Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC01504

    Fógra ón gCoimisiún maidir le treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chosc, a rialú agus a dhíothú ('Treoirlínte ASF')

    C/2023/7855

    IO C, C/2023/1504, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1504

    18.12.2023

    FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

    maidir le treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chosc, a rialú agus a dhíothú ('Treoirlínte ASF')

    (C/2023/1504)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    Ábhar

    GIORRÚCHÁIN 3
    SAINMHÍNITHE 3
    RÉAMHRÁ 4

    I.

    PRÍOMHREACHTAÍOCHT AN AONTAIS A BHAINEANN LE ASF 4

    II.

    MUC-AINMHITHE ATÁ AR COIMEÁD 5

    1.

    Ginearálta 5

    2.

    Bearta breise maidir le ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád a chosc, a rialú agus a dhíothú 5

    2.1.

    Múscailt feasachta 6

    2.2.

    Bearta bithshlándála 6

    2.3.

    Muc-ainmhithe a choinneáil faoin aer i gcriosanna srianta II agus III 6

    2.4.

    Cuairteanna rialta ó thréidlianna oifigiúla 6

    2.5.

    Measúnú riosca maidir le beatha 6

    2.6.

    Sampláil agus tástáil 7

    III.

    MUC-AINMHITHE FIÁINE 7

    1.

    Ginearálta 7

    2.

    Bearta breise maidir le ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú 8

    2.1.

    Baoiteáil: 8

    2.2.

    Bearta bithshlándála i limistéir atá buailte ag an ngalar agus le linn fiaigh 8

    2.3.

    Bailiú na bpríomhshonraí 9

    2.4.

    Comhar 9

    2.5.

    Ciondíothú 9

    2.6.

    ‘Criosanna bána’ a bhunú 9

    2.7.

    Fálú 9

    2.8.

    Fiach 10

    2.9.

    Faireachas éighníomhach, lena n-áirítear muc-ainmhithe fiáine marbha a chuardach agus conablaigh a láimhseáil 10

    2.10.

    Rochtain shrianta ar chriosanna ionfhabhtaithe 10

    2.11.

    Srianta ar an mbeathú marthanach 10

    2.12.

    Sampláil agus tástáil 11

    2.13.

    Gaisteoireacht 11

    3.

    Bearta a chur i bhfeidhm i limistéir éagsúla nó i gcriosanna srianta éagsúla. 11

    3.1.

    Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i limistéir nach bhfuil ASF iontu agus nach bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta 11

    3.2.

    Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i limistéir nach bhfuil ASF iontu (lena n-áirítear crios srianta I), limistéir a bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán ASF 12

    3.3.

    Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcriosanna nua ionfhabhtaithe chun ASF a dhíothú 12

    3.4.

    Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcriosanna leathana ionfhabhtaithe chun ASF a rialú 14

    IV.

    Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation in the EU [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach]. 14

    IARSCRÍBHINNÍ

    Iarscríbhinn I –

    Príomhtheachtaireachtaí le haghaidh feachtais ardaithe feasachta sna Ballstáit 18

    Iarscríbhinn II -

    Bearta bithshlándála le haghaidh fiagaithe agus le haghaidh gach ball foirne a bheidh ag cuardach agus ag láimhseáil conablaigh muc-ainmhithe fiáine 21

    Iarscríbhinn III -

    muc-ainmhithe fiáine a shampláil agus conablaigh muc-ainmhithe fiáine a thógáil sna Ballstáit lena mbaineann 22

    Iarscríbhinn IV –

    Achoimre ar na moltaí a bhaineann le muc-ainmhithe fiáine mar a thuairiscítear i gCaibidil III 23

    GIORRÚCHÁIN

    Ab

    Antasubstaintí

    AHL

    Rialachán (AE) 2016/429

    ASF

    Fiabhras Afracach na muc

    Treoirlínte ASF

    Treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chosc, a rialú agus a dhíothú

    ASFV

    Víreas fhiabhras Afracach na muc

    Rialachán ASF

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (1) lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605

    EFSA

    An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

    ELISA

    Measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha

    AE

    an tAontas Eorpach

    STAE

    Saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh ASF (2)

    EUVET

    Foireann Éigeandála Tréidliachta an Aontais (3)

    FAO

    Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe

    GF-TADanna

    An Creat Domhanda um Rialú Forchéimnitheach Ghalair Thrasteorann Ainmhithe

    IPT

    Measúnacht imdhíon-sárocsaíodáise aonchisil

    NAPanna

    Pleananna gníomhaíochta náisiúnta le haghaidh muc-ainmhithe fiáine chun leathadh fhiabhras Afracach na muc san Aontas a sheachaint mar a leagtar síos in Airteagal 56 agus in Iarscríbhinn IV de Rialachán ASF.

    WOAH

    An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe

    PAFF

    Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha

    ISP

    Imoibriú slabhrúil polaiméaráise

    SGE maidir le ASF

    Buanghrúpa Saineolaithe maidir le fiabhras Afracach na muc

    SAINMHÍNITHE

    Úsáidtear na sainmhínithe seo a leanas chun críche na dtreoirlínte seo:

    Baoiteáil: ciallaíonn sé sin an cleachtas maidir le méideanna teoranta beatha (e.g. arbhar Indiach) nó mealltóirí eile a úsáid chun muc-ainmhithe fiáine a mhealladh isteach i limistéar áirithe (limistéar ainmnithe a gcuirtear beatha nó mealltóirí eile ann), áit ar féidir na hainmhithe sin a fhiach nó a ghabháil ina dhiaidh sin.

    Ciondíothú: ciallaíonn sé sin muc-ainmhithe fiáine a mharú chun an conablach a dhiúscairt gan é a chóiriú.

    Gaisteoireacht: ciallaíonn sé sin muc-ainmhithe fiáine a ghabháil le gaistí.

    Beathú leanúnach muc-ainmhithe fiáine: ciallaíonn sé sin an cleachtas maidir le beatha a chur ar fáil do mhuc-ainmhithe fiáine i limistéar ar leith thar thréimhse fhada ama chun tacú le marthanas nó le fás saorga dhaonra na n-ainmhithe sin.

    RÉAMHRÁ

    Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a d’fhorbair treoirlínte ASF agus tá siad gan dochar do reachtaíocht infheidhme an Aontais. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í sin amháin atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.

    Is é is aidhm don doiciméad seo treoir a thabhairt do na Ballstáit agus/nó do pháirtithe leasmhara maidir leis na huirlisí atá ar fáil chun ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú mar fhreagairt ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair sin san Aontas agus ar fud an domhain.

    Déantar tagairt do na treoirlínte ASF sin i Rialachán ASF:

    aithris 5 (maidir le prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach san Aontas);

    Airteagal 59(3)(b) (maidir le hoibleagáidí speisialta faisnéise na mBallstát uile i dtaca le ASF);

    pointe (c) d’Iarscríbhinn IV (maidir leis na híoscheanglais le haghaidh pleananna gníomhaíochta náisiúnta i ndáil le muc-ainmhithe fiáine chun leathadh ASF san Aontas a sheachaint).

    Le Treoirlínte ASF déantar an méid seo a leanas:

    foráil a dhéanamh maidir le faisnéis faoi fhorálacha dhlí an Aontais atá ann cheana;

    dea-chleachtais maidir le bainistiú ASF a léiriú agus a spreagadh;

    comhairle a chur ar fáil maidir le bearta sonracha (bearta nach leagtar síos i reachtaíocht an Aontais) i ndáil le ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú san Aontas;

    foráil a dhéanamh maidir le prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach san Aontas.

    Féadfar treoirlínte ASF a chur in oiriúint do riachtanais na mBallstát nó na réigiún, sa chaoi go dtabharfar aghaidh ar leibhéil éagsúla rioscaí mar a shainítear sna measúnuithe riosca (4) arna ndéanamh ag gach Ballstát, agus struchtúr na n-údarás inniúil tréidliachta agus na n-údarás eile, an reachtaíocht náisiúnta agus sainiúlachtaí eile ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil á gcur san áireamh.

    Forbraíodh treoirlínte ASF agus tugtar cothrom le dáta iad de réir mar is gá, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

    caighdeáin idirnáisiúnta (5);

    measúnuithe eolaíocha (go príomha mar a chuireann EFSA i láthair iad (6));

    dea-chleachtais agus taithí na mBallstát agus tíortha eile, agus misin agus moltaí EUVET;

    aon fhaisnéis ábhartha eile.

    I.   PRÍOMHREACHTAÍOCHT AN AONTAIS A BHAINEANN LE ASF

    Tá achoimre sa tábla thíos ar an reachtaíocht AE is ábhartha a bhaineann le ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú:

    Uimh.

    Teideal

    Príomhaidhm an ghnímh dhlíthiúil

    Nótaí tráchta

    1.

    Rialachán (AE) 2016/429  (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe

    Creat dlíthiúil cothrománach maidir le sláinte ainmhithe laistigh den Aontas.

    ‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’

    Nasc chun tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin:

    https://ec.europa.eu/food/animals/health/regulation_ga

    Ghlac an Coimisiún roinnt gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme (8) chun go mbeidh na rialacha nua infheidhme.

    2.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687  (9) ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú

    Déantar foráil maidir le bearta i gcás ina mbeidh amhras ar an leibhéal oifigiúil go bhfuil na galair ann nó ina ndeimhneofar go hoifigiúil na galair a bheith ann, maidir le bunú srianta (criosanna cosanta/faireachais) agus criosanna ionfhabhtaithe agus maidir le toirmisc agus coinníollacha i ndáil le gluaiseachtaí údaraithe ó na criosanna sin.

    Rialacha forlíontacha maidir le galair a chosc agus a rialú.

    Nasc chun tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin:

    https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/diseases-and-control-measures_ga

    3.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (10) an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605

    Déantar foráil maidir le bearta speisialta rialaithe galar i ndáil le ASF (bearta an Aontais maidir le criosúcháin a bhaineann le ASF), liostaítear ar leibhéal an Aontais criosanna srianta I, II agus III (Iarscríbhinn I) agus criosanna srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, agus criosanna ionfhabhtaithe (Iarscríbhinn II), déantar foráil maidir le bearta bithshlándála comhchuibhithe le haghaidh bunaíochtaí áirithe (Iarscríbhinn III) agus maidir le híoscheanglais do NAPanna (Iarscríbhinn IV).

    Bearta rialaithe speisialta ASF (bearta criosúcháin an Aontais maidir le ASF).

    Nasc chun tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin:

    https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_ga

    II.   MUC-AINMHITHE ATÁ AR COIMEÁD

    1.   Ginearálta

    Na bearta is gá a dhéanamh chun ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád a chosc, a rialú agus a dhíothú, leagtar síos iad i reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i Roinn I.

    2.   Bearta breise maidir le ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád a chosc, a rialú agus a dhíothú

    Le treoirlínte ASF déantar foráil maidir le treoir i ndáil le conas na bearta i ndáil le ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád a chosc, a rialú agus a dhíothú a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, ar bearta iad ba cheart a chur san áireamh i gcás inarb ábhartha.

    2.1.   Múscailt feasachta

    Sa bhreis ar na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach sa Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe, déantar foráil i Rialachán ASF maidir le hoibleagáidí speisialta mar seo a leanas:

    oibleagáidí speisialta faisnéise agus oiliúna sna Ballstáit lena mbaineann (Airteagail 57 agus 58 de Rialachán ASF);

    oibleagáidí speisialta faisnéise i ngach Ballstát (Airteagail 59 de Rialachán ASF).

    In Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte déantar foráil maidir le príomhtheachtaireachtaí agus príomhstraitéisí cumarsáide atá curtha in oiriúint do spriocphobail éagsúla. D’fhéadfadh siad sin bonnlíne a sholáthar chun feachtais feasachta náisiúnta a bhunú i ngach Ballstát.

    Tá taisclann ábhar cumarsáide maidir le ASF a úsáidtear i dtíortha éagsúla ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin (11) SGE maidir le ASF san Eoraip (tionscnamh GF-TADanna).

    2.2.   Bearta bithshlándála

    Le Rialachán (AE) 2016/429 déantar foráil maidir le coincheap ginearálta na bithshlándála agus sainmhíniú ginearálta ina leith agus tá forálacha cothrománacha áirithe (12) ann i ndáil leis.

    In Airteagal 16(1)(b)(i) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán ASF déantar foráil maidir le bearta bithshlándála treisithe le haghaidh bunaíochtaí muc-ainmhithe ar coimeád atá lonnaithe i gcriosanna srianta I, II agus III atá suite sna Ballstáit lena mbaineann i gcás gluaiseachtaí coinsíneachtaí áirithe, arna n-údarú ag an údarás inniúil i gcomhréir le Rialachán ASF.

    Na bearta bithshlándála dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán ASF, ba cheart iad a chur chun cinn freisin sna Ballstáit uile agus féadfar iad a chur i bhfeidhm i mbunaíochtaí eile muc-ainmhithe atá ar coimeád (bunaíochtaí nach bhfuil oibleagáidí orthu i gcomhréir le Rialachán ASF) (seachas seamlais, i gcás inarb ábhartha) ar mhaithe le ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú.

    2.3.   Muc-ainmhithe a choinneáil faoin aer i gcriosanna srianta II agus III

    I ngeall ar an riosca a bhaineann le tarchur ASFV, moltar teorainn a chur le muc-ainmhithe a choinneáil faoin aer i gcriosanna srianta II agus III ar a laghad. Tar éis don údarás inniúil measúnú riosca a dhéanamh, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le muc-ainmhithe a choinneáil faoin aer i gcriosanna srianta II agus III ar bhonn cás ar chás (13) ar bhonn an mhéid seo a leanas:

    na bearta bithshlándála iomchuí (e.g. fálú dúbailte nó fálú soladach aonair);

    cur chun feidhme rialta measúnuithe bithshlándála atá neamhspleách agus oibiachtúil ar an bhfeirm nó i mbunaíochtaí eile (e.g. bunaíochtaí teoranta, lena n-áirítear zúnna) agus úsáid á baint as prótacail chaighdeánacha chuimsitheacha;

    measúnú nó formheas féideartha, i gcás inarb ábhartha, ar fheirmeacha muc faoin aer arna bhunú ar an riosca bithshlándála a bhaineann leo i gcóras oifigiúil arna bhainistiú ag údaráis inniúla.

    2.4.   Cuairteanna rialta ó thréidlianna oifigiúla

    Le hAirteagal 16(1)(a) de Rialachán ASF foráiltear maidir le minicíocht cuairteanna rialta ar bhunaíochtaí atá faoi réir gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí áirithe laistigh de chriosanna srianta agus lasmuigh díobh. Bunaíochtaí ina gcoimeádtar muc-ainmhithe le haghaidh tomhaltas dílis agus lena aghaidh sin amháin, ba cheart iad a bheith faoi réir cuairteanna rialta ó thréidlianna oifigiúla freisin ar bhonn measúnú riosca atá dírithe ar ASF agus arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

    2.5.   Measúnú riosca maidir le beatha

    Meastar gur lú an riosca a bhaineann leis an mbeatha (14) ná an riosca a bhaineann le roinnt nithe eile (e.g. teagmháil le hainmhithe beo ionfhabhtaithe agus grúdarlach a thabhairt mar bheatha). Cé go sainaithníonn EFSA cineálacha áirithe beatha, a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo maidir le ASF a scaipeadh chuig bunaíocht muc, go háirithe i réigiúin ina bhfuil éilliú muc-ainmhithe fiáine ann, gur mó seans go mbeadh bainistiú riosca de dhíth ar bhealaí eile riosca, amhail muca clóis beo a ghluaiseacht, grúdarlach a bhfuil táirgí de bhunadh mucúil ann a thabhairt mar bheatha nó teagmháil a cheadú idir muc-ainmhithe fiáine agus muc-ainmhithe atá ar coimeád.

    Maidir le féar, tuí nó grán a tháirgtear go háitiúil, a bhaintear as limistéar a bhfuil ASF i muc-ainmhithe fiáine ann, sainaithníodh gur foinsí féideartha ASF do mhuca clóis iad trealamh feirme ó limistéar comhchosúil a úsáid nó foráiste úr a sholáthar do mhuca, go háirithe i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar muc-ainmhithe le haghaidh tomhaltas dílis.

    Ba cheart d’oibreoirí gnólachtaí beatha córais inrianaitheachta éifeachtacha agus bearta bithshlándála chun sábháilteacht soláthairtí comhábhar beatha a áirithiú a chur chun feidhme i gceart chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le tarchur ASFV.

    I gcás inarb ábhartha, trí tháirgí beatha agus ábhair shaibhrithe nó ábhair leapa de thionscnamh limistéar atá buailte ag ASF a stóráil (ag teochtaí os cionn 0 °C) sula n-úsáidfear iad, laghdófar an riosca go mairfidh ASFV sa mhaitrís. I gcásanna sonracha, ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar phróisis ábhartha dí-éillithe agus stórála (e.g.an tréimhse stórála, an chóireáil, an teocht), próisis a mbeadh mar thoradh orthu laghdú ar éilliú féideartha víreas i mbeatha a aistrítear ó limistéir atá buailte ag ASF go limistéir nach bhfuil ASF iontu.

    I gcás ina meastar go bhfuil riosca ag baint le húsáid grán, féir agus tuí arna mbuaint go háitiúil (tar éis measúnú riosca arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann) faoi na dálaí áitiúla atá i réim (go háirithe i gcás bunaíochtaí nach gcoimeádtar muc-ainmhithe iontu ach le haghaidh tomhaltas dílis), ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar na bearta seo a leanas:

    a)

    toirmeasc ar fhéar nó ar ghráin úra (15) a thabhairt do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád mar bheatha ach amháin má dhéantar cóireáil orthu chun ASFV a dhíghníomhachtú nó má stóráiltear i bhfad ó mhuc-ainmhithe fiáine iad ar feadh 30 lá ar a laghad sula n-úsáidtear iad.

    b)

    toirmeasc ar thuí (16) a úsáid le haghaidh leapacha muc-ainmhithe atá ar coimeád ach amháin má dhéantar cóireáil uirthi chun ASFV a dhíghníomhachtú nó má stóráiltear i bhfad ó mhuc-ainmhithe fiáine í ar feadh 90 lá ar a laghad sula n-úsáidtear í.

    2.6.   Sampláil agus tástáil

    Leagtar síos ceanglais maidir le sampláil agus tástáil ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád i reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i Roinn I.

    I gcás ina ndéantar muc-ainmhithe atá ar coimeád a mharú le haghaidh tomhaltas dílis sa bhunaíocht chéanna, ba cheart sampláil agus tástáil le haghaidh ASF a dhéanamh de réir threoracha an údaráis inniúil, laistigh de chriosanna srianta ar a laghad.

    Maidir le bailiú samplaí, chomh maith le teicnící, bailíochtú agus léirmhíniú na modhanna diagnóiseacha, ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (17) agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh leo freisin:

    treoraíocht a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin EURL (18); agus

    The Manual of Diagnostic Tests and Vaccines for Terrestrial Animals of the World Organisation for Animal Health [Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe] (WOAH) (19).

    III.   MUC-AINMHITHE FIÁINE

    1.   Ginearálta

    Na bearta is gá a ghlacadh chun ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú, leagtar síos iad i reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i Roinn I.

    Tá ról suntasach ag muc-ainmhithe fiáine maidir le ASF a scaipeadh agus a chothabháil. Ba cheart bainistiú leordhóthanach (20) a dhéanamh ar mhuc-ainmhithe fiáine mar a mholtar sna Treoirlínte seo sna áiteanna seo a leanas:

    limistéir nach bhfuil buailte ag an ngalar - ag díriú ar dhea-chleachtais maidir le cosc, luathbhrath agus ullmhacht roimh ASF a d’fhéadfadh tarlú; agus

    limistéir atá buailte ag an ngalar cheana féin - ar mhaithe leis an ngalar a rialú agus a dhíothú.

    Meastar gurb é dlús na muc-ainmhithe fiáine an toisc riosca is mó tionchair maidir le ASF a bheith ag teacht chun cinn sna hainmhithe sin. Tá tairbhe ag baint le bearta coisctheacha chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú agus a chobhsú, sula mbeidh ASF ann, agus baineann na tairbhí sin le laghdú a dhéanamh (i) ar an dóchúlacht go mbeidh neamhchosaint ann don daonra ar ASF agus (ii) ar na hiarrachtaí a mbeadh gá leo le haghaidh gníomhaíochtaí éigeandála a dhéanamh (i.e. níos lú aistrithe conablach) i gcás ina mbeadh tabhú ASF ann.

    Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chur chuige fadtéarmach maidir le muc-ainmhithe fiáine a bhainistiú ar bhonn na NAPanna.

    2.   Bearta breise maidir le ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú

    Le treoirlínte ASF déantar foráil maidir le léiriú breise agus treoraíocht i dtaca le bearta i ndáil le ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú, conas na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, bearta ba cheart a chur san áireamh i gcás inarb ábhartha.

    D’fhéadfadh na bearta a bhaineann le ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú a bheith éagsúil (laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoin reachtaíocht, i gcás inarb ábhartha) agus ba cheart iad a shaincheapadh de réir an limistéir nó an chreasa lena mbaineann. Ba cheart iad a bhunú ar an méid seo a leanas:

    an tréimhse a tháinig an galar chun cinn i limistéar nó i gcrios (is féidir céimeanna éagsúla an ionfhabhtaithe a shainaithint trí chóras leanúnach faireachais éighníomhaigh chun ASF a bhrath go luath i muc-ainmhithe fiáine mar aon le tástáil ar mhuc-ainmhithe fiáine a scaoileadh);

    dinimic daonra, dáilte agus dlúis na muc-ainmhithe fiáine atá ann cheana;

    bacainní nádúrtha nó saorga a bheith ann;

    difríochtaí comhshaoil agus aeráide;

    cleachtais talmhaíochta.

    Le treoirlínte ASF cumhdaítear na bearta a bhaineann le ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú mar a shonraítear i bpointí 4.1 go 4.14 de. Déantar achoimre ar na bearta sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le treoirlínte ASF.

    2.1.   Baoiteáil:

    Níor cheart baoiteáil a bheith ina foinse beathaithe do mhuc-ainmhithe fiáine chun an daonra a chothú (e.g. le linn an gheimhridh).

    Tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit measúnú riosca a dhéanamh ar thabhairt isteach nó leathadh féideartha ASF, agus aird á tabhairt ar an bhféidearthacht bearta maolaithe riosca breise a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an t-údarás sin cinneadh a dhéanamh maidir leis na méideanna beatha a cheadaítear le haghaidh baoite, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    staid eipidéimeolaíoch ASF i mBallstát nó i gcrios;

    an t-eolas ar dhaonra na muc-ainmhithe fiáine atá ann cheana i mBallstát nó i gcrios; agus

    na cleachtais fiaigh i mBallstát nó i gcrios.

    2.2.   Bearta bithshlándála i limistéir atá buailte ag an ngalar agus le linn fiaigh

    Ba cheart feabhas a chur ar bhearta bithshlándála a bhaineann le muc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit agus ba cheart dóibh an Lámhleabhar a forbraíodh faoin tionscnamh GF-TADs ‘African swine fever in wild boar - ecology and biosecurity’  (21), [Fiabhras Afracach na muc i dtoirc fhiáine - éiceolaíocht agus bithshlándáil’] a leanúint, go háirithe:

    Caibidil 5 ‘Bithshlándáil i bhforaoisí atá buailte ag an ngalar’, agus

    Caibidil 6 ‘Bithshlándáil le linn fiaigh’.

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le treoirlínte ASF tugtar íoscheanglais bhithshlándála freisin le haghaidh fiagaithe agus le haghaidh gach ball foirne a dhéanann conablaigh muc-ainmhithe fiáine a chuardach agus a láimhseáil.

    2.3.   Bailiú na bpríomhshonraí

    Trí mhuc-ainmhithe fiáine a thástáil le haghaidh ASF sna Ballstáit soláthraítear faisnéis luachmhar maidir le staid eipidéimeolaíoch ASF agus éabhlóid an ghalair. Mar aon le sonraí ábhartha eile, ceadaítear leis seo bearta nithiúla a oiriúnú de réir mar is gá maidir le ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú.

    Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sonraí eipidéimeolaíocha maidir le ASF agus faisnéis ábhartha eile maidir leis an ngalar a bhailiú agus a sholáthar do EFSA (22), i gcás inarb ábhartha. Leis an malartú faisnéise sin, is féidir eolas eolaíoch a fhorbairt maidir le ASF (23) chun cinntí maidir le cur chuige rioscabhunaithe agus bainistiú a dhéanamh.

    2.4.   Comhar

    Chun muc-ainmhithe fiáine a bhainistiú tá gá le comhar idir údaráis inniúla agus páirtithe leasmhara amhail comhlachtaí bainistithe foraoiseachta, údaráis chomhshaoil agus fiagaithe. Tá comhar éifeachtach agus éifeachtúil riachtanach chun ASF a chosc, a luathbhrath, a rialú agus a dhíothú. Ba cheart na bearta a dhéantar faoi chuimsiú na dtreoirlínte seo a bheith comhoiriúnach le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus/nó reachtaíocht náisiúnta maidir leis an gcomhshaol, leis an bhfiach agus leis an tréidliacht, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta agus ba cheart iad a mheasúnú go cuí i dtéarmaí an bhoinn eolaíoch, an tionchair agus na héifeachtachta.

    Tá taisclann d’ábhar ábhartha faisnéise maidir le ASF agus na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin (24) Bhuanghrúpa saineolaithe ASF san Eoraip (tionscnamh GF-TADanna).

    2.5.   Ciondíothú

    Ba cheart breithniú a dhéanamh ar an gciondíothú chun an líon muc-ainmhithe fiáine a laghdú, go háirithe i gcriosanna atá nua-ionfhabhtaithe nó i limistéir atá i mbaol.

    2.6.    ‘Criosanna bána’ a bhunú

    Is éard atá i gceist le rialú ASF bearta laghdaithe daonra mucúil fiáin, amhail ciondíothú réamhghabhálach, nó i gcás inarb ábhartha, fiach a dhéanamh, i gcriosanna marcáilte, ar a dtugtar ‘criosanna bána’  (25)’. Leis an taithí a fuair Ballstáit áirithe roimhe seo, deimhnítear go bhféadfadh bunú na gcriosanna bána sin a bheith ina uirlis éifeachtach chun leathadh an ghalair i ndaonra na muc-ainmhithe fiáine a theorannú. D’fhéadfaí na ‘criosanna bána’ sin a bhunú i limistéar atá cóngarach go geografach do chrios srianta ASF, nó laistigh de, crios ina bhfuil ASFV i gcúrsaíocht i muc-ainmhithe fiáine. Ba cheart bearta éagsúla (e.g. fálú, dídhaonrú mór agus tapa muc-ainmhithe fiáine etc.) a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile i ‘gcriosanna bána’ chun stop a chur le leathadh ASF.

    2.7.   Fálú

    D’fhéadfaí fálú a úsáid chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a shrianadh go fisiciúil, i gcás inarb ábhartha, agus é d'aidhm aige ASF a chosc, a rialú agus a dhíothú, go háirithe sna limistéir nua-ionfhabhtuithe (agus é mar aidhm ASF a dhíothú). Ba cheart fálú a chur i bhfeidhm i gcroílimistéir ionfhabhtaithe theoranta, chun ciondíothú réamhghabhálach muc-ainmhithe fiáine i gcrios marcáilte a bhunú (‘crios bán’, chun gluaiseacht muc-ainmhithe fiáine ó limistéir nua-ionfhabhtaithe chuig limistéir nach bhfuil ionfhabhtaithe a theorannú nó a mhoilliú, agus i gcomhar le bearta eile (e.g. fiach, ‘criosanna bána’, gaisteoireacht, etc.) chun stop a chur le leathadh ASF nó é a mhoilliú. D’fhéadfaí cineálacha éagsúla fálta (e.g. fál soladach, fál leictreach) a úsáid, de réir na ndálaí áitiúla agus staid eipidéimeolaíoch ASF i gceantar faoi leith agus an méid seo a leanas á chur san áireamh (26):

    ní féidir a mheas go bhfuil aon dearadh fál leictreach in ann 100 % de mhuc-ainmhithe fiáine a coinneáil amach as limistéar ar scála mór ar feadh tréimhse fhada ama;

    tháinig EFSA ar an gconclúid san am a chuaigh thart nach raibh aon fhianaise ann go raibh fálta móra éifeachtach chun gluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine a shrianadh. Mar sin féin, d’fhéadfaí taithí nua na mBallstát maidir le fálú (mar bheart chun stop a chur le leathadh ASF nó é a theorannú) i gcroílimistéir ionfhabhtaithe theoranta a chur san áireamh;

    fuarthas torthaí éagsúla ar roinnt staidéar ar úsáid éarthaigh bolaidh chun muc-ainmhithe fiáine a choinneáil amach (le roinnt trialacha a léirítear sa tuarascáil ábhartha EFSA, ní fhéadfaí a thaispeáint go raibh aon éifeacht ag an éarthach ar an gcur isteach a rinne na muc-ainmhithe fiáine ná ar dhamáiste don bharra).

    Is féidir bacainní nádúrtha amhail aibhneacha móra nó caolais mhóra a úsáid, i gcás inarb ábhartha, chun criosanna srianta a chríochú, ós rud é gur léiríodh, i gcásanna áirithe, a n-éifeachtacht maidir le gluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine a laghdú, cé nach gcuireann siad bac iomlán orthu.

    2.8.   Fiach

    Ba cheart oiliúint a chur ar fhiagaithe i ngach Ballstát chun go mbeidh siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le ASF, oiliúint a chuimseoidh na dea-chleachtais i gcás muc-ainmhithe fiáine marbha a aimsiú nó aon chás amhrasta eile ASF.

    Ba cheart cleachtais fhiaigh a chur in oiriúint de réir fhorbairt eipidéimeolaíoch an ghalair mar gheall ar a n-éifeachtaí ar dhaonra na muc-ainmhithe fiáine. I gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le reachtaíocht náisiúnta, féadfar trealamh teicniúil breise le haghaidh an fhiaigh a úsáid chun na cuspóirí a leagtar amach sna treoirlínte seo ASF agus sna NAPanna a bhaint amach.

    Ba cheart dlúthchomhar idir na húdaráis ábhartha agus na páirtithe leasmhara a áirithiú, de réir mar is iomchuí (27), go háirithe i gcás nach bhfuil bainistiú an fhiaigh i gcomhthéacs ASF faoi inniúlacht údarás inniúil tréidliachta an Bhallstáit.

    2.9.    Faireachas éighníomhach, lena n-áirítear muc-ainmhithe fiáine marbha a chuardach agus conablaigh a láimhseáil  (28)

    Is é an faireachas éighníomhach (nuair a thugtar tacaíocht dó le cuardach gníomhach ar mhuc-ainmhithe fiáine marbha freisin) an uirlis is éifeachtaí chun ASF a bhrath agus faireachán a dhéanamh ar a leathadh. Dá bhrí sin, ba cheart sampláil agus tástáil conablach muc-ainmhithe fiáine marbha a spreagadh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chonablaigh a aimsítear i gcriosanna nua-ionfhabhtaithe agus i ngaireacht do na criosanna sin.

    De ghnáth, ní gá gurb iad na chéad chonablaigh a aimsítear agus na chéad chásanna den ghalar sa limistéar sin. Dá bhrí sin, ba cheart feabhas a chur ar an bhfaireachas éighníomhach (agus é mar aidhm na conablaigh is sine a shainaithint agus a aimsiú) agus tástáil na gconablach uile a fheabhsú, go háirithe i gcriosanna nua-ionfhabhtaithe agus i ngaireacht do na criosanna sin.

    2.10.   Rochtain shrianta ar chriosanna ionfhabhtaithe

    Maidir leis an rochtain ar chriosanna ionfhabhtaithe (go háirithe i gcriosanna nua-ionfhabhtaithe, ina bhfuil sé mar aidhm ASF a dhíothú a luaithe is féidir), ba cheart an rochtain sin a shrianadh ar bhealach iomchuí i ngeall ar an mbaol go dtarchuirfí ASF trí mheán daoine, trealaimh, feithiclí, etc. Ba cheart don údarás inniúil na srianta sin a bhainistiú ar bhonn an mheasúnaithe riosca agus dálaí agus cúinsí áitiúla sonracha á gcur san áireamh.

    2.11.   Srianta ar an mbeathú marthanach

    Ba cheart srian a chur ar bheathú marthanach muc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit ar mhaithe le marthanas agus fás saorga dhaonra na muc-ainmhithe fiáine a theorannú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí.

    Níor cheart go mbeadh rochtain ag muc-ainmhithe fiáine ar áiteanna beathaithe ná ar ghairis bheathaithe speicis fhiáine eile (e.g. athchogantaigh fhiáine) agus níor cheart go mbeadh an bheatha a úsáidtear sna háiteanna sin nó le haghaidh na n-ainmhithe sin tarraingteach do mhuc-ainmhithe fiáine (e.g. féar).

    I gcásanna sonracha, tar éis measúnú riosca a dhéanamh, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar chead a thabhairt do bheathú marthanach muc-ainmhithe fiáine ar feadh tréimhse theoranta ama chun muc-ainmhithe fiáine a choinneáil i gcrios nua-ionfhabhtaithe, i gcás inarb é an aidhm ghearrthéarmach, mheántéarmach ASF a dhíothú ón gcrios sin.

    2.12.   Sampláil agus tástáil

    Ba cheart sampláil agus tástáil muc-ainmhithe fiáine a aimsíodh marbh a bhunú ar an méid seo a leanas:

    an measúnú riosca arna dhéanamh ag an údarás inniúil; agus

    an faireachas éighníomhach.

    I gcás inarb ábhartha, conablaigh a aimsítear, muc-ainmhithe fiáine a chiondíothaítear (e.g. sa chrios nua-ionfhabhtaithe nó sa ‘chrios bán’) agus muc-ainmhithe fiáine breoite, ba cheart iad a thástáil le haghaidh ASF trí úsáid a bhaint as ISP. Ba cheart samplaí le haghaidh tástáil saotharlainne a sheachadadh chuig an tsaotharlann a luaithe is féidir (laistigh de 72 uair ar a laghad ó thráth na samplála, ach amháin i gcás criosanna atá srianta cheana ina bhfuil sé mar aidhm ASF a rialú).

    Ba cheart na gnéithe a leanas a chur san áireamh:

    Ba cheart ISP (brath víris) a bheith ina rogha thástála i limistéir nach bhfuil ASF iontu agus i gcriosanna srianta ASF;

    D’fhéadfadh sé nach leor tástáil shéireolaíoch dheimhneach inti féin chun cúrsaíocht an víris a léiriú;

    Níor cheart brath Ab a úsáid chun ASFV a luathbhrath ach mar uirlis (mar thástáil chomhlántach le tástáil PCR) chun tuiscint níos fearr a fháil ar éabhlóid eipidéimeolaíochta ASF i limistéir áirithe agus/nó i gcásanna sonracha amhail na cásanna seo a leanas

    (i)

    tástáil ar mhuc-ainmhithe fiáine i gcrios srianta I (criosanna a bhfuil teorainn acu le limistéir ionfhabhtaithe); d’fhéadfadh ainmhí séireidearfach staid ghalair atá ag teacht chun cinn a léiriú amhail leathadh ASFV lasmuigh de chriosanna srianta II nó III;

    (ii)

    limistéir a bhfuil an galar iontu ar feadh tréimhsí fada.

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le treoirlínte ASF cuirtear ar fáil treoirlínte breise maidir le muc-ainmhithe fiáine a shampláil agus conablaigh a thógáil sna Ballstáit lena mbaineann (na Ballstáit a liostaítear nó a bhfuil limistéir liostaithe acu in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán ASF).

    2.13.   Gaisteoireacht

    Ba cheart gaisteoireacht a mheas mar bheart éifeachtach chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a theorannú nó a laghdú i gcomhthéacs ASF i limistéar teoranta (e.g. i ‘gcrios bán’), in éineacht le bearta eile a bhfuil sé d'aidhm acu ASF a dhíothú, go háirithe i gcriosanna nua-ionfhabhtaithe.

    3.   Bearta a chur i bhfeidhm i limistéir éagsúla nó i gcriosanna srianta éagsúla.

    Na bearta breise maidir le ASF i muc-ainmhithe fiáine a chosc, a rialú agus a dhíothú, bearta dá bhforáiltear i bpointe 2 de Chaibidil III, ba cheart iad a bhunú ar staid eipidéimeolaíoch ASF agus iad a chur in oiriúint do limistéir éagsúla nó do chriosanna srianta éagsúla (mar a shainmhínítear i Rialachán ASF) arna n-aicmiú chun críche treoirlínte ASF mar seo a leanas:

    3.1.

    limistéir nach bhfuil ASF iontu agus nach bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta;

    3.2.

    limistéir nach bhfuil ASF iontu (lena n-áirítear crios srianta I), criosanna a bhfuil teorainn acu le criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I (seachas crios srianta I), agus II a ghabhann le Rialachán ASF;

    3.3.

    criosanna srianta teoranta a chomhfhreagraíonn do chriosanna nua-ionfhabhtaithe, ina bhfuil ASF i muc-ainmhithe fiáine ar feadh tréimhse sách gearr (e.g. forbairt eipidéimeolaíoch an ghalair á cur san áireamh) agus inarb é an príomhsprioc sa chrios sin ASF a dhíothú sa ghearrthéarma, mheántéarma;

    3.4.

    criosanna srianta leathana a chomhfhreagraíonn do chriosanna suntasacha ionfhabhtaithe (e.g. an chríoch iomlán nó cuid shuntasach di sa Bhallstát), áit ina bhfuil ASF i muc-ainmhithe fiáine ar feadh tréimhse réasúnta fada agus inarb é an príomhsprioc sa chrios sin an galar a rialú (ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh díothú ASF indéanta sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma).

    Na moltaí ginearálta maidir le bearta éagsúla le haghaidh limistéir éagsúla agus criosanna srianta éagsúla, cuirtear ar fáil iad in 3.1 go 3.4 agus déantar achoimre orthu in Iarscríbhinn IV.

    3.1.   Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i limistéir nach bhfuil ASF iontu agus nach bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta

    Chun ASF a chosc, ba cheart an méid seo a leanas a mheas:

    a)

    níor cheart baoiteáil le méideanna teoranta beatha a cheadú ach amháin chun muc-ainmhithe fiáine a mhealladh chun iad a fhiach, a cheapadh i ngaiste agus, i gcás inarb ábhartha, iad a chiondíothú;

    b)

    ba cheart bearta bithshlándála le linn an fhiaigh a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm;

    c)

    d’fhéadfadh riosca méadaithe go dtarlóidh ASF a bheith mar thoradh ar ard-dlús muc-ainmhithe fiáine agus, i gcás ina dtugtar isteach ASFV, d’fhéadfadh mear-tharchur agus marthanacht fhadtéarmach ASF i limistéir atá buailte a bheith ann chomh maith. Dá bhrí sin, chun ullmhacht éifeachtach ASF a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát díriú go príomha ar dhlús dhaonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú go suntasach, i gcás inarb ábhartha (29) agus de réir mar is iomchuí. Ba cheart an fiach a dhíriú ar dhaonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú go leanúnach. Ba cheart, dá bhrí sin, go spreagfaí an fiach spriocdhírithe (nó an ciondíothú, i gcás inarb ábhartha) a dhéanamh ar mhuc-ainmhithe baineanna fásta agus fofhásta. Ba cheart cainníocht fhoriomlán na n-ainmhithe a mharaítear a bheith cothrom idir ainmhithe fireanna agus baineanna (50 % de gach catagóir);

    d)

    an faireachas; ba cheart an tsampláil a bhunú ar an bhfaireachas éighníomhach; ba cheart conablaigh a aimsítear agus muc-ainmhithe fiáine breoite a thástáil le haghaidh ASF trí ISP a úsáid;

    e)

    ba cheart beathú marthanach muc-ainmhithe fiáine a theorannú.

    3.2.   Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i limistéir nach bhfuil ASF iontu (lena n-áirítear crios srianta I), limistéir a bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán ASF

    I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i roinn 3.1, mar gheall ar rioscaí méadaithe ASF, ba cheart bearta breise a chur chun feidhme a bhfuil sé d'aidhm acu cosc a chur ar thabhairt isteach ASF, chun a áirithiú go ndéanfar ASF a bhrath go tapa, i gcás inarb ábhartha, agus ullmhacht éifeachtach ASF a áirithiú.

    a)

    níor cheart baoiteáil le méideanna teoranta beatha a cheadú ach amháin chun muc-ainmhithe fiáine a mhealladh chun iad a fhiach, a cheapadh i ngaiste agus, i gcás inarb ábhartha, iad a chiondíothú;

    b)

    ba cheart an dianfhiach (d’fhéadfaí an fiach seolta agus an fiach aonair a cheadú) a dhéanamh chun dlús muc-ainmhithe fiáine a laghdú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí, tar éis don ionfhabhtú teacht chun cinn, ASFV a theorannú nó moill mhór a chur ar leathadh ASF;

    c)

    ba cheart aghaidh a thabhairt ar straitéis bhainistíochta fhadtéarmach na muc-ainmhithe fiáine agus í a spreagadh (le rannpháirtíocht na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí) chun spriocanna laghdaithe daonra a bhaint amach; ba cheart na fiagaithe a mheas mar chuid den straitéis sin;

    d)

    ba cheart don údarás inniúil bainistiú a dhéanamh ar an gciondíothú, ar an bhfiach agus ar an ngaisteoireacht i gcomhar le húdaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha eile;

    e)

    más ábhartha, ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as fálta i gcomhar le húdaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha eile;

    f)

    an faireachas;

    i.

    i gcás inarb ábhartha, ba cheart patrólú gníomhach a dhéanamh chun conablaigh a aimsiú (ag foireann oilte más féidir), agus sin ar mhaithe le faireachas éighníomhach a threisiú agus é beartaithe ASF a bhrath a luaithe is féidir;

    ii.

    ba cheart an tsampláil a bhunú ar an bhfaireachas éighníomhach; ba cheart conablaigh a aimsítear agus muc-ainmhithe fiáine breoite a thástáil le haghaidh ASF trí ISP a úsáid;

    g)

    ba cheart gach muc-ainmhí fiáin marbh a aimsítear a dhiúscairt, mar a fhorálann an t-údarás inniúil.

    3.3.   Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcriosanna nua ionfhabhtaithe chun ASF a dhíothú

    De bharr ASF a bheith ann, is é an phríomhaidhm an galar a shrianadh go limistéar teoranta, marcáil bheacht ar chrios ionfhabhtaithe a áirithiú agus bearta díothaithe ASF a chur chun feidhme a luaithe is féidir.

    Tá roinnt samplaí rathúla (30) ann san Aontas Eorpach de dhíothú ASF i muc-ainmhithe fiáine agus ba cheart na samplaí sin a úsáid mar bhonn le haghaidh bearta saincheaptha a fhorbairt chun ASF a dhíothú. Ba cheart na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

    a)

    níor cheart baoiteáil a cheadú ach amháin le haghaidh gaisteoireachta agus le haghaidh ciondíothú;

    b)

    an faireachas;

    i.

    ba cheart faireachas éighníomhach a úsáid mar bhonn chun céim eipidéime an ghalair a shainiú (e.g. d’fhéadfadh aimsiú líon níos lú conablach muc-ainmhithe fiáine nua-mharaithe a bheith ina léiriú go bhfuil céim eipidéime ASF ag laghdú);

    ii.

    chun an faireachas éighníomhach a threisiú, ba cheart patrólú gníomhach a dhéanamh chun conablaigh a aimsiú trí úsáid a bhaint as foireann oilte, madraí nó ladrainn;

    iii.

    ba cheart an tsampláil a bhunú ar an bhfaireachas éighníomhach; ba cheart conablaigh a aimsítear agus muc-ainmhithe fiáine breoite a thástáil le haghaidh ASF trí ISP a úsáid;

    iv.

    chomh maith le tástáil le haghaidh ASFV a dhéanamh ar gach muc-ainmhí fiáin marbh a aimsítear, ba cheart muc-ainmhithe fiáine a fhiachtar nó a chiondíothaítear a thástáil freisin le haghaidh ASFV trí PCR a úsáid (lena n-áirítear brath Ab, i gcás inarb ábhartha);

    c)

    Ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar thoirmeasc a chur ar an bhfiach (ar gach speiceas) agus ar ghníomhaíochtaí eile san fhoraois, i gcás inarb ábhartha, mar bheart chun leathadh ASF a chosc, go dtí go dtiocfaidh laghdú ar an gcéim eipidéime ar a laghad. Ba cheart don ghrúpa saineolaithe oibríochtúil (31) cúnamh a thabhairt don údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch agus chun deireadh na céime eipidéime a shainiú trí úsáid a bhaint as na torthaí ón bhfaireachas éighníomhach leanúnach;

    d)

    níor cheart fiach seolta a dhéanamh, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ar cuireadh bearta ábhartha (e.g. fálú) chun feidhme ar mhaithe le cosc a chur ar mhuc-ainmhithe fiáine gluaiseacht;

    e)

    gach duine a bhíonn ag cuardach conablaigh mhuc-ainmhithe fiáine agus a bhíonn á láimhseáil, ba cheart dóibh bearta bithshlándála a chur i bhfeidhm chun éilliú féideartha feithiclí, clós agus tithe a sheachaint;

    f)

    i gcás inarb ábhartha, ba cheart rochtain ar an gcrios ionfhabhtaithe a shrianadh do gach duine ach amháin don fhoireann údaraithe nó ar bhonn maoluithe arna ndeonú ag an údarás inniúil;

    g)

    ba cheart oiliúint shonrach a chur ar fhiagaithe chun an dóchúlacht go leathfadh an víreas a thuilleadh sa chomhshaol agus lasmuigh den chrios ionfhabhtaithe a laghdú;

    h)

    ba cheart a áirithiú go mbeidh coimeádáin ann chun conablaigh muc-ainmhithe fiáine a stóráil, laistigh den chrios ionfhabhtaithe ar a laghad, i gcás nach bhfuil aon chóras malartach ann chun ainmhithe marbha a bhailiú; ba cheart modhanna glantacháin agus díghalrúcháin a bheith ar fáil i ngach áit stórála; ba cheart gach muc-ainmhí fiáin marbh a aimsítear a dhiúscairt, mar a fhorálann an t-údarás inniúil;

    i)

    d’fhéadfaí gaisteoireacht chun críche ciondíothaithe (agus tástáil ina dhiaidh sin) a cheadú;

    j)

    d’fhéadfaí ciondíothú ag fiagaithe oilte a cheadú agus é d'aidhm aige daonra na muc-ainmhithe fiáine a dhíothú (nó a laghdú go mór ar a laghad), ach gan é sin a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh an chéim eindéimeach bainte amach (tar éis chéim na heipidéime) nó nuair a bheidh bearta eile (e.g. fálú) curtha chun feidhme chun cosc a chur ar ghluaiseacht muc-ainmhithe fiáine agus é sin a dhéanamh faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil;

    k)

    níor cheart aon chóiriú muc-ainmhithe fiáine a dhéanamh (dí-inniú ar bith); muc-ainmhithe fiáine a scaoileadh, ba cheart iad a chur i gcoimeádáin nó i málaí atá leacht-díonach chun an riosca go leathfaidh sreabháin an ainmhí a íoslaghdú;

    l)

    féadfaidh fálta (32) gluaiseacht muc-ainmhithe fiáine a theorannú, rud a chuirfidh le srian a chur ar leathadh an ghalair nó a chuirfidh moill ar a laghad lena leathadh. Ba cheart fálú a dhéanamh i limistéir shainithe. Ba cheart fálta a thógáil go tráthúil (agus in éineacht le bearta eile) chun leathadh ASFV a mhoilliú agus tonn eipidéime an ghalair a réamh-mheas.

    3.4.   Bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcriosanna leathana ionfhabhtaithe chun ASF a rialú

    Is é an phríomhaidhm ASF a rialú sa chrios, a áirithiú nach bhfuil an galar ag leathadh a thuilleadh chuig limistéir nach bhfuil ASF iontu, nó, mura bhfuil sé sin indéanta, luas leathadh ASFV chuig limistéir eile a theorannú a mhéid is féidir.

    De bharr ASFV a bheith i gcriosanna ionfhabhtaithe ar feadh tréimhse shuntasach (33) agus laistigh de chríoch shuntasach, leathan, ba cheart breithniú a dhéanamh ar na bearta seo a leanas chun ASF a rialú:

    a)

    níor cheart baoiteáil le méideanna teoranta beatha a cheadú ach amháin chun muc-ainmhithe fiáine a mhealladh chun iad a fhiach, iad a cheapadh i ngaiste, agus, i gcás inarb ábhartha, chun iad a chiondíothú;

    b)

    an faireachas;

    i.

    ba cheart an tsampláil a bhunú ar fhaireachas éighníomhach feabhsaithe: ba cheart gach conablach a aimsítear agus gach muc-ainmhí fiáin breoite a thástáil le haghaidh ASF trí ISP a úsáid; muc-ainmhithe fiáine a fhiachtar nó a chiondíothaítear, ba cheart iad a thástáil de réir threoracha an údaráis inniúil de réir na staide eipidéimeolaíche sonraí agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur san áireamh (amhail Airteagail 51 agus 52 de Rialachán ASF;

    ii.

    ba cheart do bhaill foirne oilte patrólú gníomhach a dhéanamh chun conablaigh a aimsiú ar mhaithe leis an bhfaireachas éighníomhach a threisiú;

    c)

    ba cheart fiach agus gaisteoireacht a dhíriú ar shamplaí a bhailiú le haghaidh tástála;

    d)

    ba cheart íoscheanglais bhithshlándála a chur i bhfeidhm le linn an fhiaigh, na gaisteoireachta agus aistriú an chonablaigh;

    e)

    ba cheart d'fhiagaithe oilte an ciondíothú ar mhuc-ainmhithe fiáine a dhéanamh;

    f)

    gach muc-ainmhí fiáin marbh a aimsítear chomh maith le conablaigh muc-ainmhithe fiáine a cheaptar i ngaiste nó arna bhfiach, ar ainmhithe iad atá deimhneach le haghaidh ASF, ba cheart iad a dhiúscairt, mar a fhorálann an t-údarás inniúil;

    g)

    go ginearálta, níor cheart breithniú a dhéanamh ar fhálú i limistéir leathana (34). I gcásanna sonracha, áfach, d’fhéadfaí fálú straitéiseach a bhreithniú agus a chur chun feidhme ar bhonn measúnú riosca arna dhéanamh ag an údarás inniúil.

    IV.    Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation in the EU [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach].

    Le Rialachán ASF leagtar síos rialacha maidir le criosanna srianta a liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinní I agus II tar éis ráigeanna ASF. Ba cheart na criosanna srianta sin a liostú in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán ASF agus an fhaisnéis arna soláthar ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann á cur san áireamh, faisnéis maidir le staid an ghalair agus na Treoirlínte seo, chomh maith leis an leibhéal riosca i ndáil le leathadh ASF agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán ASF sa Bhallstát lena mbaineann agus sna Ballstáit chomharsanachta nó sna tríú tíortha, i gcás inarb ábhartha (de réir mar a fhoráiltear in aithris 5 de Rialachán ASF).

    1.

    Reachtaíocht an Aontais Na rialacha maidir le criosanna srianta a liostú tar éis ráigeanna ASF agus na bearta is infheidhme i gcriosanna srianta ábhartha, leagtar síos iad i reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil I de Threoirlínte ASF. I Rialachán ASF leagtar amach bearta speisialta rialaithe galar maidir le ASF, bearta atá nasctha leis na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Le Rialachán ASF foráiltear freisin maidir le cur chuige réigiúnaithe a bhfuil feidhm aige de bhreis ar na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. I Rialachán ASF liostaítear criosanna srianta na mBallstát a ndearna ráigeanna ASF difear dóibh nó atá i mbaol mar gheall ar a ngaireacht de na ráigeanna sin.

    2.

    Critéir maidir le críochú geografach chriosanna srianta ASF chun criosanna srianta ASF a liostú, a leasú agus a dhíliostú ó Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán ASF [Critéir maidir le críochú geografach chriosanna srianta ASF chun criosanna srianta ASF a liostú, a leasú agus a dhíliostú ó Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán ASF]. Déantar criosanna srianta ASF a idirdhealú de réir staid eipidéimeolaíoch ASF agus leibhéal an riosca leata. Aicmítear iad mar (i) criosanna srianta I, II agus III, le crios srianta III lena léirítear an leibhéal riosca is airde maidir le leathadh ASF agus staid an ghalair is dinimiciúla i muc-ainmhithe atá ar coimeád, agus, tar éis ráig ASF i mBallstát nó crios a bhí saor ó ghalair roimhe sin, mar (ii) na criosanna srianta, ina bhfuil criosanna cosanta agus criosanna faireachais (i gcás ráig ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád) agus na criosanna ionfhabhtaithe (i gcás ráig den ghalar sin i muc-ainmhithe fiáine). Ina theannta sin, ba cheart na criosanna srianta sin a liostú, a leasú nó a dhíliostú in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Rialachán ASF agus an méid seo a leanas á chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

    2.1.

    an fhaisnéis agus an t-údar a thug údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir le staid an ghalair agus na bearta a rinneadh;

    2.2.

    prionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht chun réigiúnú a shainiú go geografach de bharr ASF, agus treoirlínte ASF reatha;

    2.3.

    an faireachas atá i bhfeidhm agus torthaí an fhaireachais sin;

    2.4.

    an leibhéal riosca maidir le leathadh ASF,

    2.5.

    staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán ASF, a éabhlóid agus fachtóirí riosca breise sa Bhallstát lena mbaineann agus sna Ballstáit chomharsanachta nó sna tríú tíortha;

    2.6.

    láithreacht ASF san am atá caite agus a láithreacht le déanaí i muc-ainmhithe atá ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine araon mar a léirítear tríd an bhfaireachas éifeachtach;

    2.7.

    méid an aonaid eipidéimeolaíoch is ábhar imní, an leanúnachas críochach agus geografach le críocha cóngaracha, tíopeolaíocht na mbiotóp atá ann;

    2.8.

    gnéithe geografacha a bhaineann le suíomh na ráigeanna;

    2.9.

    tosca éiceolaíocha (e.g. bealaí uisce, foraoisí) agus na bacainní nádúrtha agus saorga atá ann (e.g. mórbhealaí fálaithe nó iarnród nó ‘criosanna bána’);

    2.10.

    láithreacht agus dáileadh muc-ainmhithe fiáine;

    2.11.

    eipidéimeolaíocht an ghalair;

    2.12.

    torthaí measúnuithe eipidéimeolaíocha sonracha arna ndéanamh ag EFSA nó ag na húdaráis inniúla;

    2.13.

    an taithí stairiúil a fuarthas ar leathadh ASF;

    2.14.

    ranna riaracháin, leanúnachas críochach;

    2.15.

    in-fhorfheidhmitheacht na mbeart rialaithe;

    2.16.

    dáileadh agus próifíl (e.g. cineál táirgthe (amhail gníomhaíochtaí amuigh faoin aer)) bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád agus criosanna cosanta agus faireachais a bheith ann;

    2.17.

    cleachtais fhiaigh agus breithnithe eile maidir leis an mbainistiú fiadhúlra.

    3.

    Ar bhonn anailís ar na sonraí eipidéimeolaíocha ó na Ballstáit a ndéanann géinitíopa víreas ASF II difear dóibh, cuireann EFSA na torthaí seo a leanas chun cinn atá ábhartha don réigiúnú ina thuarascálacha (35) ar ASF:

    3.1.

    lean an t-ionfhabhtú de bheith ag scaipeadh go mall tríd an daonra muc-ainmhithe fiáine (meastar gur idir 8 km agus 17 km in aghaidh na bliana a bhí i luas airmheánach forleathadh ionfhabhtú ASF i gceantair áirithe (36)),

    3.2.

    Tugadh ASF isteach i roinnt Ballstáit AE, trí dhá phróiseas leata ar leith:

    3.2.1.

    leathadh measartha mall agus leanúnach trí mheán muc-ainmhithe fiáine ar fud daonraí mucúla fiáine agus meitea-dhaonraí;

    3.2.2.

    traslonnuithe trí mheán daoine a raibh bunú braislí nua ASF mar thoradh air, braislí atá i bhfad i gcéin ó limistéir ina raibh ASF ann roimhe seo.

    4.

    Tráthchlár na srianta. Ba cheart na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán ASF a choinneáil faoi shrianta go dtí go gcomhlíonfaidh an staid eipidéimeolaíoch na critéir chun criosanna srianta ASF a leasú nó a dhíliostú. Na prionsabail Chód WOAH um Shláinte na nAinmhithe Talún (37), mar aon le breithnithe eipidéimeolaíocha maidir leis an ngalar, tugann siad roinnt treorach maidir leis an uainiú agus na critéir atá le comhlíonadh chun stádas saor ó ghalar a aisghabháil de limistéir atá srianta mar gheall ar ASF a bheith ann.

    5.

    Main general criteria for the demarcation of ASF restricted zones [Na príomhchritéir ghinearálta maidir le críochú na gcriosanna srianta ASF] a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán ASF. Chun cosc a chur ar leathadh ASF agus chun margadh inmheánach agus trádáil idirnáisiúnta an Aontais a chosaint, ba cheart cur chuige faichilleach agus eolaíochtbhunaithe a leanúint chun leasú a dhéanamh ar na criosanna srianta a liostaítear. Le Cód WOAH um Shláinte Ainmhithe Talún agus an t-eolas is fearr atá ar fáil a thógáil mar bhonnlíne, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sula leasófar na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán ASF:

    5.1.

    níor cheart criosanna srianta I agus II a laghdú nó a scriosadh go hiomlán le linn na dtréimhsí seo a leanas:

    5.1.1.

    buaicphointí séasúracha na dtréimhsí leata galair is airde a dtugann EFSA tuairisc orthu;

    5.1.2.

    tréimhsí eile leata galar níos airde i ngaireacht do chriosanna srianta ábhartha;

    5.1.3.

    tréimhse ina bhfuil staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán dhiúltach ASF sa Bhallstát lena mbaineann.

    Mar sin féin, staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán dhearfach ASF sa Bhallstát agus na húdair arna soláthar ag an údarás inniúil tréidliachta, d’fhéadfaí iad a chur san áireamh chun criosanna srianta liostaithe a laghdú agus a scriosadh go hiomlán freisin le linn na mbuaicphointí séasúracha dá dtagraítear i bpointe 5.1.1.;

    5.2.

    ba cheart faireachas iomchuí a bheith ar bun le haghaidh ASF le torthaí fabhracha sa chrios srianta ábhartha agus sna limistéir máguaird ar chríoch an Bhallstáit ar feadh tréimhse leordhóthanach atá ábhartha d’eipidéimeolaíocht ASF;

    5.3.

    staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán ASF sa tír, údair arna soláthar ag an údarás inniúil agus torthaí iniúchtaí an Choimisiúin, i gcás inarb ábhartha;

    5.4.

    ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn ó mhodhnú criosanna srianta agus ba cheart a léiriú sa mheasúnú gur diomaibhseach an riosca go leathfaí ASF de réir mar is iomchuí don chrios srianta ábhartha.

    6.

    Na príomhchritéir shonracha le haghaidh laghdú nó scriosadh iomlán crios srianta liostaithe III agus le haghaidh filleadh, i gcás inarb ábhartha, ar chrios srianta II (i gcas ina bhfuil ASFV ann i muc-ainmhithe fiáine sa chrios sin) nó ar chrios srianta I (i gcás ina bhfuil ASFV ann i ndlúthghaireacht i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine) nó ar chrios neamh-shrianta:

    6.1.

    ní raibh aon chás ionfhabhtaithe ASFV sa chrios sin le trí bliana anuas; is féidir an tréimhse sin a laghdú go 12 mhí i gcás nach bhfuil aon fhianaise léirithe ag an bhfaireachas i dtír nó i gcrios nó ag measúnú eolaíoch arna dhéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta go bhfuil sceartáin Ornithodoros ann nó bainteach leis;

    6.2.

    i gcás ráig ASF aonair nó ráig theoranta a tharlaíonn laistigh de limistéir faoi leith nó laistigh de thréimhse ama faoi leith (le linn tréimhse 30 lá ón gcéad ráig sa chrios sin) i mbunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád i limistéar atá mór go leor gan aon ráig ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád le 12 mhí anuas – is féidir an tréimhse 3 bliana nó 12 mhí dá dtagraítear i bpointe 6.1. a laghdú go 3 mhí ar na coinníollacha seo a leanas:

    6.2.1.

    go ndearnadh réamhghlanadh agus díghalrú agus, i gcás inarb ábhartha, rialú feithidí agus creimirí, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (díreach tar éis na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 12 a thabhairt chun críche, agus i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 14 den Rialachán sin) sna bunaíochtaí uile a ndéantar difear dóibh;

    6.2.2.

    go gcuirfear chun feidhme na bearta dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 41 (cuairteanna ag tréidlianna oifigiúla agus scrúduithe cliniciúla agus, nuair is gá, scrúduithe saotharlainne) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus

    6.2.3.

    nuair a léirítear leis an bhfaireachas i dtír nó i gcrios nó leis an measúnú eolaíoch arna dhéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil sceartáin Ornithodoros ann nó bainteach leo;

    7.

    Na príomhchritéir shonracha maidir le crios srianta II liostaithe a laghdú nó a scriosadh go hiomlán agus filleadh ar chrios srianta I nó ar limistéar neamhshrianta:

    7.1.

    ní raibh aon ráig ASF i muc-ainmhithe fiáine le 12 mhí anuas;

    7.2.

    d’fhéadfaí cásanna sonracha (38) i ndáil leis an laghdú ar an tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i bpointe 7.1 a chur san áireamh de réir staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán ASF an Bhallstáit agus údair arna soláthar ag an údarás inniúil ábhartha;

    7.3.

    i gcás staid eipidéimeolaíoch fhabhrach fhoriomlán i mBallstát lena mbaineann, léiríodh nach ann do ASFV i gcúrsaíocht i gcomhthéacs geografach cinntithe a raibh conclúidí fabhracha maidir le cur chun feidhme Straitéis Scoir EFSA (39) mar thaca leis (cur chuige dhá chéim: comhcheangal d’fhad leordhóthanach de thréimhse faireacháin ‘Céim an tSlánaithe’ agus ‘Céim an Dearbhaithe’ ina dhiaidh sin).

    8.

    Ba cheart laghdú nó scriosadh iomlán chrios srianta liostaithe I a bhunú ar an méid seo a leanas:

    8.1.

    meastóireacht ar na rioscaí a bhaineann le ASF;

    8.2.

    ní raibh aon ráig ASF i muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i muc-ainmhithe fiáine le linn na dtréimhsí seo a leanas:

    8.2.1.

    12 mhí;

    8.2.2.

    nó 3 mhí, má úsáidtear an critéar dá dtagraítear i bpointe 6.2 chun filleadh ar chrios srianta ábhartha I ó chrios srianta III;

    8.3.

    an tacar iomlán sonraí eipidéimeolaíocha i gcomhthéacs geografach agus tréimhse ama níos leithne, lena n-áirítear staid eipidéimeolaíoch ASF i limistéir a bhfuil teorainn acu le criosanna srianta II agus/nó III;

    8.4.

    céim eipidéime ASF sa chrios ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, sa Bhallstát ina iomláine; níor cheart díliostú chrios srianta I a dhéanamh ag céim luath san eipidéim.


    (1)   IO L 129, 15.4.2021, lch. 1.

    (2)  https://asf-referencelab.info/asf/en/

    (3)  https://food.ec.europa.eu/animals/animal-diseases/veterinary-emergency-team_ga

    (4)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2018;16(11):5494.

    (5)  https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/

    (6)  https://www.efsa.europa.eu/en/topics/topic/african-swine-fever

    (7)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (8)  https://food.ec.europa.eu/animals/animal-health/animal-health-law/delegated-and-implementing-acts_ga

    (9)   IO L 174, 3.6.2020, lch. 64.

    (10)   IO L 79, 17.3.2023, lch. 65.

    (11)  https://rr-europe.woah.org/en/Projects/gf-tads-europe/standing-groups-of-experts-on-african-swine-fever-in-europe/depository-on-african-swine-fever/

    (12)  Mar shampla, Airteagail 10, 55, 65 etc.

    (13)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(6):6639.

    (14)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(4):6558.

    (15)  De bhunadh limistéir inar tuairiscíodh ASF.

    (16)  De bhunadh limistéir inar tuairiscíodh ASF.

    (17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

    (18)  https://asf-referencelab.info/asf/en/

    (19)  https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/

    (20)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2018;16(11):5494.

    (21)  https://www.woah.org/app/uploads/2022/07/asf-in-wild-boar-ecology-and-biosecurity-2nd-ed.pdf

    (22)  Ar bhonn iarrataí EFSA.

    (23)  https://www.efsa.europa.eu/en/topics/topic/african-swine-fever

    (24)  https://rr-europe.woah.org/en/Projects/gf-tads-europe/standing-groups-of-experts-on-african-swine-fever-in-europe/depository-on-african-swine-fever/

    (25)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021:18(5):-7538.

    (26)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2018;16(7):5344

    (27)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2018;16(11):5494.

    (28)  Chun críocha threoirlínte ASF, leis an téarma ‘conablach’ cumhdaítear i) muc-ainmhithe fiáine a fuarthas marbh (lena n-áirítear muc-ainmhithe fiáine a maraíodh ar an mbóthar) agus ii) muc-ainmhithe fiáine a scaoileadh araon.

    (29)  Sna limistéir nua-ionfhabhtaithe, ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar bhainistiú muc-ainmhithe fiáine agus é beartaithe gan ASF a leathadh a thuilleadh.

    (30)  an tSeicia: https://ec.europa.eu/food/system/files/2019-02/ad_control-measures_asf_presentation-wild-boar-czech-rep.pdf; An Bheilg: https://ec.europa.eu/food/system/files/2020-11/ad_control-measures_asf_erad-eu-bel.pdf.

    (31)  Dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagal 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

    (32)  Tuarascáil Eolaíoch EFSA: Epidemiological analyses of African swine fever in the European Union [Anailísí eipidéimeolaíocha ar fhiabhras Afracach na muc san Aontas Eorpach] (Samhain 2017 go dtí Samhain 2018).

    (33)  Ar feadh níos mó ná 24-36 mhí agus an staid shonrach sa chrios sin á cur san áireamh.

    (34)  Faoi láthair, níl aon fhianaise ann go raibh fálta móra éifeachtach chun an torc fiáin a shrianadh (EFSA, doi: 10.2903/j.efsa.2018.5344).

    (35)  https://www.efsa.europa.eu/en/topics/topic/african-swine-fever

    (36)  Treoluas airmheánach an ionfhabhtaithe sa Bheilg, sa tSeicia, san Eastóin, san Ungáir, sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Pholainn, mar a measadh agus an anailís líonra á húsáid, bhí sé idir 2.9 km agus 11.7 km in aghaidh na bliana (Epidemiological analyses of African swine fever in the European Union [Anailísí eipidéimeolaíocha ar fhiabhras Afracach na muc san Aontas Eorpach] (Samhain 2018 go Deireadh Fómhair 2019). EFSA Journal [Iris EFSA] Imleabhar 18, Eagrán 1 Eanáir 2020.

    (37)  https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/?id=169&L=1&htmfile=chapitre_asf.htm

    (38)  Mar shampla, luaitear leis an gcás deiridh ASF a deimhníodh gur conablach muc-ainmhí fiáin atá dí-chomhdhéanta nó an cnámharlach déanta de agus toradh deimhneach ar thástáil PCR ag dul leis, rud a léiríonn gur tharla bás an ainmhí míonna roimh dháta an deimhnithe.

    (39)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021: Imleabhar 19, Eagrán 3 Márta 2021.


    IARSCRÍBHINN I

    – Príomhtheachtaireachtaí le haghaidh feachtais ardaithe feasachta sna Ballstáit

    Ba cheart do na feachtais feasachta na páirtithe leasmhara uile a chur ar an eolas, oideachas a chur orthu agus iad a spreagadh ar mhaithe le faireachas agus tuairisciú a mhéadú, feabhas a chur ar chleachtas chun cosc a chur ar leathadh breise ASF agus é a thabhairt isteach i limistéir nua. Ba cheart an méid seo a leanas a thabhairt chun suntais sna feachtais sin:

    maraíonn ASF an da chineál ainmhithe: muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine araon,

    is féidir le ASF cur isteach ar shlí bheatha feirmeoirí,

    is féidir le ASF daonra áitiúil muc-ainmhithe fiáine a laghdú go mór (nó é a dhíothú fiú)

    is féidir le ASF tionchar mór a imirt ar an bhfiach i limistéir atá buailte leis.

    Ba cheart béim ar leith a leagan ar na cúiseanna ar cheart do pháirtithe leasmhara gníomhú agus ar na tairbhí a bheadh ag baint leis an ngníomhú sin, agus ar na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéantar gníomhaíochtaí in aghaidh ASF. Ba cheart feachtais feasachta a chur in oiriúint chun an spriocphobal beartaithe a shroicheadh. Ba cheart cumarsáid a dhéanamh go minic, ba cheart ilchainéil chumarsáide a roghnú i gceart. Ba cheart deiseanna a chruthú chun gur féidir leis an spriocphobal aiseolas agus meastóireacht a thabhairt.

    Is féidir dea-chleachtais agus samplaí ó thíortha eile (1)  (2) a úsáid nuair is gá.

    Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheachtais feasachta chun faisnéis nua a chur san áireamh.

    Ábharthacht an ghalair

    Is galar tubaisteach tógálach é ASF, atá marfach de ghnáth, a bhuaileann muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine (ar a dtugtar ‘mucanna baile’ agus ‘toirc’); is bagairt thromchúiseach í d’fheirmeoirí muc ar fud an domhain; ní dhéanann sé difear do dhaoine ná do speicis eile ach níl aon chóireáil ná vacsaín le haghaidh ASF. Is féidir leis an ngalar tionchar tromchúiseach a imirt ar an tsláinte ar fheirmeacha, cur isteach ar thrádáil idirnáisiúnta ainmhithe agus táirgí ainmhithe, agus a bheith ina chúis le caillteanais ollmhóra eacnamaíocha.

    Tá earnáil na muc ar cheann de na hearnálacha feirmeoireachta is mó ó thaobh an gheilleagair de san Aontas:

    Is éard atá ann 8.2 % d’aschur iomlán thionscal talmhaíochta an Aontais, an céatadán is airde nuair a chuirtear i gcomparáid é le hearnálacha eile feola (an bhliain 2022, foinse AS AGRI) ;

    Is éard atá i mucfheoil 52 % de tháirgeadh iomlán feola an Aontais (an bhliain 2022, foinse sonraí DG AGRI) ;

    Is í an mhuiceoil an fheoil is mó a onnmhairítear as na feolta ar fad a thairgtear san Aontas: is í 61 % d’onnmhairí iomlána feola an Aontais í (an bhliain 2022, foinse sonraí DG AGRI).

    Agus feachtais feasachta á bpleanáil, ba cheart aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le hearnáil na muc ní hamháin ar leibhéal an Aontais ach ar an leibhéal áitiúil chomh maith.

    Príomhtheachtaireachtaí agus uirlisí cumarsáide molta le haghaidh na bpríomh-spriocghrúpaí

    1.   Tréidlianna (poiblí agus príobháideacha)

    Cén fáth ar chóir ASF a stopadh?

    Is bagairt thromchúiseach é ASF d’fheirmeoireacht muc;

    níl aon chóireáil ná vacsaín éifeachtach ar fáil ar bhonn tráchtála le haghaidh ASF;

    is féidir caillteanais ollmhóra eacnamaíocha a bheith mar thoradh ar an ngalar ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais;

    Tá an galar ina chúis le cuid mhaith fulaingthe i measc muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine araon.

    Cad ba cheart do sheirbhísí tréidliachta a dhéanamh chun ASF a stopadh?

    faireachas a dhéanamh;

    a áirithiú go ndéantar tuairisciú trédhearcach agus pras ar amhrais;

    rannchuidiú le feachtais feasachta agus faireachán a dhéanamh orthu;

    bearta bithshlándála a chur i bhfeidhm idir cuairteanna ar bhunaíochtaí agus lena linn;

    an bhithshlándáil i mbunaíochtaí a áirithiú agus comhairle a thabhairt ina leith.

    Uirlisí cumarsáide molta:

    ábhar preasa, ailt, meáin, etc. in irisí speisialaithe agus sna meáin réigiúnacha/áitiúla;

    ábhar priontáilte: d’fhéadfaí póstaeir, bileoga faisnéise, bileoga eolais, etc. a dháileadh trí ríomhphost a sheoladh chuig cumainn tréidlianna;

    imeachtaí, seimineáir oiliúna, comhdhálacha, etc. a eagrú don spriocphobal sin;

    an gréasán ar líne agus na meáin shóisialta;

    físeáin ghearra agus scannán beochana a dháileadh ar an spriocphobal.

    2.   Feirmeoirí:

    Cén fáth ar chóir ASF a stopadh?

    Is bagairt thromchúiseach é ASF d’fheirmeoireacht muc;

    is féidir leis an ngalar a bheith ina chúis le caillteanais ollmhóra eacnamaíocha (go díreach agus go hindíreach);

    is féidir le ASF slí bheatha an fheirmeora a chur i mbaol.

    Cad ba cheart d’fheirmeoirí a dhéanamh chun ASF a stopadh?

    comharthaí cliniciúla agus siomptóim ASF nó aon bhásmhaireacht mhínormálta a thuairisciú;

    páirt a ghlacadh i gcláir scagthástála dheonacha;

    cinnte a dhéanamh go gcuirtear fuílleach bia i gcoimeádáin dhramhaíola séalaithe agus nach dtugtar do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád ná do mhuc-ainmhithe fiáine é.

    an bhithshlándáil a áirithiú agus a fheabhsú ar leibhéal na feirme mar a chomhaontaítear leis an údarás inniúil.

    Uirlisí cumarsáide molta:

    ábhar preasa, ailt, meáin, etc. in irisí speisialaithe agus sna meáin réigiúnacha/áitiúla agus i seirbhísí comhairleacha feirme, i gcás inarb ábhartha;

    ábhar priontáilte: d’fhéadfaí póstaeir, bileoga eolais, bileoga eolais, etc. a dháileadh trí ríomhphost a sheoladh chuig comhlachais feirmeoirí;

    imeachtaí, seimineáir oiliúna, comhdhálacha, etc. a eagrú don spriocphobal sin;

    an gréasán ar líne agus na meáin shóisialta;

    físeáin ghearra agus scannán beochana a dháileadh ar an spriocphobail.

    3.   Fiagaithe:

    Cén fáth ar chóir ASF a stopadh?

    chun srian nó toirmeasc ar an bhfiach a sheachaint, agus chun teorainneacha ar thurasóireacht an fhiaigh agus caillteanais mhóra eacnamaíocha d’earnáil an fhiaigh i gcriosanna ionfhabhtaithe agus/nó i limistéir chomharsanachta a sheachaint;

    de bharr ASF, d’fhéadfadh daonraí na muc-ainmhithe fiáine laghdú go mór nó dul in éag fiú;

    déanann muc-ainmhithe fiáine ionfhabhtaithe an comhshaol a éilliú, rud a fhágann gur dóchúla go dtarlóidh ráigeanna tánaisteacha i muc-ainmhithe atá ar coimeád;

    mura gcuirtear srian ar ASF go limistéar teoranta, d’fhéadfadh an víreas leanúint ar aghaidh sa chomhshaol ar feadh i bhfad, rud a d’fhágfadh go mbeadh deacrachtaí ann straitéis scoir a chur i bhfeidhm.

    Cad ba chóir d'fhiagaithe a dhéanamh chun stop a chur ASF?

    comhoibriú leis an údarás inniúil chun conablaigh muc-ainmhithe fiáine a aimsiú, a thuairisciú go tapa agus a thógáil go sábháilte ón gcomhshaol;

    trealamh, éadaí, feithicil agus trófaithe a ghlanadh agus a dhíghalrú ar an láthair agus é sin a dhéanamh i gcónaí sula bhfágtar an crios srianta;

    muc-ainmhithe fiáine a scaoileadh a dhí-inniu sa limistéar cóirithe ainmnithe ar thalamh an fhiaigh, i gcás inarb ábhartha;

    rannchuidiú le daonraí na muc-ainmhithe fiáine a laghdú de réir a chéile trí dhlús na n-ainmhithe sin a laghdú sna limistéir nach bhfuil buailte go fóill ag an ngalar (lena n-áirítear an fiach spriocdhírithe ar mhuc-ainmhithe baineanna fásta agus fofhásta);

    gan muc-ainmhithe fiáine a bheathú ar feadh na bliana ar fad;

    turais fhiaigh a sheachaint chuig limistéir arb eol go bhfuil ASF i muc-ainmhithe fiáine iontu.

    Uirlisí cumarsáide molta:

    ábhar preasa, ailt, na meáin in irisí speisialaithe agus na meáin réigiúnacha/áitiúla;

    ábhar priontáilte: d’fhéadfaí póstaeir, bileoga faisnéise, bileoga eolais, etc. a dháileadh tríd an bpost, iad spriocdhírithe ar chumainn fiagaithe, ach freisin iad a bheith in aerfoirt, stáisiúin traenach, saoráidí iompair, lena n-áirítear ag teorainneacha i ngaireacht do ghnáthóga muc-ainmhithe fiáine (e.g. páirceanna poiblí);

    imeachtaí a eagrú, seimineáir oiliúna, comhdhálacha don sprioc sin;

    an gréasán ar líne agus na meáin shóisialta;

    físeáin ghearra agus scannáin bheochana a dháileadh ar an spriocphobal.

    4.   An pobal i gcoitinne (Lena n-áirítear taistealaithe agus iompróirí beathaithe/bia)

    Cén fáth ar chóir ASF a stopadh?

    chun sláinte ainmhithe agus slí bheatha táirgeoirí muc a chosaint;

    chun stop a chur le ASF a bheith ina chúis le caillteanais ollmhóra eacnamaíocha;

    chun reachtaíocht a chomhlíonadh.

    Cad ba chóir don phobal i gcoitinne a dhéanamh chun ASF a stopadh?

    gan muc-ainmhithe beo ná táirgí díobh (muiceoil úr, muiceoil chuisnithe nó reoite, ispíní, feoil liamháis salainnleasaithe, saill muice) a tabhairt isteach san Aontas ó chríocha lasmuigh de;

    gan muiceoil agus táirgí muc eile a thógáil ó chriosanna srianta ASF, má tá toirmeasc air sin faoin reachtaíocht;

    gan bia ná dramhaíl bhia a fhágáil i limistéir atá inrochtana do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád nó do mhuc-ainmhithe fiáine.

    Uirlisí cumarsáide molta:

    an gréasán ar líne agus na meáin shóisialta;

    físeáin ghearra agus scannán beochana: le taispeáint nuair atá an pobal i gcoitinne ag taisteal – in aerfoirt, stáisiúin traenach agus saoráidí iompair eile, lena n-áirítear ag teorainneacha tíre; i ngaireacht do ghnáthóga muc-ainmhithe fiáine (e.g. páirceanna poiblí);

    ábhar preasa, ailt, meáin in irisí taistil, irisí bia nó irisí comhshaoil;

    ábhar priontáilte, póstaeir, bileoga faisnéise, bileoga eolais: ábhar priontáilte: le dáileadh i saoráidí iompair, in ollmhargaí nó i bpáirceanna nádúrtha.


    (1)  https://rr-europe.woah.org/en/Projects/gf-tads-europe/standing-groups-of-experts-on-african-swine-fever-in-europe/depository-on-african-swine-fever/awareness-material-on-asf/

    (2)  https://ec.europa.eu/food/animals/health/regulatory_committee/presentations_en


    IARSCRÍBHINN II

    - Bearta bithshlándála le haghaidh fiagaithe agus le haghaidh gach ball foirne a bheidh ag cuardach agus ag láimhseáil conablaigh muc-ainmhithe fiáine

    An t-údarás inniúil maidir le muc-ainmhithe fiáine a fhiach nó conablaigh na muc-ainmhithe sin a láimhseáil i gcriosanna srianta nó i limistéir eile (má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil riosca ASF ann), ba cheart dó na bearta bithshlándála a liostaítear thíos a bhreithniú.

    a)

    Ba cheart dóthain saoráidí cóirithe a bheith ar fáil. I gcás inar féidir, ba cheart saoráid chóirithe údaraithe thiomnaithe amháin ar a laghad a bheith ar fáil do gach talamh fiaigh. I gcás nach bhfuil limistéar cóirithe i láthair sa talamh fiaigh, ba chóir an talamh fiaigh is gaire a bhfuil saoráid cóirithe aige a úsáid. Ba cheart an limistéar cóirithe a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe ag daoine agus ainmhithe, a bheith feistithe le huisce, ba cheart díghalráin éifeachtacha leordhóthanacha a bheith ar fáil agus trealamh bailithe dramhaíola a bheith ann.

    b)

    I gcás gach talún fiaigh, ba cheart saoráid/áitreabh a bheith feistithe le cuisneoir (nó le nósanna imeachta lena mbaineann na coinníollacha céanna maidir leis an gconablach a choinneáil go dtí go mbeidh torthaí saotharlainne ar fáil).

    c)

    Ba cheart muc-ainmhithe fiáine arna bhfiach fanacht in áitreabh na talún fiaigh go dtí go ndéanfar tástáil orthu; níor cheart ach conablaigh a bhfuarthas tástáil dhiúltach ina leith a scaoileadh saor. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart ceanglas a bheith ann conablaigh a shainaithint ar bhonn aonair.

    d)

    Níor cheart scairteach ó mhuc-ainmhithe fiáine arna bhfiach a bhaint den ainmhí sa pháirc; ba cheart muc-ainmhithe fiáine a scaoileadh a thabhairt chuig saoráidí cóirithe údaraithe tiomnaithe a chuireann srian ar chailliúint sreabhán coirp (lena n-áirítear fuil).

    e)

    Tar éis an muc-ainmhí fiáin a chóiriú, ba cheart an áit agus an trealamh a úsáideadh (lena n-áirítear an modh iompair) a ní agus a dhíghalrú le díghalráin éifeachtacha.

    f)

    Ba cheart na seachtháirgí ainmhithe a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais (1).

    g)

    Ba cheart bearta bithshlándála a chur i bhfeidhm agus conablaigh muc-ainmhithe fiáine á gcuardach agus á láimhseáil chun éilliú féideartha modhanna iompair, clós agus tithe a sheachaint.


    (1)  https://ec.europa.eu/food/food/animal-products/eu-rules_ga


    IARSCRÍBHINN III

    - muc-ainmhithe fiáine a shampláil agus conablaigh muc-ainmhithe fiáine a thógáil sna Ballstáit lena mbaineann (1)

    1.    Muc-ainmhithe fiáine a shampláil.

    a)

    Faireachas éighníomhach:

    Prionsabal na samplála sa tír ar fad (criosanna srianta agus limistéir neamhshrianta den Bhallstát céanna lena mbaineann), ba cheart é a bheith bunaithe ar fhaireachas éighníomhach feabhsaithe. Ar bhonn measúnú riosca arna dhéanamh ag an údarás inniúil, gach muc-ainmhí fiáin a aimsítear atá marbh nó breoite, i gcás inarb ábhartha, ba cheart iad a thástáil le haghaidh ASF trí PCR a úsáid. I gcriosanna srianta II agus III, i gcás grúpa muc-ainmhithe fiáine a aimsítear marbh ar an láthair chéanna, d’fhéadfaí an tsampláil a chomhthiomsú le haghaidh tástáil PCR ó shampla ionadaíoch den ghrúpa, dá bhforáiltear le EURL.

    b)

    An faireachas gníomhach.

    D’fhéadfaí sampláil bhreise a dhéanamh ar bhonn faireachas gníomhach ó mhuc-ainmhithe fiáine arna bhfiach, ar bhonn threoracha ón údarás inniúil. I gcriosanna srianta, ba cheart sampláil a dhéanamh ar gach muc-ainmhí fiáin arna bhfiach agus arna gciondíothú agus muc-ainmhithe a aimsítear marbh/breoite (sampláil 100 % agus tástáil trí PCR). Na muc-ainmhithe fiáine arna bhfiach i gcriosanna srianta, d’fhéadfaí tástáil bhreise a dhéanamh orthu le haghaidh antasubstaintí i gcoinne víreas ASF, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn treoracha ón údarás inniúil.

    c)

    I gcás muc-ainmhithe fiáine arna bhfiach, ní iarrtar ach samplaí fola uathu (d’fhéadfaí baill bheatha a úsáid le haghaidh samplála i gcásanna nach bhfuil samplaí fola ar fáil), dá bhforáiltear leis an EURL.

    2.    Conablaigh muc-ainmhithe fiáine a thógáil.

    a)

    Ba cheart conablaigh a chuardach agus a dhiúscairt go sábháilte i gcriosanna srianta ar a laghad agus in aon limistéar a bhfuil riosca ann, mar atá sainithe ag an údarás inniúil. Ba cheart na conablaigh ionfhabhtaithe a aimsiú agus a thógáil go sábháilte a luaithe is féidir, agus é beartaithe an galar a shrianadh i limistéar teoranta agus bearta ábhartha rialaithe agus díothaithe ASF a chur i bhfeidhm láithreach.

    b)

    I gcás ina ndéantar ASF a bhrath i limistéir nach bhfuil an galar iontu, ba cheart cur le haimsiú éighníomhach conablach trí chuardach gníomhach ag gairmithe i láithreacha sainaitheanta (‘teophointí’) arna mbunú ag an údarás inniúil.

    c)

    Ba cheart conablaigh a dhiúscairt trí na conablaigh sin a thabhairt chuig an ngléasra rindreála, trí adhlacadh domhain nó trí iad a dhó (faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil) i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

    d)

    Ba cheart díghalrú a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha.


    (1)  Na Ballstáit ina bhfuil criosanna srianta I, II nó III a liostaítear in Iarscríbhinn I agus criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.


    IARSCRÍBHINN IV

    – Achoimre ar na moltaí a bhaineann le muc-ainmhithe fiáine mar a thuairiscítear i gCaibidil III

    Bearta

    Staid eipidéimeolaíoch

    Saor ó ASF (ullmhacht)

    Saor ó ASF (ullmhacht)

    ASF aimsithe (díothú)

    Eindéimeach ASF (rialú)

    Limistéir agus criosanna srianta arna gcatagóiriú chun críoch na dtreoirlínte

    5.1.

    Limistéir nach bhfuil ASF iontu agus nach bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta;

    5.2.

    Limistéir, nach bhfuil ASF iontu (lena n-áirítear crios srianta I), a bhfuil teorainn acu le criosanna srianta

    5.3.

    Criosanna srianta teoranta a chomhfhreagraíonn do chriosanna nua-ionfhabhtaithe

    5.4.

    Criosanna srianta leathana a chomhfhreagraíonn do chriosanna ionfhabhtaithe móra

    4.1.

    Baoiteáil:

    Teoranta, le haghaidh fiaigh, gaisteoireachta agus, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh ciondíothaithe

    Teoranta, le haghaidh gaisteoireachta agus ciondíothú

    Teoranta, le haghaidh fiaigh, gaisteoireachta agus, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh ciondíothú

    4.2.

    Bearta bithshlándála

    Ba cheart bearta bithshlándála, i gcás inarb ábhartha, a fheabhsú, a chur chun cinn agus a chothú le linn fhiach, ghaisteoireacht agus chiondíothú na muc-ainmhithe fiáine

    4.3.

    Bailiú na bpríomhshonraí

    Muc-ainmhithe fiáine a aimsítear marbh a shampláil agus a thástáil

    Ar bhonn an mheasúnaithe riosca: maidir le muc-ainmhithe fiáine a aimsítear marbh, iad a shampláil agus a thástáil agus muc-ainmhithe fiáine arna bhfiach a thástáil chun víreas ASF a bhrath. Gach conablach a thástáil má tá an riosca a measúnaíodh ard.

    Gach muc-ainmhí fiáin a aimsítear marbh agus ciondíothaithe: sampláilte agus tástáilte

    Gach muc-ainmhí fiáin arna bhfiach tástáilte

    Gach muc-ainmhí fiáin a aimsítear marbh agus ciondíothaithe: sampláilte agus tástáilte

    Muc-ainmhithe fiáine arna bhfiach tástáilte ar bhonn an mheasúnaithe riosca agus i gcomhréir le Rialachán ASF

    4.4.

    Comhar

    Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh comhar éifeachtach éifeachtúil ann idir údaráis inniúla agus páirtithe leasmhara (amhail comhlachtaí bainistithe foraoiseachta, údaráis chomhshaoil agus sealgairí) chun ASF a chosc, a luathbhrath, a rialú agus a dhíothú

    4.5.

    Ciondíothú

    Is faoin údarás inniúil atá sé; ba cheart breithniú a dhéanamh ar an gciondíothú chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú

    Is faoin údarás inniúil atá sé; ba cheart an ciondíothú a bhreithniú agus é a chur chun cinn chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú

    Ba cheart an ciondíothú a bhreithniú chun ASF a dhíothú nuair a bhainfear an chéim eindéimeach amach (tar éis chéim na heipidéime) agus é a dhéanamh faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil. Sa chleachtas, níor cheart aon ghníomhaíocht a dhéanamh go dtí go ndéanfar laghdú an chuair eipidéime a chomhdhlúthú agus a shainaithint trí chóras leanúnach faireachais éighníomhaigh nó go dtí go mbeidh bearta eile curtha chun feidhme chun cosc a chur ar ghluaiseacht na muc-ainmhithe fiáine

    Is faoin údarás inniúil atá sé; ba cheart an ciondíothú a bhreithniú agus é a chur chun cinn chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a laghdú

    4.6.

    ‘Crios bán’ a bhunú

    Ní bhaineann le hábhar

    D’fhéadfaí é a bhreithniú ar bhonn an mheasúnaithe riosca in éineacht le bearta eile

    Ní bhaineann le hábhar, ach d’fhéadfaí é a bhreithniú i gcásanna sonracha, ar bhonn measúnú riosca agus in éineacht le bearta eile

    4.7.

    Fálú

    Ní bhaineann le hábhar

    Ní bhaineann le hábhar, ach d’fhéadfaí é a bhreithniú chun limistéir bheaga theorannaithe a choinneáil chun bearta coisctheacha a éascú

    Ábhartha maidir le díothú ASF i gcroílimistéir ionfhabhtaithe sainithe, má thógtar go tráthúil agus go straitéiseach é chun leathadh an ghalair a mhoilliú

    Ní bhaineann le hábhar, ach d’fhéadfaí é a bhreithniú chun limistéir bheaga theorannaithe a choinneáil chun bearta rialaithe a éascú

    4.8.

    An fiach

    Aidhm

    Iarracht an fhiaigh a mhéadú chun an daonra a laghdú

    Dianfhiach (iarracht fiaigh uasta)

    Moladh chun toirmeasc iomlán a chur ar ghníomhaíochtaí fiaigh ar gach speiceas ainmhithe go dtí go dtiocfaidh laghdú ar an gcéim eipidéime

    Níor cheart é a dhéanamh ach amháin faoi dhianbhearta bithshlándála, i gcás inarb ábhartha (e.g. le haghaidh úsáid intíre phríobháideach fiagaithe, chun samplaí a bhailiú le haghaidh tástála, agus é beartaithe daonra foriomlán muc-ainmhithe fiáine a laghdú)

    Méid na hiarrachta

    An líon ainmhithe a mharaítear a mhéadú (iarracht chainníochtúil)

    Fiach seolta agus fiach aonair

    Ciondíothú tar éis laghdú ar an gcéim eipidéime agus sa chás sin amháin

    Ciondíothú ag fiagaithe oilte

    Modhanna

    Spriocdhíriú ar mhuc-ainmhithe baineanna agus fofhásta (iarracht cháilíochtúil) trí ghnáthmhodhanna fiaigh

    An fiach ag an leibhéal is airde is féidir a bhaint amach sa limistéar sin. Rannpháirtíocht phríobháideach/phoiblí chun an cuspóir a bhaint amach maidir leis an daonra a laghdú

    Gan aon fhiach seolta

    Tar éis don chéim eipidéim a laghdú, fiach ag an leibhéal is airde is féidir a bhaint amach sa limistéar sin. Rannpháirtíocht phríobháideach/phoiblí chun an cuspóir a bhaint amach maidir leis an daonra a laghdú

    Fiach faoi dhianbhearta bithshlándála chun samplaí a bhailiú le haghaidh tástála

    4.9.

    Faireachas éighníomhach:

    An faireachas éighníomhach feabhsaithe; muc-ainmhithe fiáine a aimsítear marbh a shampláil agus a thástáil ar bhonn measúnú riosca

    An faireachas éighníomhach feabhsaithe; patrólú gníomhach chun muc-ainmhithe fiáine marbha a aimsiú agus a thástáil

    An faireachas éighníomhach feabhsaithe; patrólú gníomhach chun muc-ainmhithe fiáine marbha a aimsiú agus a thástáil agus chun an conablach a thógáil/a dhiúscairt

    An faireachas éighníomhach feabhsaithe; patrólú gníomhach chun muc-ainmhithe fiáine marbha a aimsiú agus a thástáil agus chun an conablach a thógáil/a dhiúscairt

    4.10.

    Rochtain theoranta

    Ní bhaineann le hábhar

    Ní bhaineann le hábhar

    Ba cheart an rochtain ar chriosanna ionfhabhtaithe a shrianadh a mhéid is féidir i ngeall ar na rioscaí a bhaineann le tarchur ASF trí mheán daoine, trealaimh, feithiclí, etc.

    Ní bhaineann le hábhar, ach d’fhéadfaí é a bhreithniú i gcásanna sonracha

    4.11.

    Srianta ar bheathú marthanach

    Ba cheart é a shrianadh agus níor cheart é a dhéanamh

    I gcásanna sonracha, tar éis measúnú riosca a dhéanamh, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar bheathú marthanach muc-ainmhithe fiáine a cheadú ar feadh tréimhse theoranta ama chun muc-ainmhithe fiáine a choinneáil i gcrios nua-ionfhabhtaithe, agus aidhm ann sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma ASF a dhíothú ón gcrios sin

    Ba cheart é a shrianadh agus níor cheart é a dhéanamh

    4.12.

    Sampláil agus tástáil

    Tástálacha ISP

    Tástálacha ISP

    D’fhéadfaí brath Ab a úsáid i gcásanna sonracha, amhail muc-ainmhithe fiáine a thástáil i gcrios srianta I (d’fhéadfadh ainmhí séireidearfach a bheith ina léiriú ar staid ghalair atá ag teacht chun cinn amhail leathadh ASFV lasmuigh de chriosanna srianta II nó III)

    Tástálacha ISP

    Tástálacha ISP

    D’fhéadfaí brath Ab a úsáid i gcásanna sonracha i limistéir a bhfuil ASF iontu ar feadh i bhfad

    4.13.

    Gaisteoireacht

    Fiach agus tástáil

    Fiach agus tástáil

    Ciondíothú agus tástáil

    Ba cheart gaisteoireacht a mheas mar bheart éifeachtach chun daonra na muc-ainmhithe fiáine a theorannú nó a laghdú i gcomhthéacs ASF i limistéar teoranta (e.g. i ‘gcrios bán’), in éineacht le bearta eile a bhfuil sé d'aidhm acu ASF a dhíothú, go háirithe sna criosanna nua-ionfhabhtaithe

    Ciondíothú agus tástáil


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top