AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.1.2024
COM(2024) 50 final
2024/0028(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, mar gheall ar na hiarmhairtí tromchúiseacha do shaol na ndaoine, an gá díriú ar chosaint na críche, an líon mór daoine atá easáitithe, scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid mhaith de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith faoi shrian. Sa chomhthéacs deacair sin, i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 27 Deireadh Fómhair 2023 agus an 15 Nollaig 2023, cuireadh i dtreis go leanfaidh sí de thacaíocht láidir pholaitiúil agus eacnamaíoch a chur ar fáil don Úcráin a fhad is gá. Ina theannta sin, d’iarr an Úcráin ar an Aontas na coinníollacha a éascú a mhéid is féidir chun cur ar chumas na tíre a seasamh trádála leis an gcuid eile den domhan a choinneáil agus a caidreamh trádála leis an Aontas a dhoimhniú a thuilleadh. Ar na bearta chun na críche sin, tá go ndearnadh lóistíocht a éascú tríd an gComhaontú idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar agus leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin agus méadú a dhéanamh ar mhéid an léirscaoilte margaidh trí Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 agus Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais. Tháinig Rialachán (AE) 2023/1077 i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 5 Meitheamh 2024. Is amhlaidh a chuir na bearta sin le solúbthacht agus cinnteacht do tháirgeoirí na hÚcráine.
I bhfianaise cogadh foghach gan stad na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an gá atá ann dá thoradh sin leanúint de thacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin, agus nuair a chuimhnítear gur deonaíodh stádas mar iarrthóir don Aontas don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus cuireadh tús leis an gCaibidlíocht Aontachais i mí na Nollaig 2023 , tá Rialachán á mholadh ag an gCoimisiún ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéanfar na bearta sin um léirscaoileadh trádála a athnuachan, Rialachán ar cheart feidhm a bheith aige ar feadh tréimhse bliana ón dáta a rachaidh na bearta reatha in éag (i.e. ón 6 Meitheamh 2024):
–Na dleachta custaim uile atá fós le híoc a chur ar fionraí go sealadach faoi Theideal IV den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhlachais’ anseo feasta) lena mbunaítear limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála (DCFTA). Baineann sé sin le dhá chatagóir táirgí:
·torthaí agus glasraí faoi réir chóras an phraghais iontrála;
·táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir taraif-chuótaí.
–Cur i bhfeidhm Chaibidil V agus Airteagal 24 de na comhrialacha maidir le hallmhairí (coimircí) a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.
Beidh na bearta sealadacha agus eisceachtúla sin ina gcuidiú leanúnach chun tacú leis na sreabha trádála atá ann cheana ón Úcráin go dtí an tAontas agus iad a chothú. Tá sé sin ag teacht le ceann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Chomhlachais, is é sin coinníollacha a bhunú do chaidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála as a dtiocfaidh comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh.
Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear faoin togra seo le haghaidh Rialacháin, déantar iad agus an gealltanas in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais á urramú, Airteagal ina gcuimsítear mar ghné bhunriachtanach den Chomhaontú urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, do dosháraitheacht teorainneacha agus don neamhspleáchas a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, bheadh na bearta léirscaoilte trádála faoi choinníoll go n‑urramófaí na bunphrionsabail chéanna atá leagtha amach in Airteagal 2, lena n‑áirítear iad siúd lena bhforáiltear gur bunghnéithe den Chomhaontú sin iad prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus prionsabal an smachta reachta a urramú.
Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na bearta léirscaoilte trádála atá sa togra seo a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 207(1) CFAE, go stiúrfar comhbheartas tráchtála an Aontais i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
De réir an togra, beidh feidhm ag togra coimirce atá bunaithe ar fhaireachán tráthrialta, trínar féidir aon bheart a bhfuil gá leis a fhorchur. Ina theannta sin, áirítear leis an sásra coimirce oibleagáid ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh má sháraíonn allmhairí éanlaithe clóis, uibheacha agus siúcra meán uimhriúil na gcainníochtaí a allmhairíodh in 2022 agus 2023.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Bheadh na bearta léirscaoilte trádála sin comhsheasmhach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus go háirithe le Teideal IV lena mbunaítear DCFTA, rud lena bhforáiltear go mbunóidh na Páirtithe limistéar saorthrádála de réir a chéile thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.
Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2023/1077 léiríodh tiomantas láidir an Aontais tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin trí bhíthin trádáil idirnáisiúnta i gcomhthéacs cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is leathnú loighciúil ar an mbeartas sin é na bearta um léirscaoileadh trádála a athnuachan de réir mar a leanann an cogadh foghach agus deacrachtaí eacnamaíocha na hÚcráine ar aghaidh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Cháin an tAontas Eorpach go láidir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rinne sé bearta nach bhfacthas a leithéid riamh chun tacú leis an Úcráin sa chomhthéacs eisceachtúil seo, bearta ó chúnamh airgeadais, lena n‑áirítear tacaíocht mhacra-airgeadais le haghaidh bearta éigeandála agus atógáil, seachadadh trealaimh mhíleata agus glacadh smachtbhannaí fairsinge i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, go dlús a chur leis an gcomhar faoin gComhaontú Comhlachais. Ina theannta sin, tugadh stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht AE don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus cuireadh tús leis an gCaibidlíocht Aontachais i mí na Nollag 2023. Dá bhrí sin, chomhlíonfadh an Rialachán atá beartaithe oibleagáid an Aontais faoi Airteagal 21(3) CAE chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí, agus is aisti a eascraíonn sé, mar aon le hAirteagal 207(1) CFAE lena bhforáiltear go bhfuil an comhbheartas tráchtála le déanamh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Sainítear an comhbheartas tráchtála mar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Tá an togra seo riachtanach chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme agus chun an cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin faoi na deacrachtaí atá aici faoi láthair, i réimse na trádála leis an Aontas freisin.
•An rogha ionstraime
Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Chun a áirithiú go leanfar de na bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh na hÚcráine tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1077 an 5 Meitheamh 2024, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024. I bhfianaise an ghá sin agus na práinne a bhaineann leis an togra seo dá bharr, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Mar sin féin, bhí forálacha trádála agus forálacha maidir le cúrsaí trádála sa Chomhaontú Comhlachais faoi réir measúnú tionchair inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Trádála in 2007 agus cuireadh an measúnú sin san áireamh sa phróiseas caibidlíochta DCFTA. Deimhníodh sa staidéar sin gur dea-thionchar eacnamaíoch an tionchar a d’imreofaí ar an Aontas Eorpach agus ar an Úcráin araon ach na forálacha sin maidir le trádáil agus cúrsaí trádála a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, tá faireachán agus tuairisciú tráthrialta á ndéanamh ar shreabha allmhairí faoi Rialachán (AE) 2023/1077. Níor léirigh an faireachán fianaise prima facie gur ann d’éifeachtaí díobhálacha ar Mhargadh an Aontais.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.
•Cearta bunúsacha
Comhlíonann na bearta sin na bunphrionsabail chéanna agus a chomhlíonann na bearta sin a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais leis an Úcráin gur bunghnéithe den Chomhaontú sin urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus na bunsaoirsí agus do phrionsabal an smachta reachta.
Bheadh na bearta léirscaoilte trádála i gcomhréir freisin leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ar bhonn meastachán de réir leibhéal na méideanna allmhairí táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe de bhreis ar an gcuóta bliantúil saor ó dhleacht ón Úcráin in 2021, bheadh caillteanas ioncaim custaim EUR 33.4 milliún in aghaidh na bliana ag an Aontas Eorpach. Mar sin, is é EUR 33.4 milliún an méid iomlán measta agus dá bhrí sin beidh an tionchar ar acmhainní dílse an Aontais an‑teoranta.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá tuairisc ar líne ar éabhlóid na trádála déthaobhaí idir an tAontas agus an Úcráin le fáil ar shuíomhanna gréasáin atá ag an gCoimisiún Eorpach chuige sin. Déanfar faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin ar bhonn démhíosúil, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais agus táirgeacht an Aontais i gcás na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, is é is aidhm don bheart na sreafaí trádála a bhaineann leis na hallmhairí uile ón Úcráin a mhéadú trí na taraifí uile atá fós le híoc agus na dleachtanna allmhairiúcháin uile a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí na hÚcráine a chur ar fionraí. Dheonófaí na bearta léirscaoilte trádála i bhfoirm fionraí iomlán a chur ar dhleachtanna allmhairiúcháin ar gach táirge.
2024/0028 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (an ‘Comhaontú Comhlachais’), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle, ón 1 Eanáir 2016, bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.
(2)Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (‘na Páirtithe’) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
(3)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (‘GATT 1994’). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear ann agus an fhéidearthacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú.
(4)Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, i ngeall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid shuntasach de na modhanna iompair ó tharla, mar shampla, an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith faoi shrian agus éiginnte. Faoi chúinsí eisceachtúla den sórt sin agus chun tionchar diúltach eacnamaíoch chogadh foghach na Rúise a mhaolú, tá gá le dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Úcráin chun tacaíocht leanúnach a thabhairt d’údaráis na hÚcráine agus do mhuintir na hÚcráine. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint de shreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), stiúrfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
(6)Rachaidh Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in éag an 5 Meitheamh 2024.
(7)Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta um léirscaoileadh trádála sealadach a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; (ii) taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí; agus (iii) cur i bhfeidhm Chaibidil V agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí. Trí na bearta sin, cuirfidh an tAontas, i ndáiríre, tacaíocht iomchuí eacnamaíoch agus airgeadais ar fáil ar bhonn sealadach chun leas na hÚcráine agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
(8)Chun calaois a chosc, na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll go mbeidh na coinníollacha ábhartha uile chun socair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais comhlíonta ag an Úcráin, lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus ina theannta sin, ba cheart iad a bheith faoi réir dhlúthchomhair na hÚcráine leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.
(9)Na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an gcoinníoll freisin go staonfaidh an Úcráin ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu agus ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó ar mhuirir atá ann cheana nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis sin i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise.
(10)Na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an gcoinníoll freisin go mbeidh urraim i gcónaí ag an Úcráin do phrionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais. I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais iad, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, do dhosháraitheacht teorainneacha agus do neamhspleáchas a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic le leathadh na n‑arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n‑arm sin. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais an smacht reachta, an dea-rialachas, an comhrac i gcoinne na héillitheachta agus an comhrac i gcoinne na gcineálacha éagsúla coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus sceimhlitheoireachta, agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh, ar rudaí iad atá ríthábhachtach ó thaobh an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú.
(11)Faoi réir measúnú ón gCoimisiún a dhéantar i gcomhthéacs an fhaireacháin thráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus a sheoltar tar éis iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht aon bheart is gá a ghlacadh i leith allmhairí aon táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Tá staid thar a bheith forbhásach sna margaí d’éanlaith chlóis, uibheacha agus siúcra a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeoirí talmhaíochta an Aontais dá dtiocfadh méadú ar allmhairí ón Úcráin. Is iomchuí coimirce uathoibríoch a thabhairt isteach d’uibheacha, éanlaith chlóis agus táirgí siúcra a ghníomhachtófar má sháraíonn na cainníochtaí a allmhairítear de bhun an Rialacháin seo meán uimhriúil na gcainníochtaí in 2022 agus 2023.
(12)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha sin a thuilleadh agus chun coimircí a thabhairt isteach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid maidir le bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí agus chineál na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach.
(13)Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.
(14)I bhfianaise na práinne atá leis an ábhar a bhaineann leis an staid arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.
(15)I bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1077 an 5 Meitheamh 2024, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bearta léirscaoilte trádála
1.Tugtar isteach na socruithe fabhracha seo a leanas:
(a)déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin;
(b)na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí atá cumhdaithe faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.
2.Déanfar cur i bhfeidhm Chaibidil V agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar fionraí go sealadach maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.
Airteagal 2
Coinníollacha chun bheith i dteideal socruithe fabhracha
Beidh na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;
(b)staonadh na hÚcráine ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, lena n‑áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh; agus
(c)an Úcráin do thabhairt urraime do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha, marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 22 den Chomhaontú Comhlachais.
Airteagal 3
Fionraíocht shealadach
1.Má chinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe fabhracha uile dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) a chur ar fionraí nó cuid díobh a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
2.I gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh nár chomhlíon Úcráin na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 4
Bearta coimirce
1.I gcás ina ndéanfar táirge a chumhdaítear le hAirteagal 1(1) de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá leis a fhorchur trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
Féadfar na bearta sin a fhorchur a fhad is gá chun cur in aghaidh na n‑éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach.
2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis maidir le honnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó agus táirgeacht an Aontais i ndáil leis na táirgí atá faoi réir na mbeart um léirscaoileadh trádála faoi Airteagal 1(1), pointe (b).
Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach 2 mhí, ag tosú ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach ar mhaithe le bearta a fhorchur i gcomhréir le mír 1. Seolfar an measúnú sin:
(a)ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ó Bhallstát lena n‑áirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnta don Bhallstát sin de bhun mhír 4 maidir le hallmhairí a dhéanann dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1, nó
(b)ar a thionscnamh féin, tar éis don Choimisiún teacht ar an tuiscint gur dealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích laistigh de 4 mhí óna seoladh.
4.Agus an measúnú á dhéanamh aige de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh lena n‑áirítear tionchar na n‑allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail:
(a)ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí ón Úcráin den táirge lena mbaineann i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta,
(b)éifeacht na n‑allmhairí lena mbaineann ar tháirgeacht agus ar phraghsanna san Aontas nó i mBallstáit amháin nó níos mó, agus forbairt na n‑allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh an tráth céanna.
Ní liosta uileghabhálach é an liosta seo agus féadfar tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.
5.In imthosca criticiúla, ina mbeadh moill ina cúis le díobháil a bheadh deacair a leigheas, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá a fhorchur go sealadach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ní fhéadfar bearta den sórt sin a fhorchur ach amháin ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ó Bhallstát de bhun mhír 3(a) den Airteagal seo agus glacfar iad laistigh de 21 lá tar éis an iarraidh a fháil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(4). Ní mhairfidh beart coimirce sealadach níos faide ná 120 lá.
6.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go ndearnadh díobháil do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus ina bhfuil sé beartaithe aige beart cinntitheach a fhorchur de bhun mhír 1, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach na bearta sin. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.
7.Más rud é, le linn na tréimhse ón 6 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig 2024, go sroichfidh méideanna carnacha allmhairí i gcás uibheacha, éanlaith chlóis nó siúcra ón 1 Eanáir 2024 meán uimhriúil na méideanna allmhairí faoi seach a taifeadadh in 2022 agus 2023, is éard a dhéanfaidh an Coimisiún laistigh de 21 lá tar éis dó an Coiste um Choimirce a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478:
(a)an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b) a thabhairt is teach arís don táirge sin, go dtí an 31 Nollaig 2024; agus
(b)a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025 taraif-chuóta atá comhionann le cúig dhódhéagú den mheán uimhriúil sin, nó an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), cibé acu is airde.
Más rud é, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 5 Meitheamh 2025, go sroichfidh méideanna carnacha allmhairí i gcás uibheacha, éanlaith chlóis nó siúcra don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 cúig dhódhéagú de mheán uimhriúil na méideanna allmhairí faoi seach a taifeadadh in 2022 agus 2023, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 21 lá tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas, an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe b a thabhairt isteach arís don táirge sin.
Chun críocha na míre seo, tagraíonn na téarmaí uibheacha, éanlaith chlóis agus siúcra do tháirgí a chumhdaítear le taraif-chuótaí san Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais le haghaidh uibheacha agus albaiminí, éineoil agus ullmhóidí éineola, agus siúcraí, faoi seach agus déanfar an meán uimhriúil a ríomh trí shuim na méideanna allmhairí in 2022 agus 2023 a roinnt ar dhó.
8.Má fhorchuireann an Coimisiún beart de bhun mhír 1, 5 nó 7 lena dtugtar isteach an athuair taraif-chuóta arna fhorchur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe b, cuirfear san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta sin an méid a allmhairíodh le linn na bliana féile ina bhforchuireann an Coimisiún an beart sin.
Airteagal 5
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.Déanfaidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 6
Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála
Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú táirgí faoi Airteagal 1(1), pointe (b), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus feidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 5 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM
1.AINM AN TOGRA:
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.
2.LÍNTE BUISÉID:
Caibidil 12, Airteagal 120
An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana 2024: 24 620 400 000 €
3.TIONCHAR AIRGEADAIS
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam – is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
Ioncam
|
Tréimhse ama: cuid de 2024 - cuid de 2025*
(EUR milliúin go dtí an chéad ionad deachúlach)
|
|
Airteagal 120 Caibidil 12
|
Tionchar ar acmhainní dílse
|
33.4
|
|
Iomlán
|
|
|
Tréimhse bliana ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm
Tá na ríomhanna bunaithe ar méideanna allmhairiúcháin ó 2021 a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe de bhreis ar an gcuóta bliantúil saor ó dhleacht (i.e. 40 taraif-chuóta)).
Ar bhonn na ríomhanna thuas meastar caillteanas ioncaim acmhainní dílse traidisiúnta ón Rialachán molta a bheith cothrom le EUR 44.5 milliún (ollmhéid, lena n‑áirítear costais bhailiúcháin) x 0,75 = EUR 33.4 milliún don tréimhse atá i gceist.
4.BEARTA FRITHCHALAOISE
Chun calaois a chosc, an teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo atá beartaithe, ba cheart é a bheith faoi réir na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag an Moldóiv, lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir an Mholdóiv a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais.