Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0700

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA Seimeastar Eorpach 2025 - Pacáiste an Fhómhair

COM/2024/700 final

Strasbourg, 17.12.2024

COM(2024) 700 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Seimeastar Eorpach 2025 - Pacáiste an Fhómhair


1.Réamhrá

Le blianta beaga anuas, tá athruithe móra curtha i bhfeidhm ag an Aontas, agus a chuid tosaíochtaí beartais coigeartaithe aige chun dul i ngleic le dúshláin atá tagtha chun cinn. A bhuí le hiarrachtaí comhchoiteanna, d’éirigh leis an Aontas a bhealach a dhéanamh trí ghéarchéimeanna éagsúla, agus tá curtha aige le hathléimneacht na mBallstát. Meastar go rachaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch i méid de réir a chéile, mar go bhfuil an leibhéal fostaíochta níos airde ná mar a bhí riamh i gcónaí, agus mar go bhfuil feabhas ag teacht ar an gcumhacht cheannaigh de réir mar atáthar ag teannadh isteach leis an spriocleibhéal ó thaobh an bhoilscithe de. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh ár rathúnas marthanach inbhuanaithe, caithfidh an tAontas aghaidh a thabhairt láithreach ar na bacainní atá sa bhealach ar an bhfás agus ar an iomaíochas. Chuige sin, tá gá le clár oibre beartais comhsheasmhach uaillmhianach.

Tá an tAontas meáite ar a áirithiú go bhfuil a rathúnas agus a iomaíochas inbhuanaithe, ar a gheilleagar sóisialta margaidh a neartú, agus ar a cheannasacht, a shlándáil eacnamaíoch agus a thionchar domhanda a chosaint. Leag ceannairí an Aontais béim ar an méid sin i nDearbhú Bhúdaipeist, agus leagadh béim air freisin i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen 1 . Sna tuarascálacha Much more than a market [I bhfad níos mó ná margadh] le Enrico Letta 2 agus The future of European competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] le Mario Draghi 3 , tarraingíodh aird ar na bacainní struchtúracha atá sa bhealach ar fhás eacnamaíoch agus ar tháirgiúlacht an Aontais, agus arbh fhéidir dá réir nach mbeadh rathúnas an Aontais slán i bhfad na haimsire. Ceann de na chéad mhórthionscnaimh a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach nua i mí Eanáir is ea compás iomaíochais a bheidh bunaithe ar na trí cholún atá ag baint le tuarascáil Draghi: (i) dúnadh na bearna nuálaíochta idir an tAontas, ar thaobh amháin, agus na Stáit Aontaithe agus an tSín, ar an taobh eile; (ii) plean comhpháirteach maidir leis an dícharbónú agus leis an iomaíochas chun dlús a chur leis an aistriú agus chun costas an fhuinnimh a laghdú; agus (iii) cur leis an tslándáil, agus spleáchais a laghdú. Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na colúin sin, beifear ag brath freisin ar chumasóirí trasearnála idirnasctha i leith an iomaíochais agus i leith fás cuimsitheach – sin iad doimhniú an Mhargaidh Aonair, an simpliú, forbairt scileanna agus poist ardcháilíochta, maoiniú infheistíochtaí, agus feabhsú an chomhordaithe.

Is éard atá sa Seimeastar Eorpach sásra lárnach chun beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát a chomhordú, agus is tríd a fhéadfar na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is gá a chur chun cinn. Tríd an Seimeastar Eorpach, leanfar de dhúshláin shocheacnamaíocha a shainaithint agus treoraíocht a thabhairt maidir leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, sa chaoi go gcuirfear comaoin ar iomaíochas, ar inbhuanaitheacht agus ar chothroime shóisialta an Aontais.

2. Seimeastar Eorpach 2025

Agus Pacáiste an Fhómhair foilsithe, tá tús curtha le timthriall 2025 den Seimeastar Eorpach. An 26 Samhain, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad chuid den phacáiste, rud lenar cuireadh tús leis an gcéad timthriall de chur chun feidhme an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Is iad na rudaí a cuimsíodh sa chéad chuid sin measúnú ar na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha atá ag 21 Bhallstát, tuairim ón gCoimisiún maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha le haghaidh 2025 atá ag 17 mBallstát sa limistéar euro, agus céimeanna de chur chun feidhme na nósanna imeachta um easnamh iomarcach i gcás 8 mBallstát. Ach a mbeidh na moltaí maidir leis na pleananna meántéarmacha glactha ag an gComhairle, is bunchloch chomhleanúnach bheartais a bheidh iontu ag na Ballstáit, maidir lena n-iompar eacnamaíoch agus fioscach sna blianta atá le teacht. Tacóidh siad ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo geilleagar glas, digiteach, cuimsitheach, athléimneach, sa chaoi go mbeidh siad ina gcuidiú maidir leis an Aontas a dhéanamh níos iomaíche, agus níos ullmhaithe i gcomhair dúshláin a bheidh ann amach anseo. Déanfar faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna meántéarmacha tríd an Seimeastar Eorpach. In earrach na bliana 2025 a chuirfear tús leis sin, an tráth a thíolacfaidh na Ballstáit na chéad tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn.

Le pacáiste an lae inniu, tugadh chun críche tús thimthriall 2025 den Seimeastar Eorpach. Is iad na rudaí atá sa phacáiste céanna an moladh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh faoi scáth an nóis imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht.

Sa mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, iarrtar ar na Ballstáit atá sa limistéar euro gníomhú ina n-aonar, agus i dteannta a chéile sa Ghrúpa Euro, chun cur leis an iomaíochas agus chun an táirgiúlacht a chothú. Chuige sin, tá rudaí éagsúla a chaithfear a dhéanamh: an nuálaíocht a neartú, nuálaíocht i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla san áireamh, cur leis an rochtain atá ag gnólachtaí ar chistiú, FBManna san áireamh, feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó tríd an ualach riaracháin agus an chastacht rialála a laghdú, bacainní infheistíochta a bhaint agus tacú le hinfheistíocht phoiblí agus le hinfheistíocht phríobháideach i réimsí comhthosaíochta, ar nós an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus méadú cumas cosanta, agus scileanna an lucht saothair a fhorbairt a thuilleadh. Rud ar a leagtar béim sa mholadh is ea gur gá cur leis an rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, poist ardcháilíochta a chur chun cinn, dreasachtaí chun oibre a neartú, agus éagsúlachtaí ó thaobh an iomaíochais de a sheachaint. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit atá sa limistéar euro a áirithiú go bhfuil an creat fioscach nua á chomhlíonadh acu, chun cur leis an inbhuanaitheacht fiachais agus chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí i leith na cobhsaíochta macrairgeadais. Is é is fothú don Mholadh sin doiciméad inmheánach oibre ina ndéantar anailís ar dhúshláin eacnamaíocha a bhaineann leis an iomaíochas, leis an athléimneacht agus leis an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.

Sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, sainaithnítear 10 mBallstát ar cheart grinn-athbhreithnithe a dhéanamh ina leith féachaint an bhfuil míchothromaíochtaí ag baint dóibh. Leis an tuarascáil, cuirtear tús leis an timthriall bliantúil de chur chun feidhme an nóis imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Is é is aidhm don nós imeachta sin míchothromaíochtaí a bhrath, a chosc agus a cheartú, ar míchothromaíochtaí iad a dhéanann dochar d’fheidhmiú cuí geilleagair Ballstáit nó d’fheidhmiú cuí gheilleagar an Aontais ina iomláine, nó a d’fhéadfadh dochar den sórt sin a dhéanamh. De réir an léimh eacnamaíoch a rinneadh ar an scórchlár, sainaithnítear sa tuarascáil na Ballstáit a mheastar a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint dóibh, nó a mheastar a bhféadfadh an baol a bheith ann go mbainfeadh míchothromaíochtaí dóibh. Ullmhófar grinn-athbhreithnithe maidir leis na Ballstáit sin in earrach na bliana seo chugainn. Sin é atá i gceist i gcás na Gréige, na Cipire, na hIodáile, na hUngáire, na Slóvaice, na Rómáine, na hÍsiltíre, na Sualainne agus na Gearmáine, is é sin le rá gurb éard a bheidh sna hathbhreithnithe ina leith siúd obair leantach i ndáil le míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha a sainaithníodh an 19 Meitheamh 2024 4 . Os a choinne sin, i gcás na hEastóine is é an rud ar a ndéanfar meastóireacht sa ghrinn-athbhreithniú an baol go dtiocfadh míchothromaíochtaí nua chun cinn.

Sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, déantar faireachán ar chur chun feidhme na dtreoirlínte fostaíochta agus ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Príomhspriocanna an Aontais don bhliain 2030 agus na spriocanna náisiúnta don bhliain 2030 maidir (i) leis an bhfostaíocht, (ii) le scileanna a neartú, agus iii) leis an mbochtaineacht a laghdú, tugtar an scéal is déanaí sa tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na spriocanna sin a bhaint amach. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil réidhe an achair leis an Aontas maidir leis an gcéad cheann de na réimsí sin, agus go gcaithfear géarú go mór ar na hiarrachtaí atá ar siúl maidir leis an bpéire eile. Ina theannta sin, mar a rinneadh sa timthriall roimhe seo, déantar anailís sa tuarascáil ar nithe a d’fhéadfadh an cóineasú sóisialta aníos a chur i mbaol, agus is ar phrionsabail an Chreata maidir le Cóineasú Sóisialta atá an anailís sin bunaithe 5 . Cé go bhfuil feabhas áirithe tagtha ar chúrsaí, tá nithe ann fós ar leibhéal an Aontais ar baol iad don chóineasú aníos chomh fada agus a bhaineann sé le forbairt scileanna. Tharlódh gurbh é an toradh a bheadh air sin go ngéarófaí ar na dúshláin atá ann ó thaobh an iomaíochais de, agus ó thaobh ganntanais lucht saothair agus ganntanais scileanna de. Tá borradh faoi na margaí saothair i gcónaí, mar is airde an leibhéal fostaíochta anois ná mar a bhí riamh, agus is ísle an leibhéal dífhostaíochta ná mar a bhí riamh. Bíodh sin mar atá, tá grúpaí áirithe den daonra ar gcúl i gcónaí ó thaobh rannpháirtíocht sa mhargadh saothair de. An sciar den daonra a bhfuil an baol ann go mbainfeadh an bhochtaineacht nó an t-eisiamh sóisialta dóibh, chuaigh sé i laghad de bheagán in 2023, ach is airde é i gcónaí ná na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim.

Comhordú bheartas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais, leanfar de bheith á stiúradh tríd an Seimeastar Eorpach, rud lena n-áiritheofar comhsheasmhacht idir gnéithe AE, gnéithe náisiúnta agus gnéithe réigiúnacha. Beidh ar na Ballstáit féin gníomhú go láidir, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, chun tosaíochtaí an Aontais ó thaobh an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta de a bhaint amach, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin náisiúnta. I bPacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach, cuirfear moltaí tírshonracha ar fáil a bheidh bunaithe ar na príomhdhúshláin thírshonracha a sainaithníodh sna Tuarascálacha Tíre. Treiseofar le gné na húinéireachta trí úsáid níos fearr a bhaint as idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara eile, údaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh, maille le heagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha. Ar na hábhair lena mbainfidh an t-idirphlé sin, tá cur chun feidhme moltaí atá ann cheana, bearta atá ar siúl nó a bheidh ar siúl amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a sainaithníodh, agus deiseanna chun tuilleadh fás eacnamaíoch agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Chuige sin, tabharfaidh ranna an Choimisiúin faoi mhisin maidir leis an Seimeastar Eorpach go luath sa phróiseas, agus ina dhiaidh sin tabharfaidh siad faoi mhalartuithe, ar mhaithe leis an anailís sna Tuarascálacha Tíre a dhoimhniú sula dtabharfar na Tuarascála sin chun críche. An t-idirphlé idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, is rud é a bheidh ríthábhachtach i gcónaí maidir lena áirithiú go mbeidh cuntasacht dhaonlathach, trédhearcacht agus comhar ann ó thús deireadh phróiseas an tSeimeastair.

Le moltaí tírshonracha 2025, cuirfear treoraíocht bheartais ar fáil a bheidh cuimsitheach comhleanúnach. Ós in 2026 a thiocfaidh deireadh leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, éireoidh na tacair moltaí tírshonracha níos cuimsithí de réir a chéile le linn thimthriall 2025 den Seimeastar Eorpach, agus ar an gcaoi sin, éireofar diaidh ar ndiaidh as an gcur chuige i leith na moltaí sin a tugadh isteach le linn na gcéimeanna tosaigh de chur chun feidhme na Saoráide. Treoir chuimsitheach bheartais den sórt sin a fhorbairt de réir a chéile do gach Ballstát, is rud é trína gcuideofar ó thaobh cuspóirí a comhaontaíodh go comhpháirteach a bhaint amach, faoi scáth an ullmhúchán don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, agus trína gcuirfear sainghnéithe náisiúnta san áireamh ag an am céanna. Dá réir sin, feidhmeoidh Seimeastar 2025 mar a bheadh droichead ann, agus beidh sí bunaithe ar anailís fheabhsaithe ionas go sainaithneofar na dúshláin struchtúracha ábhartha, agus go dtabharfar treoraíocht maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta i ngach Ballstát.

Top