Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0312

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste

COM/2024/312 final

An Bhruiséil,24.7.2024

COM(2024) 312 final

2024/0180(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Nua-Shéalainne, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais

Maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Nua-Shéalainne, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais 1 (‘an Comhaontú’), is é is aidhm dó creat dlíthiúil marthanach a bhunú le haghaidh comhar idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, lena soláthraítear na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, mar aon le sásra lena néascaítear bunú na rannpháirtíochta sin i gcláir nó i ngníomhaíochtaí aonair de chuid an Aontais, amhail Clár Réime Fís Eorpach um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021- 2027).

Síníodh an Comhaontú an 9 Iúil 2023 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach 2 ó shin i leith.

2.2.An Comhchoiste

Is é an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 14(1) den Chomhaontú atá freagrach as cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú chomh maith le réimsí comhair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a phlé agus a leagan amach. Tá an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú. Is é príomhchúram an Chomhchoiste rannpháirtíocht eintitis na Nua-Shéalainne i gcláir ábhartha an Aontais a choinneáil ar bun agus a fhorbairt. Fónann sé freisin mar fhóram, arb é is fearr chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne mar thír chomhlachaithe i gcláir nó i ngníomhaíochtaí ábhartha an Aontais. Liostaítear cúraimí an Chomhchoiste go huileghabhálach in Airteagal 14(1), pointí (a)-(g) den Chomhaontú agus áirítear orthu sin tá an méid seo a leanas:

measúnú, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus na bPrótacal a ghabhann leis go díreach nó trí obair aon mheithle ad hoc nó aon chomhlachta chomhairligh a thuairiscíonn dó;

cinntí a ghlacadh, lena náirítear leasuithe ar an gComhaontú, lena nglactar Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais seachas an prótacal maidir le Fís Eorpach a áirítear cheana;

I gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, ní mór don Chomhchoiste a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

Rialaíonn na Rialacha Nós Imeachta modus operandi an Chomhchoiste, go háirithe eagrú cruinnithe (comhfhreagras, leagan amach an chláir oibre, etc.), dáileadh doiciméad, lena n‑áirítear trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid, taifead ar thoradh chruinnithe an Chomhchoiste, chomh maith le míreanna eile a bhaineann le cur chun feidhme.

Tá cinntí an Chomhchoiste le glacadh de chomhthoil agus tá siad ceangailteach ar na Páirtithe sa Chomhaontú. Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn trí mhalartú nótaí idir na comhchathaoirligh má chomhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú amhlaidh.

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n‑éileofar sin le himthosca speisialta, ar iarraidh ó cheachtar de na Páirtithe. Féadfar cruinnithe comhpháirteacha den Chomhchoiste a eagrú freisin trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste

Le linn an chéad chruinnithe den Chomhchoiste atá beartaithe a thionól in 2024, ba cheart don Chomhchoiste cinneadh a ghlacadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú. Is é is cuspóir do na Rialacha Nós Imeachta eagrú agus feidhmiú an Chomhchoiste a éascú d’fhonn cur chun feidhme iomchuí an Chomhaontaithe a áirithiú.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is éard ba cheart a bheith sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis an dréachtchinneadh ón gComhchoiste lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14(1) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, mar atá i gceangal leis an dréachtchinneadh ón gComhchoiste.

Chun feidhmiú cuí an Chomhchoiste a áirithiú, tá sé ríthábhachtach go n‑oibreoidh sé i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta a comhaontaíodh.

Cé nach leagtar síos aon dáta sonrach sa Chomhaontú maidir le glacadh na Rialacha Nós Imeachta, tá sé inmholta iad a ghlacadh ag an gcéad chruinniú den Chomhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn faoi théarmaí an chláir Fís Eorpach atá beartaithe sa dara leath de 2024.

De bhun an Chomhaontaithe, is leis an gclár Fís Eorpach amháin a bhaineann an Comhchoiste faoi láthair. I gcás ina mbeidh an Nua-Shéalainn comhlachaithe le cláir eile de chuid an Aontais amach anseo trí bhíthin Prótacail nua arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (f) den Chomhaontú, ba cheart an Comhchoiste a thionól i ndáil leis na comhlachais clár sin freisin.

Bheadh feidhm ag na Rialacha Nós Imeachta reatha maidir le haon chomhlachas den sórt sin a bheidh ann amach anseo.

Le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, d’áiritheofaí feidhmiú an Chomhchoiste faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha agus faoi na cinn a bheidh ann amach anseo.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú, tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh ós rud é go mbeidh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14(1), (2), (3) agus (5) den Chomhaontú.

Níor ceapadh an gníomh atá beartaithe chun creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt. 4

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Saothraítear cuspóirí leis an ngníomh atá beartaithe agus tá comhpháirteanna ann atá i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais (Airteagal 212 CFAE — comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tríú tíortha) lena gcumhdaítear comhar a d’fhéadfadh a bheith ann leis an Nua-Shéalainn ar fud chláir an Aontais faoi chreat marthanach an chomhaontaithe agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le beartas taighde.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 212 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Is iomchuí an cinneadh ón gComhchoiste a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2024/0180 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais 5 (‘an Comhaontú’), shínigh an tAontas agus Rialtas na Nua-Shéalainne é, agus cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ó bhí an 9 Iúil 2023 ann i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1475 ón gComhairle 6 .

(2)Le hAirteagal 14(1) den Chomhaontú bunaítear Comhchoiste atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na bPáirtithe (‘an Comhchoiste’) chun riar agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú.

(3)Le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, déantar foráil go bhfuil an Comhchoiste lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

(4)Tá coinne leis go nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena nglacfar a Rialacha Nós Imeachta.

(5)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos ar bhonn an dréacht-Chinnidh ón gComhchoiste maidir lena Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 14(1) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (‘an Comhaontú’), beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

(2)Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste teacht ar chomhaontú maidir le mioncheartuithe teicniúla ar na Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo gan cinneadh eile ón gComhairle i gcás ina bhfuil na hathruithe sin fíor-riachtanach chun gur féidir leis an gComhchoiste a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 182, 19.7.2023, lch. 4.
(2)    Cinneadh (AE) 2023/1475 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (IO L 182, 19.7.2023, lch. 1).
(3)    Breithiúnas an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C-399/12, EU:C:2014:2258, mír 63.
(4)    Breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, an Coimisiún v an Chomhairle, C-244/17, EU:C:2018:662, mír 38.
(5)    IO L 182, 19.7.2023, lch. 4.
(6)    IO L 182, 19.7.2023, lch. 1.
Top

An Bhruiséil,24.7.2024

COM(2024) 312 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste









DRÉACHT

Cinneadh

Uimh. …/…

ón gComhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn

an …

lena nglactar a Rialacha Nós Imeachta

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Chomhaontú, tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 9 Iúil 2023 ann tar éis don Nua-Shéalainn fógra a thabhairt maidir le tabhairt chun críche a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.

(2)De bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chun cur chun feidhme éifeachtach cuí an Chomhaontaithe a áirithiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh



Iarscríbhinn

Rialacha Nós Imeachta

an

Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais

Riail 1

Cúraimí

An Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14(1) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta), de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), déanfaidh sé na cúraimí agus na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Chomhaontú. 

Riail 2

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

(1)Beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ón Nua-Shéalainn.

(2)Tá oifigigh shinsearacha nó a nainmnithe, ag gníomhú dóibh mar ionadaithe ar an Aontas Eorpach agus ar an Nua-Shéalainn faoi seach, ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

(3)Tabharfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhchathaoirleach ar an gComhchoiste thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne faoi seach. Measfar go leanfaidh an toifigeach sin de bheith ag gníomhú dó mar chomhchathaoirleach ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn, faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Nua-Shéalainn don Pháirtí eile faoi chomhchathaoirleach nua. 

(4)Measfar go bhfuil sé d’údarás ag comhchathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha don Pháirtí eile maidir le comhchathaoirleach nua.

Riail 3

Rúnaíocht

(1)Beidh Rúnaíocht an Chomhchoiste (‘an Rúnaíocht’) comhdhéanta d’oifigeach ón Aontas agus d’oifigeach ón Nua-Shéalainn. Feidhmeoidh an Rúnaíocht na cúraimí arna dtabhairt di leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

(2)Tabharfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta de Rúnaíocht an Chomhchoiste thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne faoi seach. Measfar go leanfaidh an toifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne, faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Nua-Shéalainn maidir le hoifigeach nua.

Riail 4

Cruinnithe

(1)Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina néileofar sin le himthosca speisialta, ar iarraidh ó cheachtar de na Páirtithe.

(2)Tiocfaidh sé le chéile, i bprionsabal, gach re seach sa Bhruiséil agus sa Nua-Shéalainn mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Féadfar cruinnithe a thionól freisin trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil, má chomhaontaíonn na comhchathaoirligh amhlaidh.

(3)Idir na cruinnithe a bheidh ag an gComhchoiste, oibreoidh sé ar bhonn leanúnach trí aon mhodh cumarsáide, go háirithe trí mhalartú ríomhphost.

Riail 5

Rannpháirtíocht i gcruinnithe

(1)Tréimhse ama réasúnta roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn, tríd an Rúnaíocht, comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí féin in iúl dá chéile agus sonróidh siad ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.

(2)I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e. saineolaithe nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhchoiste chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhar sonrach agus chun bheith i láthair sna codanna sin den chruinniú nuair a phléifear na hábhair shonracha sin.

(3)Is é ionadaí an Páirtí a bhfuil an cruinniú á eagrú agus á óstáil aige, tar éis formheas a fháil ón bPáirtí eile, a shocróidh dáta agus ionad an chruinnithe.

Riail 6

Doiciméid

Déanfaidh an Rúnaíocht doiciméid i scríbhinn ar a mbeidh pléití an Chomhchoiste bunaithe a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn.

Riail 7

Comhfhreagras

(1)Seolfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn a gcomhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhchoiste tríd an Rúnaíocht. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide scríofa, lena náirítear ríomhphost.

(2)Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar an comhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhchoiste a sheoladh chuig na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

(3)Déanfar gach comhfhreagras ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe chucu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

Riail 8

Clár oibre

(1)Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Chuige sin, 4 seachtaine ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, is é an toifigeach a bheidh ag gníomhú dó mar chomhalta de Rúnaíocht an Pháirtí a mbeidh an cruinniú á óstáil aige a ullmhóidh an chéad dréacht de chlár oibre sealadach mar aon leis na doiciméid a bhaineann le gach ítim ar an gclár oibre agus déanfar é a tharchur chuig comhalta Rúnaíocht an Pháirtí eile chun barúlacha a fháil. A luaithe a ullmhóidh an Rúnaíocht an dréachtchlár oibre sealadach, tarchuirfear é i dteannta aon doiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh lena bhformheas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dháta an chruinnithe.

(2)Áireofar ar an gclár oibre sealadach na hítimí sin a d’iarr na Páirtithe. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 15 lá roimh thús an chruinnithe.

(3)I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 thuas a laghdú.

(4)Glacfaidh an Comhchoiste a chlár oibre ag tús gach cruinnithe.

(5)Is féidir pointí nach bhfuil ar an dréachtchlár oibre a chur leis, agus féadfar pointí eile den dréachtchlár oibre a scriosadh, a chur siar nó a leasú ag an gcruinniú, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an dá Pháirtí déanamh amhlaidh.

Riail 9

Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid

(1)Ní thionólfar cruinnithe an Chomhchoiste go poiblí, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

(2)Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí an Chomhchoiste a fhoilsiú ina Iris Oifigiúil féin nó ar líne, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis an bPáirtí eile.

(3)I gcás ina gcuirfidh an tAontas nó an Nua-Shéalainn faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda nó cosanta í ar nochtadh faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an páirtí eile leis an bhfaisnéis sin.

(4)Má chuireann an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste atá rúnda nó cosanta ar nochtadh faoina reachtaíocht ábhartha maidir le slándáil faisnéise 2 , áiritheoidh an Nua-Shéalainn leibhéal inchomparáide rúndachta agus cosanta don fhaisnéis a gheofar. I gcás ina gcuirfidh an Nua-Shéalainn faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda nó cosanta í ar nochtadh faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an Coimisiún Eorpach leis an bhfaisnéis sin.

(5)Déanfaidh gach Páirtí iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid an Chomhchoiste a láimhseáil i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin ábhartha.

Riail 10

Miontuairiscí

(1)Scríobhfar miontuairiscí de gach cruinniú den Chomhchoiste.

(2)Maidir leis an oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 15 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht-mhiontuairiscí chuig an gcomhalta den Rúnaíocht ón bPáirtí eile chun barúlacha a fháil. Féadfaidh Rúnaíocht an Pháirtí sin barúlacha a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a fhaightear na dréacht-mhiontuairiscí.

(3)Tabharfar achoimre sna miontuairiscí ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

(a)na doiciméid a cuireadh isteach chuig an gComhchoiste;

(b)aon ráiteas ar iarr ceann de na páirtithe go gcuirfí sna miontuairiscí é; agus

(c)na cinntí a glacadh, na ráitis a cinneadh agus na conclúidí oibríochtúla a glacadh maidir le hítimí sonracha.

(4)Áireofar sna miontuairiscí liosta tinrimh ina mbeidh ainmneacha, teidil agus cáil na rannpháirtithe uile sa chruinniú.

(5)Déanfaidh na comhchathaoirligh na miontuairiscí a fhormheas agus a shíniú laistigh de 2 mhí tar éis an chruinnithe nó faoi aon dáta eile a chinnfidh na comhchathaoirligh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas deireanach sin. Déanfar an leagan barántúil de na miontuairiscí a chaomhnú i gcomhaid gach Páirtí.

(6)Laistigh de 2 lá oibre tar éis chruinniú an Chomhchoiste, ullmhóidh Rúnaíocht an Chomhchoiste achoimre ar na miontuairiscí freisin lena bhformheas ag na comhchathaoirligh a luaithe is féidir. A luaithe a bheidh téacs na hachoimre formheasta ag comhchathaoirligh an Chomhchoiste, féadfaidh na Páirtithe an achoimre ar na miontuairiscí a phoibliú.

Riail 11

Cinntí

(1)I gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoi Airteagal 14 den Chomhaontú, déanfaidh an Comhchoiste cinntí de chomhthoil. Déanfaidh an Rúnaíocht taifead ar aon chinneadh faoi shraithuimhir agus le tagairt don dáta a glacadh é.

(2)Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn trí mhalartú nótaí idir na comhchathaoirligh má chomhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú amhlaidh. Déanfaidh comhchathaoirleach amháin téacs an dréachtchinnidh a chur i láthair an chomhchathaoirligh eile i scríbhinn i dteanga oifigiúil an Chomhchoiste, i gcomhréir le Riail 14. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí a mholann dréachtchinneadh, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go naontaíonn sé leis an dréachtchinneadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go gcomhaontaíonn sé leis an gcinneadh, pléifear an cinneadh atá beartaithe ag an gcéad chruinniú eile den Chomhchoiste agus féadfar é a ghlacadh ag an gcruinniú sin. Measfar an dréachtchinneadh a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go naontaíonn sé leis agus déanfar sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chéad chruinnithe eile den Chomhchoiste.

(3)Síneoidh comhchathaoirligh an Chomhchoiste gach cinneadh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú.

(4)Sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste an dáta a ghabhfaidh éifeacht leo.

Riail 12

Cosaint sonraí pearsanta

Foilseofar na doiciméid dá dtagraítear i Rialacha 9, 10 agus 11 i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme ag an dá Pháirtí, lena n‑áirítear cosaint sonraí pearsanta.

Riail 13

Meithleacha/comhlachtaí comhairleacha

(1)I gcomhréir le hAirteagal 14(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh meitheal/comhlacht comhairleach a bhunú nó a dhíscaoileadh ar an leibhéal saineolaithe. Cinnfidh an Comhchoiste comhdhéanamh agus dualgais gach meithle/comhlachta chomhairligh agus féadfaidh sé iad a leasú de réir mar is gá.

(2)Rannchuideoidh an mheitheal/an comhlacht comhairleach le hobair an Chomhchoiste agus cuideoidh leis a chúraimí a chomhlíonadh, lena náirítear – má chuireann an Comhchoiste de chúram air – trí thuarascálacha nó dréachtchinntí a ullmhú lena bhformheas ag an gComhchoiste. 

(3)Tiocfaidh an mheitheal/an comhlacht comhairleach le chéile de réir mar is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus tuairisceoidh don Chomhchoiste.

(4)Ní chuirfidh bunú ná feidhmiú meithle/comhlachta chomhairligh cosc ar na Páirtithe aon ábhar a thabhairt go díreach don Chomhchoiste.

(5)Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste maidir leis na meithleacha/na comhlachtaí comhairleacha arna mbunú ag an gComhchoiste.

Riail 14

Teangacha

(1)Béarla a bheidh i dteanga oibre oifigiúil an Chomhchoiste.

(2)Is i mBéarla a dhéanfar plé an Chomhchoiste. Is i mBéarla a dhréachtófar clár oibre an chruinnithe, na doiciméid a chuirfear faoi bhráid an Chomhchoiste agus miontuairiscí an chruinnithe.

(3)Is i mBéarla a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid Cinntí.

Riail 15

Caiteachas

Seasfaidh gach Páirtí as na costais a thabhóidh sé as rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha/na gcomhlachtaí comhairleacha atá bunaithe.

Is ar an bPáirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le cruinnithe a eagrú.

Riail 16

Leasuithe ar na Rialacha

Féadfar na rialacha nós imeachta sin a leasú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, i gcomhréir le Riail 11.

Arna dhéanamh, …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

(1)    IO L 182, 19.7.2023, lch. 4.
(2)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
Top