Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0317(02)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 101/08

    PUB/2023/39

    IO C 101, 17.3.2023, p. 51–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 101/51


    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2023/C 101/08)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

    FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

    “Conca de Barberà”

    PDO-ES-A1422-AM04

    Dáta teachtaireachta: 20.12.2022

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

    1.   Laghdú ar an neart alcóil agus méadú ar aigéadacht luaineach

    TUAIRISC

    Laghdaíodh neart alcóil iarbhír íosta agus neart alcóil iomlán íosta de réir toirte fíonta a tháirgtear faoin STFC “Conca de Barberà”.

    Méadaíodh aigéadacht luaineach iarbhír arna léiriú mar aigéad aicéiteach.

    Baineann an leasú seo le pointe 2.2, Saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha, den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.

    Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

    CÚISEANNA

    San am atá thart, bhí neart íseal alcóil sna fíonta a táirgeadh in Conca de Barberà, rud a fhágann go ndearnadh iad as cineálacha fíonchaoire a tháirg meánleibhéil alcóil.

    Bhí Conca de Barberà liostaithe cheana in Ord an 27 Iúil 1972 mar limistéar le haghaidh “vinos enverados” [fíonta íseal in alcól “glasa”].

    Luaitear i saothar tagartha 1981 Manual de Vinos españoles ag José Peñín neart alcóil measartha fíonta Conca de Barberà (an neart is ísle sa Chatalóin) i measc cáilíochtaí eile.

    Is fíor é, go stairiúil, mar gheall ar dálaí aeráide Conca de Barberà, nár aibigh fíonchaora go hiomlán agus go raibh neart alcóil measartha ag na fíonta. Inniu, áfach, i ngeall ar an athrú aeráide, bíonn an bhuaint níos athraithí agus bíonn fíonta a mbíonn neart alcóil íseal acu mar thoradh air sin.

    Maidir le luaineacht, níos mó ná riamh, bíonn saothróirí cláraithe fíniúna an STFC Conca de Barberà urramach don chomhshaol. Tá fíonghoirt orgánacha ag éirí níos coitianta, a mbíonn claonadh chun níos lú táirgí sláinte plandaí a úsáid san fhíonghort mar thoradh air. Dá dheasca sin, bíonn níos mó miocrorgánaigh ag fíonchaora. Nuair a tharlaíonn coipeadh alcólach, méadaítear aigéadacht luaineach na bhfíonta.

    2.   An eisceacht ag a mbíonn feidhm ar fhíonta dearga déanta as an gcineál amháin Trepat a scriosadh

    TUAIRISC

    Scriosadh an eisceacht ag a raibh feidhm ar an neart alcóil íosta (iarbhír agus iomlán) d’fhíonta déanta as an gcineál amháin Trepat.

    Baineann an leasú seo le pointe 2.2, Saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha, den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.

    Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

    CÚISEANNA

    Maidir le fíonta dearga déanta as an gcineál amháin Trepat, bhí neart alcóil iarbhír íosta agus neart alcóil iomlán de réir toirte níos ísle: 11 % seachas an teorainn a bhíonn ann de ghnáth de 11.5 %. Tá an neart alcóil iarbhír íosta agus neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta go léir a táirgeadh, lena n-áirítear fíonta dearga déanta as an gcineál amháin Trepat, laghdaithe anois. Fágann sé sin go bhfuil an neart íosta iarbhír de réir toirte mar an gcéanna le haghaidh na bhfíonta dearga go léir.

    3.   Dhá chineál a chur leis

    TUAIRISC

    Cuireadh na cineálacha Querol agus Garro leis.

    Leasaíodh pointe 6 den tsonraíocht táirge, ach ní dhéantar difear don doiciméad aonair, mar gur cuireadh isteach mar chineálacha tánaisteacha iad.

    Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

    CÚISEANNA

    Ar iarratas ó fhíonlann sa limistéar, agus i bhfianaise na staidéar a rinne INCAVI (Institiúid Fíniúna agus Fíona na Catalóine), cinneadh na cineálacha dearga Querol agus Garro a áireamh sa tsonraíocht le haghaidh STFC Conca de Barberà. Tugtar Mandó ar Garro freisin.

    Léirítear leis na staidéir, mar gheall ar an acmhainneacht le haghaidh alcóil agus datha atá acu, tugann siad féidearthachtaí maithe le haghaidh fíonóireachta, mar fhíonta aonchineálacha agus mar fhíonta measctha. Tá aithne ar Querol mar gheall ar a déine blais agus a cáilíocht datha, ag táirgeadh fíonta ar ardchaighdeán. Chomh maith le dea-bholaithe plandaí, tugann Garro dea-bholaithe torthaí úra agus suibhe. Creidimid dá bhrí sin go mbeidh na fíonta déanta as na cineálacha sin ina bhfíonta ar ardchaighdeán.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm(neacha)

    Conca de Barberà

    2.   Cineál táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí táirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    3.

    Fíon licéir

    5.

    Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

    8.

    Fíon leathshúilíneach

    4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

    1.   Fíon geal agus fíon rosé

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Táirgthe go heisiach trí choipeadh alcólach iomlán nó páirteach ó fhíonchaora úra, a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh a bheith brúite, nó ó úrfhíon fíonchaor.

    Geal: idir dath buí éadrom scothghlas go an-órga. Glan agus geal gan aon mhodarthacht. Dea-bholaithe príomha den chuid is mó a bhíonn iontu. Éadrom agus úr sa bhéal agus iad óg.

    Rosé: dath fíor-dhearg le ruainnín sailchuaiche agus fordhathanna chraiceann an oinniúin go dtí toin oráiste, ag brath ar an leibhéal aosaithe. Baineann boladh láidir leo, agus blasanna bláthacha agus/nó torthaíocha diana orthu agus iad óg, agus ruainnín fanaile b’fhéidir nuair a aosaítear i mbairille iad.

    *

    Dé-ocsaíd sulfair uasta: 200 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir; 250 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin.

    *

    Beidh feidhm ag an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha maidir le teorainneacha paraiméadar nach gcumhdaítear.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

     

    Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

    10

    Aigéadacht iomlán íosta

    3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Aigéadachta luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    2.   Fíon dearg

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Táirgthe go heisiach trí choipeadh alcólach iomlán nó páirteach ó fhíonchaora úra, a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh a bheith brúite, nó ó úrfhíon fíonchaor. Is féidir an dath a bheith idir dath caordhearg dian le himreacha corcairghoirm agus dath an rúibín le himir ócair. Bíonn dea-bholaithe tréana glana air, na fíonta óga torthaíocha ar bhealach suntasach, agus le blasanna fanaile, tósta agus spíosraí ag méadú le haosú i mbairille.

    *

    Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir; 200 milleagram in aghaidh an lítir i gcás ina bhfuil an méid siúcra 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin.

    *

    Beidh feidhm ag an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha maidir le teorainneacha paraiméadar nach gcumhdaítear.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

     

    Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

    10,5

    Aigéadacht iomlán íosta

    3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Aigéadachta luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    20

    Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    3.   Fíon licéir

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Cuimsítear leis na fíonta raon leathan fordhathanna, ag forbairt ó na cinn is teimhní agus is déine go dtí taobh eile an speictrim le haghaidh fíon dearg agus geal, ag dul i leith an ómra fiú de réir an leibhéil aosaithe. Bíonn teas bog ag na fíonta, agus dea-bholaithe níos torthaíche nuair nach n-aosaítear i mbairille iad. Bíonn blasanna d’aildéad agus de thorthaí triomaithe ag fíonta a aosaíodh i mbairillí iad. Bíonn siad te, thar a bheith uigithe agus marthanach sa bhéal.

    *

    Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 milleagram in aghaidh an lítir i gcás inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir; 200 milleagram in aghaidh an lítir i gcás ina bhfuil an méid siúcra 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin.

    *

    Beidh feidhm ag an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha maidir le teorainneacha paraiméadar nach gcumhdaítear.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

     

    Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

    15

    Aigéadacht iomlán íosta

    ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

    Aigéadachta luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    33,33

    Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Ní mór an dath a bheith lena bhfuil coinne i gcás fíonta geala, rosé agus dearg, agus ní mór gurb iad na dea-bholaithe úra agus torthaíocha is gnách do na cineálacha óna dtáirgtear iad atá orthu. Tá siad úr, uachtarúil agus cothromaithe sa bhéal.

    *

    Beidh feidhm ag an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha maidir le teorainneacha paraiméadar nach gcumhdaítear.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

     

    Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

    9,5

    Aigéadacht iomlán íosta

    3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

    Aigéadachta luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

    185

    5.   Fíon leathshúilíneach

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Ní mór don dath bheith mar a thuairiscítear le haghaidh na bhfíonta geala agus/nó rosé, ach le dé-ocsaíd charbóin iontu chomh maith. Ní mór do a bheith láidir, torthaíoch agus/nó bláthach. Cothromaithe agus úr sa bhéal, le braistint bheag de dhrithlíní mar gheall ar scaoileadh dé-ocsaíde carbóin.

    *

    Dé-ocsaíd sulfair uasta: 200 milleagram in aghaidh an lítir (i gcás fíonta geala agus rosé) agus 150 milleagram in aghaidh an lítir (i gcás fíonta dearga) inar lú an méid siúcra ná 5 ghram in aghaidh an lítir; 250 milleagram in aghaidh an lítir (i gcás fíonta geala agus rosé) agus 200 milleagram in aghaidh an lítir (i gcás fíonta dearga) ina bhfuil an méid siúcra 5 ghram in aghaidh an lítir nó cothrom leis sin.

    *

    Beidh feidhm ag an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha maidir le teorainneacha paraiméadar nach gcumhdaítear.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

     

    Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

    9

    Aigéadacht iomlán íosta

    ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

    Aigéadachta luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

    1.   

     

    Srian maidir le fíon a dhéanamh

    Ní mór na fíonchaora a bhaint go han-chúramach. Ní fhéadfar ach fíonchaora atá aibí a ndóthain chun fíonta a tháirgeadh a bhfuil neart alcóil nádúrtha 9 % ar a laghad iontu a úsáid le haghaidh an STFC. Ní fhéadfaidh an táirgeacht a bheith níos mó ná 70 lítear d’úrfhíon nó d’fhíon in aghaidh gach 100 cileagram d’fhíonchaora a bhaintear.

    5.2.   Uastáirgeacht

    1.

     

    12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    2.

     

    84 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Tá an limistéar comhdhéanta de dháileachtaí fíonghort lonnaithe laistigh de na bardais nó de na limistéir gheografaigh seo a leanas:

     

    Barberà de la Conca

     

    Blancafort

     

    Conesa

     

    L’Espluga de Francolí

     

    Forès

     

    Montblanc

     

    Pira

     

    Rocafort de Queralt

     

    Sarral

     

    Senan

     

    Solivella

     

    Vallclara

     

    Vilaverd

     

    Vimbodí

    I mbardas Vilanova de Prades, na dáileachtaí clárlainne 11, 16, 20, 21 agus ceapach 23 de dháileacht chlárlainne 10.

    I mbardas Cabra del Camp, dáileacht 1, ceapacha 13, 15, 18, 28, 29, 34, 66 agus 77. Dáileacht 4, ceapacha 35 agus 51.

    I mbardas Aiguamúrcia, dáileacht 35, ceapach 14; dáileacht 36, ceapach 1; dáileacht 41, ceapach 13.

    Tá na ceapacha dá dtagraítear sna bardais Cabra del Camp agus Aiguamúrica lasmuigh de theorainneacha STFC Conca de Barbera. Go stairiúil, áfach, ba mhaoin de chuid na gcomhpháirtithe i bhfíonlann Barbera de la Conca, SCCL agus/nó soláthróirí do Bodegas Concavins, SA. Féadfar iad a úsáid dá bhrí sin i dtáirgeadh fíonta a chosnaítear le STFC “Conca de Barbera” áit ina gcomhlíonann siad freisin na ceanglais seo a leanas:

    Úsáideadh Fíonchaora ó na heastáit réamhluaite sna fíonlanna réamhluaite roimh 1 Eanáir 1989.

    Leanfaidh an t-údarú sin de bheith i bhfeidhm fad atá úinéireacht na bhfíniúnacha réamhluaite ag na húinéirí reatha nó a sliochtaigh dhíreacha. Measfar mar údarú indibhidiúil é a bheidh le seiceáil go haonarach.

    7.   Cineál/cineálacha fíonchaor

     

    MACABEO - VIURA

     

    TEMPRANILLO – ULL DE LLEBRE

     

    TREPAT

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    8.1.   Fíon

    Cuidíonn aeráid na Meánmhara a mhaolaítear le séimhe chósta Tarragona, ilchríochach na limistéar thart ar Lleida agus an difríocht suntasach teochta istoíche agus i rith an lae fíonta geala éadroma ar ardcháilíocht a tháirgeadh a mbíonn dea-bholadh torthaíoch mín orthu agus leibhéil réasúnta íseal alcóil acu. Bíonn na fíonta rosé éadrom, torthaíoch agus úr mar gheall ar an aigéadacht measartha íseal a bhíonn iontu. Bíonn na fíonta óga dearga mín, éadrom agus blasta sa bhéal. Bíonn níos mó tathaig sna fíonta dearga aosaithe agus baineann siad castacht aramatach mhór agus fad amach.

    Tugann na hithreacha Conca de Barberà ina bhfuil dúrabhán sioltach agus dúrabhán cré iontu tathag agus struchtúr do na fíonta geala mar a thugann siad do na fíonta dearga agus rosé. Déanann na léibhinn abhann na fíonta geala agus rosé níos boige, agus tugann na hithreacha scealla, lena bhflúirse de shlinne, níos mó datha agus struchtúr níos fearr.

    8.2.   Fíon súilíneach agus fíon leathshúilíneach ar ardchaighdeán

    Cré-aolchloiche atá sna hithreacha is sainiúla a aimsítear i Conca de Barberà. Tugann siad tathag agus struchtúr do na fíonta súilíneacha agus fíonta leathshúilíneacha araon. Ar an taobh eile, tugann na léibhinn abhann, níos mó boige dóibh.

    8.3.   Fíon licéir

    Tugann ithreacha scealla an limistéir dath agus struchtúr níos fearr do na fíonta licéir.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

     

    Creat dlíthiúil

     

    Sa reachtaíocht náisiúnta

     

    Cineál an choinníll bhreise

     

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

     

    Tuairisc ar an gcoinníoll

    Ní mór pacáistíocht a shainaithint go haonarach le séala bunaithe an STFC agus le huimhir aonair uathúil ar gach pacáiste. Sanntar an uimhir de réir baisce san fhíonlann tráth an phacáistithe.

    Níor cheart airde na gcarachtar a úsáidtear Conca de Barberà a léiriú a bheith níos mó ná 4 mhilliméadar, nó leath an airde sin le haghaidh na bhfocal “Denominación de Origen” (sonrúchán tionscnaimh).

    Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar an lipéad:

    Ainm an bhardais a luaitear san fhaisnéis maidir leis an mbuidéalaí nó an iompróir.

    An neart alcóil iarbhír de réir toirte sloinnte in aonaid nó leath-aonaid a chéatadáin de réir toirte, agus an giorrúchán % toirte ina dhiaidh.

    Ráiteas, i gcás inarb infheidhme, maidir le láithreacht suilfítí sa táirge buidéalaithe.

    Uimhir chlárúcháin i gClár Buidéalaithe na Roinne Talmhaíochta, Beostoic, Iascaigh, Bia agus Comhshaoil.

    Má úsáidtear ainm trádála, ní mór dó a bheith suite sa réimse amhairc agus cláraithe, roimh ré le hOifig Paitinní agus Trádmharcanna na Spáinne. Ní mór fógra a thabhairt faoin gclárúcháin seo don Chlár Buidéalaithe na Roinne Talmhaíochta, Beostoic, Iascaigh, Bia agus Comhshaoil.

    Féadfar an bhaiscuimhir a chur taobh amuigh den réimse amhairc ina bhfuil an fhaisnéis éigeantach le feiceáil.

    Ainm cineáil, más rud é go bhfuil 85 % nó níos mó de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a tháirgeadh den chinéal seo.

    Ainmneacha suas le trí chinéal, ar choinníoll go ndéantar an fíon atá i gceist de na trí chinéal sin, agus i gcónaí in ord íslitheach ó thaobh céatadáin sa chumasc.

    Má tá níos mó ná trí chinéal ann, is féidir iad a lua lasmuigh den réimse amhairc ina bhfuil an fhaisnéis éigeantach le feiceáil i gcónaí in ord íslitheach ó thaobh céatadáin sa chumasc.

    Bliain na buainte, más rud é gur baineadh 85 % nó níos mó de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a tháirgeadh sa bhliain atá le lua sa tuairisc.

    Maidir le hainmniú fíonta le hainm an tsaothróra fíniúna nó an eastáit, ní mór don fhíon teacht as fíniúna a d’fhás an saothróir fíniúna sin nó a bheith cláraithe leis an eastát, agus a bheith déanta go heisiach as barra an tsaothróra fíniúna amháin agus ar an eastát faoi seach.

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    http://incavi.gencat.cat/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/Plec-de-Condicions-DOCB-control-canvis.pdf


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top