Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0059

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla i réimse na loingseoireachta intíre

COM/2024/59 final

An Bhruiséil,9.2.2024

COM(2024) 59 final

2024/0034(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla i réimse na loingseoireachta intíre


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú an Choiste Eorpaigh um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (‘CESNI’) an 11 Aibreán 2024 agus ag seisiún iomlánach an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin (LCLR) an 13 Meitheamh 2024 i ndáil leis an gCaighdeán Eorpach nuashonraithe um Cháilíochtaí sa Loingseoireacht Intíre (ES-QIN) atá beartaithe a ghlacadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.LCLR agus CESNI

Is eagraíocht idirnáisiúnta é LCLR a bhfuil inniúlachtaí rialála aige maidir le cúrsaí loingseoireachta intíre ar an Réin. Tá ceithre Bhallstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír) agus an Eilvéis ina bpáirtithe in LCLR.

Leis an gCoinbhinsiún Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine, a síníodh an 17 Deireadh Fómhair 1868 in Mannheim agus arna leasú an 14 Aibreán 1967, sainítear an creat dlíthiúil lena rialaítear úsáid na Réine mar uiscebhealach intíre le haghaidh loingseoireachta agus leagtar síos saintréithe LCLR. Leanann sé le córas na Réine a bhunaigh Comhdháil Vín in 1815. Maidir le cinnteoireacht, tionólann Ballstáit LCLR dhá uair sa bhliain i gcruinnithe iomlánacha. Tá vóta amháin ag gach Stát, agus is d’aon toil a dhéantar na cinntí. Tá na rúin sin ceangailteach ó thaobh dlí. Ní comhalta de LCLR é an tAontas.

In 2015, ghlac LCLR rún lenar cruthaíodh CESNI 1 . Sa mhisean atá aige áirítear caighdeáin theicniúla a ghlacadh i réimse na loingseoireachta intíre, go háirithe maidir le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú, léiriú comhionann na gcaighdeán sin agus na nósanna imeachta comhfhreagracha, chomh maith le plé ar shábháilteacht na loingseoireachta, ar chosaint an chomhshaoil nó ar réimsí eile den loingseoireacht.

Tá CESNI comhdhéanta de shaineolaithe ón Aontas agus ó Bhallstáit LCLR. Tá cearta vótála ag na saineolaithe sin ar bhonn vóta amháin in aghaidh an stáit. Ach tugann CESNI institiúidí an Aontais agus institiúidí idirnáisiúnta chomh maith le saineolas san áireamh ina chuid saothar. Is féidir leis an Aontas, gan ceart vótála a bheith aige, páirt a ghlacadh in obair CESNI i gcónaí, mar is féidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a gcuimsítear ina misean na réimsí lena mbaineann CESNI. Taobh leis na cearta rannpháirtíochta sin, is féidir le CESNI cuireadh a thabhairt do lucht saineolais (saineolaithe aonair, cumainn aicmiúcháin, etc.). Is ag seisiún iomlánach CESNI a chuirtear bailchríoch ar na caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal na saineolaithe.

Déanann an tAontas agus LCLR foráil maidir le rialacháin i gcomhthéacs cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre, is iad sin Treoir (AE) 2017/2397 2 agus na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin 3 . Le hAirteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397 aithnítear doiciméid cháilíochta a eisítear i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin más ionann na ceanglais eisiúna agus na ceanglais sa Treoir sin. Tagraíonn an dá chóras dlí do chaighdeáin CESNI.

2.2.Na gníomhartha atá beartaithe ag CESNI agus LCLR

Ar an gcéad dul síos, tá CESNI chun an t‑eagrán nua dá Chaighdeán Eorpach um Cháilíochtaí sa Loingseoireacht Intíre (ES-QIN 2024/1) a ghlacadh le linn an chruinnithe iomlánaigh a bheidh aige an 11 Aibreán 2024. Déantar ES-QIN a nuashonrú go rialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·ardleibhéal na sábháilteachta sa loingseoireacht intíre a choinneáil ar bun,

·an éabhlóid theicniúil a leanúint (mar shampla, scileanna digiteacha),

·comhoiriúnacht le creat dlíthiúil an Aontais a áirithiú.

Dá réir sin, baineann an nuashonrú leis na réimsí seo a leanas:

·nithe breise chun inniúlachtaí áirithe ar an leibhéal bainistíochta a neartú maidir le seoladh ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí;

·tagairtí nuashonraithe do ES-TRIN (an Caighdeán Eorpach lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre);

·tagairtí nuashonraithe do ES-RIS (an Caighdeán Eorpach le haghaidh Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann);

·téarmaíocht a chomhchuibhiú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 ón gCoimisiún agus soiléirithe eagarthóireachta.

I gcomhréir le Treoir (AE) 2017/2397, déanfar ES-QIN 2024/1 a ionchorprú i ndlí an Aontais. De bhun Airteagail 32 agus 34 den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún tagairt do CESNI i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, ar choinníoll:

go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta;

go gcomhlíonann na caighdeáin sin aon cheanglas is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní;

nach gcuireann athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI leasa an Aontais i mbaol.

Faoi láthair, tagraíonn an Treoir sin do ES-QIN 2019/1. Le hAirteagal 9 de Rialacha Nós Imeachta CESNI ní cheadaítear caighdeáin a ghlacadh go dtí go mbeidh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE déanta.

Ar an dara dul síos, glacfaidh LCLR rún freisin lena leasófar a Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin. Áireofar leis sin tagairt don ES-QIN 2024/1 nuashonraithe. Beidh dlí an Aontais agus na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin araon ag tagairt do ES-QIN 2024/1 ón 1 Eanáir 2025.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é an cinneadh lena mbunaítear seasamh an Aontais aontú le ES-QIN 2024/1 a ghlacadh sa dá eagraíocht.

Is nuashonrú é ES-QIN 2024/1 ar an gcaighdeán ábhartha atá i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Rinneadh dianullmhúchán ar leibhéal shaineolaithe CESNI (meitheal CESNI/QP) maidir leis an nuashonrú. Tháinig na saineolaithe le chéile roinnt uaireanta agus tháinig siad ar chomhaontú ar an leibhéal sin maidir leis na ceanglais cháilíochta agus dréachtú an chaighdeáin lena mbaineann.

Ós rud é gurb é cuspóir Threoir (AE) 2017/2397 sábháilteacht na loingseoireachta, cosaint bheatha an duine agus an chomhshaoil a áirithiú, is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas ES-QIN 2024/1 a ghlacadh. Coinníonn ES-QIN 2024/1 ar bun an leibhéal sábháilteachta is airde i réimse na loingseoireachta intíre i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin, leanann sé an éabhlóid theicniúil san earnáil sin agus áirithítear leis comhoiriúnacht caighdeán eile atá cothrom le dáta maidir le loingseoireacht intíre ar cuid de dhlí an Aontais iad.

Tá gá le seasamh ón Aontas ós rud é go bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE. De bharr na dtagairtí sin do chaighdeáin CESNI atá cothrom le dáta i dTreoir (AE) 2017/2397, déanfaidh glacadh ES-QIN i seisiún iomlánach CESNI difear do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Thairis sin, maidir le cáilíochtaí arna n‑eisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, ní aithnítear iad i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Treoir sin ach amháin más ionann na ceanglais eisiúna agus na ceanglais sa Treoir sin. Chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir dhá chóras dlí atá ann cheana maidir le ceanglais cháilíochta le haghaidh soithí loingseoireachta intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/2397, is gá foráil a dhéanamh maidir leis na caighdeáin chéanna.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu is comhalta den chomhlacht é an tAontas, nó nach ea, nó cé acu atá sé ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil 4 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 5 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlachtaí iad CESNI agus LCLR araon a cuireadh ar bun faoi chomhaontú idirnáisiúnta, is é sin an Coinbhinsiún athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine (Acht Mannheim). Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo iad na gníomhartha a iarrtar ar CESNI agus LCLR a ghlacadh.

Ar thaobh amháin, tá glacadh ES-QIN 2024/1 ag seisiún iomlánach CESNI, mar atá beartaithe, ag imirt tionchar cinntitheach ar ábhar reachtaíocht an Aontais. Cé nach bhfuil glacadh ES-QIN ag seisiún iomlánach CESNI ceangailteach ó thaobh dlí de per se, bunaítear le hAirteagail 32 agus 34 de Threoir (AE) 2017/2397 tagairt do chaighdeáin ó CESNI atá cothrom le dáta, is é sin ES-QIN. Mar sin, beidh ar an gCoimisiún reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh a thugann ES-QIN 2024/1 san áireamh i bhfianaise cheanglais bhreise Airteagail 32 agus 34 den Treoir sin.

Ar an taobh eile, beidh cinneadh LCLR tagairt a dhéanamh do ES-QIN 2024/1 sna Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 46 d’Acht Mannheim athbhreithnithe. Tá sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar Threoir (AE) 2017/2397 freisin. San iarracht chun an reachtaíocht maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a chomhchuibhiú (i bhfianaise aithris 40 de Threoir 2017/2397), déantar foráil le dlí in Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397 maidir le haitheantas a thabhairt do dhoiciméid arna n‑eisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin lena leagtar síos ceanglais atá comhionann le ceanglais na Treorach. Leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh má thagraíonn na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin ó LCLR don ES-QIN 2024/1 céanna a dtagraíonn an Treoir dó.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidh nó na príomhchoda.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas iompair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 91(1) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 91(1) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2024/0034 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla i réimse na loingseoireachta intíre

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine an 17 Deireadh Fómhair 1868, arna leasú leis an athbhreithniú an 20 Deireadh Fómhair 1963, (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967. Leis an gComhaontú coinnítear ar bun an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (‘LCLR’) agus an córas le haghaidh loingseoireacht intíre na Réine a bunaíodh in 1815. Faoi chuimsiú LCLR, bunaíodh an Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (‘CESNI’) an 3 Meitheamh 2015 chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe maidir le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú.

(2)Níl éifeacht dhlíthiúil dhíreach ag glacadh caighdeán ag CESNI, ach déantar tagairt i dTreoir (AE) 2017/2397 6 1 do na caighdeáin CESNI is déanaí maidir le cáilíocht ghairmiúil, is é sin ES-QIN. Tagraíonn LCLR freisin do na caighdeáin is déanaí ina Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin 7 2. De bhun Airteagal 17 agus Airteagal 46 den Chomhaontú, féadfaidh an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (‘LCLR’) rúin cheangailteacha a ghlacadh lena mbunófar ceanglais le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla i dtaca leis an loingseoireacht intíre ar an Réin.

(3)Tá CESNI chun an Caighdeán Eorpach nuashonraithe um Cháilíochtaí sa Loingseoireacht Intíre 2024/1 (‘ES-QIN 2024/1’) a ghlacadh le linn a sheisiún an 11 Aibreán 2024. Tar éis an ghlactha sin, tá sé beartaithe ag LCLR rún a ghlacadh lena leasaítear na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin chun tagairt a dhéanamh do ES-QIN 2024/1 ina sheisiún iomlánach an 13 Meitheamh 2024. Tagann ES-QIN 2024/1 in ionad ES-QIN 2019.

(4)Foráiltear le ES-QIN 2024/1 go ndéanfar nuashonrú ar na híoschaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha is gá chun soghluaisteacht a éascú, chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú agus chun cosaint bheatha an duine agus an chomhshaoil a áirithiú. Tá na caighdeáin sin tugtha cothrom le dáta anois i dtéarmaí na gceanglas maidir le seoladh ar uiscí de chineál muirí. Áirítear leo freisin tagairtí nuashonraithe don ‘Chaighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre’ agus an ‘Caighdeán Eorpach le haghaidh Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann’. Ar deireadh, rinneadh soiléirithe eagarthóireachta a chuireann leis an deimhneacht dhlíthiúil.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI agus in LCLR a bhunú, ós rud é go mbeidh ES-QIN 2024/1 ag imirt tionchar cinntitheach ar ábhar dhlí an Aontais. Le hAirteagail 32 agus 34 de Threoir (AE) 2017/2397 ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtagraítear don leagan is déanaí de chaighdeáin cáilíochta gairmiúla CESNI ar choinníoll go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin agus nach gcuirtear leasanna an Aontais i mbaol trí athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 10 den Treoir sin go naithneofar doiciméid arna neisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin lena leagtar síos ceanglais atá comhionann le ceanglais na Treorach.

(6)Chun soghluaisteacht a éascú, chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú agus chun cosaint bheatha an duine agus an chomhshaoil a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeadh na ceanglais theicniúla do bhaill foirne chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi chórais éagsula dlí san Eoraip. Go háirithe, Ballstáit ar comhaltaí iad de LCLR freisin, ba cheart dóibh tacú le cinntí lena ndéantar rialacha LCLR a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(7)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de CESNI agus LCLR, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de CESNI maidir le ES-QIN 2024/1 (CESNI (23) 21 rev.1) a ghlacadh, aontú lena ghlacadh.

2.Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in LCLR, tacú leis na tograí uile lena ndéantar Rialacháin LCLR a ailíniú le ES-QIN 2024/1 (CESNI (23) 21 rev.1).

Airteagal 2

1.Cuirfidh na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de CESNI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) in iúl.

2.Is iad Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de LCLR, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rún 2015-I-3, CC/R (15) 1, lch. 1.
(2)    Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena naisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).
(3)    Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, Rún 2022-I-9, CC/R (22) 2, lch. 38 agus an Iarscríbhinn.
(4)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(5)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64.
(6) 1    Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).
(7) 2    mar atá, faoi láthair, na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, Rún 2022-I-9, CC/R (22) 2, lch. 38 agus an Iarscríbhinn
Top