This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AE0225
Opinion of the European Economic and Social Committee – Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on the safety, resilience and sustainability of space activities in the Union (COM(2025) 335 final – 2025/0335 (COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis san Aontas (COM(2025) 335 final — 2025/0335 (COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis san Aontas (COM(2025) 335 final — 2025/0335 (COD))
EESC 2024/00225
IO C, C/2026/882, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/882/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/882 |
27.2.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis san Aontas
(COM(2025) 335 final — 2025/0335 (COD))
(C/2026/882)
Rapóirtéir:
Angelo PAGLIARA|
Comhairleoir |
Sergio MARCHISIO (thar ceann an rapóirtéara) |
|
Nós imeachta reachtach |
|
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 8.9.2025; Comhairle an Aontais Eorpaigh, 30.9.2025 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Doiciméid an Choimisiúin Eorpaigh |
Achoimre ar COM (2025) 335 final |
|
Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) lena mbaineann |
|
|
An rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
12.11.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
4.12.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
601 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
196/2/5 |
1. MOLTAÍ
Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):
|
1.1. |
Tacaíonn sé le cuspóirí an Ghnímh um an spás atá beartaithe. Ag an am céanna, tá CESE den tuairim gur cheart an infheistíocht phoiblí Eorpach sa spás a neartú ar bhonn struchtúrtha agus láithreach bonn agus an infheistíocht sa spás a mhéadú go 0,2 % ar a laghad den olltáirgeacht intíre (OTI) idir seo agus 2030. D’fhágfadh sin go mbeadh an bhearna idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe agus an tSín á dúnadh de réir a chéile, rud atá i gcomhréir leis an bhfís atá leagtha amach sa Rialachán, is é sin ról an Aontais Eorpaigh mar cheannaire domhanda a chinntiú i réimse an spáis. |
|
1.2. |
Meabhraíonn CESE go bhfuil sé tugtha le fios sa Rialachán go bhfuil gá le creat rialála soiléir chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh. Iarrann sé go mbeadh straitéis thionsclaíoch agus theicneolaíoch ag gabháil leis an gcreat sin chun go bhféadfaí an toradh eacnamaíoch agus sóisialta a bheadh ann do shaoránaigh na hEorpa a uasmhéadú, go saineofaí uirlisí chun an spleáchas ar sholáthairtí tábhachtacha ó thríú tíortha a laghdú agus go gcuirfí tacaíocht ar fáil chun acmhainn lainseála Eorpach a fhorbairt. |
|
1.3. |
Molann CESE míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le hAirteagal 114 den Chonradh feidhmiú mar bhunús dlí chun an margadh inmheánach do tháirgí, do sheirbhísí agus do shonraí a bhaineann leis an spás a bhunú agus a oibriú. Ag an am céanna, molann sé a bheith cúramach chun comhsheasmhacht agus aonfhoirmeacht a áirithiú sa téarmaíocht a úsáidtear ar fud an rialacháin. Thairis sin, d’fhonn comhsheasmhacht rialála a ráthú, molann sé clásal a thabhairt isteach lena sonraítear nach mór forálacha an Ghnímh um an spás a léirmhíniú i bhfianaise na n-oibleagáidí idirnáisiúnta ar ghlac na Ballstáit leo cheana i ndáil le gníomhaíochtaí spáis. |
|
1.4. |
Molann CESE go míneofaí na cúiseanna nach dtagraíonn Teideal I ach do Bhallstát bunaíochta an oibreora nó Stát bunaíochta oibreora spáis tríú tír, gan aon tagairt a dhéanamh do Stát náisiúntachta na n-oibreoirí sin (féach, mar shampla, Airteagal 1(2)(a) agus sainmhínithe (17) agus (19) in Airteagal 5). Thairis sin, molann sé Airteagal 6(3) a shoiléiriú chun comhordú níos fearr a áirithiú le reachtaíocht náisiúnta spáis na mBallstát lena sainaithnítear oibreoirí a bhfuil gá leo chun údarú a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí spáis ar bhonn náisiúntachta nó na críche óna ndéantar an ghníomhaíocht spáis. |
|
1.5. |
Molann CESE go ndéanfaí a shoiléiriú i dTeideal II an chaoi a bhfeidhmíonn na maoluithe agus an tsolúbthacht i bpróiseas an údaraithe, trí mhionsonraí a thabhairt i dtaobh na n-amanna próiseála, na rialacha a bheadh infheidhme maidir le misin neamhthráchtála, chumhachtaí cigireachta an Choimisiúin agus ról oibríochtúil na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (ESA) agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA). |
|
1.6. |
Molann CESE go ndéanfaí a shoiléiriú sa Rialachán gurb é atá i gClár an Aontais um Réada Spáis (URSO) ionstraim inmheánach de chuid an Aontais trínar féidir oibreoirí údaraithe a chlárú, an téarmaíocht a chaighdeánú agus forluí le cláir náisiúnta nó idirnáisiúnta a sheachaint. |
|
1.7. |
Molann CESE go leagfaí síos go beacht na teorainneacha ar laistigh díobh is féidir leis na Ballstáit ceanglais níos déine a fhorchur maidir le saorghluaiseacht sonraí spásbhunaithe agus seirbhísí spáis san Aontas, ar chúiseanna sábháilteachta, athléimneachta agus inbhuanaitheachta comhshaoil, agus maidir leis na húdaruithe arna ndeonú ag Ballstáit eile, chun aon saobhadh ar an margadh inmheánach a chosc. |
|
1.8. |
Meabhraíonn CESE gur gá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maille leis na rialacha coiteanna a neartú ionas go bhféadfar an ilroinnt agus bacainní maorlathais a sheachaint, trí chreat comhchuibhithe a chruthú ar leibhéal an Aontais a thacódh leis na hoibreoirí agus na Ballstáit cuspóirí an Ghnímh um an Spás a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, molann sé machnamh a dhéanamh, i gcomhar le EUSPA, ar ionad ilfhreastail Eorpach (1) a bhunú le haghaidh phróisis an údaruithe agus an chlárúcháin, trína bhféadfaí na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus, an tráth céanna, comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta, athléimneachta agus inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Rialachán (Airteagail 8, 10, 19, 62, 69) a áirithiú. |
|
1.9. |
Tá CESE den tuairim gur cheart a áirithiú go dtarraingeofaí na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe suas ar bhealach ina mbeadh na Ballstáit, na páirtithe leasmhara agus na comhpháirtithe sóisialta páirteach sa phróiseas sin ar bhonn struchtúrtha. |
|
1.10. |
Tá CESE den tuairim gur cheart a shoiléiriú gur cheart don Rialachán forluí a sheachaint le hionstraimí an Aontais atá i bhfeidhm cheana i réimse na cibearshlándála agus an bhonneagair chriticiúil (an Dara Treoir NIS, an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht). |
|
1.11. |
Molann CESE go leagfaí síos i dTeideal III, agus go háirithe i ndáil le hAirteagal 16, critéir thrédhearcacha infhíoraithe lena bhféadfaí aitheantas a thabhairt do chórais rialála choibhéiseacha i dtríú tíortha, lena n-áirítear sásraí chun faireachán agus athbhreithniú rialta a dhéanamh. Iarrann sé freisin go ndéanfaí a shoiléiriú mar is féidir leis an Aontas a chur ina luí ar oibreoirí tríú tíortha na rialacha a chomhlíonadh, is é sin trí chumhachtaí cigireachta, coinníollacha le haghaidh comhaontuithe comhair le húdaráis tríú tíortha agus sásraí forfheidhmithe éifeachtacha a shainiú. |
|
1.12. |
Tá CESE den tuairim gur cheart a áirithiú go ndéanfaí an córas ceangailteach trína ríomhtar agus trína ndeimhnítear lorg comhshaoil na misean spáis a chur chun feidhme go comhréireach, agus iomaíochas na hearnála a chosaint, agus réitigh an gheilleagair chiorclaigh á gcur chun cinn i gcás inar féidir. |
|
1.13. |
Tá CESE den tuairim gur cheart an ról atá ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta na hEorpa i ngeilleagar an spáis a neartú trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha ar leith agus tríd an rochtain atá ag na gnólachtaí sin ar na cistí Eorpacha a éascú, ar choinníoll go bhfuil critéir shonracha maidir leis an inbhuanaitheacht shóisialta comhlíonta acu. |
|
1.14. |
Molann CESE go ndéanfaí an Straitéis Spáis don Eoraip a nascadh le huathriail straitéiseach na hEorpa agus go ndéanfaí éiceachórais chomhlántacha agus éifeacht iolraitheora gheilleagar an spáis a chur chun cinn chun tacú le hearnálacha ar leith, lena n-áirítear an fheirmeoireacht bheacht, an intleacht shaorga, an róbataic ardfhorbartha, an fuinneamh sa spás, faireachán an chomhshaoil agus an teilileigheas, agus treoir á tabhairt do na Ballstáit maidir leis an gcaoi ar féidir le dlí an Aontais sineirgí den sórt sin a chothú (2). |
|
1.15. |
Tá CESE den tuairim gur cheart straitéis chomhtháite a fhorbairt maidir le scileanna agus poist i réimse an spáis agus gur cheart Clár Oibre Eorpach um scileanna réimse an spáis a ghlacadh, dhá rud a chabhródh le comhpháirtíochtaí a chruthú idir na comhpháirtithe sóisialta, na scoileanna, na hollscoileanna agus na gníomhaireachtaí spáis. |
|
1.16. |
Iarrann CESE go dtabharfaí gealltanas go mbeadh na hacmhainní iomchuí curtha ar fáil ionas gur féidir oibríochtaí EUSPA a neartú sa chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, is é sin 2028-2034. |
|
1.17. |
Molann CESE go ndéanfaí Roinn 3 maidir le comhlachtaí teicniúla cáilithe le haghaidh gníomhaíochtaí spáis (Airteagal 34 agus ina dhiaidh sin) a shoiléiriú chun inniúlachtaí agus róil na gcomhlachtaí teicniúla cáilithe a shainiú ar bhealach níos fearr chun coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le cúraimí EUSPA a sheachaint. |
|
1.18. |
Meabhraíonn CESE gur gá córas atá cothrom ó thaobh na saoirse fiontraíochta agus na comhfhreagrachta de a chur chun cinn sa Rialachán, tríd an infheistíocht phríobháideach agus an nuálaíocht a dhreasú agus caighdeáin cheangailteacha a leagan síos freisin maidir leis an trédhearcacht, an inbhuanaitheacht, an chothroime agus cosaint leas ginearálta na hEorpa. |
2. NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.1
|
2.1. |
Léirítear sa Rialachán go dtuigtear gur gá iomaíochas éiceachóras spáis na hEorpa a mhéadú le hinfheistíocht spriocdhírithe. Aithníonn sé freisin an iomaíocht dhomhanda sin agus tá sé tiomanta seasamh an Aontais mar phríomhghníomhaí i réimse an spáis a neartú. Creideann CESE, áfach, go bhfuil gá le hionstraimí airgeadais agus tionsclaíocha breise chun an sprioc sin a bhaint amach. |
|
2.2. |
Beidh ar an Aontas seasamh níos láidre a léiriú ionas gur féidir leas a bhaint as an acmhainn eacnamaíoch dhomhanda atá sa spás. De réir na tuarascála a d’fhoilsigh Mario Draghi, bhí luach gheilleagar domhanda an spáis cothrom le EUR 572 bhilliún in 2023 agus meastar go mbeidh sé os cionn EUR 1 628 mbilliún faoi 2035, agus ráta fáis bliantúil os cionn 9 % ann. |
|
2.3. |
Ba cheart cuspóirí na Straitéise maidir le gnólachtaí atá ag méadú a d’eisigh an Coimisiún Eorpach le déanaí a leathnú chuig tionscal an aeraspáis. Thacódh sé sin le ceannairí domhanda a dhéanamh de chuideachtaí na hEorpa i réimse an spáis, agus d’áiritheofaí go gcuirfeadh beartais thionsclaíocha na huirlisí airgeadais, rialála agus teicneolaíochta is gá ar fáil chun uas-scálú a dhéanamh agus poist ardcháilíochta agus poist atá inbhuanaithe go sóisialta a choinneáil san Eoraip ag an am céanna. |
|
2.4. |
D’fhonn uathriail straitéiseach an Aontais a áirithiú, ba cheart rochtain ar mhargadh spáis na hEorpa a bheith bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta le tríú tíortha. Ag an am céanna, ba cheart beartais thionsclaíocha a dhíriú ar ghníomhaithe láidre Eorpacha a chomhdhlúthú seachas ilroinnt iomarcach a chothú. Maidir le rannpháirtíocht i gcláir straitéiseacha agus dé-úsáide, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’oibreoirí Eorpacha creidiúnaithe. Ní mór do na hoibreoirí sin a bheith faoi réir sásraí um rialú costas agus ba cheart dóibh na ceanglais shóisialta agus chomhshaoil a chomhlíonadh go hiomlán. Áiritheofar leis sin iomaíochas agus cosaint leas ginearálta na hEorpa. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.2
|
2.5. |
Tá inbhuanaitheacht, slándáil agus athléimneacht na ngníomhaíochtaí i réimse an spáis á gcur chun cinn sa Rialachán, ach ní mór beartais thionsclaíocha uaillmhianacha ar leibhéal an Aontais a bheith ag gabháil leis na cuspóirí sin. Mura ndéanfar an infheistíocht a mhéadú ar bhonn struchtúrtha, ní bheidh aon toradh dáiríre ar chuspóirí na slándála, an iomaíochais agus na huathrialach atá luaite sa Rialachán. |
|
2.6. |
Is leochaileacht an-mhór, go háirithe i gcomhthéacs geopholaitiúil éiginnte, é spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe nach bhfuil san Eoraip chun teacht ar chomhpháirteanna tábhachtacha (e.g. leathsheoltóirí, córais tiomána, teicneolaíochtaí lainseála) (3). Ina theannta sin, thit sciar na hEorpa de na spáslainseálacha domhanda ó 11 % in 2021 go 4 % in 2022, rud is cúis le caillteanas mór acmhainne tionsclaíche agus uathrialach straitéisí (4). |
|
2.7. |
Tá infheistíocht na hEorpa sa spás i bhfad níos ísle ná an infheistíocht a dhéanann na príomhghníomhaithe domhanda eile atá in iomaíocht léi. Faoi láthair, ní chuireann an tAontas Eorpach ach 0,07 % d’OTI na hEorpa i leataobh le haghaidh réimse an spáis, sin i gcomparáid le 0,25 % ar an meán sna Stáit Aontaithe, agus tá leibhéil níos airde sa tSín, san India agus sa tSeapáin freisin. Fágann an éagothroime struchtúrach sin go bhfuil dochar á dhéanamh do chumas na hEorpa nuálaíochtaí dá cuid féin a chothú, bonneagar criticiúil straitéiseach a chothabháil agus cur i gcoinne an spleáchais ar theicneolaíochtaí, sonraí agus seirbhísí as tríú tíortha (5). |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.3
|
2.8. |
Maidir leis an ilroinnt reachtaíochta ó Bhallstát go chéile, ní hé go dtagann an ilroinnt sin as difríochtaí substainte a bhaineann le hinneachar na ndlíthe náisiúnta — óir tá samhail choiteann a leanann as Rún 68/74 de chuid na Náisiún Aontaithe mar bhunús leo — ach nach bhfuil comhchuibhiú na reachtaíochta náisiúnta san áireamh in Airteagal 189(2) CFAE. Mar sin féin, d’fhéadfadh baol neamhréireachta a bheith ann dá dtabharfaí isteach leis an Rialachán oibleagáidí a bheadh ag teacht salach ar chonarthaí atá daingnithe ag na Náisiúin Aontaithe (OST, ARRA, LIAB, REG). Mura mbeidh an tAontas ina pháirtí sna coinbhinsiúin sin, ní bheidh sé chomh hinchreidte céanna mar eintiteas domhanda a leagann síos caighdeáin. Is é a chiallaíonn sin go gcaithfear cloí leis na gealltanais idirnáisiúnta atá i bhfeidhm. |
|
2.9. |
Tacaíonn CESE leis an rialachán mar chéim chinntitheach i dtreo creat spáis Eorpach atá comhleanúnach agus iomaíoch. Mar sin féin, tá gá le soiléiriú a thabhairt ar an úsáid a bhaintear as Airteagal 114 CFAE mar bhunús dlí chun a ráthú go rannchuideoidh an rialachán go héifeachtach le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach laistigh de chreat dlíthiúil agus beartais na hEorpa. |
|
2.10. |
Is cosúil go bhfuil téarmaí áirithe á gcur i bhfeidhm ar bhealach neamhréireach. Mar shampla, ní thagraítear in Airteagal 1(1) ach do ‘sonraí spásbhunaithe agus seirbhísí spáis’, ach tagraíonn na haithrisí agus na forálacha eile do ‘táirgí spáis’ freisin. Ba cheart an frása ‘táirgí, seirbhísí agus sonraí spáis’ a úsáid go comhsheasmhach ar fud théacs an rialacháin. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.4.
|
2.11. |
Le conarthaí agus coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cianspás, go háirithe OST (an Conradh Cianspáis ó 1967), leagtar síos freagrachtaí agus oibleagáidí a bhíonn le comhlíonadh ag Stát náisiúntachta an oibreora. Mura ndéanfaí tagairt ach do chritéar an Stáit bunaíochta, rud is amhlaidh sa dréacht reatha den rialachán, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éiginnteacht ann ó thaobh léirmhínithe de nó go mbeadh sé ar neamhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Dá gcuirfí an dá chritéar san áireamh bheifí ag comhlíonadh na gceanglas maidir le soiléire rialála, an chosaint dlí agus comhroinnt cheart freagrachtaí, rud a sheachnódh díospóidí trasteorann. Tá gá leis an soiléiriú sin freisin i bhfianaise an ghá atá le comhordú sonrach le dlíthe náisiúnta áirithe, amhail Dlí Spáis na hIodáile 2025 agus Dlí Spáis na Portaingéile 2019, lena ndéantar foráil cheana féin maidir leis an bhféidearthacht údaruithe nó ceadúnais arna n-eisiúint ag Stáit eachtracha a aithint ar bhonn coibhéiseach. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.5
|
2.12. |
I dTeideal II tagraítear do na córais náisiúnta chun na gníomhaíochtaí sa spás a údarú agus a dheimhniú, agus é mar aidhm leis sin íoschaighdeáin sábháilteachta, athléimneachta agus inbhuanaitheachta a chomhchuibhiú, agus na sainchearta náisiúnta agus an cosc ar chomhchuibhiú a leagtar síos in Airteagal 189(2) CFAE á n-urramú freisin. Tá an chuma ar an togra go bhfuil sé cothrom: is éard is aidhm dó creat coiteann Eorpach a chruthú chun éagsúlachtaí rialála a sheachaint toisc go bhféadfadh na héagsúlachtaí sin an margadh inmheánach a shaobhadh, ach gan na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a athrú ach an oiread. Mar sin féin, tá soiléiriú fós ag teastáil i dtaobh pointí áirithe éiginnte chun gur féidir an deimhneacht dhlíthiúil agus an cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú:
Dá gcuirfí treoir shonrach ar fáil maidir leis na gnéithe sin, sheachnófaí cásanna ina mbeadh forluí idir na hinniúlachtaí agus d’éascófaí cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.6
|
2.13. |
Leis an bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, tugtar isteach roinnt débhríochta maidir leis an acrainm URSO, mar a shainmhínítear in Airteagal 24 (6). Ós rud é nach ndeachaigh an tAontas isteach i gCoinbhinsiún Clárúcháin na Náisiún Aontaithe 1975, ba cheart a shoiléiriú nach ndéanann URSO a dhualgais chlárúcháin a mhacasamhlú ach go n-eisíonn sé deimhniú leictreonach d’oibreoirí spáis faoi Airteagal 25. Dá réir sin, bheadh sé níos iomchuí URSO a athainmniú mar Clár an Aontais um Oibreoirí Spáis, seachas Clár an Aontais um Réada Spáis. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.7
|
2.14. |
Tá aontacht an mhargaidh spáis san Eoraip ag brath go mór ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh mionsonraí a thabhairt i dtaobh na bhféidearthachtaí a bheadh ann ceanglais bhreise a thabhairt isteach ar chúiseanna a bhaineann leis an tsábháilteacht, an athléimneacht nó an inbhuanaitheacht (Airteagail 10, 62, 79, 96). Gan critéir oibiachtúla a bheith ann, is baolach go gcruthófaí arís eile bacainní inmheánacha agus éiginnteacht rialála a chuirfeadh isteach ar na hoibreoirí, rud a dhéanfadh dochar d’iomaíochas na hEorpa i dtimpeallacht dhomhanda atá ag éirí níos iomaíche. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.8
|
2.15. |
Ilroinnt na reachtaíochta a sheachaint: le hAirteagal 8 den Rialachán, tugtar isteach prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i dtaobh na n-údaruithe a d’eiseodh na Ballstáit. D’fhéadfaí an baol go ndéanfaí dúbailt ar nósanna imeachta nó go mbeadh nósanna imeachta éagsúla ann a sheachaint dá ndéanfaí an fhoráil sin a neartú agus a chur chun feidhme ar shlí ní ba phraiticiúla, rud a chuirfeadh cosc ar an ‘siopadóireacht dlínse’ agus a chinnteodh go mbeadh cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach. |
|
2.16. |
Nósanna imeachta níos simplí le haghaidh FBManna agus oibreoirí beaga: foráiltear le hAirteagail 10, 62 agus 69 go mbeadh córas scaoilte agus ceanglais speisialta ann le haghaidh eintitis bheaga; chabhródh ionad ilfhreastail arna chomhordú ag EUSPA leis an simpliúchán sin a dhéanamh ar bhealach aonfhoirmeach, rud a shábhálfadh am agus costas. |
|
2.17. |
Ról oibríochtúil EUSPA: le hAirteagal 19 tugtar ról tacaíochta teicniúla agus comhordúcháin do EUSPA. D’fhágfadh ionad ilfhreastail gurbh fhearr a d’fhéadfaí na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, rud a chinnteodh go mbeadh trédhearcacht ann agus go bhféadfadh na hoibreoirí treoir a lorg agus caidreamh a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta. |
|
2.18. |
Tacaíocht don iomaíochas agus don uathriail straitéiseach: d’fhágfadh córas comhchuibhithe láraithe go laghdófaí na bacainní riaracháin, rud a chuirfeadh le cé chomh tarraingteach agus a bheadh an creat rialála Eorpach agus a neartódh ceannaireacht an Aontais Eorpaigh i réimse an spáis. |
|
2.19. |
Comhsheasmhacht leis an dlí idirnáisiúnta: d’fhágfadh an comhordú lárnach agus an t-aitheantas frithpháirteach go n-éascófaí a bheith de réir na n-oibleagáidí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6. Lena chois sin, chuirfí leis an idir-inoibritheacht le cláir dhomhanda ar nós chlár na Náisiún Aontaithe. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.9
|
2.20. |
Déanfar an chuid is mó de na ceanglais oibríochtúla shonracha a shainiú sna gníomhartha cur chun feidhme. D’fhágfadh próiseas rannpháirteach go gcuirfí cosc ar réitigh atá ró-láraithe nó atá ró-scoite ó fhírinne an tionscail agus go gcinnteofaí go ndéanfaí na gníomhartha a chomhchuibhiú go héifeachtach agus go hinbhuanaithe. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.10
|
2.21. |
Tá an-tábhacht le colún na hathléimneachta, ach tá an baol ann go bhfágfaidh an creat reatha go gcruthófar an iliomad oibleagáidí a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile. Trí na rialacha a chomhordú go sainráite, bheadh comhsheasmhacht ann, laghdófaí na costais a bhaineann le comhlíonadh na rialacha agus chuirfí le héifeachtacht na mbeart slándála. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.11
|
2.22. |
Maidir le rochtain a thabhairt d’oibreoirí tríú tíortha ar mhargadh an Aontais, ní mór an chothroime iomaíochta a áirithiú agus spleáchais in earnálacha straitéiseacha a sheachaint. D’fhágfadh nósanna imeachta soiléire go mbeadh intuarthacht bhreise ann do ghnólachtaí agus go mbeadh an tAontas ní ba inchreidte mar údarás rialála. |
Tá sé luaite sa téacs reatha go mbunófaí córas casta ar bhonn comhaontuithe comhair le húdaráis tríú tíortha chun cigireachtaí a cheadú, ach ní shonraítear an mbeadh cumhachtaí díreacha cigireachta ag an Aontas nó conas a chinnteofaí go gcuirfí na rialacha i bhfeidhm lasmuigh den Aontas. D’fhéadfadh bearnaí rialaithe, díospóidí dlínse agus saobhadh margaidh a bheith mar thoradh ar an éiginnteacht sin.
Dá mbunófaí rialacha beachta maidir le haitheantas, faireachán agus forfheidhmiú, chuirfí leis an deimhneacht dhlíthiúil, leis an gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus le cé chomh hinchreidte agus atá an tAontas ar an leibhéal idirnáisiúnta, rud a chosnódh slándáil, inbhuanaitheacht agus iomaíochas earnáil spáis na hEorpa.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.12
|
2.23. |
Is rud dearfach é córas ceangailteach a thabhairt isteach chun lorg comhshaoil na misean spáis a ríomh agus a dheimhniú, ach níor mhór an córas sin a chur chun feidhme go comhréireach. Tá sé thar a bheith tábhachtach acmhainn straitéiseach thionscail na hEorpa a chaomhnú, scileanna teicniúla a chosaint agus tionchar na hearnála ar an bhfostaíocht a neartú, ionas go mbeidh an inbhuanaitheacht comhshaoil ina spreagadh don fhás agus don iomaíochas. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.13
|
2.24. |
Tugtar aitheantas sa Rialachán don ról atá ag teacht chun cinn in FBManna agus déantar foráil ann maidir le bearta cúnaimh theicniúil agus fothaithe acmhainneachta (Airteagail 30-32; leagtar béim in aithris 40 ar an ról atá ag FBManna maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn san earnáil), go háirithe trí EUSPA. Mar sin féin, ní mór an chaoi a gcuimsítear iad sna cláir um sholáthar agus taighde a neartú. |
|
2.25. |
Meastar go mbeidh an acmhainn eacnamaíoch a bheidh i ngníomhaíochtaí na hEorpa sa spás cothrom le EUR 140 billiún in aghaidh na bliana idir seo agus 2050. Tá sé tugtha le fios i dtuarascáil de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh (EPRS) go bhféadfaí suas le EUR 140 billiún de shochair eacnamaíocha dhíreacha agus indíreacha a ghiniúint in aghaidh na bliana idir seo agus 2050 dá ndéanfaí beart éifeachtach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach ó thaobh na reachtaíochta, na tionsclaíochta agus an bhonneagair de. Baineann an luach sin leis na príomhghníomhaíochtaí sa spás (lainseálacha, réaltbhuíonta, seirbhísí GNSS) agus le hearnálacha ar leith, lena n-áirítear an fheirmeoireacht bheacht, an fuinneamh sa spás, an lóistíocht chliste, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide (7). |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.14
|
2.26. |
Aithnítear sa Rialachán an acmhainn shistéamach atá i ngeilleagar an spáis, ach ní mór leas a bhaint as an idirnasc le beartais agus straitéisí Eorpacha (an Comhaontú Glas, an t-aistriú glas agus digiteach, an uathriail straitéiseach). |
|
2.27. |
D’fhéadfadh EUSPA ina cháil mar ghníomhaireacht Eorpach a chuireann réitigh ar fáil d’úsáideoirí diantacaíocht bhreise a thabhairt ar mhaithe le glacadóirí, críochfoirt agus comhpháirteanna eile úsáideora a bhfuil géarghá leo agus atá ‘Déanta san Aontas Eorpach’ a fhorbairt chun cabhrú le réitigh spásbhunaithe san Aontas a scaipeadh ar bhealach trasearnála. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.15
|
2.28. |
Dírítear sa Rialachán ar fhothú acmhainneachta na n-oibreoirí. Gan lucht saothair oilte a bheith ann, ní fhéadfar an t-iomaíochas a rialáil ar dhóigh inbhuanaithe. Tugtar aitheantas sa Rialachán don tábhacht a bhaineann le scileanna, ach tá gá le straitéis struchtúrtha de chuid an Aontais chun daoine oilte a mhealladh. |
|
2.29. |
Trí fhorbairt a dhéanamh ar gheilleagar an spáis cruthófar éiceachórais fostaíochta nua ina mbeifear in ann daoine oilte óga a mhealladh agus an comhtháthú críochach a neartú. De réir mheastacháin EPRS, d’fhéadfadh níos mó ná 1 mhilliún post nua a bheith i gceist faoi 2040 in earnálacha a bhfuil baint acu le geilleagar an spáis, mar shampla an intleacht shaorga, an róbataic, an ríomhaireacht chandamach, an talmhaíocht sa spás agus an ghrianchumhacht sa spás (8). |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.16
|
2.30. |
Is díol sásaimh do CESE an neartú ar ról EUSPA sa Ghníomh um an Spás. Mar sin féin, chun an ról sin a neartú, is gá na hacmhainní airgeadais iomchuí a chur ar fáil. Mura ndéanfar sin, ní fhéadfar na huaillmhianta atá sa Rialachán a fhíorú agus acmhainn oibríochtúil nithiúil a chruthú. |
|
2.31. |
Le Teideal III den rialachán atá beartaithe, tugtar isteach oibleagáidí atá thar a bheith dian ar na Ballstáit. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, acmhainneacht oibríochtúil EUSPA a neartú ionas gur féidir leis cúnamh teicniúil, treoir agus tacaíocht chomhordúcháin a chur ar fáil do na riaracháin náisiúnta. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.17
|
2.32. |
Maidir leis na comhlachtaí teicniúla cáilithe, tá gá le sainmhíniú níos soiléire ar a n-inniúlachtaí agus ar a sásra comhordúcháin chun dúbailt a chosc agus chun rialachas comhsheasmhach a chur chun cinn ar fud an Aontais. |
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.18
|
2.33. |
Leis an Rialachán, tugtar isteach diancheanglais le haghaidh cuideachtaí i réimse an spáis (Airteagail 16 go 26), lena n-áirítear oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht oibríochtaí, inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an chibearshlándáil, agus ba ghá na ceanglais sin a chomhlíonadh sula bhféadfaí údarú a fháil chun gníomhaíochtaí a chur i gcrích sa spás. Céadchéim agus céim thábhachtach i dtreo na rialála atá dírithe ar an bhfreagracht is ea na ceanglais sin, lena n-áirítear an measúnú saolré, pleananna maidir leis an dífhithisiú agus an leanúnachas gnó. Mar sin féin, de thoradh an mhéadaithe ar phríobháidiú na ngníomhaíochtaí sa spás agus teacht chun cinn gníomhaithe tionsclaíocha domhanda i réimse an spáis, ní mór prionsabal na freagrachta sóisialta corparáidí a neartú, lena n-áirítear i gcás chuspóirí an Aontais i réimsí an chomhtháthaithe shóisialta, na hinbhuanaitheachta agus an chothromais maidir leis an rochtain a thugtar ar acmhainní an spáis. |
An Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Séamus BOLAND
(1) D’fhéadfadh EUSPA gníomhú mar mhol oibríochtúil le haghaidh ՚‘ionad ilfhreastail’ an Aontais, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí iarratais na n-oibreoirí, maille leis na measúnuithe teicniúla agus na seiceálacha comhlíontachta, a chomhdhlúthú, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach chaighdeáin bhonnlíne an Aontais a áirithiú agus cearta údaraithe na mBallstát a chaomhnú.
(2) Mar shampla, ba cheart don Choimisiún treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le híomhánna satailíte a úsáid chun dlús a chur le cur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le Meatán.
(3) Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Aerospace & Defence Ecosystem, lgh. 2-3.
(4) Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Aerospace & Defence Ecosystem, lgh. 2-3.
(5) EPRS, EU Capabilities in Space, EPRS_IDA(2025)765792, lch. 7.
(6) Sonraítear an méid a leanas in Airteagal 24 ‘Bunóidh an Ghníomhaireacht Clár an Aontais um Réada Spáis (CARS) chun an méid seo a leanas a chlárú: (a)Oibreoirí spáis an Aontais arna n-údarú [...]; (b) Oibreoirí spáis an Aontais ar eintitis iad [...]; (c) oibreoirí spáis tríú tír; (d) eagraíochtaí idirnáisiúnta [...].’
(7) https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_IDA(2025)765792 .
(8) EPRS_IDA(2025)765792, lgh. 21-23.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/882/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)