This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024DP0170
P9_TA(2024)0170 – Nomination of a member of the Court of Auditors – Carlo Alberto Manfredi Selvaggi – European Parliament decision of 14 March 2024 on the nomination of Carlo Alberto Manfredi Selvaggi as a Member of the Court of Auditors (C9-0008/2024 – 2024/0801(NLE)) (Consultation)
P9_TA(2024)0170 — Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Carlo Alberto Manfredi Selvaggi — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 maidir le Carlo Alberto Manfredi Selvaggi a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0008/2024 – 2024/0801(NLE)) (Comhairliúchán)
P9_TA(2024)0170 — Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Carlo Alberto Manfredi Selvaggi — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 maidir le Carlo Alberto Manfredi Selvaggi a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0008/2024 – 2024/0801(NLE)) (Comhairliúchán)
IO C, C/2024/6583, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6583/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6583 |
12.11.2024 |
P9_TA(2024)0170
Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Carlo Alberto Manfredi Selvaggi
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 maidir le Carlo Alberto Manfredi Selvaggi a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0008/2024 – 2024/0801(NLE))
(Comhairliúchán)
(C/2024/6583)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0008/2024), |
|
— |
ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0061/2024), |
|
A. |
de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 17 Eanáir 2024, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Carlo Alberto Manfredi Selvaggi a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Carlo Alberto Manfredi Selvaggi, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Carlo Alberto Manfredi Selvaggi, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a seoladh chuige; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Carlo Alberto Manfredi Selvaggi, an 22 Feabhra 2024, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Carlo Alberto Manfredi Selvaggi ag an gComhairle ina Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6583/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)