AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.12.2023
COM(2023) 798 final
Moladh le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le réitigh institiúideacha le haghaidh comhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis a bhaineann leis an margadh inmheánach, maidir le comhaontuithe atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais agus le comhlachas na hEilvéise le cláir an Aontais
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cúiseanna
Tá an tAontas agus an Eilvéis fite fuaite go mór mór ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, staire, cultúir, sóisialta agus polaitíochta de. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Eilvéis, agus is í an Eilvéis an ceathrú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas. Tá os cionn 1,3 milliún saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh ina gcónaí san Eilvéis agus tá beagán faoi bhun 450 000 náisiúnach de chuid na hEilvéise ina gcónaí san Aontas. Téann cúpla céad míle oibrí teorann trasna na teorann idir an Aontas agus an Eilvéis sa dá threo gach lá.
Tá an tAontas agus an Eilvéis ceangailte le chéile trí roinnt comhaontuithe déthaobhacha. Trí chomhaontuithe maidir le saorghluaiseacht daoine, iompar talún, aeriompar, trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus aitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, glacann an Eilvéis páirt i margadh inmheánach an Aontais. Is tír comhlachaithe Schengen í an Eilvéis freisin. Go traidisiúnta, is chomhpháirtí láidir sa taighde agus sa nuálaíocht í. Le linn phaindéim Covid tháinig méadú ar an gcomhar idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le bagairtí sláinte trasteorann. Ar deireadh, tá an Eilvéis comhtháite go mór in eangach leictreachais an Aontais.
Cé go bhfuil dlúthchaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis, cuireadh bac air freisin de bharr roinnt fadhbanna struchtúracha seanbhunaithe sna comhaontuithe atá ann cheana a bhaineann leis an margadh inmheánach, go háirithe:
–an easpa léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhionann maidir le dlí an Aontais i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach;
–an easpa oibleagáide ag an Eilvéis maidir le hailíniú dinimiciúil le dlí an Aontais;
–an easpa sásra éifeachtach réitigh díospóidí, ina bhfuil ról ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le dlí an Aontais;
–an easpa cothroime iomaíochta idir cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí na hEilvéise, go háirithe toisc nach gcuimsítear rialacha maidir le státchabhair i gcomhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach;
–an easpa ranníocaíocht airgeadais thráthrialta agus chothrom le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais.
Comhthéacs
Idir 2014 agus 2021, thug an tAontas agus an Eilvéis faoi chaibidlíocht maidir le Creat‑Chomhaontú Institiúideach a bhí beartaithe chun fadhbanna struchtúracha éagsúla a réiteach a bhí ag cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis. I gcomhréir le treoracha caibidlíochta 2014 ón gComhairle, dhéanfaí foráil le Creat‑Chomhaontú Institiúideach maidir le creat rialachais aonair trína ndéanfaí na comhaontuithe atá ann cheana a bhaineann leis an margadh inmheánach a bhainistiú agus trína n‑áiritheofaí cur i bhfeidhm ceart na gcomhaontuithe sin. Leis an gCreat‑Chomhaontú Institiúideach, sholáthrófaí an creat rialachais le haghaidh comhaontuithe breise a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear comhaontuithe a raibh caibidlíocht ina leith údaraithe ag an gComhairle, go háirithe maidir le sábháilteacht bia (2003 agus 2008) agus leictreachas (2006). Ina theannta sin, sholáthrófaí leis an creat rialachais le haghaidh an chomhaontaithe maidir leis an tsláinte, a raibh an chaibidlíocht ina leith údaraithe ag an gComhairle in 2008.
Tháinig caibidleoirí ar chomhaontú maidir le dréacht‑téacs Creat‑Chomhaontaithe Institiúidigh ar an leibhéal teicniúil i mí na Samhna 2018. Mar fhreagairt ar dhiúltú na Comhairle Cónaidhme an dréacht‑téacs a fhormhuiniú, tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht maidir leis na comhaontuithe eile toisc gur chuir an Chomhairle, ina conclúidí an 19 Feabhra 2019, agus Parlaimint na hEorpa, ina moladh an 26 Márta 2019, tabhairt i gcrích comhaontuithe nua maidir le rochtain ar an margadh nó coinníollacha feabhsaithe faoi chomhaontuithe atá ann cheana faoi réir thabhairt i gcrích an Chreat‑Chomhaontaithe Institiúideach. An 26 Bealtaine 2021, d’ainneoin iarrachtaí breise teacht ar réitigh, chinn Comhairle Cónaidhme na hEilvéise deireadh a chur go haontaobhach leis an gcaibidlíocht maidir leis an gCreat‑Chomhaontú Institiúideach.
An 25 Feabhra 2022, mhol an Chomhairle Cónaidhme go gcuirfí tús arís leis an gcaibidlíocht maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis, pacáiste trína ndéanfaí saincheisteanna institiúideacha a réiteach laistigh de na comhaontuithe atá ann cheana agus na cinn a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach, seachas i gcomhaontú cothrománach. Idir mí an Mhárta 2022 agus mí na Samhna 2023, bhí cainteanna taiscéalaíocha ag ionadaithe an Choimisiúin leis an Eilvéis chun a chinneadh an bhféadfadh an Coimisiún glacadh le tograí na Comhairle Cónaidhme mar bhonn chun moladh a dhéanamh go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht arís.
Mar thoradh ar na cainteanna sin, thángthas ar chomhthuiscint lena dtaifeadtar tuiscint pholaitiúil an dá thaobh maidir leis an mbealach chun cinn le haghaidh na caibidlíochta amach anseo agus lena sainaithnítear comhpháirteanna agus paraiméadair pacáiste caibidlíochta leathain, chomh maith le criosanna tuirlingthe agus réitigh maidir le príomhphointí institiúideacha agus earnála. D’fhormhuinigh Comhairle Cónaidhme na hEilvéise an chomhthuiscint sin an 8 Samhain 2023 agus d’fhormhuinigh an Coimisiún Eorpach í an 21 Samhain 2023. Gheall an dá thaobh go n‑úsáidfidís an chomhthuiscint mar bhonn dá sainorduithe caibidlíochta féin a bheadh á lorg acu agus tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an uaillmhian chomhpháirteach an chaibidlíocht a thabhairt chun críche le linn 2024.
Chuaigh Comhairle Cónaidhme na hEilvéise i gcomhairle le Parlaimint agus cantúin na hEilvéise maidir le sainordú caibidlíochta nua.
Le linn na gcainteanna taiscéalaíocha, cuireadh na Ballstáit (Meitheal CSTE) agus Parlaimint na hEorpa (Coiste AFET agus Toscaireacht DEEA) ar an eolas go tráthrialta. Ina Rún an 4 Deireadh Fómhair 2023, d’iarr Parlaimint na hEorpa go dtabharfaí na cainteanna chun críche go pras, go nglacfaí sainorduithe caibidlíochta go tapa agus go dtabharfaí an chaibidlíocht chun críche le linn théarmaí an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa atá ann faoi láthair.
Cuspóirí
Trí idirbheartaíocht maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach leis an Eilvéis, tá sé d’aidhm ag an Aontas cearta coibhéiseacha do shaoránaigh agus cothrom iomaíochta do ghnólachtaí a bhunú. Chun é sin a dhéanamh, is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha seanbhunaithe agus cothromaíocht nua ceart agus oibleagáidí a bhunú don Aontas agus don Eilvéis sna comhaontuithe idirnasctha maidir le rochtain ar an margadh, mar aon le deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht cur chuige a bhunú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, chomh maith leis na sochair inbhraite do náisiúnaigh agus do chuideachtaí an Aontais agus na hEilvéise a leathnú. Mar thoradh air sin, ba cheart na comhaontuithe atá ann cheana agus na comhaontuithe a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach a bheith bunaithe ar phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe idir saoránaigh agus cothroime iomaíochta idir cuideachtaí.
Ba cheart a chuimsiú sna comhaontuithe sin forálacha institiúideacha a thagann leis na prionsabail agus na gnéithe riachtanacha seo a leanas:
–Léiriú agus cur i bhfeidhm comhionann acquis an Aontais: oibleagáid acquis an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonchineálach, tríd an margadh inmheánach uile, lena n‑áirítear forálacha maidir le státchabhair. Éilítear leis sin go ndéanfar na comhaontuithe leis an Eilvéis agus gníomhartha an Aontais dá dtagraítear sna comhaontuithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an comhaontú comhfhreagrach agus ina dhiaidh sin;
–Ailíniú dinimiciúil: oibleagáid ar na páirtithe a áirithiú go ndéantar na comhaontuithe leis an Eilvéis a bhaineann le margadh inmheánach a oiriúnú go dinimiciúil d’acquis an Aontais a bhíonn ag athrú, trí nós imeachta cinnteoireachta iomchuí agus uasteorainn ama chun na codanna ábhartha d’acquis an Aontais a thabhairt isteach i ndlíchóras na hEilvéise;
–Réiteach díospóidí: sásra éifeachtach chun díospóidí a réiteach lena gcosnaítear inniúlacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dlí an Aontais a léirmhíniú. Chuige sin, ba cheart binse eadrána neamhspleách a bhunú chun díospóidí a réiteach. I gcás ina bhfuil coincheapa dhlí an Aontais i gceist le cur i bhfeidhm fhorálacha na gcomhaontuithe, ba cheart an binse eadrána a bheith faoi oibleagáid ceist a atreorú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanfaidh cinneadh a bheidh ceangailteach ó thaobh an dlí ar an mbinse eadrána;
–Idirnasc idir comhaontuithe: an nós imeachta a leanfar má cheapann ceann de na páirtithe nár chomhlíon an páirtí eile cinneadh an bhinse eadrána, lena n‑áirítear an deis don pháirtí sin bearta cúitimh comhréireacha éifeachtacha a dhéanamh sa chomhaontú lena mbaineann nó in aon chomhaontú eile a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear an comhaontú nó na comhaontuithe sin a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán. Ba cheart na forálacha atá ann cheana maidir le foirceannadh lena nasctar comhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis a tugadh i gcrích i mí Aibreáin 2002 a choinneáil;
–Cineál réamhbhreathnaitheach na réiteach institiúideach: na forálacha institiúideacha arna mbunú sa chaibidlíocht, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le comhaontuithe atá ann cheana agus comhaontuithe a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach agus ba cheart na forálacha institiúideacha comhionanna a bheith sna comhaontuithe sin, faoi réir oiriúnuithe a bhfuil údar teicniúil leo.
Ba cheart na forálacha institiúideacha thuasluaite a chuimsiú i gcomhaontuithe amach anseo maidir le leictreachas agus sábháilteacht bia ar cuireadh an chaibidlíocht ina leith ar fionraí in 2018 go dtí go dtabharfar an chaibidlíocht i gcrích maidir leis an gcreat‑chomhaontú institiúideach, agus in aon chomhaontú amach anseo maidir leis an margadh inmheánach. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin mutatis mutandis i gcomhaontú amach anseo maidir le sláinte lena ndéanfaí foráil maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i sásraí agus líonraí an Aontais. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhaontú maidir le leictreachas trádáil sa leictreachas a chothú, leas sóisialta a mhéadú, cobhsaíocht na heangaí agus slándáil an tsoláthair a áirithiú agus an t‑aistriú chuig córas fuinnimh glan‑nialasaigh a éascú. Ba cheart gurb é is aidhm don chomhaontú maidir le sábháilteacht bia a bheidh ann amach anseo cur le bunú limistéir sábháilteachta bia idir an tAontas agus an Eilvéis. Ba cheart gurb é is aidhm don chomhaontú maidir le sláinte comhar a chothú ar mhaithe le sláinte mhuintir an Aontais agus na hEilvéise.
Ba cheart feabhas suntasach teacht ar chearta shaoránaigh an Aontais san Eilvéis agus ar chearta náisiúnaigh na hEilvéise san Aontas trí fhorálacha institiúideacha a thabhairt isteach sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, go háirithe trí Threoir 2004/38/CE maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus a dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas a ionchorprú sa chomhaontú sin agus trí shásra um réiteach díospóidí a thabhairt isteach. Ba cheart neamh‑idirdhealú agus cómhalartacht idir na Ballstáit a bheith i gcroílár an chomhaontaithe. Ba cheart feabhas a chur ar na coinníollacha do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh na hEilvéise maidir le buanchónaí a fháil. Ba chearta chumhdach ar bhealach níos fearr leis na leasuithe ar an gComhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine freisin bearta tionlacain na hEilvéise atá ann cheana a ghabhann le Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú agus na forbairtí ina dhiaidh sin ar acquis an Aontais sa réimse sin. D’fhéadfadh sé go gcaithfí teacht ar chomhaontú maidir le heisceachtaí teoranta sonracha.
Níor cheart a athrú le tabhairt isteach na bhforálacha institiúideacha sa Chomhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar raon feidhme an Chomhaontaithe lena n‑áirítear iompar idirnáisiúnta paisinéirí, cé is moite d’iompar intíre na hEilvéise amháin (i.e. iompar náisiúnta fad‑achair, iompar réigiúnach agus iompar áitiúil). D’fhéadfadh sé go gcaithfí teacht ar chomhaontú maidir le heisceachtaí teoranta sonracha.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas freisin sásra buan a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí a bhunú maidir le ranníocaíocht airgeadais thráthrialta chothrom na hEilvéise arna comhaontú go frithpháirteach le comhtháthú an Aontais, mar chuid den chothromaíocht nua ceart agus oibleagáidí. Ina theannta sin, ba cheart an prionsabal a bhunú gur cheart don Eilvéis rannchuidiú leis na costais a bhaineann le forbairt, oibriú agus cothabháil aon chórais faisnéise de chuid an Aontais a bhfuil rochtain aici air.
Sa chaibidlíocht, is é is aidhm don Aontas socruithe iomchuí a bhunú maidir le comhlachas na hEilvéise le cláir an Aontais, go háirithe Fís Eorpach, Taighde agus Oiliúint Euratom, gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, an chláir don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, chomh maith le comhpháirt Copernicus de chlár agus de ghníomhaíochtaí spáis an Aontais, nó codanna díobh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cé nach n‑athrófaí cuspóirí na gcomhaontuithe éagsúla leis na forálacha institiúideacha, áiritheofaí leo go gcuirfí acquis an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos aonfhoirmí ar fud na gcodanna den mhargadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach nó i réimsí beartais a bhfuil an Eilvéis tiomanta d’ailíniú dinimiciúil ina leith. Chuirfí prionsabail an neamh‑idirdhealaithe ar shaoránaigh an Aontais agus na cothroime iomaíochta idir cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí na hEilvéise i gcroílár na gcomhaontuithe éagsúla.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Leis an gcaibidlíocht maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis, rannchuideofaí le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach sna réimsí beartais seo a leanas:
–ceartas, cearta bunúsacha agus fostaíocht;
–gnó agus tionscal;
–sláinte;
–iompar;
–fuinneamh;
–sábháilteacht bia;
–trádáil;
–margadh aonair;
–iomaíocht.
Ina theannta sin, leis an gcomhaontú lena gcomhlachaítear an Eilvéis le cláir de chuid an Aontais, rannchuideofaí le cuspóirí beartais an Aontais a chur chun cinn sna réimsí beartais seo a leanas:
–oideachas agus oiliúint;
–taighde agus nuálaíocht;
–an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach;
–spás.
Dá mbunófaí creat atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais, rannchuideofaí le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach sa réimse beartais sin san fhadtéarma, go háirithe trí dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht dhlíthiúil a sholáthar.
Ar deireadh, trína áirithiú go ndéanfaidh an Eilvéis rannchuidiú leordhóthanach le bainistiú agus le hoibriú na gclár agus na ngníomhaireachtaí ina bhfuil sí rannpháirteach agus leis na córais faisnéise a bhfuil rochtain aici orthu, d’áiritheofaí leis an gcaibidlíocht cosaint leasanna airgeadais an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Déantar foráil maidir le bunús dlí an chinnidh le hAirteagal 218(3) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena leagtar amach an nós imeachta chun comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 101 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (comhaontú Euratom) maidir leis na cúrsaí sin a thagann faoi Chonradh Euratom.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Neamhbhainteach (inniúlacht eisiach)
•Comhréireacht
Tá an Cinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir maidir leis an gcuspóir deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht cur chuige a bhunú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a chur chun cinn, agus maidir lena áirithiú nach mór d’aon duine atá rannpháirteach i margadh inmheánach an Aontais cloí leis na rialacha agus na hoibleagáidí céanna.
•An rogha ionstraime
Déantar foráil maidir leis an ionstraim faoi Airteagal 218(3) agus (4) CFAE.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Réamh‑mheasann an tAontas comhaontuithe a mbeidh tionchar acu ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
Baineann sé sin leis an gcomhaontú lena gcomhlachaítear an Eilvéis le Fís Eorpach, Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, na cláir don Eoraip Dhigiteach agus Erasmus+, chomh maith le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhpháirt Copernicus de chlár spáis an Aontais. Leagfar amach sa chomhaontú atá beartaithe coinníollacha córa cothroma maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le cláir de chuid an Aontais ina mbeadh sí rannpháirteach agus áireofar na costais riaracháin ghinearálta chun na cláir sin a bhainistiú. Áireofar sa chomhaontú clásal cómhalartachta, lena n‑áiritheofar go mbeidh rochtain, a mhéid is féidir, ag eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ar rannpháirtíocht i gcláir choibhéiseacha taighde agus nuálaíochta na hEilvéise, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht intíre na hEilvéise.
Baineann sé sin freisin leis na comhaontuithe lena mbunaítear sásra le haghaidh ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise leis an gcostas a bhaineann le forbairt, oibriú agus cothabháil aon chórais faisnéise de chuid an Aontais a bhfuil rochtain ag an Eilvéis air. Déanfar socruithe freisin maidir le ranníocaíocht na hEilvéise i leith chostais ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais ina mbeadh sí rannpháirteach.
Braithfidh na himpleachtaí buiséadacha beachta ar thoradh na caibidlíochta.
5.GNÉITHE EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Meastar go gcuirfear tús leis an bpróiseas caibidlíochta in 2024. Le linn na gcainteanna taiscéalaíocha, léirigh an Coimisiún Eorpach agus an Eilvéis an uaillmhian chomhpháirteach an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích le linn 2024, agus bheadh gá na comhaontuithe éagsúla a shíniú agus a thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
–go nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh lena n‑údaraítear don Choimisiún Eorpach caibidlíocht a thionscnamh agus a dhéanamh leis an Eilvéis maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise;
–go gceanglóidh an Chomhairle treoracha caibidlíochta leis an gCinneadh ón gComhairle;
–go ndéanfaidh an Chomhairle Cinneadh 6176/14 ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i dtaca le creat institiúideach lena rialaítear caidreamh déthaobhach a ionadú agus a aisghairm;
–go n‑ainmneoidh an Chomhairle coiste speisialta nach mór an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhairle leis;
–go ndíreoidh an Chomhairle an Cinneadh chuig an gcaibidleoir.
Moladh le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le réitigh institiúideacha le haghaidh comhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis a bhaineann leis an margadh inmheánach, maidir le comhaontuithe atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais agus le comhlachas na hEilvéise le cláir an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, go háirithe Airteagal 101 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I mí Feabhra 2014, thug an Chomhairle dá haire gur fhorbair an caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis i dtreo leibhéal níos airde comhtháthaithe. Bhí rochtain tugtha cheana féin don Eilvéis ar roinnt earnálacha atá nasctha leis an margadh inmheánach agus beartaíodh caibidlíocht, rud a leathnódh rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach.
(2)Dá bhrí sin, thug an Chomhairle sainordú don Choimisiún Eorpach dul i mbun caibidlíochta maidir le creat‑chomhaontú institiúideach lena dtabharfaí isteach forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis a bhaineann leis an margadh inmheánach.
(3)I mí na Samhna 2018, thug an Coimisiún Eorpach agus an Eilvéis dréacht‑téacs creat‑chomhaontaithe institiúidigh chun críche, ach leanadh leis an idirbheartaíocht ar roinnt saincheisteanna lena n‑áirítear saorghluaiseacht daoine.
(4)I mí na Bealtaine 2021, i ndiaidh malartuithe breise leis an gCoimisiún Eorpach, chuir an Eilvéis deireadh go haontaobhach leis an gcaibidlíocht maidir le creat‑chomhaontú institiúideach.
(5)I mí Feabhra 2022, chuir an Chomhairle Cónaidhme bealach eile chun cinn i láthair, ina raibh pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis, lena n‑áirítear cur chuige nua maidir leis na gnéithe institiúideacha. Chuirfí na gnéithe institiúideacha sin san áireamh i ngach comhaontú déthaobhach a bhaineann leis an margadh inmheánach seachas i gcomhaontú cothrománach. I mí an Mhárta 2022, chuaigh an Coimisiún Eorpach agus an Eilvéis i mbun cainteanna taiscéalaíocha lena chinneadh an bhféadfadh an dá thaobh an chaibidlíocht a atosú ar an mbonn sin.
(6)I bhfianaise thoradh na gcainteanna taiscéalaíocha, agus ag tógáil ar shainordú 2014 maidir le creat‑chomhaontú institiúideach chomh maith le sainorduithe níos luaithe le haghaidh comhaontuithe maidir le leictreachas, sláinte, sábháilteacht bia agus rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus d’Iarnróid, mhol an Coimisiún dul i mbun caibidlíochta arís maidir le pacáiste leathan.
(7)Is éard a bheadh sa phacáiste leathan:
–forálacha institiúideacha a chuimseofar i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach, forálacha lena ndéantar foráil maidir le hailíniú dinimiciúil le acquis an Aontais, léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhionann, agus réiteach díospóidí,
–Forálacha maidir le státchabhair a chuimseofar i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach;
–comhaontuithe nua maidir le leictreachas, sláinte agus comhaontú nuashonraithe agus leathnaithe maidir le sábháilteacht bia;
–comhaontú lena gceadaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais;
–comhaontú lena gceadaítear don Eilvéis páirt a ghlacadh i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis;
–comhaontú lena n‑áirithítear ranníocaíocht bhuan airgeadais na hEilvéise le éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, agus;
–gnéithe eile amhail ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise lena rochtain ar chórais faisnéise agus lena n‑úsáid.
(8)Chun aonchineálacht agus cothroime iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart na comhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach agus gníomhartha an Aontais dá dtagraítear sna comhaontuithe sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart a chumhdach leis sin an cásdlí uile, sula dtabharfar an chaibidlíocht i gcrích agus ina dhiaidh sin.
(9)Le rannpháirtíocht leanúnach na hEilvéise sa mhargadh inmheánach agus lena leathnú féideartha, glactar leis gurb ionann na rialacha is infheidhme maidir leis an gcaidreamh leis an Eilvéis sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach agus nach féidir difríocht a bheith idir a léirmhíniú agus a gcur i bhfeidhm.
(10)Ina theannta sin, ceanglaítear leis an aonchineálacht go ndéanfar dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe sin a ionchorprú sna comhaontuithe de réir mar a ghlacfar í, nó de réir mar a fhorbrófar nó mar a athrófar í. Ba cheart nós imeachta um ionchorprú, lena n‑áirítear uasteorainn ama don chur chun feidhme, a sholáthar chuige sin.
(11)Ba cheart binse eadrána neamhspleách a bhunú chun díospóidí a réiteach. Ba cheart don bhinse eadrána ceist a atreorú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh cinneadh ceangailteach, i gcás ina bhfuil coincheapa dhlí an Aontais i gceist le cur i bhfeidhm fhorálacha na gcomhaontuithe, lena n‑áirítear eisceachtaí agus coimircí féideartha.
(12)Ba cheart na forálacha institiúideacha comhionanna a áireamh i ngach comhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis an margadh inmheánach chun bainistiú comhordaithe agus comhleanúnach na gcomhaontuithe a éascú. Thabharfaí na forálacha institiúideacha sin isteach go háirithe sna comhaontuithe seo a leanas atá ann cheana: Comhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, Comhaontú maidir le hAeriompar, Comhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, Comhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach i ndáil le Measúnú Comhréireachta, Comhaontú maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta, ar síníodh iad go léir an 21 Meitheamh 1999. Chuimseofaí na forálacha institiúideacha freisin sna comhaontuithe amach anseo maidir le leictreachas agus maidir le sábháilteacht bia. Ba cheart feidhm a bheith acu mutatis mutandis sa chomhaontú maidir le sláinte a bheidh ann amach anseo i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú sin maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i sásraí agus i líonraí an Aontais.
(13)Leis an aidhm cothrom iomaíochta don iomaíocht ar an margadh inmheánach a áirithiú, ba cheart rialacha maidir le státchabhair is infheidhme maidir le Ballstáit an Aontais agus leis an Eilvéis a áireamh sa Chomhaontú atá ann cheana maidir le hAeriompar agus sa Chomhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, agus i gcomhaontuithe amach anseo maidir leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear comhaontú maidir le leictreachas. Thairis sin, ba cheart an t‑athbhreithniú ar aon státchabhair san Eilvéis a bheith bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas.
(14)Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine agus prionsabail an neamh‑idirdhealaithe idir na Ballstáit agus an chómhalartacht á n‑urramú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá teacht ar chomhaontú maidir le hoiriúnuithe teoranta sonracha ar acquis an Aontais atá ann cheana i réimse na saorghluaiseachta daoine. Níor cheart na cearta atá ag saoránaigh an Aontais faoi láthair faoin gComhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine a laghdú mar thoradh ar aon oiriúnú.
(15)Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sa réimse um oibrithe a phostú sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá teacht ar chomhaontú maidir le hoiriúnuithe teoranta sonracha chun sainiúlachtaí mhargadh saothair na hEilvéise a chur san áireamh agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a áirithiú. Gan dochar do phrionsabail an neamh‑idirdhealaithe, an údaraithe agus na comhréireachta, ba cheart na hoiriúnuithe sin a theorannú don réamhfhógra maidir le soláthar trasteorann seirbhísí chun rialuithe a éascú in earnálacha sonracha bunaithe ar mheasúnuithe riosca, taisceadh ráthaíochta airgeadais do sholáthraithe seirbhíse nár chomhlíon a n‑oibleagáidí airgeadais roimhe sin, agus ceanglais ar dhaoine féinfhostaithe a mhéid a bhaineann le doiciméid atá teoranta agus sonraithe go soiléir a sholáthar. Féadfaidh an tAontas a chomhaontú freisin nár cheart an Eilvéis a bheith faoi cheangal ag leasuithe amach anseo ar ionstraimí dlí an Aontais sa réimse um oibrithe a phostú i gcás inarb é is éifeacht dóibh leibhéal cosanta na n‑oibrithe ar postú a lagú nó a laghdú go fóinteach i ndáil leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta, go háirithe luach saothair agus liúntais.
(16)Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, d’fhéadfaí teacht ar chomhaontú maidir le hoiriúnuithe teoranta sonracha sa réimse sin. Níor cheart a athrú leo sin raon feidhme an Chomhaontaithe, lena n‑áirítear iompar idirnáisiúnta paisinéirí, cé is moite d’iompar intíre na hEilvéise amháin (i.e. iompar náisiúnta fad‑achair, iompar réigiúnach agus iompar áitiúil).
(17)Leis an gcuspóir an comhar seanbhunaithe agus rathúil idir an tAontas agus an Eilvéis a chomhdhlúthú agus a neartú, go háirithe maidir le taighde agus nuálaíocht, oideachas, oiliúint, an óige, spórt agus cultúr, mar aon le réimsí leasa choitinn eile, ba cheart a chumasú le comhaontú rannpháirtíocht níos córasaí na hEilvéise i gcláir an Aontais amach anseo. Leis an gcomhaontú sin, leagfaí síos téarmaí agus coinníollacha ginearálta rannpháirtíocht na hEilvéise in aon chlár de chuid an Aontais.
(18)Ba cheart téarmaí agus coinníollacha sonracha a chomhaontú freisin maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcruthú chláir an Aontais don tréimhse 2021-2027, go háirithe na cláir um Thaighde agus um Nuálaíocht, gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, an chláir don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, EU4Health agus Copernicus.
(19)I bhfianaise rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais agus chun neartú leanúnach agus cothrom an chaidrimh eacnamaíoch agus shóisialta eatarthu a spreagadh, ba cheart don Aontas agus don Eilvéis sásra nua atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhunú chun go bhféadfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais thráthrialta chothrom arna comhaontú go frithpháirteach a dhéanamh chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir a réigiúin a laghdú. Ba cheart an sásra nua sin atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheith réidh don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile de chuid an Aontais.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann le caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise.
Airteagal 2
Leagtar na treoracha caibidlíochta amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Leis an gcinneadh seo déantar Cinneadh 6176/14 ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i dtaca le creat institiúideach lena rialaítear caidreamh déthaobhach a ionadú agus a aisghairm.
Airteagal 4
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairliúcháin le [ainm an choiste speisialta], ag gníomhú dó mar choiste speisialta i gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, agus ar bhonn na dtreoracha atá san iarscríbhinn.
Airteagal 5
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán