This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024IE0700
Opinion of the European Economic and Social Committee – An EU investment fund for economic resilience and sustainable competitiveness (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ciste infheistíochta AE le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ciste infheistíochta AE le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2024/00700
IO C, C/2024/6862, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6862/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6862 |
28.11.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Ciste infheistíochta AE le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/6862)
Rapóirtéir:
Dominika BIEGON|
Comhairleoirí |
Cedric KOCH, thar ceann an rapóirtéara Nils REDEKER, thar ceann Ghrúpa II |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
18.1.2024 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.9.2024 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2024 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
590 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
145/2/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá sé ar cheann de na dúshláin mhóra a bheidh roimh Mhargadh Aonair an Aontais sna blianta beaga amach romhainn iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe a áirithiú agus a chur chun cinn. Thar aon ní eile, is ábhar práinne é an t-athrú aeráide agus éilítear leis aistriú glas na ngeilleagar. Cé go bhfuil spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Aontas maidir le dícharbónú, digiteáil, athléimneacht agus iomaíochas inbhuanaithe, is í an bhearna chistiúcháin an laige chinniúnach go fóill san uaillmhian mhór atá ag an Aontas maidir leis an Margadh Aonair a chur in oiriúint don todhchaí. |
|
1.2. |
Ní mór d’fhormhór na n-infheistíochtaí san aistriú glas teacht ón earnáil phríobháideach. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas feabhas a chur ar na creatchoinníollacha le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha sa Mhargadh Aonair. Áirítear leis sin comhpháirteanna lárnacha d’Aontas na Margaí Caipitil a chur chun feidhme, an t-aontas baincéireachta a chomhlánú, margadh fuinnimh na hEorpa a chomhtháthú, dlús a chur le nósanna imeachta atá ceadaithe, sin agus an t-ualach rialála a laghdú gan faillí a dhéanamh sna caighdeáin shóisialta san am céanna. Ag an am céanna, tá gá le méideanna suntasacha cistiúcháin phoiblí chun infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh i réimsí nach bhfuil cás gnó iontu go fóill maidir le réitigh atá neodrach ó thaobh carbóin de agus in earnálacha straitéiseacha ina ndéanfaí táirgeadh murach sin i réigiúin dhomhanda atá in iomaíocht gheo-eacnamaíoch ina bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as spleáchais. Ina theannta sin, tá cistí poiblí ríthábhachtach le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar (e.g. in eangacha nó i bpíblínte hidrigine) agus in earraí poiblí eile nach bhfuil aon dreasacht ag gníomhaithe margaidh iad a sholáthar, ach ar féidir na dálaí a chruthú do ghníomhaithe margaidh chun go mbeidh rath orthu agus chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ina réimsí faoi seach. |
|
1.3. |
Le rialacha fioscacha nua an Aontais, ní mhéadófar go leordhóthanach an spás fioscach le haghaidh infheistíochtaí chun an bhearna infheistíochta a líonadh ar leibhéal na mBallstát. Ag an am céanna, tiocfaidh laghdú suntasach ar chistiú an Aontais don aistriú glas agus digiteach tar éis 2026 nuair a rachaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in éag. |
|
1.4. |
Dá bhrí sin, aontaíonn CESE nach mór an creat dlíthiúil nua atá dírithe ar leibhéil fiachais agus easnaimh a rialú a chomhlánú le hacmhainneacht infheistíochta spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go gcuirfear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe chun feidhme go héifeachtach, agus gur ar bhealach a chothóidh fás a dhéanfar sin, rud arb éard is aidhm dó iomaíochas inbhuanaithe agus athléimneacht eacnamaíoch mhargadh aonair an Aontais a mhéadú. |
|
1.5. |
Molann CESE ciste infheistíochta de chuid an Aontais a bhunú mar chuid den chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile. Ba cheart é a bheith d’aidhm aige acmhainní airgeadais a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta a bhfuil leas straitéiseach Eorpach ag baint leo. Molann CESE sraith critéar chun beartú tosaíochta agus roghnú infheistíochtaí a threorú faoi acmhainneacht infheistíochta an Aontais amach anseo. |
|
1.6. |
Tá ceithre réimse infheistíochta sainaitheanta ag CESE ar cheart iad a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais trí chiste infheistíochta de chuid an Aontais amach anseo: a) tionscadail bhonneagair trasteorann b) infheistíochtaí chun an t-aontas fuinnimh a thabhairt chun críche c) infheistíochtaí chun iomaíochas thionscail na hEorpa a neartú d) infheistíochtaí i gcáilíochtaí agus in oiliúint. |
|
1.7. |
Ba cheart ciste infheistíochta an Aontais a mhaoiniú trí mheascán acmhainní, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, acmhainní dílse nua agus eisiúint chomhpháirteach fiachais an Aontais. |
|
1.8. |
Áirítear ar ionstraimí chiste infheistíochta an Aontais tacaíocht airgeadais trí iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí agus fóirdheontais spriocdhírithe le haghaidh cuideachtaí, infheistíocht i gcothromas poiblí, agus deontais agus iasachtaí trínar féidir le rialtais na mBallstát bearta tacaíochta intíre spriocdhírithe agus tionscadail infheistíochta poiblí a mhaoiniú. Ba cheart béim ar leith a leagan ar thionscadail infheistíochta trasteorann a mhaoiniú. |
|
1.9. |
Braitheann éifeachtacht agus inghlacthacht ionstraimí airgeadais go mór ar úsáid straitéiseach cistí poiblí chun comhchuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart critéir shóisialta a bheith de choinníoll le heisíoc airgid ón gciste infheistíochta AE atá beartaithe. Ní mór do na critéir shóisialta sin na cineálacha éagsúla den idirphlé sóisialta sna Ballstáit a urramú, agus níor cheart idirdhealú míchuí in aghaidh cineálacha áirithe cuideachtaí nó Ballstát a bheith ann mar thoradh orthu. Seo samplaí de na critéir shóisialta a bhféadfaí iallach a chur ar na cuideachtaí iad a chomhlíonadh ionas go mbeidh siad incháilithe do chistiú ón Aontas, sin nó chun luach saothair breise a fháil: ráthaíochtaí coinneála suímh agus fostaíochta, bearta cáilíochta agus oiliúna, bearta chun rannpháirtíocht oibrithe nó comhaontuithe coiteanna a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, tá cistiú poiblí don chlaochlú dírithe go comhsheasmhach ar phoist chuibhiúla a chruthú agus a chothabháil, agus, ar an gcaoi sin, an glacadh leis an aistriú glas a mhéadú. |
2. Comhthéacs agus cúlra
|
2.1. |
Tá sé ar cheann de na dúshláin mhóra a bheidh roimh Mhargadh Aonair an Aontais sna blianta beaga amach romhainn iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe a áirithiú agus a chur chun cinn. Ní mór féachaint ar na dúshláin sin i gcomhthéacs an athraithe aeráide, ar ábhar práinne anois é, lena n-éilítear aistriú glas na ngeilleagar. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an gclár ‘Oiriúnach do 55’, tá spriocanna uaillmhianacha aeráide leagtha síos ag an Aontas, mar is ceart, lena gcruthaítear dúshláin ollmhóra do gheilleagair na hEorpa. Cé go bhfuil an treo agus na spriocanna soiléir, tá fadhb mhaoiniúcháin fós ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Ar an gcaoi chéanna, saothraíodh aistriú digiteach an Mhargaidh Aonair mar phríomhthosaíocht, mar is ceart, trí Straitéis Dhigiteach an Aontais, tríd an Deacáid Dhigiteach agus tríd an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach. Mar sin féin, tá fadhb mhaoiniúcháin i gceist leis an méid sin freisin. Sa dá réimse den chlaochlú, tá méadú tagtha ar bhrúnna iomaíochta nua mar gheall ar bheartas tionsclaíoch ar mhórscála arna chur chun feidhme ag príomhiomaitheoirí eacnamaíocha. Ar deireadh, tá lagphointí geo-eacnamaíocha tagtha chun cinn le blianta beaga anuas a chuireann athléimneacht an Mhargaidh Aonair i mbaol. Mar fhreagairt air sin, tá spriocanna leagtha síos ag an Aontas, mar is ceart, le haghaidh slabhraí soláthair straitéiseacha atá dírithe ar an todhchaí, a bheidh bunaithe go páirteach laistigh den Aontas féin. Áirítear orthu sin na spriocanna a leagtar síos sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna, sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). Mar sin féin, cuireann fadhbanna maoinithe bac ar fhreagra éifeachtach ar an mbrú geo-eacnamaíoch sin agus ar na rioscaí don iomaíochas agus don athléimneacht inbhuanaithe. |
|
2.2. |
Chun spriocanna aeráide an Aontais agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, ní mór an stoc caipitil a athchóiriú. Is éard atá i gceist leis sin méadú ollmhór a dhéanamh ar infheistíochtaí. Ionas gur féidir leis an Eoraip spriocanna aeráide 2030 a aimsiú agus an earnáil leictreachais a dhícharbónú, dar leis an gCoimisiún Eorpach nár mhór luach 4 % nó mar sin den OTI in aghaidh na bliana go dtí 2030 (1) a bheith sna riachtanais infheistíochta go foriomlán. Le déanaí, mheas Institiúid Rousseau gur thart ar 2.3 % de OTI in aghaidh na bliana go dtí 2050 a bheadh sa bhearna infheistíochta nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt uirthi chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach, lena n-áirítear bearna de bheagnach 4 % de OTI go dtí 2030. Mar sin féin, ní dhéanann na staidéir sin go léir ach na hinfheistíochtaí is gá chun geilleagair na hEorpa a dhícharbónú a chainníochtú. Tagann ceanglais infheistíochta bhreise chun cinn má chuirtear spriocanna agus dúshláin pholaitiúla thábhachtacha eile san áireamh freisin, amhail an t-aistriú digiteach, athléimneacht eacnamaíoch a mhéadú trí tháirgeadh san Aontas a dhaingniú, infheistíochtaí sóisialta i scileanna agus in oideachas agus an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh in acmhainneachtaí cosanta, chomh maith leis na dúshláin shonracha a bhaineann le cosaint an chomhshaoil chun géarchéim na bithéagsúlachta a chomhrac agus leis na hinfheistíochtaí san oiriúnú don athrú aeráide atá ag éirí níos riachtanaí. Ar an iomlán, is cinnte go dtiocfaidh méadú mór ar na riachtanais chistiúcháin sna blianta amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, dírítear sa tuairim seo ar na riachtanais mhaoiniúcháin a bhaineann leis an aistriú chuig Margadh Aonair atá iomaíoch agus athléimneach go hinbhuanaithe agus forbraítear moltaí beartais chun an bhearna infheistíochta a bhaineann leis an dúshlán beartais sin san Aontas a dhúnadh. |
|
2.3. |
Ní mór d’fhormhór na n-infheistíochtaí don aistriú glas teacht ón earnáil phríobháideach. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas feabhas a chur ar na creatchoinníollacha le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha sa Mhargadh Aonair. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’Aontas na Margaí Caipitil (CMU) a bhunú chun an margadh caipitil riosca, cothromais agus bannaí a fhorbairt, infheistíochtaí trasteorann a éascú, coinníollacha maoiniúcháin níos fearr a sholáthar do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis, agus an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí d’infheistíochtaí coigríche. Áirítear leis sin an ilroinnt dhlíthiúil a laghdú trí chomhordú ar an gcáin náisiúnta, an dócmhainneacht agus na conarthaí, sin agus oibriú i dtreo maoirseacht níos láraithe ar mhargaí caipitil agus féachaint ar na féidearthachtaí do tháirgí coigiltis Eorpach. Chun feabhas a chur ar choinníollacha maoiniúcháin phríobháidigh, beidh gá freisin leis an gcóras baincéireachta Eorpach a neartú tríd an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche agus trí scéim Eorpach árachais taiscí a bhunú. Chun infheistíochtaí príobháideacha in earnálacha straitéiseacha a spreagadh agus chun fás táirgiúlachta a spreagadh, ní mór don Aontas dul chun cinn a dhéanamh freisin maidir le margadh fuinnimh na hEorpa a chomhtháthú agus deireadh a chur le haon bhacainní atá fós ar ghníomhaíocht trasteorann laistigh den Mhargadh Aonair, go háirithe na bacainní sin a chuireann cosc ar leathnú seirbhísí digiteacha agus nuálaíochta. Ar deireadh, ba cheart infheistíocht phríobháideach a spreagadh trí dhlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus trí cheanglais rialála agus tuairiscithe a laghdú, go háirithe do chuideachtaí beaga agus meánmhéide i gcás nach bhfuil tairbhe shoiléir shóisialta, chomhshaoil ná aeráide ag baint leis na ceanglais sin. |
|
2.4. |
Chabhródh na bearta sin go mór le hinfheistíochtaí príobháideacha riachtanacha a spreagadh. Mar sin féin, ní leor iad leo féin chun an bhearna chistiúcháin a líonadh. Tá gá le méideanna suntasacha cistiúcháin phoiblí chun infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh i réimsí nach bhfuil cás gnó iontu go fóill maidir le réitigh atá neodrach ó thaobh carbóin de agus in earnálacha straitéiseacha ina ndéanfaí táirgeadh murach sin i réigiúin dhomhanda atá in iomaíocht gheo-eacnamaíoch ina bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as spleáchais. Ina theannta sin, tá cistí poiblí ríthábhachtach le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar (e.g. in eangacha nó i bpíblínte hidrigine) agus in earraí poiblí eile nach bhfuil aon dreasacht ag gníomhaithe margaidh iad a sholáthar, ach ar féidir na dálaí a chruthú do ghníomhaithe margaidh chun go mbeidh rath orthu agus chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ina réimsí faoi seach. Cé go meastar gurb í infheistíocht ón earnáil phríobháideach an phríomhionstraim mhaoinithe le haghaidh aistriú an Aontais, meastar i bhformhór na staidéar go bhfuil gá le sciar 25 %-50 % ar a laghad den chistiú poiblí chun maoiniú príobháideach leordhóthanach a chur ar fáil ag brath ar an earnáil,. |
|
2.5. |
Is colún lárnach iad na Ballstáit a bhfuil a ngníomhaíocht ag teastáil chun an bhearna chistiúcháin a dhúnadh. I ndáil leis sin, áfach, leagtar béim i rialacha fioscacha nua an Aontais ar fhiacha agus easnaimh a rialú, seachas infheistíocht a dhreasú. Mar thoradh air sin, tá feabhas tagtha ar an seanchóras, ach is léir freisin nach gcuirfidh na rialacha nua go leordhóthanach leis an spás fioscach is gá chun infheistíochtaí a chur ar fáil lena ndúnfaí an bhearna infheistíochta ar leibhéal na mBallstát. Os a choinne sin, léirítear i meastacháin tosaigh an Choimisiúin Eorpaigh go dtiocfaidh méadú suntasach ar bhrúnna maidir le comhdhlúthú fioscach sna Ballstáit uile sna blianta amach romhainn (2). Is é an riosca atá ann go bhféadfaí an bonn a bhaint de na gnóthachain a bhaineann le tacar rialacha fioscacha níos inchreidte agus níos éifeachtaí a bhaint amach chun inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú mura mbeidh na Ballstáit in ann na hinfheistíochtaí is gá don aistriú a mhaoiniú. Is é an toradh a bheadh air sin go gcloífí níos lú leis na rialacha nua agus go n-urramófaí níos lú iad, nó go gcuirfí moill ar an aistriú agus, dá bhrí sin, go n-éireodh sé níos costasaí. |
|
2.6. |
Beidh tairbhe le baint ag na Ballstáit as ioncam (forásach) na scéime trádála astaíochtaí (ETS) fós: measann an Coimisiún Eorpach go nginfidh an scéim sin thart ar EUR 220 billiún faoi 2030, móide EUR 113 bhilliún breise de bharr leathnú na scéime chuig earnálacha nua ó 2027 amach (3). Dá shuntasaí é, níl san ioncam sin ach thart ar 0.2 % de OTI an Aontais in aghaidh na bliana, rud nach leor ná baol chun na riachtanais infheistíochta bhreise thuasluaite a chuimsiú. Tá cuid den phleanáil déanta cheana chun Ciste Sóisialta na hEorpa a mhaoiniú, ciste arb éard is aidhm dó fo-éifeachtaí diúltacha sóisialta na praghsála carbóin a mhaolú. Mhol an Coimisiún 30 % d’ioncam CTA a chur sa chéad bhuiséad AE eile ina acmhainn dhílis. |
|
2.7. |
Is colún eile iad scéimeanna cistiúcháin an Aontais chun an bhearna chistiúcháin a dhúnadh. Tá scéimeanna cistiúcháin éagsúla bunaithe ag an Aontas cheana féin chun cuidiú leis an aistriú glas a mhaoiniú. Tá ceanglas dlíthiúil ann 30 % ar a laghad de CAI a leithdháileadh ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Ina theannta sin, bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2022 agus tá sé anois ar an gciste is mó de chuid an Aontais a thacaíonn leis an gComhaontú Glas. Is ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thagann beagnach leath de chistí an Aontais atá beartaithe le haghaidh infheistíochtaí aeráide. Rachaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in éag faoi dheireadh 2026, áfach. Ina theannta sin, cuirfear tús le haisíocaíocht bhannaí an Aontais faoi Next Generation EU in 2028. I ngeall air sin, tiocfaidh méadú mór ar an mbrú ar bhuiséad an Aontais agus méadú breise ar bhearna chistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais. |
|
2.8. |
Dá bhrí sin, aontaíonn CESE nach mór an creat dlíthiúil nua atá dírithe ar leibhéil fiachais agus easnaimh a rialú a chomhlánú le hacmhainneacht infheistíochta spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe chun feidhme go héifeachtach agus ar bhealach lena gcothófar fás. Ní mór an acmhainneacht sin a dhíriú ar an mborradh is gá a chur faoin maoiniú chun an Margadh Aonair a dhíriú i dtreo iomaíochas agus athléimneacht níos inbhuanaithe. Aontaíonn CESE le roinnt mhaith institiúidí eile, amhail an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (4) agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (5) go bhfuil gá le hacmhainneacht infheistíochta ar leibhéal an Aontais don tréimhse tar éis 2027 ar a dhéanaí. Sa tuairim féintionscnaimh seo, athdhearbhaítear gur iarr CESE roimhe seo go mbeadh acmhainneacht infheistíochta (6) ag an Aontas agus go bhforbrófaí roghanna sonracha don tréimhse tar éis 2027. |
|
2.9. |
Tá trí chúis ar a laghad ann a dteastaíonn acmhainn infheistíochta ar leibhéal an Aontais uainn. Ar an gcéad dul síos, le hacmhainneacht infheistíochta an Aontais chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú, rannchuideofar leis an athléimneacht eacnamaíoch, cuideofar le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus déanfar scála riachtanach an Mhargaidh Aonair a ghiaráil chun a iomaíochas a chosaint ar an leibhéal domhanda. Ar an dara dul síos, tá gá le hacmhainneacht infheistíochta an Aontais chun aontacht an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh iomaíochta laistigh den Aontas a sheachaint (7). Ar an tríú dul síos, tá an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach ina gcúis le héiginnteacht fhorleathan i measc an phobail, rud a fhágann gur mó a chuireann earnalácha agus teaghlaigh a ndéantar difear dóibh ina n-aghaidh. Tá gá le hionstraimí beartais phoiblí chun na haistrithe is gá sa mhargadh saothair a bhainistiú, chun deiseanna nua fáis agus ioncaim a chruthú agus chun cúiteamh a thabhairt dóibh siúd is mó atá thíos leis an aistriú (8). Mura ndéanfar amhlaidh, bheadh baol ann go leanfaidh na hathruithe eacnamaíocha de choinbhleachtaí dáileacháin a spreagadh, agus go neartófaí fórsaí frithdhaonlathacha agus pobalacha ar deireadh (9). |
3. Príomhcholúin acmhainneacht infheistíochta an Aontais amach anseo
|
3.1. |
Ba cheart don acmhainneacht infheistíochta a bheith oibríochtúil nuair a rachaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in éag ag deireadh 2026 agus ba cheart í a chur san áireamh sa chéad CAI eile a beidh ann don tréimhse 2028-2034. Go hidéalach, ba cheart é a chur chun feidhme go dtí 2050, agus é a nascadh go díreach le sprioc chomhaontaithe an Aontais maidir le glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoin mbliain sin. |
|
3.2. |
Molann CESE ciste infheistíochta de chuid an Aontais a bhunú chun na spriocanna straitéiseacha Eorpacha i réimse an aistrithe ghlais a bhaint amach. Ní mór critéir shoiléire a shainiú chun beartú tosaíochta agus roghnú infheistíochtaí a threorú faoi acmhainneacht infheistíochta an Aontais amach anseo. Ba cheart na tionscadail straitéiseacha Eorpacha a dhíriú ar an méid seo a leanas (10):
|
|
3.3. |
Go sonrach, ba cheart don chiste atá beartaithe tacaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais a chur ar fáil chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a dhreasú sna réimsí seo a leanas:
|
|
3.4. |
Ba cheart do na hionstraimí le haghaidh acmhainneacht infheistíochta an Aontais a bheith in ann infheistíochtaí príobháideacha agus infheistíochtaí poiblí a chur chun cinn. I bprionsabal, ba cheart an acmhainneacht infheistíochta atá beartaithe ag an Aontas a bheith an-solúbtha ó thaobh na heisíocaíochta de agus ba cheart raon ionstraimí a bheith ann. Ba cheart a áireamh orthu sin tacaíocht airgeadais trí iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí agus fóirdheontais spriocdhírithe do chuideachtaí, infheistíocht i gcothromas poiblí, agus deontais agus iasachtaí trínar féidir le rialtais na mBallstát bearta tacaíochta intíre spriocdhírithe agus tionscadail infheistíochta poiblí a mhaoiniú. Molann CESE freisin go ndéanfaí na rialacha lena rialaítear cur chun feidhme ionstraimí airgeadais éagsúla an chiste a chuíchóiriú. Tá gá le dlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leis na bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. Má tá spriocanna aeráide an Aontais le baint amach, ní mór don infheistíocht phríobháideach agus phoiblí idirghníomhú ar bhealach chomh táirgiúil agus chomh héifeachtúil agus is féidir chun na bearnaí atá ann cheana a líonadh go comhpháirteach. |
|
3.5. |
Ba cheart a áireamh i gciste infheistíochta de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo cláir a riartar go díreach ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Ba cheart do chuideachtaí a bheith in ann iarratas díreach a dhéanamh ar chistiú ón Aontas agus tionscadail a chur chun feidhme de réir treoirlínte agus critéir arna sainiú agus arna rialú ar leibhéal an Aontais. Ní mór bearta a chur chun feidhme ionas go mbainfidh cuideachtaí i ngach Ballstát tairbhe as scéim chistithe den chineál sin, is é sin bearta a chuirfeadh cláir shonracha ar fáil do FBManna freisin. Scéimeanna cistithe a bheadh á riar go díreach ar leibhéal an Aontais, sin rud a d’fhéadfadh an t-ualach riaracháin ar riaracháin réigiúnacha agus náisiúnta a laghdú agus acmhainneacht ionsúite chistiú an Aontais a mhéadú. Maidir le hinfheistíochtaí bonneagair, is féidir leis na Tionscadail Leasa Choitinn atá ann faoi láthair agus leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa feidhmiú mar threoirphlean chun tionscadail a nascadh le cistiú díreach ar leibhéal an Aontais agus ba cheart iad a leathnú. Ar an dul chéanna, tá ionstraimí ag an Aontas cheana féin chun tacú caol díreach le cuideachtaí príobháideacha, an Ciste don Nuálaíocht, cuir i gcás. Ina theannta sin, is rud iad na Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe leis an Eoraip i gCoitinne (IPCEInna) is féidir a chómhaoiniú trí bhíthin ionstraimí ar leibhéal an Aontais. Trí mhaoiniú níos mó ón Aontas a chomhcheangal le scéimeanna tacaíochta náisiúnta, d’fhéadfadh acmhainneacht infheistíochta athchóirithe riosca na hiomaíochta éagóraí a laghdú, an scála is gá a áirithiú agus leasanna na hEorpa a chur i gcroílár bheartas tionsclaíoch an Aontais. Ba cheart a áirithiú leis sin tionscadail leasa choitinn ar fud an Aontais a théann chun tairbhe na saoránach agus na dtíortha uile, amhail gréasán iarnróid ardluais Eorpach éifeachtúil a chuideodh le taisteal a dhícharbónú agus comhtháthú an mhargaidh aonair a chur i gcrích. |
|
3.6. |
Ina theannta sin, ba cheart féachaint ar bhealaí nuálacha chun cistí an Aontais a eisíoc trí bhealaí eile, ag tógáil ar an taithí a fuarthas ó Acht na Stát Aontaithe um Boilsciú a Laghdú. Dírítear leis an Acht um Boilsciú a Laghdú ar chreidmheasanna cánach a eisiúint do chuideachtaí de réir critéir atá sainithe go polaitiúil. Tá sé de bhuntáiste aige sin go mbeidh eisíocaíochtaí níos tapúla agus nach mbeidh siad chomh spleách céanna ar acmhainneacht ionsúcháin na n-údarás poiblí agus riaracháin, ós rud é go ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh cinntí infheistíochta go díreach agus go gcúitíonn an Stát iad ina dhiaidh sin. Molann CESE go ndeanfaí a mheas an bhféadfaí socruithe aisíocaíochta cánach comhchosúla a chur chun feidhme laistigh de chóras an Aontais, ionas gur féidir le gníomhaithe margaidh úsáid éifeachtúil a bhaint as na dreasachtaí cánach atá ar fáil ar fud an Mhargaidh Aonair agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu. |
|
3.7. |
Ó thaobh an mhaoinithe de, measann CESE gur cheart ciste infheistíochta nua AE a bheith ag brath ar mheascán cliste uirlisí maoiniúcháin atá in ann oibriú leis an earnáil phríobháideach agus leis na Ballstáit chun na bearnaí infheistíochta atá ann faoi láthair a líonadh.
|
|
3.8. |
Ba cheart na foinsí éagsúla sin a chomhcheangal go táirgiúil chun a dtionchar a uasmhéadú i dtéarmaí leibhéil na hinfheistíochta príobháidí agus poiblí a ardú go héifeachtach. Is féidir le fíoracmhainní dílse de chuid an Aontais agus ranníocaíochtaí ó na Ballstáit feidhmiú mar ráthaíochtaí don Bhanc Eorpach Infheistíochta chun maoiniú a ghiaráil d’fhonn infheistíocht phríobháideach a mhéadú. Is féidir leo feidhmiú mar ráthaíochtaí freisin, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh bannaí a eisiúint ar scála leordhóthanach chun na bearnaí maoiniúcháin atá fós sa chiste infheistíochta nua a líonadh, agus chun deontais a íoc leis na Ballstáit le haghaidh infheistíochtaí poiblí. |
|
3.9. |
De réir staidéir áirithe a rinneadh le déanaí, meastar gur fiú acmhainneacht infheistíochta nua an Aontais don iomaíochas inbhuanaithe agus don athléimneacht eacnamaíoch 0.5 % ar a laghad de OTI bliantúil an Aontais. Is é is cúis leis an meastachán coimeádach sin bearna infheistíochta iomlán 5 % ar a laghad de OTI in aghaidh na bliana le haghaidh na n-earnálacha thuasluaite agus sciar 25 % den infheistíocht phoiblí, rud a chruthaíonn bearna infheistíochta poiblí 1.25 % de OTI in aghaidh na bliana ar a laghad (21). Measann CESE gur cheart don Aontas sciar suntasach de na cistí is gá a chur ar fáil chun bearnaí san infheistíocht phoiblí a líonadh. Áiritheofar leis sin go mbeidh infheistíochtaí uile-Eorpacha in aistriú na mBallstát agus sa tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh i gcomhréir le scála an Mhargaidh Aonair. Bheadh súil go n-iompródh na rialtais náisiúnta an fuíoll an ualaigh i dtéarmaí infheistíochta poiblí. |
|
3.10. |
Faoi láthair, tacaíonn an tAontas go príomha leis na Ballstáit agus infheistíochtaí aeráide á maoiniú acu trí chodanna de na Cistí Struchtúracha agus den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. A mhéid a bhaineann le rialachas na gcistí sin, ba cheart cur le rath na gcistí sin leis an acmhainneacht infheistíochta nua agus aghaidh a thabhairt ar na príomhlaigí atá acu ag an am céanna. Go sonrach, molann CESE an méid seo a leanas:
|
|
3.11. |
Chun na caighdeáin is airde rialachais a áirithiú agus muinín an phobail a chothú, ba cheart sásraí láidre trédhearcachta agus cuntasachta a bhunú leis an acmhainneacht infheistíochta freisin. Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sna sásraí sin:
Trí chur leis na coimircí sin, is féidir leis an Aontas a thiomantas d’úsáid fhreagrach agus éifeachtach cistí poiblí a léiriú. |
|
3.12. |
Ba cheart critéir shóisialta a bheith de choinníoll le heisíoc airgid ón gciste infheistíochta AE atá beartaithe. Ní mór do na critéir shóisialta sin na cineálacha éagsúla den idirphlé shóisialta sna Ballstáit a urramú, agus níor cheart idirdhealú míchuí in aghaidh cineálacha áirithe cuideachtaí nó Ballstát a bheith mar thoradh orthu. Seo samplaí de na critéir shóisialta a bhféadfaí iallach a chur ar na cuideachtaí iad a chomhlíonadh le bheith incháilithe do chistiú ón Aontas, nó chun luach saothair breise a fháil: ráthaíochtaí coinneála suímh agus fostaíochta, bearta cáilíochta agus oiliúna, bearta chun rannpháirtíocht oibrithe nó comhaontuithe coiteanna a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, tá cistiú poiblí don chlaochlú dírithe go comhsheasmhach ar phoist chuibhiúla a chruthú agus a chothabháil, agus, ar an gcaoi sin, an glacadh leis an aistriú glas a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, aontaíonn CESE le tuarascáil Letta (27), ina n-áitítear go mbraitheann éifeachtacht agus inghlacthacht na n-ionstraimí státchabhrach ar chistí poiblí a úsáid go straitéiseach chun comhchuspóirí beartais a bhaint amach. |
|
3.13. |
Le ciste infheistíochta an Aontais a leagtar amach thuas, ba cheart míreanna tábhachtacha eile buiséid a fhorlíonadh, go háirithe na Cistí Struchtúracha, agus níor cheart dó ionad na gCistí sin a ghlacadh ná cur as dóibh ar bhealach ar bith. Cé go bhféadfadh forluí a bheith ann idir na cistí struchtúracha agus an ciste infheistíochta a leagtar amach, is rud í roinnt na gcúraimí atá soiléir ó thaobh an choincheapa de: tá ról ríthábhachtach ag na cistí struchtúracha chun an comhtháthú eacnamaíoch agus críochach a threisiú. Is é is príomhaidhm do chiste an Aontais um iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe a leagtar amach tionscadail infheistíochta a mhaoiniú atá chun leasa straitéisigh na hEorpa, tionscadail a bhaineann leis na ceithre earnáil a leagtar amach thuas. |
An Bhruiséil, 18 Meán Fómhair 2024.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) An Coimisiún Eorpach (2023): Tuarascáil bhliantúil 23 maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach – An inbhuanaitheacht agus an fholláine i gcroílár uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa .
(4) An Banc Ceannais Eorpach (2023): The legal and institutional feasibility of an EU Climate and Energy Security Fund .
(5) An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) (2023): Beartais an Limistéir Euro: 2023 Airteagal IV Comhairliúchán-Preaseisiúint; Tuarascáil Foirne; agus Ráiteas ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Limistéir Euro; Tuarascáil Tíre CAI Uimh. 23/264. No. 23/264 .
(6) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach fadtéarmach trí athchóirithe agus infheistíocht (IO C, C/2024/3378, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3378/oj).
(7) Jäger, Jansen, Redeker (2023): For climate, profits, or resilience? Why, where and how the EU should respond to the Inflation Reduction Act .
(8) Abou-Chadi, Jansen, Kollberg, Redeker (2024): Debunking the Backlash - Uncovering European Voters’ Climate Preferences .
(9) Bergmann, Diermeier, Kempermann (2023): AfD in von Transformation betroffenen Industrieregionen am stärksten , agus Gold, Lehr (2024): Paying Off Populism: How Regional Policies Affect Voting Behavior .
(10) A similar conceptual framework for an EU investment capacity is proposed by Demertzis/Pinkus/Ruer (2024) Accelerating strategic investment in the European Union beyond 2026 , Bakker, Beetsma, Buti (2024): Investing in European Public Goods While Maintaining Fiscal Discipline at Home , Claeys and Steinbach (2024): A conceptual framework for the identification and governance of European public goods .; Koch et al. (2024), An EU Future Fund: Why and How? Background Paper of the Progressive EU Fiscal Policy Network (fes.de).
(11) Is iad seo a leanas tionscnaimh Eorpacha a rinneadh le déanaí ina sainítear go soiléir tosaíochtaí sa réimse sin: Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip agus Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart do chiste infheistíochta an Aontais na hacmhainní airgeadais is gá a chur ar fáil chun na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar amach sna tionscnaimh sin a chur chun feidhme.
(12) Creel et al. (2020), How to Spend it: A Proposal for a European Covid-19 Recovery Programme .
(13) Dearbhú Antuairp (2024).
(14) Jansen, Jäger, Redeker (2023): For climate, profits, or resilience? Why, where and how the EU should respond to the Inflation Reduction Act .
(15) BEI (2024), Tuarascáil infheistíochta , lch. 127.
(16) (2022): A Qualified Treatment for Green and Social Investments within a Revised EU Fiscal Framework .
(17) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An dara tacar d’acmhainní dílse nua (IO C 293, 18.8.2023, lch. 13) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Pacáiste coigeartaithe le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse (COM(2023) 330 final) agus an togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023) 331 final/2 — 2021/0430 (CNS)) (IO C, C/2024/884, 6.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:C_202402481).
(18) OI C 364, 28.10.2020, lch. 124, agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (COM(2023) 240 final — 2023/0138 (COD)), ar Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (COM(2023) 241 final — 2023/0137 (CNS)), ar Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát (COM(2023) 242 final — 2023/0136 (NLE)) (IO C, C/2023/880, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/880/oj).
(19) COM(2024) 82 final; féach freisin Tuarascáil CAI (2023), lch. 44, agus IMK (2020): The Macroeconomic Effects of the EU Recovery and Resilience Facility.
(20) Grund, Steinbach (2023): European Union debt financing: leeway and barriers from a legal perspective .
(21) Féach na ríomhanna agus na foinsí sonraí: https://library.fes.de/pdf-files/international/21274.pdf.
(22) An Coimisiún Eorpach (2024): Cás-staidéar ar fheidhmiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais .
(23) Tuarascáil mheastóireachta CESE Athbhreithniú meántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta .
(24) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tograí um athchóiriú agus um infheistíocht agus a gcur chun feidhme sna Ballstáit – cad é barúil na sochaí sibhialta eagraithe? (Timthriall an tSeimeastair Eorpaigh 2023-2024) (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2024/4054, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4054/oj).
(25) Maidir le tograí nithiúla um athchóiriú chun rialachas eacnamaíoch an Aontais a dhaonlathú gan Conarthaí an Aontais a leasú, féach Dawson (2023): ( How To Democratise Europe’s Fiscal Rules ).
(26) An Coimisiún Eorpach (2024): Cás-staidéar ar fheidhmiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais .
(27) Tuarascáil Letta, Much more than a market , lch. 39.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6862/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)