This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024M11764
Prior notification of a concentration (Case M.11764 – DP WORLD / ARCESE / JV) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11764 – DP WORLD / ARCESE / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11764 – DP WORLD / ARCESE / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2024/1324
IO C, C/2024/7562, 27.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7562/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7562 |
27.12.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11764 – DP WORLD / ARCESE / JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/7562)
1.
An 17 Nollaig 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
DP World Logistics Europe B.V. (an Ísiltír), faoi rialú DP World Limited (‘DP World’, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), |
|
— |
Arcese Trasporti S.p.A. (an Iodáil), faoi rialú Arcese Holding S.a.p.a di Eleuterio Arcese e C (‘Arcese’, an Iodáil). |
Gheobhaidh DP World agus Arcese rialú comhpháirteach ar chuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í (‘CF’) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
DP World: cuideachta lóistíochta ilnáisiúnta a oibríonn críochfoirt mhuirí agus bonneagar calafoirt eile ar fud an domhain. Tá DP World ag gabháil freisin do raon gníomhaíochtaí lóistíochta, seolta lastaí agus iompair, lena n-áirítear láimhseáil coimeádán agus lastaí, agus oibriú báid farantóireachta lastaí agus paisinéirí, |
|
— |
Arcese: soláthraí ilnáisiúnta iompair agus lóistíochta, atá gníomhach ar fud an domhain agus atá ag gabháil go príomha do sheirbhísí lóistíochta ar conradh, seirbhísí lasta de bhóthar, seirbhísí seolta lastaí aeir agus aigéin, agus eastát réadach. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an gcomhfhiontar: seirbhísí lóistíochta comhpháirteanna mótarfheithiclí a sholáthar sa Fhrainc agus sa Pholainn.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é conclúid an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11764 – DP WORLD / ARCESE / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7562/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)