Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex
Dokument 52023XG0329(01)
Council Conclusions on the Special Report No. 24/2022 of the European Court of Auditors entitled ‘e-Government actions targeting businesses - Commission’s actions implemented, but availability of e-services still varies across the EU’ 2023/C 114/02
Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal “Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí – Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais.” 2023/C 114/02
Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal “Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí – Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais.” 2023/C 114/02
ST/7498/2023/INIT
IO C 114, 29.3.2023, s. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
29.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 114/2 |
CONCLÚIDÍ ÓN GCOMHAIRLE
maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
dar teideal “Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí – Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais.”
(2023/C 114/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Á MHEABHRÚ DI: a conclúidí maidir le feabhas a chur ar an scrúdú a dhéantar ar thuarascálacha speisialta arna ndréachtú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh (1);
TUGANN SÍ DÁ hAIRE Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal: e-Government actions targeting businesses - Commission’s actions implemented, but availability of e-services still varies across the EU [gníomhaíochtaí r-Rialtais atá dírithe ar ghnólachtaí - gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlacht fós ann ar fud an Aontais maidir le fáil ar ríomhsheirbhísí];
TUGANN SÍ DÁ hAIRE na conclúidí agus na moltaí atá sa Tuarascáil Speisialta;
MEABHRAÍTEAR DI a “Conclúidí maidir le Plean Gníomhaíochta don r-Rialtas 2016-2020: dlús a chur le hathrú digiteach rialtais” (2) lena n-iarrtar spriocanna sonracha, réalaíocha agus intomhaiste sa Phlean Gníomhaíochta agus comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí agus na hionstraimí airgeadais lena mbaineann a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit chun an claochlú digiteach a bhaint amach;
AITHNÍONN SÍ an méid seo a leanas go háirithe:
|
a) |
ní raibh buiséad sannta do Phlean Gníomhaíochta don r-Rialtas 2016-2020 agus, mar a thug CIE faoi deara, bhí cur chun cinn réiteach forbartha teoranta go príomha do na gníomhaíochtaí mar a bhí beartaithe sna gníomhaíochtaí aonair agus do mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit; |
|
b) |
rinne an Coimisiún faireachán ar aschur a ghníomhaíochtaí agus ní dhearna sé faireachán cuimsitheach ar thorthaí ná ar thionchair an phlean gníomhaíochta fhoriomláin sa bhreis ar aschuir na ngníomhaíochtaí aonair; |
MEABHRAÍTEAR DI an comhar maith atá idir an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, maidir le r-Rialtas a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le breis is 10 mbliana anuas, go háirithe trí na Pleananna Gníomhaíochta don r-Rialtas, darb aidhm riaracháin phoiblí a athrú trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach;
IS DÍOL SÁSAIMH DI gur ghlac an Coimisiún le moltaí uile na Tuarascála Speisialta;
MEABHRAÍTEAR DI gur tharraing paindéim COVID-19 aird ar a thábhachtaí atá seirbhísí poiblí digiteacha atá idir-inoibritheach agus athléimneach;
IS DÍOL SÁSAIMH DI gur ghlac an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún an Cinneadh lena mbunaítear Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití”;
IARANN SÍ ar na Ballstáit a dtreochláir agus a gconairí náisiúnta a fhorbairt chun an sprioc a bhaint amach gur cheart príomhsheirbhísí poiblí, mar a shainítear iad sa Chlár Beartais don Deacáid Dhigiteach a bheith ar fáil ar líne faoi 2030;
MEABHRAÍTEAR DI tar éis don Choimisiún an dara tuarascáil maidir le “Staid na Deacáide Digití” a fhoilsiú agus í a fhoilsiú gach dara bliain ina dhiaidh sin, go dtíolacfaidh na Ballstáit lena mbaineann coigeartuithe ar a dtreochláir náisiúnta ina mbeidh beartais, bearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn acu iad a dhéanamh chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach;
IARRANN SÍ ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (3) lena leagtar síos bearta chun ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí a bhaint amach ar fud an Aontais agus an Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (4) a ghlacadh go pras;
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún comhleanúnachas a áirithiú idir na gníomhaíochtaí is gá agus na hionstraimí airgeadais ábhartha a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit claochlú digiteach a seirbhísí poiblí a bhaint amach;
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun seirbhísí r-Rialtais a chur chun cinn go héifeachtach a bheidh dírithe ar ghnólachtaí ar fud an Aontais;
IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar chonclúidí agus moltaí na Tuarascála Speisialta agus molann sí dóibh scrúdú cúramach a dhéanamh ar na moltaí sin.
(1) 7515/00 + COR 1.
(2) 11801/16.
(3) 14973/22.
(4) 9471/21.