AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.7.2024
COM(2024) 348 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú
1.Réamhrá
Tá Treoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú (an Treoir) ar cheann de na hionstraimí reachtacha a rannchuidíonn le cuspóirí 2030 a bhaint amach maidir le truailliú aeir sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú(). Leagtar síos inti gealltanais do gach Ballstát maidir le hastaíochtaí náisiúnta a laghdú don tréimhse 2020-2029 agus gealltanais níos uaillmhianaí ó 2030 ar aghaidh. Dírítear inti ar chúig thruailleán aeir is cúis le tionchair mhóra dhiúltacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, is iad sin: dé-ocsaíd sulfair (SO2); ocsaídí nítrigine (NOx); comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (NMVOC); amóinia (NH3); agus mínábhar cáithníneach (PM2.5).
Tháinig an Treoir i bhfeidhm an 31 Nollaig 2016, lena n‑aisghairtear Treoir 2001/81/CE () maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe san aer le héifeacht ón 1 Iúil 2018. Leagtar síos sa Treoir oibleagáidí náisiúnta le hastaíochtaí truailleán a laghdú, arna sloinneadh mar chéatadán d’astaíochtaí gach truailleáin sa bhliain bhonnlíne 2005. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin ó bhí 2020 ann agus is in 2022 a tuairiscíodh sonraí astaíochtaí den chéad uair.
Comhfhreagraíonn gealltanais laghdaithe astaíochtaí na Treorach le haghaidh 2020 go 2029 do na gealltanais laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2020 ar aghaidh a ghlac an tAontas agus na Ballstáit faoi Phrótacal athbhreithnithe Gothenburg () a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (). Leis an Treoir, déantar na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a thrasuí i ndlí an Aontais, agus leagtar síos gealltanais níos uaillmhianaí le haghaidh 2030 ar aghaidh.
Tugtar aghaidh leis an Treoir ar astaíochtaí náisiúnta foriomlána. Tá sé mar chuid de chreat dlíthiúil an Aontais maidir le haer glan, in éineacht le Treoracha an Aontais maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh () agus reachtaíocht an Aontais lena rialaítear truailliú aeir ag an bhfoinse (). Tá cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta maidir le haer glan fíor-riachtanach chun an dá sprioc a bhaineann leis an aer le haghaidh 2030 sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a bhaint amach, i.e.: (i) laghdú níos mó ná 55 % a dhéanamh ar thionchair an truaillithe aeir ar an tsláinte (arna sloinneadh mar bhásanna anabaí mar gheall ar thruailliú PM2.5 ) san Aontas; agus (ii) laghdú 25 % a dhéanamh ar an limistéar éiceachóras ina gcuireann truailliú aeir an bhithéagsúlacht i mbaol (i gcomparáid le leibhéil 2005).
Ceanglaíodh ar na Ballstáit Treoir (AE) 2016/2284 a thrasuí go hiomlán (i.e. í a chomhtháthú sa dlí náisiúnta) faoin 1 Iúil 2018.
Rinne an Coimisiún obair leantach ar na hocht gcás ina ndearnadh cumarsáid dhéanach maidir le trasuí na Treorach le litreacha fógra fhoirmiúil, i gcomhréir le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá gach ceann de na hocht gcás dúnta ó shin.
Sheiceáil an Coimisiún comhréireacht na mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, agus thionscain sé naoi nós imeachta um shárú toisc nach raibh an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le ceanglais na Treorach. Cuireadh deireadh le gach ceann de na nósanna imeachta sin ó shin seachas ceann amháin().
De réir Airteagal 11(1) den Treoir, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún Eorpach Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir le cur chun feidhme.
Cuireadh an chéad tuarascáil cur chun feidhme i láthair in 2020 (). Tagann an dara tuarascáil seo 4 bliana tar éis na tuarascála roimhe sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 den Treoir. Cuirtear i láthair inti an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir leis an Treoir a chur chun feidhme, agus áirítear léi measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn sé leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach. Chun a bheith níos beaichte, le hAirteagal 11(1) den Treoir, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn i dtreo na nithe seo a leanas:
-na leibhéil tháscacha astaíochtaí agus na gealltanais laghdaithe astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna le haon neamhchomhlíonadh;
-leibhéil cháilíochta an aeir chomhthimpeallaigh i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le cáilíocht an aeir arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte;
-cuspóirí bithéagsúlachta agus éiceachórais an Aontais a leagtar amach sa seachtú clár gníomhaíochta don chomhshaol.
Le hAirteagal 11(1) ceanglaítear ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
-bearta breise a shainaithint a bhfuil gá leo ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
-tuairisciú ar ghlacadh chistí an Aontais chun tacú leis na bearta arna ndéanamh chun cuspóirí na Treorach a chomhlíonadh;
-torthaí scrúdú an Choimisiúin ar na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus ar na nuashonruithe a rinneadh orthu a chur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an tríú fomhír;
-meastóireacht a dhéanamh ar thionchair sláinte, chomhshaoil agus shocheacnamaíocha na Treorach seo.
Le hAirteagal 11(2) ceanglaítear freisin ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaíocht bhreise, lena n‑áirítear bearta reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann, i gcás ina léirítear sa tuarascáil go bhféadfadh neamhchomhlíonadh na leibhéal táscach astaíochtaí agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí a bheith ann mar thoradh ar reachtaíocht fhoinseach neamhéifeachtach de chuid an Aontais, lena n‑áirítear í a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát.
Leis an gceathrú Ionchas Aeir Ghlain, atá beartaithe do dheireadh 2024, a thagann sna sála ar na heagráin roimhe seo (), comhlánófar an tuarascáil sin trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis an gconair i dtreo na comhlíontachta. Go sonrach, le hIonchas Aeir Ghlain 2024 soláthrófar measúnú anailíseach mionsonraithe ar a mhéid atá na Ballstáit agus an tAontas ina iomláine ar an mbóthar ceart chun ceanglais laghdaithe astaíochtaí na Treorach a chomhlíonadh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, rud a laghdóidh an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, chomh maith le measúnú ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann leis na bearta is gá agus ar na tionchair a mheastar a bheidh ann.
2.Na gealltanais laghdaithe astaíochtaí a baineadh amach san am a chuaigh thart agus a réamh-mheastar a bhainfear amach
2.1.Laghdú ar astaíochtaí a baineadh amach go dtí seo agus seiceálacha maidir le comhlíonadh
Is é an oibleagáid lárnach atá ar na Ballstáit, mar a leagtar amach sa Treoir, astaíochtaí a laghdú le haghaidh na dtruailleán aeir SO2, NOx, NMVOC, NH3 agus PM2.5 le haghaidh na mblianta 2020-2029 agus ó 2030 ar aghaidh. Sloinntear gealltanais laghdaithe na mBallstát mar chéatadán de leibhéil astaíochtaí 2005. Léirítear i bhFíor 1 athruithe ar astaíochtaí na dtruailleán sin ar leibhéal an Aontais, rud a léiríonn go bhfuil laghdú mór tagtha ar astaíochtaí gach truailleáin seachas amóinia le himeacht ama. Ceiltear leis sin, áfach, neamhréireanna idir na Ballstáit, a ndéantar a n‑athruithe le himeacht ama a mhionsonrú i bhfoilseacháin de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA).
Fíor 1: Treochtaí 2005-2021 san Aontas in astaíochtaí NH3, PM2.5, NMVOC, NOX agus SO2, mar chéatadáin de leibhéil 2005, socraithe in aghaidh OTI Bhallstáit an Aontais mar chéatadán de OTI 2005 (foinse:
https://www.eea.europa.eu/publications/national-emission-reduction-commitments-directive-2023
)
Bunaithe ar na fardail astaíochtaí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain faoin Treoir, seiceálann an Coimisiún comhlíonadh na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí. I bhfardail bíonn sonraí astaíochtaí lena mbaineann aga moille 2 bhliain. Áirítear leis na fardail is déanaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit i mí Feabhra 2024 sonraí astaíochtaí ó 2022. In 2022, rinne an Coimisiún seiceáil, den chéad uair, ar chomhlíontacht na mBallstát leis na gealltanais laghdaithe astaíochtaí, ar bhonn sonraí athbhreithnithe 2020 maidir le hastaíochtaí.
Mar a léirítear i dTábla 1, tá an chomhlíontacht fhoriomlán réasúnta maith do gach truailleán seachas amóinia. In 2022, d’aimsigh an Coimisiún 19 gcás neamhchomhlíonta, scaipthe ar fud 14 Bhallstát (). Cé go bhfuil gach ceann de na cúig thruailleán i gceist, baineann formhór na gcásanna neamhchomhlíonta le hamóinia. Mar thoradh air sin, d’eisigh an Coimisiún litreacha fógra fhoirmiúil chuig na 14 Bhallstát sin ().
Léiríodh i measúnú comhlíontachta 2023, bunaithe ar shonraí athbhreithnithe 2021, nár réitíodh formhór na gcásanna neamhchomhlíonta, agus gur tharla roinnt sáruithe breise (). Dá réir sin, d’eisigh an Coimisiún trí () litir fógra fhoirmiúil bhreise agus naoi () dtuairim réasúnaithe i mí na Samhna 2023 ().
Tábla 1: Forbhreathnú ar neamhchomhlíonadh na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí bunaithe ar shonraí 2020 agus 2021
|
Truailleán
|
Ballstáit neamhchomhlíontacha in 2020*
|
Ballstáit neamhchomhlíontacha in 2021†
|
|
NH3
|
11 BS: BG, DK, IE, LV, LT, LU, AT, PT, ES, SE, HU
|
10 BA: BG, DK, IE, LV, LT, LU, AT, PT, SE, HU
|
|
PM2.5
|
3 BS: LT, RO, HU
|
3 BS: PL, RO, HU
|
|
NMVOC
|
2 BS: PL, LT
|
3 BS: LT, LU, PL
|
|
NOx
|
2 BS: LT, RO
|
2 BS: LT, RO
|
|
SO2
|
1 BS: CY
|
1 BS: CY
|
*De réir na bhfardal arna dtuairisciú ag na Ballstáit in 2022 (ar ar bunaíodh na litreacha fógra fhoirmiúil a eisíodh i mí Eanáir 2023).
†De réir na bhfardal arna dtuairisciú ag na Ballstáit in 2023 (ar ar bunaíodh na litreacha fógra fhoirmiúil agus na tuairimí réasúnaithe a eisíodh i mí na Samhna 2023).
Ní mór fardail a bheith ar ardchaighdeán chun measúnú iontaofa a dhéanamh ar chomhlíontacht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar cháilíocht na bhfardal agus tacaíonn sé le hiarrachtaí na mBallstát feabhas a chur orthu (féach Roinn 5.1 den tuarascáil seo), lena n‑áirítear trí athbhreithnithe a dhéanamh ar fhardail náisiúnta agus iad a fhoilsiú () agus trí thacaíocht fothaithe acmhainneachta a chur ar fáil.
Agus na fardail náisiúnta á n‑athbhreithniú ag an gCoimisiún, fíoraíonn sé trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise a chuirtear ar fáil.
De réir athbhreithniú 2023 (), bhí cáilíocht na bhfardal go maith i gcás fhormhór na mBallstát, ach bhí éagsúlacht áirithe idir tíortha, agus bhí roinnt fardal ar cháilíocht níos measa go háirithe. Tá réimsí móra a d’fhéadfaí a fheabhsú ar fud na n‑earnálacha agus na dtruailleán uile, lena n‑áirítear:
-astaíochtaí rómheasta nó gannmheasta agus neamhréireanna laistigh den amshraith sonraí;
-easpa trédhearcachta maidir le modheolaíochtaí agus athríomhanna i gcomparáid le fardail roimhe seo;
-gá le modhanna níos sofaisticiúla chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí le haghaidh príomhfhoinsí astaíochtaí agus le haghaidh anailís ar neamhchinnteacht freisin.
Ní hamháin go ndéantar measúnú sna hathbhreithnithe fardail ar cháilíocht na sonraí fardail ach freisin ar cé acu is féidir glacadh le hiarratas Ballstáit ar sholúbthacht de réir Airteagal 5 den Treoir nó nach féidir. Leagtar amach in Airteagal 5(1) na coinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit a bhfardail a choigeartú. Is féidir coigeartú a dhéanamh go háirithe nuair atá modhanna feabhsaithe fardail á gcur i bhfeidhm ag Ballstát, modhanna a tugadh cothrom le dáta i gcomhréir leis an eolas eolaíoch ó tarraingíodh suas na gealltanais laghdaithe astaíochtaí den chéad uair.
In 2021, chuir Ballstát amháin iarratais nua ar choigeartú isteach, agus chuir roinnt Ballstát eile iarratais ar choigeartuithe a formheasadh roimhe sin isteach arís. Ó cuireadh isteach fardal 2022, tá laghdú mór tagtha ar líon na n‑iarratas ar sholúbthacht. Is é is cúis leis sin gealltanais laghdaithe astaíochtaí arna sloinneadh i gcéatadáin a thabhairt isteach, bhain coigeartuithe a formheasadh roimhe seo le huasteorainneacha astaíochtaí (atá infheidhme fós ó Threoir 2001/81/CE mar a leagtar síos san fhoráil idirthréimhseach faoi Airteagal 21(2) den Treoir) agus, dá bhrí sin, níl siad bailí a thuilleadh. Ó tharla an t‑athrú sin, ní bhfuarthas ach an t‑aon iarratas coigeartaithe amháin faoi Airteagal 5(1) in 2022 agus formheasadh é ina dhiaidh sin, agus cuireadh isteach arís é in 2023 mar iarratas a formheasadh roimhe sin. Go dtí seo, níl iarratais faighte ag an gCoimisiún maidir le haon cheann de na solúbthachtaí eile a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir.
2.2.Comhlíonadh réamh-mheasta gealltanas laghdaithe astaíochtaí 2020-2029 agus 2030 ar aghaidh
Le hAirteagal 10(2) den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit réamh-mheastacháin ar astaíochtaí truailleán aeir le haghaidh na mblianta 2020, 2025 agus 2030 () a chur isteach gach 2 bhliain, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad ar an mbóthar ceart chun a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí a chomhlíonadh le haghaidh 2020-2029 agus le haghaidh 2030 ar aghaidh. Déantar measúnú freisin ar leibhéil réamh-mheasta astaíochtaí do 2025 i gcomparáid le conair líneach idir gealltanais laghdaithe astaíochtaí 2020-2029 agus 2030 (de réir Airteagal 4(2) den Treoir). Ní mór cás ‘le bearta’ a chumhdach sna réamh-mheastacháin (bearta atá ann cheana amháin) agus, i gcás inarb ábhartha, cás ‘le bearta breise’ (bearta atá ann cheana agus bearta breise atá beartaithe) (). Má réamh-mheasann Ballstát go gcomhlíonfaidh sé a ghealltanais laghdaithe astaíochtaí uile faoi bhearta atá ann cheana, ní gá aon chás ‘le bearta breise’ a thabhairt. Déanann an Coimisiún a chleachtadh samhaltaithe féin freisin chun réamh-mheastacháin na mBallstát a chomhlánú chun ionchais chomhlíonta a mheas i gcásanna éagsúla. Sa Tríú Ionchas Aeir Ghlain () déantar achoimre ar thorthaí an tsamhaltaithe sin.
Rinne na Ballstáit an tuairisciú is déanaí in 2023. Chuir 22 Bhallstát réamh-mheastacháin () isteach in am chun athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh orthu (). Maidir leis an gcás ‘le bearta’,neamhchomhlíonadh gealltanas laghdaithe astaíochtaí NH3 (do 2020-2029 agus do 2030 ar aghaidh araon) is minice a réamh-mheastar, rud lena gcuirtear i dtábhacht an gá atá le bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí NH3. Tá tarluithe comhchosúla de neamhchomhlíonadh réamh-mheasta ann i gcás NMVOC, NOx agus PM2.5. Cé is moite de roinnt cásanna sonracha, is cosúil faoi láthair nach fadhb í ar fud an Aontais na gealltanais maidir le laghdú astaíochtaí SO2 a chomhlíonadh.
Faoin gcás ‘le bearta’, léirítear san anailís freisin go réamh-mheasann 13 Bhallstát () go gcomhlíonfar gach gealltanas laghdaithe astaíochtaí 2020-2029 in 2025, ach go dtiteann an líon go hocht mBallstát () maidir le gealltanais 2030 (féach Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil seo). Ní mór do na Ballstáit uile nach gcomhlíonann a ngealltanais maidir le laghdú astaíochtaí leis na bearta atá ann cheana bearta breise a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí dhá Bhallstát, a réamh-mheasann nach gcomhlíonfar gealltanas laghdaithe astaíochtaí amháin nó níos mó ina gcás ‘le bearta’, nár thuairiscigh cás’le bearta breise’ ().
An tráth céanna, as na 15 Bhallstát a thuairiscigh cás ‘le bearta breise’ (), tá ceithre Bhallstát nach bhfuil ag réamh-mheas fós go ndéanfar na gealltanais laghdaithe astaíochtaí uile a chomhlíonadh, in 2025 agus in 2030 araon (). Beidh ar na Ballstáit sin (mar aon leis na Ballstáit a réamh-mheastar a bheidh neamhchomhlíontach sa chás ‘le bearta’ agus na Ballstáit nár thuairiscigh cás ‘le bearta breise’) bearta breise a chur i bhfeidhm chun a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí a chomhlíonadh.
Rinneadh measúnú freisin ar na réamh-mheastacháin a chuir na Ballstáit isteach i gcomparáid leis an gconair laghdaithe línigh idir 2020-2029 agus gealltanais laghdaithe astaíochtaí 2030 (de réir Airteagal 4(2) den Treoir). Cé go bhfuil 13 Bhallstát ag réamh-mheas go mbeidh a n‑astaíochtaí in 2025 i gcomhréir leis an ngealltanas laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2020-2029 faoin gcás ‘le bearta’, titeann an líon sin go hocht mBallstát () nuair a dhéantar measúnú air i gcomparáid leis an gconair laghdaithe línigh in 2025 (úsáidtear an cás ‘le bearta’ san anailís sin ós rud é nach mbeidh mórán ama ann le haghaidh bearta breise chun éifeachtaí a bhaint amach faoi 2025).
Ní mór na réamh-mheastacháin a bheith ar ardchaighdeán chun measúnú iontaofa a dhéanamh ar an riosca neamhchomhlíonta a bheidh ann amach anseo. Cuireann sé sin ar chumas na mBallstát freisin bearta breise spriocdhírithe a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar na hearnálacha agus ar na foinsí truaillithe a bhfuil gá le tuilleadh iarrachta ina dtaobh. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar réamh-mheastacháin astaíochtaí na mBallstát le haghaidh gach timthrialla tuairiscithe (gach 2 bhliain) () agus cuireann sé na treoirlínte tuairiscithe is déanaí san áireamh. In 2023, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe () lena ndéantar leasuithe spriocdhírithe ar dhá iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir lena gceanglaítear ar na Ballstáit, ó 2025 ar aghaidh, an teimpléad () is déanaí a úsáid chun réamh-mheastacháin a thuairisciú, teimpléad arna ghlacadh faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin. Cuirfidh sé sin réamh-mheastacháin astaíochtaí níos mine ar fáil trí earnálacha foinseacha a imdhealú ar an mbealach céanna a dhéantar i gcás fardal, rud a thabharfaidh bonn feabhsaithe do na Ballstáit chun bearta breise spriocdhírithe a dhearadh. Thuairiscigh thart ar leath de na Ballstáit a réamh-mheastacháin sa leagan níos imdhealaithe den teimpléad aighneachta in 2023, cé nach raibh sé sainordaitheach fós é a úsáid.
3.Anailís ar na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir
3.1.Ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh
Le hAirteagal 6(1) den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir (NAPCP) a ghlacadh chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a n‑astaíochtaí antrapaigineacha bliantúla a theorannú chun a ngealltanais maidir le laghdú astaíochtaí a chomhlíonadh. Is ionstraim lárnach rialachais é an clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a chuireann ar chumas na mBallstát a mbeartais agus a mbearta a chomhordú agus a chomhaontú chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí. Chun é a ullmhú, tá gá le comhairliúchán agus rannpháirtíocht ó údaráis inniúla ar leibhéil éagsúla agus ó roinnt earnálacha éagsúla, amhail an comhshaol, an talmhaíocht, an fuinneamh, an aeráid, an t‑iompar, an tionsclaíocht agus an t‑airgeadas. Cuirtear béim ar leith ar chomhleanúnachas a áirithiú le pleananna agus le cláir do gach réimse beartais ábhartha. Ina theannta sin, is uirlis é an clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir chun beartais rialaithe truaillithe Ballstáit a chur in iúl agus chun ról a thabhairt don phobal sa phróiseas ceaptha beartas, trí bhíthin comhairliúchán.
I gcomhréir le hAirteagal 6(10) den Treoir, shonraigh an Coimisiún formáid an chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1522 ón gCoimisiún () lena leagtar amach ábhar sainordaitheach agus roghnach, bunaithe ar Airteagal 6 agus ar Iarscríbhinn III Cuid 1 a ghabhann leis an Treoir. Is cuid fhíor-riachtanach den ábhar sainordaitheach iad na beartais agus na bearta breise a roghnaítear lena nglacadh ag na Ballstáit chun astaíochtaí a laghdú a thuilleadh. Ní mór na beartais agus na bearta breise sin a thuairisciú tríd an ‘uirlis EEA-PaM’, uirlis ghréasáin a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA). D’ullmhaigh an Coimisiún treoraíocht freisin chun cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir () a fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 6(9) den Treoir. Cuidíonn an treoraíocht leis na Ballstáit clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a tharraingt suas san fhormáid is gá agus i gcomhréir le ceanglais na Treorach. Bhí na chéad chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir dlite faoin 1 Aibreán 2019. Ní mór na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad agus níos luaithe ná sin más gá mar gheall ar shonraí nua. In 2023, bhí cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir cothrom le dáta dlite i gcás roinnt Ballstát ().
Mar gheall ar mhoilleanna substaintiúla ar na chéad chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a sholáthar, cuireadh tús le nósanna imeachta um shárú le haghaidh neamh-thíolacadh i gcás cúig Bhallstát i mí Feabhra () agus i mí Iúil 2020 (). Chuir gach Ballstát lena mbaineann a gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir isteach ina dhiaidh sin agus dúnadh na nósanna imeachta.
Ó bhí mí na Bealtaine 2020 ann (an scoithdháta le haghaidh cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a chur isteach, ar cláir iad a breithníodh sa chéad tuarascáil cur chun feidhme), fuair an Coimisiún na chéad chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir ón nGréig, ón Iodáil, ó Lucsamburg agus ón Rómáin agus rinne sé anailís orthu, chomh maith le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir atá cothrom le dáta ón mBeilg, ón gCipir, ón Danmhairg, ón Eastóin, ón bhFionlainn agus ón bhFrainc. Fuair an Coimisiún cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir atá cothrom le dáta ón Ísiltír, ón bPolainn agus ón tSeicia le déanaí, ach ní raibh anailís mhionsonraithe déanta orthu sin tráth ar dréachtaíodh an tuarascáil seo (). Ina theannta sin, chuir Éire agus Lucsamburg beartais agus bearta cothrom le dáta isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(4), a chumhdaítear sa chéad roinn eile.
As na 10 gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a fuarthas ó bhí mí na Bealtaine 2020 ann, d’úsáid sé Bhallstát an fhormáid choiteann le haghaidh an chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir (), d’úsáid trí Bhallstát go páirteach í () agus níor úsáid Ballstát amháin í ().
De réir Airteagal 6(5) den Treoir, ní mór do na Ballstáit dul i gcomhairle leis an bpobal i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE () maidir le dréachtchlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir. As na ceithre Bhallstát a chuir na chéad chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir isteach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, rinne trí Bhallstát () comhairliúchán poiblí, ach níor chuir Ballstát amháin () fianaise ar fáil go ndearnadh comhairliúchán. As na sé chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir cothrom le dáta, chuaigh péire acu () faoi chomhairliúchán poiblí ní raibh sé soiléir i gcás amháin() an ndearnadh comhairliúchán poiblí nó nach ndearnadh, agus ní raibh aon fhianaise ann gur cuireadh comhairliúchán poiblí i gcrích i gcás trí cinn acu ().
Maidir le hábhar sainordaitheach cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a thuairisciú, rinneadh sin go hiomlán nó le bearnaí beag go leor i gcás fhormhór na ndoiciméad a ndearnadh anailís orthu (), ach tá easpa sonraí ginearálta ann maidir le beartais agus bearta breise, rud a d’fhág go raibh sé níos deacra anailís dhomhain a dhéanamh. Is beag faisnéis a chuir formhór na mBallstát ar fáil maidir le hinneachar roghnach.
I bhformhór na gcásanna, tá na réamh-mheastacháin a d’úsáid na Ballstáit ina () gcláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir comhsheasmhach leis na hastaíochtaí truailleán aeir réamh-mheasta deireanacha a chuir siad isteach faoi Airteagal 10(2) den Treoir. I gcás trí Bhallstát (), sainaithníodh neamhréireanna móra, agus i gcás Ballstáit amháin (), sainaithníodh neamhréireanna beaga. Tá réamh-mheastacháin iontaofa agus chomhsheasmhacha tábhachtach chun beartais agus bearta dea-spriocdhírithe a dhearadh.
Foilsítear gach clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a fhaightear ó na Ballstáit chomh maith lena measúnuithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ().
3.2.Anailís ar bheartais agus ar bhearta breise tuairiscithe
Ní mór do Bhallstáit nár bhain a ngealltanais maidir le laghdú astaíochtaí amach nó a réamh-mheasann nach mbainfidh siad amach iad leis na beartais atá acu faoi láthair na beartais agus na bearta breise a thuairisciú ina gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir – na cinn a bhreithnigh siad lena nglacadh agus na cinn a roghnaigh siad go hiarmhír araon - chun a ngealltanais a chomhlíonadh. Ní mór an tuairisciú sin a dhéanamh tríd an ‘uirlis ghréasánbhunaithe EEA-PaM’, arna bainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.
Is iad na Ballstáit a bhreithnítear sa roinn seo na Ballstáit a chuir a gcéad chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir isteach nó s chuir ceann cothrom le dáta isteach (an Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, an Ghréig, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Rómáin) chomh maith leis an dá Bhallstát (Éire agus Lucsamburg) a thuairiscigh nuashonrú ar bheartais agus ar bhearta breise amháin (faoi Airteagal 6(4) den Treoir), mar a leagtar amach i Roinn 3.1.
Braitheann méid agus leibhéal mionsonraithe an tuairiscithe a dhéanann na Ballstáit ar a mbeartais agus ar a mbearta breise ag brath ar an tír agus ar an mbeart. Bunaithe ar an athbhreithniú is déanaí ar chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus ar bheartais agus ar bhearta breise (), is léir go bhfuil roinnt easnamh fós ann a sainaithníodh in athbhreithnithe roimhe seo agus a ndearnadh achoimre orthu sa chéad tuarascáil ar chur chun feidhme. Áirítear leo sin:
-faisnéis neamhleor chun a mheas an bhfuil beartais agus bearta breise sa bhreis i ndáiríre agus, dá bhrí sin, go gcuideoidís le Ballstát neamhchomhlíontach a thabhairt i gcomhréir; thairis sin, i gcás thart ar aon trian de na beartais agus bearta breise a tuairiscíodh mar chinn breise faoin gcás ‘le bearta breise’, bhí dátaí tosaigh an chur chun feidhme i bhfad roimh 2023, rud a tharraing amhras ar a stádas mar ‘bhearta breise’;
-easpa cainníochtaithe ar thionchair laghdaithe astaíochtaí ó bheartais agus ó bhearta (agus i gcás ina ndearnadh cainníochtú orthu, easpa faisnéise chun a mheas cé acu atá siad réadúil nó nach bhfuil); agus
-ar bhonn níos ginearálta, cé go dtugtar ar aire go bhfuil éagsúlacht ann maidir le cáilíocht an tuairiscithe ar fud na mBallstát, easpa faisnéise maidir le dearadh agus fócas na mbeartas agus na mbeart a d’fhágfadh go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar a n‑inchreidteacht.
Tá feidhm ag na pointí sin freisin maidir leis na chéad chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a chuir na Ballstáit isteach tar éis thuarascáil cur chun feidhme 2020. Astu sin, níor bhreithnigh an Ghréig beartais agus bearta breise lena nglacadh, mar go réamh-mheastar go mbainfear a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí uile amach faoi chás ‘le bearta’, agus roghnaigh an Iodáil agus an Rómáin 24 agus 33 bheartas agus beart breise, faoi seach, ag díriú ar na truailleáin uile. Tá beartais agus bearta dírithe den chuid is mó ar an earnáil tomhaltais fuinnimh, talmhaíochta agus iompair i gcás na hIodáile, agus ar an earnáil tomhaltais fuinnimh, iompair agus tionsclaíochta i gcás na Rómáine. I gcás gach ceann de na chéad chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a cuireadh isteach, roghnaítear na bearta talmhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2 den Treoir ina gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, nó tugtar fianaise iontu go bhfuil na bearta sin i bhfeidhm cheana féin agus go gcuirtear chun feidhme trí chláir nó trí phleananna gníomhaíochta eile iad.
As na sé Bhallstát a chuir clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir isteach athuair in 2023, níor bhreithnigh an Bheilg, an Danmhairg ná an Fhionlainn beartais agus bearta breise lena nglacadh, toisc go réamh-mheasann siad go mbainfidh siad a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí uile amach faoi chás ‘le bearta’. I gcás na n‑aighneachtaí eile maidir le beartais agus bearta breise (), tá na conclúidí níos mionsonraithe seo a leanas ar fáil:
–De réir na faisnéise a tuairiscíodh tríd an uirlis EEA-PaM, as na 78 mbeartas agus beart aonair breise a breithníodh lena nglacadh, roghnaíodh 48 gcinn lena nglacadh (62 % de na beartais agus bearta a breithníodh). Bhí éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis an gcion de bheartais agus de bhearta breise a breithníodh agus a roghnaíodh lena nglacadh ina dhiaidh sin (roghnaíodh na beartais agus na bearta uile a breithníodh i gcás Ballstáit áirithe agus níor roghnaíodh aon cheann ar chor ar bith i gcás Ballstáit eile).
–Is é an príomhdhúshlán atá roimh na Ballstáit astaíochtaí truailleán ó na foinsí astaíochtaí is mó a laghdú: talmhaíocht (NH3); óchán in earnálacha na tráchtála, na n‑institiúidí agus na dteaghlach agus an iompair de bhóthar (PM2.5); agus úsáid tuaslagóirí tionsclaíocha (NMVOC). Léiríodh san anailís ar bheartais agus ar bhearta gur thug na Ballstáit tús áite do bhreithniú agus do ghlacadh beartas agus beart le haghaidh na n‑earnálacha sin a chuireann leis an sciar is mó d’astaíochtaí. Roghnaíodh níos mó ná dhá thrian de na beartais agus de na bearta a breithníodh le haghaidh earnáil na talmhaíochta lena nglacadh, agus roghnaíodh os cionn leath de na beartais agus de na bearta a breithníodh le haghaidh earnáil an iompair agus an tomhaltais fuinnimh lena nglacadh. Mar sin féin, ní dhearnadh ach fíorbheagán beartas agus beart a bhreithniú agus a roghnú lena nglacadh sna hearnálacha próiseas tionsclaíoch agus bainistithe dramhaíola.
–Is éard a bhí in aighneacht Ballstáit amháin () chuig an uirlis EEA-PaM ná ‘beartas agus beart’ aonair, arbh é a bhí ann an clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir ina iomláine gan aon mhionsonra breise maidir le beartais agus bearta aonair a roghnaíodh lena nglacadh. Meastar nach leor é sin.
3.3.Naisc idir cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus pleananna eile
Tá go leor nasc idir beartais aeir agus beartais aeráide/fuinnimh, ós rud é gur minic a bhíonn foinsí astaithe gás ceaptha teasa agus foinsí truailleán aeir mar an gcéanna. Dá bhrí sin, is minic gur féidir le beart amháin cuidiú le spriocanna aeir agus aeráide araon a bhaint amach (e.g. modhanna iompair ghlain a fhorbairt, foirgnimh a insliú ar bhealach níos fearr chun tomhaltas fuinnimh a laghdú). Mar sin féin, uaireanta bíonn comhbhabhtálacha ann freisin (e.g. bithfhuinneamh a úsáid le haghaidh téamh baile).
Tagraíonn reachtaíocht maidir leis an aer agus maidir le fuinneamh/aeráid dá chéile agus ceanglaítear léi naisc a dhéanamh idir cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) () arna gcur isteach faoi Rialachán (AE) 2018/1999 (). Sa treoraíocht ón gCoimisiún maidir le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a fhorbairt, iarrtar go sonrach ar na Ballstáit, agus a gcláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir féin á ndréachtú acu, breithniú a dhéanamh ar na beartais agus ar na bearta atá beartaithe freisin i bhfianaise oibleagáidí aeráide agus fuinnimh. Dá réir sin, leis an treoraíocht ón gCoimisiún () maidir le nuashonruithe ar PNFA a dhréachtú, spreagtar na Ballstáit a PNFAnna a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir lena nuashonruithe ar an gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, agus aird ar leith á tabhairt ar neartú a dhéanamh ar an measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe ar astaíochtaí truailleán aeir.
Mar gheall ar spriocdhátaí dlíthiúla éagsúla agus moilleanna maidir le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus PNFAnna a chur isteach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dátaí tíolactha ailínithe. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá cheann ar bhonn na ndréacht-PNFAnna. Mar sin féin, ba cheart na naisc idir an t‑aer agus aeráid/fuinneamh a léiriú sna PNFAnna críochnaitheacha atá le cur isteach ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024. De réir mheasúnú 2023 an Choimisiúin ar dhréacht-PNFAnna cothrom le dáta (), níor áiríodh i mbreis agus leath de na pleananna a cuireadh isteach an fhaisnéis is gá faoi thionchar na mbeartas ar astaíochtaí réamh-mheasta na bpríomhthruailleán aeir faoin Treoir, ná faoi ailíniú an chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir le cláir fuinnimh agus aeráide.
De réir an mheasúnaithe is déanaí (), tugtar tuairisc mhaith, tríd is tríd, sna cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir ar thosaíochtaí fuinnimh agus athraithe aeráide sa chreat beartais. Chuir formhór na mBallstát faisnéis san áireamh maidir leis na príomhspriocanna maidir le gás ceaptha teasa a laghdú, agus maidir lena gcuspóirí fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh. Cuireann trí Bhallstát () in iúl go soiléir ina n‑aighneacht maidir le beartais agus bearta gur forbraíodh gach beartas agus beart i gcomhréir lena PNFA.
Tugtar le fios san anailís a rinneadh ar na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, áfach, go bhféadfaí na naisc idir aer glan agus beartais aeráide agus fuinnimh a neartú, agus gur cheart an dá chleachtadh pleanála a chomhtháthú a thuilleadh chun éifeachtacht na mbeartas foluiteach a mhéadú. Chuige sin, dhéanfaí measúnú níos córasaí ar na naisc idir na beartais aeir agus aeráide agus fuinnimh, lena n‑áirítear sineirgí agus comhbhabhtálacha () eatarthu. Féachfaidh an Coimisiún ar bhealaí chun feabhas a chur ar an ngné sin i meastóireachtaí a dhéanfar amach anseo faoi Rialachán (AE) 2018/1999 agus faoin Treoir araon.
Chomh maith le naisc le bearta fuinnimh agus aeráide, trí bhíthin clár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, ba cheart féachaint le sineirgí a bhaint amach freisin le bearta talmhaíochta chun astaíochtaí amóinia thar aon ní eile a laghdú. Astaítear amóinia go príomha trí ghníomhaíocht talmhaíochta, ó bhainistiú beostoic agus ó shaothrú barr araon (). Tá an obair atá ar siúl ag an gCoimisiún faoi láthair maidir le haghaidh a thabhairt ar chothaithigh ar bhealach comhtháite ábhartha sa chomhthéacs sin toisc go mbunaítear léi naisc níos soiléire idir beartais aeir, uisce, ithreach, bithéagsúlachta agus talmhaíochta. I measc na samplaí is mó tá an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ () agus an Comhbheartas Talmhaíochta nua.
Rinne an Coimisiún faireachán, mar shampla, ar chomhtháthú breithnithe aeir ghlain i bpleananna straitéiseacha 2023 na mBallstát faoi Chomhbheartas Talmhaíochta 2023-2027. Sa chomhthéacs sin, díríonn an Coimisiún ar na Ballstáit a dhreasú chun idirghabhálacha agus táscairí toraidh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar idirghabhálacha agus táscairí iad atá ábhartha go díreach d’astaíochtaí amóinia a laghdú, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe nár éirigh le go leor Ballstát a n‑astaíochtaí amóinia a laghdú a thuilleadh.
4.Anailís ar na tionchair atá ag astaíochtaí a laghdú
4.1.Tionchair ar cháilíocht an aeir agus ar shláinte an duine
Is é an toradh a bhíonn ar astaíochtaí truailleán a laghdú go dtagann laghdú ar thiúchain truailleán, go gcuirtear feabhas ar cháilíocht an aeir agus gur lú galracht agus básmhaireacht a bhaineann le truailliú aeir ().
Léirítear i bhFíor 2 athruithe idir 2005 agus 2020 i meántiúchain bhliantúla PM2.5, an truailleán aeir ag a bhfuil an tionchar is measa ar shláinte an duine.
Léiríonn na léarscáileanna sin, cé gur tháinig feabhas ar chúrsaí le himeacht ama (), go bhfuil tiúchain fós i bhfad os cionn an leibhéil bhliantúil de 5 µg/m3 a mholtar i dTreoirlínte 2021 EDS le brath in go leor réigiún ().
Sa Tríú Tuarascáil maidir le hIonchas Aeir Ghlain (), réamh-mheastar go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe amach anseo, ach ní leor fós iad sin chun leibhéal treorach EDS a bhaint amach i ngach áit faoin gcás bonnlíne.
Fíor 2: Meántiúchain bhliantúla PM2.5 in 2005 agus 2020 (foinse:arna gcur in oiriúint ón staidéar tacaíochta le haghaidh an Tríú Ionchas Aeir Ghlain ))
Mar thoradh ar na hathruithe sin ar thiúchain, tháinig athrú ar an líon daoine a bhí neamhchosanta ar leibhéil dhíobhálacha de thiúchain truailleán.
Léirítear i bhFíor 2 laghdú mór ar an líon daoine a bhí neamhchosanta ar leibhéil PM2.5 os cionn 20 µg/m3 (ó 140 go 14 mhilliún). Léirítear freisin nach bhfuil cáilíocht aeir atá i gcomhréir leis na moltaí sna treoirlínte is déanaí ó EDS ar fáil ach do mhionlach daoine san Aontas (31 mhilliún in 2020).
Fíor 3: Daonra AE-27 (i milliúin daoine) neamhchosanta ar thiúchain éagsúla PM2.5 (foinse: arna gcur in oiriúint ón staidéar tacaíochta le haghaidh an Tríú Ionchas Aeir Ghlain)
Cé go léiríonn treochtaí le himeacht ama gur tháinig feabhas ar an gcás, in 2021, bhí 97 % de dhaonra uirbeach an Aontais fós neamhchosanta ar thiúchain de mhínábhar cáithníneach os cionn na dtreoirlínte is déanaí ó EDS.
Chonacthas na tiúchain is airde de mhínábhar cáithníneach i Lár-Oirthear na hEorpa agus i dTuaisceart na hIodáile (mar a léirítear freisin i bhFíor 2), go príomha mar gheall ar dhó breoslaí soladacha le haghaidh téamh tí agus sa tionsclaíocht ().
Is minic a bhíonn tionchar ag an truailliú aeir go háirithe ar réigiúin bhochta san Eoraip (an 20 % OTI is ísle per capita), agus tá leibhéil PM2.5 tuairim is trian níos airde ná mar a bhíonn le brath i réigiúin níos saibhre () (). Is mó seans go ndéanfaidh rioscaí sláinte de dheasca truailliú aeir difear do ghrúpaí leochaileacha amhail daoine scothaosta, daoine a bhfuil riochtaí sláinte ag dul dóibh cheana, leanaí agus mná torracha, agus is féidir le tosca socheacnamaíocha cur le méid na neamhchosanta.
Leis an laghdú foriomlán ar thionchair dhiúltacha an truaillithe aeir ar an tsláinte le himeacht ama ( laghdú faoina leath ar bhásanna anabaí de dheasca nochtadh do thiúchan iomlán PM2.5 idir 2005 agus 2020), tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun a sprioc maidir le ‘truailliú nialasach’ a bhaint amach, is é sin laghdú níos mó ná 55 % a dhéanamh ar thionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte faoi 2030 i gcomparáid le 2005 (). Chun leanúint leis an treocht sin, is é is aidhm don Choimisiún cur chun feidhme cuí na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh a áirithiú. I mí Feabhra 2024, bhí 25 chás maidir le sárú fós ar siúl i dtaobh 16 Bhallstát nár chuir na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh chun feidhme i gceart (). Tá an Chúirt Bhreithiúnais tar éis rialú a rith maidir le 15 chás ().
4.2.Tionchair ar éiceachórais
Ní hamháin go ndéanann truailliú aeir dochar do shláinte an duine, ach bíonn aigéadú, eotrófú agus foirmiú ózóin ar leibhéal na talún mar thoradh air freisin, nithe a dhéanann dochar d’éiceachórais (éiceachórais fíoruisce agus talún, leathnádúrtha agus talmhaíochta) agus don bhithéagsúlacht.
Léiríodh sa Tríú Ionchas Aeir Ghlain gur laghdaigh an limistéar éiceachórais san Aontas inar sáraíodh na hualaí criticiúla le haghaidh aigéadú ó 9,0 go 5,5 % de limistéar iomlán an éiceachórais idir 2015 agus 2020. I gcomparáid leis an limistéar a ndéanann aigéadú difear dó, tá an limistéar éiceachóras ina sáraíonn deascadh nítrigine ualaí criticiúla le haghaidh eotrófú i bhfad níos mó. Ina theannta sin, is lú an feabhas coibhneasta a cuireadh air, agus an sciar den limistéar éiceachórais ina bhfuil deascadh nítrigine a sháraíonn ualaí criticiúla ag laghdú ó 80,2 % go 74,9 % idir 2015 agus 2020.
Ar leibhéal na mBallstát, fuarthas na sáruithe is mó ar ualaí criticiúla nítrigine in 2021 i nGleann Po san Iodáil, ar na limistéir teorann idir an Ísiltír agus an Ghearmáin, feadh na teorann idir an Danmhairg agus an Ghearmáin agus in oirthuaisceart na Spáinne, agus bhí roinnt teophointí breise san Ísiltír agus sna limistéir teorann leis an mBeilg ().
Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar na Ballstáit bearta breise a thabhairt isteach () chun tionchair eotrófaithe an truaillithe aeir a laghdú chun sprioc an Aontais maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, faoi 2030, is é sin laghdú 25 % a chur ar na héiceachórais san Aontas ina gcuireann truailliú an aeir an bhithéagsúlacht i mbaol.
Le hAirteagail 9 agus 10(4) den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit na tionchair sin ar an éiceachóras a thuairisciú gach 4 bliana ón 1 Iúil 2019, bunaithe ar líonra láithreán ionadaíoch a bhí le tuairisciú faoin 1 Iúil 2018. D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Fógra ón gCoimisiún () agus teimpléad tuairiscithe roghnach, mar aon leis an treoraíocht a ghabhann leis (), chun tuairisciú na mBallstát ar thionchair ar éiceachórais agus anailís ina dhiaidh sin a éascú. Sna timthriallta tuairiscithe (2018-2019 agus 2022-2023), chomhlíon na Ballstáit uile a n‑oibleagáidí tuairiscithe.
Léiríodh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar chéad timthriall tuairiscithe na mBallstát nach raibh an líonra láithreán ná na sonraí tuairiscithe ionadaíoch a ndóthain ná leormhaith chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an truaillithe aeir ar éiceachórais. Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcéad timthriall tuairiscithe sin, d’ullmhaigh an Coimisiún nóta treorach maidir le roghnú láithreán (), le tacaíocht ó shaineolaithe na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus na mBallstát. Is é is aidhm dó cuidiú le gach Ballstát líonra faireacháin ionadaíoch a chur ar bun. Cuireadh an teimpléad tuairiscithe roghnach () in oiriúint tar éis aiseolas a fháil ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Léiríonn an anailís ar an dara timthriall tuairiscithe méadú ar an líon iomlán láithreán agus ar an líon paraiméadar a tuairiscíodh i gcomparáid leis an gcéad aighneacht (+ 14 %). Cé go bhfuil dáileadh na láithreán níos ailínithe le dáileadh na gcineálacha éiceachórais ar fud an Aontais, tá ró-ionadaíocht fós á déanamh ar na cineálacha éiceachórais ‘aibhneacha agus lochanna’ agus ‘coillearnach agus foraois’, agus tá talamh curaíochta, láithreáin bogaigh agus fraochmhánna/láithreáin faoi thoir fós faoi ghannionadaíocht. Mar gheall ar na difríochtaí móra idir na tacair sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit le linn an dá thimthriall sin (ó thaobh spáis agus ama araon, agus ó thaobh cineálacha láithreán a ndearnadh faireachán orthu, prótacail tomhais agus paraiméadair a ndearnadh faireachán orthu), tá sé deacair measúnú a dhéanamh ar fud an Aontais. Cuireann sé cosc freisin ar phointe tagartha a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar éifeachtacht fhadtéarmach na Treorach.
Ní gá do na Ballstáit stáisiúin faireacháin nua a bhunú chun a n‑oibleagáidí faireacháin maidir le tionchair truaillithe aeir ar éiceachórais a chomhlíonadh. Ceanglaítear go sainráite sa Treoir ar na Ballstáit cur chuige costéifeachtach a ghlacadh, trí chomhordú a dhéanamh le cláir faireacháin eile. Dealraíonn sé go bhfuil an cur chuige sin in úsáid go forleathan ag na Ballstáit, ós rud é go bhfuil formhór na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le prótacail idirnáisiúnta, amhail prótacail ó na Cláir Idirnáisiúnta Comhair (ICP) nó ó threoracha eile de chuid an Aontais. Cuireann sé sin teorainn leis na costais riaracháin a bhaineann le ceanglais na Treorach chun faireachán a dhéanamh ar thionchair ar an éiceachóras.
Cé go sonraítear i dteimpléad an chláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir gur cheart do na Ballstáit tionchair an cháis réamh-mheasta ‘le bearta breise’ ar an gcomhshaol a thuairisciú (mar ábhar roghnach), níor tuairiscíodh na tionchair sin in aon cheann de na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir nó sna beartais agus sna bearta breise a cuireadh isteach go dtí seo.
4.3.Na costais agus na tairbhí a bhaineann le hastaíochtaí truailleán aeir laghdaithe
Cuirtear faisnéis maidir le costais agus tairbhí beartas agus beart arna roghnú ag na Ballstáit ar fáil uaireanta sna cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, ach níl sé sin éigeantach. As na 10 gclár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ndearnadh anailís orthu don tuarascáil seo, níor thuairiscigh ach dhá cheann acu () faisnéis den sórt sin. Cé go bhfuiltear buíoch go ndearna an dá Bhallstát sin iarracht meastacháin a chur ar fáil, bhí roinnt neamhréireanna agus bearnaí faisnéise ann. Mar shampla, san fhaisnéis a chuir an Rómáin ar fáil maidir le pacáistí lena ndírítear ar thruailleáin iomadúla, ní léir conas a roinntear na costais, na tairbhí agus an costas in aghaidh an tona de thruailleáin laghdaithe idir truailleáin iomadúla. Ina theannta sin, cé gur sholáthair an Chipir meastacháin ar chostais le haghaidh dhá bheartas agus bheart breise ar leith, breithnítear go bhfuil an costas in aghaidh an tona de NH3 laghdaithe neamhréadúil. D’fhéadfadh an tuairisciú an-teoranta sin ar chostais na mbeart atá beartaithe ag na Ballstáit a bheith ina chúis amhrais maidir le cé acu atá an cistiú iomlán chun iad a chur chun feidhme cinntithe nó nach bhfuil. Cé go mbraitheann meastacháin ar chostais den chuid is mó ar chúinsí náisiúnta, bheifí in ann anailís a dhéanamh ar éifeachtúlacht choibhneasta beart éagsúil dá ndéanfaí na meastacháin sin a thuairisciú. Chuideodh sé sin le bonn eolais a chur faoi roghanna beartais amach anseo sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile (trí phiarfhoghlaim).
Leanann an Coimisiún de na Ballstáit a spreagadh tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis na costais agus na tairbhí a bhaineann lena mbearta chun astaíochtaí truailleán aeir a laghdú i dtuarascálacha atá le teacht, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun bearta a fhorbairt amach anseo. Idir an dá linn, déanfar anailís ar an ngné sin sa chéad Ionchas Aeir Ghlain eile, trí mhodheolaíocht shamhaltaithe.
Tá anailís costais is tairbhe déanta ag an gCoimisiún le haghaidh na mblianta atá le teacht faoin Tríú Ionchas Aeir Ghlain. Chuige sin, bhreithnigh sé na tairbhí a bhaineann le truailliú laghdaithe (níos lú dochair don tsláinte agus don éiceachóras, agus níos lú damáiste d’ábhair) i gcomparáid leis na costais a bhaineann le bearta laghdaithe truaillithe. Mar chuid den anailís costais is tairbhe, rinneadh tionchair an truaillithe aeir ar an tsláinte agus tionchair neamhshláinte a mheas agus sannadh luach airgeadaíochta () dóibh. Léirigh sé sin gur léir gur mó na tionchair ar an tsláinte ná na tionchair neamhshláinte. Sa chás bonnlíne, mar shampla, meastar go coimeádach go mbeidh costas thart ar EUR 173 bhilliún in aghaidh na bliana () ag baint leis an damáiste iomlán don tsláinte de dheasca truailliú aeir in 2025, cé go meastar go mbeidh costas idir EUR 33 bhilliún agus EUR 41 bhilliún in aghaidh na bliana (i bpraghsanna 2015 ar fad) ag baint leis an damáiste neamhshláinte (ábhair, barra, foraoisí, éiceachórais), ag brath ar an modh luachála a úsáidtear chun damáiste don éiceachóras a ríomh. Ar an taobh eile, meastar go mbaineann costas EUR 77 mbilliún le bearta chun truailliú aeir a laghdú in AE-27 in 2025 in aghaidh na bliana (i bpraghsanna 2015) – méid atá i bhfad níos ísle ná na costais a bhaineann le tionchar an truaillithe aeir. Léiríonn na torthaí samhaltaithe go soláthraíonn cásanna ina bhfuil beartais aeir ghlain níos uaillmhianaí glantairbhí díreacha go córasach (i.e. sochair lúide costais) i gcomparáid leis an mbonnlíne. Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ag beartais aeir ghlain níos uaillmhianaí ar OTI an Aontais in 2030, agus é ag méadú 0,26 % agus 0,28 % i gcomparáid leis an mbonnlíne.
5.Gnéithe eile de chur chun feidhme na Treorach
5.1.Gníomhaíochtaí an Aontais lena dtacaítear le cur chun feidhme na Treorach
De réir Airteagal 12 den Treoir, ní mór don Choimisiún Fóram Eorpach um Aer Glan a chur ar bun go tráthrialta chun cuidiú le reachtaíocht agus beartais an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe. Ón gcéad tuarascáil in 2020 i leith, d’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit faoi seach, dhá Fhóram Eorpacha eile um Aer Glan, i Maidrid an 18-19 Samhain 2021 agus in Rotterdam an 23-24 Samhain 2023 (). Chuir páirtithe leasmhara rialtais agus tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus baill den phobal an-spéis sa dá imeacht.
Reáchtáladh Fóram 2021 um Aer Glan tar éis fhoilsiú na dtreoirlínte is déanaí ó EDS maidir le cáilíocht an aeir agus le linn ullmhú an athbhreithnithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le cáilíocht an aeir. Dhírigh sé ar théamaí an truaillithe nialasaigh agus na sláinte, rannpháirtíocht le cathracha agus le saoránaigh, rochtain ar cheartas, agus aer glan a nascadh le beartais aeráide agus bithéagsúlachta.
Rinne Fóram 2023 um Aer Glan obair leantach ar an athbhreithniú leanúnach ar rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir, agus díríodh freisin ar théamaí an neamhionannais shóisialta a bhaineann le cáilíocht an aeir, pleanáil spásúlachta agus iompar ilmhódach, astaíochtaí truailleán aeir ó loingseoireacht mhuirí, stíleanna maireachtála sláintiúla, scileanna agus poist le haghaidh aer glan, agus comhroinnt eolais.
Chuir an Coimisiún, i gcomhar le Coiste na Réigiún, Ardán Páirtithe Leasmhara maidir le Truailliú Nialasach ar bun freisin (), chun cuidiú leis na tionscnaimh agus na gníomhaíochtaí suaitheanta a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Thruailliú Nialasach a chur i gcrích.
Tugann an t‑ardán le chéile páirtithe leasmhara agus saineolaithe i réimsí éagsúla beartais, amhail sláinte, talmhaíocht, taighde agus nuálaíocht, iompar, digitiú agus an comhshaol. Áirítear lena chuspóirí fís choiteann a leagan amach maidir le conas an truailliú nialasach a bhaint amach, dul i ngleic le dúshláin idirnasctha, amhail clár oibre comhpháirteach don chomhshaol agus don tsláinte a neartú, agus dea-chleachtais maidir le hábhair thrasearnálacha a fhorbairt agus a chomhroinnt.
Tacaíonn an Coimisiún freisin leis na Ballstáit an Treoir a chur chun feidhme trí fhothú acmhainneachta agus tríd an sainghrúpa maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. In 2022, d’óstáil an Coimisiún ceardlann fothaithe acmhainneachta () chun dea-chleachtais a scaipeadh maidir le roinnt gnéithe a bhaineann le réamh-mheastacháin astaíochtaí truailleán aeir agus cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhú.
Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an uirlis idir piaraí TAIEX-EIR freisin (). Sampla a bhí ann le déanaí ab ea misean saineolaithe TAIEX chun cabhrú le Ballstát feabhas a chur ar a fhardal astaíochtaí truailleán aeir. Tá ceardlann iltíre TAIEX maidir le bearta talmhaíochta chun astaíochtaí amóinia a laghdú beartaithe d’fhómhar 2024. Is féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil () cuidiú freisin leis na Ballstáit éifeachtacht na mbeartas aeir ghlain a athchóiriú nó a fheabhsú.
D’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin an uirlis chun Meastachán a dhéanamh ar Astaíochtaí Talmhaíochta (AgrEE) () chun cuidiú leis na Ballstáit feabhas a chur ar a bhfardail astaíochtaí d’earnáil na talmhaíochta.
Ó bhí 2014 ann, soláthraíonn Copernicus () sonraí agus faisnéis leanúnach lena dtugtar tuairisc ar leibhéil agus treochtaí cáilíochta aeir ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, trína Sheirbhís Faireacháin ar an Atmaisféar (CAMS). Mar thoradh ar an gcomhar le Clár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide, forbraíodh uirlis ghréasánbhunaithe () chun a shainaithint an raibh geimhreadh an-fhuar nó samhradh thar a bheith tirim in aon Bhallstát san Aontas i mbliain ar leith, toisc go bhfuil an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) den Treoir. Áirithítear leis an uirlis ghréasáin sin go mbeidh measúnú an Choimisiúin ar na hiarratais solúbthachta sin comhsheasmhach agus trédhearcach.
In 2021, sheol an Coimisiún in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leathanach gréasáin an Innéacs Eorpaigh um Cháilíocht an Aeir () agus feidhmchlár le haghaidh gléasanna móibíleacha a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí níos mó a thuiscint faoi cháilíocht an aeir gar dá dteach nó dá n‑ionad oibre.
5.2.Glacadh chistí an Aontais chun tacú le cuspóirí na Treorach
Le hAirteagal 7 den Treoir, ceanglaítear ar an gCoimisiún ‘iarracht a dhéanamh rochtain [na mBallstát’] ar chistí an Aontais atá ann cheana a éascú’ chun tacú le cuspóirí na Treorach a bhaint amach. Le hAirteagal 11(1)(c) den Treoir, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt ar an nglacadh sin.
Cuireadh cistiú ón Aontas ar fáil faoi chláir mhaoiniúcháin éagsúla, agus d’éirigh leis na Ballstáit úsáid a bhaint as i gcaitheamh na mblianta chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir. Tacaíonn an cistiú sin go díreach le tionscadail aeir ghlain nó áirítear cuspóirí aeir ghlain go héifeachtach in infheistíochtaí eile (e.g. bonneagar, forbairt tuaithe agus réigiúnach). Thacaigh roinnt tionscadal de chuid LIFE, Fís 2020 agus Fís Eorpach le hastaíochtaí truailleán a laghdú chomh maith le faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le truailliú aeir agus feasacht na saoránach a mhéadú ar na saincheisteanna sin.
Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le glacadh na gcistí sin de chuid an Aontais ag na Ballstáit, d’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht () lena ndéantar measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn gach sruth cistiúcháin le cuspóirí aeir ghlain. Tuairiscíonn an Coimisiún gach bliain ar mhaoiniú aeir ghlain mar chuid dá dhréachtbhuiséad, i gcás gach clár cistiúcháin ábhartha. Léiríonn na huimhreacha a foilsíodh in 2023 go bhfuiltear le EUR 147 mbilliún measta, nó 8,3 % den chreat airgeadais ilbhliantúil, a chur i leataobh i mbuiséad an Aontais - lena n‑áirítear NextGenerationEU - , don chuspóir aeir ghlain le haghaidh 2021-2027. Léirítear i bhFíor 4 sciar an chaiteachais réamh-mheasta ar aer glan ar fud na gclár (). Réamh-mheastar go dtiocfaidh an ranníocaíocht is mó sa chlárthréimhse reatha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe.
Fíor 4: Ranníocaíocht réamh-mheasta aeir ghlain ó 2021 go 2027 (milliún EUR). Tabhair faoi deara: Ní chumhdaítear leis an meastachán ar chistiú CBT ach 2021 agus 2022 (foinse: An Coimisiún Eorpach ())
5.3.Naisc le comhaontuithe idirnáisiúnta
Nascann an Treoir go dlúth le Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (an Coinbhinsiún Aeir) agus leis na prótacail a ghabhann leis (), agus oibríonn an dá chóras dlí i gcomhar le chéile a mhéid is féidir, go háirithe maidir le fardail astaíochtaí agus réamh-mheastacháin astaíochtaí a thuairisciú. Forbraíodh treoirleabhar comhpháirteach fardail le haghaidh modheolaíocht choiteann agus tá feabhas á chur air go leanúnach le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (). Foilsítear treoirdhoiciméid (, ) go tráthrialta freisin faoin gCoinbhinsiún Aeir.
Tá Prótacal Gothenburg arna leasú a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Aeir, a tháinig i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2019, agus an Treoir ailínithe a bheag nó a mhór ó thaobh gealltanais laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2020-2029 de. Rinneadh athbhreithniú ar Phrótacal Gothenburg le déanaí laistigh de chreat an Choinbhinsiúin Aeir, lenar cuireadh deis ar fáil breithniú a dhéanamh ar an dá chóras dlí sin a ailíniú a thuilleadh, lena n‑áirítear trí chur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith gnéithe éagsúla e.g. meatán agus astaíochtaí carbóin dhuibh. Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú gur ghlac Páirtithe an Choinbhinsiúin Aeir an cinneadh, i mí na Nollag 2023, tús a chur leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Phrótacal Gothenburg. Cuirfear tús leis an bpróiseas athbhreithnithe in 2024, agus táthar ag súil leis an gcaibidlíocht a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2026.
6.Conclúid
Bhí sé ríthábhachtach cur chun feidhme na Treorach a chur ar an mbóthar ceart ón tús chun laghduithe tráthúla ar astaíochtaí truailleán aeir a áirithiú, chun rannchuidiú go héifeachtach le feabhas a chur ar shláinte an duine agus ar shláinte éiceachóras agus chun an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoin bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú.
Is é sin an fáth a ndearna an Coimisiún obair leantach ón tús ar chásanna inar léiríodh neamhchomhlíonadh trí bhíthin fhardail astaíochtaí truailleán aeir na mBallstát. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán freisin ar an obair leantach a dhéanann na Ballstáit maidir le cásanna agus iarrann sé orthu bearta nithiúla a dhéanamh i bhfoirm beartais agus bearta cothrom le dáta (agus cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir cothrom le dáta a chur isteach go tráthúil, i gcás ina bhfuil sé dlite) i gcomhréir leis na sprioc-amanna dlíthiúla.
Ní mór aird leanúnach a thabhairt ar na truailleáin uile a leagtar síos gealltanais laghdaithe astaíochtaí ina leith sa Treoir. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é go bhfuil na gealltanais laghdaithe níos déine le haghaidh 2030 ar aghaidh ag teannadh linn agus ós rud é gurb é an aidhm atá ann caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú níos dlúithe le treoirlínte 2021 EDS maidir le cáilíocht an aeir (). Truailleán amháin a bhfuil fadhbanna ar leith ag baint leis go fóill is ea amóinia, agus tá an dóchúlacht fós ann nach gcomhlíonfar gealltanais na Treorach maidir le hastaíochtaí ina leith a laghdú. Chun cuidiú leis na Ballstáit an cuspóir sonrach sin a bhaint amach, áiríodh leis an Treoir iarscríbhinn ina leagtar amach bearta (sainordaitheacha agus neamh-shainordaitheacha) agus ina liostaítear cleachtais sheanbhunaithe a bhfuil sé cruthaithe go laghdaíonn siad astaíochtaí amóinia. Ní mór do na Ballstáit dlús a chur lena n‑iarrachtaí chun a áirithiú go gcuirfear na bearta agus na cleachtais sin chun feidhme go praiticiúil, lena n‑áirítear trí dhul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus trí chur chuige comhleanúnach a áirithiú maidir le próisis náisiúnta eile, mar shampla maidir le pleananna straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta a chur chun feidhme.
Thairbhigh truailleáin rialáilte eile go díreach de na beartais fuinnimh agus aeráide níos uaillmhianaí tríd an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, tríd an bplean REPowerEU agus, le déanaí, tríd an bplean um Sprioc Aeráide 2040 (). Cuireann na tionscnaimh sin borradh mór faoi chuspóirí an aeir ghlain freisin, mar go mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus leathadh amach níos tapúla foinsí in-athnuaite fuinnimh dhodhóite mar thoradh ar uaillmhian aeráide níos láidre. Is fíor sin go háirithe i gcás astaíochtaí mínábhair cháithnínigh, ocsaídí nítrigine agus dé-ocsaíde sulfair. Chun na comhthairbhí sin a uasmhéadú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit próisis pleanála náisiúnta a chomhordú dá réir sin. Ciallaíonn sé sin gur cheart PNFAnna agus cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a bheith comhsheasmhach le chéile, rud a mholtar do na Ballstáit a chur san áireamh agus a PNFAnna á dtabhairt chun críche acu faoi mhí an Mheithimh 2024, agus a gcláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir á dtabhairt cothrom le dáta acu.
Leanann an Coimisiún de chineálacha éagsúla tacaíochta a chur ar fáil do na Ballstáit chun cuidiú leo an Treoir a chur chun feidhme. Mar shampla, tacaíocht fothaithe acmhainneachta, a bhíonn i bhfoirm athbhreithniú dian ar fhardail, réamh-mheastacháin, cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir agus aighneachtaí sonraí éiceachórais na mBallstát den chuid is mó. Is éard atá i gceist leis an gcleachtadh sin malartuithe le saineolaithe ó na Ballstáit agus is é an toradh a bhíonn air moltaí praiticiúla chun feabhas a chur ar aighneachtaí a dhéanfar amach anseo. Tá sé sin tábhachtach toisc go bhfuil gá le sonraí ardcháilíochta chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí astaíochtaí ar bhealach eolasach agus spriocdhírithe. I measc na gcineálacha eile tacaíochta atá ar fáil do na Ballstáit arna iarraidh sin tá an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an uirlis idir piaraí TAIEX-EIR agus malartuithe páirtithe leasmhara. Agus ar deireadh, tá cistiú ón Aontas fós ar fáil chun tacú le tionscnaimh a bhaineann le haer glan.
Leis an gceathrú Ionchas Aeir Ghlain, atá le teacht ag deireadh 2024 agus a bheidh ina chomhlánú leis an tuarascáil seo, soláthrófar anailís cothrom le dáta ar chostais agus ar thairbhí maidir le cuspóirí na Treorach a bhaint amach, agus cuirfear i dtábhacht aon ghníomhaíocht bhreise is gá ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Beidh an dá dhoiciméad ina mbonn eolais don athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Treoir, atá le tabhairt chun críche faoi 2025, ina ndéanfar anailís níos mionsonraithe ar an Treoir agus ar a cur chun feidhme.