Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0021

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an athbhreithniú macrastuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa, na rioscaí sistéamacha a bhaineann le hIdirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc (IANanna) agus a n-idirnascacht le hinstitiúidí airgeadais, faoi Airteagal 513 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

COM/2024/21 final

An Bhruiséil,24.1.2024

COM(2024) 21 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an athbhreithniú macrastuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa, na rioscaí sistéamacha a bhaineann le hIdirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc (IANanna) agus a n-idirnascacht le hinstitiúidí airgeadais, faoi Airteagal 513 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012


Faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 513 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, CRR), agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, sa tuarascáil seo, déantar athbhreithniú ar chreat macrastuamachta an Aontais a leagtar amach in CRR agus Treoir 2013/36/AE (CRD). Bhíothas leis an athbhreithniú a fhoilsiú faoi mhí an Mheithimh 2022 agus, dá mba iomchuí, bhíothas le togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin faoi mhí na Nollag 2022. 1 Chinn an Coimisiún an t‑athbhreithniú a chur siar chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtaí na ndálaí maicreacnamaíocha le linn na paindéime (agus tar éis na paindéime), ar fhás na hIdirghabhála Airgeadais Neamhbhainc (NBFI) agus ar Ghéarchéim Bhaincéireachta na Stát Aontaithe i mí an Mhárta 2023.

Sa tuarascáil, baintear leas as roinnt mhaith staidéar arna ndéanamh ag comhlachtaí an Aontais agus comhlachtaí idirnáisiúnta, agus baintear leas freisin as próiseas comhairliúcháin phoiblí cuimsitheach a rinne an Coimisiún, lena n‑áirítear Glao ar Chomhairle (CfA) spriocdhírithe chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach a tugadh i gcrích in 2021. 2 Thairis sin, reáchtáladh roinnt mhaith idirphlé dhéthaobhaigh idir seirbhísí an Choimisiúin agus na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas.

Leis an ngéarchéim airgeadais dhomhanda 2008-2009, nochtadh na leochaileachtaí atá in earnáil na baincéireachta ar fud an domhain, mar bhí cuid mhaith institiúidí airgeadais ró-ghiaráilte, bhí siad neamhchosanta ar shócmhainní rioscúla agus bhí foinsí easnamhacha cistithe chobhsaí acu. Roimh an ngéarchéim, bhí sé deacair measúnú a dhéanamh ar neamhchosaintí agus éifeachtaí iarmharta a d’fhéadfadh a bheith ann, go páirteach mar gheall ar thrédhearcacht theoranta maidir leis an ngiaráil agus idirnasc méadaitheach idir institiúidí airgeadais. Riosca creidmheasa, rioscaí cistithe agus rioscaí leachtacht an mhargaidh, measadh go mór faoina luach iad agus bhí sásraí teoranta ag an gcreat rialála chun aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí institiúidí a raibh tábhacht shistéamach leo. Dá thoradh sin, creataí maoirseachta agus rialála lenar díríodh go príomha ar chobhsaíocht institiúidí airgeadais a áirithiú ar bhonn neamhspleách, cruthaíodh go raibh siad easnamhach chun na dúshláin maidir le cobhsaíocht airgeadais a mhaolú, dúshláin a bhí ann de bharr turraingí sistéamacha. Is féidir le leochaileachtaí dul i méid ar fud an chórais airgeadais, fiú má bhíonn institiúidí airgeadais athléimneach ar bhonn aonair. 3 Dá réir sin, ba ghá tuilleadh uirlisí beartais a fhorbairt, lena n‑áirítear ar an leibhéal macrastuamachta, chun fás iomarcach creidmheasa a theorannú agus athléimneacht fhoriomlán na hearnála airgeadais a neartú chun turraingí sistéamacha a sheasamh.

Is é is aidhm do bheartais mhacrastuamachta cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun trí athléimneacht na n‑institiúidí airgeadais a mhéadú agus carnadh leochaileachtaí a theorannú, agus ar an mbealach sin, maolófar rioscaí sistéamacha (struchtúracha agus timthriallacha) agus áiritheofar go leanfaidh seirbhísí airgeadais de bheith ag tacú leis an ngeilleagar. Tagann riosca sistéamach chun cinn i bhfoirmeacha éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh sé eascairt as grúpaí baincéireachta móra casta, fás creidmheasa iomarcach, giaráil lena méadaítear an timthriall creidmheasa sna margaí tithíochta agus leochaileachtaí struchtúracha san earnáil baincéireachta (e.g. earnáil baincéireachta atá mór nó an-chomhchruinnithe i gcoibhneas le OTI). Is é is aidhm do bheartais mhacrastuamachta ar deireadh minicíocht agus déine géarchéimeanna airgeadais a theorannú trí rioscaí sistéamacha a mhaolú. Le beartais mhacrastuamachta, déantar an timthriall airgeadais níos réidhe, teorannaítear éifeachtaí tógálachta agus cruthaítear na dreasachtaí cearta le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh trí mhaoirseacht mhicreastuamachta a chomhlánú. Ar an gcaoi sin, tá earnáil na baincéireachta athléimneach a dóthain agus ní chiorraíonn sí an creidmheas a sholáthraítear do theaghlaigh agus do ghnólachtaí le linn géarchéime, rud a mhéadaíonn turraingí diúltacha sa gheilleagar agus a d’fhéadfadh sleabhcadh eacnamaíoch a dhéanamh níos measa nó a shíneadh.

Sna huirlisí macrastuamachta áirítear ceanglais nó nósanna imeachta a ceapadh chun tionchar diúltach teagmhas sistéamach a íoslaghdú 4 agus an córas airgeadais ina iomláine a chosaint 5 . D’fhéadfadh sé nach maolódh uirlisí micreastuamachta riosca sistéamach ach go hindíreach trí dhul i ngleic le rioscaí eintiteas nó rioscaí ar leibhéal na n‑idirbheart 6 . Is iondúil gur i bhfoirm bearta réamhghabhálacha a bhíonn uirlisí macrastuamachta (i.e., bearta ex ante a ghníomhachtaítear sula dtagann riosca sistéamach chun cinn, amhail teorainneacha giarála struchtúraí nó maoláin chaipitil maidir le riosca sistéamach) agus bearta ex post (i.e., bearta a ghníomhachtaítear tar éis do riosca sistéamach teacht chun cinn, amhail cearta infheisteoirí maidir le haonaid cistí infheistíochta a fhuascailt a chur ar fionraí).

1.Creat macrastuamachta athbhreithnithe le haghaidh na mbanc

Tar éis na géarchéime domhanda airgeadais, cuireadh amach clár oibre athchóirithe cuimsitheach mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun an creat micreastuamachta le haghaidh banc a neartú agus chun creat beartais macrastuamachta a fhorbairt. D’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) creat Basel III lenar ardaíodh cáilíocht an chaipitil, lenar tugadh isteach caipiteal nua, maoláin leachtachta agus teorainneacha cóimheasa giarála le haghaidh banc, lenar cuireadh feabhas ar bhainistíocht riosca, rialú agus trédhearcacht, agus lenar cruthaíodh creat beartais macrastuamachta.

Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, moladh i dTuarascáil De Larosière 7 nár cheart do chreataí maoirseachta agus rialála díriú ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais aonair, agus ar na hinstitiúidí sin amháin, a thuilleadh, 8 ach ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine freisin. Sonraíodh sa Tuarascáil gurb é ‘Cuspóir na maoirseachta macrastuamachta teorainn a chur le hanás an chórais airgeadais chun an geilleagar foriomlán a chosaint ar chaillteanais shuntasacha in aschur iarbhír [...]. Le hanailís mhacrastuamachta [...] ní mór aird ar leith a thabhairt ar thurraingí coiteanna nó comhchoibhneasacha, agus ar thurraingí sna codanna sin den chóras airgeadais a spreagann torthaí gabhála iarmhartacha nó aiseolais. Ní féidir aon chiall a bheith le maoirseacht mhacrastuamachta mura rud é go mbeidh tionchar ar bhealach éigin aici ar mhaoirseacht ar an micrileibhéal; agus ní féidir le maoirseacht mhicreastuamachta cobhsaíocht airgeadais a chosaint ar bhealach éifeachtach gan aird dhóthanach a thabhairt ar na forbairtí ar an macraileibhéal.’

Ghlac an tAontas Eorpach céimeanna suntasacha chun a chreat macrastuamachta a neartú trí na leasuithe a moladh i dTuarascáil De Larosière agus na caighdeáin a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun feidhme. Mar shampla, ghlac sé bearta chun éifeachtaí comh-thimthriallacha bhearta Basel II a laghdú, agus chruthaigh sé an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais ar fud an chóras airgeadais ina iomláine, chomh maith le rioscaí eile.

In 2014, tháinig uirlisí macrastuamachta, lena gcuirtear leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag CBMB, i bhfeidhm le haghaidh institiúidí creidmheasa (dá ngairtear ‘bainc’ anseo feasta). Na huirlisí sin, a leagtar amach sa Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil agus sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD/CRR) athbhreithníodh iad de bheagán in 2019. 9 Chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, le CRD agus CRR aithnítear gur gá maoirseacht mhicreastuamachta a chomhlánú le beartas macrastuamachta. Ós rud é go bhféadfadh rioscaí sistéamacha a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a bheith in ann riachtanais shonracha a n‑earnálacha baincéireachta a chur san áireamh. Cé gur tugadh isteach rialacha micreastuamachta aonfhoirmeacha (‘leabhar rialacha aonair’) le haghaidh banc, deonaíodh príomhpháirt agus méid áirithe solúbthachta do na húdaráis náisiúnta chun beartais mhacrastuamachta a stiúradh, beartais ar léiriú iad ar fhoinsí éagsúla agus castacht riosca shistéamaigh.

Le huirlisí macrastuamachta an Aontais le haghaidh banc, áirítear roinnt ionstraimí a bhfuil sé d’aidhm acu dul i ngleic le gnéithe éagsúla de riosca sistéamach. Le CRD, tugadh isteach córas caipitil mhaolánaigh macrastuamachta (i.e., cúig mhaolán lena múnlaítear an ceanglas maoláin comhcheangailte), lena gceadaítear do bhainc staid a gcuntais chaipitil a oiriúnú do dhálaí sonracha maicreacnamaíocha agus do dhálaí sonracha na hearnála airgeadais (féach Foscríbhinn 1). Mar shampla, ba cheart dóibh an maolán caipitil fritimthriallach a fhorbairt nuair a bhaineann fás creidmheasa le carnadh riosca thimthriallaigh shistéamaigh, agus is féidir na maoláin le haghaidh institiúidí tábhachtacha eile agus le haghaidh rioscaí sistéamacha foriomlána a úsáid chun rioscaí sistéamacha struchtúracha do chobhsaíocht airgeadais a mhaolú. Ansin, ba cheart dóibh feidhm a bhaint as an gcaipiteal de réir mar is gá chun caillteanais a iompar agus éileamh ar chreidmheas a chomhlíonadh le linn tréimhsí sleabhctha eacnamaíoch agus géarchéimeanna. Inúsáidteacht agus ineisitheacht an mhaoláin chaipitil, ní mór go n‑oibríonn siad go héifeachtach, rud a fhágfaidh go mbeidh an caipiteal in ann teacht ar ais sa gheilleagar de réir mar a thagann feabhas ar na dálaí maicreacnamaíocha, gan moill a chur air mar gheall ar ullmhúchán ar chúiseanna clú. Leis na hathchóirithe rialála tar éis na géarchéime airgeadais, neartaíodh athléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais agus a hinniúlacht turraingí sistéamacha a sheasamh. Mar sin féin, le heachtraí géarchéime níos déanaí, go háirithe paindéim COVID-19, léiríodh gur cúis mhór imní go fóill í infhaighteacht maolán caipitil ineisitheach in aimsir géarchéime chun caillteanais a iompar (féach Foscríbhinn 2). I gcás turraing suntasach, d’fhéadfadh laghdú i gceanglais maolán fadhbanna a mhaolú agus laghdú a dhéanamh ar dhreasachtaí na mbanc díghiaráil agus dí-rioscú. Is féidir le torthaí eacnamaíocha a bheith i bhfad níos fearr nuair a eisítear maoláin chaipitil, nó nuair a úsáidtear iad chun iasachtú sa gheilleagar a choinneáil ar bun.

Le CRR, áirítear freisin uirlisí macrastuamachta lánroghnacha arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le rioscaí sistéamacha sonracha, amhail na rioscaí sin a eascraíonn as earnáil an eastáit réadaigh. Is féidir na rioscaí sin a mhaolú trí ualuithe riosca agus paraiméadair meánchaillteanas i gcás mainneachtana (LGD) ualaithe ó thaobh na neamhchosanta a mhéadú le haghaidh samhlacha bunaithe ar rátálacha. Chomh maith leis na gnáthrioscaí sistéamacha a eascraíonn as margaí an eastáit réadaigh, cuir i gcás, bhí an earnáil baincéireachta níos neamhchosanta ná a bhí riamh ar rioscaí nua, amhail rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus rioscaí aistrithe, chomh maith le cibir-rioscaí. Níor aimsigh rialtóirí stuamachta ná maoirseoirí bealach leormhaith go fóill chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith sistéamach mura dtugtar aghaidh orthu go réamhghníomhach. De réir mar a éiríonn córais airgeadais níos idirnasctha agus níos casta, ach ó tharla go bhféadfadh turraingí agus éiginnteacht stangadh a bhaint astu freisin, agus iad seo á spreagadh ag forbairtí geopholaitiúla agus tosca eile, is gá uirlisí beartais leordhóthanacha agus solúbthacht a choinneáil ar bun chun tacú le sreabhadh creidmheasa isteach sa gheilleagar. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir uirlisí macrastuamachta agus bearta coisctheacha de pháirt amháin, agus uirlisí bainistíochta géarchéime den pháirt eile, ní mór meastóireacht agus measúnú críochnúil a dhéanamh chun aon tionchar míchuí ar éifeachtacht na mbeart agus na n‑uirlisí sin a sheachaint. Mar sin de, le haon athchóiriú a d’fhéadfadh a dhéanamh ar uirlisí macrastuamachta, ba cheart aird chuí a thabhairt ar a thionchar ar chreataí stuamachta agus réitigh, agus níor cheart méadú i leibhéal foriomlán an chaipitil ná íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a bheith ag éirí as an athchóiriú sin. 

Tá creat institiúideach an Aontais maidir le cur chun feidhme beartas macrastuamachta ilsrathach, agus tá baint ag údaráis náisiúnta éagsúla agus údaráis de chuid an Aontais leis. Chun sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú, le cur chun feidhme bearta macrastuamachta ar an leibhéal náisiúnta, is minic a cheanglaítear ar chomhlachtaí éagsúla an Aontais a bheith rannpháirteach (mar atá an Coimisiún Eorpach, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, etc.). Cé go bhfuil an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach freagrach as formhaoirseacht mhacrastuamachta a dhéanamh ar an earnáil airgeadais laistigh den Aontas Eorpach, le Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair, tugtar cumhachtaí macrastuamachta do na húdaráis náisiúnta agus don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) araon. Leis na freagrachtaí comhroinnte sin, cuireadh feabhas ar chumas an Aontais agus na mBallstát na rioscaí sistéamacha i dtimpeallacht airgeadais ilchineálach an Aontais a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin féin, leis an tsamhail sin, tá sé fíor-riachtanach gnéithe áirithe de na huirlisí macrastuamachta a chomhchuibhiú chun cothrom iomaíochta agus leibhéal áirithe simplithe a áirithiú maidir le bearta macrastuamachta a chur i bhfeidhm. Mar shampla, na cuir chuige éagsúla maidir le sainaithint institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) agus calabrú na rátaí maolánaigh i gcás O-SII, ní féidir le sainiúlachtaí mhargadh eacnamaíoch nó airgeadais na mBallstát iad a mhíniú, amhail méid agus dlús na hearnála baincéireachta, agus d’fhéadfaidís a bheith ina n‑ábhar imní don mhargadh aonair agus don Aontas Baincéireachta (féach Foscríbhinn 2 chun tuilleadh sonraí a fháil).

I bhfianaise an mhéid thuas, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair ar bheartais mhacrastuamachta le haghaidh banc, agus comhlíontacht le creat Basel III á háirithiú agus é á chur san áireamh go meastar gur leordhóthanach leibhéal foriomlán caipitil agus ceanglas ICDI. Sa chomhthéacs sin, díreoidh an Coimisiún go príomha ar: 1) faireachán a dhéanamh ar inúsáidteacht agus ineisitheacht maolán caipitil chun tacú le hiasachtú sa gheilleagar i gcas turraing shistéamach, agus cobhsaíocht airgeadais á caomhnú san am céanna; 2) comhsheasmhacht san úsáid a bhaineann na húdaráis náisiúnta as uirlisí macrastuamachta a chur chun cinn; agus 3) aghaidh a thabhairt ar an raon feidhme le haghaidh simplithe agus ar éifeachtúlacht agus cumas an chreata macrastuamachta dul i ngleic le gnáthrioscaí agus rioscaí nua. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na módúlachtaí maidir le conas an t‑aiseolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán spriocdhírithe 2021 a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le conas tuilleadh aiseolais a bhailiú maidir le gnéithe den athbhreithniú nach gcumhdaítear ach go páirteach sa tuarascáil seo.

2.An creat macrastuamachta le haghaidh Idirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc

Tháinig méadú nach beag ar Idirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc (IANanna) le blianta beaga anuas, de réir mar a d’éirigh maoiniú neamhbhainc ní ba thábhachtaí chun an geilleagar a mhaoiniú. Measann an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach gur fiú ar a laghad EUR 41.5 trilliún (39 %) de shócmhainní earnáil airgeadais na hEorpa í an idirghabháil airgeadais neamhbhainc. 10 Tá IANanna comhdhéanta d’earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus cistí infheistíochta, gnólachtaí infheistíochta neamhbhainc, oifigí teaghlaigh, cuideachtaí airgeadais slabhra soláthair, cistí pinsin, cuideachtaí árachais agus eintitis neamhbhainc eile. 11 San Eoraip, tá ról ríthábhachtach ag IANanna maidir le héagsúlacht airgeadais a chothú agus spleáchas ar mhaoiniú bainc a laghdú, go háirithe i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil agus margadh aonair láidir a fhorbairt. Mar sin de, rannchuidíonn siad ar bhealach dearfach le cobhsaíocht airgeadais (trí chomhroinnt rioscaí príobháideacha) agus le nuálaíocht.

Mar sin féin, féadfar rioscaí agus dúshláin nua i leith cobhsaíocht airgeadais a chruthú má leathnófar IANanna go tapa. Fás IANanna, is gearr gur méadaíodh an riosca a bhaineann le roinnt punann sócmhainní, claochlú leachtachta a bhíonn ag ardú agus giaráil mhéadaithe dá bharr, arb é an ‘cuardach ar thoradh’ le linn tréimhse fhadaithe fíor-rátaí úis diúltacha is cúis leis freisin. 12 Mar gheall ar an idirnascacht idir bainc agus IANanna, leathnaíodh agus méadaíodh an riosca tadhlachta ar fud na hearnála airgeadais, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha aige sin ar an ngeilleagar.

Cé go bhfuil dul chun cinn leanúnach déanta maidir leis an obair ar an leibhéal idirnáisiúnta chun an creat macrastuamachta le haghaidh banc a cheapadh agus a thabhairt cothrom le dáta ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, leanadh ar aghaidh leis an obair ar bheartais mhacrastuamachta le haghaidh IANanna ina ráigeanna. An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA), an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús agus an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais, dhírigh siad de réir a chéile ar anailísí macrastuamachta agus uirlisí a fhorbairt arb é is aidhm dóibh rioscaí sistéamacha a bhaineann le IANanna a mhaolú. Tarraingíodh níos mó airde ar an obair sin le blianta beaga anuas, tar éis babhtaí éagsúla de shuaitheadh ar an margadh (e.g., ‘dash for cash’ [‘an ruathar ar airgead tirim’] le linn phaindéim COVID i mí an Mhárta 2020 agus géarchéim mhargadh sárurrúis na Ríochta Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2022) agus míbhainistíocht airgeadais (e.g., Archegos nó Greensill Capital), lenar nochtadh an tionchar is féidir a bheith ag carnadh riosca shistéamaigh agus leochaileachtaí IANanna ar an ngeilleagar ina iomláine.

Shainaithin BCA 13 agus an BERS 14 trí leochaileacht struchtúracha a chuireann le carnadh riosca shistéamaigh, agus nach gcumhdaítear ach go páirteach le beartais mhacrastuamachta sa lá atá inniu ann. Is é atá iontu neamhréireanna leachtachta sistéamacha 15 , giaráil iomarcach agus idirnascacht laistigh de IANanna agus IANanna laistigh d’earnáil na baincéireachta. Leis na leochaileachtaí sin, géaraítear an chastacht a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na hearnálacha idirnasctha sin agus cuirtear i dtábhacht an gá le maoirseacht mhacrastuamachta níos comhsheasmhaí agus comhordaithe le haghaidh IANanna a chur san áireamh (féach Foscríbhinn 2).

Mar thoradh air sin, na gnáthrioscaí céanna agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn a dhéanann difear do bhainc, chomh maith le héagsúlacht agus castacht earnálacha IAN, d’fhéadfadh leochaileachtaí sonracha IANanna a bheith mar thoradh ar na nithe sin, ar laigí iad a eascraíonn as:

1)neamhréireanna leachtachta struchtúracha;

2)carnadh giarála iomarcaí ar fud IANanna;

3)idirnascacht i measc IANanna agus idir IANanna agus bainc, lena bhféadfaí aimplitheoirí rioscaí ceilte agus aistriú riosca ón earnáil baincéireachta go dtí earnáil na neamhbhanc a chruthú; agus

4)easpa comhsheasmhachta agus comhair i measc creataí macrastuamachta ar fud an Aontais. 

In éagmais chreat macrastuamachta foriomlán an Aontais lena rialaítear IANanna, agus chun dul i ngleic le roinnt rioscaí sonracha atá ag teacht chun cinn in earnálacha tábhachtacha IANanna, i roinnt treoracha agus rialachán de chuid an Aontais, ar treoracha agus rialacháin iad atá infheidhme do IANanna, áirítear roinnt uirlisí macrastuamachta cheana arb é is aidhm dóibh carnadh riosca shistéamaigh a mhaolú nó tionchar teagmhais shistéamaigh a bhainistiú (féach Foscríbhinn 1). Mar shampla, cruthaíodh roinnt uirlisí agus forálacha chun leachtacht, giaráil agus rioscaí oibriúcháin a bhainistiú le haghaidh earnáil na gcistí infheistíochta (i gcomhair cistí infheistíochta malartacha, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe agus cistí margaidh airgid), san earnáil árachais agus le haghaidh cleachtais éarlaise agus bainistíocht riosca a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha. Mar sin féin, de réir mar a aistríonn gníomhaíocht chreidmheasa agus rioscaí de réir a chéile ón earnáil baincéireachta go dtí na hearnálacha neamhbhainc, baileoidh an Coimisiún tuilleadh fianaise maidir le huirlisí atá in easnamh, bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sna huirlisí atá ann faoi láthair chun cuspóirí macrastuamachta a chomhlíonadh agus fianaise maidir le héifeachtacht agus comhsheasmhacht beartas macrastuamachta le haghaidh IANanna san Aontas Eorpach. 16 Beidh an obair seo mar bhonn taca agus tacóidh sí le haon chinneadh beartais a d’fhéadfadh an Coimisiún 2024-2029 a dhéanamh sa réimse seo.

Mar sin de, tá beartaithe ag an gCoimisiún comhairliúchán spriocdhírithe a reáchtáil maidir le beartais mhacrastuamachta le haghaidh IANanna in 2024. Is é an aidhm a bheidh ann tuilleadh léargas ar shamhlacha gnó príomh-IANanna agus an idirnascacht atá ann ina measc siúd agus idir bainc agus IANanna a bhailiú, agus bearnaí sa chreat macrastuamachta agus tosca eile a d’fhéadfadh cur le carnadh rioscaí sistéamacha san idirghabháil airgeadais neamhbhainc a shainaithint. In 2024 reáchtálfaidh an Coimisiún comhairliúchán freisin ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús (IMU). Is é is aidhm do IMU feabhas a chur ar an trédhearcacht a bhaineann le cistiú agus idirbhearta iasachta, chomh maith le faireachán níos fearr ar rioscaí a eascraíonn as idirghabháil chreidmheasa neamhbhainc a éascú.

Foscríbhinn 1

Uirlisí macrastuamachta reatha an Aontais le haghaidh banc agus IANanna

Is iad maoláin chaipitil na príomh-uirlisí macrastuamachta le haghaidh banc, agus is sraith bhreise caipitil iad sa bhreis ar íoscheanglais chaipitil. Le maoláin chaipitil, méadaítear athléimneacht earnáil na baincéireachta, trína chur ar chumas banc caillteanais níos mó a iompar gan na híoscheanglais a shárú agus, mar sin de, soláthar príomhsheirbhísí airgeadais a choinneáil ar bun agus na héifeachtaí aimpliúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag earnáil na baincéireachta ar an timthriall eacnamaíoch a mhaolú. Le creat macrastuamachta an Aontais, tacaítear le caipiteal bainc a charnadh le linn tréimhsí ardriosca creidmheasa agus leochaileachtaí airgeadais. Ina dhiaidh sin, is féidir an caipiteal sin a úsáid chun caillteanais a iompar de réir mar is gá, agus chun freastal ar an éileamh ar chreidmheas le linn tréimhsí sleabhctha eacnamaíoch agus géarchéimeanna.

Le CRD, leagtar amach cúig mhaolán caipitil macrastuamachta, lena ndéantar an ‘ceanglas maoláin comhcheangailte’ (CMC). Ní mór do gach banc CMC sonrach a chomhlíonadh, ar CMC é a socraítear a chomhpháirteanna ar leibhéil éagsúla. Ní mór do gach banc maolán caomhnaithe caipitil (CCoB) a bheith acu ar fiú 2.5 % é de mhéid iomlán na sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de (RWA). Ceanglaítear ar bhainc mhóra a mheastar a bheith ina n‑institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo maolán breise a bheith acu (maolán G-SII) ar fiú suas le 3.5 % de RWA é (nó níos mó más iomchuí dar leis na maoirseoirí). San Aontas Eorpach, leagann na húdaráis inniúla agus ainmnithe náisiúnta (‘údaráis náisiúnta’) síos ceanglais i ndáil le maoláin freisin chun athléimneacht institiúidí (intíre) eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo a threisiú (maoláin O-SII) ar fiú suas le 3 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca iad, chun an córas baincéireachta a dhéanamh níos athléimní i leith riosca timthriallach leathan (maolán caipitil frith-thimthriallach - CCyB), nó chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí struchtúracha nó timthriallacha eile nach gcumhdaítear leis na maoláin thuasluaite, lena n‑áirítear ar leibhéal nochta na hearnála (maoláin i ndáil le riosca sistéamach - SyRB). 17 San Aontas Baincéireachta, tá sé de chumhacht ag BCE maoláin a mhéadú (breisiú) agus bearta macrastuamachta áirithe a dhéanamh níos doichte, ar bearta iad a leagann údaráis náisiúnta síos. 18

Is féidir le húdaráis náisiúnta na hualuithe riosca a chuirtear i bhfeidhm i leith neamhchosaintí áirithe a dhéanamh níos doichte freisin, má bhíonn údar maith leis de bharr riosca sistéamach. Faoin gcreat atá ann faoi láthair, le roinnt forálacha in CRR, leagtar síos rialacha maidir le hualuithe riosca a mhéadú agus maidir le híosrátaí Caillteanas i gCás Mainneachtana (LGD) a mhéadú le haghaidh bainc a úsáideann samhlacha inmheánacha agus le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe agus réadmhaoin tráchtála. Is féidir le húdaráis náisiúnta teorainneacha macrastuamachta a shocrú ar chaighdeáin iasachtaí freisin (i.e., bearta atá bunaithe ar iasachtaí), dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta i bhformhór Bhallstáit an Aontais, ach nach gcumhdaítear faoi láthair i gcreat macrastuamachta an Aontais.

Cé nach ann do chreat macrastuamachta comhchoiteann lena rialaítear IANanna, áirítear roinnt uirlisí macrastuamachta agus forálacha cheana i reachtaíochtaí earnálacha an Aontais chun rioscaí a bhainistiú. Áirítear leo sin forálacha maidir le rioscaí neamhleachtachta, rioscaí giarála agus rioscaí oibriúcháin lena gcuirtear srian le carnadh riosca shistéamaigh.

In earnáil na gcistí infheistíochta, leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD) 19 agus na Treoracha maidir le Gnóthais le haghaidh Scéimeanna Comhinfheistíochta (UCITS), 20 a glacadh i mí na Samhna 2021, 21 léiríodh an moladh ó BERS maidir le rioscaí leachtachta agus rioscaí giarála i gcistí infheistíochta. 22 Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an athbhreithniú an 19 Iúil 2023. Chomhaontaigh siad liosta comhchuibhithe d’uirlisí bainistíochta leachtachta a thabhairt isteach, ar uirlisí macrastuamachta iad a bheidh ar fáil do bhainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus do UCITS ar fud an Aontais. Leis an athbhreithniú, socraítear teorainn struchtúrtha freisin ar ghiaráil le haghaidh cistí de bhunadh iasachtaí. Sa Rialachán maidir leis an gCiste Margaidh Airgid (MMFR) 23 , áirítear roinnt uirlisí macrastuamachta, amhail teorainneacha struchtúrtha ar ghiaráil agus trádáil díorthach, maoláin leachtachta agus tástáil ar strus i gcásanna hipitéiseacha. Le comhairliúchán spriocdhírithe a rinneadh le déanaí 24 , agus an tuarascáil a ghabhann léi 25 , thángthas ar an gconclúid gur chuir MMFR le hathléimneacht na hearnála, agus cuireadh roinnt leochaileachtaí in iúl san am céanna, ar laigí iad ar fiú measúnú breise a dhéanamh orthu.

Ar son árachóirí, ghlac an Coimisiún togra reachtach chun Treoir Shócmhainneacht II a leasú i mí Mheán Fómhair 2021. Leis na leasuithe sin, oiriúnaítear creat stuamachta riosca-íogair seanbhunaithe an Aontais atá infheidhme d’árachóirí agus d’athárachóirí ar fhorbairtí nua, agus neartaítear an ról atá acu sin a thuilleadh maidir le téarnamh eacnamaíoch agus an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a mhaoiniú. 26 Sa togra, áiríodh formhór na moltaí a rinne an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (2020) 27 agus an BERS 28  a bhaineann le cur leis na huirlisí maoirseachta agus ceanglais nua a thabhairt isteach chun dul i ngleic le foinsí riosca shistéamaigh. Go háirithe, mhol an Coimisiún an chumhacht a dheonú ar údaráis náisiúnta tuilleadh beart a fhorchur chun staid airgeadais an árachóra a neartú le linn géarchéime chun reo sealadach a fhorchur ar chearta fuascailte le haghaidh conarthaí árachais saoil in imthosca eisceachtúla agus bearta maolaithe breise le haghaidh riosca neamhleachtachta. Mhol sé freisin an Féinmheasúnú Riosca agus Sócmhainneachta agus prionsabal an duine stuama a leathnú amach chun ábhair imní mhacrastuamachta a chumhdach agus chun pleananna réamhchoisctheacha a dhréachtú (pleananna téarnaimh agus réitigh, chomh maith le pleananna bainistíochta maidir le riosca sistéamach agus riosca neamhleachtachta). Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú le déanaí maidir leis na tograí sin atá curtha i gcrích agus a ghlacfar sna míonna atá le teacht.

Maidir le cleachtais socraithe corrlaigh agus bainistíocht riosca contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), ghlac an Coimisiún pacáiste imréitigh i mí na Nollag 2022 lena leasaítear an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) agus píosaí eile den reachtaíocht le haghaidh seirbhísí airgeadais (‘athbhreithniú EMIR 3’). 29 San athbhreithniú, áirítear forálacha chun:

-glaonna ar éarlais i gcás gníomhaithe margaidh ar cliaint iad a dhéanamh níos trédhearcaí (lena n‑áirítear cistí agus cuideachtaí árachais);

-béim níos mó a leagan ar chomh-thimthriallacht caolchorrlach a sheachaint; agus

-ceangal a chur ar CPLanna a seacht ndícheall a dhéanamh gan corrlaigh athrúcháin ionlae a choimeád siar, agus iad a chur tríd ina ionad sin chun ‘cnapaireacht leachtachta’ a sheachaint.

Chomh maith leis sin, cruthaítear leis an togra sásra faireacháin trasearnála (an ‘Sásra Faireacháin Comhpháirteach’) a bhfuil sé d’aidhm aige faireachán níos dlúithe a dhéanamh ar na forbairtí ar fud an éiceachórais imréitigh agus tástálacha ar strus leachtachta a fhorbairt le haghaidh an tslabhra imréitigh trí chéile.

Cuid mhaith de na prionsabail idirnáisiúnta a bhaineann le hIANanna a dhéanann gníomhaíochtaí ‘de chineál an bhainc’, lena n‑áirítear bearta lena gcuirtear feabhas ar thrédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus bearta maidir le hathúsáid na comhthaobhachta, cuireadh chun feidhme iad leis an Rialachán maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús 30 (IMU) a glacadh in 2015. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hIANanna, agus chuidigh sé na gníomhaíochtaí athcheannaigh arna ndéanamh ag bainc agus IANanna araon a dhéanamh níos trédhearcaí.

Chun léargas a thabhairt ar na hidirnaisc idir IANanna agus earnáil na baincéireachta, áirítear i CRR ceanglais tuairiscithe a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar thrédhearcacht neamhchosaintí na mbanc ar IANanna, lena leagtar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí ‘de chineál an bhainc’ a dhéanann IANanna 31 . Ceanglaítear ar bhainc na deich neamhchosaint is mó a rinne difear dóibh ar eintitis ‘a dhéanann gníomhaíochtaí agus seirbhísí baincéireachta lasmuigh den chreat rialáilte’ a thuairisciú do mhaoirseoirí. 32  



Foscríbhinn 2

Athbhreithniú ar an gcreat macrastuamachta le haghaidh banc agus idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc (IANanna)

Le hAirteagal 513 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, ceanglaítear ar an gCoimisiún, i gcomhairle le ÚBE agus BERS, creat macrastuamachta an Aontais i CRR agus CRD a athbhreithniú faoi mhí an Mheithimh 2022 agus, más iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi mhí na Nollag 2022. Le dlí an Aontais, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chreata macrastuamachta, agus liostaítear leis roinnt saincheisteanna sonracha atá le cur san áireamh. Le hAirteagal 513(1)(g) de CRR, tugtar sainordú don Choimisiún freisin uirlisí a chur san áireamh lena dtugtar aghaidh ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as neamhchosaint na mbanc ar IANanna, 33 go háirithe ó mhargaí díorthach agus ó mhargaí idirbheart um maoiniú urrús, bainistíocht sócmhainní agus earnáil an árachais.

Chuidigh creat macrastuamachta an Aontais le haghaidh banc cur le hathléimneacht earnáil na baincéireachta ar bhealach coisctheach, agus chuidigh sé cobhsaíocht airgeadais san Aontas a chosaint trí theorainn a chur le carnadh rioscaí sistéamacha. An creat atá ann faoi láthair, bhí sé in ann na cuspóirí a beartaíodh leis a chomhlíonadh i roinnt réimsí. Mar shampla, i ndiaidh thús phaindéim COVID-19, ghlac údaráis náisiúnta srianta dáilte uile-chórais i gcomhréir leis na moltaí ó BCE agus BERS maidir le dáileacháin díbhinne le linn phaindéim COVID-19, cé nár cumhdaíodh na srianta sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (a sainordaítear a bhfiosrúchán freisin le hAirteagal 518b CRR). Mar sin féin, le fianaise eimpíreach, staidéir a rinne roinnt comhlachtaí de chuid an Aontais, anailísí ón gCoimisiún, comhairliúchán poiblí 2021 agus na glaonna spriocdhírithe ar chomhairle, cuireadh i dtábhacht freisin easnaimh áirithe is ceart tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu i bhfianaise togra reachtach féideartha.

Inúsáidteacht agus ineisitheacht maolán caipitil chun tacú le hiasachtú sa gheilleagar

Cé go gceaptar maoláin chaipitil lena n‑úsáid le linn géarchéime, tugtar le tuiscint le fianaise eimpíreach go bhféadfadh sé nach mbeadh bainc toilteanach nó nach mbeadh siad in ann iad a úsáid mar a beartaíodh, agus d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige sin ar an ngeilleagar. D’fhéadfadh sé nach mbeadh bainc toilteanach maoláin a úsáid de bhrí go bhféadfadh imní a bheith orthu faoin méid seo a leanas:

-srianta ar íocaíochtaí díbhinní, bónas agus eisíocaíochtaí eile;

-stiogma margaidh níos leithne má sháraítear CMC;

-éiginnteacht maidir le cé acu a thacóidh nó a ghlacfaidh maoirseoirí le húsáid a maolán, nó an mbeadh grinnscrúdú maoirseachta breise nó bearta breise amhail tástálacha ar strus ag teastáil, chomh maith leis an ionchas eacnamaíochta agus fad agus tionchar aon ghéarchéime 34 .

Tá fianaise ann freisin go bhféadfadh íoscheanglais stuamachta nó réitigh eile (cóimheas giarála agus íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI 35 )) teorainn a chur le cumas na mbanc maoláin chaipitil a úsáid 36 , ar íoscheanglais iad a d’fhéadfadh a bheith ceangailteach sula n‑ídeofaí na maoláin, go háirithe i gcás bainc a bhfuil ualuithe riosca ísle acu. Cé gur cuid den chreat atá i bhfeidhm faoi láthair iad na srianta féideartha sin ar chumas na mbanc maoláin a úsáid, d’fhéadfadh ábharthacht na srianta sin athrú le himeacht ama ar fud na mbanc, agus d’fhéadfadh sé go laghdódh an tábhacht a bhaineann leo 37 . D’fhéadfadh sé sin tarlú mar thoradh ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe stuamachta sa ‘Phacáiste Baincéireachta’ a comhaontaíodh le déanaí agus tabhairt isteach ICDI.

D’fhéadfaí feabhas a chur ar freisin ar ineisitheacht (i.e., saoradh) maolán caipitil, agus an ineisitheacht sin a dhéanamh níos éifeachtúla. 38 Faoin gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair, is de chineál struchtúrach iad formhór na maolán caipitil (i.e., an maolán caomhnaithe caipitil, maoláin G-SIII agus O-SII agus, ar bhonn níos lú, an maolán i ndáil le riosca sistéamach), agus ní cheaptar ach CCyB le bheith ineisitheach. Is cuid an-bheag de na ceanglais iomlána i ndáil le maoláin chaipitil é an maolán sin, thart ar 5 % de CMC banc nó 0.1 % de RWA san Aontas Baincéireachta ag tús phaindéim COVID-19. Cé gur mhéadaigh cuid mhaith Ballstát a rátaí CCyB tar éis na paindéime, tá sé fós an-bheag le taobh na maolán neamh-ineisitheach. Ní raibh gá le níos mó eisiúintí maolán mar fhreagairt ar an bpaindéim mar gheall ar an tacaíocht phoiblí fhairsing a thug na Ballstáit trí bhearta beartais fioscacha, airgeadúla agus rialála. Mar sin féin, tugtar le tuiscint le fianaise eimpíreach tosaigh go bhféadfadh an geilleagar tairbhe a bhaint as níos mó maolán caipitil ineisitheach chun tuilleadh iasachtaithe a spreagadh le linn na géarchéime. 39  

Comhsheasmhacht san úsáid a bhaineann na húdaráis náisiúnta as uirlisí macrastuamachta le haghaidh banc

Agus freagrachtaí comhroinnte BCE agus na n‑údarás náisiúnta san Aontas Baincéireachta á n‑aithint, tá cur i bhfeidhm an chreata macrastuamachta san Aontas Eorpach díláraithe ar bhealach suntasach. Tá údar leis sin ós rud é go bhféadfadh rioscaí sistéamacha agus timthriallta airgeadais a bheith difriúil ó Bhallstát go chéile, agus meastar gur maith atá údaráis náisiúnta in ann na rioscaí sin a shainaithint agus a bhainistiú go héifeachtach. Mar sin féin, ní bhíonn an tsamhail sin soiléir i gcónaí chun réiteach le feidhmiú an mhargaidh aonair. Tá sé fíor-riachtanach gnéithe áirithe de na huirlisí macrastuamachta a chomhchuibhiú chun cothrom iomaíochta a áirithiú.

De pháirt amháin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bearta macrastuamachta náisiúnta éifeachtach dá mba rud é, mar shampla, go mbeadh gníomhaíochtaí trasteorann in ann iad a imchéimniú. Is féidir dul i ngleic leis an gceist sin trí ‘chómhalartú’, i.e., cur i bhfeidhm beart ag údaráis náisiúnta Ballstát eile, ar bearta iad atá coibhéiseach leo sin arna gcur i bhfeidhm ag bainc a fheidhmíonn thar theorainneacha sa tír a d’fhorchuir beart macrastuamachta náisiúnta. Den pháirt eile, is féidir maoláin chaipitil agus ualuithe riosca a úsáid freisin chun srian míchuí a chur ar shaorghluaiseacht caipitil agus chun iallach a chur ar ghrúpaí baincéireachta trasteorann ceanglais chaipitil níos airde a choinneáil ar bun i stáit óstacha. D’fhéadfadh sé sin costas chliseadh na mbanc tíortha a óstáil a laghdú, ach d’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh d’éifeachtúlacht na baincéireacht trasteorann. Dílsítear cumhachtaí áirithe do BERS, do BCE, do ÚBE agus don Choimisiún Eorpach, faoi nósanna imeachta mionsonraithe, beartais mhacrastuamachta a chomhordú agus sláine an mhargaidh aonair a chur chun cinn, ach is teoranta atá a n‑inniúlacht comhsheasmhacht a áirithiú i gcuir chuige údarás náisiúnta. 40    

Níl sainaithint institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) agus calabrú na rátaí maolánaigh i gcás O-SII comhsheasmhach ar fud an mhargaidh aonair. 41    Mar shampla, O-SIInna a bhfuil scóir chomhchosúla acu i bhfianaise mhodheolaíocht chaighdeánaithe ÚBE maidir leis na critéir i dtaca le measúnú a dhéanamh ar O-SIInna, ceanglaítear orthu rátaí maolánaigh difriúla i gcás O-SII a choinneáil ar bun. Ní féidir le dálaí sonracha an mhargaidh eacnamaíoch nó na dálaí sonracha airgeadais sna Ballstáit, mar atá méid agus dlús na hearnála baincéireachta, an ilchineálacht seo a mhíniú, agus is ábhar imní é sin don mhargadh aonair agus don Aontas Baincéireachta. Is é is cúis le cuid de na difríochtaí sin gur úsáid roinnt Ballstát SyRB in ionad, nó de bhreis ar an maolán O-SIII chun dul i ngleic leis na rioscaí seo. Mar sin féin, is fiú tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an ilchineálacht maidir le maoláin O-SII a shocrú 42 .

Úsáidtear SyRB - an maolán is solúbtha - chun aghaidh a thabhairt ar réimse leathan rioscaí sistéamacha lena n‑áirítear neamhchosaintí geografacha comónta, féichiúnas na n‑earnálacha príobháideacha agus poiblí, méid na hearnála baincéireachta mar chéatadán de OTI agus turraingí seachtracha sa gheilleagar. Mar sin féin, is féidir leis an tsolúbthacht sin a bheith ina cúis le hábhair imní faoi threallachas agus ceanglais stuamachta dhúblacha. Ar deireadh, Airteagal 458 de CRR, lena dtugtar cead ualuithe riosca ar neamhchosaintí réadmhaoine a mhéadú i gcás bainc a úsáideann samhlacha inmheánacha, níor cheart d’údaráis náisiúnta é a úsáid ach mar rogha dheiridh. Mar sin féin, tugadh neamhréireanna áirithe faoi deara sa dóigh a gcuireann údaráis náisiúnta an beart seo i bhfeidhm, agus ba ghá éifeachtúlacht an phróisis a áirithiú freisin le haghaidh a ghníomhachtaithe.

Simpliú agus éifeachtúlacht an chreata macrastuamachta agus a rialachais

Is féidir bac a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n‑uirlisí macrastuamachta trí bhearta a áireamh nach mbaintear feidhm astu, nó trí bhearta a bheith in easnamh i réimsí áirithe. Mar shampla, in Airteagail 138 agus 139 de CRD, dírítear ar dhul i ngleic le rioscaí a eascraíonn as fás iomarcach creidmheasa i dtríú tíortha áirithe, ach níor baineadh feidhm as na cumhachtaí sin riamh. D’fhéadfadh sé gur ghá freisin tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar struchtúr maoirseachta agus rialachais mhaoirseacht mhacrastuamachta an Aontais, go háirithe agus aghaidh á tabhairt ar rioscaí agus uirlisí nua. Is é an cuspóir a bheadh leis sin próisis mhaoirseachta a shimpliú i gcásanna inar féidir, agus castachtaí éiceachórais airgeadais á gcur san áireamh agus geilleagar na hEorpa á chosaint ar chuir isteach fhéideartha.

Cumas na n‑uirlisí macrastuamachta le haghaidh banc aghaidh a thabhairt ar ghnáthrioscaí agus rioscaí nua

Ó tugadh isteach na huirlisí macrastuamachta le haghaidh banc, tá bearta déanta ag na Ballstáit chun dul i ngleic le leochaileachtaí réadmhaoine, go háirithe maidir le réadmhaoin chónaithe 43 , trí fheidhm a bhaint as bearta atá bunaithe ar chaipiteal a chumhdaítear le dlí an Aontais (maoláin agus bearta um ualuithe riosca) agus, de réir a chéile, as bearta atá bunaithe ar iasachtaí (BBManna) araon. I dteannta Airteagal 458 de CRR, le hAirteagail 124 agus 164 de CRR, tugtar cead do na Ballstáit ualuithe riosca níos airde maidir le neamhchosaintí arna n‑urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe agus thráchtála dhochorraithe, agus íosrátaí LGD ar neamhchosaintí miondíola arna n‑urrú le réadmhaoin chónaithe agus thráchtála a chur i bhfeidhm.

Chun éifeachtacht na n‑uirlisí macrastuamachta a mhéadú bunaithe ar choigeartuithe ar ualuithe riosca, ba ghá comhsheasmhacht níos fearr a bhaint amach maidir le bearta um ualuithe riosca a ghníomhachtú agus a úsáid, agus na huirlisí macrastuamachta i ndáil le hualuithe riosca le haghaidh bainc a úsáideann samhlacha inmheánacha agus an cur chuige caighdeánaithe a ailíniú. D’fhéadfaí éifeachtacht na mbeart sin a mhéadú freisin trí dhíriú isteach ar ualuithe riosca seachas ar pharaiméadair riosca aonair (Airteagal 164 de CRR). Is teorainneacha coisctheacha macrastuamachta ar chaighdeáin iasachtaí iad BBManna, ar teorainneacha iad dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta i bhformhór Bhallstáit an Aontais, ach nach gcumhdaítear faoi láthair i ndlí an Aontais. 44   Tá BBManna éagsúil faoi láthair ó Bhallstát go chéile maidir lena gceapadh, sainmhínithe ar tháscairí foluiteacha, raon feidhme, nádúr (má tá siad ceangailteach ó thaobh dlí de nó nach bhfuil), eisceachtaí agus socruithe rialachais. Thairis sin, ní chumhdaítear BBManna sa reachtaíocht i ngach Ballstát, rud a dhéanann cómhalartú níos casta, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann dul i ngleic, ar bhealach éifeachtúil, leis an riosca sistéamach a eascraíonn as earnáil na réadmhaoine mar gheall air sin. Ina theannta sin, is fiú tuilleadh airde a thabhairt ar fhorbairtí in earnáil na réadmhaoine tráchtála. Na bearta macrastuamachta lena ndírítear ar réadmhaoin thráchtála go sonrach, tá siad gann agus d’fhéadfaí measúnú breise a dhéanamh orthu, in éineacht leis na hiarrachtaí bearnaí sonraí atá ann faoi láthair a dhúnadh maidir le neamhchosaintí banc ar an earnáil sin.

Tá ag méadú ar a thábhachtaí atá sé teacht roimh rioscaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann leis athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil a mhaolú agus faireachán a dhéanamh orthu le haghaidh údaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais. Na rioscaí a bhaineann leis an aistriú agus na rioscaí fisiceacha, bíonn tionchar acu ar institiúidí airgeadais aonair agus ar an earnáil airgeadais i gcoitinne (lena n‑áirítear idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc). Is féidir go ndéanfaidh na rioscaí sin difear do shócmhainneacht iasachtaithe agus do luach na comhthaobhachta iasachta a bhaineann le heastát réadach araon - eachtraí adhaimsire, lena n‑áirítear tonnta teasa, falscaithe agus na tuilte tromchúiseacha a bhain don domhan mór le déanaí, léiríodh leo sin go ríléir an díobháil nach beag a d’fhéadfaí a dhéanamh ar réadmhaoin leochaileach agus sócmhainní eile. D’fhéadfadh sé go mbeadh sócmhainní a ghineann líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi réir dímheas luathaithe, de réir mar a aistríonn an geilleagar i dtreo na haeráidneodrachta i gcomhréir le dlí aeráide an Aontais. 45 Mar sin de, ba cheart neamhchosaint mhór institiúidí airgeadais ar na sócmhainní sin a chumhdach le maoláin leordhóthanacha. Faoi láthair, meastar rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i dtástálacha struis 46 den chuid is mó, ach ní chuirtear san áireamh iad i gceanglais mhacrastuamachta ar bhonn níos leithne go fóill. An tAontas Eorpach agus fóraim idirnáisiúnta (BERS, BCE, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA), an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais), tá plé á dhéanamh acu faoi láthair maidir le conas dul i ngleic, ar bhealach níos fearr, leis na rioscaí sin trí na huirlisí macrastuamachta a úsáid. Leis an gcomhaontú ar thángthas air maidir leis an ‘bPacáiste Baincéireachta’, soiléiríodh go bhféadfaí feidhm a bhaint as SyRB chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an aistriú aeráide.

Is díol mór imní é cibir-riosca uile-chórais ó thaobh na macrastuamachta in earnáil airgeadais níos digitithe agus atá neamhchosanta ar chibearbhagairtí atá ag dul i méid. Le spleáchas ar sholáthraithe TFC tríú páirtí, beidh institiúidí airgeadais in ann cosaint úrscothach a fháil ar chibearbhagairtí, ach le spleáchas ar bhonneagar criticiúil arna soláthar ag soláthraithe tríú páirtí, d’fhéadfaí leochaileachtaí nua agus rioscaí comhchruinnithe a chruthú. Is féidir go gcuirtear isteach ar chobhsaíocht airgeadais nuair a scaiptear cibirtheagmhais go gasta ar fud banc, neamhbhanc agus bhonneagar an mhargaidh airgeadais trí naisc theicneolaíochta faisnéise agus naisc airgeadais, agus spleáchas coiteann ar sholáthraithe tríú páirtí. Le creat DORA 47 , an Treoir maidir le Cibearshlándáil 48 agus obair leanúnach chun freagairt do mholadh BERS maidir le comhordú cibirtheagmhais 49 , chomh maith le tástáil mhaoirseachta ar strus i ndáil le hathléimneacht na mbanc in aghaidh cibirionsaithe, ar tástáil í a dhéantar leis an Sásra Aonair Maoirseachta, 50 féachtar leis na rioscaí sin a mhaolú.

Leochaileachtaí idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc (IANanna)

Shainaithin BCA agus BERS trí phríomhleochaileacht struchtúracha le déine éagsúil le haghaidh IANanna, ar leochaileachtaí iad nach dtéitear i ngleic leo ach go páirteach leis na beartais mhacrastuamachta atá i bhfeidhm faoi láthair agus a chuireann le carnadh riosca shistéamaigh. Is é atá sna trí leochaileacht neamhréireanna leachtachta sistéamacha, giaráil (iomarcach) agus idirnascacht. D’fhéadfadh maoirseacht mhacrastuamachta theoranta agus ilroinnte ar IANanna ó Bhallstát go chéile foinse bhreise riosca shistéamaigh a chruthú le haghaidh chóras airgeadais an Aontais.

D’fhéadfadh neamhréireanna leachtachta sistéamacha eascairt as athruithe móra gan choinne ar éileamh leachtachta dá mbeadh soláthar níos teirce leachtachta ann le linn tráthanna struis. I mí an Mhárta 2020, díoladh sócmhainní airgeadais go forleathan, rud ar ar tugadh ‘dash for cash’ [‘an ruathar ar airgead tirim’], mar thoradh ar éileamh réamhchúramach ar leachtacht sa gheilleagar agus riachtanais airgid ghaolmhara institiúidí airgeadais. 51 Ar thaobh an tsoláthair, chuir fonn riosca níos ísle, srianta rialála (le cur chun feidhme Chreat Basel III) agus dúshláin oibríochtúla teorainn le bainc agus bróicéirí is déileálaithe leachtacht a sholáthar. I mí Mheán Fómhair 2022, ba ábhar mór imní é an méadú a tháinig ar rátaí úis na sárurrús sa Ríocht Aontaithe (agus an titim i bpraghsanna sócmhainní airgeadais ina dhiaidh sin) dóibh siúd in earnáil na gcistí pinsin, ina raibh mórdhíolachán sárurrús na Ríochta Aontaithe mar gheall ar straitéisí arna spreagadh ag dliteanais, rud a spreag Banc Shasana idirghabháil a dhéanamh le clár ceannaithe sócmhainní móra. 52 An 28 Meán Fómhair 2023, d’fhógair Banc Shasana an plean uirlis leachtachta nua a chruthú le haghaidh IANanna, lena gcumhdófar, i dtús báire, cistí árachais agus cistí pinsin a d’fhéadfaí a leathnú go dtí gach eintiteas IAN a chomhlíonann ceanglais (athléimneachta ex ante) incháilitheachta áirithe. 53  

Thairis sin, leis an strus ar an margadh mar gheall ar ráig COVID i mí an Mhárta 2020, léiríodh gur féidir go mbíonn cistí margaidh airgid áirithe (CMAnna) i mbaol olléiléamh ó infheisteoirí (rud lena dtugtar buntáiste an cheannródaí le fios) lenar féidir turraingí leachtachta a ghéarú, ós rud é go gcaithfidh CMAnna a gcuid sócmhainní a dhíol chun eis‑sreafaí móra a chistiú in imthosca eisceachtúla. D’fhéadfadh sé sin tarlú go minic i ndáil le leachtacht agus trédhearcacht na margaí cistiúcháin gearrthéarmacha bunúsacha. 54 Bíonn an Coimisiún ag obair go gníomhach in idirphlé idirnáisiúnta maidir le bearta arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le neamhréireanna leachtachta sistéamacha. Dírítear fócas an idirphlé idirnáisiúnta ar bhearta leachtachta réamhchoisctheacha (amhail maoláin leachtachta nó cleachtais socraithe corrlaigh nua) agus ar bhearta leachtachta a dtreisítear ar a n‑éifeachtaí agus ar a n‑úsáid mar gheall ar theagmhais shistéamacha (amhail uirlisí bainistíochta leachtachta uile-earnála nó an chumhacht cearta fuascailte a chur ar fionraí, a dtugtar ‘bearta leachtachta ex-post’ orthu freisin) in earnálacha IAN éagsúla, lena n‑áirítear cistí infheistíochta, cistí pinsin agus cuideachtaí árachais. 55  

Is minic a threisítear ar neamhréireanna leachtachta mar gheall ar ghiaráil iomarcach, a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le suíomhanna sa mhargadh a leachtú gan choinne (díghiaráil) agus díolacháin phráinne sócmhainní nuair a éiríonn sí neamh-inbhuanaithe i ngeall ar na costais mhaoinithe ghaolmhara, agus bheadh éifeachtaí iarmharta aige sin ar chodanna eile den chóras airgeadais agus den gheilleagar. Is sampla é cás Archegos Capital Management i mí an Mhárta 2021, ar ‘riarthóir teaghlaigh’ é a bhí ag feidhmiú mar chiste fálaithe, den tionchar is féidir a bheith ag úsáid na giarála, agus neamhréireanna leachtachta, ar eintitis nach IANanna iad. Le cliseadh Archegos, scaipeadh mórchaillteanais ar fud institiúidí airgeadais (agus ar Credit Suisse den chuid is mó a d’fhulaing caillteanas USD 5.5 billiún) mar gheall ar neamhchosaint (ghiaráilte) mhór ar roinnt stoc trí bhabhtálacha an toraidh iomláin agus conarthaí difríochta, rud a thug an deis do Archegos 5-6 oiread níos mó caipitil infheistithe a ghiaráil. 56 Rinneadh tearcthuairisciú ar na trádálacha mar gheall ar stádas rialála riarthóirí teaghlaigh, agus bhí siad sin neamhrialaithe san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe araon. Mar sin féin, bhí roinnt trádálacha infheicthe agus trádáil á déanamh le contrapháirteanna Eorpacha a bhí ag feidhmiú faoi thuairisciú EMIR (bainc na Ríochta Aontaithe go príomha), ach níor leor iad chun léargas iomlán a thabhairt, ar bhealach tráthúil, lena bhféadfaí idirghabháil mhaoirseachta a spreagadh ar chontrapháirteanna na mbanc ar a laghad.

Le hobair BCA, cuirtear i dtábhacht freisin pócaí giarála sintéisí airde i roinnt eintiteas IAN, go háirithe roinnt cistí fálaithe agus cistí arna spreagadh ag dliteanais, 57 lena léirítear, i roinnt cásanna, ardleibhéal idirnascachta. Is é is aidhm don obair leanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon tuiscint níos doimhne a fháil ar an mbealach ar féidir le creataí maidir le nochtadh agus tuairisciú dul i ngleic le giaráil iomarcach ar bhealach éifeachtach. Baineann an méid sin lena áirithiú go mbíonn suíomhanna giaráilte trédhearcach agus gur féidir iad a réiteach i gcónaí, fiú nuair a bhíonn struchtúir chasta dhlíthiúla nó ionstraimí díorthaigh casta i gceist. Thairis sin, tá comhlachtaí maoirseachta náisiúnta agus comhlachtaí maoirseachta de chuid an Aontais ag féachaint go gníomhach ar bhealaí chun sonraí tuairiscithe a úsáid chun na rioscaí sin a bhainistiú go héifeachtach agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn chun ualaí tuairiscithe breise ar oibreoirí margaidh a íoslaghdú. 58 Tá idirphlé á dhéanamh freisin maidir le teorainneacha féideartha ar charnadh giarála in earnálacha sonracha, go háirithe in eintitis dhlítheanacha neamhrialaithe amhail riarthóirí teaghlaigh. 59  

Le hidirnascacht i measc IANanna agus le hearnáil na baincéireachta, méadaítear an riosca tadhlachta ar fud na hearnála airgeadais, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha aige sin ar an ngeilleagar. Mar shampla, is iad cistí árachais agus cistí pinsin na hinfheisteoirí intíre is mó i gcistí infheistíochta sa limistéar euro (gan Cistí Margaidh Airgid a chur san áireamh) ag thart ar 25 %, agus teaghlaigh ina dhiaidh sin ag 19 % agus cistí infheistíochta (lena ndéantar infheistíocht i gcistí eile) ag 16 %. 60 Os a choinne sin, is foinse thábhachtach chistithe iad cistí infheistíochta agus OFInna le haghaidh earnáil na baincéireachta ós rud é gurb iad a shealbhaigh 14 % de dhliteanais earnáil na baincéireachta sa limistéar Euro sa chéad ráithe de 2023. Sealbhaíonn IANanna isteach agus amach le 28 % d’urrúis fiachais na mbanc gan íoc sa limistéar Euro, lena n‑áirítear cuideachtaí árachais agus cistí pinsin. 61  

Leis an idirnascacht sin, is féidir tionchar diúltach turraingí leachtachta nó an ghiaráil iomarcach thuasluaite a ghéarú, nó leochaileachtaí agus carnadh riosca shistéamaigh a chur i bhfolach go fiú. Mór-riosca a bhaineann le hidirnascacht idir IANanna agus earnáil na baincéireachta is ea tarchur trasearnála féideartha turraingí airgeadais. Má chuireann anás airgeadais isteach ar IAN, d’fhéadfadh sé an t‑anás sin a tharchur chuig a chontrapháirtithe in earnáil na baincéireachta agus chuig IANanna eile trí neamhchosaintí sócmhainní agus neamhchosaintí dliteanais araon (e.g., suíomhanna díorthaigh, sealúchais urrús banc, agus cistiú athcheannaigh). Le mainneachtain Archegos, cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá bainistíocht riosca láidir agus an bealach a bhféadfadh idirnascacht an riosca creidmheasa le haghaidh banc a ghéarú (mar a tharla le Credit Suisse, mar shampla). D’fhéadadh bainc anás a tharchuir chuig IANanna freisin, ós rud é go bhfuil siad lárnach i bhfeidhmiú margaí díorthach agus de bhrí go ndéanann siad cuid mhór iasachtaí a sholáthar do IANanna.

Is féidir IANanna agus bainc a bheith idirnasctha trí neamhchosaintí coiteanna má dhéanann siad infheistíocht i sócmhainní comhchosúla nó má bhíonn siad neamhchosanta ar na contrapháirtithe céanna. Má bhíonn na neamhchosaintí coiteanna sin faoi réir anás airgeadais, d’fhéadfaí tionchar a bheith aige sin ar IANanna agus bainc san am céanna, rud a chuirfidh leis an mbaol go mbeadh géarchéim shistéamach ann. Thairis sin, má fheidhmíonn IANanna agus bainc thraidisiúnta le chéile, d’fhéadfadh siad díolacháin phráinne mhóra ar shócmhainní coiteanna a spreagadh (e.g., an cíor thuathail sa mhargadh i mí an Mhárta 2020, an géarchor leachtachta le haghaidh cuideachtaí fuinnimh de bharr arduithe i nglaonna ar éarlais i ngeall ar an ngéarchéim fuinnimh i mí an Mhárta 2022). Tá faireachán á dhéanamh ag maoirseoirí ar leochaileachtaí féideartha a eascraíonn as idirnascacht laistigh de IANanna agus le bainc trí naisc dhíreacha (e.g., sealúchais idir bainc agus IANanna agus i measc IANanna, nó glaonna ar éarlais) agus naisc indíreacha (e.g., neamhchosaintí sócmhainní coiteanna).

Ar deireadh, i ngeall ar na leochaileachtaí struchtúracha sin agus a chasta atá sé maoirseacht a dhéanamh ar na hearnálacha idirnasctha sin, ba cheart tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar fhiúntais chreata macrastuamachta níos comhsheasmhaí agus níos comhordaithe le haghaidh IANanna. Faoi láthair, níl ann ach roinnt beart macrastuamachta a bhfuil feidhm acu maidir le IANanna, agus déanann maoirseoirí difriúla maoirseacht ar na huirlisí sin le haghaidh gach earnála, fiú amháin laistigh den dlínse chéanna. Mar shampla, faoi na Treoracha AIFMD/UCITS, tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla náisiúnta cearta fuascailte infheisteoirí a chur ar fionraí nuair a bhíonn rioscaí cobhsaíochta airgeadais ag cistí, agus d’fheidhmigh maoirseoirí náisiúnta an chumhacht seo ar bhonn aonair san am atá caite. Tá taithí theoranta ann ar úsáid chomhordaithe na cumhachta sin agus aghaidh á tabhairt ar riosca níos leithne ar fud an Aontais maidir le cobhsaíocht airgeadais.

Tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach uirlisí macrastuamachta agus comhar leordhóthanach i measc maoirseoirí laistigh den Aontas Eorpach agus comhar leordhóthanach le maoirseoirí i dtríú tíortha, tá an tacaíocht sin ríthábhachtach do bheartais mhacrastuamachta éifeachtacha. Le hilroinnt idir earnálacha agus dlínsí náisiúnta, ardaítear ceisteanna tábhachtacha maidir le conas comhar éifeachtach idir na Ballstáit a áirithiú (go háirithe i ndáil le teagmhais shistéamacha a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin) agus conas na sonraí is gá a chomhroinnt i measc údarás faoi na creataí tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair.

(1)

Cuireadh an tuarascáil siar, rud a d’fhág go rabhthas in ann breithniú ar ghéarchéim COVID-19 agus ar an tionchar a bhí aici ar an gcóras airgeadais.

(2)

Féach an Coimisiún Eorpach (2021), Targeted consultation on improving the EU’s macroprudential framework for the banking sector , [Comhairliúchán spriocdhírithe maidir le feabhas a chur ar chreat macrastuamachta an Aontais le haghaidh earnáil na baincéireachta], mí na Samhna 2021; An Coimisiún Eorpach (2022), Achoimre ar na freagraí ar an gcomhairliúchán spriocdhírithe , mí an Mheithimh 2022; An Coimisiún Eorpach (2021), Glao ar Chomhairle maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat macrastuamachta le haghaidh earnáil na baincéireachta, mí Mheán Fómhair 2021.

(3)

Féach an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (2011), ‘Macroprudential Policy: [Beartas Macrastuamachta] An Organizing Framework’, [Creat Eagraithe] le fáil ag https://www.imf.org/external/np/pp/eng/2011/031411.pdf .

(4)

Is é atá i ‘dteagmhas sistéamach’ teagmhas diúltach mór le haghaidh an chórais airgeadais, amhail géarchéim leachtachta shistéamach mar atá géarchéim COVID nó mórtheagmhas creidmheasa mar shampla féimheacht Lehman Brothers, nó sraith teagmhas níos lú (cliseadh aon institiúid airgeadais mheánmhéide amháin nó roinnt acu, amhail na teagmhais a spreag féimheacht Silicon Valley Bank) lena nochtar carnadh éagothroime airgeadais móire (i bhfoirm neamhchosaintí móra nó idirnascacht i measc oibreoirí margaidh).

(5)

  An Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san Aontas Eorpach. Tuarascáil De Larosière (europa.eu) .

(6)

Mar shampla, bearta stuamachta is ea teorainneacha giarála ar de chineál micreastuama iad nuair a cheaptar agus nuair a chuirtear chun feidhme iad chun aghaidh a thabhairt ar eintiteas neamhghnách nó riosca ar leibhéal an idirbhirt, ach is uirlisí macrastuamachta iad nuair a cheaptar agus nuair a chuirtear chun feidhme iad ar an leibhéal uile-earnála, agus neamhshuim á déanamh ar an tsamhail ghnó aonair nó ar an ngníomhaíocht aonair. Is é sin an cás le haghaidh teorainneacha struchtúrtha i gcomhair cistí de bhunadh iasachtaí, faoin athbhreithniú AIFMD/GCUI a comhaontaíodh le déanaí, a cháilíonn mar uirlis mhacrastuamachta.

(7)

  An Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san Aontas Eorpach. Tuarascáil De Larosière (europa.eu) .  

(8)

Tagraíonn an téarma ‘institiúidí airgeadais’ do bhainc (i.e., institiúidí creidmheasa) agus d’idirghabhálaithe neamhbhainc araon.

(9)

Faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil – CRR) a mhéid a bhaineann le forálacha macrastuamachta; Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil – CRD) a mhéid a bhaineann le forálacha macrastuamachta. Le Pacáiste Baincéireachta 2019, tugadh isteach roinnt athruithe spriocdhírithe ar na forálacha macrastuamachta, agus tháinig siad i bhfeidhm an 29 Nollaig 2020.

(10)

An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (2023), EU Non-bank Financial Intermediation Risk Monitor 2022 [Faireachán Riosca Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc AE 2022], mí an Mheithimh 2023. Ardaítear an staidreamh sin go 49 % má mhéadaítear an raon feidhme chuig an gcóras airgeadais domhanda; féach an BCA ag Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc - An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (fsb.org) .

(11)

Cuireann BERS measúnú ar an éiceachóras criptea-shócmhainní san áireamh i bhfaireachán IAN, mar ‘d’fhéadfadh sé páirt a ghlacadh i gcineálacha idirghabhála airgeadais as a dtagann leochaileachtaí comhchosúla agus iad a chur i mbaol rioscaí comhchosúla’, féach an BERS (2023), EU Non-bank Financial Intermediation Risk Monitor 2022 (europa.eu) , lch. 6. [Faireachán Riosca Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc AE 2022] Sainmhíníonn an BCA ‘earnáil na n-Idirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc’ mar ‘sciar leathan de gach eintiteas airgeadais neamhbhainc atá comhdhéanta de na hinstitiúidí airgeadais uile nach bainc cheannais, bainc nó institiúidí airgeadais poiblí iad.’ BCA (2022), Global Monitoring Report on Non-Bank Financial Intermediation: [Tuarascáil Faireacháin Dhomhanda ar Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc] 2022 , lch. 3. Áirítear sa chatagóiriú sin bonneagar an mhargaidh airgeadais faoin gcatagóir ‘idirghabhálaithe margaidh’. Féach an BCA (2022), Enhancing the Resilience of Non-Bank Financial Intermediation: [Feabhas á chur ar Athléimneacht Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc] Progress report , lch. 18. [Tuarascáil ar dhul chun cinn] Mar sin féin, shainaithin BCA ‘beart teoranta’ le haghaidh IAN, ar beart é nach bhfuil bunaithe ar eintitis, ach atá mar a bheadh beart gníomhaíochta ann a dhéanfadh banc. BCA (2022), ibid. lch. 3.

(12)

 Is éard atá i gclaochlú leachtachta an próiseas ina mbaintear úsáid as dliteanais ghearrthéarmacha airgeadúla chun sócmhainní fadtéarmacha, amhail iasachtaí, a fháil. Tagraíonn giaráil do chistí a fháil ar iasacht chun sócmhainn a cheannach (giaráil fhisiciúil nó giaráil airgeadais) nó éarlaisí a chur le conradh sa chás ina bhfaigheann an páirtí a bhfuil giaráil uathu toradh airgeadais ar shócmhainn de mhalairt ar íocaíocht nó táille (e.g., babhtáil an toraidh iomláin nó roghanna), dá ngairtear giaráil ‘shintéiseach’.

(13)

 BCA (2022),  Global Monitoring Report on Non-Bank Financial Intermediation, [Tuarascáil Faireacháin Dhomhanda ar Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc] mí na Nollag 2022 , lch. 31.

(14)

 BERS, Faireachán IAN, mí an Mheithimh 2023, lch. 11, le fáil ag  Faireachán Riosca Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc an Aontais 2022 (europa.eu) .

(15)

Is neamhréireacht í an neamhréir leachtachta i soláthar nó in éileamh urrús nó i ndátaí aibíochta urrús. Eascraíonn neamhréir leachtachta má thugtar rogha fuascailtí gearrthéarmacha d’infheisteoirí leis na cistí, agus infheistíocht á déanamh an tráth céanna i sócmhainní nach féidir a leachtú go furasta ar gearrfhógra.

Neamhréir leachtachta i gcistí neamhiata: treochtaí, bearnaí agus impleachtaí beartais (europa.eu)

(16)

D’iarr BCE go háirithe ‘freagairt bheartais [mhacrastuamachta] chuimsitheach chun athléimneacht [earnálacha IANanna] a mhéadú’, lena n-áirítear ‘athrú cuspóra uirlisí atá ann faoi láthair (i.e. trí dhearcthaí macrastuamachta a leabú) agus tuilleadh beartas macrastuamachta a fhorbairt chomh maith le haghaidh a thabhairt ar ról na n-údarás iad a chur chun feidhme.’ Féach, BCE, Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais, mí na Samhna 2023 . Thug Banque de France dá aire ‘go bhfuil gá le bearta iomchuí a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta i ngeall ar na leochaileachtaí a bhaineann le IAN. [...] Mar sin féin, leis an obair a rinneadh go dtí seo, díríodh ar bhearta micreastuamachta, agus fágadh gníomhachtú uirlisí áirithe faoi na cistí, rud atá bunaithe ar chosaint infheisteoirí. Cur chuige macrastuamachta, lena gcomhtháthófaí na rioscaí arna n-iompar ag cohóirt chistí agus an tionchar atá acu ar an gcóras airgeadais ina iomláine, lena bhféadfaí uirlisí atá ar fáil do na húdaráis a áireamh, níor sainmhíníodh an cur chuige sin go fóill.’ Féach Banque de France, Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc: leochaileachtaí agus dúshláin , 14 Samhain 2023. I mí Iúil 2023 d’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann páipéar plé dar teideal ‘ An approach to macroprudential policy for investment funds ’ ina scrúdaítear, i measc nithe eile, riosca sistéamach cistí infheistíochta agus ina bhfiosraítear creat macrastuamachta níos iomlánaíche le haghaidh cistí infheistíochta.

(17)

Na maoláin chaipitil, lena ndéantar an ceanglas maoláin comhcheangailte (CMC), tá siad cumhdaithe sna hairteagail seo a leanas de Threoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436, maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta: CCoB in Airteagal 129; maoláin G-SII agus maoláinO-SII in Airteagal 131; CCyB in Airteagal 130; agus SyRB in Airteagal 133.

(18)

Airteagal 5 (2) de Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.

(19)

 Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE, Treoir 2009/65/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(20)

 Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (athmhúnlú).

(21)

An Coimisiún Eorpach (2021), Aontas na margaí caipitil: Pacáiste glactha ag an gCoimisiún chun rochtain níos fearr ar shonraí agus rialacha infheistíochta athchóirithe a chinntiú , an 25 Samhain 2021.

(22)

Moladh ó BERS an 7 Nollaig 2017 maidir le rioscaí leachtachta agus giarála i gcistí infheistíochta (ESRB/2017/6).

(23)

 Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid, le fáil ag:  EUR-Lex - 02017R1131-20190101 - GA - EUR-Lex (europa.eu) .

(24)

An Coimisiún Eorpach (2022), Comhairliúchán spriocdhírithe ar fheidhmiú an Rialacháin maidir leis an gCiste Margaidh Airgid , an 12 Aibreán 2022.

(25)

  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le leordhóthanacht Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cistí margaidh airgid ó thaobh na stuamachta agus na heacnamaíochta de

(26)

An Coimisiún Eorpach (2021), Athbhreithniú ar Shócmhainneacht II (europa.eu) , an 22 Meán Fómhair 2021.

(27)

An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (2020), Tuairim ar an athbhreithniú ar Shócmhainneacht II 2020 , 17 Nollaig 2020.

(28)

Chun faisnéis a fháil ar uirlisí riosca shistéamaigh le haghaidh árachóirí, féach BERS (2022), Litir chuig Cathaoirleach Mheitheal na Comhairle maidir leis an Athbhreithniú ar Shócmhainneacht II , an 2 Feabhra 2022; BERS (2022), Litir chuig Feisirí Pharlaimint na hEorpa, mí na Samhna 2022.

(29)

An Coimisiún Eorpach (2022), Aontas na margaí caipitil: an pacáiste um imréiteach, dócmhainneacht agus liostú (europa.eu) , 7 Nollaig 2022.

(30)

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 337, 23.12.2015.

(31)

Féach Airteagal 394(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337.

(32)

Cuireadh na ceanglais seo i ngníomh le Gníomh Tarmligthe Leibhéal 2 a ghlac an Coimisiún Eorpach an 6 Meán Fómhair 2023, lena gcomhchuibhítear na critéir lena gcuirtear ar chumas na mbanc na heintitis sin a shainaithint, agus lena leagtar síos go sonrach gníomhartha an Aontais arb é atá iontu ‘an creat rialáilte’; féach Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2779 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 394(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainaithint; IO L, 2023.2779, 12.12.2023.

(33)

Tagraíonn idirghabháil airgeadais neamhbhainc do ghrúpa ilchineálach institiúidí airgeadais, nach bainc iad, a éascaíonn sreabhadh na gcistí idir coigilteoirí agus iasachtaithe sa gheilleagar. Áirítear sna hidirghabhálaithe sin eintitis amhail cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, cistí infheistíochta, cuideachtaí árachais, cistí pinsean, riarthóirí teaghlaigh, oibreoirí margaidh agus institiúidí airgeadais neamhbhainc eile a sholáthraíonn seirbhísí agus táirgí airgeadais éagsúla.

(34)

Le haghaidh baic fhéideartha bhreise ar inúsáidteacht maolán, féach Behn et al. (2020), Macroprudential capital buffers – objectives and usability , [Maoláin chaipitil mhacrastuamachta - cuspóirí agus inúsáidteacht], BCE Feasachán Macrastuamachta, mí Dheireadh Fómhair.

(35)

Socraíonn údaráis réitigh ICDI chun a áirithiú go gcoinníonn bainc ionstraimí incháilithe leordhóthanacha ar bun i gcónaí chun a chur ar a gcumas a bheith mar bhonn faoin straitéis réitigh roghnaithe. Mar shampla, má áirítear sa straitéis réitigh tarrtháil inmheánach agus leanúint de ghníomhaíocht an bhainc sa mhargadh, socraítear ICDI chun caillteanais a iompar agus staid chuntais chaipitil an bhainc a athbhunú, lena gceadófar dó leanúint dá fheidhmeanna criticiúla a dhéanamh tar éis géarchéime. Sonraítear na ceanglais i dTreoir (AE) maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc 2014/59/AE (TTRB), arna leasú le Treoir (AE) 2019/879 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (TTRB II); Rialachán 806/2014/AE lena mbunaítear Sásra Réitigh Aonair (SRMR), arna leasú le Rialachán (AE) 2019/877 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (SRMR II); agus CRR agus CRD.

(36)

Féach BERS (2021), Tuarascáil an Tascfhórsa Anailísigh ar an bhforluí idir maoláin chaipitil agus íoscheanglais , mí na Nollag 2021 agus CBMB (2022), Inúsáidteacht agus timthriallacht maolán i gCreat Basel.

(37)

Féach, mar shampla, Leitner et al. (2023), How usable are capital buffers? [Cé chomh hinúsáidte atá maoláin chaipitil?] An empirical analysis of the interaction between capital buffers and the leverage ratio since 2016 , [Anailís eimpíreach ar an idirghníomhaíocht idir maoláin chaipitil agus an cóimheas giarála ó bhí 2016 ann] Páipéar Ócáideach BCE Uimh. 329.

(38)

Le staidéar ó BCE, meastar gur chuir maoláin chaipitil mhóra agus an creat réitigh nua borradh nach beag faoi inniúlacht an chórais baincéireachta caillteanais a iompar. Tá méadú níos mó ná trí oiread tagtha ar inniúlachta an chórais baincéireachta caillteanas a iompar le 10 mbliana anuas. Féach Carmassi et al. (2019), Is taxpayers’ money better protected now? [An fearr a chosnaítear airgead na gcáiníocóirí anois?] An assessment of banking regulatory reforms ten years after the global financial crisis . [Measúnú ar athchóirithe rialála baincéireachta 10 mbliana tar éis na géarchéime airgeadais domhanda]. Féach freisin, Coiste Basel (2022), Buffer usability and cyclicality in the Basel framework [Inúsáidteacht agus timthriallacht maolán i gCreat Basel], an 5 Deireadh Fómhair 2022.

(39)

Féach Couaillier et al. (2021, 2022), Bank capital buffers and lending in the euro area during the pandemic [Maoláin chaipitil na mbanc agus iasachtú sa limistéar Euro le linn na paindéime] agus Caution: [Aire:] do not cross! [ná trasnaigh!] Capital buffers and lending in Covid-19 times . [Maoláin chaipitil agus iasachtú le linn Covid-19]

(40)

Mar shampla, tá BERS agus ÚBE chun tuairimí a chur ar fáil maidir le bearta áirithe agus beartais áirithe a bhfuil tionchar ard acu lena gceanglaítear údarú nó neamhagóid ón gCoimisiún. Tá sé de cheart ag BCE agóid a dhéanamh in aghaidh aon bheart macrastuamachta a leagtar amach i ndlí an Aontais atá beartaithe ag Ballstát atá rannpháirteach i Sásra Aonair Maoirseachta. Tá cumhachtaí comhair níos ginearálta ag BERS freisin, mar shampla an chumhacht foláirimh agus moltaí a eisiúint d’údaráis náisiúnta, cuir i gcás an moladh maidir le CCyB nó cómhalartacht dheonach.

(41)

  Tuarascáil ó ÚBE maidir le calabrú rátaí maolánaigh i gcás O-SII .

(42)

Le hanailís ó ÚBE, léirítear go bhfuil roinnt Ballstát iontach dian agus go socraíonn siad ráta maolánaigh O-SII is mó is féidir a shocrú faoi CRD IV i gcás bainc a bhfuil scór O-SII measartha íseal acu, ach go bhfuil Ballstáit eile measartha trócaireach agus go socraíonn siad siúd ráta maolánaigh 0 %, nó ráta maolánaigh íseal, d’ainneoin scór an-ard O-SII. De rogha air sin, is féidir rátaí maolánaigh O-SII ar fiú 0,25 % iad i mBallstát amháin agus rátaí maolánaigh O-SII ar fiú 2 % iad (an ráta is mó tráth na hanailíse) i mBallstát eile a bheith ann mar thoradh ar scóir an-arda O-SII.

(43)

Rinne BERS measúnuithe sistéamacha réamhbhreathnaitheacha ar na leochaileachtaí i margaí réadmhaoine cónaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch in 2016 , 2019   agus   2022 , agus bhí na measúnuithe sin mar bhunús le foláirimh agus moltaí tírshonracha.

(44)

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach BERS, Athbhreithniú ar Chreat Macrastuamachta an Aontais le haghaidh Earnáil na Baincéireachta: Freagairt ar an nglao ar chomhairle , mí an Mhárta 2022, agus bunachar sonraí beart náisiúnta de chuid BERS.

(45)

  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), IO L 243, 9.7.2021.

(46)

Tá sainorduithe tiomnaithe ag ÚBE i ndáil le tástáil ar strus maidir le riosca aeráide. Déanann BCE tástálacha ar strus maidir le riosca aeráide freisin, agus déanann sé torthaí na dtástálacha sin a ionchorprú sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) agus cur chuige cáilíochtúil á úsáid aige.

(47)

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011.

(48)

Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS; IO L 333, 27.12.2022). Is reachtaíocht chothrománach í an Treoir a bhaineann le roinnt earnálacha, agus lena gceanglaítear ar eintitis, mar atá soláthraithe néalseirbhíse, lárionaid sonraí, soláthraithe seirbhísí bainistithe nó soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe bearta a dhéanamh maidir le bainistíocht riosca cibearshlándála, lena n-áirítear bearta slándála sa slabhra soláthair. Ní mór don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh na bearta cibearshlándála maidir le heintitis den chineál sin faoin 17 Deireadh Fómhair 2024.

(49)

  ESRB recommends establishing a systemic cyber incident coordination framework (europa.eu) [Tá molta ag BERS creat comhair cibirtheagmhais sistéamach a bhunú].

(50)

  ECB to stress test banks’ ability to recover from cyberattack (europa.eu) [BCE chun tástáil struis a dhéanamh ar chumas na mbanc aisghabháil tar éis cibirionsaithe]

(51)

Féach BCA (2020), Holistic Review of the March Market Turmoil - Financial Stability Board (fsb.org) , [Athbhreithniú iomlánaíoch ar an gCíor Thuathail sa Mhargadh i mí an Mhárta - an Bord um Chobhsaíocht Airgid] lch. 11.

(52)

 Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach, Banc Shasana (2023), An anatomy of the 2022 gilt market crisis , Páipéar Inmheánach Oibre Uimh. 1019, 31 Márta 2023.

(53)

  A journey of 1000 miles begins with a single step: [Is le céim bheag amháin a chuirtear tús le turas míle míle] filling gaps in the central bank liquidity toolkit - óráid ó Andrew Hauser | [bearnaí a dhúnadh in uirlisí leachtachta an bhainc ceannais] Banc Shasana .

(54)

Féach, an Coimisiún Eorpach (2023), Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le leordhóthanacht Rialachán (AE) 2017/1131 maidir le cistí margaidh airgid ó thaobh na stuamachta agus na heacnamaíochta de (europa.eu) and BERS (2022), The market for short-term debt securities in Europe: [An margadh le haghaidh urrúis fiachais ghearrthéarmacha san Eoraip:] what we know and what we do not know (europa.eu) [cad is eol dúinn agus cad nach eol dúinn].

(55)

Tá BCA ag cuimhneamh ar liosta gníomhartha maidir le cleachtais éarlaise a chur amach le haghaidh úsáideoirí (ullmhacht éarlaise) agus oibreoirí bonneagair margaidh araon, agus áirítear cuid de na gníomhartha sin i gcreat EMIR. Féach BCA (2022), Enhancing the Resilience of Non-Bank Financial Intermediation: [Feabhas á chur ar Athléimneacht Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc:] Progress report , lch. 25. [Tuarascáil ar dhul chun cinn]

(56)

chun tuilleadh mionsonraí a fháil, ESMA (2022), ESMA publishes ex-post analysis of derivatives risks in Archegos (europa.eu) . [Anailís ex post foilsithe ag ESMA ar na rioscaí díorthaigh in Archegos].

(57)

Féach BCA (2023), The Financial Stability Implications of Leverage in Non-Bank Financial Intermediation - Financial Stability Board (fsb.org) . [Impleachtaí Cobhsaíochta Airgeadais na Giarála in Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc - An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais].

(58)

Ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais (europa.eu) atá níos leithne i mí na Nollag 2021, lena ndírítear ar shonraí maoirseachta a chomhroinnt agus a athúsáid ar fud an chórais airgeadais.

(59)

Áirítear leis sin breithniú ar mhéadracht nua chun giaráil a thomhas, arna cur in oiriúint do roinnt IANanna, go háirithe iad siúd a tugadh isteach trí ghníomhaíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, amhail díorthaigh lasmuigh den chlár comhardaithe nó idirbhearta maoinithe urrús. Mar shampla, a mhéid a thuairiscítear idirbhearta a bhaineann le comhthaobhacht atá curtha i ngeall ar chláir chomhardaithe IANanna agus conas is féidir na suíomhanna sin a réiteach tríd na ceanglais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair a úsáid.

(60)

BERS (2022), EU Non-bank Financial Intermediation Risk Monitor 2022 , mí Iúil 2022. [Faireachán Riosca Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc AE 2022].

(61)

Féach, BCE, Financial Stability Review [Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais], mí na Bealtaine 2023, Sainghné ar ‘Key linkages between banks and the non-bank financial sector’ [Príomhnaisc idir bainc agus an earnáil airgeadais neamhbhainc].

Top