This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024BP0157
P9_TA(2024)0157 – Guidelines for the 2025 Budget - Section III – European Parliament resolution of 13 March 2024 on general guidelines for the preparation of the 2025 budget, Section III – Commission (2023/2220(BUI))
P9_TA(2024)0157 — Treoirlínte i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú - Roinn III — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 maidir le treoirlínte ginearálta i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú, Roinn III – an Coimisiún (2023/2220(BUI))
P9_TA(2024)0157 — Treoirlínte i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú - Roinn III — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 maidir le treoirlínte ginearálta i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú, Roinn III – an Coimisiún (2023/2220(BUI))
IO C, C/2024/6579, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6579/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6579 |
12.11.2024 |
P9_TA(2024)0157
Treoirlínte i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú - Roinn III
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 maidir le treoirlínte ginearálta i ndáil le buiséad 2025 a ullmhú, Roinn III – an Coimisiún (2023/2220(BUI))
(C/2024/6579)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán athbhreithnithe (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (EU, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (1) (Rialachán CAI), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2), |
|
— |
ag féachaint do sheasamh uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (3), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (4), agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin (5) agus na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara (6), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil eatramhach uaithi ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (7), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (8), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ar an tionchar a bheidh ag méadú ar chostais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar bhuiséad 2024 an Aontais Eorpaigh (9), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (10), |
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0223), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (11), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (12), |
|
— |
ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2021)0570) agus do sheasamh na Parlaiminte an 23 Samhain 2022 ina leith (13), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19 (14), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (15), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640) agus do rún uaidh an 15 Eanáir 2020 ina leith (16), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras), |
|
— |
ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 13 Nollaig 2017 (17), do rún uaithi maidir leis an 19 Eanáir 2017 (18), do Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin an 4 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus do Dhearbhú Porto maidir le gnóthaí sóisialta a ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí i mí na Bealtaine 2021, |
|
— |
ag féachaint do straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne, 2020-2025, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action’ [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: an t-am chun na focail a chur i ngníomh] 2021, |
|
— |
ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 dar teideal ‘A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age’ [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Glan-Nialasach] (COM(2023)0062), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 , (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (19), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine (20); |
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (21) agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo, |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 12 Márta 2024 maidir leis na treoirlínte i ndáil le buiséid 2025 (6195/2024), |
|
— |
ag féachaint do Riail 93 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0068/2024), |
Buiséad an Aontais atá dírithe ar dhaoine 2025: Infheistíochtaí atá saincheaptha chun feabhas a chur ar shaol daoine agus chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais
|
1. |
á chur in iúl go bhfuil sí suite de, tráth a tharlaíonn athrú geopholaitiúil agus institiúideach, brú airgeadais, an t-athrú aeráide agus dúshláin shochaíocha, go bhfuil buiséad AE atá iontaofa, láidir, solúbtha agus dírithe ar infheistíocht ríthábhachtach i gcónaí chun beartais an Aontais a chur chun feidhme agus go bhfuil sé lárnach chun freagairt do riachtanais mhéadaitheacha na ndaoine, gan aon duine a fhágáil ar lár trí na haistrithe glasa agus digiteacha, chun rathúnas agus slándáil a chur ar fáil do dhaoine agus chun borradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar an Aontais; |
|
2. |
ag cur béim ar imthosca deacra nós imeachta buiséid 2025, atá ar siúl tráth a bhfuil teannas agus éiginnteachtaí idirnáisiúnta móra ann, agus le linn bliain toghcháin nuair a bheidh ar an bParlaimint agus ar an gCoimisiún aistriú an reachtais a bhainistiú; á chur in iúl go bhfuil sí go hiomlán ar an eolas faoi na srianta móra féilire nach féidir iad a sheachaint agus á iarraidh ar na gníomhaithe uile iad a chur san áireamh go cuí le meon cuiditheach; |
|
3. |
á chur in iúl gur oth léi go mór nár éirigh leis an gComhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) roimh dheireadh 2023; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go raibh uirthi tús a chur leis an nós imeachta buiséadach in éagmais deimhneacht maidir le roinnt gnéithe ríthábhachtacha sa chlársceidealú airgeadais le haghaidh 2025, agus gur maith a thuigeann sí, ar an drochuair, go bhfuil na corrlaigh an-docht, agus, i gcásanna áirithe, go bhfuil na corrlaigh diúltach faoi uasteorainneacha CAI; |
|
4. |
á mheas go bhfuil toradh an athbhreithnithe ar CAI faoi bhun ardmhianta tosaigh PE; á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas bunriachtanach é athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán CAI chun tacaíocht airgeadais mheántéarmach don Úcráin a áirithiú, chun cistiú méadaithe le haghaidh tosaíochtaí beartais spriocdhírithe a chumasú, lena n-áirítear neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chur chun cinn, agus chun cláir an Aontais agus solúbthacht an bhuiséid a chosaint i bhfianaise rátaí úis atá níos airde ná mar a bhí tuartha agus, dá bhrí sin, costais iasachtaíochta atá níos airde ná mar atá clársceidealaithe ag tabhairt dá haire gurb é nós imeachta buiséadach bliantúil 2025 an chéad fheidhmiú a bheidh bunaithe go hiomlán ar rialachán athbhreithnithe CAI; |
|
5. |
á mheabhrú go bhfuil feidhm fós ag an Dearbhú Comhpháirteach arna chomhaontú ag na trí institiúid mar chuid de chomhaontú CAI 2020, ina mbeidh sé d’aidhm ag caiteachas chun costais mhaoiniúcháin NGEU a chumhdach ‘gan cláir agus cistí a laghdú’ agus go bhfónann sé mar phointe tagartha don údarás buiséadach, go háirithe chun ionstraim EURI a shlógadh chun cuid ar a laghad d’easnamh costais iasachtaíochta NGEU a chumhdach; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cuí ag gach clár agus go ndéanfar solúbthacht agus acmhainn freagartha an bhuiséid a chothabháil i gcaitheamh an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil; á áitiú gur gá don Choimisiún faisnéis iontaofa, thráthúil agus chruinn a chur ar fáil maidir le costais iasachtaíochta NGEU agus maidir le heisíocaíochtaí ionchasacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le i gcaitheamh an nós imeachta bhuiséadaigh; |
|
6. |
á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 a chur i bhfeidhm maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint ina iomláine; á chur i bhfáth go háirithe gur réamhriachtanas bunúsach é comhlíonadh an smachta reachta chun rochtain a fháil ar chistí AE; á chur i bhfáth nach féidir cistí a eisíoc mura gcomhlíonann na Ballstáit na ceanglais ábhartha uile; á athdhearbhú gur rioscaí soiléire do leasanna airgeadais AE agus do chosaint Bhuiséad AE iad saincheisteanna sistéamacha a bhaineann leis an smacht reachta, amhail sárú ar phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí nó iarrachtaí a rinneadh le déanaí i roinnt Ballstát chun neamhspleáchas na mbreithiúna a ionsaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún gan cúlú a cheadú maidir lena bhfuil bainte amach i réimse an smachta reachta; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún a áirithiú mar ábhar práinne go sroichfidh cistí AE atá ar fionraí saoránaigh, gnólachtaí, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus aon gheallsealbhóirí ábhartha eile trí rialtais áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcomhréir leis an sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta; |
|
7. |
á chur i bhfios go láidir gur oibleagáid dhlíthiúil don Aontas é costais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) a aisíoc agus gur mír chaiteachais neamhroghnach i mbuiséad an Aontais é; ag tabhairt dá haire go mbraitheann na costais iasachtaíochta ar luas na n-eisíocaíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus ar luaineachtaí margaidh i dtorthaí bannaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad dothuartha agus luaineach go bunúsach; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart go mbeadh costais iasachtaíochta EURI curtha go hiomlán in ionstraim speisialta EURI de bhreis ar uasteorainneacha CAI, d’fhonn go ndéanfaí corrlaigh a athbhunú faoi Cheannteideal 2b agus spás buiséadach a chosaint sna hIonstraimí Solúbthachta agus Corrlaigh Aonair; á chur in iúl go bhféachfaidh sí lena áirithiú nach mbeidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm shásra cascáide EURI sa CAI athbhreithnithe go mbeidh socruithe ann lena ndéanfar damáiste comhthaobhachta míchuí do chaiteachas cláraithe nó d’infhaighteachtaí faoi na hionstraimí speisialta neamhthéamacha; |
|
8. |
á mheabhrú go bhfuiltear ag tuar (22) go dtiocfaidh fás an-bheag ar gheilleagar na hEorpa (0,9 % in 2024 agus 1,7 % in 2025), agus go meastar go bhfanfaidh an boilsciú i bhfad os cionn an 2 % a úsáidtear mar dhíbhoilsceoir uathoibríoch do CAI (3,0 % in 2024 agus 2,5 % in 2025); á aithint gurb é a leanann as sin caillteanas leanúnach cumhachta ceannaigh do bhuiséad nach mór dó fanacht i gcothromaíocht agus atá teoranta le dearbhmhéideanna; ag leagan béim ar an nglaoráta an-íseal don acmhainn dhílis bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) le blianta beaga anuas (0,46 % i ndréachtbhuiséad 2024), mar thoradh ar éifeacht chomhcheangailte an bhoilscithe, leibhéil ísle leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus ioncam níos airde ó acmhainní dílse áirithe eile; ag meabhrú a seasaimh gur cheart lacáistí agus sásraí ceartúcháin eile a dhíothú go buan agus, go dtí go gcuirfear deireadh buan leo, gur cheart olllaghduithe ar ranníocaíochtaí náisiúnta bunaithe ar OIN a bheith faoi réir díbhoilsceoir seasta suas le 2 % in aghaidh na bliana; |
|
9. |
á chur in iúl gur saoth léi an easpa dul chun cinn sa Chomhairle maidir le hathchóiriú an chórais acmhainní dílse; ag meabhrú a seasaimh maidir leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún, lena bhformhuinítear tabhairt isteach acmhainní dílse nua; á mheas, trí fhíorfhoinsí nua ioncaim a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an treochlár sa chomhaontú idirinstitiúideach, go gcumhdófaí an t-ualach buiséadach breise a eascraíonn as iasachtaí NextGenerationEU agus, ar an gcaoi sin, go gcosnófaí na corrlaigh agus na sásraí solúbthachta, rud a d’éascódh cinnteoireacht bhuiséadach maidir le riachtanais gan choinne chomh maith le tionscnaimh nua maidir le fadbhreathnaitheacht straitéiseach; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, leanúint dá iarrachtaí acmhainní dílse úra, nua, agus fíor más féidir, agus foinsí ioncaim eile a shainaithint do bhuiséad AE cé is moite den Chomhaontú Idirinstitiúideach; |
|
10. |
á chur in iúl gur oth léi go ndéanann ganntanais bhuiséadacha difear mór don acmhainneacht freagairt d’imeachtaí gan choinne nó tionscnaimh nua a sheoladh agus go bhfuil sé ar intinn aige an staid sin a chur ina ceart a mhéid is féidir agus ionchais mhéadaithe shaoránaigh AE á gcur i gcuntas freisin; á mheabhrú gur gá ionstraim speisialta bhreise a bhunú de bhreis ar uasteorainneacha CAI ionas gur fearr is féidir le buiséad AE géarchéimeanna agus a n-éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a oiriúnú agus freagairt dóibh go tapa; |
|
11. |
á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici, in ainneoin na srianta iomadúla sin, seasamh comhleanúnach agus aontaithe a choinneáil lena léirítear a tosaíochtaí beartais seanbhunaithe agus a leasanna institiúideacha, lena n-áirítear borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, spleáchais straitéiseacha a laghdú, dlús a chur le húsáid fuinnimh ghlain, a áirithiú go mbainfear amach spriocanna príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais, a chumais slándála agus chosanta a fheabhsú agus rannchuidiú leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus tionchair dhiúltacha ar chláir shuaitheanta á n-íoslaghdú agus tairbhí iarmharta an fháis eacnamaíoch á uasmhéadú do gach duine san Aontas; |
Buiséad cothrom, cóir agus cuimsitheach a chuireann deiseanna níos fearr ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais agus a áirithíonn fás eacnamaíoch.
|
12. |
á thabhairt faoi deara go bhfuil maireachtáil inacmhainne agus comhtháthú sochaíoch fós ina ndúshláin leanúnacha ar fud Bhallstáit AE agus a réigiún agus ag meabhrú an róil atá ag seirbhísí poiblí ardcháilíochta agus inrochtana i ndáil leis sin; á chur in iúl gur mian léi an chuimsitheacht agus an inrochtaineacht ar chistiú a threisiú i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le critéir incháilitheachta ábhartha, agus deiseanna maoinithe a uasmhéadú trí chistí atá ann cheana a ghiaráil; á mheas gur cheart go leanfadh gné shóisialta chaiteachas AE, mar ghné riachtanach dá dhlisteanacht, de bheith ina critéar trasghearrtha do gach réimse beartais; |
|
13. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil buiséad an Aontais, thar aon ní eile, ina bhuiséad infheistíochta a bhfuil éifeacht ghiarála aige, atá in ann borradh a chur faoi chuspóirí agus ceapadh beartais an Aontais, lena gcomhlánaítear beartais náisiúnta agus, dá bhrí sin, lena bhfreagraítear ar riachtanais na ndaoine go léir in AE; á mheabhrú a thábhachtaí atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athléimneacht an Aontais a mhéadú agus tionchair shocheacnamaíocha na ngéarchéimeanna a bhí ann san am a chuaigh thart agus na ngéarchéimeanna atá ar siúl faoi láthair a mhaolú; á chreidiúint gur cheart gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go gcaithfear an dá mhórfhoinse chistiúcháin sin ón Aontas go héifeachtach agus gan a thuilleadh moille; |
|
14. |
á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici buiséad an Aontais a úsáid chun difríocht inláimhsithe agus infheicthe a dhéanamh do na saoránaigh, don gheilleagar sa mhargadh aonair agus do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach trí thacú le poist ardcháilíochta a chruthú i dtionscail cheannródaíocha, margadh an tsaothair a dhéanamh slán i bhfad na haimsire trí fhorbairt scileanna agus scéimeanna chun cur leis an tallann, an dífhostaíocht a chomhrac, iomaíochas na hEorpa a fheabhsú agus ullmhacht an Aontais i réimse na cosanta a mhéadú; á mheas go bhfuil neamhspleáchas teicneolaíoch agus fás inbhuanaithe ríthábhachtach chun cuspóirí fadtéarmacha fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach; á iarraidh an athuair go gcoinneofaí cistiú leormhaith chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar chnámh droma gheilleagar na hEorpa, gnólachtaí nuathionscanta agus daoine óga, feirmeoirí, múinteoirí agus oibrithe iompair; á chur i bhfios go láidir gur gá an bonneagar fuinnimh agus iompair a fheabhsú tuilleadh, infheistíocht a dhéanamh in uasghrádú seirbhísí sláinte agus leasa phoiblí, comhtháthú agus cuimsiú sóisialta agus críochach, agus chun tacú le pobail leochaileacha, iargúlta agus tuaithe lena n-áirítear sráidbhailte cliste; á chur i bhfios gur gá don bhuiséad an t-aistriú glas a áirithiú agus, ag an am céanna, tacú le talmhaíocht ardcháilíochta, lena n-áiritheofar rochtain ar shláinte agus ar oideachas ar ardchaighdeán; |
|
15. |
ag cur béim ar an tionchar suntasach atá ag taighde agus nuálaíocht ar an iomaíochas, ar an bhfás fadtéarmach agus ar an bhfostaíocht san Aontas Eorpach; ag meabhrú an tionscnaimh sheanbhunaithe chun déine infheistíochta taighde agus forbartha AE a bhrú chun cinn go 3 % de OTI; á aithint go bhfuil bearna ann faoi láthair idir an cuspóir agus an cistiú iarbhír a chuirtear ar fáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceannaireacht teicneolaíochta na hEorpa bunriachtanach chun an Comhaontú Glas agus an tAontas Sláinte a chur chun feidhme toisc go gcruthaíonn sí poist ardoilte san Aontas feadh an tslabhra luacha ina iomláine, agus go neartaíonn sí barr feabhais an taighde agus na nuálaíochta laistigh den Aontas; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach gcumhdaítear leis na cistí atá ar fáil ach codán de na hiarratais uile a chuirtear isteach, rud a fhágann go bhfuil leibhéil arda ró-shuibscríofa ar chláir agus go bhfuil taighdeoirí ag fágaint an Aontais agus ag dul go dtí réigiúin iomaíocha; |
|
16. |
á chur i bhfios go láidir nach mór teacht ar réitigh inbhuanaithe agus fhadtéarmacha chun dúshláin dhéimeagrafacha struchtúracha a chomhrac go rathúil, agus chun imirce daoine oilte i gceantair lagfhorbartha de chuid an Aontais a mhaolú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní airgeadais chun réigiúin ina bhfuil an daonra ag titim a athbheochan trí infheistíochtaí i mbeartais shóisialta agus dhéimeagrafacha a thacaíonn le teaghlaigh agus chun tacaíocht leormhaith a sholáthar do dhaonraí atá ag dul in aois san Eoraip ó thaobh rochtain ar chúram sláinte, ar shoghluaisteacht agus ar sheirbhísí poiblí de; |
|
17. |
á áitiú gur cheart an t-uasmhéid cistiúcháin féideartha a shlógadh trí Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun foghlaim agus fiontraíocht a chur chun cinn agus feabhas a chur ar scileanna daoine óga, ar oideachas fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil agus infhostaitheacht, chomh maith le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn ; á athdhearbhú gur gá a áirithiú go ráthaítear comhdheiseanna leis an dá chlár, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste ar fud an Aontais agus ar fud na dtíortha comhlachaithe; á chur in iúl go bhfuil sí fós den tuairim nach mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt do dheontais soghluaisteachta in Erasmus+ chun na méaduithe ar chostais mhaireachtála a chumhdach agus chun inrochtaineacht, comhdheiseanna agus rannpháirtíocht chuimsitheach a áirithiú go háirithe tríd an deontas íosta in aghaidh an rannpháirtí a mhéadú go leibhéal iomchuí; |
|
18. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le machnamh ar mhodheolaíocht chun caiteachas sóisialta i mbuiséad an Aontais a rianú faoin gcéad chlárthréimhse eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag buiséad an Aontais maidir le rannchuidiú le tionscnaimh lena dtreisítear an t-idirphlé sóisialta agus lena neartaítear gníomhaíochtaí sóisialta áitiúla agus réigiúnacha agus lena gcuirtear rochtain ar phríomhsheirbhísí ríthábhachtacha ar fáil do chách; á athdhearbhú go bhfuil gá le straitéis Eorpach do dhaoine scothaosta, le gníomhaíochtaí sonracha chun imeallú, uaigneas agus leithlisiú a chomhrac; á mheabhrú, thairis sin, gur gá straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 a chur chun feidhme go hiomlán chun a ndálaí maireachtála san Aontas a fheabhsú; ag leagan béim ar chás na dtarlóirí Eorpacha a bhfuil dúshláin éagsúla os a gcomhair i ngach Ballstát, idir chostais atá ag dul i méid agus ghanntanas acmhainneachta, agus an gá atá le solúbthacht agus dálaí oibre níos fearr; á chur i bhfáth gur gá na rialacha atá ann cheana maidir lena gcosaint a atreisiú agus acmhainní breise a leithdháileadh chun faireachán a dhéanamh ar dhálaí oibre ar fud na mBallstát; ag cur béim, ina leith sin, ar na tairbhí a bhaineann le huirlisí TF a fhorbairt ar leibhéal an Aontais lena gcuidítear le feabhas a chur ar chur chun feidhme na gceanglas maorlathach agus ar chaighdeánú deimhnithe; |
|
19. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit acmhainní leormhaithe a leithdháileadh chun rialacha AE maidir le comhordú na slándála sóisialta a chur chun feidhme go héifeachtach chun soghluaisteacht an lucht saothair agus aistriú níos éasca sochar slándála sóisialta a éascú; á iarraidh go n-úsáidfí cistí AE chun an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta a fhorbairt agus chun tacú le digitiú breise na gcóras slándála sóisialta ar mhaithe le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair; |
|
20. |
á aithint go bhfuil an teicneolaíocht agus an intleacht shaorga (IS) ag athrú thírdhreach na fostaíochta go tapa; á thabhairt chun suntais gur féidir le teicneolaíochtaí iontaofa IS duinelárnacha a bheith ina gcúis le fás eacnamaíoch na hEorpa agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar shaol na saoránach i roinnt réimsí amhail an tsláinte, an talmhaíocht, an fuinneamh, an t-iompar agus an tslándáil; á iarraidh go léireofaí é sin i gcláir agus i mbeartais AE trí acmhainní leormhaithe airgeadais a leithdháileadh; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar bhunscileanna digiteacha na saoránach chun freastal ar riachtanais cuideachtaí agus chun na saoránaigh a ullmhú i gcoinne na bréagaisnéise; ag tacú le bearta an Aontais lena gcomhlánaítear na straitéisí náisiúnta fostaíochta le haghaidh ath-thiontú post agus soghluaisteacht ar leibhéal an Aontais ar bhealach comhordaithe, lena nglactar le hacmhainneacht na n-athruithe sin le haghaidh lucht saothair rathúil agus inoiriúnaithe lena n-áirítear trí athsciliú post agus soghluaisteacht a chothú, agus ar an gcaoi sin aistriú rianúil chuig earnálacha post nua agus post atá ag teacht chun cinn a áirithiú; |
|
21. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá ag teacht ar líon na n-eachtraí adhaimsire, amhail dóiteáin thromchúiseacha, tuilte agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an athrú aeráide atá ag dul in olcas ar fud na hEorpa; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá cistiú leordhóthanach a áirithiú do shásra an Aontais um chosaint shibhialta agus á iarraidh go ndéanfaí acmhainneachtaí freagartha éigeandála an Aontais a chomhdhlúthú ar bhealach níos fearr trí na foirne comhpháirteacha leighis agus idirghabhála éigeandála a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú gur féidir acmhainní a chur ar fáil go tapa freisin trí CDAE agus trí Cúlchiste um Chabhair Éigeandála; |
|
22. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cistiú iomchuí a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí a leagtar síos i Rialachán EU4Health; ag aithint go bhfuil tionchar mór ag praghas na gcógas agus na dteicneolaíochtaí sláinte ar chumas na n-othar rochtain a fháil orthu; á chur i bhfáth gur fíorbhacainn ar chóireáil iad costais leighis neamh-inacmhainne agus á iarraidh go gcuirfí bearta sonracha chun feidhme chun dul i ngleic leis na dúshláin sin; á iarraidh ina leith sin go ndéanfaí comhordú níos fearr ar leibhéal AE agus soláthar comhpháirteach cógas chun costais a laghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le galair leanaí agus béim ar leith á leagan ar ghalair neamhchoitianta; á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá an Plean Sáraithe Ailse; á iarraidh go mbeadh buiséad uaillmhianach ann don Bhraisle Sláinte sa chlár Fís Eorpach chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas freagairt go héifeachtach ar ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, cabhrú le córais sláinte a neartú agus feabhas a chur ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na ndaoine trí chúram sláinte a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inrochtana; ag aithint gurb é an galar cardashoithíoch an phríomhchúis bháis in AE i gcónaí; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ghalar cardashoithíoch trí infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar leigheas pearsantaithe agus ar r-Shláinte toisc go méadófar leis sin na caighdeáin maidir le cosc agus cóireáil, agus go mbeidh rochtain chomhionann ag gach saoránach ar chúram sláinte mar gheall air sin; á chur i bhfios go láidir gur gá cosc a chur ar ghanntanais cógas i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas; á aithint gur gá neamhionannais sláinte a laghdú chun sláinte chothrom a chur ar fáil do gach bean, lena n-áirítear rochtain ar shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe, agus á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaidh sláinte na mban de bheith ina tosaíocht beartais agus taighde; |
|
23. |
á mheabhrú gur gá dul i ngleic leis an easnamh scileanna, leis an tsaincheist maidir le himirce daoine oilte agus leis an gcomhghaol idir riachtanais agus scileanna an mhargaidh, go háirithe i gcomhthéacs na staide i réigiúin éagsúla AE; á mheas, chun go leanfaidh lucht saothair AE de bheith iomaíoch amach anseo, go bhfuil gá le príomhréimsí oiliúna agus athscilithe a shainiú, go háirithe chun scileanna glasa agus digiteacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta chun córais oideachais an Aontais a nuachóiriú, scéimeanna chun cur leis an tallann a chruthú agus fiontraithe óga a dhreasú; á iarraidh go gcuirfí dlús le cur chun feidhme na Bliana Eorpaí Scileanna agus an Limistéir Eorpaigh Oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún na réitigh a sainaithníodh a bheith ríthábhachtach le linn Bhliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme go pras, agus béim á leagan ar an ngá atá le comhar níos fearr le cuideachtaí, lena n-áirítear tástáil óige AE agus intéirneachtaí neamhíoctha a thoirmeasc; ag leanúint as na moltaí a glacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, á mheabhrú a thábhachtaí atá sé plean oideachais Eorpach a bhunú le hacmhainní airgeadais chun tacú le hoideachas ar ardchaighdeán agus le hoiliúint múinteoirí, agus chun rátaí luathfhágála na scoile a laghdú; |
|
24. |
ag cur béim ar an mbreisluach a bhaineann le cláir chistiúcháin i réimsí an daonlathais agus na gceart agus na luachanna, á mheabhrú a thábhachtaí atá buiséad AE maidir le luachanna Eorpacha a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, cultúr agus cearta na saoránach a chur chun cinn agus sochaithe athléimneacha a thógáil, agus tacú le príomhphrionsabail an daonlathais, an smachta reachta, na dlúthpháirtíochta, na cuimsitheachta, an cheartais, an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais lena n-áirítear comhionannas inscne; á chur in iúl gur mian léi go neartófaí na línte agus na comhlachtaí buiséid ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar pholarú, ar mhéadú an antoisceachais pholaitiúil, ar mhuinín íseal institiúideach, ar chothú an daonlathais rannpháirtíochta, ar chearta bunúsacha a chur chun cinn, ar chúlú daonlathach a chosc, ar chreimeadh an smachta reachta, ar an laghdú spáis d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair sa réimse sin ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus ar ionstraimiú an Eoraisceiptachais; á iarraidh go n-áiritheofar cistí leordhóthanacha AE don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV), ag cur béim ar an obair luachmhar a dhéantar faoin tsraith Luachanna an Aontais, lena gcuirtear cistiú díreach ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le Daphne agus Comhionannas agus Cearta; á athdhearbhú gur cheart na hacmhainní is gá a dhíriú ar fhoréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus ar thacú le cearta agus rochtain ar sheirbhísí sábháilte sláinte gnéis agus atáirgthe, ar eagraíochtaí chearta na mban, chomh maith le tionscnaimh agus comhlachtaí AE a théann i ngleic le hidirdhealú in aghaidh na mban; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain ar chlár CERV a éascú chomh maith leis an tsolúbthacht sa phróiseas athdheonaithe ag oibreoirí sna Ballstáit a ráthú d’eagraíochtaí áitiúla agus pobail, chun a áirithiú go sroichfidh an cistiú na daoine is gaire do na saoránaigh; |
|
25. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht an Aontais a mhéadú chun saoránaigh, mionlaigh agus pobail reiligiúnacha agus spásanna poiblí a chosaint ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, chun an radacú agus ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac, agus chun cur i gcoinne an mhéadaithe ar an bhfuathchaint, ar an bhfrithsheimíteachas, ar an bhfuathchaint agus ar an gciníochas i gcoinne Moslamach ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain; |
|
26. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar na bagairtí agus na contúirtí a bhaineann le feachtais bhréagaisnéise eagraithe agus spriocdhírithe i gcoinne an Aontais Eorpaigh ag geallsealbhóirí eachtracha; á iarraidh cistiú le haghaidh Fís Eorpach agus gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht an Choimisiúin agus SEGS chun leathadh na bréagaisnéise ar mhórscála a chomhrac agus frithbhearta níos éifeachtaí a fhorbairt; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit cistí AE a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí atá dírithe ar litearthacht sna meáin a mhéadú i measc na saoránach; á iarraidh go mbeadh cistiú méadaithe ann chun an fhuathchaint agus ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur gá saoirse iriseoireachta agus iolrachas na meán a neartú trí acmhainní leormhaithe, i gcomhréir le rialacháin ábhartha, agus tacú le hiriseoirí, lena n-áirítear iriseoirí iniúchacha, cosantóirí chearta an duine agus comhaltaí den tsochaí shibhialta a mbíonn gníomhaíochtaí díoltais rompu amhail cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna); á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leordhóthanach d’earnáil an chultúir, lena n-áirítear chun cúrsaíocht thrasteorann scannán, ceoil agus físchluichí Eorpacha a chur chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadófaí maoiniú do chlár Eoraip na Cruthaitheachta; |
Buiséad lena mbaintear amach tosaíochtaí straitéiseacha
|
27. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú sna príomhearnálacha; á chur in iúl gur geal léi rialachán nua STEP ach á chur i bhfios go bhfuil gá le freagairt struchtúrach ar riachtanais infheistíochta na dtionscal straitéiseach chun gur fusa teicneolaíochtaí ceannródaíocha a shainaithint, a fhorbairt agus a mhéadú; á chur in iúl gur oth léi nach leor i ndáil leis sin an leibhéal cistiúcháin atá ag Fís Eorpach faoi láthair agus á iarraidh go mbeidh cistiú méadaithe ann d’Fhís Eorpach agus do phríomhchláir eile de chuid an Aontais sa réimse sin, amhail InvestEU, chun an sprioc maidir le neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach; á mheas gur ábhar imní atá ag dul i méid é spleáchas AE ar sholáthar acmhainní; á iarraidh go ndéanfadh AE tuilleadh infheistíochta chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a fhorbairt trí dhlús a chur le fuinneamh in-athnuaite, próisis cheadaithe níos tapúla, dícharbónú foirgneamh, rochtain ar amhábhair chriticiúla agus slabhraí luacha athléimneacha a fhorbairt d’éiceachórais thionsclaíocha AE go háirithe i bpríomhréimsí amhail sláinte agus cosaint; ag iarraidh cistiú leormhaith a bheith ann chun a áirithiú go ndéanfar forbairt leanúnach ar na cláir shuaitheanta Eorpacha atá ann faoi láthair in earnáil an spáis, lena n-áirítear Copernicus, Galileo/EGNOS, an tionscnamh Eorpach um chumarsáid satailíte (GOVSATCOM) agus maidir le Feasacht Staide an Spáis (SSA); |
|
28. |
á áitiú go gcuireann an t-aistriú digiteach go leor deiseanna ar fáil chun feabhas a chur ar an mbonneagar digiteach agus ar an nascacht dhigiteach agus chun scileanna digiteacha a fhorbairt; á chur i bhfios a thábhachtaí atá an clár don Eoraip Dhigiteach (CED) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE-Digital) chomh maith leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach i ndáil leis sin; á athdhearbhú go bhfuil gá le clár oideachais IS, códaithe agus róbataice atá deartha do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí, agus a mhaoinítear trí na cláir ábhartha; á chur i bhfios go láidir nach mór do bhuiséad AE tacú go leormhaith le húsáid eiticiúil agus neamh-idirdhealaitheach na hintleachta saorga, go háirithe in earnálacha an oideachais agus an chultúir; á mheabhrú gur gá do chláir arna maoiniú ag an Aontas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun litearthacht dhigiteach sa tsochaí a fheabhsú agus chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh, lena n-áirítear an bhearna dhigiteach idir na hinscní, san oideachas agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil; |
|
29. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag buiséad an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus dul i ngleic leis an athrú aeráide trí astaíochtaí a laghdú, úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, geilleagar ciorclach a chruthú, éiceachórais a chosaint agus treocht scanrúil chailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú, agus an t-iomaíochas á chosaint agus poist ghlasa á gcruthú chomh maith leis an bhfás laistigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag clár LIFE maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, sprioc aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach, i gcomhréir le Dlí Aeráide AE agus le Comhaontú Pháras; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchair thromchúiseacha an athraithe aeráide lena n-áirítear i bhfoirm ganntanas uisce; |
|
30. |
á chur i bhfios go láidir, mar gheall ar imní faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus faoi phraghsanna arda fuinnimh, gur saincheist ríthábhachtach í an bhochtaineacht fuinnimh agus go bhfuil dúshláin ag baint léi do thionscal na hEorpa, go háirithe do FBManna; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá borradh a chur faoi infheistíochtaí an Aontais d’aistriú leanúnach an Aontais chuig an aeráidneodracht, lena n-áirítear le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe ísealcharbóin agus saor ó charbón, agus go háirithe i réimsí a bhfuil tionchar dearfach acu ar na costais mhaireachtála do theaghlaigh a laghdú, amhail éifeachtúlacht fuinnimh d’fhoirgnimh a fheabhsú, agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hinfheistíocht ollmhór chun an t-iompar a dhícharbónú agus go bhfuil praghsanna tógála agus amhábhair ag dul i méid i gcónaí; ag aithint luach straitéiseach TEN-T a leathnú chuig comharsanacht an oirthir agus nascacht níos láidre le comhpháirtithe straitéiseacha an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá clár SCE-Iompar agus an ról dearfach atá aige chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an t-aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach; |
|
31. |
á chur i bhfios go láidir nach mór buiséad 2025 a ailíniú le cuspóirí agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hobair leanúnach chun na spriocanna príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta a bhaint amach do chaiteachas bhuiséad an Aontais a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, mar chuid den aidhm níos leithne an tAontas a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a dhéanaí; ag meabhrú na forála sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le bearta ábhartha atá le déanamh a shainaithint i gcás ina léiríonn an stocáireamh tréimhsiúil nach leor an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna is infheidhme a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di measúnú an Choimisiúin gur dócha nach mbainfear amach an sprioc 10 % do chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht in 2026 agus 2027 agus nach bhfuil bealach soiléir ann i dtreo na spriocanna comhaontaithe a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus bearta ceartaitheacha riachtanacha a dhéanamh nuair is gá; |
|
32. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Tionscnamh Uirbeach Eorpach agus a chistiú leomhaith chun a chuspóirí uile a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh cistiú níos dírí ann d’údaráis áitiúla chun a bhfothú acmhainneachta, a dtacaíocht theicniúil agus a malartú dea-chleachtas a neartú; á iarraidh go neartófaí acmhainní do ghníomhaireachtaí ábhartha, nach mór dóibh freagairt don ualach oibre a eascraíonn as clár oibre an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’; |
|
33. |
ag cur béim ar rannchuidiú bunriachtanach na bhfeirmeoirí agus na n-iascairí leis an tsochaí agus á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá an comhbheartas talmhaíochta (CBT) agus an comhbheartas iascaigh don tslándáil bia agus neamhspleáchas níos fearr AE i dtáirgeadh bia ar ardchaighdeán; ag cur béim ar ról CBT maidir le hioncam inbhuanaithe agus cuibhiúil a áirithiú d’fheirmeoirí AE, go hárithe feirmeoirí beaga agus óga; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna mhíshástacht na bhfeirmeoirí ar fud an Aontais agus á iarraidh go háirithe go mbeadh acmhainní agus bearta láithreacha ann chun cabhrú le feirmeoirí déileáil le tionchar an bhoilscithe, na gcostas breosla, na gcaighdeán táirgthe nua agus na n-athruithe sa mhargadh domhanda bia; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cabhrú le feirmeoirí nua agus óga, agus ar an gcaoi sin athnuachan glúine a áirithiú, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ghanntanais saothair agus scileanna san earnáil agraibhia; á chur i bhfios go bhfuil go leor dúshlán roimh fheirmeoirí na hEorpa, go háirithe ró-mhaorlathas agus ualach riaracháin, méadú ar fhorluí rialála, ganntanais, chomh maith le dálaí oibre deacra; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar an tionchar atá ag minicíocht agus déine mhéadaitheach na dtuilte, na dtriomach agus na bhfalscaithe ar na hearnálacha trí bhearta tacaíochta tiomnaithe; á iarraidh go mbeadh ioncam leormhaith ann do gach duine sna hearnálacha talmhaíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht iomchuí don taighde agus don nuálaíocht, agus go n-urramófaí caighdeáin saothair, chomh maith le hinfheistíochtaí iomchuí chun foinsí malartacha ioncaim a thairiscint, agus chun an t-aistriú i dtreo córas bia níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne a éascú, go háirithe tríd an nuálaíocht, ioncam feirmeoirí a chaomhnú, agus cás á sheachaint ag an am céanna ina mbeadh ar fheirmeoirí Eorpacha aghaidh a thabhairt ar iomaíocht éagórach ó allmhairí nach gcomhlíonann ár gcaighdeáin; ag dréim leis go dtabharfar aghaidh san idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta ar na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear gnéithe coisctheacha; |
|
34. |
á athdhearbhú gur cheart cláir, beartais agus gníomhaíochtaí uile AE a chur chun feidhme ar bhealach lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn agus a gcuspóirí á mbaint amach acu; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, obair an Choimisiúin maidir le buiséadú inscne agus ag cur béim ar an ngá le forbairt bhreise a dhéanamh ar a modheolaíocht chun tionchar inscne chaiteachas an Aontais a thomhas mar a leagtar amach sa Chomhaontú Idirinstitiúideach é; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí na modheolaíochta sin do bhuiséad 2025 a léiriú, mar aon le bailiú, tuairisciú agus meastóireacht chórasach sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de; |
Buiséad a bheidh oiriúnach don todhchaí le haghaidh domhan atá ag athrú
|
35. |
á athdhearbhú gur gá beartas imirce agus tearmainn a chur chun feidhme atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, ar fhreagracht chomhroinnte agus ar urraim do chearta an duine i gcomhréir le luachanna an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú agus cosaint éifeachtach, dhaonnachtúil agus chothrom theorainneacha seachtracha an Aontais ríthábhachtach chun slándáil an Aontais a áirithiú, chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtúil bheartas imirce agus tearmainn an Aontais a ráthú, go háirithe chun ullmhú do chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe nua maidir le hImirce agus Tearmann lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta éifeachtacha, sábháilte agus díniteacha maidir le glacadh, lánpháirtiú agus filleadh agus athligean isteach atá éifeachtach, sábháilte agus díniteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus ag an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (BMVI) i ndáil leis sin; á mheabhrú gur gá saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a chaomhnú; á mheabhrú go mbeidh an Rómáin agus an Bhulgáir istigh i limistéar taistil Schengen gan teorainneacha na hEorpa faoi mhí an Mhárta 2024 agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé aontachas iomlán a thabhairt chun críche agus a oibríochtú go práinneach, lena n-áirítear naisc talún agus traenacha; á chur in iúl go bhféachfaidh sí leis na hinfhaighteachtaí i mbuiséad 2025 a uasmhéadú chun na gcríoch sin; á mheas nach mór do AE oibriú go dlúth lena chomharsana agus le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais chun borradh a chur faoi fhorbairt chobhsaí, inbhuanaithe agus chuimsitheach agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, agus ar an gcaoi sin cosc a chur ar imirce neamhrialta agus daoine leochaileacha a chosaint ar líonraí smuigleála agus gáinneála, chomh maith le bás ar muir; ag cur béim go háirithe ar fhreagrachtaí méadaitheacha na ngníomhaireachtaí atá i gceannas ar fhaireachas agus bainistiú teorainneacha, tacaú leis na Ballstáit agus a gcúraimí faoin gComhchóras Eorpach Tearmainn á gcur i gcrích acu agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh acu; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú, foireann agus oiliúint foirne leormhaith do na gníomhaireachtaí uile a oibríonn i réimsí na slándála, an cheartais, fhorfheidhmiú an dlí, an tearmainn agus na himirce chomh maith le bainistiú teorainneacha chun go mbeidh siad in ann a sainordú a chomhlíonadh; á iarraidh go ndíreofar go háirithe ar chórais mhórscála TF AE a chur chun feidhme agus a bhainistiú go cruinn, ar córais iad a rannchuidíonn le tírdhreach slándála an Aontais; |
|
36. |
á chur i bhfáth go bhfuil an timpeallacht slándála mórthimpeall ar an Aontas fós an-luaineach; ag leanúint de bhéim láidir a chur ar chumais slándála agus cosanta na hEorpa chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin gheopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á chreidiúint go bhfuil buiséad AE ríthábhachtach i gcomhthéacs comhstraitéis cosanta de chuid an Aontais agus comhordú neartaithe slándála agus cosanta idir na Ballstáit; á chur in iúl gur mian léi a chláir is rathúla agus is ábhartha amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus a ghníomhaireachtaí a threisiú chun borradh a chur faoi cheannasacht na hEorpa; á chur in iúl gur mian léi béim a leagan ar shineirgí agus éifeachtúlacht infheistíochtaí ar leibhéal an Aontais i réimse na cosanta, go háirithe i réimse na soghluaisteachta míleata, chosaint agus idir-inoibritheacht an bhonneagair; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an bhréagaisnéis mar dhúshlán polaitiúil agus slándála atá ag dul i méid, go háirithe tar éis chogadh na Rúise ar an Úcráin, cibearchoireacht nó coireacht eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi; |
|
37. |
á athdhearbhú go gcáineann sí cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus á chur i bhfáth go bhfuil cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine tar éis cogadh a chur ar ais chuig comharsanacht an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil tionchar aige ar shlabhraí soláthair, ar thrádáil agus ar chaidreamh eacnamaíoch; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an Úcráin sa chomhrac ar son a saoirse agus a daonlathais; á chur in iúl gur saoth léi an tionchar uafásach ar an saol, ar fhulaingt Phobal na hÚcráine, agus ar na hiarmhairtí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta atá ann do mhuintir na hEorpa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar; á mheas gur cheart go rannchuideodh buiséad 2025 le tionchar na géarchéime costais maireachtála agus an bhoilscithe a mhaolú; á mheabhrú go bhfuil Ballstáit áirithe, go háirithe Ballstáit túslíne, agus earnálacha leochaileacha den gheilleagar, fós neamhchosanta go háirithe ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tacaíocht tuillte acu i réimsí amhail talmhaíocht nó bonneagar, ach freisin an tsoghluaisteacht mhíleata de mheon dlúthpháirtíochta AE; |
|
38. |
á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici i gcónaí cabhair agus tacaíocht a thabhairt don Úcráin tríd an tSaoráid don Úcráin atá beartaithe, lena gcuirfear tacaíocht ar fáil i bhfoirm deontais agus iasachtaí le haghaidh dheisiú, théarnamh agus atógáil na hÚcráine, cúnamh macra-airgeadais, cóineasú aníos institiúideach, sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil agus infheistíochtaí poiblí, chomh maith lena conair aontachais leis an Aontas; á chur i bhfáth a phráinní atá sé an tacaíocht don Úcráin agus na hiarrachtaí atógála a chomhcheangal le próiseas cuiditheach réamhaontachais lena gcothaítear athchóirithe agus gluaiseacht fhorchéimnitheach i dtreo acquis AE; á mheabhrú nach gcumhdófar cabhair dhaonnúil don Úcráin leis an tSaoráid agus, dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá le hacmhainní leordhóthanacha le haghaidh cabhair dhaonnúil a chur ar fáil sa chomhthéacs sin freisin i mBuiséad 2025; |
|
39. |
á mheas go bhfuil tacaíocht do thíortha na mBalcán Thiar fós tábhachtach i bhfianaise mhéadú AE agus á chur in iúl gur geal léi Plean nua Fáis an Choimisiúin do na Balcáin Thiar mar chéim mhaith chun tacú tuilleadh le tíortha na mBalcán Thiar i gcóineasú eacnamaíoch le margadh aonair AE; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach do thíortha is iarrthóirí chun na hathchóirithe riachtanacha a bhaineann le haontachas a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an smacht reachta, an frithéilliú agus an daonlathas agus maidir lena n-athléimneacht a fheabhsú agus bagairtí hibrideacha a chosc agus a chomhrac; |
|
40. |
á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive agus á áitiú gur gá na cistí is gá a úsáid chun tacú lena bpróiseas aontachais; á chur i bhfáth gur cheart don leithdháileadh don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) agus do línte buiséid ábhartha faoi NDICI - an Eoraip Dhomhanda in 2025 an comhar leis an Moldóiv agus leis an tSeoirsia a spreagadh i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le hathbhreithniú CAI; |
|
41. |
á chur i bhfios go láidir gur ionstraim ríthábhachtach í an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda do sheasamh an Aontais mar phríomhchumhacht dhomhanda agus chun a ról mar fhórsa cobhsaíochta síochánta ar fud an domhain a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin leasanna geopholaitiúla an Aontais sa domhan a threisiú; ag tathant go bhfuil a chúlchiste airgeadais ídithe agus gur cheart go mbainfeadh sé tairbhe as athneartuithe práinneacha; |
|
42. |
á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá clár NDICI maidir le tacaíocht a thabhairt do dhúshláin dhomhanda, maidir le cearta an duine, saoirsí agus an daonlathas a chur chun cinn, agus maidir le fothú acmhainneachta eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus maidir le gealltanais idirnáisiúnta aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach, laistigh de chóras cuimsitheach faireacháin agus rialaithe; |
|
43. |
á chur in iúl gur oth léi nár leag an Coimisiún síos coinníollacha maidir le híocaíochtaí le tríú tíortha ar bhealach níos éifeachtaí mar bhealach chun leasanna geopholaitiúla an Aontais a fhorfheidhmiú, go háirithe i ndáil le beartais imirce an Aontais, ábhair imní maidir le cosaint, agus cearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacha sonracha agus garspriocanna sonracha a leagan síos dá íocaíochtaí le tríú tíortha i gcomhréir le leasanna polaitiúla ar leith an Aontais agus cuid ábhartha de na híocaíochtaí a fhionraí gan moill mhíchuí má mhainníonn tríú tír na coinníollacha atá leagtha síos a chomhlíonadh; ag dréim leis go ngeallfaidh na Coimisinéirí ainmnithe freagracha uile ina gcuid éisteachtaí go mbeidh siad tiomnaithe do leagan síos na gcoinníollacha sin a bheidh níos déine agus bunaithe ar ús, ar bhuiséad AE i leith tríú tíortha; |
|
44. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé línte Chomharsanacht an Deiscirt agus an Oirthir a threisiú chun tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta sna réigiúin, chun cúnamh a chur ar fáil do dhídeanaithe, go háirithe trí chistiú leanúnach, treisithe agus intuartha a áirithiú do na gníomhaithe agus do na gníomhaireachtaí ábhartha atá i gcomhréir le leibhéal na riachtanas atá ann na daoine ar an láthair a shroicheadh trí shásra dáilte stuama i gcomhréir go hiomlán le rialacha AE chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach cistí Eorpacha; |
|
45. |
á mheabhrú go bhfuil cabhair dhaonnúil AE do shibhialtaigh atá go mór i ngátar fíor-riachtanach agus go gcuireann sé le cobhsaíocht agus síocháin a chothú sna réigiúin atá buailte agus nach mór soláthar seirbhísí bunúsacha agus cúnaimh dhaonnúil a bhfuil géarghá leo a ráthú agus gan bac a chur air i gcomhréir le rialuithe idirnáisiúnta, in éineacht leis na gnáthnósanna imeachta scagtha agus faireacháin; ag dréim leis go dtiocfaidh méadú breise ar riachtanais airgeadais na cabhrach daonnúla mar thoradh ar chogaí, ar éagobhsaíocht gheopholaitiúil atá ag dul i méid, ar an bhfíorbhochtaineacht leanúnach agus ar thubaistí nádúrtha níos minice; á mheas, bunaithe ar na toimhdí sin, go mbeidh ar AE an chabhair dhaonnúil a threisiú go suntasach chun freagairt ar na riachtanais threisithe ar an láthair, go háirithe do na daoine atá i ngátar i réigiún an Mheánoirthir; |
|
46. |
á athdhearbhú go gcáineann sí go soiléir na hionsaithe sceimhlitheoireachta brúidiúla a rinne Hamas i gcoinne Iosrael agus a mhuintir an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus á chur in iúl gur cúis bhróin di na híospartaigh neamhchiontacha ar an dá thaobh; á chur i bhfios go láidir nach mór leanúint de thacaíocht a chur ar fáil le buiséad an Aontais chun síocháin agus cobhsaíocht a chothú sa réigiún, fuath, antoisceachas polaitiúil agus bunúsaíochas a chomhrac agus cearta an duine a chur chun cinn; |
|
47. |
ag meabhrú a rúin a glacadh an 18 Eanáir 2024 ina n-aithnítear ról Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA), atá ag cur dídean ar fáil faoi láthair do bhreis agus milliún duine atá easáitithe ina dtír féin agus atá ar an ardán is mó chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil do dhaonra Stráice Gaza, áit a bhfuil dálaí daonnúla atá ag dul in olcas i ndán don daonra ar fad, lena n-áirítear ganntanas dídine, uisce glan, bia agus cúnamh leighis; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá cistiú leanúnach intuartha ón Aontas; á chur in iúl gur geal léi gur sheol na Náisiúin Aontaithe imscrúdú gan mhoill, tar éis na líomhaintí tromchúiseacha maidir le daoine aonair a bhí mar chuid d’fhoireann UNRWA ar airbheartaíodh go raibh baint acu leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta i gcoinne Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus an fhaisnéis a chuir an ghníomhaireacht ar fáil agus na gníomhaíochtaí prasa a rinne sí, go háirithe chun deireadh a chur láithreach leis na conarthaí atá ann cheana; ag tabhairt dá haire gur iarr an Coimisiún go ndéanfaí iniúchadh seachtrach a athbhreithniú, ar an gcaoi sin, ar an gcolún-mheasúnú ar chórais rialaithe na Náisiún Aontaithe, arna chomhaontú ag UNRWA; ag tacú leis na córais rialaithe, faireacháin agus grinnscrúdaithe arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún ag meabhrú nach mór d’úsáid chistí AE ag tairbhithe rialacha agus coimircí AE agus an dlí idirnáisiúnta a urramú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur thángthas ar an gconclúid in athbhreithniú an Choimisiúin ar chabhair AE don Phalaistín go n-oibríonn na rialuithe agus na coimircí éifeachtacha atá ann cheana go maith agus nár aimsíodh aon fhianaise go dtí seo gur atreoraíodh airgead chun críoch neamhbheartaithe, agus gur ann do mheasúnú riosca agus do na bearta breise gaolmhara; |
Borradh a chur faoi chur chun feidhme na gclár
|
48. |
á mheabhrú go dtacaíonn an Pharlaimint go hiomlán leis an mbeartas comhtháthaithe maidir le tosaíochtaí beartais AE a bhaint amach agus borradh a chur faoi gheilleagar AE trí rannchuidiú le fás agus forbairt chothrom, chuimsitheach agus inbhuanaithe, trí chóineasú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn idir na Ballstáit agus a réigiúin, trí thacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus trí nuálaíocht agus fostaíocht a chothú; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach féidir cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe a bhaint amach ach amháin má théitear i ngleic le moilleanna ar chur i bhfeidhm na gclár mar ábhar práinne; á mheas go mbeadh cur chuige den sórt sin maidir le dlús a chur le hionsú agus le cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí chun breisluach chaiteachas AE a dhéanamh infheicthe agus inbhraite do mhuintir AE; á mheabhrú go bhfuil gá le cúnamh teicniúil méadaithe chun acmhainneachtaí ionsúcháin na mBallstát a chur chun cinn tuilleadh; |
|
49. |
á chur i bhfáth go gcaithfidh cistí buiséid AE dul i dteagmháil le saoránaigh agus FBManna AE; á mheabhrú go bhfuil simpliú nósanna imeachta riaracháin, suíomhanna gréasáin agus tairseacha atá soláimhsithe agus cuimsitheach, laghdú an rómhaorlathais agus cruthú ionad ilfhreastail bunriachtanach chun go mbeidh rochtain níos fearr ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag fiontraithe óga agus ag FBManna ar chláir AE; |
|
50. |
ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil faoi chistí bainistíochta comhroinnte agus forghníomhú buiséadach tapa a áirithiú, go háirithe maidir le cistí comhtháthaithe; ag tabhairt dá haire gur cheart sciar na gcistí faoi chláir 2014-2020 nár úsáideadh a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit chun leanúint d’éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú tuilleadh; á iarraidh go ndéanfar pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go pras, lena n-áirítear meastóireacht ón gCoimisiún maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme, bacainní agus torthaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbeidh géarchéim íocaíochta mar thoradh ar chur chun feidhme tearc, mura ndéanfar é a mhaolú go tapa, i.e. neamhréir riachtanas íocaíochta agus spás atá ar fáil faoi uasteorainn íocaíochta CAI in 2026 agus 2027; |
|
51. |
á chreidiúint gur cheart go mbeadh feidhm ag dícheall cuí, cuntasacht agus urraim do luachanna an Aontais maidir le tairbhithe uile chistí AE agus comhpháirtithe cur chun feidhme, chun leasanna airgeadais AE a chosaint agus chun cur isteach míchuí a sheachaint, á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go mbeadh comhlachtaí faireacháin agus rialaithe éifeachtacha agus críochnúla ann a nochtann, a imscrúdaíonn, a ionchúisítear agus a thugann chun ceartais coireanna i gcoinne leasanna airgeadais AE ós rud é go bhfaigheann AE glantoradh ollmhór as an airgead a chaitear ar an éilliú a chomhrac; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart acmhainní leormhaithe a bheith ag na comhlachtaí sin agus foireann chuí a bheith acu chun a gcúraimí a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtaí; á chur i bhfios go láidir, ar an gcaoi chéanna, go bhfuil gá le maoirseacht leormhaith AE chun a áirithiú go n-oibreoidh an earnáil airgeadais ar mhaithe le saoránaigh agus tomhaltóirí; á éileamh, i bhfianaise earnáil airgeadais atá sláintiúil, cuimsitheach agus athléimneach, go ndéanfar na hacmhainní d’údaráis agus gníomhaireachtaí maoirseachta airgeadais na hEorpa, a bhfuil cúraimí maoirseachta orthu nó caighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt ina leith sin, a choigeartú go hiomlán chun na cúraimí rialála nua uile a bhaineann le cur i gcrích na n-aidhmeanna beartais sin a chur i gcuntas; |
|
52. |
á iarraidh go ndéanfadh na gníomhaithe uile lena mbaineann iarrachtaí breise chun cur chun feidhme tionscadail agus ionsú an chistithe incháilithe a threisiú agus, ar an gcaoi sin, an reste à liquider (RAL) neamhghnách a laghdú; á mheas gur cheart úsáid a bhaint as 2024 agus 2025 chun aon scrogaill a chuireann bac ar chur chun feidhme níos éifeachtaí a shainaithint agus a cheartú; á iarraidh go mbeidh acmhainní leordhóthanacha buiséid ann chun dlús a chur le cur chun feidhme na gclár trí fhothú acmhainneachta breise agus cúnamh teicniúil do na Ballstáit, go háirithe dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí méadaithe ionsúcháin acu lena n-áirítear do chistí RRF, chomh maith le bearta chun nósanna imeachta soláthair agus tairisceana atá cothrom, iomaíoch agus éifeachtúil a bhrostú chun borradh a chur faoi iarrachtaí cur chun feidhme; |
|
53. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid éifeachtach agus infheictheacht bheartais agus chláir an Aontais chun feasacht a mhúscailt maidir leis an mbreisluach a thugann AE do na saoránaigh, do ghnólachtaí agus do chomhpháirtithe; á iarraidh go n-áiritheofar leithdháiltí leormhaithe i ndáil leis sin; |
|
54. |
á mheabhrú nach féidir cláir dhea-cheaptha a chur chun feidhme go cuí ach amháin le tacaíocht ó riarachán tiomnaithe; ag cur béim ar an obair bhunriachtanach a dhéanann comhlachtaí agus gníomhaireachtaí díláraithe agus á mheas nach mór foireann chuí a bheith acu agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu ionas gur féidir leo a gcúraimí a dhéanamh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhforbraíonn a gcúraimí i gcomhréir le tosaíochtaí beartais, amhail na haistrithe glasa agus digiteacha, agus á chur i bhfáth nach mór acmhainní úra a bheith ag gabháil go comhréireach le freagrachtaí nua, chomh maith le síneadh a sainorduithe;
° ° ° |
|
55. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. |
(1) IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj?locale=ga.
(2) IO L 325, 20.12.2022, lch. 11.
(3) IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(5) IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.
(6) IO C 445, 29.10.2021, lch. 252.
(7) IO C, C/2024/1195, 23.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1195/oj.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0082.
(9) IO C, C/2023/1084, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1084/oj.
(10) IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.
(11) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(12) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(13) IO C 167, 11.5.2023, lch. 162.
(14) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23.
(15) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
(16) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(17) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(18) IO C 242, 10.7.2018, lch. 24.
(19) IO L, 2024/795, 29.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj
(20) IO L, 2024/792, 29.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj
(21) IO L 207, 22.2.2024, lch. 1.
(22) An Coimisiún Eorpach, ‘Winter 2024 Economic Forecast: A delayed rebound in growth amid faster easing of inflation’ [Réamhaisnéis Eacnamaíoch 2024: Moill ar an bhfás i ngeall ar mhaolú níos tapúla ar an mboilsciú], 2023.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6579/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)