Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0157

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1166/2008 agus (AE) Uimh. 1337/2011

COM/2024/157 final

An Bhruiséil,9.4.2024

COM(2024) 157 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1166/2008 agus (AE) Uimh. 1337/2011


1Cúlra

Bailíonn an Coimisiún (Eurostat) staidreamh ar fheirmeacha faoi Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 . Faoi Airteagal 18 den Rialachán, faoin 31 Nollaig 2024, ceanglaítear ar an gCoimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, tuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le cuspóirí an Rialacháin a chur chun feidhme agus a bhaint amach.

Tá feidhm ag an Rialachán maidir leis na Ballstáit agus maidir leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua (ábharthacht LEE). Tá Lichtinstéin díolmhaithe, áfach, ón oibleagáid tuairiscithe sonraí faoi Airteagal 23 d’ Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE. Sheol an Eilvéis sonraí agus tuarascáil cháilíochta chuig Eurostat freisin. Tá sé beartaithe ag tíortha is iarrthóirí staidreamh comhtháite feirme agus tuarascálacha cáilíochta a sholáthar agus a sheoladh chuig Eurostat. Mar sin féin, níl sé sin déanta ag aon cheann de na tíortha go dtí seo.

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar anailís ó Eurostat agus ar na tuarascálacha cáilíochta a chuir na tíortha tuairiscithe thuasluaite isteach. Rinne Eurostat anailís ar shonraí áireamh talmhaíochta 2020 arna seachadadh ag na tíortha tuairiscithe agus rinne sé measúnú ar iomláine, sásamh úsáideoirí, cruinneas agus iontaofacht, tráthúlacht agus poncúlacht, comhleanúnachas agus inchomparáideacht, rúndacht, inrochtaineacht agus soiléireacht, agus an costas agus an t‑ualach a bhain leis an ngníomhaíocht bailithe sonraí.

Cumhdaítear leis an tuarascáil seo sonraí agus meiteashonraí Stáit LEE agus costais dearbhaithe na mBallstát a chomhfhreagraíonn d’áireamh 2020 2 .

2Na príomhthorthaí

Bailíonn na tíortha tuairiscithe faisnéis ó ghabháltais talmhaíochta aonair agus, ag cloí le rialacha diana rúndachta, cuireann siad na sonraí ar aghaidh chuig Eurostat. Mar gheall ar an bhfaisnéis a bailíodh in 2020 is féidir sonraí a fhoilsiú maidir leis an méid seo a leanas:

·an líon feirmeacha;

·úsáid talún agus tionacht talún;

·an líon beostoic;

·bearta forbartha tuaithe,

·bainistíocht feirme agus ionchur saothair feirme (lena n‑áirítear aois agus leibhéal oiliúna an tsealbhóra agus an bhainisteora, a n‑inscne agus an caidreamh idir na hoibrithe agus sealbhóir an ghabháltais talmhaíochta);

·gníomhaíochtaí sochracha eile; agus

·tithíocht ainmhithe agus bainistiú aoiligh.

Is féidir na sonraí a chomhiomlánú ansin de réir leibhéil gheografacha éagsúla (tíortha, réigiúin) agus a eagrú de réir aicme méide, stádas dlíthiúil an ghabháltais, aicmí aschuir caighdeánacha agus cineál feirme. Cuirtear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce ar líne, i bhfoirm tháblach (in Eurobase ), nó mar chomhlánú ar fhoilseacháin amhail ailt ar Statistics Explained [Míniú ar Staidreamh] nó leabhráin Príomhfhigiúirí .

Déanann Eurostat a dhícheall feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht an staidrimh Eorpaigh go leanúnach. Tá sé tiomanta freisin don ualach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí a laghdú. Trí Rialachán (AE) 2018/1091, rinneadh roinnt beart chun an t‑ualach ar fhreagróirí i staidreamh feirme a laghdú:

·an cur chuige modúlach a úsáid, i gcás ina leithdháiltear na hathróga atá le bailiú ar ghrúpaí bailithe éagsúla (croíshonraí agus modúil) arb éagsúil a minicíocht nó a n‑ionadaíochas, nó an dá rud;

·cead a thabhairt na croíshonraí ar fheirmeacha beaga a bhailiú ón sampla i mbliain áirimh 2020 agus gan sonraí modúlacha ar fheirmeacha beaga sna blianta idirmheánacha an tsuirbhé a iarraidh a thuilleadh;

·úsáid foinsí sonraí riaracháin atá ann cheana (cláir den chuid is mó) agus cuir chuige nuálacha a chur chun cinn.

Tá an caighdeán foriomlán don áireamh go maith. Tá córas bainistithe cáilíochta i bhfeidhm i 22 Bhallstát agus san Íoslainn. Thuairiscigh 19 mBallstát agus an Íoslainn feabhsuithe ar nósanna imeachta cáilíochta, agus thuairiscigh 25 Bhallstát, an Íoslainn agus an Iorua gnóthachain éifeachtúlachta ón uair dheireanach a tarchuireadh sonraí chuig Eurostat. Áirítear orthu sin uathoibriú breise, úsáid mhéadaithe as sonraí riaracháin, úsáid suirbhéanna ar líne, agus oiliúint fheabhsaithe. Mar sin féin, tá scaipeadh na dtáblaí comhiomlánaithe ag Eurostat ag dul ar aghaidh go mall agus tá anailís á déanamh ar na bunchórais TF chun an tráthúlacht a fheabhsú.

Soláthraítear leis an áireamh talmhaíochta agus leis na suirbhéanna gaolmhara ar struchtúr gabháltas talmhaíochta sonraí iontaofa ar struchtúr na ngabháltas talmhaíochta san Aontas. Úsáideann lucht ceaptha beartas na sonraí go forleathan chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta (CBT). Úsáidtear sonraí freisin chun táscairí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chinneadh, agus soláthraítear micreashonraí anaithnide do thaighdeoirí, i gcomhaontú leis na soláthraithe sonraí náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 3 ón gCoimisiún.

Ba é EUR 35 49 889.00 suim iomlán ranníocaíochtaí an Aontais a íocadh leis na Ballstáit, ráta maoinithe 13.25 % de na costais mheasta incháilithe iomlána.

Ábharthacht

Tá an t‑áireamh talmhaíochta agus na suirbhéanna gaolmhara ar struchtúr gabháltas talmhaíochta ina gcnámh droma den Chóras Staidrimh Talmhaíochta Eorpach reatha. Soláthraítear leo sin sonraí iontaofa maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta san Aontas, ar féidir iad a úsáid chun staid na talmhaíochta a mheasúnu agus chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí. Ó bhí 1966 ann, tá úsáid á baint as sonraí struchtúir feirme mar thagarmharc agus mar bhonn (go háirithe mar bhonn samplála) le haghaidh staidreamh talmhaíochta eile, agus baineann lucht ceaptha beartas úsáid astu go forleathan chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais an Aontais amhail CBT.

Úsáidtear sonraí ar struchtúr feirme freisin chun roinnt táscairí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chinneadh; cuirtear iad sin ar fáil ansin d’Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO). Soláthraítear micreashonraí anaithnide do thaighdeoirí, i gcomhaontú le soláthraithe sonraí náisiúnta.

2.1.1Iomláine

Ráthaítear leis na nósanna imeachta um bailíochtú uathoibrithe go mbeidh na tacair mhicreashonraí a tharchuirtear chuig Eurostat iomlán.

2.1.2Sásamh úsáideoirí

Rinneadh suirbhéanna ar shásamh úsáideoirí i 8 mBallstát. Fuarthas sna suirbhéanna go raibh úsáideoirí sásta i 7 mBallstát agus go raibh siad an-sásta in 1 Bhallstát.

Cruinneas agus iontaofacht

Bhí tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar an áireamh i roinnt tíortha de chuid an Aontais. Tharla sé sin den chuid ba mhó i bhfoirm moilleanna ar ghníomhaíochtaí éagsúla, go háirithe ceistneoirí a phriontáil, oiliúint a chur ar agallóirí agus ar mhaoirseoirí, conraitheoireacht, bailiú sonraí agus rochtain ar chláir riaracháin. Mar fhreagra air sin, chuir Meitheal an Chórais Staidrimh Eorpaigh um Struchtúr Gabháltas Talmhaíochta tascfhórsa ar bun chun plé a dhéanamh ar na cleachtais a úsáidtear san Eoraip chun na deacrachtaí sin a íoslaghdú. D’ullmhaigh an tascfhórsa tuarascáil dar teideal ‘ Minimising the impact of COVID-19 on data quality in the agricultural census’[Tionchar COVID-19 ar cháilíocht sonraí san áireamh talmhaíochta a íoslaghdú] , ina gcuirtear an chuid is fearr de na cleachtais sin i láthair. Cé go bhfuil feidhm ag na cleachtais maidir le paindéim COVID-19, tá siad infheidhme freisin i gcás ar bith eile dá leitheid maidir le srianta ginearálta, agus fiú i ngnáthchásanna.

Bailíonn Eurostat tuarascálacha cáilíochta ar staidreamh comhtháite feirme a chomhfhreagraíonn do gach tarchur sonraí. Sna tuarascálacha sin tugtar tuairisc ar mhodhanna agus ar ghnéithe cáilíochta bailithe sonraí ar bhonn féinmheasúnuithe arna ndéanamh ag na tíortha; tarraingítear suas iad faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/405 lena sonraítear socruithe maidir leis na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha sin atá le tarchur faoi Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh comhtháite feirme. D’úsáid Eurostat na tuarascálacha cáilíochta náisiúnta chun tuarascáil cháilíochta ar leibhéal an Aontais a thiomsú.

Tá córas bainistithe cáilíochta i bhfeidhm i 22 Bhallstát agus san Íoslainn. Thuairiscigh 19 mBallstát agus an Íoslainn feabhsuithe ar nósanna imeachta cáilíochta, agus thuairiscigh 25 Bhallstát, an Íoslainn agus an Iorua gnóthachain éifeachtúlachta ón uair dheireanach a tarchuireadh sonraí chuig Eurostat. Áiríodh orthu sin uathoibriú breise agus úsáid mhéadaithe a bhaint as foinsí sonraí riaracháin amhail​ an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (Rialachán AE 1306/2013 agus Rialachán 2021/2116) cláir ainmhithe, cláir feirmeoireachta orgánaí nó cláir fíonghort 4 . Léiríodh úsáid suirbhéanna ar líne agus oiliúint bhreise mar fheabhsuithe freisin. Shuigh formhór thíortha tuairiscithe LEE nach raibh aon tionchar ag earráidí samplála ar cháilíocht sonraí agus go bhfuil tionchar na n‑earráidí cumhdaigh, na n‑earráidí neamhfhreagartha, na n‑earráidí tomhais agus na n‑earráidí próiseála ar cháilíocht sonraí íseal nó in easnamh.

Chomhlíon 21 Bhallstát, an Íoslainn agus an Iorua na ceanglais bheachtais go léir i Rialachán (AE) 2018/1091, agus i 6 Bhallstát bhí an ráta neamhchomhlíonta maidir le ceanglais bheachtais níos ísle ná 10 %. Tá an caighdeán foriomlán don áireamh go maith.

Tráthúlacht agus Poncúlacht

Le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2018/1091, leagtar síos spriocdháta 15 mhí chun na tuarascálacha sonraí agus cáilíochta a tharchur chuig Eurostat, ó dheireadh na bliana tagartha 2020.

Comhlíon formhór Stáit LEE na spriocdhátaí maidir le sonraí agus tuarascálacha cáilíochta a chur isteach.

·Chomhlíon 19 dtír na spriocdhátaí tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1091 agus, i gcás na mBallstát, a leagtar síos ina gcomhaontuithe deontais a síníodh le Eurostat.

·Arna iarraidh sin do 3 Bhallstát leasaíodh a gcomhaontuithe deontais le Eurostat ar fhorais force majeure i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 (faoi fhorálacha sainráite dá bhforáiltear in Airteagal II.15 de na comhaontuithe deontais). Leagtar síos leis na comhaontuithe deontais leasaithe síneadh ar spriocdhátaí le haghaidh sonraí agus tuairisciú cáilíochta a sháraigh an spriocdháta i Rialachán (AE) 2018/1091. Comhlíon na 3 Bhallstát spriocdhátaí sínte a leagtar síos sna comhaontuithe deontais leasaithe. Measadh gur staid eisceachtúil í géarchéim an choróinvíris lena dtugtar údar le síneadh a chur leis an spriocdháta.

·Tugadh faoi deara go raibh moilleanna beaga suas le 13 lá ann maidir le micreashonraí (2 thír) nó tuarascáil cháilíochta (2 thír) a tharchur i gcomparáid leis na sprioc-amanna a leagtar síos sna comhaontuithe deontais nó i Rialachán (AE) 2018/1091. Tá na moilleanna beaga sin inghlactha i bhfianaise chastacht na mbailiúchán sonraí agus i gcásanna áirithe an líon suntasach taifead agus imthosca eisceachtúla a bhí ann de dheasca na paindéime. Ní raibh tionchar ag na moilleanna sin ar scaipeadh na sonraí.

·Sholáthair Ballstát amháin na sonraí maidir leis an modúl ‘tithíocht ainmhithe agus bainistiú aoiligh’ le moill 1 mhí i gcomparáid leis an spriocdháta sa chomhaontú deontais. Ghlac Eurostat leis an moill ar fhorais force majeure i ndáil le paindéim COVID-19. Chomhlíon na sonraí (agus an tuarascáil cháilíochta) an spriocdháta i Rialachán (AE) 2018/1091 agus níor cuireadh isteach ar scaipeadh na sonraí tithíochta ainmhithe.

·Chomhlíon tír amháin an spriocdháta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1091 le haghaidh na tuarascála cáilíochta ach níor chomhlíon sí an spriocdháta le haghaidh na sonraí. Seoladh na sonraí chuig Eurostat 2 mhí i ndiaidh an spriocdháta.

Cuirtear bailíochtú uathoibríoch struchtúir agus ábhair i bhfeidhm ar na sonraí, agus faigheann tíortha tuarascáil ina léirítear má tá aon earráidí iontu. Más gá, cuireann tíortha na sonraí isteach arís go dtí nach dtuairiscítear aon earráidí. Faoin nós imeachta iar-bhailíochtaithe, má shainaithníonn Eurostat aon neamhréireachtaí, iarrtar ar thíortha tuairiscithe na sonraí agus an tuarascáil cháilíochta a sheiceáil agus tacair shonraí cheartaithe agus tuarascálacha cáilíochta cearta a chur isteach. Seoladh aiseolas agus athbhreithnithe den chuid is mó laistigh de thréimhse ama iomchuí.

Nuair a tharchuireann na thíortha na micreashonraí, ní mór do Eurostat iad a phróiseáil agus modhanna rúndachta a chur i bhfeidhm sula bhfoilseofar na táblaí táscairí comhiomlánaithe in Eurobase. Is nós imeachta casta agus fada é sin a d’fhéadfadh suas le roinnt míonna a bheith i gceist leis le haghaidh gach ceann de na tacair sonraí foilsithe. Féadfar na sonraí a athbhreithniú tráth ar bith; san fheachtas atá ann faoi láthair, tá iarracht á déanamh ag Eurostat athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí foilsithe chomh fada siar le 2005.

As 250 tábla a bhaineann le struchtúr feirme atá ann cheana ar bhunachar sonraí poiblí Eurostat, roghnaíodh 30 tábla tosaíochta lena n‑athbhreithniú. Rinneadh an rogha ar bhonn ábharthacht d’úsáideoirí sonraí 5 . Bliain amháin i ndiaidh deireadh a chur le bailíochtú sonraí, níor foilsíodh ach 10 gcinn de na táblaí tosaíochta. Mar gheall ar shainiúlacht na dtacar sonraí agus go háirithe méid na sonraí a bhí le láimhseáil, ní rabhthas ábalta na sonraí a phróiseáil agus na ríomhanna riachtanacha a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta ama leis an mbunbhonneagar TF, rud ba chúis le moilleanna gan choinne. Thairis sin, de dheasca éagobhsaíocht na seirbhísí ionaid sonraí óstála a sholáthair Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta le haghaidh SAS (an córas TF a úsáideadh chun na ríomhanna a dhéanamh), cuireadh isteach roinnt uaireanta ar an bpróiseas fada ríofa, rud a d’fhág gur ghá atosú arís agus arís agus a bhí ina chúis le moilleanna breise. Tá iarracht á déanamh ag Eurostat agus ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta an cás sin a réiteach a luaithe is féidir. Tá measúnú mionsonraithe á dhéanamh ar an gcóras TF chun plean gníomhaíochta a shainiú chun feabhas a chur ar fheidhmíocht agus aga freagartha an chórais sna míonna amach romhainn.

Comhleanúnachas agus Inchomparáideacht

D’fhoilsigh Eurostat lámhleabhar le haghaidh staidreamh comhtháite feirme 2020 , ar cuireadh tuilleadh feabhais ar chomhleanúnachas agus ar inchomparáideacht sonraí idir tíortha leis.

Don tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, is féidir a mheas go bhfuil na bunsonraí inchomparáide ar fud tíortha. Mar sin féin, ní bhíonn na sonraí modúlacha inchomparáide i gcónaí ar fud tíortha, toisc gur laghdaíodh an t‑ualach le Rialachán (AE) 2018/1091 mar nach gceanglaítear leis sonraí modúlach ar fheirmeacha beaga a sholáthar. I dtíortha nach gcumhdaítear sa phríomhchreat gabháltais talmhaíochta a bhfuil 98 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear (gan gairdíní cistine) agus 98 % ar a laghad d’aonaid bheostoic iomlána na tíre i gceist leis, bhíothas ábalta (ach ní raibh sé éigeantach) sonraí modúlacha a sheoladh le haghaidh na bhfeirmeacha, rud ar a dtugtar ‘leathnú an chreata’.

Tá difríocht idir fad na hamshraitheann struchtúir feirmeacha idir tíortha. I roinnt tíortha, téann an amshraith ar líne ar ais go dtí 1990, agus níor thosaigh tíortha eile go dtí 2013. Tá na bunsonraí san amshraith inchomparáide den chuid is mó fad is nár athraigh an tír na tairseacha cumhdaigh idir na blianta. Maidir leis na sonraí modúlacha, tá siad sin inchomparáide san amshraith den chuid is mó fad is nár athraigh an tír na tairseacha cumhdaigh idir na blianta agus fad a chumhdaítear le sonraí modúlacha 2020 gabháltais talmhaíochta a bhfuil 98 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear (gan gairdíní cistine) agus 98 % ar a laghad d’aonaid bheostoic iomlána na tíre i gceist leo.

Áirítear sa tuarascáil cháilíochta ar leibhéal an Aontais faisnéis faoi chumhdach, féidearthachtaí agus teorainneacha na hinchomparáideachta ar fud tíortha agus inchomparáideacht le himeacht ama do gach grúpa tíortha.

Maidir le bailiú sonraí áireamh talmhaíochta 2020, glacadh le maolú don Phortaingéil (faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1091), ag ceadú 2019 mar an tréimhse thagartha. Níor iarr an Ghréig maolú.

Tá áireamh talmhaíochta 2020 mar chuid den Chlár Domhanda maidir le hÁireamh Talmhaíochta 2020 . Feabhsaítear leis sin inchomparáideacht le tíortha lasmuigh den Eoraip, lena n‑áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSeapáin.

Rúndacht

Tá micreashonraí a bhailítear faoi staidreamh comhtháite feirme faoi rún.

Bunaithe ar na micreashonraí, ríomhann Eurostat comhiomláin a scaiptear i bhfoirm táblaí staidrimh. Maidir leis na torthaí comhiomlánaithe, cuireann Eurostat modhanna i bhfeidhm a bhaineann le rúndacht agus iontaofacht phríomhúil. Déanann Eurostat na sonraí rúnda (nach bhfuil go leor aonad agus/nó ranníocóirí ceannasacha ag baint leo) agus na sonraí neamhiontaofa (a bhfuil earráidí samplála arda ag baint leo) i gcealla boird a nótáil agus a shochtadh. I gcás luachanna cille a fhoilsítear, déanann Eurostat na luachanna cille foilsithe go léir (bíodh siad ina líon gabháltas, heicteár, ceann ainmhithe, etc.) a bhabhtáil go dtí an t‑iolraí is gaire do 10.

Níor chuir Eurostat modhanna i bhfeidhm go fóill a bhaineann le rúndacht thánaisteach i staidreamh struchtúr feirme. Is é is cúis leis sin, gur léiríodh i dtorthaí staidéir ó 1993 go gcailltear sonraí breise gan riosca réalaíoch um nochtadh agus mar gheall ar an líon mór táblaí idirnasctha a scaiptear ar shuíomh gréasáin Eurostat agus a i ndiaidh iarratais ad hoc ó úsáideoirí. Ós rud é go bhfuil laghdú ag teacht ar an líon feirmeacha agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh níos mó cealla sonraí faoi rún, sheol Eurostat tionscadal chun an anailís a rinneadh in 1993 a athnuachan agus chun sraith modhanna a shainaithint lena n‑áiritheofar comhréiteach maith idir rioscaí réalaíocha um nochtadh agus an méid sonraí atá ar fáil d’úsáideoirí. Cé go n‑áireofaí rúndacht thánaisteach leis an tacar modhanna, tá pleananna ann freisin iniúchadh a dhéanamh ar roghanna eile seachas rúndacht thánaisteach nó sonraí tánaisteacha ceall rúnda a chosc ar a laghad. I measc na roghanna eile tá corraíl luachanna cille, rud a thugann caillteanas sonraí níos lú le tuiscint.

Inrochtaineacht agus soiléireacht

2.1.3Bunachar sonraí ar líne

Soláthraítear le bunachar sonraí poiblí Eurostat 6 staidreamh Eorpach ar fheirmeacha i níos mó ná 200 tacar sonraí. Déantar na príomhtháblaí sonraí a ghrúpáil faoi struchtúr feirme (ef) . Tá athbhreithniú ar na tacair sonraí sin ar siúl i gcónaí, chun freagairt ar bhealach níos fearr do riachtanais úsáideoirí. Tá rochtain ar na táblaí ar fáil go poiblí agus saor in aisce.

2.1.4Foilseacháin

Foilsíonn Eurostat sonraí agus ailt maidir le struchtúr feirme ina bhailiúchán ar líne Statistics Explained [Míniú ar Staidreamh] agus i leabhair staidrimh. Úsáidtear sonraí ar struchtúr feirme freisin i dtáirgí scaipthe eile amhail foilseachán na bpríomhfhigiúirí​ , bliainiris réigiúnach Eurostat agus an t-atlas staidrimh .

2.1.5Meiteashonraí

Bailíonn agus foilsíonn Eurostat tuarascálacha náisiúnta cáilíochta ina gcuimsítear faisnéis mhionsonraithe faoi cháilíocht na sonraí agus faoi na modhanna a úsáidtear chun iad a bhailiú. Sa tuarascáil cháilíochta ar leibhéal an Aontais , tiomsaítear an fhaisnéis a thugtar sna tuarascálacha náisiúnta cáilíochta.

2.1.6Rochtain ar mhicreashonraí

Ní thugann Eurostat rochtain ar mhicreashonraí struchtúr feirme ach amháin chun críocha eolaíocha, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún i ndáil rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha. Tá rochtain ar mhicreashonraí srianta chun anaithnideacht na ngabháltas talmhaíochta a chosaint. Chun rochtain a fháil ar mhicreashonraí anaithnidithe (ar a dtugtar comhaid úsáide eolaíche freisin), ní mór d’eagraíochtaí taighde dul tríd an nós imeachta incháilitheachta . Ní mór na heagraíochtaí a aithint mar eintitis taighde. Déanann Eurostat agus comhlachtaí staidrimh náisiúnta grinnscrúdú ar gach tionscadal taighde a chuireann taighdeoirí isteach. Cuireann Eurostat roinnt coinníollacha i bhfeidhm maidir le glacadh le tograí taighde, is iad sin: ábhar eolaíoch an togra, anailís chomparáideach ar roinnt tíortha, bearta slándála sonraí cuí a bheith i bhfeidhm agus foilsiú na dtorthaí. Ina theannta sin, ní mór do na comhlachtaí staidrimh náisiúnta glacadh le gach togra taighde. Mura gceadaíonn comhlacht náisiúnta rochtain, baintear sonraí na tíre sin den tacar.

An costas agus an t‑ualach

Le Rialachán (AE) 2018/1091, neartaíodh tuilleadh úsáid foinsí sonraí riaracháin agus modhanna eile nó cuir chuige nuálacha sa bhreis ar shuirbhéanna staidrimh. Tá méadú suntasach tagtha ar úsáid sonraí riaracháin le blianta beaga anuas, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú 10 % ar líon na n‑athróg a bhailítear go díreach ó fheirmeoirí idir 2013 agus 2020. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú ar úsáid foinsí riaracháin eile (amhail na cinn a úsáidtear chun fóirdheontais le haghaidh bearta forbartha tuaithe CBT, foinsí cadastracha nó foinsí eile arna léiriú ag tíortha a bhainistiú) ó 2.1 % in 2013 go 5.9 % in 2020. Úsáidtear foinsí sonraí riaracháin den chuid is mó lena gcur in ionad athróg go díreach, chun ceistneoirí a réamhlíonadh agus i gcásanna neamhfhreagartha, an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú trí fhoinsí sonraí atá ann cheana a úsáid arís agus arís eile.

Rinne Eurostat measúnú ar chostais agus ar chostiéifeachtúlacht bhailiú sonraí áireamh talmhaíochta 2020 faoi Rialachán (AE) 2018/1091 ag baint úsáid as na hiarratais ar dheontas ó na Ballstáit.

Ba é EUR 278 128 426.97 suim na gcostas measta iomlán chun áireamh talmhaíochta 2020 a thuairiscigh na Ballstáit sna hiarratais ar dheontas a dhéanamh, agus ba é EUR 267,872,491.16 suim na gcostas measta incháilithe iomlán.

Níl fíorchostais deiridh fhormhór na mBallstát ar eolas ag Eurostat. Maidir le 2020, níorbh ghá do na comhlachtaí náisiúnta na costais incháilithe iarbhír atá cumhdaithe a shainaithint a thuilleadh ná doiciméid tacaíochta amhail ráitis chuntasaíochta a sholáthar a thuilleadh mar chruthúnas ar an méid arna dhearbhú. Ní raibh le déanamh ag na Ballstáit ach na costais deiridh a thuairisciú má tháinig laghdú níos mó ná 20 % ar na costais deiridh le haghaidh comhpháirt bailithe sonraí amháin ar a laghad i gcomparáid leis na costais mheasta. Mar sin féin, tá sé mar aidhm ag Eurostat léargas réalaíoch a fháil ar na costais iomlána a bhaineann leis an mbailiú sonraí a cheanglaítear faoi reachtaíocht an Aontais a chur i gcrích. Chuige sin, spreag sé na Ballstáit na costais iomlána a thuairisciú ag tosú le bailiú sonraí 2020 7 .

Ba é EUR 35 495 889.00 suim iomlán ranníocaíochtaí an Aontais a íocadh leis na Ballstáit, arb é sin ráta maoinithe 13.25 % de na costais mheasta incháilithe iomlána.

Bhí cost-éifeachtúlacht ar cheann de na critéir maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dheontais. Maidir le gach tír, rinneadh measúnú ar an gcost-éifeachtúlacht trí na costais mheasta a chur i gcoibhneas le líon na n‑athróg a bhí le bailiú agus le líon na ngabháltas talmhaíochta a raibh sé beartaithe sonraí ina leith a sheoladh chuig Eurostat. Mar gheall ar an gcur chuige sin bhíothas ábalta comparáid a dhéanamh idir an chost-éifeachtúlacht ar fud tíortha le líon an-difriúil de ghabháltais talmhaíochta agus d’athróga bailithe. Mar sin féin, bhí ábharthacht an chur chuige sin lagaithe ag roinnt tíortha toisc nach ndearna siad costais iomlána an bhailithe sonraí a thuairisciú.

Thairis sin, ní féidir an laghdú ar chostais idir 2016 agus 2020 a chainníochtú ar bhealach fiúntach, fiú má dhéantar costais 2020 a choigeartú ó thaobh bhoilscithe de. Tháinig athrú ar an bhfoirm mhaoiniúcháin idir 2016 (aisíocaíocht ar chostais incháilithe na gníomhaíochta) agus 2020 (ranníocaíocht chnapshuime aonair) 8 . Maidir le 2020, bhí sé de nós ag tíortha costais iomlána an bhailithe sonraí a thuairisciú, ós rud é gur spreagadh iad déanamh amhlaidh. Roimh 2020, bhí sé de nós ag tíortha gan ach cuid de na costais a thuairisciú, is é sin, an chuid a bhféadfadh tacú léi go héasca le ráitis chuntasaíochta agus a bhí leordhóthanach chun an ranníocaíocht uasta ón Aontas a leagtar síos leis an reachtaíocht a fháil).

3Conclúidí

Ráthaítear iomláine an bhailithe sonraí le haghaidh staidreamh comhtháite feirme, agus go sonrach, le haghaidh sonraí áireamh talmhaíochta 2020, ós rud é gur gcuirtear nósanna imeachta uathoibríocha um bailíochtú i bhfeidhm. Léiríonn suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta go bhfuil úsáideoirí sásta.

I dtéarmaí cruinnis agus iontaofachta, meastar go bhfuil cáilíocht fhoriomlán an áirimh go maith.

Rinneadh an bailiú sonraí ar bhealach tráthúil. Mar sin féin, ní mór feabhas a chur ar an tráthúlacht maidir le scaipeadh sonraí an áirimh talmhaíochta ar an leibhéal Eorpach.

Tá comhleanúnachas agus inchomparáideacht an bhailithe sonraí feabhsaithe tuilleadh a bhuí le treoirlínte bailithe sonraí nua ó Eurostat, tabhairt isteach nósanna imeachta bailíochtaithe uathoibrithe, agus úsáid foinsí sonraí riaracháin agus modheolaíochtaí nuálacha.

Tá na micreashonraí a bhailítear faoi staidreamh comhtháite feirme faoi rún, agus cuirtear an láimhseáil rúnda i bhfeidhm maidir le comhiomláin ríofa, a scaiptear i bhfoirm táblaí staidrimh. Tá Eurostat ag fiosrú tuilleadh feabhsaithe maidir leis an láimhseáil rúnda.

Tá rochtain phoiblí agus saor in aisce ar na táblaí staidrimh, agus úsáidtear iad i réimse foilseachán éagsúil. I dtuarascáil cháilíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tiomsaítear na meiteashonraí a thugann na soláthraithe sonraí. Tá rochtain ar mhicreashonraí srianta chun anaithnideacht na ngabháltas talmhaíochta a chosaint, ach cuirtear comhaid a bhaineann le húsáid eolaíoch ar fáil le haghaidh taighdeoirí faoi choinníollacha áirithe.

Bhí éifeachtaí intomhaiste ann maidir leis an ualach tuairiscithe a laghdú, a bhuí le cur chuige modúlach a thabhairt isteach, croíshonraí ar fheirmeacha beaga a bhailiú ó shampla i mbliain áireamh 2020 9 agus úsáid foinsí sonraí riaracháin atá ann cheana (cláir den chuid is mó) a chur chun cinn. I roinnt tíortha, breathnaíodh gnóthachain cháilíochtúla éifeachtúlachta freisin, mar a luaitear sna tuarascálacha náisiúnta cáilíochta. Mar gheall ar Rialachán (AE) 2018/1091 bhí sé ar chumas tíortha an t‑ualach a laghdú.

Ní féidir laghdú cainníochtúil ar an ualach i dtéarmaí costas nó an lín gabháltas a ríomh go fiúntach trí bhailiú sonraí 2020 a chur i gcomparáid leis na bailiúcháin sonraí roimhe sin, áfach. Ar an gcéad dul síos, tháinig athrú ar chineál an mhaoiniúcháin Eorpaigh in 2020 agus spreagadh tíortha chun na costais iomlána a thuairisciú do Eurostat le haghaidh 2020. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú ar an líon gabháltas le himeacht ama, ní hamháin mar gheall ar an laghdú ar an ualach ach freisin mar gheall ar chomhchruinniú na ngníomhaíochtaí talmhaíochta, agus ní féidir éifeachtaí an dá thoisc sin a scaradh go soiléir.

4Moltaí

Déanann Eurostat a dhícheall feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht an staidrimh Eorpaigh ar bhonn leanúnach agus tá sé tiomanta don ualach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí a laghdú. Cuireann soláthraithe sonraí fáilte roimh an iarracht sin agus ba cheart leanúint léi sna feachtais amach anseo maidir le bailiú sonraí ar struchtúr feirme.

Téann an chastacht a bhaineann le hiarphróiseáil na dtacar sonraí i gcion ar fhoilsiú tráthúil na dtáblaí táscacha comhiomlánaithe uile i mbunachar sonraí poiblí Eurostat. Tá Eurostat ag féachaint le tuilleadh uathoibrithe chun feabhas a chur ar thráthúlacht scaipeadh na dtorthaí.

Úsáideann lucht ceaptha beartas sonraí comhtháite staidrimh feirme go forleathan chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais Eorpacha amhail CBT. Moltar go gcoinneofar bailiúcháin na sonraí ar struchtúr feirme don fheachtas atá le teacht, lena gcumhdaítear na blianta 2030-2040.

Is ionann iomlán ranníocaíochtaí an Aontais a íoctar leis na Ballstáit agus ráta maoinithe 13.25 % de na costais mheasta incháilithe iomlána. Moltar tacaíocht an Aontais a choinneáil ar bun i bhfeachtais bailithe sonraí atá le teacht.

(1)

  Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1–29) ..

(2)

I gcás na Portaingéile, is í 2019 an tréimhse thagartha don áireamh talmhaíochta (a iarradh maolú agus ar glacadh leis faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1091); i gcás na dtíortha tuairiscithe eile go léir, is é 2020 an tréimhse thagartha.

(3)

Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Staidreamh Eorpach i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 164, 18.6.2013, lch. 16.

(4)

Chun sonraí a fháil maidir le húsáid foinsí sonraí riaracháin ag tíortha do gach athróg a bhailítear, tá meiteashonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat faoi https://ec.europa.eu/eurostat/web/agriculture/data/ancillary-data (úsáid foinsí sonraí riaracháin)

(5)

  https://www.iweps.be/wp-content/uploads/2023/03/2023March_NTTS-New-Techniques-and-Technologies-for-Statistics-Eurostat-book_of_abstracts.pdf (Lampach, N. (2023) Strategy to Modernise Agricultural Statistics: New Pathways for the Future [Straitéis chun Staidreamh Talmhaíochta a Nuachóiriú: Bealaí Nua don Todhchaí] (sliocht), lch. 484-487)

(6)

  http://ec.europa.eu/eurostat/data/database

(7)

Fiú má cuireadh deis mhaith ar fáil leis an iarratas ar dheontas 2020 chun na costais iomlána a thuairisciú, ní dhearna roinnt comhlachtaí náisiúnta é sin.

(8)

An Coimisiún Eorpach, Eurostat, ‘Cinneadh lena n‑údaraítear ranníocaíocht chnapshuime aonair a úsáid le haghaidh na gcroíshonraí struchtúracha, leathnú an chreata agus na mbailiúchán sonraí modúlacha faoin gClár um Staidreamh Comhtháite Feirme

‘.

(9)

Sna blianta samplacha 2023 agus 2026, níl gá le sonraí modúlacha ar fheirmeacha beaga.

Top