáin (Xiphias gladius) agus tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) i Limistéar Inniúlachta IOTC agus an acmhainneacht chomhfhreagrach in olltonnáiste.
3.Féadfaidh na Ballstáit soithí iascaireachta a sannadh do cheann amháin de na hiascaigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ath-chionroinnt ar an iascach eile, ar choinníoll gur féidir leo a léiriú don Choimisiún nach dtiocfaidh méadú as an sannadh sin ar an iarracht iascaireachta i ndáil leis na stoic éisc atá i gceist.
4.Áiritheoidh an Ballstát sin, i gcás ina mbeartófar acmhainneacht a aistriú chuig cabhlach an Bhallstáit, go mbeidh na soithí iascaireachta atá le haistriú ar chlár soithí údaraithe IOTC nó ar chlár soithí ERBInna eile a bhainistíonn iascaigh tuinníní. Ní fhéadfar soithí iascaireacht a aistriú a bheidh ar liosta aon ERBI de shoithí a bhí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta NNN.
5.Ní fhéadfaidh na Ballstáit a n‑acmhainneacht iascaireachta a mhéadú os cionn na n‑uasteorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ach laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sna pleananna forbartha a cuireadh faoi bhráid IOTC.
Airteagal 33
FADanna le sruth agus soithí soláthair
1.Feisteofar FADanna le sruth le baoithe gléasta. Toirmeascfar aon bhaoi eile, mar shampla baoithe raidió, a úsáid.
2.Ní leanfaidh soitheach peas-saighne níos mó ná 300 baoi oibríochtúil tráth ar bith.
3.Gheofar 500 baoi gléasta ar a mhéad ar bhonn bliantúil le haghaidh gach soithigh peas-saighne. Ní bheidh níos mó ná 500 baoi gléasta ag aon soitheach peas-saighne, idir bhaoithe atá sa stoc agus bhaoithe oibríochtúla araon, tráth ar bith.
4.Ní bheidh níos mó ná trí shoitheach soláthair mar thaca le líon nach lú ná deich soitheach peas-saighne, agus bratach Bhallstáit ar foluain acu uile. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na Ballstáit nach mbainfidh úsáid ach as an aon soitheach soláthair amháin.
5.Ní bheidh níos mó ná aon soitheach soláthair amháin, ar a mbeidh bratach Bhallstáit ar foluain, mar thaca ag soitheach peas-saighne tráth ar bith.
6.Ní chláróidh an tAontas soithí soláthair nua ná breise i gclár soithí údaraithe IOTC.
Roinn 6
Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO
Airteagal 34
Iascach peiligeach
1.Ní fhéadfaidh ach na Ballstáit sin a d’fheidhmigh gníomhaíochtaí iascaigh peiligeach go gníomhach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO in 2007, 2008 nó 2009 stoic peiligeach a iascach sa limistéar sin i gcomhréir leis na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IH.
2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit a bheidh dá dtagraítear i mír 1 na deiseanna iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IH a úsáid ach ar choinníoll go seolfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas chuig an gCoimisiún ar a dhéanaí faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur in iúl do Rúnaíocht SPRFMO:
(a)liosta de na soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach nó a bhíonn ag gabháil do thrasloingsiú i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;
(b)tuarascálacha míosúla maidir le gabhálacha.
[Roinn 7
Limistéar Choinbhinsiún IATTC
Airteagal 35
Iascaigh pheas-saighne
1.Ní dhéanfaidh soithí peas-saighne iascaireacht ar thuinníní buí (Thunnus albacares), tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) ná tuinníní aigéanacha (Katsuwonus pelamis):
(a)ó 00:00 uair an chloig an 29 Iúil 2025 go dtí 24:00 uair an chloig an 8 Deireadh Fómhair 2025 nó ó 00:00 uair an chloig an 9 Samhain 2025 go dtí 24:00 uair an chloig an 19 Eanáir 2026 sa limistéar a shainítear leis na teorainneacha seo a leanas:
–imeallbhoird an Aigéin Chiúin de Chríocha Mheiriceá,
–domhanfhad 150o°I,
–domhanleithead 40o°T,
–domhanleithead 40o°D;
(b)ó 00:00 uair an chloig an 9 Deireadh Fómhair 2025 go dtí 24:00 uair an chloig an 8 Samhain 2025 sa limistéar a shainítear leis na teorainneacha seo a leanas:
–domhanfhad 96o°I,
–domhanfhad 110o°I,
–domhanleithead 4o°T,
–domhanleithead 3o°D.
2.Tabharfaidh an Ballstát brataí sin fógra don Choimisiún roimh an 1 Aibreán 2025 maidir le cé acu tréimhse choiscthe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a roghnaigh an soitheach iascaireachta i dtaca le gach ceann de na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain orthu.
3.Soithí peas-saighne a bheidh ag déanamh iascaireachta ar thuinníní i limistéar Choinbhinsiún IATTC, coinneoidh siad ar bord gach tuinnín buí, gach tuinnín mórshúileach agus gach tuinnín aigéanach a ghabhfaidh siad agus, ina dhiaidh sin, déanfaidh siad iad a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
4.Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)i gcás ina meastar go bhfuil an t‑iasc mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine ar chúiseanna eile seachas méid;
(b)le linn an tacair deiridh de thuras, i gcás nach mbeidh dóthain spáis sa pholl taosctha do na tuinníní uile a gabhadh sa tacar sin.
Airteagal 36
FADanna le sruth
1.Ní bheidh níos mó ná 400 feiste um chomhbhailiú éisc gníomhach in úsáid ag aon am amháin ag soitheach peas-saighne i limistéar Choinbhinsiún IATTC. Measfar FAD a bheith gníomhach nuair a dhéanfar é a chur in úsáid ar muir, nuair a thosóidh sé ag tarchur a shuímh, agus nuair a bheidh sé á rianú ag an soitheach, ag a úinéir nó ag a oibreoir. Ní dhéanfar FAD a ghníomhachtú ach amháin ar bhord soithigh peas-saighne.
2.Le linn na 15 lá roimh thús na tréimhse coiscthe a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (a), den Rialachán seo déanfaidh soitheach peas-saighne an méid seo a leanas i limistéar Choinbhinsiún IATTC:
(a)staonadh ó FADanna a imscaradh;
(b)an líon céanna FAD a aisghabháil agus a rinne sé a imscaradh sa chéad dul síos.
Airteagal 37
Teorainneacha gabhála le haghaidh tuinníní mórshúileacha in iascaigh spiléireachta
Leagtar amach in Iarscríbhinn IL na gabhálacha bliantúla iomlána le haghaidh tuinníní mórshúileacha ag soithí spiléireachta gach Ballstáit i limistéar Choinbhinsiún IATTC.
Airteagal 38
Toirmeasc ar iascaireacht ar shiorcanna bána aigéanacha
1.Toirmeascfar iascaireacht a dhéanamh ar shiorcanna bána aigéanacha (Carcharhinus longimanus) i limistéar Choinbhinsiún IATTC, agus aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa limistéar sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a chur ar díol nó a dhíol.
2.Nuair a ghabhfar de thaisme eiseamail de na siorcanna bána aigéanacha, ní dhéanfar aon dochar dóibh agus scaoilfidh na hoibreoirí soithigh iascaireachta go pras iad.
3.Déanfaidh oibreoirí na soitheach iascaireachta an líon scaoiltí a thaifeadadh lena dtabharfaidh siad léiriú ar stádas (marbh nó beo) agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú don Bhallstát ar náisiúnaigh de iad. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a bailíodh le linn 2023 a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir 2024.]
[Roinn 8
Limistéar Choinbhinsiún SEAFO
Airteagal 39
Toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar shiorcanna domhainfharraige
Toirmeascfar iascaireacht spriocdhírithe a dhéanamh ar na siorcanna domhainfharraige seo a leanas i limistéar Choinbhinsiún SEAFO:
(a)catsúiligh thaibhsiúla (Apristurus manis);
(b)lóchrannsiorcanna míne geamhacha (Etmopterus bigelowi);
(c)lóchrannsiorcanna earrghearra (Etmopterus brachyurus);
(d)lóchrannsiorcanna móra (Etmopterus princeps);
(e)lóchrannsiorcanna míne (Etmopterus pusillus);
(f)sciataí (Rajidae);
(g)fíogaigh shlime (Scymnodon squamulosus);
(h)siorcanna den sárord Selachimorpha;
(i)fíogaigh ghobacha (Squalus acanthias).]
[Roinn 9
Limistéar Choinbhinsiún WCPFC
Airteagal 40
Coinníollacha maidir le hiascaigh tuinníní mórshúileacha, tuinníní buí, tuinníní aigéanacha
agus thuinníní colgacha an Aigéin Chiúin Theas
1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mó ná 403 an líon laethanta iascaireachta a chionroinnfear ar shoithí peas-saighne a dhéanfaidh iascaireacht ar thuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus), tuinníní buí (Thunnus albacares) agus tuinníní aigéanacha (Katsuwonus pelamis) sa chuid de limistéar Choinbhinsiún WCPFC i limistéir na mórmhara idir 20° T agus 20° D.
2.Ní dhíreoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar thuinníní colgacha an Aigéin Chiúin Theas (Thunnus alalunga) i limistéar Choinbhinsiún WCPFC laisteas de 20° D.
3.An líon uasta soithí peas-saighne de chuid an Aontais a údarófar le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní trópaiceacha sa chuid de limistéar Choinbhinsiún WCPFC i limistéir na mórmhara idir 20° T agus 20° D, ní rachaidh sé thar na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, Tábla 2.
Airteagal 41
Bainistiú na hiascaireachta le FADanna
1.Sa chuid sin de limistéar Choinbhinsiún WCPFC idir 20° T agus 20° D, ní dhéanfaidh soithí peas-saighne, soithí tairisceana, agus aon soitheach eile a oibríonn mar thacaíocht do shoithí peas-saighne, FADanna a imscaradh, a sheirbhísiú nó eangacha a chur orthu idir 00.00 uair an chloig an 1 Iúil 2025 agus 24.00 uair an chloig an 15 Lúnasa 2025.
2.I dteannta an toirmisc i mír 1, toirmeascfar eangacha a chur ar FADanna ar mórmhuir i limistéar Choinbhinsiún WCPFC atá suite idir 20° T agus 20° D ar feadh mí bhreise amháin, ó 00.00 uair an chloig an 1 Aibreán 2025 go 24.00 uair an chloig an 30 Aibreán 2025, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Bealtaine 2025 go 24.00 uair an chloig an 31 Bealtaine 2025, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Samhain 2025 go 24.00 uair an chloig an 30 Samhain 2025, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Nollaig 2025 go 24.00 uair an chloig an 31 Nollaig 2025.
3.Cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann go comhpháirteach cé acu de na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh feidhm aici maidir le soithí peas-saighne a mbeidh a mbratach ar foluain acu. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go comhpháirteach faoin 15 Feabhra 2025 maidir leis an tréimhse choiscthe a roghnaíodh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do rúnaíocht WCPFC maidir leis an gcomhthréimhse choiscthe a roghnaigh na Ballstáit lena mbaineann roimh an 1 Márta 2025.
4.Áiritheoidh gach Ballstát nach mó ná 350 an líon FADanna a mbeidh baoithe gléasta gníomhachtaithe acu a dhéanfaidh soithí peas-saighne dá chuid a imscaradh ar muir ag aon am amháin. Ní dhéanfar na baoithe a ghníomhachtú ach amháin ar bord soithigh peas-saighne.
Airteagal 42
An líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar cholgáin
Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a bheidh an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar le hiascaireacht a dhéanamh ar cholgáin (Xiphias gladius) i limistéir de limistéar Choinbhinsiún WCPFC laisteas de 20° D.
Airteagal 43
Teorainneacha gabhála le haghaidh colgán in iascaigh spiléireachta laisteas de 20°D
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh na gabhálacha colgán (Xiphias gladius) laisteas de 20° D ag soithí spiléireachta in 2025 thar an teorainn a leagtar amach i dTábla 2 in Iarscríbhinn IG. Áiritheoidh siad freisin nach n‑aistreofar an iarracht iascaireachta le haghaidh colgán chuig an limistéar atá lastuaidh de 20° D dá bharr sin.]
Roinn 10
Muir Bheiring
Airteagal 44
Toirmeasc ar mhangaigh a iascach ar mhórmhuir Mhuir Bheiring
Toirmeascfar mangaigh (Gadus chalcogrammus) a iascach ar mhórmhuir Mhuir Bheiring.
Roinn 11
Limistéar Chomhaontú SIOFA
Airteagal 45
Teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill
Maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a iascann i limistéar Chomhaontú SIOFA, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)go ndéanfar a n‑iarracht iascaireachta grinnill bhliantúil a theorannú go dtí an leibhéal a leagtar amach in Iarscríbhinn X;
(b)nach ndéanfar iascaireacht ghrinnill ach i gcás ina n‑úsáidtear spiléir ghrinnill; agus
(c)nach ndéanfar iascaireacht i limistéir Atlantis Bank, Coral, Fools Flat, Middle of What, ná Walter’s Shoal, ar limistéir iad atá faoi chosaint eatramhach, mar a shainítear in Iarscríbhinn IK, ach i gcás ina n‑úsáidtear spiléir ghrinnill agus ar an gcoinníoll breathnóir eolaíoch a bheith ar bord acu i gcónaí le linn dóibh a bheith ag iascaireacht sna limistéir sin.
Airteagal 46
Bearta iascaigh déadiasc
Maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a dhéanann iascaireachta ar dhéadéisc (Dissostichus spp.) i limistéar Chomhaontú SIOFA, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)nach ndéanann siad iascaireacht i ndoimhneacht is éadoimhne ná 500 méadar;
(b)go mbeidh ar a laghad breathnóir eolaíoch amháin ar bord acu i gcónaí a mbeidh sé mar sprioc aige 25 % de na duáin a tharlaítear in aghaidh na líne a bhreathnú le linn na hiascaireachta; agus
(c)eiseamail déadéisc a chlibeáil agus a scaoileadh ar ráta 5 iasc ar a laghad in aghaidh an tona de mheáchan glas a ghabhtar. A luaithe a bheidh 30 déadiasc nó níos mó gafa, beidh feidhm ag staidreamh forluí íosta de 60 % ar a laghad le haghaidh scaoileadh clibeála.
Airteagal 47
Toirmeasc ar dhíriú ar shiorcanna domhainfharraige
Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh ar na siorcanna domhainfharraige seo a leanas i limistéar Chomhaontú SIOFA:
(a)an fíogach Portaingéalach (Centroscymnus coelolepis), seachas i gcomhthéacs an liúntais foghabhála mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IK;
(b)an fíogach éansocach (Deania calceus);
(c)an siorc slogach (Centrophorus granulosus);
(d)an siorc eite eitleoige (Dalatias licha);
(e)catsúileach Bach (Bythaelurus bachi);
(f)ciméara an bhéal dorcha (Chimaera buccanigella);
(g)ciméara Falkor (Chimaera didierae);
(h)siorc taibhsiúil an mhairnéalaigh (Chimaera willwatchi);
(i)an fíogach slim socfhada (Centroselachus crepidater);
(j)an fíogach slim mórspíne (Scymnodon squamulosus);
(k)an fíogach slim (Zameus squamulosus);
(l)an lóchrannsiorc bánleicneach (Etmopterus alphus);
(m)catsúileach an bhoilg bhig (Apristurus indicus);
(n)an ciméara socfhada (Harriotta raleighana);
(o)catsúileach an chinn chaoil (Bythaelurus tenuicephalus);
(p)an siorc rufach (Chlamydoselachus anguineus);
(q)an siorc bó mórshúileach (Hexanchus nakamurai);
(r)lóchrannsiorcanna míne (Etmopterus pusillus);
(s)suansiorc an deiscirt (Somniosus antarcticus);
(t)an siorc gruagaigh (Mitsukurina owstoni);
(u)an lóchrannsiorc súilghorm (Etmopterus viator);
(v)lóchrannsiorcanna míne geamhacha (Etmopterus bigelowi);
(w)an siorc slogach gainneach duille (Centrophorus squamosus);
(x)an siorc slogach beag (Centrophorus uyato);
(y)an fíogach gobach gearrspíne (Squalus mitsukurii);
(z)an fíogach socfhada (Deania quadrispinosa);
(za)an fíogach ceannbhiorach (Deania profundorum);
(zb)sciata Cristina (Bathyraja tunae);
(zc)an ciméara srónbhosach (Rhinochimaera africana).
Roinn 12
Limistéar Choinbhinsiún NPFC
Airteagal 48
Iascach ronnach Seapánach
1.I gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i limistéar Choinbhinsiún NPFC, tarchuirfidh na Ballstáit bhrataí na sonraí comhiomlánaithe seo a leanas chuig an gCoimisiún faoi na dátaí seo a leanas:
(a)gabhálacha míosúla faoi na teorainneacha gabhála le haghaidh ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus) i gcomhair Pháirtithe Conarthacha uile NPFC le haghaidh trálaer agus soithí peas-saighne faoi seach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IM i gcás ina bhfuil úsáid na dteorainneacha gabhála sin faoi bhun 60 %, faoin seachtú lá den mhí dár gcionn; agus
(b)gabhálacha seachtainiúla ronnach Seapánach faoi na teorainneacha gabhála sin i gcás ina bhfuil úsáid na dteorainneacha gabhála sin os cionn 60 % agus faoi bhun 95 %, faoi Mháirt na seachtaine dár gcionn.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur i dtoll a chéile agus a tharchur go pras chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NPFC.
2.Laistigh de 2 lá ó dháta eisiúna na bhfógraí ó Rúnaíocht Feidhmiúcháin NPFC lena dtabharfar le fios gur bhain úsáid na dteorainneacha gabhála sin 95 % amach, dúnfaidh an Coimisiún na hiascaigh faoi na teorainneacha gabhála sin.
3.Déanfaidh an Coimisiún gabhálacha bliantúla ronnach Seapánach i limistéar Choinbhinsiún NPFC a chur i dtoll a chéile agus a tharchur chuig Rúnaíocht Feidhmiúcháin NPFC faoi dheireadh mhí Feabhra na bliana dár gcionn.
4.Beidh feidhm ag an Airteagal seo sa bhreis ar na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le deiseanna iascaireachta a leagtar amach in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
Airteagal 49
Siorcanna i limistéar Choinbhinsiún NPFC a chosaint
1.Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanfaidh iascaireacht i limistéar Choinbhinsiún NPFC, ní dhéanfaidh siad iascaireacht ar shiorcanna ná ní dhéanfaidh siad iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún NPFC.
2.Nuair a ghabhfar de thaisme eiseamail de na speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar aon dochar dóibh agus scaoilfear go pras iad.
Airteagal 50
Éisc anadromacha i limistéar Choinbhinsiún NPFC a chosaint
1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i limistéar Choinbhinsiún NPFC iascaireacht ar bhradáin keta (Oncorhynchus keta), bradáin coho (Oncorhynchus kisutch), bradáin bhándearga (Oncorhynchus gorbuscha), bradáin dhearga (Oncorhynchus nerka), ríbhradáin (Oncorhynchus tshawytscha), bradáin masu (Oncorhynchus masou) agus bric dhea-dhathacha (Oncorhynchus mykiss) ná ní dhéanfaidh siad iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír.
2.Nuair a ghabhfar de thaisme eiseamail de na speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar aon dochar dóibh agus scaoilfear go pras iad.
TEIDEAL III
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH
SOITHÍ TRÍÚ TÍR IN UISCÍ AN AONTAIS
Airteagal 51
Soithí iascaireachta a bhfuil bratach na hIorua
nó bratach Oileáin Fharó ar foluain acu
Soithí iascaireachta a bhfuil bratach na hIorua nó bratach Oileáin Fharó ar foluain acu, féadfaidh an Coimisiún iad a údarú le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais faoi réir na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus i dTeideal III de Rialachán (AE) 2017/2403 agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.
Airteagal 52
Soithí iascaireachta a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu,
atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, i mBáillcheantar Ghearnsaí,
i mBáillcheantar Gheirsí nó ar Oileán Mhanann,
agus ceadúnaithe ag lucht riaracháin iascaigh de chuid na Ríochta Aontaithe
Soithí iascaireachta a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu, atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, i mBáillcheantar Gheansaí, i mBáillcheantar Gheirsí nó ar Oileán Mhanann, agus atá ceadúnaithe ag lucht riaracháin iascaigh de chuid na Ríochta Aontaithe, féadfaidh an Coimisiún iad a údarú le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais faoi réir na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2017/2403 agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.
Airteagal 53
Aistrithe cuótaí nó malartuithe cuótaí leis an Ríocht Aontaithe
1.Déanfar aon aistriú cuótaí nó malartú cuótaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.Aon Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige cuótaí a aistriú nó a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe, féadfaidh sé achoimre ar an aistriú cuótaí nó ar an malartú cuótaí a phlé leis an Ríocht Aontaithe. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an leagan amach.
3.I gcás ina bhformhuineoidh an Coimisiún imlíne an aistrithe cuótaí nó an mhalartaithe cuótaí dá dtagraítear i mír 2 ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith, cuirfidh sé in iúl, gan moill mhíchuí, an toiliú a bheidh le ceangal den aistriú cuótaí nó den mhalartú cuótaí sin. Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit ar an eolas faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí a comhaontaíodh.
4.Maidir leis na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí a comhaontaíodh, measfar é a bheith ina chuóta arna chur le cionroinnt chearta an Bhallstáit lena mbaineann nó arna asbhaint ón gcionroinnt sin, ón nóiméad a thugtar fógra maidir leis an aistriú cuótaí nó leis an malartú cuótaí i gcomhréir le mír 3. Leis na haistrithe agus na malartuithe sin ní dhéanfar aon dochar don scála cionroinnte chun deiseanna iascaireachta a chionroinnt i measc na mBallstát i gcomhréir le prionsabal chobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta.
Airteagal 54
Soithí iascaireachta faoi bhratach Veiniséala
Soithí iascaireachta a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu, beidh siad faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i dTeideal III de Rialachán (AE) 2017/2403 agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.
Airteagal 55
Údaruithe iascaireachta
Is mar a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn V a bheidh an líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta tríú tír a oibríonn in uiscí an Aontais.
Airteagal 56
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo maidir leis na gabhálacha agus na foghabhálacha a dhéanfaidh soithí iascaireachta tríú tír faoi na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán seo.
[Tabharfar Airteagal 57 den Rialachán seo cothrom le dáta tar éis comhairliúcháin idir an tAontas agus tríú
tíortha.]
Airteagal 57
Speicis atá faoi thoirmeasc
1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireacht tríú tír na speicis seo a leanas a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír i gcás ina ngeofar in uiscí an Aontais iad:
(a)an siorc tíograch gainimh (Carcharias taurus) in uiscí uile an Aontais;
(b)an roc réaltach (Amblyraja radiata) in uiscí an Aontais i ranna 3a agus 7d ICES; agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES;
(c)an sciata coiteann (Dipturus batis) (Dipturus cf. flossada agus Dipturus cf. intermedia) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 3, 4 agus 6 go 10 ICES;
(d)an gearrthóir (Galeorhinus galeus) nuair a ghabhtar le spiléir é in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 4 agus 6 go 8 ICES;
(f)an craosaire (Lamna nasus) in uiscí uile an Aontais;
(g)an roc garbh (Raja clavata) in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES;
(h)an roc dústríoctha (Raja undulata) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 6 agus 10 ICES;
(i)an giotáriasc coiteann (Rhinobatos rhinobatos) in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir;
(j)an míolsiorc (Rhincodon typus) in uiscí uile an Aontais; agus
(k)speiceas domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn IA, Cuid D, in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 6 go 10 ICES agus i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 CECAF. Ina theannta sin, in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, sna cásanna a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
2.Nuair a ghabhfar de thaisme eiseamail de na speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar aon dochar dóibh agus scaoilfear go pras iad.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 58
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 59
Forálacha idirthréimhseacha
Leanfaidh Airteagail 9 go 13, 15 go 20, 24, 27, 38, 39, 44, 47, 48 agus 57 den Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu, mutatis mutandis, in 2026 go dtí go dtiocfaidh an Rialachán lena socrófar na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2026 i bhfeidhm.
Airteagal 60
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025.
Mar sin féin:
(a)Beidh feidhm ag Airteagal 12(1) ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí an dáta a thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1241 agus lena leasaítear Iarscríbhinn VII, Cuid A, a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh mangach i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1, cibé acu is túisce;
(b)Beidh feidhm ag Airteagal 13(1) go (7) ón 1 Aibreán 2025 go dtí an 31 Márta 2026;
(c)Beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí an dáta a thiocfaidh gníomhartha tarmligthe i bhfeidhm a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1241 agus lena leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann leis an Rialachán sin maidir le bearta teicniúla don Mhuir Cheilteach, do Mhuir Éireann agus d’Iarthar na hAlban agus bearta teicniúla le haghaidh deargán i bhfolimistéir 6 go 8 ICES, cibé acu is túisce;
(d)Beidh feidhm ag Airteagal 23 ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Eanáir 2026;
(e)Beidh feidhm ag Airteagal 28(2) ón 17 Nollaig 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024;
(f)Beidh feidhm ag Airteagail 30 agus ag Iarscríbhinn VII ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 30 Samhain 2025;
(g)Beidh feidhm ag Airteagal 35(1), pointe (a), ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 19 Eanáir 2026;
(h)Scoirfidh Roinn 12 d’fheidhm a bheith aici an dáta a thiocfaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm lena leagfar síos bearta comhfhreagracha;
(i)Beidh feidhm freisin ag Iarscríbhinní IA go IJ, agus IL in 2026, i gcás ina sonrófar sin sna hIarscríbhinní sin;
(j) Beidh feidhm ag Iarscríbhinn IA, Cuid B, Táblaí 116 go 118, fonótaí 1, ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí an dáta a thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás fíogaigh ghobacha, cibé acu is túisce;
(l)Beidh feidhm ag Iarscríbhinn IK ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 30 Samhain 2025, sna cásanna a shonraítear san Iarscríbhinn sin;
(m)Beidh feidhm ag Iarscríbhinní IM agus XI ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026;
(n)Beidh feidhm ag Iarscríbhinn II ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 31 Eanáir 2026;
(o)na teorainneacha gabhála agus iarrachta arna socrú leis an Rialachán seo le haghaidh na bliana 2025 agus, i gcás ina sonraítear sa Rialachán seo, le haghaidh na bliana 2026 freisin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu in 2026, agus i gcás inarb ábhartha in 2027, go heisiach chun na gcríoch seo a leanas:
(i)malartuithe de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(ii)asbhaintí agus ath-chionrannta de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(iii)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; agus
(iv)asbhaintí de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán