AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.10.2024
COM(2024) 442 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce)
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce)
1. RÉAMHRÁ
Le Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce), leagtar amach íoscheanglais chomhchuibhithe maidir le cáilíocht uisce chun fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid go sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta. Leagtar amach leis freisin íoscheanglais faireacháin, forálacha bainistithe riosca, ceanglais cheadaithe agus forálacha maidir le trédhearcacht, ina luaitear nach mór príomhfhaisnéis faoi thionscadail athúsáide uisce a chur ar fáil don phobal.
Faoin Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, tá táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe faoi réir ceada. Ní mór na ceadanna a bheith bunaithe ar phlean bainistithe riosca cuimsitheach lena gcumhdaítear na príomheilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. I bhfianaise anailís a bheidh bunaithe ar phríomheilimintí Iarscríbhinn II, ba cheart, i bplean bainistithe riosca, aon cheanglas cáilíochta uisce breise is gá a shainaithint chun cosaint leormhaith a sholáthar do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol.
Ós rud é go bhfuil an bainistiú riosca ríthábhachtach chun sábháilteacht athúsáide uisce a áirithiú, leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán a leasú chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin chun an Rialachán a fhorlíonadh le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na bpríomheilimintí céanna sin.
Éilítear leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcaoi ar bhain sé úsáid as an tarmligean cumhachta sin. Dírítear sa tuarascáil seo ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1765 lena bhforlíontar Rialachán 2020/741 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca.
2. BUNÚS DLÍ
Faoi Airteagal 13(2) den Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, tugtar tarmligean na gcumhachtaí don Choimisiún ar feadh 5 bliana dar tús an 25 Meitheamh 2020. Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcaoi ar bhain sé úsáid as an tarmligean cumhachta sin tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, is é sin tráth nach déanaí ná an 24 Meán Fómhair 2024.
Déantar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin i gcomhréir le hAirteagal 13(2).
3. AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
Faoi Airteagal 5(5) den Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán a leasú chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ó tháinig an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce i bhfeidhm, níor tháinig aon fhorbairt eolaíoch ná theicniúil chun cinn lenar gá Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, níor fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht tharmligthe chun an Rialachán a leasú le linn na tréimhse 5 bliana ó bhí an 25 Meitheamh 2020 ann.
Faoin Airteagal céanna sin, leis an dara fomhír de, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán chun sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Rialachán a leagan síos. Ghlac an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe amháin, Rialachán Tarmligthe 2024/1765 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca. D’fheidhmigh an Coimisiún an cumhachtú sin mar gheall ar an ngá lena áirithiú go bhfuil na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce láidir, ar ardcháilíocht, agus bunaithe ar chur chuige córasach, go háirithe in uaireanta lena n‑éilítear athléimneacht níos fearr maidir le huisce.
3.1 Rialachán Tarmligthe 2024/1765 lena bhforlíontar Rialachán 2020/741
Tá an bainistiú riosca ríthábhachtach maidir le sábháilteacht athúsáide uisce, agus is rud é lena n‑éilítear sainaithint agus bainistiú riosca ar bhealach réamhghníomhach. Is féidir an próiseas sin a bheith casta agus éilíonn sé cur chuige ildisciplíneach ina bhfuil roinnt comhlachtaí páirteach. Ar an gcúis sin, tarraingíodh suas sonraíochtaí teicniúla chun a áirithiú go bhfuil na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce ar cháilíocht iomchuí agus i gcomhréir leis na treoirlínte agus caighdeáin idirnáisiúnta, amhail iad sin a tháirg an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú.
Tarraingíodh suas an Rialachán Tarmligthe ar bhonn staidéir theicniúla láidre, agus bhí saineolaithe teicniúla rannpháirteach ann, ar saineolaithe teicniúla iad a dhéanann ionadaíocht ar údaráis náisiúnta, cuideachtaí cóireála uisce agus páirtithe leasmhara eile, agus iad obair le chéile sa Mheitheal um Athúsáid Uisce
.
Chuir an Rialachán Tarmligthe leis an obair a rinneadh chun treoirlínte ón gCoimisiún a tharraingt suas chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce.
Bhí an Grúpa Saineolaithe um Uisce agus Tuilte
rannpháirteach sna pléití agus tugadh an deis dó barúil a thabhairt ar an dréacht-Rialachán Tarmligthe. Reáchtáladh cruinnithe ullmhúcháin idir an 17 agus an 18 Samhain 2022, idir an 13 agus14 Márta 2023 (an Meitheal um Athúsáid Uisce) agus an 16 Deireadh Fómhair 2023 (an Grúpa Saineolaithe). Glacadh an gníomh tarmligthe an 11 Márta 2024 agus tugadh fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Níor eisigh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí a shonraítear in Airteagal 13(6) den Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce.
Níor thionscain ceachtar den dá institiúid síneadh 2 mhí bhreise leis an tréimhse 2 mhí i gcomhréir leis an bhforáil chéanna.
Dá bhrí sin, foilsíodh an Rialachán Tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tháinig sé i bhfeidhm an 10 Iúil 2024.
4. CONCLÚID
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart.
Cé nár fheidhmigh sé a chumhachtaí tarmligthe fós chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce a leasú, d’fhéadfadh sé nach mór dó déanamh amhlaidh amach anseo chun dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch breise sa réimse sin a chur san áireamh.
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá fós leis na cumhachtaí tarmligthe a thugtar dó faoi Airteagal 5(5) den Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.