AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.3.2024
COM(2024) 142 final
2024/0076(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fionraíocht pháirteach ar chur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh idir an tAontas agus aon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise, agus ar aon infheistíocht de réir bhrí an Chonartha um Chairt Fuinnimh ar infheistíocht í de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh (‘ECT’) idir an tAontas agus aon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise a chur ar fionraí go páirteach, ar eintiteas é nach bhfuil aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil aige i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe, mar aon le haon infheistíocht de réir bhrí ECT ar infheistíocht í de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise.
2.Comhthéacs an togra
Is comhaontú iltaobhach trádála agus infheistíochta é an Conradh um Chairt Fuinnimh (ECT) a bhfuil feidhm aige maidir leis an earnáil fuinnimh a síníodh in 1994 agus a tháinig i bhfeidhm in 1998. Tá forálacha in ECT maidir le cosaint infheistíochta, trádáil agus idirthuras ábhar agus táirgí fuinnimh, agus sásraí um réiteach díospóidí. Le ECT, cuirtear creat ar bun freisin maidir le comhar i réimse an fhuinnimh idir na Páirtithe Conarthacha ann. Is páirtí é an tAontas Eorpach in ECT, in éineacht le Euratom agus roinnt Ballstát, mar aon leis an tSeapáin, an Eilvéis, an Tuirc agus formhór na dtíortha sna Balcáin Thiar agus in iar-Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis.
De bhun Airteagal 17(1) de ECT, forchoimeádann gach Páirtí Conarthach an ceart sochair Chuid III de ECT a dhiúltú d’eintiteas dlíthiúil más rud é go bhfuil an t‑eintiteas sin faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de chuid tríú stát agus mura bhfuil aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil ag an eintiteas sin i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe. Sa bhreis air sin, de bhun phointe (b) d’Airteagal 17(2) ECT, forchoimeádann gach Páirtí Conarthach an ceart sochair Chuid III de ECT a dhiúltú d’infheistíocht más rud é go suíonn an Páirtí Conarthach is diúltóir gurb éard atá i gceist leis an infheistíocht sin infheistíocht de chuid infheisteora ó thríú stát a ndéanann an Páirtí Conarthach is diúltóir bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun leis nó ina leith, ar bearta iad (i) lena gcuirtear toirmeasc ar idirbhearta le hinfheisteoirí de chuid an stáit sin; nó (ii) a dhéanfaí a shárú nó a imchéimniú dá mba rud é go dtabharfaí sochair Chuid III de ECT d’infheisteoirí an stáit sin nó dá n‑infheistíochtaí.
Ó mhí an Mhárta 2014 i leith, tá smachtbhannaí in aghaidh Chónaidhm na Rúise forchurtha de réir a chéile ag an Aontas, mar fhreagairt ar dtús ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol agus ar dhíchobhsú na hÚcráine d’aon ghnó. Ar an 23 Feabhra 2022, mhéadaigh an tAontas Eorpach na smachtbhannaí mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin agus ar ordú fhórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin. Tar éis an 24 Feabhra 2022, mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, rinne an tAontas Eorpach méadú suntasach ar na smachtbhannaí. Chuir sé líon suntasach daoine agus eagraíochtaí leis an liosta smachtbhannaí agus ghlac sé bearta nach bhfacthas a leithéidí riamh chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, chun teicneolaíochtaí agus margaí ríthábhachtacha a cheilt uirthi, agus chun srian suntasach a chur ar a cumas cogadh a fhearadh.
San am céanna, leathnaíodh córas smachtbhannaí an Aontais maidir le Poblacht na Bealarúise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na tíre i gcogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá sé sin sa bhreis ar na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm cheana i leith na Bealarúise. Is éard atá sa chóras smachtbhannaí sin sraith de bhearta airgeadais, eacnamaíocha agus trádála.
Ní Páirtí Conarthach iad Cónaidhm na Rúise ná Poblacht na Bealarúise in ECT. Mar sin féin, d’fhéadfadh infheisteoirí ó na tíortha sin úsáid a bhaint as corparáidí atá bunaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh in ECT chun a mhaíomh gur ghníomhaigh an tAontas Eorpach nó a Bhallstáit ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le hoibleagáidí cosanta infheistíochta EDT agus imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát a thionscnamh in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát dá bhrí sin.
Tá gníomhaíochtaí an Aontais agus a Bhallstát i gcomhréir le ECT agus le comhaontuithe ábhartha eile agus, in aon chás, ní féidir éilimh i ndáil leis na bearta sin a dhéanamh de bhun na n‑ionstraimí is infheidhme agus de bhun an dlí idirnáisiúnta ghinearálta. D’ainneoin sin, is iomchuí céimeanna comhlántacha nós imeachta a ghlacadh ionas go seachnófar imeachtaí um réiteach díospóidí infheisteora-stáit in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát faoi ECT.
3.Bearta atá beartaithe
Le hAirteagal 17 ECT, ceadaítear do Pháirtithe Conarthacha na sochair a bhaineann le forálacha cosanta infheistíochta ECT a dhiúltú d’infheisteoirí ó Pháirtithe Neamhchonarthacha a fhéachann le mí‑úsáid a bhaint as ECT trí éilimh infheistíochta a dhéanamh trí chorparáidí caocha nó i ndáil le bearta a bhaineann le smachtbhannaí (‘diúltú sochar’).
Is iomchuí Airteagal 17(1) ECT a agairt agus sochair Chuid III de ECT a dhiúltú d’aon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise nach bhfuail aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil aige i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe. Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí na sochair sin a dhiúltú d’aon infheistíocht de réir bhrí ECT ar infheistíocht í de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise in imthosca a thagann faoi Airteagal 17(2)(b).
Le diúltú na sochar de bhun Airteagal 17, tugtar le tuiscint go bhfuil ECT á chur ar fionraí go páirteach agus ba cheart gurb é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme é trí dhearbhú poiblí a eisiúint thar ceann an Aontais agus na mBallstát uile atá ina bPáirtithe Conarthacha in ECT.
4.An bunús dlí
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ‘lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe.’ Fágann agairt Airteagal 17 ECT go gcuirtear ECT ar fionraí go páirteach, mar atá Cuid III de ECT maidir le cur chun cinn agus cosaint infheistíochta, i leith infheisteoirí ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
Is é an príomhchuspóir rialacha ECT a chur ar fionraí maidir le cur chun cinn agus cosaint infheistíochtaí de chuid infheisteoirí ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE is bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfaidh an dearbhú faoi Airteagal 17 ECT cur i bhfeidhm ECT ag an Aontas agus na Ballstáit uile ar Páirtithe Conarthacha in ECT iad a chur ar fionraí, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2024/0076 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fionraíocht pháirteach ar chur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh idir an tAontas agus aon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise, agus ar aon infheistíocht de réir bhrí an Chonartha um Chairt Fuinnimh ar infheistíocht í de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lgh. 1-116) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998.
(2)De bhun Airteagal 17(1) ECT, forchoimeádann gach Páirtí Conarthach an ceart sochair Chuid III de ECT a dhiúltú d’eintiteas dlíthiúil más rud é go bhfuil an t‑eintiteas sin faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de chuid tríú stát agus mura bhfuil aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil ag an eintiteas sin i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe.
(3)De bhun phointe (b) d’Airteagal 17(2) den Chomhaontú, forchoimeádann gach Páirtí Conarthach an ceart sochair Chuid III den Chomhaontú a dhiúltú d’infheistíocht más rud é go suíonn an Páirtí Conarthach is diúltóir gurb éard atá i gceist leis an infheistíocht sin infheistíocht de chuid infheisteora ó thríú stát a ndéanann an Páirtí Conarthach is diúltóir bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun leis nó ina leith, ar bearta iad (i) lena gcuirtear toirmeasc ar idirbhearta le hinfheisteoirí de chuid an stáit sin; nó (ii) a dhéanfaí a shárú nó a imchéimniú dá mba rud é go dtabharfaí sochair Chuid III den Chomhaontú d’infheisteoirí an stáit sin nó dá n‑infheistíochtaí.
(4)Tá bearta sriantacha (smachtbhannaí) in aghaidh Chónaidhm na Rúise forchurtha de réir a chéile ag an Aontas, mar fhreagairt ar dtús ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol agus ar dhíchobhsú na hÚcráine d’aon ghnó. Mhéadaigh an tAontas Eorpach na smachtbhannaí mar fhreagairt ar an aitheantas a tugadh do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin agus ar ordú fhórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin. Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, rinne an tAontas Eorpach méadú suntasach ar na smachtbhannaí.
(5)San am céanna, leathnaíodh córas smachtbhannaí an Aontais maidir le Poblacht na Bealarúise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na tíre sin i gcogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
(6)Ní Páirtí Conarthach iad Cónaidhm na Rúise ná Poblacht na Bealarúise sa Chomhaontú. Mar sin féin, d’fhéadfadh infheisteoirí ó na tíortha sin féachaint le húsáid a bhaint as corparáidí atá bunaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh sa Chomhaontú chun a mhaíomh gur ghníomhaigh an tAontas Eorpach nó a Bhallstáit ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le hoibleagáidí cosanta infheistíochta EDT agus imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát a thionscnamh in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát dá bhrí sin.
(7)Tá gníomhaíochtaí an Aontais agus a Bhallstát i gcomhréir le ECT agus le comhaontuithe ábhartha eile agus, in aon chás, ní féidir éilimh i ndáil leis na bearta sin a dhéanamh de bhun na n‑ionstraimí is infheidhme agus de bhun an dlí idirnáisiúnta ghinearálta. D’ainneoin sin, is iomchuí céimeanna comhlántacha nós imeachta a ghlacadh ionas go seachnófar imeachtaí um réiteach díospóidí infheisteora-stáit in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát faoi ECT.
(8)Le hAirteagal 17 den Chomhaontú, ceadaítear do Pháirtithe Conarthacha na sochair a bhaineann le forálacha cosanta infheistíochta an Chomhaontaithe a dhiúltú d’infheisteoirí ó Pháirtithe Neamhchonarthacha a fhéachann le mí‑úsáid a bhaint as an gComhaontú trí éilimh infheistíochta a dhéanamh sna cásanna a luaitear thuas (‘diúltú sochar’).
(9)Is iomchuí Airteagal 17(1) den Chomhaontú a agairt i ndáil le haon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise agus nach bhfuail aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil aige i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe. Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí Airteagal 17(2)(b) a agairt i ndáil le haon infheistíocht de réir bhrí an Chomhaontaithe ar infheistíocht í de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise sna himthosca a shonraítear san fhoráil sin.
(10)Le diúltú na sochar de bhun Airteagal 17 den Chomhaontú, tugtar le tuiscint go bhfuil an Comhaontú á chur ar fionraí go páirteach agus ba cheart gurb é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme é leis an dearbhú poiblí san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a eisiúint thar ceann an Aontais agus na mBallstát uile atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Déanfaidh an tAontas Eorpach, de bhun Airteagal 17(1) den Chonradh um Chairt Fuinnimh, sochair Chuid III den chomhaontú sin a dhiúltú d’aon eintiteas dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise agus nach bhfuail aon ghníomhaíocht ghnó shubstaintiúil aige i limistéar an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil sé eagraithe.
2.Déanfaidh an tAontas Eorpach, de bhun Airteagal 17(2)(b) den Chonradh um Chairt Fuinnimh, sochair Chuid III den chomhaontú sin a dhiúltú d’aon infheistíocht de chuid infheisteora ó Chónaidhm na Rúise nó ó Phoblacht na Bealarúise sna himthosca a shonraítear san fhoráil sin.
Airteagal 2
Tabharfaidh an Coimisiún éifeacht don Chinneadh seo tríd an dearbhú san Iarscríbhinn a eisiúint.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán