Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0309

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE ar eisiúint cártaí sealadacha tiománaí ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

COM/2024/309 final

An Bhruiséil,23.7.2024

COM(2024) 309 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

ar eisiúint cártaí sealadacha tiománaí ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014


Réamhrá

Is gléas é an tacagraf lena dtaifeadtar tréimhse tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe chomh maith le tréimhsí oibre eile agus infhaighteacht tiománaithe atá ag gabháil d’iompar earraí nó paisinéirí de bhóthar. Úsáidtear an tacagraf chun gurbh fhéidir rialuithe a dhéanamh ar chomhlíonadh na sraithe de rialacha AE atá dírithe ar thuirse tiománaithe a chosc agus cur le dea-dhálaí oibre tiománaithe, le sábháilteacht ar bhóithre agus le hiomaíocht chóir. Déantar tacagraif a shuiteáil i bhfeithiclí áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar, feithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 1 maidir le tréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe agus atá cláraithe san Aontas 2 . Úsáidtear córas tacagraif dhigitigh an Aontais freisin i limistéar níos leithne na hEorpa agus na hÁise Láir faoin gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (‘AETR’) 3 .

Feidhmíonn an córas tacagraif dhigitigh go príomha ar bhonn cárta tacagraif a chur isteach san aonad feithicle. Is féidir cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, oifigigh rialaithe, cuideachtaí, ceardlanna agus feisteoirí, gach ceann acu lena gcuspóir féin. Ceann de cholúin chóras tacagraif an Aontais is ea prionsabal na hidir-inoibritheachta idir aonaid feithicle agus cártaí feithicle.

Fíor 1. An t-aonad feithicle tacagraif (VU) agus cineálacha cártaí tacagraif (foinse: JRC)

Is iad na Ballstáit a eisíonn cártaí tiománaí do thiománaithe a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 561/2006. Leis na cártaí sin stóráiltear sonraí leictreonacha faoi ghníomhaíocht an tiománaí, lena n-áirítear tréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe, luas, agus na hachair a thaistealaítear. Leis an bpróiseas eisiúna áirithítear go bhfuil cárta tiománaí aonair pearsanta ina seilbh ag gach tiománaí chun feithicil a oibriú le tacagraf digiteach. Ní hamháin go n-éascaíonn an córas sin faireachán éifeachtúil ar chomhlíonadh rialacháin an Aontais maidir le hiompar de bhóthar, ach cuidíonn sé freisin le leas an tiománaí a chosaint trí thréimhsí scíthe a fhorfheidhmiú agus tríd an riosca tionóiscí a bhaineann le tuirse a laghdú. Is é an Ballstát ina bhfuil ‘gnátháit chónaithe’ ag na tiománaithe a eisíonn cártaí tiománaí. I gcásanna áirithe agus ar bhonn an tsainmhínithe ar ‘ghnátháit chónaithe’ i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 4 , d’fhéadfadh sé nach mbeadh tiománaithe tríú tír in ann a ‘ngnátháit chónaithe’ a chruthú láithreach ar theacht isteach san Aontas dóibh. Sna cásanna sin, le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ceadaítear do na Ballstáit cárta sealadach tiománaí neamh-inathnuaite a eisiúint ar feadh uastréimhse 185 lá do thiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát ná i Stát ar Páirtí Conarthach é le Comhaontú AETR. Leis an bhforáil sin, féadfar tacú leis na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shonracha maidir le hinfhaighteacht tiománaithe laistigh den Aontas.

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo anailís ar na torthaí atá bunaithe ar Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, maidir le cleachtais agus taithí na mBallstát i dtaca leis na cártaí sealadacha tiománaí sin a eisiúint. Áirítear sa scrúdú sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon arna mbailiú ó na Ballstáit. Tá an tuarascáil seo struchtúrtha ina ranna éagsúla, agus pléitear inti na himpleachtaí níos leithne do mhargadh inmheánach an Aontais agus do shoghluaisteacht an lucht saothair. I Roinn I sonraítear an nós imeachta bailithe sonraí a úsáideann an Coimisiún. I Roinn II sonraítear an creat dlíthiúil agus rialála atá mar bhonn taca leis an gcárta sealadach tiománaí, lena n-áirítear an chaoi ar thacaigh an fhoráil sin le tiománaithe na hÚcráine díreach tar éis thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I Roinn III déantar anailís ar shonraí maidir le heisiúint agus úsáid na gcártaí sin. I Roinn IV, déantar meastóireacht ar thionchair na bhforálacha sin ar an earnáil iompair agus ar dhinimic mhargadh an tsaothair, go háirithe i bhfianaise ganntanas tiománaithe agus iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin.

I.Bailiú sonraí ag an gCoimisiún

Tá an tuarascáil seo ar chur i bhfeidhm Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 bunaithe ar shonraí náisiúnta maidir le cártaí sealadacha tacagraif tiománaí a eisiúint lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2023. Idir 2014 agus 2022, rinne an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na míre seo ar bhonn tráthrialta, agus léirigh sonraí go raibh líon neamhdhiomaibhseach cártaí sealadacha tiománaí á n-eisiúint. Dá thoradh sin, is í seo an chéad tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na forála seo, lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2023.

Iarradh ar na Ballstáit sonraí lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2023 a chur isteach bunaithe ar cheistneoir gearr a sheol an Coimisiún. Roinneadh na ceisteanna i dtrí chatagóir: (i) faisnéis ghinearálta maidir le cártaí sealadacha tiománaí arna n-eisiúint, (ii) náisiúntachtaí/tír ghnáthchónaithe na dtiománaithe ar eisíodh na cártaí sealadacha tiománaí dóibh agus (iii) na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag eisiúint cártaí sealadacha tiománaí ar mhargadh an tsaothair. Chuir na Ballstáit uile aiseolas ar fáil maidir leis an gcleachtadh bailithe sonraí ar chuireadh ón gCoimisiún.

II.Creat dlíthiúil agus rialála

Tá na cártaí tacagraif tiománaí pearsanta agus uathúla, a eisítear le huastréimhse bhailíochta 5 bliana. Is iad na húdaráis inniúla i mBallstát ghnátháit chónaithe an tiománaí a eisíonn na cártaí sin, rud a áirithíonn go sainaithnítear gach tiománaí go huathúil agus go gcomhlíonann sé caighdeáin an Aontais. Glacann tíortha AETR nach bhfuil san Aontas nósanna imeachta eisiúna comhchosúla, rud a ligeann dá dtiománaithe páirt a ghlacadh in iompar de bhóthar an Aontais faoi choinníollacha coibhéiseacha maidir le cúrsaí sábháilteachta agus rialála. Le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ceadaítear do na Ballstáit cárta sealadach tiománaí neamh-inathnuaite a eisiúint ar feadh uastréimhse 185 lá do thiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát ná i Stát ar Páirtí Conarthach é le Comhaontú AETR. Ceanglaítear leis an bhforáil seo go mbeidh caidreamh dlí saothair ag an tiománaí le gnóthas atá bunaithe sa Bhallstát eisiúna agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 5 , go gcuirfidh an tiománaí fianú tiománaí ar fáil.

Leis an sásra sin, tugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit tacú le soghluaisteacht tiománaithe, faoi réir seiceálacha breise, lena n-áirítear seiceálacha ar cháilíochtaí tiománaithe. Cuireann sé sin ar chumas tiománaithe iarratas nua a chur isteach a luaithe is féidir na coinníollacha maidir le ‘gnátháit chónaithe’ a bhunú, de réir bhrí an Rialacháin, a chomhlíonadh.

In 2022, arna iarraidh sin do roinnt Ballstát, chuir seirbhísí an Choimisiúin treoir ar fáil maidir leis an bhforáil sin lenar ceadaíodh cártaí sealadacha tiománaí a eisiúint go heisceachtúil do thiománaithe a bhfuil gnátháit chónaithe acu san Úcráin, d’ainneoin gur Páirtí Conarthach in AETR í an Úcráin 6 . Rinneadh an méid a saincheapadh chun freastal ar na himthosca eisceachtúla atá roimh thiománaithe na hÚcráine, rud a rinne a lánpháirtiú i gcórais iompair an Aontais le linn tréimhse géarchéime a éascú, agus bunaíodh é ar an bhfíoras nach bhféadfaí a mheas gur tír ‘gnáthchónaithe’ í an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach na Rúise ar a críoch.

III.Forbhreathnú ar eisiúint cártaí sealadacha tiománaí ag na Ballstáit

Le linn na tréimhse 2022-2023, d’eisigh 7 mBallstát cártaí sealadacha tiománaí do thiománaithe a bhfuil gnátháit chónaithe acu i dtír ‘nach tír AETR’ í: An tSeicia, an Eastóin, an Chróit, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóivéin. Thuairiscigh gach Ballstát eile nár chuir siad an deis ar fáil cártaí sealadacha a eisiúint, nó nár eisigh siad aon chárta sealadach le linn na tréimhse sin.

Eisíodh 4 459 gcárta sealadach tiománaí san iomlán in 2022 agus 2023 7 . Is féidir difríocht mhór i líon na gcártaí sealadacha tiománaí a eisíodh a thabhairt faoi deara idir na tíortha sin, idir aon chárta amháin sa tSlóivéin, 13 chárta sa Rómáin, 34 chárta san Eastóin, 256 chárta sa Chróit, 505 chárta sa tSeicia, 1 320 cárta sa Liotuáin, agus 2 330 cárta sa Pholainn. Léirítear i bhFíor 2 líon na gcártaí sealadacha tiománaí a eisíodh in aghaidh na tíre le linn na tréimhse 2022-2023.

Fíor 2. Líon iomlán na gcártaí sealadacha tiománaí arna n-eisiúint san Aontas in 2022 agus 2023, de réir an Bhallstáit eisiúna

An tráth céanna, bhí an sciar de chártaí sealadacha tiománaí i measc líon iomlán na gcártaí tiománaí a eisíodh fós íseal, agus an sciar is airde ag an Liotuáin ag 2,6 %, agus an Pholainn ina dhiaidh sin ag 0,6 %, agus an tSeicia ag 0,3 %.

Le scrúdú níos dlúithe léirítear na tíortha is forleithne ina bhfuil gnátháit chónaithe ag tiománaithe ar eisíodh na cártaí sealadacha tiománaí sin dóibh. Tháinig an India chun cinn mar an tír is mó eisiúna, agus 1 932 cárta san iomlán eisithe sa dá bhliain. Is iad na hOileáin Fhilipíneacha sa dara háit, le heisiúint 654 chárta, agus eisíodh 540 cárta san Úcráin. I measc na bhfaighteoirí cárta tábhachtacha eile bhí tiománaithe a raibh gnátháit chónaithe acu sa tSiombáib (346), Cuáit (218), an Afraic Theas (158), Srí Lanca (144) agus an Phacastáin (117).

Leis na sonraí léirítear treochtaí suntasacha sna tíortha gnáthchónaí do thiománaithe a fhaigheann cártaí sealadacha tiománaí ar fud Bhallstáit éagsúla an Aontais. Mar shampla, ba iad tiománaithe na hÚcráine na faighteoirí ba mhó de chártaí tiománaí sealadacha sa tSeicia agus san Eastóin sa dá bhliain. Tiománaithe a bhfuil gnátháit chónaithe acu san India, is iadsan is mó a eisíodh cártaí sealadacha tiománaí dóibh sa Liotuáin agus sa Pholainn. Is foinse shuntasach eile tiománaithe iad na hOileáin Fhilipíneacha, agus fuair líon suntasach díobh cártaí sealadacha tiománaí sa Chróit, sa Liotuáin agus sa Pholainn. Eisíodh líon suntasach cártaí sa Pholainn freisin do thiománaithe a raibh gnátháit chónaithe acu sa tSiombáib. I bhFíor 3, tugtar forléargas ar líon na gcártaí a eisíodh do thiománaithe bunaithe ar a dtír ghnáthchónaithe.

Fíor 3. Cártaí sealadacha tiománaí arna n-eisiúint in 2022-2023, de réir na tíre ina bhfuil gnátháit chónaithe ag shealbhóir an chárta

I measc na 350 cárta ‘eile’ a eisíodh, ba iad seo a leanas na tíortha gnáthchónaithe: Neipeal (70), Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (51), Catar (49), an Chosaiv* (32), an Bhrasaíl (37), an Túinéis (19), Uganda (12), an Bhanglaidéis (10), an Araib Shádach agus an Albáin (9 gcinn an ceann), Maracó (8), an Bhealarúis agus an Cholóim (7 gcinn an ceann), an Éigipt (5), Cúba agus Ruanda (4 cinn an ceann), an Iaráin (3), an Bhotsuáin agus an tSeoirsia (2 cheann an ceann), Gána, Paragua, an tSiria, an Úisbéiceastáin agus an Airgintín (aon cheann amháin an ceann) 8 .

IV.Meastóireacht ar thionchar na bhforálacha ar earnáil an iompair agus ar mhargadh an tsaothair

Ar bhonn na hanailíse a rinneadh ar na cleachtais riaracháin a bhaineann le cártaí sealadacha tiománaí a eisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, is féidir patrún ar leith d’úsáid theoranta agus éifeachtaí éagsúla ar mhargaí saothair náisiúnta a shainaithint. Cuimsítear san anailís sin freagairtí ó Bhallstáit éagsúla, lena n-áirítear na Ballstáit sin a d’eisigh cártaí sealadacha tiománaí agus iad siúd nár eisigh.

Formhór na dtíortha a d’eisigh cártaí sealadacha tiománaí, lena n-áirítear an tSeicia, an Eastóin, an Liotuáin, an Rómáin agus an tSlóivéin, níor thuairiscigh siad aon choinníoll reachtach náisiúnta breise thar a bhfuil leagtha síos i rialacháin an Aontais chun iarratas a dhéanamh ar chárta sealadach tiománaí. Ar an gcaoi chéanna, ní eisíonn na tíortha sin cártaí sealadacha tiománaí don duine céanna níos mó ná uair amháin. Is iondúil go dtugtar tuairisc ar thionchar eisiúint cártaí den sórt sin ar na margaí saothair náisiúnta mar thionchar diomaibhseach, agus éifeacht dhearfach bheag ach riachtanach lena maolaítear ganntanais tiománaithe tugtha faoi deara ag an Eastóin. Thuairiscigh an Pholainn tionchar dearfach ar a margadh saothair, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngéarghanntanas tiománaithe atá níos measa mar gheall ar an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Tugtar le fios leis sin gur féidir le cártaí sealadacha tiománaí cabhrú le tacú le hiarrachtaí chun ganntanais saothair a leigheas go páirteach.

Os a choinne sin, tíortha ar nós na Spáinne agus na hÉireann, ní eisíonn siad cártaí sealadacha tiománaí. Forchuireann an Spáinn diancheanglais chónaithe agus chead oibre maidir le heisiúint cárta tiománaí. Ní bhfuair an Laitvia aon iarratas ar chártaí sealadacha tiománaí ach ní bheadh coinne le tionchar diúltach ar a margadh saothair óna leithéid de bheart agus an ganntanas tiománaithe ar an margadh á chur i gcuimhne.

Thairis sin, níl aon tásca faighte ag an gCoimisiún go bhfuil deacrachtaí oibríochtúla ann de thoradh na forála sin nó go bhfuil sí tar éis fadhbanna a chruthú laistigh de na Ballstáit. Is léiriú é sin ar chomhtháthú rianúil na forála laistigh de na creataí atá ann cheana agus ar an easpa dealraitheach tionchar diúltach ar chuspóirí an Rialacháin.

Conclúid

Is cosúil go bhfuil an fhéidearthacht cártaí sealadacha tiománaí a eisiúint ina cabhair chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha mhargadh an tsaothair laistigh d’earnáil iompair an Aontais agus nach bhfuil tionchair dhiúltacha ag baint léi. Léirítear sna torthaí, cé go bhfuil glacadh an bhirt sin teoranta do sheacht mBallstát, gur eisíodh 4 459 gcárta sealadach tiománaí san iomlán in 2022 agus 2023. Níor eisigh aon Bhallstát níos mó ná 2,6 % de chártaí sealadacha tiománaí as measc na gcártaí tiománaí uile a eisíodh le linn na tréimhse céanna. Léirítear san anailís gurbh iad tiománaithe a bhfuil gnátháit chónaithe acu san India, sna hOileáin Fhilipíneacha agus san Úcráin príomhfhaighteoirí na gcártaí sealadacha tiománaí sin ar fud an Aontais.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil eisiúint cártaí sealadacha tiománaí éifeachtach faoi láthair agus nach mbíonn tionchar diúltach aige ar mhargadh an tsaothair. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an bhforáil sin, rud a d’fhéadfadh a bhfreagairt ar ghanntanais tiománaithe a éascú, ar choinníoll go n-urramaítear go hiomlán dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí saothair agus inimirce an Aontais. Leanfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as idirphlé sóisialta freisin chun plé a dhéanamh ar aon impleacht beartais a d’fhéadfadh a bheith ann le torthaí na tuarascála seo.

Ar deireadh, chuidigh an fhoráil sin freisin le tacú le 540 tiománaí de chuid na hÚcráine leanúint dá ngníomhaíochtaí tiomána gairmiúla sa tréimhse díreach tar éis thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, tá feidhm aige sin maidir le feithiclí atá deartha chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar i gcás inar mó mais na feithicle ná 3,5 tona, agus ón 1 Iúil 2026 maidir le feithiclí a iompraíonn earraí in iompar idirnáisiúnta nó in oibríochtaí cabatáiste i gcás inar mó mais na feithicle ná 2,5 tona.

(3)

An Comhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) (IO L 95, 8.4.1978, lch. 1).

(4)

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(5)

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(6)

Féach freisin https://transport.ec.europa.eu/ukraine/keeping-transport-running-smoothly/road-transport_ga .

(7)

I measc an 4 459 gcárta sealadach tiománaí, eisíodh 19 gcinn acu de thaisme do thiománaithe a bhfuil a ghnátháit chónaithe i dtír AETR nach de chuid an Aontais í.

(8)

Na cártaí a eisíodh do thiománaithe a bhfuil gnátháit chónaithe acu san Albáin, sa Bhealarúis, sa tSeoirsia agus san Úisbéiceastáin, is de thaisme a d’eisigh Ballstáit an Aontais iad.

* Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Top