This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0101
P9_TA(2024)0101 – Geographical indications for wine, spirit drinks and agricultural products – European Parliament legislative resolution of 28 February 2024 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council on European Union geographical indications for wine, spirit drinks and agricultural products, and quality schemes for agricultural products, amending Regulations (EU) No 1308/2013, (EU) 2017/1001 and (EU) 2019/787 and repealing Regulation (EU) No 1151/2012 (COM(2022)0134 – C9-0130/2022 – 2022/0089(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2024)0101 — Tásca Geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022)0134 – C9-0130/2022 – 2022/0089(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2024)0101 — Tásca Geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022)0134 – C9-0130/2022 – 2022/0089(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2024/6761, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6761/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6761 |
26.11.2024 |
P9_TA(2024)0101
Tásca Geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022)0134 – C9-0130/2022 – 2022/0089(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/6761)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0134), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 43(2) agus 118(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0130/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Samhain 2022 (2), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Samhain 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0173/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (3); |
|
2. |
ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo; |
|
3. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
4. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 116.
(2) IO C 79, 2.3.2023, lch. 74.
(3) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 1 Meitheamh 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0210).
P9_TC1-COD(2022)0089
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
((Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1143.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/1143 (1)
Cuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dtreis gur faoin gCoimisiún amháin a bheidh an fhreagracht na nósanna imeachta uile a bhaineann le tásca geografacha a rialaítear leis an Rialachán seo.
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire nach bhféadfar cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ach amháin maidir le cúraimí riaracháin a chur i gcrích, más féidir agus a mhéid is féidir sin a dhéanamh faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana.
Ar mhaithe le trédhearcacht, iarrtar ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas gach bliain maidir leis an gcúnamh a fuarthas agus na cúraimí sin á bhfeidhmiú.’
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6761/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)