Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AP0343

P9_TA(2024)0343 — An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bhunú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2025/3769, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3769/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3769/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3769

17.9.2025

P9_TA(2024)0343

An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bhunú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/3769)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0692),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0408/2023),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 30 Eanáir 2024  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Aibreán 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach;

ag féachaint don litir ón gCoiste um Rialú Buiséadach;

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0085/2024),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParliament agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2023)0397

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1449.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ainmníocht bhuiséadach iomchuí le haghaidh Shaoráid na mBalcán Thiar

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dearbhú an Choimisiúin dá n-aire maidir le tuairisciú. Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi na Conarthaí, tá sé ar intinn ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ainmníocht na Saoráide a athbhreithniú, mar shampla maidir le leithreasuithe in aghaidh an tairbhí, chun grinnscrúdú polaitiúil agus buiséadach iomchuí a áirithiú. Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach aird chuí a thabhairt ar an ráiteas sin, de réir mar is iomchuí, le linn Dréachtbhuiséad 2025 a ullmhú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3769/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top