This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0344
P9_TA(2024)0344 – Simplification of certain CAP rules – European Parliament legislative resolution of 24 April 2024 on the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulations (EU) 2021/2115 and (EU) 2021/2116 as regards good agricultural and environmental condition standards, schemes for climate, environment and animal welfare, amendments to CAP Strategic Plans, review of CAP Strategic Plans and exemptions from controls and penalties (COM(2024)0139 – C9-0120/2024 – 2024/0073(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2024)0344 — Rialacha áirithe CBT a shimpliú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (COM(2024)0139 – C9-0120/2024 – 2024/0073(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2024)0344 — Rialacha áirithe CBT a shimpliú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (COM(2024)0139 – C9-0120/2024 – 2024/0073(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2025/3770, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3770/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3770 |
17.9.2025 |
P9_TA(2024)0344
Rialacha áirithe CBT a shimpliú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (COM(2024)0139 – C9-0120/2024 – 2024/0073(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/3770)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0139), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0120/2024), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (1), |
|
— |
ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 26 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
P9_TC1-COD(2024)0073
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1468.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3770/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)