Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0012

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013

SWD/2023/12 final

An Bhruiséil,20.1.2023

SWD(2023) 12 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le
staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013

{COM(2023) 31 final} - {SEC(2023) 38 final} - {SWD(2023) 11 final} - {SWD(2023) 13 final} - {SWD(2023) 14 final} - {SWD(2023) 15 final}


Réamhrá agus cúlra

Áirithíonn Eurostat, oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh, go dtáirgtear staidreamh Eorpach inchomparáide agus ar ardcháilíocht de réir na bprionsabal staidrimh a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach. Is iad na príomhúsáidí a bhaintear as an staidreamh Eorpach beartais an Aontais a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, agus is iad institiúidí an Aontais príomhúsáideoirí an staidrimh sin. Is éard atá sa Chóras Staidrimh Eorpach an líonra comhpháirtíochta idir Eurostat agus na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (NSIanna). Is é ról Eurostat an bealach a threorú i staidreamh a chomhchuibhiú, i ndlúthchomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta, a bhailíonn sonraí agus a thiomsaíonn staidreamh chun críocha náisiúnta agus chun críocha an Aontais.

Faoi Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta. Chun beartais agus gníomhaíochtaí a cheapadh agus a chur chun feidhme a rachaidh chun tairbhe dhaonra agus shaoránaigh an Aontais i réimsí inniúlachtaí an Aontais, arna bhunú le hAirteagail 2 agus 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá staidreamh Eorpach maidir leis an daonra de dhíth ar institiúidí an Aontais, staidreamh atá iomlán, tráthúil, iontaofa, mionsonraithe, comhchuibhithe agus inchomparáide. Is cnámh droma an staidrimh shóisialta uile iad an staidreamh sin freisin agus tá siad fíor-riachtanach le haghaidh aon mheastachán bliantúil daonra níos mionsonraithe, suirbhéanna samplacha, anailís réigiúnach agus le haghaidh réamh‑mheastacháin daonra a chur ar fáil.

I gcomhthéacs an tionscnaimh seo 1 , cuimsíonn staidreamh Eorpach maidir leis an daonra (ESOP) an méid seo a leanas: (i) staidreamh oifigiúil Eorpach maidir leis an daonra, imeachtaí déimeagrafacha agus imirce 2 ; (ii) staidreamh ó dhaonáirimh agus ó áirimh tithíochta; agus (iii) na táscairí éagsúla bunaithe ar an staidreamh sin. Tá an staidreamh sin á rialú faoi láthair ag trí bhunús dlí a forbraíodh go neamhspleách ar a chéile:

-Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta;

-Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 maidir le daonáirimh agus áirimh thithíochta; agus

-Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach.

Leis an measúnú tionchair seo, bunaítear agus scrúdaítear seacht rogha beartais éagsúla i dtreo togra ón gCoimisiún le haghaidh creat dlíthiúil nua nuachóirithe chun freastal ar riachtanais athraitheacha na núsáideoirí maidir le staidreamh daonra. Ós rud é go bhféadfadh deiseanna a bheith i gceist leis sin maidir le simpliú riaracháin agus comhtháthú próiseas i gcomparáid leis an status quo faoi na trí bhunús dlí neamhailínithe, áirítear an tionscnamh seo i gclár oibre 2022 de chuid an Choimisiúin mar thionscnamh REFIT 3 . Rinneadh an measúnú tionchair díreach i ndiaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil reatha, mar a luadh thuas. Rinneadh comhairliúchán amháin le páirtithe leasmhara le haghaidh an mheasúnaithe tionchair agus na meastóireachta.

An fhadhb a shainiú

Cinneadh sa mheastóireacht gur tháinig feabhsuithe suntasacha ar staidreamh daonra na hEorpa de thoradh na dtrí Rialachán. Mar sin féin, tá roinnt bearnaí agus laigí sa staidreamh a tháirgtear faoin gcreat reatha.

Is í an chéad fhadhb leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana nach bhfuil an staidreamh a eascraíonn as leordhóthanach, comhleanúnach ná inchomparáide, rud a d’fhéadfadh cinnteoireacht fho-optamach a bheith ina toradh air. Baineann an fhadhb seo le príomhshainmhínithe staidrimh (go háirithe, an bonn daonra le haghaidh an staidrimh) atá débhríoch, rud is cúis le heapsa comhleanúnachais agus inchomparáideachta.

Ar an dara dul síos, is neamh‑leordhóthanach an infhaighteacht sonraí daonra ó thaobh minicíochta agus spriocdhátaí de, de bharr gur ar bhonn deonach fós atá an tarchur sonraí maidir le raon topaicí agus miondealuithe tábhachtacha. Tá sé sin neamhéifeachtúil ar leibhéal an Aontais san fhadtéarma, toisc nach ngintear leis breisluach an Aontais ó thaobh iomláine, inchomparáideachta agus tráthúlachta de, in ainneoin na gcostas a thabhaíonn tromlach na mBallstát chun an staidreamh sin a tháirgeadh.

Ar an tríú dul síos, teipeann ar staidreamh daonra tréithe agus mionsonraí topaicí nó grúpaí atá ábhartha ó thaobh na polaitíochta agus na sochaí de a chur san áireamh. Léiríonn an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair na tosaíochtaí beartais a bhí ann tráth a glacadh na rialacháin, ach níl dóthain solúbthachta ann chun go bhféadfaí an staidreamh a chur in oiriúint chun tosaíochtaí nua a bhaint amach amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, gluaiseachtaí daonra atá ag éirí níos dinimiciúla, lena n‑áirítear soghluaisteacht an Aontais agus soghluaisteacht réigiúnach, agus beartais maidir leis an gcomhionannas agus leis an neamh‑idirdhealú.

Ar deireadh, tá athrú mór ag teacht ar staidreamh daonra freisin, agus tá go leor Ballstát ag bogadh i dtreo úsáid mhéadaithe sonraí riaracháin agus foinsí nua eile. Leis sin, d’fhéadfaí staidreamh a tháirgeadh níos minice agus ar bhealach níos tráthúla, agus ar chostas níos ísle. Faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, áfach, ní féidir leas a bhaint as na forbairtí sin.

Fuarthas amach sa mheastóireacht go leanfaidh na fadhbanna sin ar aghaidh amach anseo nó d’fhéadfadh siad a dhul in olcas mura ndéanfar gníomhaíocht reachtach.

Cuspóirí

Is é cuspóir ginearálta ghníomhaíocht seo an Aontais freagairt níos fearr do riachtanais úsáideoirí, agus ábharthacht, comhchuibhiú agus comhleanúnachas staidreamh daonra na hEorpa a nuachóiriú agus a fheabhsú. Is féidir an sprioc sin a mhiondealú i gceithre chuspóir shonracha atá ailínithe leis na fadhbanna a leagtar amach thuas, mar seo a leanas:

-staidreamh daonra Eorpach iomlán, comhleanúnach agus inchomparáide a áirithiú;

-staidreamh tráthúil agus rialta a áirithiú chun freastal ar riachtanais úsáideoirí;

-staidreamh a chur ar fáil atá cuimsitheach go leor ó thaobh topaicí ábhartha de agus atá mionsonraithe go leor i dtéarmaí saintréithe agus miondealuithe;

-creataí dlíthiúla agus creataí bailithe sonraí a chur chun cinn atá solúbtha go leor chun tacair sonraí a oiriúnú do riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus do dheiseanna a eascraíonn as foinsí nua.

Roghanna beartais agus a dtionchar

Tógadh roghanna beartais trí bhearta beartais gráinneacha a ghrúpáil a thugann aghaidh ar na cuspóirí sonracha de réir ceithre thréith a bhaineann le hidirghabháil fhéideartha:

-staidreamh a chomhchuibhiú agus an príomhfhócas a bheith ann an bonn daonra a shainiú;

-próisis staidrimh a chomhtháthú;

-aschuir staidrimh;

-solúbthacht an chreata.

Table 1 léiríonn sé na roghanna a thagann as sin le huaillmhian a théann i méid maidir leis na ceithre thréith a luaitear.

Is é Rogha A an cás bunlíne, le próisis agus reachtaíocht staidrimh ar leith, comhchuibhiú teoranta ar shainmhíniú daonra, agus gan aon aschur staidrimh nua.

Tábla 1 – Uaillmhian chomparáideach na seacht rogha beartais maidir le ceithre phríomhthréith na hidirghabhála féideartha (scála: gan uaillmhian ‘0’, seachas sin ‘+’, ‘++’ nó ‘+++’).

Is iad príomhghnéithe roghanna B.1 agus B.2 uasghrádú, le huaillmhian mhéadaitheach, ar na haschuir staidrimh agus ar sholúbthacht an chreata, ach gan ach comhchuibhiú teoranta ar an mbonn daonra.

Is ionann roghanna C.1 agus C.2 agus roghanna B.1 agus B.2, ach tá iarracht níos uaillmhianaí iontu an bonn daonra a chomhchuibhiú. Le roghanna B.2 agus C.2 cuirtear uasghrádú níos fairsinge ar fáil ar an aschur staidrimh agus ar sholúbthacht an chreata i gcomparáid le roghanna B.1 agus C.1.

Ar deireadh, le roghanna D.1 agus D.2 bheadh comhchuibhiú iomlán agus mór-uasghrádú ar aschuir i gceist, chomh maith le solúbthacht leordhóthanach chun staidreamh a fhorbairt amach anseo ar mhaithe le freastal ar riachtanais nua. Le Rogha D.2, áirítear freisin clár staidrimh daonra a thabhairt isteach i ngach Ballstát.

Tábla 2 – Forbhreathnú ar phríomhthorthaí measúnaithe do rogha thosaíochta D.2 agus do rogha mhalartach C.2

Rinneadh costais na roghanna uile a chainníochtú a mhéid is féidir, agus úsáid á baint as na critéir seo a leanas: (i) leibhéal comhchuibhithe an bhoinn daonra; (ii) aschuir staidrimh a uasghrádú; agus (iii) próisis staidrimh a chomhtháthú trí chláir náisiúnta staidrimh daonra. Ar deireadh, rinneadh miondealú ar na tairbhí, ach níorbh fhéidir an chuid is mó díobh a chainníochtú toisc iad a bheith indíreach nó scaipthe go minic agus dá bhrí sin rinneadh measúnú cáilíochtúil orthu.

Comparáid idir roghanna agus an rogha thosaíochta

De cheal tairbhí cainníochtaithe, ní féidir roghanna a rangú go díreach. Leis an measúnú ar éifeachtúlacht, áfach, léiríodh go cáilíochtúil nach bhfuil aon cheann de na roghanna níos costéifeachtaí ná a chéile. Go deimhin, cuireann na roghanna tairbhí méadaithe ar fáil (ar bhealach díreach d’úsáideoirí staidrimh agus ar bhealach indíreach don tsochaí ar fad) ag costais mhéadaitheacha (do tháirgeoirí staidrimh den chuid is mó, i.e. córais náisiúnta táirgthe staidrimh). Ba léiriú ar an deighilt dhomhain idir táirgeoirí staidrimh agus úsáideoirí staidrimh a bhí sa patrún sin mar dhírigh táirgeoirí ar chostais agus thug úsáideoirí tús áite do na tairbhí. Mar sin féin, léiríodh go soiléir sa mheasúnú go bhfuil praghas ag baint le gníomhaíocht uaillmhianach maidir le riachtanais sonraí do thosaíochtaí beartais an Aontais, i bhfoirm acmhainní breise a theastaíonn ó tháirgeoirí staidrimh atá suntasach i gcomparáid leis na costais a bhaineann leis an mbonnlíne reatha (suas le thart ar 10 % le haghaidh rogha D.2). Níos cruinne fós, is sna roghanna is uaillmhianaí amháin, roghanna D.1 agus D.2, a fhaightear na bearta láidre chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phríomhréimsí beartais an Aontais amhail comhtháthú uirbeach/tuaithe, an Comhaontú Glas, agus cearta bunúsacha agus an neamh‑idirdhealú. Ina theannta sin, is i rogha D.2 amháin a fhaightear cláir staidrimh daonra mar bheart láidir chun éifeachtúlacht táirgeachta a mhéadú agus ar an gcaoi sin éascaíocht a dhéanamh ar na spriocanna uaillmhianacha aschuir a bhaint amach.

Dá bhrí sin, is é D.2. an rogha fhoriomlán thosaíochta. Ós rud é go bhfuil an rogha sin an‑uaillmhianach maidir le haschur staidrimh agus le solúbthacht an chreata, baintear amach léi an toradh is fearr a bhuí le simpliú agus comhtháthú ar na córais táirgthe staidrimh atá chomh huaillmhianach céanna agus le gnóthachain éifeachtúlachta fhadtéarmacha inbhuanaithe. Mar sin féin, tá éiginnteacht ann fós maidir leis an gcoimhdeacht agus leis an gcomhréireacht, sa bhreis ar na costais shuntasacha maidir le hoiriúnú a bhaineann le cláir idir-inoibritheacha staidrimh daonra a thabhairt isteach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bheadh cur chuige malartach (coimeádach) a thugann tosaíocht do rogha C.2 réasúnta freisin dá leagfaí níos mó béime ar na hábhair imní maidir le comhréireacht agus éifeachtúlacht a bhaineann le rogha D.2 – bheadh sé sin níos inghlactha freisin do tháirgeoirí staidrimh ina gcáil mar phríomhpháirtithe leasmhara le haghaidh an chur chun feidhme.

Is dócha go nginfidh roghanna tosaíochta D.2 nó C.2 raon feidhme le haghaidh coigiltí costais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do REFIT mar thoradh ar shimpliú, ar chuíchóiriú agus ar chomhtháthú na bpróiseas staidrimh (féach Table 2 ). Tá coinne le simplithe suntasacha maidir le comhroinnt sonraí idir úinéirí sonraí foinseacha agus NSIanna, maidir le hoiriúnuithe rialála ar riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn le haghaidh NSIanna agus Eurostat, agus maidir le nósanna imeachta um tharchur sonraí ó NSIanna go Eurostat. Bainfidh úsáideoirí tairbhe as rochtain shimplithe láraithe ar staidreamh ar shuíomh gréasáin Eurostat. Ar deireadh, tá coinne leis go dtiocfaidh gnóthachain éifeachtúlachta fhadtéarmacha shuntasacha as cláir náisiúnta staidrimh daonra a thabhairt isteach i ngach Ballstát. Is é leathbhilliún euro in aghaidh gach babhta daonáirimh an meastachán garbh a rinneadh sa mheasúnú tionchair ar an gcoigilteas costais a d’fhéadfadh a bheith ann arís agus arís eile ar leibhéal an Aontais.

Maidir leis an gceist faoi aon ualach nua ar dhaoine, níl ach aon rud amháin a bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith aige faoi rogha thosaíochta D.2. agus is é sin an beart beartais lena dtugtar isteach modhanna bailithe nua le haghaidh sonraí maidir leis an gcomhionannais. Ós rud é go mbaileofar cuid de na hathróga sin ar a laghad trí fhéindearbhú, is dócha go mbeidh gá le hidirghníomhú díreach breise de chineál éigin a dhéanamh le daoine. Agus an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ á chur i bhfeidhm, ní léirítear san anailís ach ualach freagartha sa bhreis atá fíorbheag, rud nach gcruthóidh, dá bhrí sin, aon obair bhreise shuntasach.

Maidir leis na costais nua a bheidh ar ghnólachtaí, níl ach aon rud amháin a bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith aige faoi roghanna tosaíochta D.2 agus C.2, agus is é sin an beart beartais lena gcumasaítear comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus an rialtas le haghaidh staidreamh daonra Eorpach. Fuarthas amach san anailís maidir le comhroinnt sonraí den sórt sin, lena n‑áirítear le haghaidh staidreamh oifigiúil, nach gcruthaíonn an chomhroinnt sin, go ginearálta, aon obair bhreise do ghnólachtaí a bheadh ábhartha faoin bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’.

Faireachán agus meastóireacht

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar fheidhmíocht chreat nua ESOP trí úsáid a bhaint as na cuspóirí oibríochtúla a leagtar amach faoi gach ceann de na cuspóirí sonracha a luaitear. Chuige sin, rinneadh 24 phríomhtháscaire feidhmíochta lena n‑áirítear tagarmharcanna bonnlíne reatha agus spriocanna sealadacha a shainiú, go príomha trí tháscairí a úsáidtear sa mheastóireacht a athúsáid nó a oiriúnú. An chéad mheastóireacht lena dtugtar an chéim chur chun feidhme chun críche, tá sé beartaithe í a dhéanamh laistigh de 3 go 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil nua, ach staidreamh le haghaidh 3 bliana iomlána ar a laghad a bheith ar fáil. Tar éis an aistrithe chuig céim an chur i bhfeidhm, déanfar meastóireacht rialta ar fheidhmiú agus ar thionchar na reachtaíochta gach 3 go 5 bliana.

(1)   https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12958-Data-collection‑European‑statistics‑on‑population‑ESOP-_en .
(2) Seachas staidreamh maidir le tearmann agus le himirce bhainistithe.
(3) Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála; COM(2012) 746 .
Top