Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0619

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hÍsiltíre

COM/2024/619 final

An Bhruiséil,19.6.2024

COM(2024) 619 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hÍsiltíre

{SWD(2024) 600 final} - {SWD(2024) 619 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hÍsiltíre

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tháinig sé i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(2)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 4 , arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus san am céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar acmhainneachtaí stórála, ar ghlacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ísiltír caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(3)An 16 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 5 , ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus leis na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an t‑oideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht sin leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas 6 . Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.

(4)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe 7 , rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil a shainaithin sé inti go bhfuil an Ísiltír ar cheann de na Ballstáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol go ndéanfadh míchothromaíochtaí difear di, agus a mbeadh gá le grinn‑athbhreithniú ina leith. An dáta céanna ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na hÍsiltíre 2024. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2024 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024.

(5)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat Rialachán nua (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán leasaithe (CE) Uimh. 1467/97 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir leasaithe 2011/85/AE maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 8 . Is iad cuspóirí an chreata nua inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach trí chomhdhlúthú fioscach de réir a chéile mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sa phlean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear sprioc pleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart an chonair ghlanchaiteachais 9 sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais maidir le fiacha rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an t‑easnamh rialtais a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun an luacha sin. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1263, tarchuirfidh an Coimisiún chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna fioscacha struchtúracha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontaíonn an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bparlaimintí náisiúnta rannpháirteach, agus go rachfar i gcomhairle le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.

(6)In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(7)An 7 Iúil 2022 chuir an Ísiltír a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 4 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre 10 , a leasaíodh an 24 Deireadh Fómhair 2023 de réir Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 chun na ranníocaíochta uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha a nuashonrú, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 11 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Ísiltír. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(8)An 29 Aibreán 2024 chuir an Ísiltír isteach a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 agus, an 30 Aibreán 2024, a Clár Cobhsaíochta 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 ar thuairisciú leathbhliantúil na hÍsiltíre maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(9)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 maidir leis an Ísiltír 12 an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hÍsiltíre ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hÍsiltíre ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh spriocanna ceannlíne AE maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, mar aon le dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(10)Rinne an Coimisiún grinn‑athbhreithniú maidir leis an Ísiltír faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Príomhthorthaí an mheasúnaithe a rinne foireann an Choimisiúin chun críoch an Rialacháin sin, ar measúnú é ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha atá ann i gcás na hÍsiltíre, foilsíodh iad i mí an Mhárta 2024 13 . An 19 Meitheamh 2024 tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an Ísiltír. Go háirithe, tá leochaileachtaí os comhair na hÍsiltíre a bhaineann le fiachas príobháideach ard i gcomhthéacs margadh tithíochta ró‑luacháilte, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis agus atá fós ábhartha d’ainneoin roinnt feabhsuithe. Maolaíodh leochaileachtaí a bhaineann leis an mbarrachas mór sa chuntas reatha tríd an bhfás réasúnta láidir ar an éileamh intíre. Tá barrachas mór sa chuntas reatha ardaithe, agus táthar ag súil go bhfanfaidh sé, mar gheall ar bharrachas substaintiúil i dtrádáil earraí agus seirbhísí, rud a léiríonn barrachas coigiltis intíre thar infheistíocht don gheilleagar ina iomláine. Mar sin féin, tá an t‑éileamh intíre ag fás níos láidre ná mar a bhí sa limistéar euro le blianta beaga anuas, rud a thugann le fios go bhfuil iarmhairtí an bharrachais sa chuntas reatha ar an gcuid eile den limistéar ag dul i laghad. Is gnéithe iad láithreacht shuntasach fiontar ilnáisiúnta san Ísiltír, tionchar staidrimh an tuillimh chorparáidigh choimeádta, agus ról na gcistí pinsin a charnann coigiltis mhóra a infheistítear thar lear a chuireann leis an mbearna mhór infheistíochta i gcoigilteas. Lean an fiachas príobháideach de bheith ag laghdú go mór in 2023, agus is féidir a bheith ag súil le tuilleadh laghduithe, ach tá an fiachas fós ard. Mar gheall ar an leibhéal ard fiachais mar aon le sealúchais mhóra sócmhainní neamhleachtacha, tithíocht agus coigilteas pinsin go príomha, tá teaghlaigh i mbaol dálaí eacnamaíocha atá ag athrú, go háirithe i bhfianaise an mhargaidh tithíochta ró‑luacháilte. Léirigh praghsanna tithe roinnt ceartúcháin don chuid is mó den bhliain seo caite i gcomhthéacs coinníollacha maoinithe níos déine ach tá ró‑luacháil orthu fós fiú más lú ná mar a bhí orthu roimhe seo. Rinneadh roinnt beart chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a sainaithníodh, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí. D’fhéadfaí roinnt roghanna a shaothrú chun dul i ngleic ar bhealach níos láidre le ganntanais tithíochta trí bhíthin infheistíocht tithíochta níos airde agus trí dheireadh a chur le bacainní ar theaghaisí nua a thógáil, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhreasachtaí cánach le haghaidh úinéireacht tí arna maoiniú ag fiachas. Ní dócha go gcuideoidh athchóirithe a rinneadh le déanaí sa mhargadh cíosa príobháideach le hinfhaighteacht tithíochta.

(11)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 14 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na hÍsiltíre ó 0,1 % de OTI in 2022 go 0,3 % in 2023, agus laghdaigh fiachas rialtais ghinearálta ó 50,1 % de OTI ag deireadh 2022 go 46,5 % ag deireadh 2023.

(12)An 12 Iúil 2022 mhol an Chomhairle 15 go ndéanfadh an Ísiltír gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeadh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 16 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Moladh don Ísiltír a bheidh réidh an caiteachas reatha a choigeartú bunaithe ar an staid atá ag athrú. Moladh don Ísiltír freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 17 crapthach, faoi 0,8 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,9 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh faoi 0.4 % den OTI. Bhí fás an caiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 3,1 % de OTI in 2023, is é sin laghdú 0,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022 18 . Mhaoinigh an Ísiltír infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe glais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail an eangach leictreachais phlódaithe a leathnú, feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh phoiblí agus rochtain ar an idirlíon ardluais i gceantair thuaithe a leathnú. An 24 Bealtaine chuir an Ísiltír an chéad iarratas ar íocaíocht isteach faoin tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta agus tá an Coimisiún i mbun measúnaithe ar an iarratas sin.

(13)Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomh‑mheastacháin i gClár Cobhsaíochta 2024 mar seo a leanas. Sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha, tuartar fíorfhás OTI ag 1,1 % in 2024 agus ag 1,6 % in 2025. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 2,0 % de OTI in 2024 agus go 2,1 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 46,8 % faoi dheireadh 2024 agus go 48,1 % faoi dheireadh 2025. I ndiaidh 2025, tuartar go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar an easnamh rialtais ghinearálta go 3,3 % de OTI in 2026, 2,6 % de OTI in 2027 agus 3,2 % de OTI in 2028. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe nach bhfanfaidh an comhardú rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de luach tagartha an easnaimh OTI thar thréimhse an chláir. Dá bhrí, i ndiaidh 2025, tuartar go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta-OTI go 52,0 % de OTI in 2028.

(14)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go méadóidh an fíor-OTI faoi 0,8 % in 2024 agus 1,5 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú ICPT ag 2,5 % in 2024 agus 2,0 % in 2025.

(15)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais de 2,0 % de OTI le haghaidh 2024, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta-OTI le méadú go 47,1 % faoi dheireadh 2024. An méadú ar an easnamh in 2024, léiríonn sé den chuid is mó easnaimh in ioncam mar gheall ar dháileadh díbhinní thar a bheith ard in 2023 in oirchill méadú ar cháin ioncaim díbhinne in 2024, caiteachas méadaithe ar shochair shóisialta chun cumhacht ceannaigh teaghlach ar ioncam íseal a athbhunú, cabhair mhéadaithe don Úcráin, chomh maith le hinfheistíochtaí poiblí trí chistí aeráide, bonneagair agus cosanta an rialtais. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh‑mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach ag 0,4 % de OTI in 2024.

(16)Meastar go maoineofar caiteachas arb é a bheidh ann 0,1 % de OTI le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na hÍsiltíre.

(17)An 14 Iúil 2023 mhol an Chomhairle 19 don Ísiltír beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe tríd an méadú ainmniúil ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 20 in 2024 a theorannú go méid nach mó ná 3,5 %. Agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á gcur i bhfeidhm acu agus a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 á n‑ullmhú acu, iarradh ar na Ballstáit a chur san áireamh go molfadh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go dtiocfaidh méadú 6.6 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na hÍsiltíre a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. 1,3 % de OTI in 2024 is é an caiteachas iomarcach sin thar an ráta fáis uasta a mholtar i nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta. Mar sin féin, bhí glanchaiteachas in 2023 níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis tráth an mholta (faoi 1,3 % de OTI). Dá bhrí sin, ó rud é gur ceapadh an moladh le haghaidh 2024 mar ráta fáis, cuirtear an bhunéifeacht ó 2023 san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh freisin. I gcás ina raibh an glanchaiteachas in 2023 mar a bhí coinne leis tráth an mholta, bheadh ráta fáis an ghlanchaiteachais in 2024 os cionn an ráta fáis a mholtar, faoi níos lú ná 0,1 % de OTI. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil baol ann nach bhfuil an glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta go hiomlán i gcomhréir leis an moladh.

(18)Thairis sin, mhol an Chomhairle don Ísiltír gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart don Ísiltír a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,0 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 21 na mbeart tacaíochta fuinnimh éigeandála in 2023, agus réamh‑mheastar gurb é 0,1 % a bheidh ann in 2024, agus 0,0 % in 2025. Go háirithe, na dleachtanna máil laghdaithe ar dhíosail agus gásailín, meastar go bhfanfaidh siad i bhfeidhm in 2024. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh‑mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,9 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear ranníocaíocht fhorleathnaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 22 leis an staid fhioscach 0,5 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle.

(19)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle don Ísiltír infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh‑mheastar gur 3,1 % de OTI a bheidh inti in 2024, ó 3,1 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,2 % de OTI in 2024.

(20)Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 2,1 % de OTI in 2025. Leis an méadú ar an easnamh in 2025, léirítear go príomha méadú breise ar an infheistíocht phoiblí atá beartaithe ag an rialtas. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 48,4 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta-OTI faoi dheireadh 2025.

(21)Torthaí ó airíonna príomháit chónaithe, ar shaibhreas pinsin agus ar infheistíochtaí a shealbhaítear i gcuideachtaí atá i ndlúthsheilbh, gearrtar cáin ar rátaí fabhracha orthu i gcomparáid le hioncam ó infheistíochtaí i scaireanna agus i mbannaí. Sa bhreis air sin, déantar an cháin ar ioncam ó infheistíochtaí i scaireanna agus i mbannaí a ríomh bunaithe ar thorthaí toimhdithe seachas ar thorthaí iarbhír. Cóireáil cánach fhabhrach ar mhaoine cónaithe trí in‑asbhainteacht úis morgáiste mar aon le héileamh ar bhreoslaí cánach cíosa barúlacha ísle ar an margadh tithíochta, rud a mhéadaíonn praghsanna. Ina theannta sin, tá faoiseamh cánach ag coigilteas pinsin suas le leibhéil ioncaim sách ard. Mar thoradh air sin, tá saibhreas teaghlaigh san Ísiltír comhchruinnithe go mór i gcineálacha neamhleachtacha saibhris, amhail tithíocht nó pinsin. Fágann sé sin go mbíonn teaghlaigh neamhchosanta ar riosca eacnamaíoch níos mó le linn suaití eacnamaíocha agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh patrún tomhaltais optamach mar thoradh air thar a saolré i mórán cásanna. As cóir chánach éagothrom laistigh de chineálacha sócmhainní agus ar fud na gcineálacha sócmhainní freisin, eascraíonn arbatráiste cánach agus d’fhéadfadh sé leithdháileadh éifeachtúil caipitil a chur as a riocht. Mar thoradh air sin, tá an chóir éagothrom sin ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

(22)I dteannta na ndreasachtaí cánach a luaitear thuas, is é easpa soláthair teaghaisí nua is cúis leis an ró‑luacháil sa mhargadh tithíochta freisin. Trí dheireadh a chur le bacainní atá ag coinneáil siar infheistíochtaí faoi láthair, lena n‑áirítear infheistíochtaí i bhfoirgníocht chónaithe, d’fhéadfaí ligean don rialtas a phleananna a chur chun cinn go héifeachtach chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus rannchuidiú le hathchothromú seachtrach. Mar thoradh air sin, tá sé ábhartha deireadh a chur leis na bacainní sin chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Ag an am céanna, tá an margadh cíosa príobháideach sách beag, agus mar thoradh air sin tá soláthar teoranta roghanna malartacha atá inacmhainne agus atá ar fáil seachas úinéireacht tí. Baineann an easpa tithíochta inacmhainne ar cíos an bonn ó shoghluaisteacht an lucht saothair agus ón gcomhtháthú sóisialta freisin.

(23)Tá córas cúraim fhadtéarmaigh dea-fhorbartha ag an Ísiltír. Cé go bhfuil an caiteachas ar chúram fadtéarmach san Ísiltír ar an gcaiteachas is airde san Aontas cheana féin, meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar na costais. In 2022 ba é 3,8 % de OTI an caiteachas iomlán ar chúram fadtéarmach san Ísiltír, an luach is airde san Aontas go mór fada. I dTuarascáil 2024 maidir le hAosú tuartar go dtiocfaidh méadú 1,0 pointe céatadáin ar an bhfigiúr sin faoi 2040 agus méadú 1,9 pointe céatadáin faoi 2070. Ina theannta sin, tá na costais aonaid chun cúram institiúideach a sholáthar san Ísiltír i measc na gcostas is airde san Aontas, fiú nuair a dhéantar iad a thomhas mar sciar de OTI per capita. Tugtar le fios leis sin go bhfuil deis ann feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhioscach an chúraim fhadtéarmaigh trí neamhéifeachtúlachtaí sa chóras a laghdú gan cáilíocht agus cumhdach ard an chúraim sin a chur i mbaol. Sampla de neamhéifeachtúlachtaí den sórt sin is ea go bhfuil dreasachtaí ag bardais, arb iad soláthraithe cúraim baile san Ísiltír iad, chun freagracht as othair a aistriú chuig an earnáil cúraim cónaithe seachas leanúint de chúram baile agus pobalbhunaithe a sholáthar dóibh chomh fada agus is féidir. Ina theannta sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí sa chóras cúraim fhadtéarmaigh, mar shampla trí réitigh atá níos digití agus níos nuálaí a úsáid nó trí infheistíocht a dhéanamh sa chosc ionas go gcuirfí moill ar thús na riachtanas cúraim fhadtéarmaigh agus ar an spleáchas ar thacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí laethúla maireachtála.

(24)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na hÍsiltíre tríd an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Ísiltír dlús suntasach a chur le hathchóirithe a chur chun feidhme agus go háirithe cur chun feidhme éifeachtach na n‑athchóirithe a áirithiú atá gaolmhar le moltaí tírshonracha. Tá rannpháirtíocht chórasach na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(25)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá sé de cheanglas ar an Ísiltír gach clár a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aici, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an t‑athbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag an Ísiltír maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós. Cé go bhfuil difríochtaí réigiúnacha in OTI per capita fós cobhsaí agus go bhfuil rangú na réigiún uile i bhfad os cionn mheán an Aontais maidir leis an iomaíochas, déanann an t‑aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de difear ar bhealaí éagsúla do réigiúin ina bhfuil braislí tionscal atá dian ar astaíochtaí. Tá sé tábhachtach dlús a chur le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe, agus tá na tosaíochtaí a comhaontaíodh sna cláir fós ábhartha. Tá tábhacht ar leith fós leis na cuspóirí chun tacú leis an nuálaíocht a bhaineann leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, chomh maith le tacú leis an ngeilleagar glas sna réigiúin ina bhfuil braislí tionscail is mó a ndéanann an t‑aistriú aeráide difear dóibh. Tá tacaíocht d’aistrithe sochaíocha i limistéir uirbeacha dhíothacha i gcathracha móra fós ábhartha. Tá gá fós le gníomhaíocht chun neamhionannais shóisialta agus neamhionannais i margadh an tsaothair a laghdú trí infheistíocht a dhéanamh i gcomhdheiseanna (fostaíochta) agus tríd an idirdhealú a chomhrac. Agus an t‑athbhreithniú meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe á dhéanamh, an acmhainneacht maidir le réitigh a thástáil agus a phíolótú chun cuidiú le plódú na n‑eangach leictreachais a laghdú, ba cheart an acmhainneacht sin a chur chun cinn toisc go rannchuideoidh sé sin le haistriú glas na hÍsiltíre. D’fhéadfadh an Ísiltír úsáid a bhaint as tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip chun tacú le claochlú tionscail agus chun infheistíochtaí i monaraíocht teicneolaíochta glan‑nialasachta a éascú, lena n‑áirítear chun uas‑sciliú agus athsciliú a dhéanamh.

(26)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshlán breise roimh an Ísiltír a bhaineann le deighilt mhargadh an tsaothair, ganntanais saothair agus scileanna, leis an oideachas bunúsach, le spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus taiscí nítrigine iomarcacha.

(27)Tá sciar na fostaíochta solúbtha (idir oibrithe ar chonarthaí sealadacha agus daoine féinfhostaithe) fós ard san Ísiltír. Léiríonn sé sin go bhfuil riosca leanúnach ann maidir le deighilt i margadh an tsaothair, agus éifeachtaí saofa ar chorrlaigh mhargadh an tsaothair aici. Is féidir leis sin éagothroime i ndáil le deiseanna a mhéadú agus cur isteach ar an táirgiúlacht. Is féidir le solúbthacht áirithe sa mhargadh saothair rannchuidiú le hinoiriúnaitheacht an gheilleagair a fheabhsú agus d’fhéadfadh an tsolúbthacht sin freastal níos fearr ar roghanna aonair freisin. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an úsáid iomarcach cineálacha solúbtha fostaíochta ar oibrithe agus ar an ngeilleagar i gcoitinne. Mar shampla, is dúshlán é rannpháirtíocht san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil dóibh siúd a bhfuil socruithe solúbtha fostaíochta conartha acu, agus dá réir sin laghdaítear infheistíocht i scileanna agus géaraíonn sé lagú na táirgiúlachta. I gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, tá bearta fógartha ag rialtas na hÍsiltíre chun aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí idir socruithe oibre buana agus solúbtha. Áirítear ar na bearta sin deireadh a chur le conarthaí uaireanta-‑nialasacha, cineál nua conartha a chur in ionad conarthaí ‘ar glao-dhualgas’ mar atá siad faoi láthair, lena soláthraítear níos mó slándála ioncaim d’oibrithe, agus lena gcuirtear feabhas ar shlándáil poist oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Beidh sé tábhachtach dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir leis na pleananna sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh an rogha maidir le cineál áirithe conartha fostaíochta bunaithe ar riachtanais a bhaineann go sonrach le post nó ar roghanna na sealbhóirí poist, agus, san am céanna, go gcuirfear feabhas ar fhostaíocht agus ar staid shóisialta daoine i bhfostaíocht sholúbtha agus deighilt i margadh an tsaothair a laghdú. 

(28)Bhí ganntanais saothair agus scileanna forleathan cheana féin i margadh saothair na hÍsiltíre roimh COVID-19, ach tá na ganntanais sin níos forleithne ó shin. Earnálacha amhail TFC, cúram sláinte, oideachas, poist theicniúla, agus poist a bhaineann leis an aistriú glas, tá siad ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais struchtúracha a mheastar a leanfaidh ar aghaidh, i bpáirt mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha. D’ainneoin ráta ard rannpháirtíochta ar an iomlán, tá líon oibrithe ionchasacha fós ag an Ísiltír nár baineadh leas astu, amhail daoine a mbaineann cúlra imirceach leo nó iad siúd atá ag obair i bhfostaíocht pháirtaimseartha. Mar gheall ar thearcúsáid cuid den lucht saothair, mar aon le ganntanais scileanna, tá iomaíochas na hÍsiltíre i mbaol agus d’fhéadfaí infheistíochtaí a choinneáil siar, lena n‑áirítear infheistíochtaí i dtógáil teaghaisí nua, rud a fhágann go bhfuil sé ábhartha do na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Ísiltír. Tá gá le cur chuige cuimsitheach chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus chun freastal san am céanna ar riachtanais agus ar bhacainní earnáilsonracha. Chun an soláthar saothair a mhéadú, d’fhéadfaí daoine a dhreasú chun níos mó uaireanta an chloig oibre a dhéanamh, lena n‑áirítear trí bhearta beartais lena gcuirtear cáilíocht na hoibre agus an chothromaíocht oibre is saoil chun cinn. Ina theannta sin, trí dheiseanna uas‑scilithe nó athscilithe a neartú trí bhearta spriocdhírithe agus saincheaptha, go háirithe do dhaoine atá ar imeall mhargadh an tsaothair agus daoine neamhghníomhacha, d’fhéadfaí cabhrú chun ganntanais lucht saothair agus scileanna a mhaolú agus torthaí sóisialta a fheabhsú. I bhfianaise na nganntanas oibrithe atá ann cheana ar fud earnálacha agus i bhfianaise na táirgiúlachta saothair marbhánta, d’fhéadfadh bearta beartais ar thaobh an éilimh díriú ar earnálacha ard‑bhreisluacha a chur chun cinn chomh maith le hearnálacha a bhaineann le dúshláin shochaíocha, amhail oideachas agus cúram sláinte, soghluaisteacht trasearnála a chothú agus infheistíochtaí feabhsaithe táirgiúlachta agus T&F a mhéadú.

(29)D’ainneoin sciar na ndaltaí 15 bliana d’aois is fearr feidhmíocht a bheith fós sách ard, ach ag laghdú, lé torthaí an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí 2022 (PISA) léirítear méadú mór ar líon na ndaltaí ar tearcghnóthachtálaithe iad sa mhatamaitic, san eolaíocht agus i scileanna léitheoireachta. Tá éagsúlacht mhór sa laghdú idir rianta éagsúla sa mheánoideachas, agus is iad na daltaí sna rianta is ísle – na conairí éagsúla meánoideachas réamh‑ghairme (vmbo) – a léiríonn an laghdú is mó ar scóir na dtrialacha. Ina theannta sin, daltaí a bhfuil cúlra imirce acu (daltaí dúchais a bhfuil tuismitheoirí acu a rugadh thar lear agus daltaí a rugadh thar lear), is tearcghnóthachtálaithe iad beagnach dhá oiread níos minice ná daltaí nach bhfuil aon chúlra imirce acu, sa mhatamaitic agus san eolaíocht, cé go bhfuil an difríocht beagán níos lú sa léitheoireacht. Tá meath na mbunscileanna ar cheann de na cinn is mó san Aontas agus baineann sé an bonn ó thorthaí oideachais agus ó thorthaí mhargadh an tsaothair chomh maith le táirgiúlacht agus iomaíochas fadtéarmach. Is féidir leis an nganntanas múinteoirí atá ag dul i méid na dúshláin i bhforbairt scileanna agus i gcothromas agus cáilíocht an oideachais a ghéarú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Ísiltír meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar bhunscileanna agus athbhreithniú a dhéanamh orthu de réir mar is gá, chun a dtionchar a mhéadú, go háirithe i gcás scoileanna ina bhfuil daonra daltaí faoi mhíbhuntáiste. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Ísiltír bearta a dhéanamh chun tréscaoilteacht a rianta meánscoile a mhéadú agus a dreasachtaí a leathnú chun níos mó múinteoirí a mhealladh chuig scoileanna ina bhfuil daonra scoile faoi mhíbhuntáiste.

(30)Ós rud é go bhfuil plódú na heangaí leictreachais ag dul i méid de réir a chéile, is minic a bhíonn ar oibreoirí líonraí iarrataí ar rochtain ar an eangach a dhiúltú ó tháirgeoirí nua leictreachais agus ó thomhaltóirí nua. Tá an baol ann go gcuirfidh plódú san eangach moill ar an aistriú chuig fuinneamh glan agus go gcuirfidh sé srian ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, rud a fhágann go bhfuil sé ábhartha do na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Ísiltír. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht agus solúbthacht na heangaí tarchurtha agus dáileacháin a mhéadú chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, chun dlús a chur le cur in úsáid an bhonneagair fuinnimh in‑athnuaite ar tír agus amach ón gcósta araon, chun freastal ar an éileamh ar leictreachas, agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas. Sa phlean náisiúnta córais fuinnimh, a glacadh i mí na Nollag 2023, iarrtar infheistíochtaí in acmhainneacht bhreise eangaí agus stórála nach mór a chur chun feidhme anois. Chun na hinfheistíochtaí is gá i leathnú an bhonneagair leictreachais a éascú, tá nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla ríthábhachtach le haghaidh gréasáin tarchurtha agus dáileacháin leictreachais. Chuirfeadh sé sin dlús freisin le cur chun feidhme tionscadal fuinnimh in‑athnuaite ar tír agus amach ón gcósta. Ar deireadh, mar chuid de na creatchoinníollacha, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar phlódú trí bhearta agus rialacháin theicniúla (e.g. dreasachtaí taraife nó teorainneacha buaicuaire).

(31)D’fhéadfadh dianchleachtais talmhaíochta a bheith ina gcúis le deascadh iomarcach nítrigine, agus iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar shláinte na hithreach agus ar éiceachórais uisceacha agus mhuirí, agus meath ar chaipiteal nádúrtha a bheith mar thoradh air sin, agus san am céanna srianta suntasacha a chur ar cheadú gníomhaíochta tógála astaithe nítrigine agus ar chur chun feidhme bonneagair fuinnimh in‑athnuaite. Mar thoradh air sin, tá na cleachtais sin ábhartha maidir leis na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Ísiltír. Tá gá le tacaíocht leanúnach chun aistriú chuig talmhaíocht inbhuanaithe a spreagadh, lena n‑áirítear feirmeoireacht orgánach, agus iomaíochas agus cothroime shóisialta á n‑áirithiú san am céanna. I gcomhréir le Plean Straitéiseach CBT na hÍsiltíre 23 , bhainfeadh an Ísiltír tairbhe as líon beostoic a laghdú, dlús a chur leis an aistriú chuig talmhaíocht chiorclach agus orgánach, athfhliuchadh a dhreasú agus gan ithreacha atá ar mhórán carbóin a tháirgeadh a thuilleadh, agus úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán neamhorgánach a laghdú. Ina theannta sin, d’fhéadfaí seasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra luacha a fheabhsú, mar shampla trí chomharthaí cáilíochta an Aontais a fhorbairt a thuilleadh, aitheantas níos fearr a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, tuilleadh digiteála agus nuálaíochta a thabhairt isteach sa talmhaíocht, agus infhaighteacht táirgí orgánacha a mhéadú do thomhaltóirí. Tá deis ann fós infheistíocht a mhéadú a thuilleadh i gcosc agus rialú ar thruailliú, agus i mbainistiú inbhuanaithe uisce.

(32)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, in 2024, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n‑áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na hÍsiltíre, cuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme na moltaí maidir leis an gcéad, an dara, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.

(33)I bhfianaise ghrinn‑athbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúide maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moladh (1) thíos. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach i gcomhthéacs mhargaidh tithíochta ró‑luacháilte. Rannchuidíonn moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus leis an moladh a chur chun feidhme le haghaidh an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 31.

AG MOLADH LEIS SEO go nglacfadh an Ísiltír gníomhaíocht in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.An plean struchtúrach fioscach meántéarmach a chur isteach go tráthúil. I gcomhréir le riachtanais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe, srian a chur ar an bhfás i nglanchaiteachas 24 in 2025 go ráta atá comhsheasmhach le easnamh rialtais ghinearálta a choinneáil faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, agus an fiachas rialtais ghinearálta a choinneáil ar leibhéal stuama go meántéarmach. Cánachas cineálacha éagsúla ioncaim ón rachmas, i measc nithe eile, a ailíniú chun claontacht fiachais teaghlaigh a laghdú. Bacainní ar thógáil teaghaisí nua a bhaint, agus inacmhainneacht agus infhaighteacht tithíochta sa mhargadh cíosa príobháideach a áirithiú. Aghaidh a thabhairt ar an méadú ionchasach ar chaiteachas a bhaineann le haois tríd an gcóras cúraim fhadtéarmaigh a dhéanamh níos costéifeachtúla.

2.Dlús suntasach a chur leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, lena áirithiú go mbeidh athchóirithe agus infheistíochta curtha i gcrích faoi Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, na réitigh a bhaineann le tástáil agus píolótú a chur chun cinn chun cuidiú le plódú na heangaí leictreachais a laghdú, agus na deiseanna a chuireann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh san am céanna.

3.Bearta a chur chun feidhme chun dreasachtaí a laghdú chun conarthaí solúbtha nó sealadacha a úsáid. Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna struchtúracha agus earnáilsonracha, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as acmhainneacht lucht saothair tearcúsáidte, agus trí shoghluaisteacht chuig earnálacha ardtáirgiúlachta agus earnálacha a bhaineann le dúshláin shochaíocha a spreagadh. Feabhas a chur ar bhunscileanna, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanas múinteoirí agus ar thacaíocht shaincheaptha do scoileanna faoi mhíbhuntáiste.

4.Feabhas a chur ar chreatchoinníollacha chun borradh a chur faoin infheistíocht sna heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, go háirithe chun dlús a chur le húsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas. Iarrachtaí breise a dhéanamh ar mhaithe leis an talmhaíocht inbhuanaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj .
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj .
(4)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj .
(5)    COM(2023) 168 final.
(6)    COM(2024) 77 final.
(7)    COM(2023) 901 final.
(8)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ) agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(9)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 (IO L 2024/1263, 30.4.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ). Ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar eilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre (ST 12275//22; ST12275//22 ADD1).
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre (ST 13613/1/23).
(12)    SWD(2024) 619 final.
(13)    SWD(2024) 82 final.
(14)    Táscairí Eurostat‑Euro, 22.4.2024.
(15)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hÍsiltíre agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na hÍsiltíre, IO C 334, 1.9.2022, lch. 154.
(16)    Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 9,7 % i dtéarmaí ainmniúla a bhí san fhás aschuir féideartha meántéarmach san Ísiltír in 2023, agus úsáidtear sin chun an staid fhioscach a thomhas, bunaithe ar an meánráta fáis ionchasach iarbhír 10 mbliana agus ar dhíbhoilsceoir OTI 2023.
(17)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha (agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh) agus lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(18)    Tháinig méadú 0.2 pointe céatadáin ar chaiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomparáid le 2022.
(19)    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na hÍsiltíre um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÍsiltíre 2023, IO C 312, 1.9.2023, lch. 176.
(20)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomhúil mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ar (i) bhearta lánroghnacha ioncaim, (ii) caiteachas úis, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta, agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(21)    Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n‑áirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(22)    Déantar an ranníocaíocht sin a thomhas mar an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil ginearálta an rialtais, glan ar (i) tionchar buiséadach incriminteach na mbeart lánroghnach ioncaim, (ii) caiteachais aonuaire, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta agus (iv) caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas leis an meánráta fáis fhéideartha ainmniúil ar OTI sa mheántéarma (10 mbliana), arna shloinneadh mar chóimheas le OTI ainmniúil.
(23)    C(2022) 9800 final.
(24)    De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar eilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
Top