This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0192
P9_TA(2024)0192 – Strengthening the CO2 emission performance targets for new heavy-duty vehicles – European Parliament legislative resolution of 10 April 2024 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2019/1242 as regards strengthening the CO2 emission performance standards for new heavy-duty vehicles and integrating reporting obligations, and repealing Regulation (EU) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2024)0192 — Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair a neartú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2024)0192 — Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair a neartú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2025/1300, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1300/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1300 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0192
Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair a neartú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1300)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0088), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0025/2023), |
|
— |
ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach Teachtaí na hIodáile agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2023 (1), |
|
— |
tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0313/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 349, 29.9.2023, lch. 134.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 21 Samhain 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0403).
P9_TC1-COD(2023)0042
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí nua tromshaothair a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1610.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1300/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)