Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11733

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11733 – BMWK / MOF NDS / MEYER GERMANY) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/1114

IO C, C/2024/6856, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6856/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6856/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6856

12.11.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11733 – BMWK / MOF NDS / MEYER GERMANY)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/6856)

1.   

An 4 Samhain 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Meyer Werft Beteiligungs GmbH (an Ghearmáin), faoi rialú Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Gníomhaithe ar son na hAeráide na Gearmáine (‘BMWK’, an Ghearmáin),

Hannoversche Beteiligungsgesellschaft Niedersachsen mbH (an Ghearmáin), faoi rialú Aireacht Airgeadais Stát na Sacsaine Íochtaraí (‘MoF NDS’, an Ghearmáin), agus

Meyer Werft GmbH (‘Meyer Germany’, nó an ‘Sprioc’, an Ghearmáin).

Gheobhaidh BMKW agus MoF NDS rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Meyer Germany ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá scairsheilbh thromlaigh ag BMWK in iliomad cuideachtaí príobháideacha agus níl aon ghníomhaíocht thráchtála aige i ndáil le longthógáil faoi láthair,

Tá scairsheilbh thromlaigh ag MoF NDS in iliomad cuideachtaí príobháideacha agus níl aon ghníomhaíocht thráchtála aige i ndáil le longthógáil faoi láthair,

Tá Meyer Germany gníomhach i dtógáil agus díol long cúrsála – le haghaidh turas ar abhainn agus ar muir/aigéan – ar longa cúrsála iad de gach méid suas go dtí 185 000 olltonnáiste.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11733 – BMWK / MOF NDS / MEYER GERMANY

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6856/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top