Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0481

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme (2025-2030) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

COM/2024/481 final

An Bhruiséil,17.10.2024

COM(2024) 481 final

2024/0264(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme (2025-2030) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, an 22 Aibreán 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm go sealadach an dáta sin i gcomhréir le hAirteagal 15 de. Beidh feidhm aige go ceann 6 bliana ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh agus féadfar é a athnuachan go hintuigthe go ceann tréimhsí breise 6 bliana agus, dá bhrí sin, tá sé i bhfeidhm go fóill. An Prótacal Cur Chun Feidhme 4 bliana atá ann faoi láthair agus a ghabhann leis an gComhaontú, cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ó thráth a shínithe an 22 Aibreán 2021 agus rachaidh sé in éag tar éis 4 bliana an 21 Aibreán 2025, i gcomhréir le hAirteagal 13 de.

An 13 Meitheamh 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh Prótacal nua (dá ngairtear ‘an Prótacal nua’ anseo feasta) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe.

Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ábhartha 1 , rinne an Coimisiún caibidlíocht le Rialtas na Graonlainne maidir le prótacal nua cur chun feidhme a ghabhfaidh leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích. Is é an cuspóir atá ann cead a thabhairt do shoithí de chuid an Aontais rochtain a fháil ar limistéar iascaireachta na Graonlainne agus iascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill (an trosc, an phéirse mhara, an haileabó, an séacla, an gránádóir) agus ar speicis pheiligeacha bheaga (an caibeallán). De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha le téacs nua an Phrótacail Cur Chun Feidhme an 20 Meán Fómhair 2024. Leis an bPrótacal nua, cumhdaítear tréimhse 6 bliana ó dháta an chur i bhfeidhm shealadaigh a leagtar síos in Airteagal 12.

Is é is cuspóir don Phrótacal nua deiseanna iascaireachta a dheonú do shoithí de chuid an Aontais sna limistéir iascaireachta atá suite in uiscí na Graonlainne, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch agus le moltaí na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha (NAFO, NEAFC). Déantar foráil sa Phrótacal nua maidir leis na deiseanna iascaireachta seo a leanas:

Troisc i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM: 2 050 tona in aghaidh na bliana

Péirsí mara peiligeacha (REB) i bhFolimistéir XII, XIV CITM agus in 1F NAFO: 0 tona in aghaidh na bliana

Péirsí mara grinnill (RED) i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM: 2 100 tona in aghaidh na bliana

Haileabónna Graonlannacha i bhFolimistéar 1 NAFO – Ó Dheas ó 68° ó Thuaidh 1 900 tona in aghaidh na bliana

Haileabónna Graonlannacha i bhFolimistéir II, V, XII & XIV CITM: 4 775 thona in aghaidh na bliana

Séaclaí Artacha i bhFolimistéar 1 NAFO: 2 431 in aghaidh na bliana

Séaclaí Artacha i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM 4 150 in aghaidh na bliana

Caibealláin i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM: 13 000 tona in aghaidh na bliana

Ronnaigh i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM: 0 tona in aghaidh na bliana

Socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh péirsí mara peiligeacha ag 0 tona mar gheall ar an gcomhairle eolaíoch dhiúltach maidir le staid na stoc agus i gcás Ronnach, toisc nach ann do shocrú comhroinnte réigiúnach.

Cuspóir eile is ea feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus an Ghraonlainn tríd an gcreat comhpháirtíochta don Chomhaontú a chur chun feidhme chun beartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú freagrach acmhainní iascaigh in uiscí na Graonlainne a chur chun cinn, ar mhaithe leis an dá Pháirtí.

Is é is cuspóir don togra seo go n‑údaróidh an Chomhairle síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail nua.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é is príomhaidhm don Phrótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú creat cothrom le dáta a sholáthar lena gcuirtear san áireamh tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh agus an ghné sheachtrach. Cuideoidh sé sin leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn a choinneáil ar bun agus a neartú.

Leis an bPrótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais. Tá sé bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar na moltaí a rinne NAFO, NEAFC agus CITM.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis a chaibidliú, is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh an méid sin a bhaineann le Tíortha agus Críocha thar lear (OCTanna).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(2) CFAE an bunús dlí, lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh, agus Airteagal 218(5) CFAE, lena bhforáiltear go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n‑údaraítear síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas agus tríú tíortha agus, más gá, a chur i bhfeidhm sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Prótacal, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, mar a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Tá sé i gcomhréir leis na forálacha sin chomh maith leis na forálacha maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2024, rinne an Coimisiún conradh le comhairleoir neamhspleách chun staidéar meastóireachta ex post agus ex ante 2 a dhéanamh. Ar bhonn an staidéir meastóireachta sin, rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an bPrótacal Cur Chun Feidhme atá ann faoi láthair agus rinne sé meastóireacht ex ante ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an mbealach chun cinn. Leagtar amach conclúidí na meastóireachtaí ex post agus ex ante sin i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 3 .

Sa mheastóireacht ex post sa doiciméad inmheánach oibre, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an Prótacal Cur Chun Feidhme atá ann faoi láthair éifeachtach ar an iomlán maidir lena chuspóirí a bhaint amach, agus go raibh gá le feabhas a chur ar réimsí áirithe. I ndáil leis sin, is spéis le cabhlach an Aontais i gcónaí rochtain a fháil ar limistéir iascaireachta na Graonlainne chun straitéisí saothraithe a úsáid faoi chreat ilbhliantúil, rud a fhágann go bhfuil gá áirithe le hailíniú a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta bunaithe ar chomhairle eolaíoch ó chabhlach an Aontais. Maidir le gné na tacaíochta earnála, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid (i) gur chuidigh na cistí tacaíochta earnála le taighde eolaíoch agus acmhainneachtaí riaracháin na Graonlainne a neartú, agus (ii) gur rannchuidigh siad le rialachas feabhsaithe na n‑aigéan sa Ghraonlainn.

Sa mheastóireacht ex ante ar an doiciméad inmheánach oibre, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an chaibidlíocht maidir le prótacal cur chun feidhme nua, le roinnt coigeartuithe, chun leasa an Aontais agus na Graonlainne araon. I dtaca le Rialtas na Graonlainne, trí phrótacal cur chun feidhme nua a chaibidliú, áiritheofar comhar leanúnach leis an Aontas maidir le rialachas na n‑aigéan a neartú trí na cistí tiomnaithe tacaíochta earnála faoi chreat ilbhliantúil.

Ó thaobh an Aontais de, tá sé tábhachtach ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear dlúthchomhar earnála le tír ar mór-chomhpháirtí í, ar soláthróir táirgí iascaigh don Aontas í, ar soláthraí deiseanna iascaireachta í a úsáidtear le haghaidh babhtálacha le tíortha eile i dTuaisceart na hEorpa (is é sin, an Iorua) agus ar páirtí leasmhar í ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfuil meánna iascaireachta aici ar díol spéise iad do chabhlach an Aontais.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheastóireacht chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe ar an tionscal, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta idirnáisiúnta agus ionadaithe ar shochaí shibhialta na Graonlainne. Reáchtáladh comhairliúchán freisin faoi chuimsiú na Comhairle Comhairlí Fadraoin. Dealraíonn sé ó na comhairliúcháin sin gur chun leasa an Aontais agus na Graonlainne é ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear comhar domhain earnála, le deiseanna cistiúcháin ilbhliantúla don Ghraonlainn. I dtaca le húinéirí soithí de chuid an Aontais, is chun a leasa é rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta a choinneáil ar bun trí chomhaontú in earnáil an iascaigh.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante , i gcomhréir le forálacha Airteagal 31(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

·Cearta bunúsacha

Sa Phrótacal a caibidlíodh, tá clásal maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le sárú a dhéanamh ar na gnéithe bunriachtanacha a bhaineann le cearta an duine mar a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá ranníocaíocht airgeadais bhliantúil EUR 17 296 857 ón Aontas bunaithe ar an méid seo a leanas:

a) méid bliantúil a íoctar as rochtain ar acmhainní iascaigh le haghaidh na gcatagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 14 096 857 ar feadh thréimhse an Phrótacail;

(b) tacaíocht le haghaidh fhorbairt beartais earnála iascaigh na Graonlainne arb é atá inti EUR 3 200 000 in aghaidh na bliana ar feadh thréimhse an Phrótacail. Comhlíonann an tacaíocht sin cuspóirí bheartas náisiúnta na Graonlainne maidir le bainistiú inbhuanaithe a n‑acmhainní iascaigh muirí ar feadh thréimhse iomlán an Phrótacail.

Leis an tacaíocht sin, comhlíontar cuspóirí an chomhair i réimsí an tsaothraithe inbhuanaithe acmhainní iascaigh, an dobharshaothraithe, fhorbairt inbhuanaithe na n‑aigéan, chosaint na muirthimpeallachta agus an gheilleagair ghoirm.

Déantar an méid bliantúil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhunú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena náirítear an líne chúltaca le haghaidh prótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana 4 .

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus sa Phrótacal nua.

2024/0264 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme (2025-2030) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), arna fhormheas le Cinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 5 , tháinig sé i bhfeidhm an 18 Feabhra 2022. An Prótacal a ghabhann leis, lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, rachaidh sé in éag an 21 Aibreán 2025.

(2)An 13 Meitheamh 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Rialtas na Graonlainne (‘an Ghraonlainn’) agus le Rialtas na Danmhairge chun Prótacal Cur Chun Feidhme nua a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích.

(3)Tá prótacal nua cur chun feidhme de chuid an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta seo (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta) caibidlithe ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta). Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal Cur Chun Feidhme nua an 20 Meán Fómhair 2024.

(4)Is iad cuspóirí an Phrótacail é a chur ar a gcumas do shoithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus é a chur ar a chumas don Aontas agus don Ghraonlainn comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Graonlainne a chur chun cinn a thuilleadh. Leis an gcomhar sin rannchuideofar le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(6)I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus an ghá atá ann an tréimhse ama a chuirfear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart an Prótacal seo a chur i bhfeidhm go sealadach.

(7) I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Prótacal, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(8) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 agus thug sé tuairim uaidh an [dáta],

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo síniú an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (‘an Prótacal’) a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin.

Cuirfear téacs an Phrótacail atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal, i gcomhréir le hAirteagal 12 de, ó dháta a shínithe, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an [...]

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach sin a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

08 – Talmhaíocht agus Beartas Muirí

08.05 – Comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí iascaigh inbhuanaithe agus eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh

08.05.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 7

 síneadh ar bheart atá ann cheana

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.

Leis na comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe, áirithítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an comhbheartas iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile amhail úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe, comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe sna gnéithe uile a bhaineann leis, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar iascaigh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.º1

Rannchuidiú le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach uiscí de chuid an Aontais iad, láithreacht Eorpach a choinneáil ar bun in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh na hEorpa agus tomhaltóirí a chosaint trí idirbheartaíocht agus comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a thabhairt i gcrích le Stáit chósta, i gcomhréir le beartais Eorpacha eile.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Le tabhairt i gcrích Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe, is féidir leanúint den chomhpháirtíocht iascaigh straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Graonlainne agus í a threisiú. Le tabhairt i gcrích an Phrótacail, cruthófar deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne.

Leis an bPrótacal, rannchuideofar leis na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú freisin, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar iascaireacht neamhdhleathach agus comhrac ina coinne, agus tacaíocht a thabhairt don earnáil iascaigh ar mionscála.

Ar deireadh, rannchuideoidh an Prótacal le geilleagar muirí na Graonlainne trí fhás a bhaineann le gníomhaíochtaí muirí agus saothrú inbhuanaithe a hacmhainní muirí a chur chun cinn.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).

Sonraí gabhála (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.

Rannchuidiú le poist a chruthú agus dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh, breisluach a chruthú san Aontas agus margadh an Aontais a chobhsú (go comhiomlán le comhaontuithe comhpháirtíochta eile maidir le hiascaigh inbhuanaithe).

Rannchuidiú leis an tír chomhpháirtíochta chun feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascaigh ar mionscála.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an bprótacal nua cur chun feidhme ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe, ionas go n‑íoslaghdófar aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta mar gheall ar dhul in éag an Phrótacail atá ann faoi láthair.

Leis an bPrótacal nua cuirfear creat ar fáil do ghníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus cuirfear ar a gcumas d’úinéirí soithí de chuid an Aontais iarratas a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta chun dul i mbun iascaireachta sa limistéar sin. Ina theannta sin, leis an bPrótacal nua, cuirfear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn d’fhonn forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe sna gnéithe uile a bhaineann leis a chur chun cinn. Foráiltear leis, go háirithe, maidir le faireachán a dhéanamh ar shoithí trí chóras um fhaireachán soithí agus maidir le sonraí gabhála a tharchur go leictreonach. Leis an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal, cuideofar le Rialtas na Graonlainne i gcomhthéacs a straitéise náisiúnta um iascach agus geilleagar muirí, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí iascaireachta.

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach sin a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Mura gcomhaontóidh an tAontas Prótacal nua, ní fhéadfaidh soithí de chuid an Aontais leanúint dá ngníomhaíochtaí iascaireacht ós rud é go bhfuil clásal sa Chomhaontú atá ann faoi láthair lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear le prótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise le haghaidh chabhlach fadraoin an Aontais Eorpaigh an‑soiléir. Leis an bPrótacal, cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus Rialtas na Graonlainne.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Na cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtain faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe, is ioncam inmhalartaithe iad i mbuiséad náisiúnta na Graonlainne. Mar sin féin, déantar cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála a chionroinnt (go ginearálta trína dtabhairt isteach sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as iascach, mar choinníoll chun Comhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a chur i gcrích agus faireachán a dhéanamh orthu. Tá na hacmhainní airgeadais sin comhoiriúnach le foinsí cistithe eile ó sholáthraithe eile cistithe idirnáisiúnta chun tionscadail agus/nó cláir a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta san earnáil iascaigh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Ní bhaineann le hábhar

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní bhaineann le hábhar

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X fad teoranta

X    I bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 bliana ó dháta an tsínithe

X    Tionchar airgeadais ar feadh tréimhse 6 bliana ó dháta an tsínithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar feadh tréimhse 6 bliana agus 6 mhí ó dháta an tsínithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 Tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 8

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X a dhéanann a ranna, lena náirítear a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais;

   a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh do na grúpaí seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa chomhbheartas eachtrach agus slándála de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfaidh an Coimisiún (AS MARE) faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir leis an úsáid a bhainfidh oibreoirí as deiseanna iascaireachta, ar shonraí gabhála agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.

Ina theannta sin, sa Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe, déantar foráil maidir le cruinniú le haghaidh an Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus ina ndéanfaidh an Coimisiún agus an Ghraonlainn athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail agus, más gá, na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear íocaíochtaí chun feidhme ar bhealach díchúpláilte a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht le haghaidh rochtana agus an ranníocaíocht le haghaidh tacaíocht earnála.

Déanfar na híocaíochtaí le haghaidh rochtana ar bhonn bliantúil ar dháta comórtha an Phrótacail, seachas sa chéad bhliain, nuair a dhéanfar an íocaíocht sna 3 mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh. Déanfar rochtain ar shoithí a rialú trí údaruithe iascaireachta a eisiúint.

Íocfar an tacaíocht den chéad uair laistigh de 3 mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh, faoi réir an chomhaontaithe ar chlár chur chun feidhme bliantúil agus ilbhliantúil; i gcás na mblianta ina dhiaidh sin, beidh sé coinníollach ar na torthaí a bhainfear amach. Déanfar faireachán ar na torthaí a bhainfear amach agus ar an ráta cur chun feidhme de réir na dTreoirlínte maidir le Tacaíocht Earnála a Chur Chun Feidhme do Bheartas Iascaigh na Graonlainne atá le comhaontú ag na Páirtithe, ar bhonn tuarascálacha nó fianaise dhoiciméadach arna soláthar ag an tír chomhpháirtíochta agus iniúchtaí teicniúla a dhéanann an attaché iascaigh.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is é an riosca a aithníodh tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais agus tearc-úsáid nó úsáid mhoillithe ag an nGraonlainn as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú. Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clársceidealú agus cur chun feidhme an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal, mar chuid de na modhanna rialaithe sin freisin. Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal maidir lena gcur ar fionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá íocaíocht na gcostas rochtana faoi chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe faoi réir seiceálacha arb é is aidhm dóibh comhlíonadh forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta a áirithiú. Tá seiceálacha a bhaineann le tacaíocht earnála dírithe ar fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na tacaíochta sin. Is iad baill foirne an Choimisiúin a dhéanfaidh an faireachán i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus le linn cruinnithe Comhchoistí. Úsáidtear maitrís chlársceidealaithe ilbhliantúil chun dul chun cinn a mheas. Mura bhfuil dul chun cinn leordhóthanach ann, cuirfear íocaíocht an chéad tráinse eile ar fionraí nó b’fhéidir go laghdófaí é. Meastar gur 1.8 % costas foriomlán na seiceálacha ar na comhaontuithe comhpháirtíochta uile maidir le hiascaigh inbhuanaithe. Tá na nósanna imeachta maidir le seiceálacha ar chomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe bunaithe go príomha ar cheanglais rialála bhunriachtanacha. Mura mbraitear aon easnamh a d’fhéadfadh tionchar nach beag a imirt ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais, meastar go bhfuil na seiceálacha éifeachtach. Meastar gurb é 0,0 % an meánráta earráide.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Geallann an Coimisiún go mbunófar idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta leis an nGraonlainn d’fhonn feabhas a chur ar bhainistiú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail, agus rannchuidiú an Aontais i leith bainistiú acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi CCII, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséadacha agus airgeadais an Choimisiúin a dhéantar í. Go sonrach, sainaithnítear go hiomlán cuntais bhainc na dtríú tíortha ina n‑íoctar an ranníocaíocht airgeadais. Foráiltear le hAirteagal 6, mír 6, den Phrótacal nach mór an ranníocaíocht airgeadais a bhaineann le rochtain a íoc isteach i gcuntas Státchiste Poiblí agus nach mór an ranníocaíocht airgeadais atá beartaithe chun an earnáil a fhorbairt a íoc isteach i gcuntas oifigiúil atá faoi mhaoirseacht na hAireachta atá freagrach as an iascach agus na hAireachta atá freagrach as airgeadas.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 

LD/LN 9 .

ó thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa 10

ó thíortha is iarrthóirí 11

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha

08.05.01

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 

LD/LN

ó thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí.

X    Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil 

Uimh. 2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

AS MARE

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Bliain
N+4

Bliain
N+5

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 12 08.05.01

Gealltanais

(1a)

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

Íocaíochtaí

(2a)

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 13

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe le haghaidh AS MARE

Gealltanais

=1a+1b +3

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781




IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

Íocaíochtaí

(5)

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

□IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+6

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

Íocaíochtaí

=5+6

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781





Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil 

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Bliain
N+4

IOMLÁN

AS MARE

□ Acmhainní daonna

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS MARE

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Bliain
N+4

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Bliain
2028

Bliain

2029

Bliain

2030

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál

Meánchostas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH

- Rochtain

14.096

14.096

14.096

14.096

14.096

14.096

84.581

- Tacaíocht earnála

3.200

3.200

3.200

3.200

3.200

3.200

19.200

Fo-iomlán le haghaidh cuspóir sonrach

IOMLÁIN

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

17.296

103.781

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 14 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Ceanglais mheasta na nacmhainní daonna

X    Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

□ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha: Coibhéisí lánaimseartha) 15

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   16

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is éard atá in XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe


3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 17

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena núdaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích EUR-Lex - 52024PC0199 - GA - EUR-Lex (europa.eu)  
(2)    Staidéar meastóireachta ex post agus ex ante ar phrótacal 2021-2024 agus ar phrótacal cur chun feidhme nua a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, Staidéar meastóireachta ex post agus ex ante ar phrótacal 2021-2024 agus ar phrótacal cur chun feidhme nua a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu)
(3)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn, EUR-Lex - 52024SC0129 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(4)    I gcomhréir le pointe 20 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha (IO L 433I, 22.12.2020)
(5)    Cinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (IO L 418, 24.11.2021, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2043/oj
(6)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj
(7)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(8)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/FR/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(9)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(10)    Comhlachas Saorthrádála na hEorpa: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(11)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(12)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(15)    AC = foireann conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(16)    Fo-uasteorainneacha d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(17)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin bainte astu.
Top

An Bhruiséil,17.10.2024

COM(2024) 481 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme (2025-2030) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile


IARSCRÍBHINN

PRÓTACAL

lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

       Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir an Phrótacail seo forálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach (an tAontas), agus Rialtas na Graonlainne (an Ghraonlainn) agus Rialtas na Danmhairge a chur chun feidhme. Sa Phrótacal seo tá Iarscríbhinn agus Foscríbhinní, a bheidh ina gcuid dhílis den Chomhaontú seo.

Airteagal 2

Deiseanna iascaireachta táscacha agus an próiseas chun a leibhéal bliantúil a shocrú

1. Tugann údaráis inniúla na Graonlainne údarú do shoithí de chuid an Aontais chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhair na speiceas agus na limistéar bainistíochta faoi seach atá liostaithe thíos de réir an leibhéil tháscaigh bhliantúil a leanas (i dtonaí):

Speiceas agus limistéir bainistíochta faoi seach in EEZ na Graonlainne lasmuigh de 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne

Deiseanna Táscacha

Troisc i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM

2 050

Péirsí mara peiligeacha (REB) i bhFolimistéir XII agus XIV CITM agus in 1F NAFO, mura ndéantar iascaireacht orthu faoi scéim solúbthachta i ndáil le péirsí mara peiligeacha in Aguisín 5 a ghabhann leis an Iarscríbhinn

0 1

Péirsí mara grinnill (RED) 2 i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM

2 100

Haileabónna Graonlannacha i bhFolimistéar 1 NAFO – Ó Dheas ó 68° ó Thuaidh

1 900

Haileabónna Graonlannacha i bhFolimistéir II, V, XII & XIV CITM 3  

4 775

Séaclaí Artacha i bhFolimistéar 1 NAFO

2 431

Séaclaí Artacha i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM

4 150

Caibealláin i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM 4  

13 000

Ronnaigh i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM

0

Gránádóirí spp. i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM 5

100

Gránádóirí spp. i bhFolimistéar 1 NAFO

100

Foghabháil

300

2. Le haghaidh gach bliana ar feadh thréimhse an Phrótacail agus tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig sa bhliain roimhe sin, glacfaidh an Comhchoiste leibhéal iarbhír na ndeiseanna iascaireachta i gcomhair na speiceas atá liostaithe thuas, bunaithe ar an leibhéal táscach a leagtar amach i mír 1 agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, na pleananna bainistíochta ábhartha a ghlacann Rialtas na Graonlainne nó Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh, an cur chuige réamhchúraim agus riachtanais thionscal iascaireachta na Graonlainne.

(a) Más rud é go bhfuil na deiseanna iascaireachta iarbhír le haghaidh speicis áirithe níos ísle ná mar a léirítear i mír 1, féadfaidh an Comhchoiste deiseanna iascaireachta eile a thabhairt mar chúiteamh sa bhliain chéanna. Mura ndéantar aon chúiteamh a chomhaontú, déanfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta i gcoibhneas leis na deiseanna iascaireachta táscacha in Airteagal 2(1).

(b) Má tá na deiseanna iascaireachta iarbhír níos mó ná mar a léirítear i mír 1, déanfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú go comhréireach.

3. Sa bhreis ar an bpróiseas bliantúil a dtugtar tuairisc air i mír 2, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), d’fhéadfadh an Ghraonlainn deiseanna iascaireachta breise i ndáil leis na speicis a liostaítear i mír 1 a thairiscint agus d’fhéadfadh an tAontas iad a ghlacadh i bpáirt nó go hiomlán. Sna himthosca sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar na deiseanna iascaireachta breise agus déanfaidh sé an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú go comhréireach. Tabharfaidh údaráis inniúla an Aontais freagra don Ghraonlainn tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis dóibh an tairiscint a fháil.

4. Bainistiú na foghabhála

Cloífidh soithí de chuid an Aontais a oibríonn in EEZ na Graonlainne leis na rialacha is infheidhme maidir le foghabháil, le haghaidh speicis rialáilte agus neamhrialáilte araon agus maidir le hoibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(a)

Is é an sainmhíniú a thugtar ar fhoghabhálacha gabhálacha de gach orgánach muirí beo i gcás nach luaitear iad mar spriocspeicis ar údarú iascaireachta an tsoithigh nó nach gcomhlíontar na híoscheanglais méide leo.

Is éard atá sa teorainn foghabhála ráta 5 % in iascaigh séaclaí Artacha agus 10 % in iascaigh eile.

Ní thugtar aon údarú iascaireachta sonrach maidir le foghabhálacha.

(b)

Ní mór na gabhálacha uile, lena n‑áirítear foghabhálacha agus ábhair mhuirí aischurtha, a thaifeadadh agus a thuairisciú de réir an speicis i gcomhréir le Reachtaíocht na Graonlainne is infheidhme.

(c)

Ní íocfar aon táille údaraithe iascaireachta sonrach i ndáil le foghabhálacha, ós rud é gur socraíodh na táillí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le spriocspeicis agus na rialacha a bhaineann le foghabhálacha údaraithe á gcur san áireamh.

(d) Sa bhreis ar na rátaí agus rialacha foghabhála a luaitear faoi phointí (a) go (c) thuas, agus gan dochar dóibh sin, cuirfidh soithí de chuid an Aontais straitéisí iascaireachta chun feidhme chun a áirithiú nach bhfuil foghabhálacha péirsí mara agus trosc in iascaigh atá dírithe ar haileabónna Graonlannacha, agus foghabhálacha péirsí mara agus haileabónna Graonlannacha in iascaigh atá dírithe ar throsc agus foghabhálacha trosc agus haileabónna Graonlannacha in iascaigh atá dírithe ar phéirsí mara níos mó ná 5 % de na gabhálacha údaraithe i ndáil leis na spriocspeicis in aghaidh an turais. Is éard atá i dturas an tréimhse ón tráth a théann na soithí isteach in EEZ na Graonlainne go dtí an tráth a imíonn siad uaidh. I gcás ina ndéantar soitheach a dhíluchtú go hiomlán i gcalafort de chuid na Graonlainne, caithfear le gabhálacha ina dhiaidh sin mar thuras nua.

Airteagal 3

Ranníocaíocht airgeadais — Modhanna íocaíochta

1. Maidir leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 13 den Phrótacal seo, is éard a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú EUR 17 296 857 in aghaidh na bliana.

2. Cuimseofar leis an ranníocaíocht airgeadais an méid seo a leanas:

(a)

méid bliantúil EUR 14 096 857 i ndáil le rochtain a fháil ar EEZ na Graonlainne faoi réir Airteagail 2(2) agus (3), agus Airteagal 7;

(b)

méid sonrach EUR 3 200 000 in aghaidh na bliana chun tacú le beartas iascaigh earnála na Graonlainne agus chun é a chur chun feidhme.

3. Ní bheidh méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais a íocfaidh an tAontas níos mó ná dhá oiread an mhéid a léirítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

4. Íocfaidh an tAontas an méid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2 tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná an 1 Márta sna blianta ina dhiaidh sin. Íocfaidh an tAontas an méid sonrach a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh sna blianta ina dhiaidh sin.

5. Beidh lánrogha ag údaráis na Graonlainne maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais mar a shonraítear i bpointe (a) de mhír 2.

6. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach i gcuntas Cisteáin Phoiblí a osclófar le hinstitiúid airgeadais a shonraíonn údaráis na Graonlainne.

Airteagal 4

Tacaíocht earnála

1. Beidh an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) ar leithligh ó na híocaíochtaí i ndáil le costais rochtana. Cinnfear an ranníocaíocht airgeadais de réir chuspóirí bheartas earnála iascaigh na Graonlainne, a sainaithneoidh an Comhchoiste, a bheith bainte amach agus braithfidh sí ar an méid sin, agus i bhfianaise an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

2. Chomh luath a thiocfaidh an Prótacal sin i bhfeidhm, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta sin, déanfaidh an Comhchoiste clár earnála ilbhliantúil a chomhaontú, mar aon le rialacha cur chun feidhme mionsonraithe lena gcumhdófar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

treoirlínte bliantúla agus ilbhliantúla maidir leis an gcuid den ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a úsáid i gcomhair na dtionscnamh atá le comhlíonadh gach bliain;

(b)

na cuspóirí, idir chuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla, atá le baint amach d’fhonn a áirithiú go leanfar, le himeacht ama, le hiascaireacht fhreagrach agus iascaigh inbhuanaithe, bunaithe ar thosaíochtaí bheartas iascaigh náisiúnta na Graonlainne agus beartais eile a bhaineann le leanúint le hiascaireacht fhreagrach agus iascaigh inbhuanaithe nó a bhfuil tionchar orthu ar an méid sin;

(c)

na critéir agus na nósanna imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear gach bliain.

3. Ní mór aon leasú atá molta ar an gclár earnála ilbhliantúil a bheith comhaontaithe ag an gComhchoiste.

4. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar thorthaí na tacaíochta earnála agus ar na riachtanais arna n‑aithint le linn an chlársceidealaithe. Féadfaidh an tAontas íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí sin a chur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán:

(a)

mura bhfuil na torthaí a fhaightear comhsheasmhach leis an gclársceidealú, tar éis meastóireachta arna déanamh ag an gComhchoiste;

(b)

mura gcuirtear an ranníocaíocht airgeadais sin chun feidhme i gcomhréir leis an gclársceidealú a chomhaontaítear.

I gcás fhionraí na híocaíochta, ceanglaítear ar an Aontas fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí.

Cuirfear tús leis an ranníocaíocht airgeadais a íoc arís tar éis do na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú, agus/nó i gcás ina bhfuil údar leis sin de réir thorthaí an chur chun feidhme airgeadais dá dtagraítear i mír 5.

(c) i gcás ina gcuirtear an prótacal ar fionraí de réir Airteagal 8 déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí lena linn.

5. Tá an Comhchoiste freagrach as gníomh leantach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chláir ilbhliantúil um thacaíocht earnála. Más gá, leanfaidh an dá Pháirtí an gníomh leantach sin tríd an gComhchoiste, tar éis don Phrótacal dul in éag go dtí go mbainfear leas iomlán as an gcontrapháirtí airgeadais sonrach a bhaineann leis an tacaíocht earnála atá beartaithe i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

Airteagal 5

Comhar eolaíoch

Geallann an dá Pháirtí go gcuirfidh siad comhar chun cinn a mhéid a bhaineann le hiascaireacht, lena n‑áirítear ar leibhéal réigiúnach, go háirithe laistigh de NEAFC agus NAFO agus aon chomhlacht foréigiúnach nó idirnáisiúnta eile lena mbaineann. Féadfaidh an Comhchoiste breathnú ar an mbealach is fearr chun a áirithiú go ndéanfar saothrú inbhuanaithe ar acmhainní iascaigh, i gcomhréir leis na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta ábhartha.

Airteagal 6

Iascaigh Thurgnamhacha

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar, lena n‑áirítear faoi chuimsiú Airteagal 4, chun iascaigh thurgnamhacha inbhuanaithe a chur chun feidhme i ndáil le speicis agus stoic nach gcuirtear san áireamh in Airteagal 2(1) tríd an bpróiseas a léirítear i gCaibidil VI den Iarscríbhinn agus gan tionchar a bheith aige sin ar ranníocaíocht airgeadais an Aontais mar a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

 Airteagal 7

Deiseanna iascaireachta nua

1. Is éard atá i ndeiseanna iascaireachta nua na deiseanna iascaireachta i gcomhair speiceas agus limistéir bainistíochta faoi seach atá le cuimsiú in Airteagal 2(1), faoi réir méadú comhréireach sa chuid sin den ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

2. Nuair a léiríonn ceachtar Páirtí spéis i ndeis iascaireachta nua a chur san áireamh in Airteagal 2(1), déanfaidh an Comhchoiste é a bhreithniú bunaithe ar Dhlíthe agus Rialacháin na Graonlainne, ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, ar riachtanas thionscal iascaireachta na Graonlainne, agus ar an gcur chuige réamhchúraim. Beidh deiseanna iascaireachta nua faoi réir an phróisis a luaitear in Airteagal 2(2) agus (3) ina dhiaidh sin. Socróidh an Comhchoiste an praghas tagartha do na speicis nua freisin, chomh maith leis na táillí údaraithe a chuirfear i bhfeidhm go dtí dáta éaga an Phrótacail seo.

Airteagal 8

An Prótacal a chur ar fionraí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais

1. Féadfar cur i bhfeidhm an Phrótacail seo, lena n‑áirítear íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais, a chur ar fionraí, nó a athbhreithniú amhail an ranníocaíocht airgeadais, ar thionscnamh ceachtar den dá Pháirtí faoi cheann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina dtagann cásanna chun cinn, seachas feiniméin nádúrtha, atá lasmuigh de rialú réasúnach na bPáirtithe agus ar cásanna iad de chineál a choisceann gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne; nó

(b)

i gcás ina n‑iarrann aon cheann de na Páirtithe athbhreithniú ar na forálacha d’fhonn leasú féideartha a dhéanamh ar an bPrótacal, mar thoradh ar athruithe suntasacha sna treoirlínte beartais as ar eascair cur i gcrích an Phrótacail seo; nó

(c)

i gcás ina dtarlaíonn díospóid thromchúiseach neamhréitithe laistigh den earnáil iascaigh idir na Páirtithe agus/nó maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an chomhaontaithe; nó

(d)

i gcás ina bhfionnann ceachtar den dá Pháirtí sárú ar chearta bunúsacha mar a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach.

Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo má tharlaíonn an sárú in aon limistéar freagrachta nó réimse inniúlachta nach bhfuil freagrachtaí foirmiúla nó inniúlachtaí foirmiúla ag Rialtas na Graonlainne ann, de thoradh stádas na Graonlainne mar chuid fhéinrialaitheach de Ríocht na Danmhairge.

2. Féadfaidh an tAontas íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de sin.

3. I gcás ina gcuirtear cur i bhfeidhm an Phrótacail seo ar fionraí, lena n‑áirítear íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais, ceanglófar ar an bPáirtí lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí, ach amháin i gcásanna lena mbaineann práinn ar leith.

4. Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm arís, lena n‑áirítear an ranníocaíocht airgeadais a íoc, a luaithe a réiteofar an cás tar éis gníomhaíochtaí chun na cúinsí thuasluaite a mhaolú agus tar éis don dá Pháirtí dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú a dhéanamh. Déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí lena linn.

Airteagal 9

Foirceannadh

Tar éis foirceannadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2) den Chomhaontú, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Phrótacal don bhliain ina gcuirtear an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis.

Airteagal 10

Dlíthe agus Rialacháin Náisiúnta

1. Beidh gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge agus iad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí soithí de chuid an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal nó faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

2. Cuirfidh an Ghraonlainn an tAontas ar an eolas faoi aon athrú nó aon reachtaíocht nua is ábhartha maidir le soithí eachtracha a dhéanann iascaireacht in EEZ na Graonlainne in am trátha sula dtagann an t‑athrú sin nó an reachtaíocht nua i bhfeidhm. Féachfaidh an Ghraonlainn le fógra a thabhairt, aon uair is féidir, faoi athruithe ar an reachtaíocht 3 mhí ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme iad.

Airteagal 11

Cosaint Sonraí

1. Áiritheoidh na Páirtithe go n‑úsáidfidh an t‑údarás inniúil na sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú chun an Comhaontú Iascaigh a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistíocht agus taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht.

2. Maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sonraí pearsanta a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar sonraí iad a fuarthas faoin gComhaontú, mar aon le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann le córais chumarsáide a úsáideann an tAontas, geallann na Páirtithe go n‑áiritheoidh siad go bpléifear leo mar fhaisnéis atá rúnda. Féadfar sonraí a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta faoin gComhaontú seo, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a fhoilsiú mar a cheanglaítear leis an dlí, go háirithe § 52 i nGníomh Uimh. 29 an 23 Bealtaine 2024 um Iascach, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le hoibríochtaí iascaireachta. Beidh feidhm ag an dlí sin ar bhealach neamh‐idirdhealaitheach maidir leis na soithí uile a dhéanann iascaireacht in EEZ na Graonlainne.

3. Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil le hábhar na sonraí.

4. Déanfar sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú a phróiseáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo. Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna breise maidir le sonraí pearsanta agus cearta na ndaoine lena mbaineann a leagan síos.

5. Na sonraí a mhalartaítear faoin gComhaontú, leantar dá bpróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Foscríbhinn 6, fiú tar éis don Phrótacal seo dul in éag.

Airteagal 12

Iarratas Sealadach

Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ón dáta a síneoidh an dá Pháirtí é.

Airteagal 13

Fad tréimhse

Beidh feidhm ag an bPrótacal agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar feadh tréimhse 6 bliana ón dáta a chuirtear tús lena chur i bhfeidhm sealadach.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Prótacal seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis i bhfeidhm ar an dáta a thugann na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.



IARSCRÍBHINN

NA COINNÍOLLACHA LENA RIALAÍTEAR GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS FAOIN bPRÓTACAL LENA gCUIRTEAR AN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA MAIDIR LE hIASCAIGH INBHUANAITHE CHUN FEIDHME IDIR AN tAONTAS EORPACH, DE PHÁIRT, AGUS RIALTAS NA GRAONLAINNE AGUS RIALTAS NA DANMHAIRGE, DEN PHÁIRT EILE

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Údarás inniúil a ainmniú

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus mura sonraítear a mhalairt, ciallaíonn údarás inniúil:

thar ceann an Aontais: An Coimisiún Eorpach

thar ceann na Graonlainne: Aireacht Iascaigh agus Fiaigh

2. Ciallaíonn údarú iascaireachta ceadúnas a eisítear i leith soitheach de chuid an Aontais lena dtugtar teideal dó dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha le linn tréimhse sonraí, i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Graonlainne mar a aithnítear i mír 3.

3. Limistéar iascaireachta

3.1. Beidh an t‑iascach laistigh de EEZ na Graonlainne mar a fhoráiltear i Rialachán Uimh. 1020 an 20 Deireadh Fómhair 2004 i gcomhréir le Foraithne Ríoga Uimh. 1005 an 15 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Teacht i bhFeidhm an Ghnímh maidir le Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha le haghaidh na Graonlainne lena gcuirtear i bhfeidhm Gníomh Uimh. 411 an 22 Bealtaine 1996 maidir le Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha.

3.2. Beidh an t‑iascach 12 mhuirmhíle ar a laghad ón mbonnlíne de réir § 13 Roinn 2 de Ghníomh Uimh. 29 an 23 Bealtaine 2024 um Iascach arna eisiúint ag Inatsisartut (Parlaimint na Graonlainne).

3.3. Sainmhínítear an bhonnlíne i gcomhréir le Foraithne Ríoga Uimh. 1004 an 15 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Leasú na Foraithne Ríoga i ndáil le Teorannú Uiscí críche na Graonlainne.

CAIBIDIL II

IARRATAS A DHÉANAMH AR ÚDARUITHE IASCAIREACHTA AGUS IAD A EISIÚINT

1. Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.1. Ní féidir an t‑údarú iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chomhaontú a dheonú ach d’úinéirí soithí ar soithí de chuid an Aontais iad agus atá ar chlár soithí iascaireachta an Aontais. Chun iascaireacht a dhéanamh faoin scéim solúbthachta i ndáil leis an bpéirse mhara pheiligeach, ní mór fógra faoi na soithí a thabhairt do NEAFC freisin i gcomhréir lena chuid rialacha. Thairis sin, ní bheidh siad ar liosta soithí NNN aon Eagraíochta Réigiúnaí Bainistithe Iascaigh.

1.2. Chun go mbeadh soitheach incháilithe, ní féidir cosc a bheith ar úinéir an tsoithigh, ar mháistir an tsoithigh ná ar an soitheach féin iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne. Beidh oibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú comhlíonta acu roimh ré, lena n‑áirítear sampláil eolaíoch de réir mar a cheanglaítear sna húdaruithe iascaireachta.

2. Iarratas ar údaruithe iascaireachta

2.1. Cuirfear iarratais agus údaruithe iascaireachta in iúl ar an mbealach seo a leanas go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí Córas Leictreonach Ceadúnas chun feidhme go comhpháirteach.

2.2. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais iarratas (comhchoiteann) faoi bhráid údarás inniúil na Graonlainne, ar bhealach leictreonach, i ndáil le húdaruithe iascaireachta soithí a fhéachann le hiascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú. Ba cheart an t‑iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm atá le fáil in Aguisín 1. Féadfaidh soithí de chuid an Aontais ar leis an longúinéir nó an gníomhaire céanna iad iarratas comhchoiteann a chur isteach ar údarú iascaireachta ar choinníoll go bhfuil bratach an Bhallstáit chéanna ar foluain ag na soithí sin go léir.

2.3. Ní mór cruthúnas a bheith in éineacht le gach iarratas ar údarú iascaireachta, lena gcruthaítear gur íocadh an táille i leith na speiceas agus na gcainníochtaí arna n‑iarraidh i gcomhréir le forálacha mhír 7 den Chaibidil seo.

2.4. Má mheasann údarás inniúil na Graonlainne go bhfuil iarratas neamhiomlán nó nár comhlíonadh na coinníollacha faoi mhíreanna 1, 2.2 agus 2.3, cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl d’údarás inniúil an Aontais a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh de 7 lá oibre ón dáta a fhaigheann an Ghraonlainn an t‑iarratas.

3. Údaruithe iascaireachta a eisiúint

3.1. Déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne an t‑údarú iascaireachta a tharchur go leictreonach chuig údarás inniúil an Aontais laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chuirtear an t‑iarratas isteach. Beidh an luach céanna ag an údarú iascaireachta a tharchuirfear go leictreonach agus atá ag an mbunchóip chun críocha an Phrótacail, na nIarscríbhinní agus na bhFoscríbhinní a ghabhann leis.

3.2. Léireofar i ngach údarú iascaireachta an chainníocht údaraithe a ghabhfar, chomh maith le haon teorainn/sonraíocht a d’fhéadfadh a bheith infheidhme, lena n‑áirítear speicis, criosanna geografacha nó doimhneachtaí (ach gan a bheith teoranta dóibh). In údarú iascaireachta a eiseofar faoi iarratas comhchoiteann, léireofar cainníocht iomlán na speiceas ar íocadh táille an údaraithe iascaireachta ina leith.

3.3. Ní mór an t‑údarú iascaireachta nó cóip de a choimeád ar bord i gcónaí agus a chur i láthair ar iarratas ó údarás inniúil na Graonlainne.

3.4 Eiseofar údarú iascaireachta chuig úinéir soithigh iascaireachta amháin, agus ní mór é a bheith luaite ann cé na soithí iascaireachta a bhfuil cead acu iascaireacht a dhéanamh faoin údarú sin. Ní bheidh údaruithe iascaireachta inaistrithe.

3.5. Ní féidir soitheach a oibriú ach ar údaruithe aon úinéara soithigh iascaireachta amháin ar aon turas iascaireachta.

4. Údaruithe iascaireachta a leasú

4.1. Beidh leasú ar aon cheann de na cainníochtaí nó coinníollacha údaraithe a léirítear san údarú iascaireachta/sna húdaruithe iascaireachta faoi réir iarratas nua.

4.2. Gan dochar do mhír 4.3, i gcás ina mbaineann an leasú ar an údarú iascaireachta le cainníochtaí arna ngabháil atá níos mó ná an méid a údaraíodh cheana féin, íocfaidh úinéir an tsoithigh táille a bheidh comhionann le trí oiread an mhéid dá bhforáiltear i mír 7.1, i ndáil leis an gcainníocht de bhreis ar an gcainníocht údaraithe. Ní eiseofar aon údarú iascaireachta nua chuig an soitheach sin go dtí go n‑íocfar na táillí a bhaineann leis na cainníochtaí breise.

4.3. I gcásanna eisceachtúla, nuair nach mbaintear úsáid iomlán as deiseanna iascaireachta an Aontais i gcomhair na speiceas ábhartha, agus ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta shoitheach de chuid an Aontais in EEZ na Graonlainne a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin bPrótacal, agus chun na críche sin amháin, más rud é gur cosúil go sáróidh an soitheach sin an chainníocht údaraithe, ansin tabharfaidh an Stát brataí fógra d’údarás inniúil na Graonlainne láithreach, agus seolfaidh sé cóip chuig údarás inniúil an Aontais, maidir lena rún iarratas foirmiúil a chur isteach ar údarú iascaireachta nua le haghaidh cainníochtaí breise den speiceas céanna. Ceadófar don soitheach leanúint ar aghaidh ag iascaireacht ar choinníoll go gcuireann an longúinéir cruthúnas gur íocadh na táillí ábhartha ar fáil d’údarás inniúil na Graonlainne laistigh de 24 uair an chloig ón bhfógra ón stát brataí agus ar choinníoll go gcuirtear an t‑iarratas comhfhreagrach ar údarú iascaireachta nua ar aghaidh chuig údarás inniúil na Graonlainne laistigh de 5 lá oibre ó dháta an fhógra ón stát brataí i gcomhréir leis an nós imeachta faoi mhír 2. Má theipeann ar shoitheach na forálacha sin a chomhlíonadh, cuirfear an soitheach faoi réir an nós imeachta a luaitear faoi mhír 4.2.

4.4. I líon teoranta cásanna, ar a iarraidh sin d’údarás inniúil an Aontais, féadfar údaruithe iascaireachta nua le haghaidh soitheach eile de chuid an Aontais a chur in ionad údaruithe iascaireachta soithigh. Déanfar an t‑athsholáthar sin ar bhonn iarratais a chuirfear isteach trí údarás inniúil an Aontais. Léireofar leis na húdaruithe iascaireachta nua an chainníocht údaraithe is féidir a ghabháil a chomhfhreagraíonn do chainníocht na speiceas ar íocadh táillí údaraithe iascaireachta ina leith cheana lúide aon ghabháil arna glacadh ag an gcéad soitheach cheana.

4.5. Rachaidh údarú iascaireachta a ndearnadh athsholáthar air in éag an lá a eisíonn údarás inniúil na Graonlainne an t‑údarú nua.

5. Tréimhse bhailíochta údaruithe iascaireachta

5.1. Beidh údaruithe iascaireachta bailí ó dháta a n‑eisiúna go dtí deireadh na bliana féilire ina n‑eisítear an t‑údarú iascaireachta.

5.2. A mhéid a bhaineann leis an iascach caibeallán, eiseofar údaruithe iascaireachta de réir na ndátaí a chomhaontaíonn na Stáit Chósta ina gcreat‑socruithe agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(3).

5.3. Reachtaíocht an Aontais lena socraítear na deiseanna iascaireachta i gcomhair bliain áirithe le haghaidh soithí de chuid an Aontais, in uiscí ina bhfuil gá le teorainneacha gabhála, i gcás nach nglactar an reachtaíocht sin faoi thús na bliana iascaireachta, maidir le soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú acu chun iascaireacht a dhéanamh an 31 Nollaig sa bhliain iascaireachta roimhe sin, féadfar údarú a thabhairt dóibh sa bhliain nár glacadh an reachtaíocht ina leith fós ar choinníoll go gceadaítear amhlaidh de réir na comhairle eolaíche. Ceadófar úsáid shealadach a bhaint as 1/12ú den chuóta a léirítear in údarú iascaireachta na bliana roimhe sin, in aghaidh na míosa, ar choinníoll go n‑íocfar an táille údaraithe iascaireachta is infheidhme as an gcuóta sin. Féadfar an cuóta sealadach a choigeartú i ndáil leis an gcomhairle eolaíoch agus coinníollacha an iascaigh shonraigh.

5.4. Féadfar an chainníocht neamhúsáidte d’údarú iascaireachta le haghaidh Séaclaí Artacha agus Haileabónna Graonlannacha a aistriú, arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Aontais, an 31 Nollaig i mbliain ar leith, go dtí an bhliain ina dhiaidh sin go dtí uasmhéid 25 % den chainníocht iomlán a chionroinntear ar an údarú iascaireachta le haghaidh na bliana ar leith. Ní chuimsítear leis an méid sin aon aistriú ón mbliain roimhe sin. Déanfar cainníochtaí aistrithe neamhúsáidte a aistriú ar ais chuig an mbliain roimhe sin mar chainníocht iascaireachta neamhúsáidte tar éis an 31 Nollaig.

6. Údaruithe iascaireachta a chur ar fionraí agus a thabhairt ar ais

Féadfaidh an Ghraonlainn údaruithe iascaireachta dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

a) ina bhfuil sárú tromchúiseach ar Dhlíthe agus Rialacháin na Graonlainne á dhéanamh ag soitheach sonrach; nó

b) maidir le hordú cúirte arna eisiúint maidir le sárú i ndáil le soitheach sonrach, nach ndéanann an longúinéir an t‑ordú sin a urramú. Más léir go bhfuil an t‑ordú cúirte á urramú, déanfar an t‑údarú iascaireachta don soitheach a athchur ar feadh na tréimhse atá fágtha den údarú iascaireachta.

7. Táille an údaraithe iascaireachta, íocaíocht agus aisíocaíocht

7.1.   Is mar a leanas na táillí údaraithe iascaireachta a bheidh le híoc ag soithí de chuid an Aontais:

Speiceas

EUR in aghaidh an tona 2025/2026

EUR in aghaidh an tona 2027/2028

EUR in aghaidh an tona 2029/2030

An trosc

208

225

252

An Phéirse Mhara Pheiligeach

136

147

165

An Phéirse Mhara Ghrinnill

136

147

165

An Haileabó Graonlannach

321

347

389

An Séacla Artach — An tIarthar

250

270

302

An Séacla Artach — An tOirthear

188

203

228

An caibeallán

23

25

28

7.2. Sula gcuirfear an Prótacal sin i bhfeidhm, maidir le sonraí chuntais bhainc an Rialtais a úsáidfear le haghaidh na n‑íocaíochtaí uile ó longúinéirí ar feadh thréimhse an Phrótacail, cuirfidh údarás inniúil na Graonlainne in iúl don Aontas iad. Tabharfaidh údarás inniúil na Graonlainne fógra faoi aon athrú maidir leis sin d’údarás inniúil an Aontais 2 mhí ar a laghad roimh ré.

7.3. Cuimseofar le híocaíocht na táille na muirir uile náisiúnta agus áitiúla a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chomh maith le muirir a fhorchuireann bainc i leith aistrithe airgid. I gcás nár íoc soitheach an muirear aistrithe bainc ceanglófar go n‑íocfadh sé an méid sin leis an gcéad iarratas eile ar údarú iascaireachta a chuireann an soitheach sin isteach agus beidh sé sin ina réamhchoinníoll maidir le údarú iascaireachta nua a eisiúint.

7.4. Mura ngabhtar an chainníocht údaraithe, ní dhéanfar an táille a chomhfhreagraíonn don chainníocht údaraithe sin a aisíoc leis an longúinéir.

7.5. I gcás ina bhfuil Airteagal 8 nó 9 den Phrótacal infheidhme áfach, agus nach féidir le soitheach iascaireacht a dhéanamh chun aon chuid den ghabháil údaraithe a fháil dá dhroim sin, nó i gcás nach n‑éiríonn le hiarratas ar údarú iascaireachta, déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne an táille údaraithe a aisíoc go hiomlán leis an úinéir soithigh laistigh de 60 lá féilire ón lá a dhéantar an t‑iarratas ar aisíocaíocht.

7.6. Ní íocfar táille údaraithe iascaireachta i leith foghabhálacha.

8. Is mar a leanas na praghsanna tagartha le haghaidh speiceas:

Speiceas

Praghas beomheáchain in EUR in aghaidh an tona

An trosc

3 000

An Phéirse Mhara Pheiligeach

1 900

An Phéirse Mhara Ghrinnill

1 900

An Haileabó Graonlannach

4 960

An Séacla Artach

4 726

An ronnach

PM

An caibeallán

400

An Gránádóir spp.

1 735

Foghabháil

2 200

8.1. An ranníocaíocht airgeadais bhliantúil ón Aontas leis an nGraonlainn i ndáil leis an gcúiteamh airgeadais as rochtain ar EEZ na Graonlainne, tá sí bunaithe ar íocaíocht le haghaidh cuótaí ag 17.5 % den phraghas tagartha le haghaidh na ndeiseanna iascaireachta comhaontaithe i gcomhair na speiceas sa phrótacal. 

CAIBIDIL III

BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNÚCHÁIN

1. Cuirfidh údarás inniúil na Graonlainne leagan Béarla de reachtaíocht ábhartha na Graonlainne a bhaineann le bearta teicniúla caomhnúcháin, faireachán, rialú agus faireachas ar fáil d’údarás inniúil an Aontais sula gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm go sealadach.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, RIALÚ AGUS FAIREACHAS

Roinn 1

Taifeadadh agus tuairisciú

1. Beidh gníomhaíochtaí shoithí de chuid an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge agus iad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí soithí de chuid an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal, faoin Iarscríbhinn agus faoi na Foscríbhinní a ghabhann leis seo.

2. Gan dochar do cheanglais tuairiscithe Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) a stáit brataí, déanfaidh soithí de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú seo a n‑oibleagáidí taifeadta agus tuairiscithe i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta faoin gComhaontú seo a chur in iúl d’údarás inniúil na Graonlainne de réir dhlí is infheidhme na Graonlainne. Nuair a thiocfaidh an córas leictreonach tuairiscithe i bhfeidhm, cuirfear an Córas sin in ionad na bhforálacha tuairiscithe leictreonaigh i gCaibidil IV, Roinn 1.

3. Soláthróidh údarás inniúil na Graonlainne na logleabhair pháipéir ábhartha, de réir an spriocspeicis agus an trealaimh, arna iarraidh sin, agus seolfar ar aghaidh iad chuig ionadaí na soithí (gníomhaire) mar a léirítear san fhoirm iarratais ar údarú iascaireachta mar a fhoráiltear in Aguisín 1. Cuirfear sampla de gach cineál logleabhair ar fáil d’údarás inniúil an Aontais agus do Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) an stáit brataí is infheidhme freisin.

4. Go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí córas leictreonach tuairiscithe chun feidhme, bainfear úsáid as na bearta atá ann cheana chun sonraí gabhála a bhailiú agus a tharchur. Líonfar isteach na fógraí agus logleabhair pháipéir atá ann cheana de réir dhlí na Graonlainne.

Córas Leictreonach Tuairiscithe

1. Geallann na Páirtithe go ndéanfaidh siad na córais TF a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, córais a bhfuil gá leo chun malartú leictreonach na faisnéise uile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú.

2. Déanfaidh an dá Pháirtí sa Chomhchoiste socruithe mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na malartuithe leictreonacha éagsúla a shainiú agus a fhaomhadh, go háirithe maidir le gabhálacha a thuairisciú tríd an gcóras leictreonach tuairiscithe agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás mífheidhme.

3. Comhaontaíonn na Páirtithe go bhfuil sé beartaithe caighdeán NA/FLUX (na Náisiúin Aontaithe/Fisheries Language for Universal eXchange) agus líonra malartaithe FLUX TL a chur chun feidhme chun suíomhanna soithí a mhalartú, logleabhair leictreonacha a úsáid agus b’fhéidir, údaruithe iascaireachta a bhainistiú amach anseo.

4. Cuirfear córas leictreonach tuairiscithe chun feidhme de réir tráthchláir arna shainiú ag an gComhchoiste bunaithe ar fhorálacha teicniúla atá fós le sainiú. Molfaidh na Páirtithe don Chomhchoiste an tréimhse is gá chun aistriú chuig córas leictreonach tuairiscithe agus é a chur chun feidhme, agus aon srian teicniúil féideartha á chur san áireamh.

5. Saineoidh an dá Pháirtí an tréimhse trialach is gá sula bhféadfaí aistriú chuig úsáid éifeachtach a bhaint as an gcaighdeán FLUX. A luaithe a bheidh na trialacha sin curtha i gcrích go rathúil, socróidh na Páirtithe, a luaithe is féidir, an dáta éifeachtach don aistriú chuig córas leictreonach tuairiscithe.

6. Nuair a bheidh córas leictreonach tuairiscithe lánfheidhmiúil, ní thabharfar údarú do shoitheach nach bhfuil córas leictreonach tuairiscithe aige dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta faoin bPrótacal seo.

7. Tabharfaidh an Ghraonlainn agus an tAontas fógra dá chéile láithreach faoi aon mhífheidhmiú i gcóras TF lena gcoisctear cumarsáid idir LFInna.

8. Go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí córas leictreonach tuairiscithe chun feidhme go comhpháirteach, ní mór cóip den logleabhar iascaireachta a sheoladh chuig údarás inniúil na Graonlainne ag deireadh gach turais iascaireachta sa phost nó le ríomhphost díreach tar éis dóibh teacht isteach sa chalafort.

Cur i dtír agus trasloingsiú

Déanfaidh an máistir na sonraí maidir le tabhairt i dtír a cheanglaítear leis an gComhaontú seo a tharchur chuig údarás inniúil na Graonlainne tríd an gcóras leictreonach tuairiscithe. Ba cheart cur i dtír gabhálacha i gcalafoirt lasmuigh den Ghraonlainn a chur san áireamh, gabhálacha a gabhadh faoi údaruithe iascaireachta ón nGraonlainn. Le linn thréimhse an aistrithe, agus go dtí go gcuirfear chun feidhme an córas leictreonach tuairiscithe, féachfaidh an máistir le sonraí maidir le tabhairt i dtír a tharchur ar an mbealach iomchuí de réir mar a chomhaontaíonn an dá Pháirtí.

Roinn 2

Córas satailít‑bhunaithe um fhaireachán soithí (VMS)

1. Ní mór d’aon soitheach a oibríonn faoin bPrótacal seo a bheith feistithe le córas satailít‑bhunaithe um fhaireachán soithí (VMS) atá lánfheidhmiúil agus suiteáilte ar bord, lenar féidir tarchur uathoibríoch leanúnach a dhéanamh ar a shuíomh chuig LFI ar talamh a stáit brataí.

2. Le córas VTS na soithí atá faoi réir faireachán le satailítí faoin bPrótacal seo, déanfar suíomhanna soithí a tharchur go huathoibríoch chuig LFI a stáit brataí, a dhéanfaidh iad a tharchur chuig LFI na Graonlainne gan mhoill. Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí, déanfar suíomhanna an tsoithigh a tharchur trí nód lárnach an Aontais trí úsáid a bhaint as caighdeán NA/FLUX agus as líonra malartaithe FLUX TL a luaithe a bheidh na tréimhsí trialach comhaontaithe curtha i gcrích go rathúil.

3. Ainmneoidh an stát brataí agus údaráis na Graonlainne comhfhreagraí VMS arb é a bheidh ann an pointe teagmhála.

Déanfaidh LFI an an stáit brataí agus an Ghraonlainn comhordanáidí (údarás, seoladh, teileafón, ríomhphost) a gcomhfhreagraí VMS faoi seach a chur in iúl roimh dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail. Ní mór aon athrú ar shonraí teagmhála an chomhfhreagraí VMS a chur in iúl láithreach.

4. Déanfaidh pointí teagmhála VMS an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú maidir le trealamh soithí, na prótacail tarchurtha agus aon fheidhm eile is gá chun faireachán a dhéanamh le satailítí.

5. Leagtar amach na socruithe maidir le VMS a chur chun feidhme agus na nósanna imeachta i gcás mífheidhmithe in Aguisín 3.

Roinn 3

Cigireacht ar muir nó i gcalafort

1. Is iad soithí agus cigirí na Graonlainne a aithnítear go soiléir i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a dhéanfaidh na cigireachtaí in EEZ na Graonlainne nó i gcalafoirt soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu agus déanfar na cigireachtaí sin i gcomhréir le bearta FAO agus aon bheart Stáit Calafoirt ábhartha de chuid eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh.

2. Féadfaidh údarás inniúil gach páirtí iarraidh ar ionadaí ón bpáirtí eile breathnú ar chigireacht.

3. Féadfaidh údarás inniúil gach páirtí a dhéanann cigireacht idirnáisiúnta i limistéir rialála NEAFC agus NAFO iarraidh ar chigirí an pháirtí eile teacht ar bord soitheach cigireachta a bhfuil cigireacht idirnáisiúnta ar siúl acu.

Roinn 4

Scéim bhreathnóirí

1. Tá oibríochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne faoi réir na scéime breathnóirí dá bhforáiltear faoi dhlí na Graonlainne. Máistrí soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu chun iascaireacht a dhéanamh laistigh de EEZ na Graonlainne, rachaidh siad i gcomhar le húdaráis inniúla na Graonlainne chun críche breathnóirí a ligean ar bord.

2. Is iad údaráis inniúla na Graonlainne a íocfaidh as tuarastal agus ranníocaíochtaí sóisialta an bhreathnóra.

3. Fad a bheidh na breathnóirí ar bord, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na bearta uile is iomchuí a dhéanamh ionas nach gcuirfidh siad isteach ar oibríochtaí iascaireachta agus nach gcuirfidh siad bac ar a leithéid;

(b) meas a léiriú ar an maoin agus an trealamh go léir atá ar bord; agus

(c)

meas a léiriú ar rúndacht aon doiciméid de chuid an tsoithigh.

4. Rachaidh an breathnóir ar bord i gcalafort nó ag suíomh sonrach ar muir a chomhaontófar idir údarás inniúil na Graonlainne agus an máistir. Mura dtagann an breathnóir chun an soitheach a bhordáil laistigh de 3 uair an chloig ón dáta agus an t‑am arna socrú, scaoilfear go huathoibríoch úinéir an tsoithigh óna oibleagáid chun cead a thabhairt don bhreathnóir bordáil agus féadfaidh an soitheach an calafort a fhágáil agus tús a chur lena chuid oibríochtaí iascaireachta.

5. Tuarascáil an bhreathnóra

5.1. Sula bhfágfaidh sé an soitheach, cuirfidh an breathnóir tuarascáil faoina bharúlacha faoi bhráid mháistir an tsoithigh. Beidh sé de cheart ag máistir an tsoithigh tráchtanna a dhéanamh i dtuarascáil an bhreathnóra. Déanfaidh an breathnóir agus an máistir araon an tuarascáil a shíniú. Gheobhaidh an máistir cóip leictreonach de thuarascáil an bhreathnóra.

5.2. Nuair a fhaigheann siad iarratas ó údarás inniúil an Aontais nó ón stát brataí déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne cóip de thuarascáil an bhreathnóra a tharchur laistigh de 8 lá oibre.

Roinn 5

Sáruithe

1. Sáruithe

I gcás nach gcomhlíonann soitheach de chuid an Aontais forálacha an Phrótacail seo, go háirithe tuairisciú ar ghabhálacha, meastar é sin a bheith ina shárú tromchúiseach i gcomhréir le Caibidil II, 6(a) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Tá údarás inniúil na Graonlainne i dteideal údarú iascaireachta atá ann cheana féin a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar na forálacha maidir le gabhálacha a thuairisciú. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh údarás inniúil na Graonlainne diúltú d’údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a athnuachan. Cuirfear údarás inniúil an Aontais agus an stát brataí ar an eolas mar is iomchuí gan mhoill.

2. Sáruithe a láimhseáil

2.1. Ní mór trácht a dhéanamh i dtuarascáil cigireachta ar aon sárú a dhéanann soitheach de chuid an Aontais, a bhfuil údarú iascaireachta aige i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne seo, in EEZ na Graonlainne.

2.2. Síneoidh an máistir an tuarascáil cigireachta gan dochar do cheart an mháistir agus/nó úinéir an tsoithigh chun cosanta i leith sárú.

2.3. I gcás aon sárú a dhéanann soitheach de chuid an Aontais, a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin gComhaontú, in EEZ na Graonlainne, déanfar an fógra maidir leis an sárú arna shainiú agus na smachtbhannaí cúnta arna bhforchur ar an máistir nó ar an gcuideachta iascaireachta a sheoladh go díreach chuig úinéirí an tsoithigh de réir na nósanna imeachta a leagtar síos le dlí is infheidhme na Graonlainne.

2.4. Seolfaidh údarás inniúil na Graonlainne cóip den tuarascáil cigireachta agus den fhógra faoi shárú chuig údarás inniúil an Aontais agus chuig údarás inniúil an Stáit brataí trí ríomhphost a luaithe is féidir.

2.5. I gcás ina bhfuil gá le himeachtaí dlíthiúla chun an sárú a réiteach, sula gcuirfear tús leis na himeachtaí sin, agus ar choinníoll nach bhfuil gníomh cóiriúil i gceist leis an sárú, déanfar iarracht an sárú toimhdithe a réiteach go cairdiúil laistigh de 4 lá ón bhfógra faoin sárú. Mura féidir teacht ar réiteach cairdiúil, cuirfear tús leis na himeachtaí dlíthiúla.

3. Soitheach a choinneáil

3.1. Tabharfaidh an Ghraonlainn fógra d’údarás inniúil an Aontais agus don stát brataí láithreach faoi shoitheach de chuid an Aontais a choinneáil a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin gComhaontú. Ní mór na cúiseanna leis an gcoinneáil a mhíniú san fhógra agus fianaise dhoiciméadach ar an sárú a chur leis.

3.2. Sula nglacfar aon bheart eile in aghaidh an tsoithigh de chuid an Aontais atá á choinneáil, nó in aghaidh a mháistir, a chriú nó a lastais, seachas bearta atá beartaithe chun fianaise a chosaint, ainmneoidh an Ghraonlainn oifigeach imscrúdaithe agus eagróidh sí cruinniú faisnéise, ar a iarraidh sin d’údarás an Aontais, laistigh de 1 lá oibre ón bhfógra faoi na cúiseanna a bhfuil an soitheach á choinneáil. Féadfaidh ionadaí an stáit brataí agus úinéir an tsoithigh freastal ar an gcruinniú.

4. Pionóis i leith sáruithe

4.1. Socróidh an Ghraonlainn an pionós i leith an tsáraithe de réir fhorálacha na reachtaíochta náisiúnta atá i bhfeidhm.

4.2. I gcás ina bhfaightear réiteach cairdiúil, cinnfear aon phionós atá le híoc trí thagairt do reachtaíocht náisiúnta na Graonlainne.

5. Imeacht dlíthiúil — Urrús bainc

5.1. Mura féidir réiteach cairdiúil a fháil agus má thugtar an sárú os comhair na cúirte inniúla, déanfaidh longúinéir an tsoithigh de chuid an Aontais a rinne an sárú urrús bainc a thaisceadh ag banc a ainmneoidh údarás inniúil na Graonlainne, ar de mhéid é, a shocróidh údarás inniúil na Graonlainne, lena gcumhdófar na costais a bhaineann leis an soitheach de chuid an Aontais a choinneáil, mar aon leis an táille measta agus aon chúiteamh. Ní féidir an t‑urrús bainc a aisghabháil go dtí go gcuirfear na himeachtaí dlíthiúla i gcrích. I gcás ina bhfuil imeachtaí dlíthiúla fós ar siúl ar feadh breis agus 4 bliana áfach, tabharfaidh údarás inniúil na Graonlainne nuashonrú tráthrialta d’údarás inniúil an Aontais agus don stát brataí lena mbaineann faoi na céimeanna atá á nglacadh chun na himeachtaí dlíthiúla a thabhairt i gcrích.

5.2. Scaoilfear an t‑urrús bainc agus tabharfar ar ais don longúinéir é gan mhoill tar éis fhógairt an bhreithiúnais:

(a) go hiomlán, murar forchuireadh aon phionós

(b)

le haghaidh mhéid an iarmhéid atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós atá níos ísle ná méid an urrúis bhainc.

5.3. Cuirfear tús leis na himeachtaí dlíthiúla a luaithe is féidir de réir an dlí náisiúnta.

5.4. Cuirfidh an Ghraonlainn an tAontas ar an eolas faoi thoradh na n‑imeachtaí dlíthiúla laistigh de 14 lá tar éis an bhreithiúnais.

6. Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú

6.1. Tabharfar údarú do shoitheach de chuid an Aontais an calafort a fhágáil agus leanúint den iascaireacht a luaithe a thaiscfear an t‑urrús bainc nó a íocfar an pionós nó a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an réiteach cairdiúil.

CAIBIDIL V

COMHFHIONTAIR SHEALADACHA

Roinn 1

An modh agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar

1. Beidh gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge agus iad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí soithí de chuid an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal nó faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

2. Cuirfidh an Ghraonlainn údarás inniúil an Aontais ar an eolas gan mhoill má thagann aon deis chun cinn le haghaidh comhfhiontair shealadacha nó agus comhfhiontair le cuideachtaí Graonlannacha. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais Ballstáit uile an Aontais ar an eolas go hiomchuí. I gcás gnóthais chomhpháirtigh, cuirfear tionscadail isteach agus déanfar measúnú orthu i gcomhréir le forálacha na caibidle seo.

3. Agus Airteagal 12(f) den Chomhaontú á chur i bhfeidhm, cuirfidh an tAontas sainchomhad teicniúil faoi bhráid na Graonlainne a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 10 lá oibre roimh chruinniú de chuid an Chomhchoiste, ar sainchomhad teicniúil é a bhaineann le tionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar a bhfuil oibreoirí an Aontais páirteach iontu. Cuirfear na tionscadail faoi bhráid údarás inniúil an Aontais trí údaráis na mBallstát de chuid an Aontais lena mbaineann.

4. Beidh sé mar thosaíocht ag an gComhchoiste spreagadh a thabhairt do shoithí de chuid an Aontais úsáid iomlán a bhaint as na cuótaí táscacha i gcomhair speiceas a liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal. I gcás speiceas ar aontaigh an Comhchoiste deiseanna iascaireachta ina leith atá níos lú ná mar a léirítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal, gan comhairle eolaíoch ina bhonn cirt leis, ní bhreithneofar tionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar i gcomhair an speicis chéanna agus na bliana féilire céanna.

5. Déanfaidh an Comhchoiste na tionscadail a mheasúnú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) spriocspeicis agus limistéir iascaireachta;

(b)

riocht na stoc bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar an gcur cur chuige réamhchúraim;

(c)

sonraí soithí agus an teicneolaíocht is iomchuí maidir leis na hoibríochtaí iascaireachta molta;

(d)

i gcás comhfhiontair shealadacha, an tréimhse iomlán agus tréimhse na n‑oibríochtaí iascaireachta; agus

(e)

taithí an longúinéara agus a pháirtí san earnáil iascaigh roimhe seo.

6. Eiseoidh an Comhchoiste tuairim faoi na tionscadail tar éis an mheasúnaithe faoi mhír 3.

7. Le haghaidh speiceas a liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal, beidh gabhálacha a fhaigheann soithí de chuid an Aontais faoi chuimsiú comhfhiontar sealadach nó comhfhiontar gan dochar do shocruithe comhroinnte atá ann cheana féin idir Ballstáit an Aontais.

Roinn 2

Coinníollacha a bhaineann le rochtain faoi chuimsiú comhfhiontair shealadacha

1. Údaruithe iascaireachta

1.1. I gcás comhfhiontair shealadacha, a luaithe a fhaigheann tionscadal tuairim fhabhrach ón gComhchoiste, cuirfidh soithí de chuid an Aontais lena mbaineann iarratas isteach ar údarú iascaireachta i gcomhréir le forálacha Chaibidil II. Ní mór a léiriú go soiléir san iarratas sin go mbaineann sé le Comhfhiontar Sealadach.

1.2. Eiseofar an t‑údarú iascaireachta ar feadh thréimhse an chomhfhiontair shealadaigh ach in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná an bhliain féilire.

1.3. Léireofar go soiléir leis an údarú iascaireachta go ndéanfar gabhálacha ar dheiseanna iascaireachta arna gcionroinnt ag údaráis na Graonlainne laistigh de GII faoi seach na Graonlainne ach lasmuigh de na deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal.

2. Soithigh a athsholáthar

Maidir le soitheach de chuid an Aontais a oibríonn faoi chomhfhiontar sealadach, féadfar soitheach eile de chuid an Aontais a chur ina ionad a bhfuil toilleadh comhchosúil agus sonraíochtaí teicniúla comhchosúla acu, ar fhorais lena bhfuil údar cuí amháin agus le comhaontú an dá Pháirtí.

Roinn 3

Socruithe chun cuóta de Shéacla Artach a aistriú idir sealbhóirí údaruithe

1. Socruithe le haghaidh aistriú

1.1. Féadfaidh longúinéirí ón nGraonlainn agus ón Aontas Eorpach socruithe a bhunú ar bhonn na cuideachta maidir le cuóta i ndáil le deiseanna iascaireachta le haghaidh Séaclaí Artacha i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV CITM a mhalartú le deiseanna iascaireachta le haghaidh Séaclaí Artacha i bhFolimistéir 1 NAFO.

1.2. Geallfaidh údaráis na Graonlainne go n‑éascóidh siad socruithe den sórt sin ar iarraidh sin d’údaráis inniúla an Aontais ar son na mBallstát lena mbaineann.

1.3. Is é 2 000 tona an t‑uasmhéid bliantúil a aistreofar, faoi réir comhairle eolaíche.

1.4. Beidh an t‑iascach a dhéanfaidh soithí an Aontais bunaithe ar na coinníollacha céanna dá bhforáiltear i ndáil le húdarú iascaireachta a eisítear chuig longúinéir Graonlannach faoi réir fhorálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn.

CAIBIDIL VI

IASCAIGH THURGNAMHACHA

1. Agus Airteagal 11 agus Airteagal 12(g) den Chomhaontú á gcur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil sé curtha in iúl ag údarás inniúil an Aontais don Ghraonlainn go bhfuil spéis dul i mbun iascaigh thurgnamhacha maidir le speicis agus stoic nach liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal:

1.1. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais sainchomhaid theicniúla faoi bhráid na Graonlainne tráth nach déanaí ná 15 lá roimh chruinniú an Chomhchoiste, lena sonrófar an méid a leanas:

(a) an speiceas/na speicis ar a ndíreofar;

(b)

togra le haghaidh pharaiméadair theicniúla an fheachtais (an teicneolaíocht a úsáidfear ar mhaithe le hoibriú, fad, limistéir iascaireachta. etc.); agus

(c)

na tairbhí ionchais a bhainfear as rannpháirtíocht an Aontais san fheachtas turgnamhach, i ndáil le taighde eolaíoch agus forbairt na hearnála iascaireachta.

(d) Measúnú ar thionchair fhéideartha na soithí atá beartaithe acu dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lena léirítear nach dócha go mbeidh drochthionchair shuntasacha ag na gníomhaíochtaí sin ar éiceachórais mhuirí leochaileacha

1.2. Cuirfidh an Ghraonlainn an Comhchoiste ar an eolas faoin méid a leanas:

(a)

mionsonraí agus coinníollacha na bhfeachtas iascaireachta turgnamhaí ábhartha a reáchtálfaidh soithí baile agus soithí tríú tír;

(b)

torthaí a bhaineann le haon fheachtas turgnamhach roimhe seo i gcomhair an speicis chéanna; agus

(c) an fhaisnéis eolaíoch agus an fhaisnéis eile atá ann cheana

2. Déanfaidh an Comhchoiste measúnú ar na sainchomhaid theicniúla agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar an gcur chuige réamhchúraim.

3. Tar éis tuairim dhearfach ón gComhchoiste maidir le rannpháirtíocht an Aontais, an leibhéal rannpháirtíochta agus paraiméadair theicniúla an fheachtais iascaireachta turgnamhaí, ní mór do shoithí de chuid an Aontais iarratais ar údaruithe iascaireachta a chur isteach i gcomhréir le forálacha Chaibidil II. Ní bheidh an t‑údarú iascaireachta bailí ar feadh tréimhse níos faide ná deireadh na bliana féilire.

4. Beidh forálacha uile Chaibidil IV infheidhme maidir le soithí de chuid an Aontais a théann i mbun iascaigh thurgnamhacha.

5. Gan dochar do mhír 4, le linn an fheachtais thurgnamhaigh ar muir, déanfaidh soithí de chuid an Aontais lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt d’údarás inniúil na Graonlainne go bhfuil tús á chur leis an bhfeachtas agus dearbhú a chur isteach maidir le haon ghabháil ar bord sula gcuirfear tús leis an iascach turgnamhach;

(b)

tuarascáil sheachtainiúil ar ghabhálacha in aghaidh an lae agus in aghaidh an tarlaithe a sholáthar d’Institiúid Acmhainní Nádúrtha na Graonlainne, d’údarás inniúil na Graonlainne agus don Choimisiún Eorpach, lena n‑áirítear tuairisc ar pharaiméadair theicniúla an fheachtais (suíomh, doimhneacht, dáta agus am, gabhálacha agus barúlacha nó tráchtanna eile);

(c)

a áirithiú go bhfuil breathnóir Graonlannach amháin nó breathnóir arna roghnú ag údarás inniúil na Graonlainne ar bord. Caithfear leis an mbreathnóir mar oifigeach loinge agus cumhdóidh úinéir an tsoithigh costais mhaireachtála an bhreathnóra fad atá sé ag fanacht ar an soitheach. Is iad údaráis na Graonlainne a chinnfidh an tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord, an calafort bordála agus an calafort cur i dtír; agus

(d)

fógra a thabhairt d’údarás inniúil na Graonlainne ag deireadh an fheachtais thurgnamhaigh agus cigireacht a dhéanamh ar na soithí sula bhfágann siad EEZ na Graonlainne má iarrann Údarás Inniúil na Graonlainne amhlaidh.

6. Maidir leis na gabhálacha atá comhsheasmhach leis an bhfeachtas turgnamhach agus a fhaightear lena linn, fanfaidh siad i seilbh úinéir an tsoithigh.

7. Ainmneoidh údarás inniúil na Graonlainne duine teagmhála a bheidh freagrach as déileáil le haon fhadhb gan choinne a d’fhéadfadh cur isteach ar fhorbairt na n‑iascach turgnamhach.

8. Ar bhonn mholtaí na gcomhlachtaí comhairleacha eolaíochta ábhartha, féadfaidh an Ghraonlainn a iarraidh go gcuirfí bearta caomhnúcháin agus bainistíochta chun feidhme maidir leis an iascach turgnamhach, lena n‑áirítear tréimhsí coiscthe ama agus limistéir.

9. Ní mór do shoithí de chuid an Aontais lena mbaineann tuarascáil meastóireachta a chur faoi bhráid an dá Pháirtí tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích an iascaigh thurgnamhaigh, tuarascáil lena dtugtar aghaidh an méid a leanas ar a laghad;

a) ar oibríodh an t‑iascach de réir na bparaiméadar teicniúil a moladh; agus

b) ar baineadh amach na tairbhí ionchais i ndáil le taighde eolaíoch agus forbairtí na hearnála iascaireachta mar a shonraítear sna sainchomhaid theicniúla, agus murar baineadh cén fáth nár baineadh;

c) an raibh fadhbanna gan choinne ag an soitheach, lena n‑áirítear seachghabhálacha;

d) ar chloígh an soitheach leis na forálacha i mír 5 agus murar chloígh, ní mór údar cirt iomchuí a thabhairt leis sin.

10. I gcás ina dtagann na Páirtithe ar an gconclúid gur bhain iascach turgnamhach torthaí dearfacha amach agus má shocraíonn an Comhchoiste deiseanna iascaireachta nua i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 7, féadfaidh údaráis na Graonlainne deiseanna iascaireachta a thairiscint atá ar aon dul leis an nglacadh cuóta coibhneasta arna dhéanamh ag soithí de chuid an Aontais a bhí páirteach san iascach turgnamhach le linn na 5 bliana roimhe sin. Ní féidir níos mó ná 50 % a bheith sa mhéid a leithdháilfear ar an Aontas ach amháin i gcás ina gcinneann an Ghraonlainn méid níos mo a thairiscint. Beidh feidhm ag an bhforáil seo go dtí go rachaidh an prótacal in éag.



Aguisíní a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo

Foscríbhinn 1 - Foirm iarratais le haghaidh údarú iascaireachta

Foscríbhinn 2 - Sonraí Teagmhála le haghaidh údaráis inniúla na Graonlainne

Aguisín 3 - Nósanna Imeachta Cur Chun Feidhme maidir le Faireachán a Dhéanamh le Satailítí (Córas um Fhaireachán Soithí – VMS)

Aguisín 4 - Formáid sonraí VMS

Foscríbhinn 5 - Scéim solúbthachta san iascach péirsí mara peiligeacha idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC

Foscríbhinn 6 – Próiseáil sonraí pearsanta



Aguisín 1

Iarratas ar údarú iascaireachta

Foirm iarratais ar údarú iascaireachta in EEZ na Graonlainne agus ar chuóta Graonlannach lasmuigh de EEZ na Graonlainne

S/R/C (Sainordaitheach/Roghnach/Coinníollach)

Mionsonraí ceadúnais

1

An cineál ceadúnais le haghaidh an iarratais (speiceas agus limistéar)

S

2

An méid ar cuireadh isteach air

S

3

Tréimhse ama le haghaidh údarú iascaireachta

S

4

An seoladh ar cheart an t‑iarratas ar údarú iascaireachta a chur chuige

Commission européenne, Direction générale des affaires maritimes et de la pêche, Rue de la Loi 200, B‑1049 Bruxelles, Facs +32 2 2962338 Ríomhphost Mare-licences@ec.europa.eu

Faisnéis faoin soitheach

5

An Stát Brataí

S

6

Ainm an tSoithigh

S

7

Uimhir agus litreacha aitheantais seachtracha

S

8

Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió (IRCS)

S

9

Uimhir IMO

C

Má sannadh uimhir IMO do na soithí

10

Uimhir thagartha inmheánach an Stáit brataí

R

11

Bliain na Tógála

S

12

Calafort clárúcháin

S

13

An Cineál Soithigh (cód FAO)

S

14

An príomhchineál trealaimh iascaireachta (cód FAO)

S

15

Ainm/ainmneacha roimhe seo (Stát brataí, ainm, IRCS, agus dátaí le haghaidh athraithe)

C

Más ann d’fhaisnéis roimhe sin

16

Uimhir Inmarsat/Uimhir Iridium (Teileafón, Ríomhphost)

C

Teileafón, Ríomhphost roghnach

17

Úinéirí, Seoladh an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, Teileafón, Facs, Ríomhphost

C

Facs roghnach

18

Ionadaí an tsoithigh (gníomhaire), ainm agus seoladh

S

19

Cumhacht innill (cileavata)

S

20

Fad foriomlán (L.O.A.)

S

21

Tonnáiste in GT

S

22

Acmhainn reoite i dtonaí in aghaidh an lae

S

 

23

Toilleadh na n‑umar Sáile Cuisnithe nó na n‑umar Sáile Fuaraithe (RSW, CSW) i méadair chiúbacha

S

24

Grianghraf daite digiteach den soitheach de ghléine leormhaith (0.5 MB ar a Mhéid) chun amharc cliathánach mionsonraithe ar an soitheach a léiriú lena n‑áirítear ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh atá le feiceáil ar an gcabhail.

S



Aguisín 2

Sonraí teagmhála le haghaidh údaráis inniúla na Graonlainne

Tarchur tuarascálacha agus fógraí

Ní mór na tuarascálacha agus na fógraí is gá a sholáthar de réir Chaibidil IV roinn 1 a bheith i nGraonlainnis, i nDanmhairgis nó i mBéarla.

Déanfar fógraí a tharchur le raidió cósta nó ríomhphost chuig Údarás Rialaithe Ceadúnais Iascaigh na Graonlainne (GFLK) agus Comhcheannasaíocht an Artaigh (AKO):

GFLK, uimhir theileafóin +299 34 50 00,

Ríomhphost: GFLK@NANOQ.GL

AKO, uimhir theileafóin +299 364000,

Ríomhphost: FKO-KTP-A-FIO@FIIN.DK  

Ní mór logleabhair iascaireachta a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Greenland Fishing License Control Authority (GFLK)

Bosca poist 501, 3900 Nuuk, an Ghraonlainn

Ní mór iarratas ar údarú iascaireachta agus ceadanna eile a chur chuig:

Aireacht Iascaigh agus Fiaigh

Ríomhphost: APN@NANOQ.GL



Aguisín 3

Nósanna Imeachta Cur Chun Feidhme

FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR SHOITHÍ (CÓRAS UM FHAIREACHÁN SOITHÍ – VMS)

1. Teachtaireachtaí faoi shuíomh soithí — VMS

1.1. Soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu faoin gComhaontú agus a oibríonn i limistéar iascaireachta na Graonlainne, nó a dhéanann iascaireacht ar chuóta Graonlannach in uiscí NEAFC (mar a léirítear in Aguisín 5), ní mór iad a bheith feistithe le gaireas rianaithe satailíte lánfheidhmiúil (Córais um Fhaireachán Soithí — VMS) suiteáilte ar bord, lenar féidir tarchur uathoibríoch leanúnach a dhéanamh ar a suíomh chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) ar talamh a stát brataí uair amháin gach uair an chloig ar a laghad fad atá siad sa limistéar iascaireachta.

1.2. Déanfaidh LFI an stáit brataí tuarascálacha suímh uile soithigh atá i mbun iascaireachta faoin gComhaontú agus faoi réir rianú satailíte faoin bPrótacal seo a tharchur láithreach chuig LFI na Graonlainne, a luaithe a théann sé isteach sa limistéar iascaireachta. Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí, déanfar na tuarascálacha suímh uile a tharchur trí nód lárnach an Aontais. A luaithe a aistreoidh an dá pháirtí go UN/FLUX, tarchuirfear suíomhanna VMS tríd an Stát brataí agus trí líonra FLUX TL arna oibriú ag an gCoimisiún Eorpach. Seolfar na teachtaireachtaí sin mar a leanas:

a) trí úsáid leictreonach a bhaint as prótacal malartaithe slán;

b) agus soitheach ag dul isteach sa chrios iascaireachta agus ag imeacht uaidh

c) san fhormáid a léirítear in Aguisín 4.

1.3. Beidh an méid a leanas i ngach teachtaireacht suímh:

a) aitheantas an tsoithigh;

b) suíomh geografach is déanaí an tsoithigh le lamháil earráide níos lú ná 500 méadar, agus eatramh muiníne 99 %;

c) an dáta agus an t‑am in AUL a thaifeadtar an suíomh;

d) luas meandrach agus cúrsa an tsoithigh ag an am a thaifeadtar an suíomh

1.4. Áiritheoidh LFI an stáit brataí go ndéanfar próiseáil uathoibríoch agus tarchur leictreonach ar theachtaireachtaí suímh. Déanfar teachtaireachtaí suímh a thaifeadadh agus a stóráil ar bhealach slán i mbunachar sonraí le haghaidh na bliana atá ann faoi láthair agus na bliana roimhe sin. I gcás srianta teicniúla, féadfar an tréimhse sin a ghiorrú trí chomhaontú frithpháirteach áfach.

1.5. Beidh na comhpháirteanna crua‑earraí agus bogearraí VMS crioscaíldíonach, i.e. ní cheadófar leo suíomhanna bréige a ionchur ná a aschur agus ní féidir iad a shárú de láimh. Beidh an córas go hiomlán uathoibríoch agus oibríochtúil i gcónaí beag beann ar na dálaí comhshaoil. Beidh cosc ar an ngaireas rianaithe satailíte a scriosadh, damáiste a dhéanamh dó, é a chur as feidhm nó cur isteach air ar aon bhealach eile.

1.6. Comhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfaidh siad faisnéis a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear a mhalartú, chun críocha faireacháin agus cigireachta, i gcás inar gá agus ar iarraidh.

2. Cliseadh nó teip theicniúil a dhéanann difear do threalamh faireacháin soithigh

2.1. Ní mór don stát brataí údaráis na Graonlainne agus an Aontais a chur ar an eolas láithreach faoi aon chliseadh teicniúil nó teip a dhéanann difear don trealamh a úsáidtear chun faireachán leanúnach a dhéanamh le satailít atá suiteáilte ar bord soitheach iascaireachta.

2.2. Ní mór an trealamh lochtach a athsholáthar nó a dheisiú ag an gcéad chalafort ina bhfuil seirbhís ar fáil agus laistigh de 30 lá oibre ar a laghad ón dáta a chuireann an stát brataí an cliseadh in iúl do LFI na Graonlainne. Tar éis na tréimhse sin, ní mór don soitheach atá i gceist a bheith tar éis filleadh ar chalafort arna ainmniú ag údaráis na Graonlainne chun bearta leantacha a ghlacadh agus deisiú a dhéanamh, nó an limistéar a fhágáil, ar choinníoll go bhfuil an stát brataí tar éis an tuarascáil cigireachta maidir leis an trealamh lochtach a sheoladh chuig LFI na Graonlainne agus na cúiseanna leis an gcliseadh a chur in iúl dó.

2.3. Go dtí go ndéanfar an trealamh a dheisiú nó a athsholáthar, seolfaidh máistir an tsoithigh tuarascáil suímh dhomhanda gach 4 huair an chloig de láimh le ríomhphost, raidió nó facs chuig LFI an stáit brataí, agus na suíomhanna arna dtaifeadadh ag máistir an tsoithigh á lua faoi na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.2.

2.4. Déanfaidh LFI an stáit brataí na teachtaireachtaí láimhe sin a thaifeadadh láithreach sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1.4 agus déanfaidh LFI an stáit brataí iad a tharchur gan mhoill chuig LFI na Graonlainne, agus úsáid á baint as an bprótacal agus an fhormáid chéanna is a shonraítear in Aguisín 4.

2.5. Tar éis na tréimhse, cf. 2.2, ní údarófar a thuilleadh don soitheach gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne.

3. Cumarsáid shlán i ndáil leis na teachtaireachtaí suímh idir LFInna.

3.1. Déanfaidh LFI an stáit brataí teachtaireachtaí suímh maidir leis na soithí lena mbaineann a sheoladh go huathoibríoch chuig LFI na Graonlainne.

3.2. Déanfaidh LFInna an dá Pháirtí a gcomhordanáidí a mhalartú, e.g. seoladh ríomhphoist, facs, telex agus teileafóin, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill má thagann aon athrú ar na comhordanáidí sin.

3.3. Gan dochar d’fheabhsaithe a chuirfear chun feidhme sa todhchaí, déanfar na teachtaireachtaí suímh idir LFInna lena mbaineann agus na stáit bhrataí a tharchur go leictreonach de réir phrótacal HTTPS. Déanfaidh údaráis na Graonlainne agus LFI an stáit brataí ábhartha deimhnithe a mhalartú.

3.4. Úsáidfear sonraí VMS i gcomhréir le hAirteagal 11 den Phrótacal seo.

4. Mífheidhmiú an chórais cumarsáide

4.1. Áiritheoidh údarás inniúil na Graonlainne agus LFInna stáit brataí an Aontais go bhfuil a dtrealamh leictreonach comhoiriúnach agus cuirfidh siad an páirtí eile ar an eolas láithreach faoi aon mhífheidhmiú a mhéid a bhaineann leis an gcumarsáid agus teachtaireachtaí suímh a fháil d’fhonn réiteach teicniúil a aimsiú a luaithe is féidir.

4.2. Ní dhéanfaidh clistí cumarsáide idir LFInna difear d’oibriú na soithí.

4.3. Déanfar na teachtaireachtaí uile nár seoladh le linn an aga neamhfhónaimh a sheoladh ar aghaidh a luaithe a athbhunaítear an chumarsáid idir LFInna lena mbaineann.

5. Cothabháil LFI

5.1. Ní mór do LFI fógra a thabhairt do LFI eile 72 uair an chloig ar a laghad roimh ré faoi chothabháil bheartaithe ar LFI (clár cothabhála) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartú sonraí VMS, lena léirítear, nuair is féidir, dáta agus tréimhse na hoibre cothabhála. Ní mór faisnéis faoi obair chothabhála neamhbheartaithe a sheoladh chuig LFI eile a luaithe is féidir.

5.2. Le linn na hoibre cothabhála, féadfar soláthar sonraí VMS a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear an córas i bhfeidhm arís. Seolfar na sonraí VMS ábhartha láithreach tar éis don obair chothabhála a bheith curtha i gcrích.

5.3. Má thógann an obair chothabhála níos faide ná 24 uair an chloig, seolfar sonraí VMS chuig LFI eile le modh cumarsáide leictreonaice malartach arna chomhaontú go frithpháirteach.

5.4. Cuirfidh an Ghraonlainn a húdaráis inniúla maidir le faireachán, rialú agus faireachas ar an eolas ionas nach measfaidh LFI na Graonlainne go bhfuil a gcuid oibleagáidí á sárú ag soithí an Aontais ós rud é nach bhfuil sonraí VMS á dtarchur acu, mar gheall go bhfuiltear i mbun cothabhála ar LFI.

6. Athbhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí suímh

6.1. Ar bhonn fianaise dhoiciméadach lena léirítear sárú, féadfaidh an Ghraonlainn iarraidh ar LFI an stáit brataí, agus cóip á cur chuig an Aontas, an t‑eatramh idir seoladh na dteachtaireachtaí suímh ó shoitheach a laghdú go dtí gach 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe socraithe. Seolfaidh an Ghraonlainn an fhianaise dhoiciméadach sin chuig LFI an stáit brataí agus chuig an Aontas. Seolfaidh LFI an stáit brataí teachtaireachtaí suímh chuig an nGraonlainn láithreach ag an minicíocht nua.

6.2. Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe socraithe, cuirfidh an Ghraonlainn LFI an stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoi aon bhearta leantacha is gá.



Aguisín 4

Roinn 1 – Formáid VMS NAF*

Formáid sonraí VMS

An fhormáid chun teachtaireachtaí VMS a chur chuig LFI an Pháirtí eile

(1)

Teachtaireacht ‘IONTRÁLA’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

TT

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

SE

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí ceann scríbe

Ó

Ó

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

UT

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

DT

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

AT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

TM

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘ENT’

Comhartha Aitheantais Raidió

AR

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

TI

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

CS

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Domhanleithead

DL

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 99.999 (WGS‑84)

Domhanfhad

DF

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 999.999 (WGS‑84)

Luas

LU

S

Mionsonra suímh; Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Cúrsa

S

Mionsonra suímh; Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°

Dáta

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

AM

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

DT

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(2)

Teachtaireacht/tuarascáil ‘SUÍMH’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

TT

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

SE

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí ceann scríbe

Ó

Ó

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

UT

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

DT

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

AT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

TM

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘POS’  (1)  

Comhartha Aitheantais Raidió

AR

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

TI

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

CS

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Domhanleithead

DL

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 99.999 (WGS‑84)

Domhanfhad

DF

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 999.999 (WGS‑84)

Gníomhaíocht

GN

O  (2)  

Mionsonra suímh; ‘ANC’ lena léirítear modh tuairiscithe laghdaithe

Luas

LU

S

Mionsonra suímh; Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Cúrsa

S

Mionsonra suímh; Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°

Dáta

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

AM

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

DT

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(3)

Teachtaireacht ‘IMEACHTA’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

TT

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

SE

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí ceann scríbe

Ó

Ó

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA-3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

UT

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

DT

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

AT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

CT

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘EXI’

Comhartha Aitheantais Raidió

AR

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

TI

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

CS

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Dáta

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

AM

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

DT

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(4)

Mionsonraí formáide

Bíonn gach teachtaireacht i dtarchur sonraí struchtúrtha mar a leanas:

léiríonn slais dhúbailte (//) agus an carachtar ‘SR’ tús na teachtaireachta,

léiríonn slais dhúbailte (//) agus cód réimse tús na heiliminte sonraí,

úsáidtear slais shingil (/) chun an cód réimse a scaradh ó na sonraí,

déantar péirí sonraí a scaradh le spás

léiríonn an carachtar ER agus slais dhúbailte (//) deireadh an taifid.

Tá na cóid réimse uile san Iarscríbhinn seo i bhFormáid an Atlantaigh Thuaidh mar a shonraítear i Scéim Rialúcháin agus Forfheidhmiúcháin NEAFC.

(1)   Is é ‘MAN’ an cineál teachtaireachta a úsáidfear le haghaidh tuarascálacha arna gcur in iúl ag soithí a bhfuil gaireas rianaithe satailíte lochtach acu.

(2)   Is infheidhme i gcás ina bhfuil teachtaireachtaí POS á dtarchur ag an soitheach ag minicíocht laghdaithe, agus sa chás sin amháin.

* Mar a fhoráiltear i gCaibidil IV, i roinn 1 den Iarscríbhinn, i gcaighdeán NA/FLUX (na Náisiúin Aontaithe/Fisheries Language for Universal eXchange) agus i líonra malartaithe FLUX TL, tá sé beartaithe iad a chur chun feidhme chun suíomhanna soithí a mhalartú, a luaithe a bheidh na tréimhsí trialach comhaontaithe curtha i gcrích go rathúil agus a bheidh an dá pháirtí réidh. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh formáid NA/FLUX in úsáid, cuirfear an méid seo a leanas in ionad sonraíochtaí a bhaineann le formáid NAF thuas chun suíomhanna VMS a mhalartú:

Formáid VMS UN/FLUX

Formáid UN/FLUX: sonraí éigeantacha atá le tarchur i dtuarascálacha suímh

Sonraí

Sainordaitheach/roghnach

Nótaí

Seolaí

S

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht — Seolaí Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)

Tabhair faoi deara: Cuid d’imchlúdach FLUX TL

Ó

S

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht — Seoltóir Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)

Aitheantóir uathúil teachtaireachta

S

UUID de réir RFC 4122 arna shainiú ag IETF

Dáta agus am an tarchuir

S

An dáta agus an tam a cruthaíodh an teachtaireacht in AUL de réir ISO 8601, agus úsáid á baint as an bhformáid BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[.000000]Z 6

An Stát Brataí

S

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Bratach an Stáit Brataí, Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)

Cineál teachtaireachta

S

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – An cineál teachtaireachta

Tá na cóid seo a leanas le húsáid:

IONTRÁIL: an chéad suíomh a taifeadadh tar éis dul isteach sa limistéar iascaireachta)

IMEACHT: an chéad teachtaireacht a taifeadadh tar éis imeacht ón limistéar iascaireachta

SUÍOMH: suíomhanna a tarchuireadh le linn a bheith sa limistéar iascaireachta)

DE LÁIMH: suíomh arna tharchur de láimh

Comhartha aitheantais raidió

S

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Comhartha idirnáisiúnta glao raidió an tsoithigh (IRCS)

Uimhir thagartha inmheánach don Pháirtí Chonarthach

R

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Aitheantóir uathúil soithigh an pháirtí chonarthaigh

Aitheantóir Uathúil Soithigh

R

Sonra a bhaineann leis an soitheach - uimhir aitheantais IMO

Uimhir chlárúcháin sheachtrach

R

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir ar thaobh an tsoithigh (ISO 8859.1)

Domhanleithead

S

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Suíomh i gcéimeanna agus i gcéimeanna deachúlacha CC.ccc (WGS‑84)

Comhordanáidí dearfacha le haghaidh suíomhanna ó thuaidh ón Meánchiorcal; Comhordanáidí diúltacha le haghaidh suíomhanna ó dheas ón Meánchiorcal.

Domhanfhad

S

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Suíomh i gcéimeanna agus i ndeachúlacha DD.ddd (WGS‑84)

Comhordanáidí dearfacha soir ó fhadlíne Greenwich; Comhordanáidí diúltacha siar ó fhadlíne Greenwich.

Cúrsa

S

Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°

Luas

S

Luas an tsoithigh i muirmhílte san uair

Dáta agus am

S

Mionsonra a bhaineann le suíomh an tsoithigh — dáta agus am taifeadta an tsuímh in AUL de réir ISO 8601, agus úsáid á baint as an bhformáid BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[.000000]Z 7

Déanfar tarchur sonraí i bhformáid NA/FLUX a struchtúrú ar an mbealach a leagtar amach sa Doiciméad Cur Chun Feidhme Teicniúil ar leith atá le forbairt agus le comhaontú ag na Páirtithe sula ndéanfar an t‑aistriú chuig UN/FLUX.



Aguisín 5

Scéim solúbthachta san iascach péirsí mara peiligeacha idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC

1.   Chun iascaireacht a dhéanamh faoin scéim solúbthachta san iascach péirsí mara peiligeacha idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC, ní mór údarú iascaireachta a bheith ag soitheach de chuid an Aontais arna eisiúint ag an nGraonlainn i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Déanfar tagairt shoiléir san iarratas agus san údarú iascaireachta do ghníomhaíochtaí lasmuigh de EEZ na Graonlainne.

2.   Ní mór cloí leis na bearta uile arna nglacadh ag NEAFC maidir leis an iascach seo i limistéar rialála NEAFC.

3.   Ní féidir le soitheach de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh dá chuóta péirsí mara Graonlannacha go dtí go bhfuil a sciar de chuóta péirsí mara NEAFC an Aontais, arna chionroinnt ag a stát brataí, caite aige.

4.   Féadfaidh soitheach iascaireacht a dhéanamh ar a chuóta Graonlannach laistigh den limistéar NEAFC céanna, inar gabhadh a chuóta NEAFC, faoi réir mhír 5 thíos.

5.   Féadfaidh soitheach de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i gcomhair a chuóta Ghraonlannach laistigh de limistéar caomhantais na bpéirsí mara faoi na coinníollacha a leagtar amach i moladh NEAFC maidir le bainistiú péirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí cóngaracha, seachas aon chuid atá laistigh de chrios iascaireachta na hÍoslainne.

6.   Déanfaidh soitheach de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar Rialála NEAFC tuarascáil suímh VMS a tharchur chuig NEAFC trí LFI a stáit brataí i gcomhréir leis na ceanglais rialála. Agus iascaireacht á déanamh ar chuóta Graonlannach laistigh de limistéar caomhnaithe péirsí NEAFC, socróidh LFI an stáit brataí go sonrach go ndéanfar torthaí an fhaireacháin in aghaidh na huaire ar shuíomh VMS an tsoithigh a thuairisciú chuig LFI na Graonlainne i neas‑fhíoram.

7.   Áiritheoidh máistir an tsoithigh, nuair atá tuairisciú á dhéanamh chuig NEAFC agus údaráis na Graonlainne, maidir le gabhálacha péirsí mara a ghabhtar i limistéar rialála NEAFC faoi scéim solúbthachta na Graonlainne go léireofar go soiléir gur gabhadh iad faoin údarú iascaireachta ón nGraonlainn a eisítear faoin scéim solúbthachta.

(a)

Sula dtosóidh sé ag iascaireacht ar a údarú iascaireachta Graonlannach, ní mór do shoitheach tuarascáil maidir le FÓGRA GNÍMH a tharchur.

(b)

Nuair atá iascaireacht á déanamh ar údarú iascaireachta ón nGraonlainn déanfar tuarascáil faoin nGABHÁIL LAETHÚIL a tharchur ar bhonn laethúil tráth nach déanaí ná 23:59 AUL.

(c)

Nuair a stopann soitheach a chuid gníomhaíochtaí iascaireachta ar chuóta Graonlannach, déanfaidh sé tuarascáil DEIREADH GNÍMH a tharchur.

(e) Déanfar an TUARASCÁIL UM FHÓGRA GNÍMH, an TUARASCÁIL GABHÁLA LAETHÚIL agus TUARASCÁIL AN FHÓGRA FAOI DHEIREADH GNÍMH a thuairisciú de réir Chaibidil IV Roinn 2 den Iarscríbhinn.

8.   Chun cosaint níos mó a thabhairt do na limistéir easbhrúite larbhaigh, ní féidir tús a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta roimh an dáta a leagtar amach i moladh NEAFC maidir le péirsí mara a bhainistiú i Muir Irminger agus sna huiscí cóngaracha.

9.   Déanfaidh an stát brataí gabhálacha a fhaightear faoin gcuóta Graonlannach in uiscí na Graonlainne agus i limistéar rialála NEAFC a thuairisciú chuig údaráis an Aontais. Cuimseofar leo sin na gabhálacha uile a fhaightear faoin scéim solúbthachta, agus an ghabháil agus an t‑údarú iascaireachta comhfhreagrach á n‑aithint go soiléir.

10.   Ag deireadh gach séasúir iascaireachta, déanfaidh LFI gach stáit brataí staitisticí gabhála maidir leis an iascach péirsí mara peiligeacha faoin scéim solúbthachta seo a tharchur chuig údaráis na Graonlainne.

 Aguisín 6

Próiseáil sonraí pearsanta

1.Sainmhínithe agus raon feidhme

1.1. Sainmhínithe

Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal den Chomhaontú Iascaigh Inbhuanaithe agus ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is in‑sainaitheanta ann duine nádúrtha is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh;

(b) ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(c) ciallaíonn ‘údarás aistrithe’ an t‑údarás poiblí a sheolann sonraí pearsanta;

(d) ciallaíonn ‘údarás is faighteoir’ an t‑údarás poiblí dá nochtar sonraí pearsanta;

(e) ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí’ sárú slándála as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;

(f) ciallaíonn ‘aistriú ar aghaidh’ nuair a aistríonn Páirtí is faighteoir sonraí pearsanta go heintiteas nach Páirtí is sínitheoir sa Phrótacal seo é (‘tríú páirtí’);

(g) ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

1.2. Raon feidhme 

Is iad na daoine a mbaineann an Prótacal seo leo, go háirithe, daoine nádúrtha ar leo soithí iascaireachta, a n‑ionadaithe, an captaen agus an criú atá ag fónamh ar bord soithí iascaireachta a oibríonn faoin bPrótacal seo.

Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo, go háirithe maidir le hiarratais ar dheonú, faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, d’fhéadfaí na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil tráth is déanaí:

— sonraí aitheantais agus teagmhála an tsoithigh;

— gníomhaíochtaí soithigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach, a shuíomh agus a chuid gluaiseachtaí, a ghníomhaíocht iascaireachta nó a ghníomhaíocht a bhaineann leis an iascaireacht, arna mbailiú trí sheiceálacha, trí iniúchtaí nó ag breathnóirí;

— sonraí a bhaineann le húinéir/úinéirí an tsoithigh nó lena ionadaí/lena n‑ionadaí, amhail a ainm, a náisiúntacht, a shonraí teagmhála gairmiúla agus a chuntas bainc gairmiúil,

— sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail a ainm, a náisiúntacht agus a shonraí teagmhála gairmiúla,

— sonraí a bhaineann le máistrí an tsoithigh agus le baill den chriú, amhail ainmneacha, náisiúntacht, feidhm agus, i gcás an mháistir, a shonraí teagmhála nó a sonraí teagmhála;

— sonraí a bhaineann leis na hiascairí a thugtar ar bord, amhail ainm, sonraí teagmhála, oiliúint, deimhniú sláinte.

1.3. Údaráis atá freagrach 

I gcás an Aontais agus na Graonlainne, is iad an Coimisiún Eorpach agus údarás an Bhallstáit brataí an t‑údarás atá freagrach as na sonraí a phróiseáil.

2.Ráthaíochtaí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta

2.1. Teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí

Na sonraí pearsanta arna n‑iarraidh agus arna n‑aistriú faoin bPrótacal seo, beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, i.e. chun údaruithe iascaireachta a phróiseáil agus chun gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin bPrótacal seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Phrótacal.

Ní dhéanfar na sonraí a fhaightear a phróiseáil chun críoch seachas iad siúd thuasluaite, nó sa chás sin déanfar iad a anaithnidiú.

Arna iarraidh sin, cuirfidh an t‑údarás is faighteoir an t‑údarás aistrithe ar an eolas gan mhoill faoin gcaoi a n‑úsáidtear na sonraí arna soláthar.

2.2. Beachtas

Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta arna n‑aistriú faoin bPrótacal seo cruinn, cothrom le dáta agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta de réir na faisnéise atá ag an údarás aistrithe. Má thugann ceann de na Páirtithe faoi deara go bhfuil na sonraí pearsanta arna n‑aistriú nó arna bhfáil míchruinn, cuirfidh sé an Páirtí eile ar aon eolas faoi sin gan mhoill agus déanfaidh sé iad a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

2.3. Stóráil a theorannú

Ní choimeádfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad. Scriosfar iad 1 bhliain ar a dhéanaí tar éis don Phrótacal seo dul in éag, seachas má tá gá leo chun oibleagáidí faoi Chaibidil 12 de Ghníomh Iascaigh na Graonlainne (Acht Uimh. 29 an 23 Bealtaine 2024 um Iascach) a chomhlíonadh nó chun obair leantach a dhéanamh ar shárú, ar chigireacht nó ar imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Sa dara cás sin, féadfar na sonraí a choimeád chomh fada agus is gá chun an obair leantach a dhéanamh maidir leis an sárú nó maidir leis an iniúchadh nó go dtí go gcuirfear clabhsúr críochnaitheach ar na himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Maidir leis na sonraí pearsanta is gá chun oibleagáidí faoi Chaibidil 12 a chomhlíonadh, scriosfar sonraí 5 bliana ar a dhéanaí tar éis na sonraí a fháil faoin bPrótacal seo.

I cás ina gcoimeádtar sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.

2.4. Slándáil agus rúndacht

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar a slándáil iomchuí, agus rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme. Tabharfaidh na húdaráis atá i gceannas ar an bpróiseáil aghaidh ar aon sárú i ndáil le sonraí agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun aon éifeacht dhiúltach fhéideartha a bhaineann le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a leigheas agus chun na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú. Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir fógra faoin sárú sin don údarás aistrithe a luaithe is féidir agus cuirfidh siad an comhar tráthúil is gá ar fáil dá chéile ionas gur féidir le gach ceann de na húdaráis sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn mar thoradh ar sárú i ndáil le sonraí pearsanta faoina gcreat dlíthiúil náisiúnta.

Geallann na Páirtithe bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo.

2.5. Ceartú nó léirscriosadh

Áiritheoidh an dá Pháirtí go ndéanfaidh údarás an aistrithe agus an t‑údarás is faighteoir na bearta réasúnta uile chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, de réir mar is infheidhme, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leordhóthanach, ábhartha, nó cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le cuspóir na próiseála.

Ní mór don dá Pháirtí fógra a thabhairt dá chéile faoi aon cheartú nó léirscriosadh.

2.6. Trédhearcacht

Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas, trí bhíthin fógra aonair chomh maith leis an gcomhaontú seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, faoi na catagóirí sonraí a aistreofar agus a phróiseálfar a thuilleadh, an bealach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, an uirlis ábhartha arna húsáid le haghaidh an aistrithe, cuspóir na próiseála, tríú páirtithe nó catagóirí tríú páirtithe a bhféadfar an fhaisnéis a aistriú chucu a thuilleadh, na cearta aonair agus na sásraí atá ar fáil chun a gcearta a fheidhmiú agus sásamh a fháil, chomh maith leis na sonraí teagmhála chun díospóid nó gearán a thionscnamh.

2.7. Aistriú ar aghaidh

Ní aistreoidh an t‑údarás is faighteoir sonraí pearsanta arna bhfáil faoin bPrótacal seo chuig tríú páirtí atá bunaithe i dtír seachas na Ballstáit bhrataí ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin, is é sin cuspóir tábhachtach ar mhaithe le leas an phobail, a aithnítear freisin sa chreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an údarás aistrithe, agus ina gcomhlíontar ceanglais eile na Foscríbhinne (go háirithe a mhéid a bhaineann le teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí), agus

(a) i gcás ina dtairbhíonn an tír ina bhfuil an tríú páirtí lonnaithe nó an tír ina bhfuil an eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe de chinneadh leordhóthanachta arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (‘cinneadh leordhóthanachta’) lena gcumhdaítear an t‑aistriú ar aghaidh; nó

(b) i gcásanna sonracha, i gcás inar gá aistriú den sórt sin chun go gcomhlíonfaidh an t‑údarás aistrithe a oibleagáidí i leith eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh nó eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh; nó

(c) i gcásanna eisceachtúla agus i gcás ina meastar gur gá sin, geallann an tríú páirtí nach bpróiseálfaidh sé na sonraí ach amháin le haghaidh an chuspóra shonraigh/na gcuspóirí sonracha ar chucu a aistríodh a thuilleadh iad agus go léirscriosfaidh sé iad láithreach bonn a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an bpróiseáil chun na críche sin.

3.Cearta na nábhar sonraí

3.1. Rochtain ar shonraí pearsanta

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, déanfaidh an t‑údarás is faighteoir an méid seo a leanas:

(a)a dhearbhú don ábhar sonraí an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil;

(b)faisnéis a sholáthar faoi chuspóir na próiseála, na catagóirí sonraí pearsanta, an fad stórála (más féidir), an ceart chun ceartúchán/scriosadh a iarraidh, an ceart chun gearán a dhéanamh, etc.;

(c)cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar;

(d)faisnéis ghinearálta a sholáthar faoi na ráthaíochtaí is infheidhme.

3.2. Sonraí pearsanta a cheartú

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ceartóidh an t‑údarás is faighteoir a shonraí pearsanta atá neamhiomlán, míchruinn nó imithe i léig.

3.3. Sonraí pearsanta a scriosadh

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, déanfaidh an t‑údarás is faighteoir an méid seo a leanas:

(a)sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad a próiseáladh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na ráthaíochtaí a leagtar amach sa Phrótacal seo;

(b)sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a próiseáladh iad go dleathach;

(c)scor de phróiseáil na sonraí pearsanta má dhéanann an tábhar sonraí agóid ina haghaidh ar chúiseanna a bhaineann lena chás nó lena cás féin, murab ann do chúiseanna dlisteanacha tathantacha maidir leis an bpróiseáil a bhfuil sáraíocht aige ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí.

3.4. Rialacha mionsonracha

Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir freagra, laistigh de thréimhse réasúnta agus in am trátha, agus i ngach cás, laistigh de 1 mhí tar éis an iarratais, ar iarratas ó ábhar sonraí a bhaineann le rochtain ar a shonraí pearsanta, iad a cheartú agus a léirscriosadh. Féadfaidh an t‑údarás is faighteoir bearta iomchuí a dhéanamh, amhail táillí réasúnta a thobhach chun costais riaracháin a chumhdach nó diúltú d’iarratas ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó iomarcach.

I gcás freagra diúltach ar iarratas ón ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir é a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú sin.

3.5. Srianta 

Féadfar na cearta thuas a theorannú má dhéantar foráil maidir le teorannú den sórt sin sa dlí agus má tá sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

Féadfar na cearta sin a theorannú freisin chun feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a choimirciú, ar feidhm í a bhaineann, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil.

Faoi na coinníollacha céanna, féadfar iad a theorannú freisin chun an t‑ábhar sonraí a chosaint nó ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile.

4.Leigheas agus faireachán neamhspleách

4.1. Faireachán neamhspleách

Déanfaidh comhlacht seachtrach nó inmheánach a dhéanann faireachán neamhspleách agus ag a bhfuil cumhachtaí imscrúdaitheacha agus leighis faireachán neamhspleách ar chomhlíontacht na próiseála sonraí pearsanta leis an bPrótacal seo.

4.2. Údaráis mhaoirseachta

I gcás an Aontais, is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a dhéanfaidh an faireachán sin, i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Choimisiúin Eorpach nó is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Aontais um chosaint sonraí a dhéanfaidh iad i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Bhallstáit brataí.

I gcás na Graonlainne, beidh Gníomhaireacht na Danmhairge um Chosaint Sonraí (Datatilsynet) inniúil.

Maidir le gearáin ó ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, déanfaidh na húdaráis thuasluaite iad a phróiseáil agus a réiteach ar bhealach éifeachtach tráthúil.

4.3. An ceart chun leighis

Áiritheoidh gach Páirtí, ina dhlíchóras, go bhféadfaidh ábhar sonraí a mheasann nár chomhlíon údarás na coimircí a leagtar amach in Airteagal 11 agus san Fhoscríbhinn seo, nó a mheasann gur ndearnadh sárú i dtaobh a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta, cúiteamh a lorg ón údarás sin a mhéid a cheadaítear leis an reachtaíocht is infheidhme os comhair cúirte nó comhlacht coibhéiseach.

Go sonrach, féadfar aon ghearán in aghaidh ceachtar den dá údarás a chur faoi bhráid MECS, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus faoi bhráid Ghníomhaireacht na Danmhairge um Chosaint Sonraí, i gcás na Graonlainne. Ina theannta sin, féadfar gearáin áirithe ina aghaidh ceachtar den dá údarás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus os comhair Chúirteanna na Graonlainne, i gcás na Graonlainne.

I gcás ina gcuirfidh ábhar sonraí díospóid nó gearán isteach i ndáil le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta in aghaidh an údaráis aistrithe, an údaráis is faighteoir nó an dá údarás araon, cuirfidh na húdaráis a chéile ar an eolas faoi na díospóidí nó na gearáin sin agus déanfaidh siad gach iarracht an díospóid nó an gearán a réiteach go cairdiúil a luaithe is féidir.

4.5. Malartú faisnéise 

Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi aon ghearán a gheobhaidh siad maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo agus maidir lena réiteach.

5.5. Athbhreithniú

Féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú, más gá, maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais agus a nósanna imeachta próiseála sonraí pearsanta chun a fhíorú agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí a leagtar amach in Airteagal 11 agus san fhoscríbhinn seo á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Chomhchoiste.

6.6. An taistriú a chur ar fionraí

Féadfaidh an Páirtí aistrithe aistriú sonraí pearsanta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach n‑éiríonn leis na Páirtithe díospóidí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a réiteach go cairdiúil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo go dtí go measfaidh sé go bhfuil an t‑ábhar réitithe go sásúil ag an bPáirtí is faighteoir. Leanfar de shonraí a aistríodh cheana a phróiseáil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo.

(1)    Ba cheart aon chionroinnt ar Phéirsí Mara a bheith i gcomhréir le comhaontú an lucht bainistíochta agus na cinntí a dhéantar ar leibhéal NEAFC.
(2)    Is é RED an cód FAO le haghaidh Sebastes spp, ach i gcás tuairisciú gabhála ba cheart an speiceas a ionchódú de réir an speicis (REG, REB).
(3)

   Nár cheart níos mó ná 6 shoitheach a bheith ag déanamh iascaireachta orthu an tráth céanna.

(4)

   Nuair is féidir iad a ghabháil, faoi réir íoschuóta 30,000 tona don Ghraonlainn de réir TAC tosaigh, idirmheánach agus deiridh, déanfar deiseanna iascaireachta a thairiscint don Aontas de réir mar a bheidh siad ar fáil suas go dtí 7.7 % den GII le haghaidh caibeallán is infheidhme le linn an tséasúir iascaireachta i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(3). Freagróidh an tAontas tairiscintí maidir le deiseanna iascaireachta a dhéanfar idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Nollaig laistigh de 14 lá féilire. Maidir le deiseanna iascaireachta a thairgtear don Aontas lasmuigh den tréimhse sin, féachfaidh an tAontas le freagairt laistigh de 5 lá féilire, agus laistigh de 7 lá féilire ar a mhéad.

(5)    Ní dhíreofar ar Ghránadóirí cruinnsocacha ná ar Ghráinadóirí Ceanngharbha, agus ní ghabhfar na speicis sin ach amháin mar fhoghabhálacha i dteannta spriocspeicis eile.
(6)    BBBB= bliain; MM= mí, lena náirítear 0 tosaigh i gcás inar lú uimhir na míosa ná 10; LL = lá na míosa lena náirítear 0 tosaigh i gcás inar lú uimhir an lae ná 10; A = an litir A chun an chuid den roinn ama a chur in iúl; U24 = uaireanta an lae a shloinntear le 2 dhigit agus an nodaireacht 24 uair an chloig á húsáid; NÓ = nóiméid a shloinntear mar 2 dhigit; SS = soicindí a shloinntear mar 2 dhigit; [.000000]= go roghnach, féadfar codáin de shoicind a chuimsiú, gan na lúibíní a chuimsiú; C = crios ama, nach mór C a bheith ann (i.e.
(7)    BBBB= bliain; MM= mí, lena náirítear 0 tosaigh i gcás inar lú uimhir na míosa ná 10; LL = lá na míosa lena náirítear 0 tosaigh i gcás inar lú uimhir an lae ná 10; A = an litir A chun an chuid den roinn ama a chur in iúl; U24 = uaireanta an lae a shloinntear le 2 dhigit agus an nodaireacht 24 uair an chloig á húsáid; NÓ = nóiméid a shloinntear mar 2 dhigit; SS = soicindí a shloinntear mar 2 dhigit; [.000000]= go roghnach, féadfar codáin de shoicind a chuimsiú, gan na lúibíní a chuimsiú; Z = crios ama, nach mór Z a bheith ann (i.e. AUL)
Top