This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0296
P9_TA(2024)0296 – Classification, labelling and packaging of substances and mixtures – European Parliament legislative resolution of 23 April 2024 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 1272/2008 of the European Parliament and of the Council on classification, labelling and packaging of substances and mixtures (COM(2022)0748 – C9-0433/2022 – 2022/0432(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2024)0296 — Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (COM(2022)0748 – C9-0433/2022 – 2022/0432(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2024)0296 — Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (COM(2022)0748 – C9-0433/2022 – 2022/0432(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2025/3723, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3723 |
17.9.2025 |
P9_TA(2024)0296
Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (COM(2022)0748 – C9-0433/2022 – 2022/0432(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/3723)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0748), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0433/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0271/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 228, 29.6.2023, lch. 121.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0340).
P9_TC1-COD(2022)0432
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2865.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3723/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)