Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0829(01)

    Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona 2023/C 305/08

    C/2023/5738

    IO C 305, 29.8.2023, p. 9–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 305/9


    Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

    (2023/C 305/08)

    Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    ‘Emilia-Romagna’

    PDO-IT-02770

    Dáta cur i bhfeidhm: 28.4.2021

    1.   Ainm le clárú

    Emilia-Romagna

    2.   Cineál táisc gheografaigh

    ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.

    Fíon súilíneach

    5.

    Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

    8.

    Fíon leathshúilíneach

    4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto frizzante – catagóir ‘fíon leathshúilíneach’

     

    Cúr: mín, ag tréigean;

     

    Dath: buí ar dhath na tuí le déine éagsúil;

     

    Boladh: boladh bláthach bláthanna bána, sceach gheal nó seasmain uaireanta, beagán aramatach;

     

    Blas: idir tirim agus meántirim, blas torthaíoch de thorthaí buí (úll) nach bhfuil aibí fós, comhchuí, iarracht de shearbhas uaireanta;

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 10,5 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto spumante – catagóir ‘fíon súilíneach’

     

    Cúr: mín, buan;

     

    Dath: buí ar dhath na tuí le déine éagsúil;

     

    Boladh: boladh bláthach bláthanna bána, sceach gheal nó seasmain uaireanta, beagán aramatach;

     

    Blas: lán le blas, boladh torthaí de thorthaí buí (úll) nach bhfuil aibí fós, comhchuí, idir brut nature agus tirim;

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 10,5 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto spumante – catagóir ‘fíon súilíneach ar ardchaighdeán’

     

    Cúr: mín, buan;

     

    Dath: buí ar dhath na tuí le déine éagsúil;

     

    Boladh: boladh bláthach bláthanna bána, sceach gheal nó seasmain uaireanta, beagán aramatach;

     

    Blas: lán le blas, boladh torthaí de thorthaí buí (úll) nach bhfuil aibí fós, comhchuí, idir brut nature agus tirim;

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 10,5 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto – catagóir ‘fíona’

     

    Dath: buí ar dhath na tuí le déine éagsúil, le gealáin ghlasa éadroma uaireanta;

     

    Boladh: boladh bláthach bláthanna bána, sceach gheal nó seasmain uaireanta, galánta;

     

    Blas: idir tirim agus meántirim, blas torthaíoch de thorthaí buí (piorra, úll) aibí, comhchuí, iarracht de shearbhas uaireanta;

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 10,5 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto passito [fíon ó fhíonchaora triomaithe] – catagóir ‘fíona’

     

    Dath: buí órga agus dath ómra ag teacht air le haois;

     

    Boladh: galánta, dian, boladh bláthach bláthanna bána, sceach gheal uaireanta, le blasanna d’almóinn agus phiobar buí, b’fhéidir, fíneáilte;

     

    Blas: idir meánach agus milis, séimh, blas torthaíoch de thorthaí buí aibí (piorra, úll);

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 15 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    12

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto vendemmia tardiva [fíon buainte go déanach] – catagóir ‘fíona’

     

    Dath: buí órga agus dath ómra ag teacht air le haois;

     

    Boladh: boladh dian, bláthach de bhláthanna bána, sceach gheal uaireanta, le blasanna d’almóinn agus de phiobar buí b’fhéidir;

     

    Blas: idir meánach agus milis, blas torthaíoch de thorthaí buí aibí (piorra, úll), séimh, fíneáilte;

     

    Neart alcóil iomlán íosta: 14 % de réir toirte;

     

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 23 g/l.

    Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    12

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

    Fíon leathshúilíneach a dhéanamh

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Cé gur gnách go mbaintear amach coipeadh tánaisteach fíona agus an modh umair (‘Charmat’) á úsáid, úsáidtear an modh sa bhuidéal freisin agus sa chás sin ní mór na fíonta a dhéantar dá bharr a lipéadú mar rifermentazione in bottiglia (‘athchoipeadh sa bhuidéal’) agus d’fhéadfadh go mbeadh roinnt modarthachta orthu mar thoradh ar iarmhair choipthe.

    Fíon súilíneach agus fíon súilíneach ar ardchaighdeán a dhéanamh

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Cé gur gnách go mbaintear amach an coipeadh tánaisteach lena thiontaítear fíon socair agus an modh umair (‘Charmat’) á úsáid, úsáidtear an modh sa bhuidéal (traidisiúnta) freisin i gcomhréir le rialacha an Aontais.

    Fíonóireacht le fíonchaora triomaithe

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Maidir leis na fíonchaora atá le húsáid le fíon ó fhíonchaora triomaithe a dhéanamh ní mór iad a thriomú – ar mhodhanna nádúrtha nó trí chórais a úsáid lena mbaineann teochta atá cosúil leis an bpróiseas triomaithe nádúrtha – sular féidir tús a chur leis an bpróiseas fíonóireachta. Ní mór do na fíonchaora triomaithe neart alcóil nádúrtha de 15 % de réir toirte ar a laghad a bheith acu, gan aon saibhriú. Tá uasteorainn de 50 % leis an ráta d’eastóscadh fíona ó na fíonchaora sin.

    Fíonóireacht i gcás fíona buainte go déanach

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Maidir leis na fíonchaora atá le húsáid le fíon buainte go déanach a dhéanamh ní mór iad a fhágáil ar an bhfíniúin le héirí ró-aibí nó ní mór iad a thriomú – ar mhodhanna nádúrtha nó trí chórais a úsáid lena mbaineann teochta atá cosúil leis an bpróiseas triomaithe nádúrtha – sular féidir tús a chur leis an bpróiseas fíonóireachta. Nuair a chuirtear tús leis an bhfíonóireacht, ní mór do na fíonchaora neart alcóil nádúrtha de 14 % de réir toirte ar a laghad a bheith acu. Tá uasteorainn de 60 % leis an ráta d’eastóscadh fíona ó na fíonchaora sin.

    b.   Táirgeacht uasta

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto, Pignoletto frizzante agus Pignoletto spumante

     

    147 heictilítear in aghaidh an heicteáir

     

    ‘Emilia-Romagna’ Pignoletto passito

     

    45 heictilítear in aghaidh an heicteáir

     

    ‘Emilia-Romagna’vendemmia tardiva

     

    54 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Tá an limistéar críochaithe nach mór fíonta ATFC ‘Emilia-Romagna’ a dhéanamh ann déanta suas de chríoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas laistigh de chúigí Bologna, Modena agus Ravenna:

    Anzola dell’Emilia, Argelato, Bentivoglio, Bologna, Borgo Tossignano, Budrio, Calderara di Reno, Casalecchio di Reno, Casalfiumanese, Castel Guelfo di Bologna, Castel Maggiore, Castel San Pietro Terme, Castello D’Argile, Castenaso, Crevalcore, Dozza, Fontanelice, Granarolo dell’Emilia, Imola, Loiano, Marzabotto, Medicina, Minerbio, Monte San Pietro, Monterenzio, Monzuno, Mordano, Ozzano dell’Emilia, Pianoro, Pieve di Cento, Sala Bolognese, San Giorgio di Piano, San Giovanni in Persiceto, San Lazzaro di Savena, San Pietro in Casale, Sant’Agata Bolognese, Sasso Marconi, Valsamoggia agus Zola Predosa i gCúige Bologna;

    Bastiglia, Bomporto, Campogalliano, Camposanto, Carpi, Castelfranco Emilia, Castelnuovo Rangone, Castelvetro di Modena, Cavezzo, Concordia sul Secchia, Finale Emilia, Fiorano Modenese, Formigine, Guiglia, Maranello, Marano sul Panaro, Medolla, Mirandola, Modena, Nonantola, Novi di Modena, Prignano sul Secchia, Ravarino, S. Cesario sul Panaro, S. Felice sul Panaro, S. Possidonio, S. Prospero sul Secchia, Sassuolo, Savignano sul Panaro, Serramazzoni, Soliera, Spilamberto, Vignola agus Zocca i gCúige Modena;

    agus Faenza, Brisighella, Riolo Terme agus Castel Bolognese i gCúige Ravenna.

    7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

    Pignoletto B.

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    8.1.   Fíonta ‘Emilia-Romagna’ sna catagóirí ‘fíon leathshúilíneach’, ‘fíon súilíneach’, ‘fíon súilíneach ar ardchaighdeán’ agus ‘fíon’

    Tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

    Tagann limistéar táirgthe ATFC ‘Emilia-Romagna’ laistigh de chúigí Modena, Bologna agus Ravenna sa chuid lárnach de réigiún Emilia-Romagna. Tá éagsúlacht ag baint le saintréithe an limistéir ag brath ar airde, agus ar mhaithe le giorracht, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na mánna cothroma agus taobhanna na gcnoc.

    Cumhdaíonn na mánna, atá suite ag airdí idir 2 agus 70 méadar os cionn leibhéal na mara, réimse talún leanúnach gan bhriseadh idir na gleannta a dhéanann Abhainn Secchia agus sruthán Sillaro, a chuimsíonn urláir leithne na ngleannta agus a shroicheann airdí de suas le 150 méadar uaireanta. Cruthaíonn taobhanna na gcnoc limistéar gan bhriseadh a shíneann ó na chéad chnoic suas ar fad go droim na nAipiníní, agus limistéar aistrithe de bhunchnoic san áireamh. Fástar fíniúnacha go príomha ag airdí níos lú na 700 méadar.

    Ó thaobh saintréithe ithreach, is iad an raon leathan de charraigeacha dríodair (gaineamhchloch, créchloch, aolchloch, gipseam, gainimh, comhcheirtleáin) na gnéithe is suntasaí den limistéar). Mar thoradh ar rilíf éagsúil an limistéir, tá na hithreacha scaipthe i bpátrúin chasta mhósáice. Déantar saothrú in ithreacha doimhne atá alcaileach de bheagán nó alcaileach go príomha le huigeacht idir mín agus measartha mín.

    Bíonn méid áirithe athraitheachta i gceist ó thaobh teochtaí. Bíonn an aeráid éagsúil ag brath ar airde, idir teocht te ar thaobhanna na gcnoc (is ábhartha ó thaobh fíniúnacha a fhás) go teocht fuar go hard ar bharr na gcnoc. Tá an aeráid ar na mánna níos ilchríochaí ó thaobh nádúir de, le meánteochta bliantúla de 14-16 °C agus innéacs Winkler de laethanta 2 400 céim, agus bíonn sé gaofar go leor. Ciallaíonn sé sin go bhfaigheann an limistéar neart teasa agus gréine go bhféadann na fíonchaora an aibíocht is fearr a bhaint amach.

    Bíonn an mheánfhrasaíocht bhliantúil idir 600 agus 800 mm agus tarlaíonn sé san fhómhar go príomha agus, ar bhonn níos lú, san earrach. Maolaítear an strus maidir le huisce sa samhradh ag bogthaise choibhneasta ard, fáil uisce dromchla agus doimhne na n–ithreacha, agus an fíoras go bhfaigheann na cnoic níos mó báistí nach mbíonn chomh comhchruinnithe.

    Cabhraíonn na tosca ithreach agus aeráide sin le limistéar iomlán ATFC ‘Emilia Romagna’ a dhéanamh oiriúnach ach go háirithe don fhíonsaothrú.

    Tosca stairiúla agus daonna is ábhartha don nasc

    Bhí an fíonsaothrú go forleathan cheana i limistéar ATFC ‘Emilia-Romagna’ ó bhí ré na Rómánach ann, agus rónna fíniúnacha treoraithe suas crainn bheo – cleachtas a thug na hÉatrúscaigh isteach agus a d’fhorbair muintir na Gaille ina dhiaidh sin. Rud a bhí suntasach ach go háirithe ab ea fás fíniúnacha ag iarshaighdiúirí feachtas míleata sa limistéar a tugadh ager bononiensis air, agus a tháirg fíon leathmhilis ‘blonde’, a bhí sainiúil ach nach raibh milis go leor go mbeadh blas deas air.

    I gcaitheamh na mblianta ó sin, bhí tionchar mór ag gníomhaíocht an duine ar theicnící fíonsaothraithe agus fíonóireachta sa limistéar geografach críochaithe, agus bhí ról ríthábhachtach ag an taighde eolaíochta agus ag forbairt na dteicnící fíonsaothraithe agus fíoneolaíochta.

    I gcaitheamh an ama sin freisin, tá teicnící feirmeoireachta agus saothraithe mionathraithe ag saothróirí fíniúnacha, le cabhair ó na boird draenála agus feabhsaithe talún (Consorzi di Bonifica), a leanann orthu sa lá atá inniu ann ag áirithiú go mbainistítear an córas sreafa agus dáileadh uisce sa limistéar. Seachas fíniúna a threorú suas crainn mar a dhéantaí go traidisiúnta, treoraítear na fíniúna ina dtródaim agus na buinneoga crochta síos, agus úsáid á baint as pátrúin spásála atá dírithe ar táirgeachtaí in aghaidh an heicteáir a theorannú agus cáilíocht fíona a fheabhsú.

    Tá teicnící fíonóireachta forbartha le himeacht ama freisin. Forbairtí atá suntasach ach go háirithe iad na forbairtí atá dírithe ar an táirgeadh fíon leathshúilínigh agus súilínigh atá traidisiúnta i réigiún Emilia-Romagna, agus úsáid mhodh ‘Charmat, le cruacha nua-aimseartha, ag cur anois le próiseas traidisiúnta an choipthe thánaistigh sa bhuidéal.

    8.2.   Fíonta “Emilia-Romagna” sna catagóirí “fíon leathshúilíneach”, “fíon súilíneach” agus fíon súilíneach ar ardchaighdeán’

    Nasc cúisíoch idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach

    Tá saintréithe ceimiceacha agus orgánaileipteacha na bhfíonta leathshúilíneacha, súilíneacha agus na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán múnlaithe ag na tosca ithreach agus aeráide sa limistéar táirgthe, i dteannta thionchar na saothróirí fíniúna a bhfuil beachtú déanta acu i gcaitheamh na mblianta, ar shaintréithe fíoneolaíochta na bhfíonchaor agus ar an teicneolaíocht fíonóireachta. Gné atá ábhartha ach go háirithe é an timpeallacht gheografach, a bhfuil mar shaintréithe di aeráid ilchríochach atá gaofar go leor nó aeráid mheasartha the, i dteannta ithreacha de bhunadh glárach ina bhfuil cion ard cloch duirlinge agus siolta, atá dea-dhraenáilte agus a fhaigheann neart uisce. Toisc thábhachtach eile is ea an t–athrú teochta ó lá go hoíche sa samhradh, a chabhraíonn leis na fíonchaora an aibíocht is fearr a bhaint amach, agus a chaomhnaíonn a gcuid airíonna aramatacha agus aigéadacha uile agus a áirithíonn úire dá bharr sna fíonta a dhéantar.

    Is ar mhánna cothroma agus bhunchnoic limistéar táirgthe ‘Emilia-Romagna’ is mó a dhéantar na fíonta leathshúilíneacha agus súilíneacha, áit a bhfuil an ithir agus an aeráid oirthe níos fearr d’fhás fíonchaor ina bhfuil méid measartha siúcra agus lena ngabhann seirbhe shuntasach.

    Cabhraíonn na haibhneacha agus na srutháin a thagann anuas ó na hAipiníní leis an ithir a choinneáil fuar agus is lú an seans go dtriomófar amach í. Dá thoradh sin, is féidir córais saothraithe níos déine a úsáid agus táirgeachtaí níos airde a fháil in aghaidh an heicteáir. Is é an toradh atá air sin táirgeadh fíonta leathshúilíneacha agus súilíneacha lena ngabhann leibhéal maith aigéadachta, saintréith sainiúil de na fíonchaora sin – d’ainneoin nach bhfuil méid ard alcóil iontu.

    Tá blas na bhfíonta sin measartha aramatach, torthaíoch, agus aigéadacht atá inbhraite go leor ag gabháil leis. Tá an méid díreach ceart den ghné aramatach ag gabháil leo, chomh maith le blasanna searbhais go minic. Tá dlúthnasc idir na hairíonna uile sin agus saintréithe an limistéir, ina bhfuil go leor cré agus gaineamhchloiche.

    Tá ról ríthábhachtach ag saineolas na bhfíonsaothraithe áitiúla – idir an rogha fréamhstoic agus an córas treoraithe a úsáidtear, idir bainistíocht ceannbhrat agus an soláthar uisce a rialáil – i mbainistiú fíonghort. Baineann siad úsáid as na teicnící saothraithe sin chun fíonchaora ardcháilíochta a tháirgeadh ina bhfuil an cothrom díreach ceart idir siúcraí agus comhpháirteanna aramatacha. Is é an toradh air sin fíonta leathshúilíneacha, súilíneacha, agus fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ina bhfuil leibhéal oiriúnach aigéadachta.

    Is é tiontú an fhíona shúilínigh go fíonta leathshúilíneacha, súilíneacha agus fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán an cleachtas fíonóireachta is ionadaí ar an limistéar geografach sin. In Emilia-Romagna, ar a dtugtar ‘áit dhúchais’ fíonta frizzante nó leathshúilíneacha, traidisiún áitiúil seanbhunaithe atá sa phróiseas sin atá forbartha le himeacht ama. Baineann sé leis na cúigí uile atá cumhdaithe ag an limistéar sainithe agus le fíonta a dhéantar ar na mánna agus ar thaobhanna na gcnoc.

    Sa chomhthéacs seo, tháinig na fíonta leathshúilíneacha, súilíneacha agus na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán lena ngabhann sonrúchán ‘Emilia-Romagna’ chun cinn mar thoradh ar nuálaíocht i dteicnící fíonóireachta don fhíon súilíneach, atá athraithe le 40 bliain anuas ón modh sinsearach mar a dhéantaí athchoipeadh fíonta sa bhuidéal go brúchóiriú umair a úsáid. Chuidigh sé sin leis na próisis roghnúcháin agus soiléirithe giosta a dhéanamh níos éifeachtaí, rud lena bhfeabhsaítear a bpróifíl boltanach agus lena dtugtar táirge deiridh atá níos pléisiúrtha. Feabhsaíonn sé sin uathúlacht orgánaileipteach na bhfíonta, go háirithe tríd an úire agus na blasanna bláthacha a tharraingt amach a thagann ó na fíonchaora go bunúsach, rud a léiríonn an fíoras go bhfuil an limistéar áitiúil ina thimpeallacht idéalach chun fíonta a dhéanamh d’fhíonchaora Pignoletto.

    Tá athchoipeadh sa bhuidéal á athbheochan le déanaí, le híomhá athdheartha margaidh lena measctar na teicnící fíonóireachta is fearr le traidisiún áitiúil a théann siar na céadta bliain.

    Is í an ghné de na fíonta leathshúilíneacha agus súilíneacha sin a chiallaíonn dá bharr sin go bhfuil siad uathúil ach tipiciúil ag an am céanna do limistéar fíonóireachta ‘Emilia-Romagna’ – tosca a mhúnlaíonn tarraingt bholtanach na bhfíonta agus a ngalántacht fhoriomlán – an t–idirghníomhú idir na saintréithe den chineál fíonchaoire a úsáidtear agus saintréithe an limistéir áitiúil, in éineacht le saothar agus taithí an duine.

    8.3.   Fíonta ‘Emilia-Romagna ón gcatagóir ‘fíona’

    Nasc cúisíoch idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach

    Tagann na fíonta socra ó fhíonghoirt ar thaobh an chnoic go príomha, áit a mbíonn an táirgeacht in aghaidh an heicteáir níos ísle, agus ina mbíonn fíonchaora le méid siúcra níos airde agus aigéadacht nach bhfuil chomh suntasach céanna mar thoradh ar shaintréithe na hithreach agus na haeráide. Tugann na hathruithe teochta atá mar shaintréith de na gleannta ó dheas ó bhóthar ‘Via Emilia’ bolaithe níos déine – fíneáilte, de bhláthanna bána, agus measartha aramatach – agus ábhar mianaigh inbhraite.

    Tá aeráid ilchríochach, cé go bhfuil sí gaofar go leor, mar shaintréith den timpeallacht gheografach sa limistéar táirgthe. A bhuí leis na teicnící feirmeoireachta ar cuireadh barr feabhais orthu le himeacht ama, tá na hithreacha draenáilte go maith, tugann siad taise leordhóthanach le go sroicheann na fíonchaora an aibíocht is fearr. Cabhraíonn na tosca sin go léir, in éineacht leis an athrú teochta ó lá go hoíche le linn na tréimhse aibithe agus an nochtadh optamach don ghrian a fhaigheann fíonghoirt ar thaobh an chnoic, leis na fíonchaora lena gcuid airíonna aramatacha a choinneáil agus ciallaíonn siad go bhfuil siad go maith ach go háirithe ag siúcraí a charnadh, agus bíonn tionchar ag na gnéithe sin ar shaintréithe na bhfíonta.

    Bíonn ról ríthábhachtach ag saineolas na saothróirí fíniúna anseo freisin. Tá teicnící fíonsaothraithe barrfheabhsaithe acu a chabhraíonn le héifeachtaí an teasa iomarcaigh agus an fháil neamhiontaofa ar uisce a mhaolú atá tagtha chun cinn le deich mbliana anuas, agus é d’aidhm acu fíonchaora den scoth a fhás lena mbaintear amach an cothrom ceart idir siúcraí agus comhpháirteanna aramatacha. Tá sé seo ríthábhachtach chun fíonchaora ardcháilíochta a fháil a fheabhsaíonn airíonna orgánaileipteacha na bhfíonta.

    Ar deireadh, le háirithiú nach gcailltear na saintréithe orgánaileipteacha sonracha de chuid fhíonchaora Pignoletto sa phróiseas fíonóireachta, déantar timthriallta fáiscthe na bhfíonchaor agus teocht agus fad an choipthe a bhainistiú go géarchúiseach. Is é an aidhm atá ann fíonta a tháirgeadh lena ngabhann na saintréithe ar a dtugtar tuairisc, a chuireann le toradh an idirphlé idir na tosca timpeallachta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus na tosca daonna éagsúla, mar thoradh ar an taithí agus na teicnící saothraithe atá barrfheabhsaithe ag oibreoirí in earnáil an fhíona diaidh ar ndiaidh.

    Faightear fíonta passito (fíonchaora triomaithe) agus vendemmia tardiva (buainte go déanach) tríd na fíonchaora a thriomú nó iad a fhágáil le héirí ró-aibí ar an bhfíniúin. I dteannta leis an tionscnamh geografach, múnlaíonn sé sin saintréithe sonracha na dtáirgí sin.

    Sna blianta nuair is féidir, de réir na haimsire, is féidir fíonchaora Pignoletto a fhástar ar na fánaí is mó a bhfuil a n-aghaidh ó dheas – i.e. na cinn is mó atá nochta don ghrian – a fhágáil le triomú ar an bhfíniúin nó i dtrádstóras agus ansin fíon ó fhíonchaora triomaithe nó fíon buainte go déanach a dhéanamh leo. Cuireann na fánaí is mó atá nochta don ghrian, agus sruthchúrsaí in aice leo a áirithíonn bogthaise shíoraí, san oíche ach go háirithe, na dálaí foirfe ar fáil le go dtiocfaidh ‘lobhadh uasal’ ar fhíonchaora, ionas gur féidir fíon a tháirgeadh ó na fíonchaora sin atá buailte ag botrytis.

    Tugann na dálaí sin airíonna sonracha do na fíonta, amhail a mboladh dian agus fíneáilte (bláthach, de bhláthanna bána, agus torthaíoch, de thorthaí buí aibí), blas measartha nó milis atá te, comhchuí agus veilbhitiúil le méid ard alcóil iomláin agus aigéadacht mheasartha, agus na fíonchaora triomaithe nó ró-aibí ag gníomhú in aghaidh na mblasanna searbhais san iarbhlas.

    Ní mór na fíonchaora atá le triomú le haghaidh na bhfíonta sin a phiocadh de láimh, agus na triopaill is fearr á roghnú a fhéadann an próiseas triomaithe a sheasamh. Ní hé an méid siúcra an t–aon toisc amháin a chuirtear san áireamh – is tábhachtach an aigéadacht mhaith freisin don bhuaint. Caomhnaítear na fíonchaora iomlána i dtimpeallacht an-aeráilte agus déantar faireachán ar a riocht go mbrúitear iad.

    I gcás go bhfágtar na fíonchaora le héirí ró-aibí ar an bhfíniúin, cuirtear an bhuaint siar go bhfuil siad triomaithe go nádúrtha, próiseas nach mór don saothróir fíona aird ar leith a thabhairt air.

    Ní mór do na saothróirí fíona bheith an-oilte agus an-tiomanta freisin sna céimeanna a leanann an triomú i.e. na fíonchaora a bhrú, coipeadh mall i gcascaí beaga, agus na próisis aosaithe sa bhairille agus sa bhuidéal.

    9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

    Maolú ar fhíonóireacht sa limistéar geografach críochaithe

    Creat dlíthiúil:

    I Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Maolú ar an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Agus an maolú á chur i bhfeidhm dá bhforáiltear le hAirteagal 5(1)(a) agus (b) de Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/33, féadfar na próisis fíonóireachta – lena n–áirítear coipeadh tánaisteach chun fíonta leathshúilíneacha, fíonta súilíneacha agus fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh – a chur i gcrích freisin i mbunaíochtaí atá suite in aice láimhe leis an limistéar críochaithe (ar fud chríoch riaracháin chúige Bologna) agus in aonaid riaracháin chomharsanacha (ar fud chríoch riaracháin na gcúigí Modena, Ravenna, Forlì-Cesena agus Reggio Emilia), chomh maith leis an limistéar táirgthe críochaithe.

    Áirithítear leis sin go gcuirtear san áireamh traidisiún seanbhunaithe na táirgeachta ag oibreoirí sna limistéir sin.

    Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

    Creat dlíthiúil:

    I Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Tá buidéalú teoranta don limistéar críochaithe mar gheall ar an ngá atá le cáilíocht fíonta ATFC ‘Emilia-Romagna’ a chosaint, a dtionscnamh a ráthú agus a áirithiú go bhfuil rialuithe tráthúil, éifeachtúil agus costéifeachtach.

    Dá ndéanfaí fíon ATFC ‘Emilia-Romagna’ a iompar agus a chur i mbuidéil lasmuigh den limistéar táirgthe d’fhéadfadh go mbainfí dá cháilíocht, agus é neamhchosanta ar imoibriú ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin, athruithe tobanna ar theocht agus éilliú micribhitheolaíoch, a fhéadann cur isteach ar a shaintréithe fisiceacha agus ceimiceacha (aigéadacht iomlán íosta, eastóscán íosta saor ó shiúcra, etc.) agus a chuid saintréithe orgánaileipteacha (dath, boladh agus blas).

    Dá fhaide a thaistealaíonn an fíon is ea is mó atá na rioscaí sin.

    I gcodarsnacht leis sin, má dhéantar an buidéalú sa limistéar tionscnaimh agus mura n-iompraítear baisceanna fíona ach thar achair ghearra nó mura n-iompraítear iad ar chor ar bith, cuidíonn sin le saintréithe agus cáilíocht an táirge a choinneáil slán.

    Ciallaíonn na gnéithe sin, atá nasctha le taithí agus eolas teicniúil agus eolaíoch fairsing ar cháilíochtaí sonracha na bhfíonta atá forbartha ag déantóirí fíonta ATFC ‘Emilia-Romagna’ le roinnt blianta, gur féidir buidéalú a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh leis na teicnící is fearr, atá dírithe ar na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha go léir a chaomhnú atá leagtha síos sa tsonraíocht táirge le haghaidh na bhfíonta sin.

    Cúis eile le buidéalú a shrianadh chuig an limistéar táirgthe is ea a áirithiú go bhféadann na comhlacht inniúil rialú a dhéanamh ar bhealach chomh héifeachtach, chomh héifeachtúil agus chomh costéifeachtach agus is féidir – dálaí nach féidir a ráthú an oiread céanna lasmuigh den limistéar táirgthe.

    Laistigh den limistéar táirgeachta, is féidir leis an gcomhlacht rialaithe a iniúchtaí a phleanáil chun a áirithiú go dtugann sé cuairteanna tráthúla ar na gnólachtaí ábhartha ar fad agus go bhfuil fíon ATFC ‘Emilia-Romagna’ á bhuidéalú, i gcomhréir leis an bplean rialaithe is infheidhme.

    Tá sé mar aidhm leis seo a sheiceáil go córasach nach bhfuil ach baisceanna d’fhíon ATFC ‘Emilia-Romagna’ á gcur i mbuidéil go hiarbhír, rud a fhágann gur féidir na torthaí is fearr a bhaint amach ó thaobh éifeachtacht na rialaithe agus an costas le haghaidh na dtáirgeoirí a choinneáil réasúnta, d’fhonn an ráthaíocht is mó maidir le barántúlacht an fhíona phacáistithe a thabhairt do thomhaltóirí.

    Ina theannta sin, de bhun na reachtaíochta náisiúnta atá ann faoi láthair agus chun cearta atá ann cheana a chosaint, is féidir le cuideachtaí buidéalaithe iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh chun leanúint de bhuidéalú ar a n-áitreabh atá suite lasmuigh den limistéar críochaithe tríd an iarratas ábhartha a chur faoi bhráid na hAireachta Talmhaíochta, an Bhiafhlaithis agus na bhForaoisí agus trí dhoiciméadacht a sholáthar lena gcruthaítear gur bhuidéalaigh siad na fíonta ar feadh 2 bhliain ar a laghad – ní gá go mbeadh 2 bhliain as a chéile i gceist – as na 5 bliana díreach roimh aitheantas a thabhairt do ‘Emilia-Romagna’ mar ATFC.

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/16835


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


    Top