Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0754

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh coireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794

    COM/2023/754 final

    An Bhruiséil,28.11.2023

    COM(2023) 754 final

    2023/0438(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh coireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

       Forais agus cuspóirí an togra

    Gníomhaíocht choiriúil is ea smuigleáil imirceach lena léirítear dímheas ar bheatha an duine agus lena mbaintear dínit daoine chun brabús a dhéanamh, lena sáraítear cearta bunúsacha daoine agus lena mbaintear an bonn de chuspóirí bainistíochta imirce an Aontais.

    Tá smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus a chosc ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta ar bhealach cuimsitheach. Baineann líonraí coiriúla leas as éadóchas daoine agus úsáideann siad bealaí talún, farraige agus aeir chun imirce neamhrialta a éascú, ag cur beatha daoine i mbaol agus iad ag lorg gach bealach is féidir lena mbrabúis a uasmhéadú.

    Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 13 Meán Fómhair 2023, d'iarr an tUachtarán von der Leyen go neartófaí na huirlisí uile atá ar fáil don Aontas chun smuigleáil imirceach a chomhrac ar bhealach éifeachtach, tríd an gcreat reachtach reatha, atá níos mó ná 20 bliain d'aois, a thabhairt cothrom le dáta, an rialachas maidir le smuigleáil agus ról ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe Europol, a neartú, agus an comhar idir Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile, na Ballstáit chomh maith le tíortha comhpháirtíochta a threisiú chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin ar fud an domhain. Chuir sí i dtábhacht freisin an gá le hoibriú le comhpháirtithe chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda sin, agus is é sin an fáth a bhfuil Comhdháil Idirnáisiúnta á heagrú ag an gCoimisiún, lena gcruthófar Comhghuaillíocht Dhomhanda lena mbaineann Treoir um Ghníomh a Dhéanamh chun smuigleáil daoine a chomhrac.

    Tá smuigleáil imirceach chuig an Aontas agus laistigh de ag éirí níos láidre i gcónaí, arna spreagadh ag éileamh atá ag méadú mar gheall ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn agus ag éirí níos measa, go háirithe cúluithe eacnamaíocha, éigeandálaí comhshaoil arb é an tathrú aeráide is cúis leo, chomh maith le coinbhleachtaí agus brú déimeagrafach in go leor tríú tíortha. Spreagann smuigleáil imirceach méadú ar an líon daoine a thagann isteach go neamhrialta san Aontas: in 2022, braitheadh thart ar 331 000 iontráil neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais, an leibhéal b’airde ó bhí 2016 ann, arb é sin méadú 66 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin 1 . In 2023, go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair braitheadh thart ar 281 000 iontráil neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais, arb é sin méadú 18 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022. Tá sé sin ag tarlú i gcomhthráth le méadú ar na gníomhaíochtaí smuigleála, arna léiriú le méid nach bhfacthas riamh roimhe seo agus os cionn 15 000 smuigleálaí imirceach tuairiscithe don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) in 2022 2 . Agus an méadú ar theacht isteach neamhrialta agus ar na géarchéimeanna éagsúla ar fud an domhain i roinnt tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais á gcur san áireamh, is féidir coinne a bheith le sreabha imirce chuig an Eoraip a bheidh ard i gcónaí agus a d’fhéadfadh a bheith ag méadú mar aon leis na gníomhaíochtaí coiriúla smuigleála a bhaineann leo.

    Meastar go mbaineann níos mó ná 90 % de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas úsáid as smuigléirí, a eagraítear i ngrúpaí coiriúla den chuid is mó. Thairis sin, déanann líonraí smuigleála brabúis shuntasacha óna ngníomhaíochtaí coiriúla, idir EUR 4.7-6 bhilliún ar fud an domhain gach bliain 3 . Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, gníomhú go láidir agus go daingean i leith gníomhaíochtaí smuigleálaithe chun an imirce neamhrialta a laghdú. Meastar go raibh líon ollmhór básanna de níos nó ná 28 000 duine 4 ó bhí 2014 mar thoradh ar ghníomhaíochtaí smuigléirí imirceacha gan trua gan taise, go háirithe ar muir.

    Bíonn thart ar leath de na líonraí smuigleála imirceach páirteach i gcoireanna eile freisin 5 , amhail gáinneáil ar dhaoine, drugaí agus smuigleáil arm tine, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas á néascú acu freisin. Tá iliomad dúshlán le sárú ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha a bhíonn ag athrú de shíor: modi operandi smuigléirí atá ag athrú agus ag oiriúnú go tapa; an úsáid mhéadaithe as bagairtí agus as foréigean i leith na nimirceach chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí 6 ; na deacrachtaí a bhaineann le smuigléirí a bhíonn i bhfolach i dtíortha lasmuigh den Aontas a aimsiú agus a ghabháil; an úsáid as an réimse leathan de mhodhanna iompair, lena náirítear soithí nach bhfuil muiracmhainneach agus nach bhfuil chomh hinbhraite (amhail báid iascaireachta agus báid mhiotail seiftithe), feithiclí bóthair ina gcuirfear imircigh i bhfolach ar bhealach contúirteach, chomh maith le heitiltí tráchtála agus cairtfhostaithe a bhfuiltear á núsáid níos mó agus níos mó chun imircigh a thabhairt chuig tíortha atá gar don Aontas nó atá ag críochantacht leis an Aontas, óna bhféachann imircigh ansin le teacht isteach go neamhrialta san Aontas 7 ; an úsáid as uirlisí digiteacha ag gach céim den phróiseas, le fógraíocht ar líne ar sheirbhísí, ar bhealaí agus ar phraghsanna smuigleála agus chun doiciméid a bhrionnú; an úsáid as criptea-airgeadraí, airgead digiteach nó foirmeacha neamhoifigiúla eile íocaíochta (e.g. hawala) 8 .

    Tá sé riachtanach go rachfar i ngleic le smuigleáil imirceach chun deireadh a chur le líonraí coireachta eagraithe is cúis le sáruithe ar chearta an duine, agus básanna, agus chun an méadú ar an imirce neamhrialta chuig an Aontas a chomhrac. Le cur chuige cuimsitheach agus inbhuanaithe i leith na himirce, teastaíonn meascán de ghníomhaíochtaí láidre agus éifeachtúla lena gcomhlánaítear comhpháirtíochtaí comhthairbheacha le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais, lena dtabharfar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce agus go háirithe an imirce neamhrialta, agus ag an am céanna an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n‑áirítear smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine. Leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann1 , cuirtear cosc agus cur i gcoinne na smuigleála imirceach i gcroílár an chur chuige chuimsithigh i leith na himirce.

    Tá an togra seo le haghaidh Rialachán ina chuid de phacáiste beart arb é is aidhm dó an creat dlí atá ann cheana a nuachóiriú agus a neartú agus rialacha atá oiriúnach don fheidhm a sholáthar don Aontas. Tá togra le haghaidh Treoir ag gabháil leis maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe a chosc agus a chomhrac. Leis an togra sin, tugtar isteach ionstraim dlí choiriúil nua-aimseartha de chuid an Aontais lena sainítear go soiléir líonraí coiriúla eagraithe atá freagrach as smuigleáil imirceach agus lena gcuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm go héifeachtaí ar na líonraí sin, lena gcomhchuibhítear pionóis lena gcuirtear san áireamh tromchúis an chiona, lena bhfeabhsaítear an rochtain dlínse, lena neartaítear acmhainní na mBallstát chun dul i ngleic le smuigleáil imirceach agus lena cosc, agus lena bhfeabhsaítear bailiú agus tuairisciú sonraí.

    Cuirtear an pacáiste sin i láthair ar lá na Comhdhála Idirnáisiúnta lena seoltar ‘a Global Alliance to counter migrant smuggling’ [Comhaontas Domhanda chun dul i ngleic le smuigleáil imirceach]. Leis an gComhdháil sin, tá creat á chruthú ag an gCoimisiún le haghaidh comhar polaitiúil láidir le comhpháirtithe idirnáisiúnta trí thiomantais agus gníomhaíochtaí comhroinnte a iarraidh chun cur i gcoinne smuigleáil imirceach ar fud an domhain le chéile.

    Leis na trí thionscnamh sin, comhlánaítear tionscnaimh atá ann cheana sa réimse um chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus cuirtear chun feidhme plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne smuigleála (2021-2025) trí chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun smachtbhannaí a chur ar smuigleálaithe imirceach a ghníomhaíonn ar na bealaí imirceacha agus trí chreat comhair nua nua-aimseartha, dlíthiúil, oibríochtúil agus idirnáisiúnta i gcoinne smuigleáil imirceach do na blianta amach romhainn a leagan amach.

    Tá an togra seo le haghaidh Rialachán ina chuid de phacáiste comhleanúnach freisin ina bhfuil an togra thuasluaite le haghaidh Treoir maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe a chosc agus a chomhrac. Le chéile, féachtar leis na tograí sin leis an gcreat dlíthiúil a nuachóiriú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena áirithiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus oibríochtúla is gá againn chun freagairt do modus operandi nua na smuigleálaithe, mar a leagtar amach i gclár oibre 2024 ón gCoimisiún a fógraíodh an 17 Deireadh Fómhair 2023.

    Cuspóir an togra

    Is é is cuspóir foriomlán don togra seo ról Europol sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, agus, go háirithe, ról an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach, a threisiú.

    Chun dlús a chur le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, féachtar leis an togra seo leis na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach.

    (1)Comhar idirghníomhaireachta maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a neartú

    Chun comhordú agus malartú faisnéise níos éifeachtaí, níos tráthúla agus níos córasaí a éascú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac idir gníomhaireachtaí an Aontais, beidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach ag Europol comhdhéanta d'fhoireann Europol agus de shaineolaithe náisiúnta ar iasacht agus beidh oifigigh idirchaidrimh na mBallstát, Eurojust agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta rannpháirteach ann. Ba cheart na hoifigigh idirchaidrimh sin a phostáil go buan chuig Europol chun malartú rialta faisnéise agus comhar agus comhordú oibríochtúil a áirithiú. Idir an dá linn, beidh an deis ag na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile a gcomhar a neartú ar bhonn a sainorduithe féin agus an malartú faisnéise a bharrfheabhsú chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Príomhghníomhaí is ea Eurojust maidir le feabhas a chur ar an bhfreagairt bhreithiúnach ar smuigleáil imirceach, ag tacú le cásanna casta lena mbaineann comhordú breithiúnach trasteorann agus Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe a bhaineann le himscrúduithe coiriúla ar chásanna smuigleála imirceach.

    (2)Stiúradh agus comhordú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac ar leibhéal an Aontais a neartú

    Chun aghaidh a thabhairt ar anailís straitéiseach, ar chomhordú agus ar stiúradh neamhleor ar leibhéal an Aontais, leagtar amach sa togra cúraimí straitéiseacha sonracha an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach d'fhonn creat a sholáthar chun tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a chur chun feidhme trí fhaireachán a dhéanamh ar threochtaí maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, tuarascálacha bliantúla, anailísí straitéiseacha, measúnuithe ar bhagairtí agus nuashonruithe staide ar bhealaí imirceacha a sholáthar, chomh maith le gníomh imscrúdaitheach agus oibríochtúil. Maidir lena chúraimí straitéiseacha, tiocfaidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad le hionadaithe ó gach Ballstát, ó Eurojust, ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ón Ardán Ildisciplíneach Eorpach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) agus ón gCoimisiún chun stiúradh agus comhordú éifeachtach a áirithiú. Ina theannta sin, tacóidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach le Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol lena iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla.

    (3)Comhroinnt faisnéise maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a fheabhsú

    Leis an rialachán atá beartaithe, neartaítear oibleagáidí na mBallstát faisnéis a roinnt, lena n‑áirítear bithmhéadracht, maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine le Europol, lena n‑áirítear trína cheangal go mbunófar naisc dhíreacha dá n‑údaráis inniúla agus dá n‑oifigigh idirchaidrimh inimirce le Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA). Ina theannta sin, molann an Coimisiún go gcuirfear de chúram ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach cásanna a shainaithint maidir le smuigleáil imirceach nó gáinneáil ar dhaoine a bhféadfadh comhar le tríú tíortha a bheith ag teastáil ina leith, lena n‑áirítear trí shonraí pearsanta a mhalartú; is é is aidhm dó sin tacú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha ar bhonn gach cáis faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 25(5) de Rialachán Europol.

    (4)Acmhainní na mBallstát a threisiú chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac

    Chun cuidiú leis na Ballstáit smuigleáil imirceach a chomhrac go héifeachtach agus faisnéis ábhartha a mhalartú le Europol, moltar go n‑ainmneoidh siad seirbhísí speisialaithe chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, soláthar a dhéanamh le haghaidh fhoinsiú leordhóthanacha na seirbhísí sin, na seirbhísí sin a nascadh le SIENA, agus a chur de chúram ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach gníomhú mar líonra seirbhísí speisialaithe.

    (5)Tacaíocht Europol a threisiú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac trí thascfhórsaí oibríochtúla agus trí imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil

    Tá sé beartaithe an coincheap i dtaca le tascfhórsaí oibríochtúla a chódú agus a fhorbairt tuilleadh agus uirlis nua a leagan amach i bhfoirm imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, mar uirlisí sárfhorbartha le haghaidh comhordú agus tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach, arna iarraidh sin do na Ballstáit nó le togra ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol. Áirítear leis an togra comhthiomsú saineolaithe a chruthú a bheidh ag obair ina mBallstáit agus ar féidir iad chur ar fáil láithreach do Europol le haghaidh imscaradh, agus leagtar síos ann oibleagáidí ar na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach na n‑uirlisí sin a áirithiú. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin i dtascfhórsaí oibríochtúla, agus féadfar imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a dhéanamh i dtríú tíortha.

    Chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin acmhainní airgeadais agus daonna Europol a mhéadú chun freagairt ar na riachtanais oibríochtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh.

       Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha beartais atá ann cheana agus atá ar na bacáin i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear Europol. Réimse ina roinntear inniúlacht idir an tAontas agus na Ballstáit is ea an comhar i bhforfheidhmiú an dlí. Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus chun an spás ina n‑oibríonn sceimhlitheoirí agus coirpigh thromchúiseacha a laghdú a oiread agus is féidir. I ndiaidh ghéarchéim na himirce in 2015, rinneadh athchóiriú ar ailtireacht ghinearálta na gcóras faisnéise agus na mbunachar sonraí um Cheartas agus Gnóthaí Baile (CGB) agus díríodh ar idir-inoibritheacht. Neartaíodh an creat reachtach maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus le malartú faisnéise in 2017, i ndiaidh na n‑ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip. Mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha oibríochtúla chun aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach slándála atá ag athrú agus glaonna ó na comhreachtóirí ar thacaíocht níos láidre fháil ó Europol, treisíodh an rialachán maidir le Europol in 2022. Tháinig sainordú nua Europol i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2022, lenar féidir le Europol dlús a chur lena shaineolas agus lena chumais oibríochtúla, chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag comhrac na coireachta agus na sceimhlitheoireachta atá tromchúiseach agus eagraithe. Neartaítear leis an sainordú freisin creat cosanta sonraí Europol agus maoirseacht ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    Tá an togra i gcomhréir freisin leis an gcreat reachtach an Aontais atá ann cheana maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac, rud ar a dtugtar an Pacáiste um Éascaitheoirí freisin, atá comhdhéanta de Threoir 2002/90/CE lena mbunaítear sainmhíniú comhchoiteann ar an gcion um theacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a éascú2, agus Cinneadh Réime 2002/946/CGB maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur ar éascú theacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe3. Tá sé comhleanúnach freisin le plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleála (2021-2025), lena n‑éilítear go neartófar an comhar oibríochtúil idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, Europol go háirithe, agus tíortha comhpháirtíochta, maidir le deireadh a chur le líonraí coiriúla um smuigleáil imirceach chomh maith leis an tSraith Uirlisí lena dtugtar aghaidh ar úsáid modhanna tráchtála iompair chun imirce neamhrialta chuig an Aontas a éascú. Tá na Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla in aghaidh Smuigleála le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais mar dhlúthchuid de na comhpháirtíochtaí cuimsitheacha imirce atá á bhforbairt ag an Aontas le tíortha comhpháirtíochta. Is comhleas é feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh smuigleáil imirceach, toisc go bhfuil an sprioc chéanna ag na tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, is é sin líonraí coiriúla a chomhrac agus daoine a chosaint ar mhí‑úsáid agus ar dhúshaothrú féideartha. Is dúshlán tromchúiseach é smuigleáil imirceach i gcónaí nach mór dul i ngleic tuilleadh leis ar bhonn leanúnach, comhbheartaithe agus le chéile.

    Príomhchuspóir de chuid Straitéis an Aontais Slándála, Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe agus leis an gComhshocrú Nua maidir leis an Imirce agus leis an Tearmann is ea smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac.

       Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Maidir le tacaíocht Europol do na Ballstáit, cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo beartais an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe ról Eurojust 9 maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus comhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh agus an comhordú agus an comhar sin a neartú i ndáil le coireacht thromchúiseach, agus comhar breithiúnach trí na Foirne Comhpháirteacha um Imscrúduithe 10 . Cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach freisin beartais sheachtracha an Aontais, go háirithe obair thoscaireachtaí an Aontais agus saineolaithe slándála i dtríú tíortha agus misin agus oibríochtaí comhbheartais slándála agus cosanta.

    Tugtar aird iomlán leis an tionscnamh reachtach seo ar reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí (féach roinn 3 thíos ar chearta bunúsacha).

    2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

       Bunús dlí

    Is iad Airteagal 85, Airteagal 87 agus Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an tionscnamh reachtach. Foráiltear le hAirteagal 85(1) CFAE go mbeidh de chúram ar Eurojust tacú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh agus iad a threisiú i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n‑oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol. Foráiltear le hAirteagal 87(1) go mbunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n‑áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Foráiltear le hAirteagal 88(2) CFAE go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a chinneadh. D’fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith i gceist leo sin: (a) faisnéis, arna cur ar aghaidh go háirithe ag údaráis na mBallstát nó ag tríú tíortha nó ag tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú; agus (b) gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil, arna cur i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaitheacha, a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme, i gcuibhreann le Eurojust nuair is iomchuí.

       Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    De réir phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha síos in Airteagal 5(3) de CAE, níor cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin sa chás nach bhféadfaidh na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith ina n‑aonar agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

    Tá na Ballstáit freagrach as an ord poiblí a chaomhnú agus as an tslándáil inmheánach a chosaint 11 agus urramóidh an tAontas feidhmeanna bunúsacha stáit na mBallstát, lena náirítear an tord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a chosaint 12 . Toisc go mbíonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht de chineál trasnáisiúnta go minic, ní féidir le gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta amháin iad a chomhrac go héifeachtach. Go sonrach, is iad cineál domhanda, comhoibríoch agus lúfar sainghnéithe na líonraí coiriúla a bhaineann le smuigleáil imirceach 13 . Is é sin an fáth a roghnaíonn na Ballstáit oibriú go dlúth le chéile faoi chuimsiú an Aontais. Féachfaidh siad lena ngníomhaíocht forfheidhmithe dlí a chomhordú agus oibriú i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte slándála. Cinneann siad acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais agus saineolas a chomhroinnt. Mar ghníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, is léiriú láidir é Europol ar an iarracht sin atá ar bun ag na Ballstáit chun a gcuid saoránach a choinneáil slán ach oibriú le chéile.

    Soláthraíonn Europol creat láidir agus sraith uirlisí sofaisticiúla chun an choireacht a chomhrac do na Ballstáit chun a ngníomhaíocht forfheidhmithe dlí a chomhordú. Go sonrach, feidhmíonn Europol mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais a íoslaghdaíonn bearnaí i bhfaisnéis choiriúil agus a dhíríonn ar shonraí ó imscrúduithe beo casta. Soláthraíonn Europol tacaíocht oibríochtúil lúfar agus fíor-ama idir anailís oibríochtúil agus comhordú oibríochtúil agus tugann sé comhpháirtithe ábhartha le chéile le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach. Úsáideann na Ballstáit a n‑oifigigh idirchaidrimh ag Europol agus an modh malairte faisnéise a sholáthraíonn an ghníomhaireacht chun faisnéis a mhalartú agus dul i gcomhar in imscrúduithe coiriúla. Déanann na Ballstáit acmhainní a chomhthiomsú trína chur de chúram ar Europol a bhfaisnéis a phróiseáil ina bhunachair sonraí agus anailís chomhpháirteach a sholáthar. Leis sin, cuirtear Europol i gcroílár na hailtireachta slándála Eorpaí.

    Éilítear le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, go háirithe smuigleáil imirceach, tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d'obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí. Cé go bhfuil difríochtaí sa dóigh a gcuireann na Ballstáit i gcoinne cineálacha sonracha coireachta, féadfaidh a n‑údaráis forfheidhmithe dlí a roghnú cá huair le tacaíocht ar leibhéal an Aontais a lorg ó Europol agus cad iad na comhthionscnaimh a nglacfaidh siad iontu. Thairis sin, tá na bagairtí slándála céanna atá ag teacht chun cinn le sárú ag na húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud na mBallstát go léir. Dá réir sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun méadú a chur ar an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac d’fhonn coinneáil suas leis na bagairtí sin.

    Dá réir sin, ní bheadh na Ballstáit in ann dul i ngleic go héifeachtach astu féin leis na dúshláin uile a dtugtar aghaidh orthu leis an togra seo.

       Comhréireacht

    De réir phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) de CAE, ní mór cineál agus déine birt ar leith a bheith ag freagairt do chineál agus do dhéine na faidhbe a sainaithníodh. Éilítear le gach fadhb a dtugtar aghaidh uirthi sa tionscnamh reachtach seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tacaíocht ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna seo a leanas:

    Ní mór comhar idirghníomhaireachta agus comhordú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac ar leibhéal an Aontais a neartú agus a threisiú: Tríd an gcomhar agus comhordú idir Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Eurojust a neartú, agus tríd an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a bhunú, agus trína chúraimí agus a chomhdhéanamh a leagan síos, beidh gníomhaireachtaí an Aontais breá ábalta a áirithiú gur féidir dul i ngleic le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta.

    Ní mór dlús a chur le stiúradh agus comhordú straitéiseach na gcoireanna sin ar leibhéal an Aontais chun gur féidir anailís straitéiseach spriocdhírithe a dhéanamh, gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil a stiúradh agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus i measc na mBallstát. Tríd an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a bhunú, agus a chúraimí agus a chomhdhéanamh a leagan síos, cuirfear freisin leis an gcomhrac in aghaidh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta.

    Ní mór don chomhroinnt faisnéise maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine i measc na mBallstát agus le Europol, ach freisin le tríú tíortha a bheith níos láidre agus níos córasaí lena áirithiú gur féidir dul i ngleic le smuigleáil imirceach ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais, go sonrach, trí thagairt shainráite a dhéanamh don dá choir a mhéid a bhaineann le hoibleagáid ghinearálta na mBallstát maidir le comhroinnt faisnéise, trína chur de chúram ar Europol sonraí bithmhéadracha a phróiseáil go héifeachtach agus go héifeachtúil chun tacú leis na Ballstáit, i gcomhréir leis na coimircí atá ann cheana maidir le bithmhéadracht a phróiseáil, agus trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) a bhunú.

    Maidir le struchtúir náisiúnta chun smuigleáil imirceach a chomhrac, mar a cuireadh i dtábhacht cheana i bplean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh na smuigleála (2021-2025), níl na struchtúir riachtanacha ag gach Ballstát ar an leibhéal náisiúnta chun smuigleáil imirceach a chomhrac, agus chun comhoibriú go héifeachtach le Europol. Féadfar dul i ngleic leis an mbearna sin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná mar a fhéadfar ar an leibhéal náisiúnta, trína fhoráil gur cheart do na Ballstáit seirbhísí speisialaithe a ainmniú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, na seirbhísí speisialaithe sin a nascadh le SIENA agus a chur de chúram ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach gníomhú mar líonra seirbhísí speisialaithe.

    Ní mór feabhas a chur ar thacaíocht Europol ar an talamh do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach a chomhrac. Féadfar aghaidh a thabhairt ar an ngá sin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná mar a fhéadfar ar an leibhéal náisiúnta, trí na tascfhórsaí oibríochtúla agus imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a bhunú.

    Mar ghníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, tá Europol breá ábalta an tacaíocht sin a sholáthar ar leibhéal an Aontais. Go deimhin, tá sé cruthaithe ag Europol go bhfuil sé an‑éifeachtach maidir le tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht agus go háirithe smuigleáil imirceach a chomhrac. Tá sineirgí agus barainneachtaí scála soiléire ann do na Ballstáit a eascraíonn, mar shampla, as úsáid as an díorma agus as an tacaíocht speisialaithe a sholáthraíonn Europol, nó as an saineolas a fhéadfaidh lárionad sainfheidhme amhail an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a chur ar fáil do na Ballstáit. Bíonn na Ballstáit ag súil leis an leibhéal céanna tacaíochta ó Europol maidir le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, amhail smuigleáil imirceach, agus tá an tacaíocht sin ag teastáil uathu ó thaobh na n‑oibríochtaí de.

    Ní chuirtear comhar i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais trí Europol in ionad beartais náisiúnta éagsúla maidir le slándáil inmheánach ná ní féidir ní chuirtear in ionad obair na núdarás náisiúnta forfheidhmithe dlí é. Ní dhéantar aon difear leis an tacaíocht sin ar leibhéal an Aontais do chórais dlí agus traidisiúin na mBallstát 14 , mar a aithnítear sna Conarthaí.

       An rogha ionstraime

    De bhun Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ós rud é go leagtar amach sainordú Europol i Rialachán (AE) 2016/794, ní mó neartú shainordú Europol – atá ina chuid den togra seo – a bheith i bhfoirm rialacháin. 

    3.    TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

       Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Le smuigleáil imirceach, cruthaítear dúshláin d'fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe mar gheall ar lúfaireacht agus castacht na líonraí coiriúla lena mbaineann agus ar a noiriúnacht d'athruithe ar dhinimic na himirce neamhrialta agus don fhreagairt ar fhorfheidhmiú an dlí. Tá na dúshláin sin sainaitheanta go maith ag Europol agus ag na Ballstáit agus pléadh iad ag cruinnithe na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile agus na Comhairle Eorpaí. Pléadh ról Europol maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac sa Chomhairle agus in Europol, a Bhord Bainistíochta san áireamh. Thairis sin, sainaithníodh i dtuarascáil speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2021 maidir le tacaíocht Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac an gá atá le ról Europol maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac a neartú, go háirithe lena chur ar chumas Europol úsáid a bhaint as gach foinse sheachtrach faisnéise ábhartha, lena náirítear sonraí bithmhéadracha, agus chun feabhas a chur ar mhalartú sonraí lena chomhpháirtithe 15 .

    Thairis sin, bhailigh seirbhísí an Choimisiúin ionchur riachtanach agus tuairimí maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais maidir leis an tionscnamh reachtach sin trí cheistneoir a scaipeadh ar na Ballstáit chun riachtanais agus bearnaí oibríochtúla maidir le tacaíocht Europol maidir le smuigleáil imirce a shainaithint, chomh maith le riachtanais agus deiseanna eile maidir le sainordú Europol a neartú. Ina theannta sin, i ndiaidh an phlé sa Mheitheal um Fhorfheidhmiú an Dlí, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle leis na Ballstáit ar leibhéal na saineolaithe, trí cheardlann fhíorúil thiomnaithe an 14 Samhain 2023. Den chuid ba mhó, bhí na Ballstáit i bhfabhar sainordú dlíthiúil Europol a neartú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.

    Sa phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, sainaithníodh go bhfuil cúig réimse ann ina bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is iad sin: a) an comhar idirghníomhaireachta maidir le smuigleáil imirceach, b) an treoir agus an comhar straitéiseach maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac, c) comhroinnt faisnéise, d) struchtúir náisiúnta atá speisialaithe maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac, agus e) tacaíocht oibríochtúil Europol ar an talamh.

    Ionchorpraíodh torthaí an chomhairliúcháin le linn an tionscnamh reachtach a bheith á ullmhú.

       Measúnú tionchair

    Ní thugtar tacaíocht le Measúnú Tionchair don togra reachtach seo toisc gur ar éigean a bhí aon rogha ar fáil don Choimisiún, go háirithe mar gheall ar na riachtanais oibríochtúla phráinneacha maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol do na Ballstáit maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac. Mar sin féin, leis an togra seo, cuirtear leis an bhfianaise a bailíodh i dtuarascáil speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2021 ar thacaíocht Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac agus ar an aiseolas a fuarthas le linn na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

       Cearta bunúsacha

    Chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí go ginearálta, agus maidir leis an tacaíocht a sholáthraíonn Europol go háirithe, ní mór a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe na cearta maidir le sonraí pearsanta a chosaint 16 agus maidir le meas ar an saol príobháideach 17 . Cuirtear na ceanglais dhlíthiúla sin san áireamh sa togra seo.

    4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Bheadh tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar bhuiséad agus ar riachtanais foirne Europol. Meastar 18 go mbeadh gá le buiséad breise de thart ar EUR 50 milliún agus le thart ar 50 post breise do thréimhse iomlán an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha 2021-2027. Áiritheofar leis sin go mbeidh na hacmhainní is gá ag Europol chun na cúraimí nua ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i gcrích go hiomlán agus go héifeachtúil chomh maith lena shainordú athbhreithnithe. Dá bhrí sin, d’éileofaí le cúraimí nua Europol leis an togra reachtach seo neartú breise airgeadais agus daonna i gcomparáid leis na hacmhainní a cuireadh ar leataobh sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, lena réamhmheasadh méadú 160 ar Ghníomhairí Sealadacha lena bhain costas gaolmhar EUR 114 mhilliún agus ranníocaíocht iomlán bhreise an Aontais de EUR 178 milliún le buiséad Europol. De bharr an tionscnaimh reachtaigh seo freisin, beidh na Ballstáit in ann ranníocaíocht a dhéanamh go díreach le buiséad Europol, i gcás inar gá agus mar a éilítear le cúraimí atá ann cheana nó le cúraimí nua.

    5.    EILIMINTÍ EILE

       Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Is trí na sásraí is infheidhme faoi Rialachán Europol atá ann cheana a dhéanfaí an faireachán agus an mheastóireacht ar shainordú treisithe Europol den chuid is mó. Déantar foráil le hAirteagal 68 maidir le meastóireacht lena ndéantar measúnú ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Europol agus a cleachtas oibre go háirithe agus lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfadh le haon mhodhnú den sórt sin. De bhreis ar an meastóireacht sin, bhailigh an Coimisiún sonraí tríd an ionadaíocht atá aige i gcruinnithe Bhord Bainistíochta Europol agus tríd an maoirseacht a dhéanfaidh sé, in éineacht leis na Ballstáit, ar obair Europol (Airteagal 11).    

       Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Beartaítear an méid seo a leanas leis an tionscnamh reachtach seo:

    ·An Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach laistigh de Europol agus creat rialachais lena ghníomhaíochtaí a rialáil agus tacú leo a bhunú sa dlí: leis an tionscnamh reachtach, bunaítear an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach mar lárionad saineolais speisialaithe de chuid an Aontais chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a bheith ina phointe fócais chun tacú leis na Ballstáit smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus, sa chomhthéacs sin, ba cheart dó cúraimí sonracha straitéiseacha agus oibríochtúla a chomhlíonadh. [Airteagal 3]

    ·Foráil a dhéanamh maidir le comhdhéanamh an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach: leis an tionscnamh reachtach, déantar foráil maidir le comhdhéanamh an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach agus maidir leis na eintitis shonracha ar cheart baint a bheith acu lena chúraimí a chomhlíonadh, ar mhaithe le hanailís straitéiseach, agus ar mhaithe le tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Ba cheart tacú leis an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach trí gach struchtúr inmheánach ábhartha eile de chuid Europol. [Airteagal 4]

    ·Cúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach a shainiú: leis an tionscnamh reachtach, déantar foráil maidir le cúraimí mionsonraithe an Lárionaid ar mhaith le hanailís straitéiseach agus ar mhaithe le tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Ar an leibhéal straitéiseach, áirítear ar na cúraimí sin anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar, tacaíocht a sholáthar do chur chun feidhme oibríochtúil na dtosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla, tacú le comhordú, comhar agus malartú faisnéise, faireachán a dhéanamh ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine, agus tuarascáil bhliantúil a ullmhú. Sa chomhthéacs sin, tionólfaidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach cruinniú de chuid na neintiteas a ndéantar ionadaíocht dóibh sa lárionad dhá uair sa bhliain ar a laghad chun treoir agus comhordú éifeachtach ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Ar an leibhéal oibríochtúil, áirítear ar chúraimí an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus oibríochtúla a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú le gníomhaíochtaí údaráis inniúla na mBallstát agus iad a neartú, tacú le gníomhaíochtaí trasteorann malartuithe faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, chomh maith le foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus tascfhórsaí oibríochtúla, agus cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a bhféadfadh ardtacaíocht oibríochtúil a bheith ag teastáil ina leith a shainaithint. [Airteagal 5, 6]

    ·Foráil a dhéanamh maidir le sainseirbhísí a ainmniú laistigh d'údaráis inniúla na mBallstát chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac: leis an tionscnamh reachtach, foráiltear gur cheart do gach Ballstát seirbhís speisialaithe amháin nó níos mó a ainmniú chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, lena náirítear trí imscrúduithe coiriúla, agus a áirithiú go mbaileoidh agus go gcomhroinnfidh na seirbhísí sin an fhaisnéis ábhartha uile a luaithe is féidir le Europol agus le Ballstáit eile trí SIENA. [Airteagal 8]

    ·Na uirlisí sárfhorbartha is gá a sholáthar do Europol chun tacú leis na Ballstáit smuigleáil imirceach agus coireanna eile a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac: leis an tionscnamh reachtach, bunaítear tascfhórsaí oibríochtúla mar shásraí comhordúcháin arna mbunú ag na Ballstáit le tacaíocht ó Europol chun gníomhaíochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta um fhaisnéis choiriúil a dhéanamh, go háirithe maidir le líonraí coiriúla agus grúpaí coiriúla agus gníomhaithe coiriúla aonair. Leagtar amach sa tionscnamh reachtach íoscheanglais maidir le rannpháirtíocht ghníomhach thráthúil na mBallstát, amhail an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do Europol, agus gur cheart do Europol a ardtacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach i dtascfhórsaí oibríochtúla freisin. [Airteagal 9]

    ·Ar choinníoll gur cheart go mbeadh Europol ábalta oifigigh a imscaradh i gcríoch Ballstáit, arna iarraidh sin don Bhallstát sin, chun tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin: ba cheart go mbeadh an Ballstát óstach ábalta sraith íosta ceanglas amhail an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do Europol a áirithiú. Ba cheart go mbeadh Europol ábalta imscaradh go tapa, go háirithe i gcásanna eisceachtúla práinne. Ba cheart go mbeadh baill foirne agus saineolaithe arna nimscaradh ag Europol ábalta bearta imscrúdaitheacha neamhchomhéigneacha a dhéanamh a bhaineann le próiseáil sonraí i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán Europol agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Thairis sin, ba cheart do Europol díorma a bhunú de shaineolaithe ardcháilithe na mBallstát maidir le forfheidhmiú an dlí a bhfuil próifílí speisialaithe acu is féidir a chur ar fáil láithreach do Europol le haghaidh imscaradh oibríochtúil chun tacaíocht speisialaithe a sholáthar. Ba cheart go mbeadh Europol ábalta baill foirne agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscaradh freisin i dtríú tíortha a gcomhoibríonn sé leo ar bhonn cinneadh leordhóthanachta, agus ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE, nó ar bhonn comhaontú comhair idir Europol agus an tríú tír sin arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017. [Airteagal 9]

    ·Soiléiriú a thabhairt ar chineál na tacaíochta oibríochtúla a fhéadfaidh foireann Europol a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ar an talamh in oibríochtaí agus in imscrúduithe: soiléirítear leis an tionscnamh reachtach go bhféadfaidh foireann Europol tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát le linn beart imscrúdaitheach a fhorghníomhú, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, lena náirítear i gcomhthéacs chur chun feidhme tascfhórsaí oibríochtúla agus imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil. Ba cheart go mbeadh baill foirne Europol ábalta bearta imscrúdaitheacha neamhchomhéigneacha a dhéanamh i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcomhréir le Rialachán Europol agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin, arna iarraidh sin do Bhallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus arna údarú ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol. [Airteagal 9]

    ·Feabhas a chur ar an gcomhar idir Europol agus tríú tíortha: leagtar amach sa tionscnamh reachtach rialacha chun go mbeidh oifigigh idirchaidrimh imirce na mBallstát arna nimscaradh i dtríú tíortha rannpháirteach ar bhealach níos fearr maidir le feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise ag tríú tíortha chun smuigleáil imirceach a chomhrac agus an fhaisnéis sin a sholáthar do Europol, go díreach nó trí aonad náisiúnta Europol, ag baint úsáid as SIENA. [Airteagal 8]

    ·Cásanna maidir le smuigleáil imirceach a shainaithint lena néilítear comhar le tríú tíortha a bhféadfadh aistrithe sonraí pearsanta a bheith ag teastáil ina leith i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú: leis an tionscnamh reachtach, cuirtear de chúram ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach cásanna den sórt sin a shainaithint. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha sna cásanna sin, in éagmais cinneadh leordhóthanachta nó in éagmais coimircí leordhóthanacha nó iomchuí maidir le cosaint sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2016/794. [Airteagal 6]

    ·Ról Europol a neartú sa chomhrac i gcoinne cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais: áirítear na cionta sin leis an tionscnamh reachtach laistigh de na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794. Gan baint a bheith aige le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, leathnaítear leis an Rialachán atá beartaithe liosta na gcoireanna a thagann faoi inniúlacht Europol trí ‘sárú ar bhearta sriantacha an Aontais’ a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Europol. Freagraíonn sé sin d'iarrataí ó na Ballstáit maidir le cead a thabhairt do Europol tacú leo sa chomhrac i gcoinne sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais, rud nach féidir a dhéanamh faoi láthair ach i gcás inarb ionann sárú den sórt sin agus cineál eile coireachta a chuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Europol, sciúradh airgid mar shampla. Mar sin féin, ní thiocfadh gach sárú ar bhearta sriantacha an Aontais faoi na coireanna a leagtar amach faoi láthair in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Europol. Dá náireofaí sárú ar bhearta sriantacha an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Europol, chomhlánófaí an Treoir atá beartaithe maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais 19 . [Airteagal 9]

     

    2023/0438 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh coireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 85(1), Airteagal 87(2), agus Airteagal 88(2)) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 chun tacú agus le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach chun an choireacht thromchúiseach agus iad a neartú lena déantar difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta a chosc agus a chomhrac lena ndéantar difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais.

    (2)Gníomhaíocht choiriúil is ea smuigleáil imirceach lena léirítear dímheas ar bheatha agus ar dhínit an duine chun críocha brabús a dhéanamh, rud a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus de chuspóirí bainistíochta imirce an Aontais. Ina conclúidí an 9 Feabhra 2023, d'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a thábhachtaí atá an comhrac i gcoinne smuigléirí agus dhearbhaigh sí go raibh sí sásta dlús a chur lena gníomhaíocht chun imeachtaí neamhrialta agus básanna a chosc, trí chomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a threisiú freisin. Chuige sin, tá sé tábhachtach freisin freagairt fhorfheidhmiú an dlí ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine a neartú trí chumais Europol a threisiú, agus go háirithe an lárionad saineolais speisialaithe an Aontais dá chuid chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

    (3)In 2016, chruthaigh Bord Bainistíochta Europol ‘Lárionad Eorpach um Smuigleáil Imirceach’ i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (s), de Rialachán (AE) 2016/794 mar lárionad saineolais speisialaithe de chuid an Aontais. Tá sé ag teacht chun cinn go leanúnach ó bunaíodh é agus tá a raon gníomhaíochtaí leathnaithe aige chun an tacaíocht is fearr a sholáthar do na Ballstáit mar ardán dinimiciúil maidir le comhar oibríochtúil, malartú faisnéise, agus comhordú idir na Ballstáit agus na comhpháirtithe atá páirteach sa chomhrac i gcoinne na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine. Leis na méaduithe ar theacht isteach neamhrialta san Aontas agus ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas, le hinoiriúnaitheacht thapa grúpaí eagraithe coiriúla, forbairt modi operandi nua agus modhanna sofaisticiúla, tá gá práinneach le treisiú suntasach a dhéanamh ar ról lárionad saineolais speisialaithe Europol san Aontas chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac trína bhunú mar struchtúr buan laistigh de Europol agus trí leibhéal a rannpháirtíochta a neartú maidir le tacú leis na Ballstáit smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Ba cheart go dtabharfaí ‘An Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach’ air.

    (4)Ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach tacaíocht straitéiseach, oibríochtúil agus theicniúil a sholáthar do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Mar chuid dá chúraimí straitéiseacha, ba cheart dó creat a sholáthar chun tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a chur chun feidhme trí fhaireachán a dhéanamh ar threochtaí maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine. Chuige sin, ba cheart dó tuarascálacha bliantúla, anailísí straitéiseacha, measúnuithe ar bhagairtí agus nuashonruithe staide maidir le bealaí imirceacha agus modi operandi a sholáthar, lena náirítear léiriú go bhféadfar páirtithe príobháideacha a úsáid le haghaidh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine. I gcomhthéacs a chúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla a chomhlíonadh, ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach comhoibriú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus le misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, i gcomhréir lena sainorduithe agus lena ninniúlachtaí féin, agus i gcomhréir le sainordú Europol.

    (5)Chun comhar idirghníomhaireachta maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a neartú, ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach bealach a sholáthar chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe le Eurojust agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla féin, lena náirítear trí shocruithe oibre idir gníomhaireachtaí an Aontais.

    (6)Chun tacú lena anailís straitéiseach maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, ba cheart go mbeadh tacaíocht ó chreat comhair atá comhdhéanta d'fhoireann Europol á fáil ag an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach agus go mbeadh ionadaithe ón gCoimisiún, ó sheirbhísí speisialaithe na mBallstát, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta rannpháirteach ann. Ba chóir don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach cruinniú de chuid na neintiteas a ndéantar ionadaíocht dóibh sa lárionad a thionól dhá uair sa bhliain ar a laghad chun treoir agus comhordú éifeachtach ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Chun go bhféadfaidh an lárionad sin a chúraimí a chomhlíonadh, ba cheart go dtabharfadh struchtúir inmheánacha ábhartha eile de chuid Europol gach tacaíocht is gá dó. Chun éifeachtacht an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh Europol ábalta a iarraidh, go háirithe, ar phríomhghníomhaithe an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (‘EMPACT’) chomh maith le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais nuair is gá.

    (7)Mar chuid den tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil do na Ballstáit, ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach comhordú ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus oibríochtúla na mBallstát a áirithiú, lena náirítear trí thacú le malartú trasteorann faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, go háirithe faoi chuimsiú EMPACT, lena náirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart do Europol tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit chun cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a shainaithint i gcás inar gá imscrúduithe a thionscnamh, i gcás inar gá sin i gcuibhreann le Eurojust, i gcásanna inar gá tascfhórsaí oibríochtúla nó imscaradh Europol a bhunú le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, agus i gcásanna a bhféadfadh comhar le tríú tíortha a bheith ag teastáil ina leith, lena náirítear trí shonraí pearsanta a mhalartú.

    (8)Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha, in éagmais cinneadh leordhóthanachta nó in éagmais coimircí leordhóthanacha nó iomchuí maidir le cosaint sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2016/794. Go háirithe, i gcásanna maidir le smuigleáil imirceach arna sainaithint ag an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach lena néilítear comhar le tríú tíortha, d'fhéadfadh sé go néileofaí aistriú sonraí pearsanta i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó chun pionóis choiriúla a fhorchur.

    (9)Chun cur leis an tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, ba cheart go mbeadh oifigigh idirchaidrimh ó na Ballstáit, ó Eurojust agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta rannpháirteach sa Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, le haghaidh cúraimí oibríochtúla, chun comhordú agus malartú faisnéise éifeachtach, tráthúil agus córasach a áirithiú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac ar leibhéal an Aontais, rud a áiritheoidh comhar idirghníomhaireachta níos láidre laistigh dá ninniúlachtaí féin agus leis na Ballstáit. Ba cheart go dtabharfadh struchtúir inmheánacha ábhartha eile de chuid Europol gach tacaíocht is gá freisin. Ba cheart oifigigh idirchaidrimh ó Eurojust agus oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a phostú mar bhuanionadaithe do Europol chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh Europol ábalta páirt a thabhairt do comhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun leas a bhaint as an saineolas a thagann faoina ninniúlachtaí i gcás inarb ábhartha.

    (10)Tugtar le chéile le EMPACT raon leathan údarás inniúil i gcur chuige comhpháirtíochta agus is é atá ann an creat le haghaidh freagairt chomhordaithe i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta eagraithe agus tromchúisí agus is catalaíoch é chun beartais agus straitéisí slándála an Aontais a oibríochtú. Chun méadú a dhéanamh ar fhreagairt ildisciplíneach, iomlánaíoch agus chomhsheasmhach chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, chomh maith le coireanna gaolmhara agus tosca cumasúcháin gaolmhara a chomhrac, ba cheart do Europol agus do na príomhpháirtithe leasmhara uile a naisc laistigh de EMPACT agus an tacaíocht oibríochtúil do na gníomhaíochtaí arna bhforbairt ag an ardán sin a mhéadú.

    (11)Chun rannpháirtíocht iomchuí na núdarás breithiúnach in imscrúduithe coiriúla maidir le cionta a bhaineann le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a áirithiú, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le sainordú Eurojust a neartú i ndáil le smuigleáil imirceach agus i ndáil leis na leasuithe i sainordú Europol mar chuid den mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 69 (1) de Rialachán (AE) 2018/1727.

    (12)Ba cheart do Europol bheith ina mhol faisnéise coiriúla de chuid an Aontais agus gníomhú mar sholáthraí seirbhíse freisin, go háirithe trí líonra slán a sholáthar chun sonraí a mhalartú, amhail Córas an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), agus é mar aidhm malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart go néascófaí le SIENA cumarsáid thapa, shlán agus sholáimhsithe agus malartú eolais agus faisnéise oibríochtúla agus straitéisí a bhaineann le coireacht agus go gcuirfí béim láidir leis ar idir-inoibritheacht le córais eile ag Europol agus stáit agus eagraíochtaí comhoibríocha eile.

    (13)Tá rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát agus comhroinnt faisnéise le Europol ríthábhachtach chun cur chuige cuimsitheach comhordaithe an Aontais maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac a áirithiú. D'fhonn acmhainneachtaí na mBallstát a neartú, ba cheart do na Ballstáit seirbhísí speisialaithe a ainmniú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, ag áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu chun smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac agus gur féidir leo faisnéis maidir le himscrúduithe coiriúla a chomhroinnt le Europol ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Chun comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit agus Europol maidir le smuigleáil imirceach a chomhchuibhiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a seirbhísí ainmnithe chun smuigleáil imirceach a chomhrac nasctha go díreach le SIENA chun comhroinnt faisnéise a éascú. Tá sé sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle. Ba cheart d'oifigigh idirchaidrimh inimirce na mBallstát a phostáiltear i dtríú tíortha faisnéis a roinnt le Europol freisin; chun na críche sin, ba cheart iad a nascadh le SIENA freisin lena áirithiú gur féidir leo comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

    (14)Chun comhroinnt éifeachtúil faisnéise a bhaineann le smuigleáil imirceach i measc na mBallstát agus le Europol a áirithiú, go háirithe i gcás líonraí móra coiriúla lena mbaineann go leor daoine a bhfuil amhras fúthu, ba cheart do na Ballstáit na huirlisí tacaíochta is iomchuí arna soláthar ag Europol a úsáid, amhail lódálaithe tiomnaithe sonraí. Os a choinne sin, agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an eolas agus as an bhfaisnéis go léir atá ar fáil ar leibhéal an Aontais maidir leis na cásanna comhfhreagracha, agus na coimircí iomchuí cosanta sonraí á nurramú go hiomlán, ba cheart do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais faisnéis Europol a sheiceáil go córasach le linn imscrúduithe leanúnacha a bhaineann le smuigleáil imirceach, lena náirítear trí úsáid a bhaint as na huirlisí amas/gan amas arna soláthar ag Europol amhail comhéadan córas teicniúil maidir le Córais Cuardaigh Europol (QUEST +).

    (15)Chun coireacht eagraithe thromchúiseach trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, is gá comhordú agus gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh. Chomh maith leis an bhféidearthacht atá ag an mBallstát foireann chomhpháirteach imscrúdúcháin a bhunú i gcomhréir leis an gCinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta tascfhórsa oibríochtúil a bhunú chun an comhar maidir le forfheidhmiú an dlí a threisiú le tacaíocht ó Europol. Leis an sásra comhordúcháin sin i measc údaráis phóilíneachta na mBallstát agus sheirbhísí eile um fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas, le tacaíocht ó Europol, gníomhaíochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta um fhaisnéis choiriúil a dhéanamh, go háirithe maidir le líonraí coiriúla agus grúpaí coiriúla chomh maith le gníomhaithe coiriúla aonair, lena náirítear daoine a dtagann a ngníomhaíochtaí coiriúla faoi na cineálacha coireachta a bhfuil an inniúlacht ag Europol maidir leo agus a mbaineann ardriosca slándála leo. Chun dea-fheidhmiú agus éifeachtacht an tsásra sin a áirithiú, ba cheart go mbeadh na Ballstáit a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil a ghlacfaidh páirt ann nó a thacaíonn leis, ábalta sraith íosta ceanglas a áirithiú maidir lena rannpháirtíocht ghníomhach thráthúil, amhail an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do Europol, agus ba cheart go mbeadh Europol ábalta a ardtacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit sin. Ba cheart go mbeadh tríú tíortha ábalta páirt a ghlacadh i dtascfhórsa oibríochtúil nó tacú leis.

    (16)I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar na gníomhaíochtaí um fhaisnéis choiriúil a dhéanfar i dtascfhórsa oibríochtúil go nosclófar imscrúduithe coiriúla i mBallstát amháin nó níos mó a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a bhunú, nó i gcás ina bhféadfadh na himscrúduithe coiriúla a fhaigheann tacaíocht ó thascfhórsa oibríochtúil tairbhe a bhaint as foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a bhunú, ba cheart do Europol a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a bhunú agus bearta a ghlacadh chun cuidiú leo i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/794. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do Europol idirchaidreamh dlúth a dhéanamh le Eurojust, i gcás inarb iomchuí.

    (17)Ba cheart go mbeadh Europol ábalta foireann a imscaradh, lena náirítear saineolaithe náisiúnta ar iasacht, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 i gcríoch Ballstáit arna iarraidh sin don Bhallstát sin, chun tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin. Ba cheart an timscaradh sin a dhéanamh go háirithe i gcomhthéacs imscrúduithe casta, mórscála agus ardphróifíle, lena náirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, i gcuibhreann le Eurojust i gcás inarb iomchuí, nó le tascfhórsaí oibríochtúla. Ba cheart go dtacódh an timscaradh sin freisin le tuilleadh seiceálacha slándála i gcoinne bhunachair sonraí Europol nó bunachair sonraí náisiúnta chun malartú tapa faisnéise a éascú chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais (seiceálacha tánaisteacha slándála), nó foirne tacaíochta bainistíochta imirce a neartú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 . Ba cheart do Europol úsáid a bhaint as an imscaradh sin freisin chun tacú leis na Ballstáit i ndáil le mórtheagmhais idirnáisiúnta. Ba cheart go mbeadh Europol ábalta baill foirne agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscaradh freisin i dtríú tíortha a gcomhoibríonn sé leo ar bhonn cinneadh leordhóthanachta, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE, nó ar bhonn comhaontú comhair idir Europol agus an tríú tír sin arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017.

    (18)Chun a áirithiú gur féidir le Europol tacaíocht éifeachtach a sholáthar trí imscaradh, ba cheart go mbeadh an Ballstát óstach ábalta sraith íosta ceanglas amhail an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do Europol a áirithiú. Ba cheart go mbeadh Europol ábalta baill foirne agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscaradh go tapa, fiú i gcásanna eisceachtúla práinne. Ba cheart go mbeadh baill foirne imscartha Europol agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht ábalta bearta imscrúdaitheacha neamhchomhéigneacha a dhéanamh a bhaineann le próiseáil sonraí i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

    (19)Thairis sin, i gcomhthéacs imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, ba cheart do Europol díorma a bhunú de shaineolaithe ardcháilithe na mBallstát maidir le forfheidhmiú an dlí a bhfuil próifílí speisialaithe acu is féidir a chur ar fáil láithreach do Europol le haghaidh imscaradh oibríochtúil chun tacaíocht speisialaithe a sholáthar. Ba cheart go gcuimseofaí i ndíorma na saineolaithe speisialtóirí in anailís choiriúil, i bhfóiréinsic, in imscrúdú, i dteangacha agus i gcomhordú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a gcuid saineolaithe ar fáil chun páirt a ghlacadh, mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, in imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, arna iarraidh sin do Europol. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le tríú tíortha ina nimscarann Europol baill foirne agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht le haghaidh tacaíocht oibríochtúil.

    (20)Trí chreat dlíthiúil Europol a threisiú, tugtar deis a shoiléiriú gur cheart go gcumhdófaí go sainráite le cuspóirí Europol freisin sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais. Is uirlis fhíor-riachtanach iad bearta sriantacha an Aontais chun luachanna, slándáil, neamhspleáchas agus ionracas an Aontais a chosaint, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo agus an tsíocháin idirnáisiúnta a choimeád, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le haidhmeanna agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Is éard atá i sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais, dá bhrí sin, cineál coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas an Aontais, agus ar cheart inniúlacht a bheith ag Europol chun gníomhú ina leith chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus chun í a neartú.

    (21)[I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.] NÓ

    (22)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

    (23)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir é a chur i bhfeidhm.

    (24)[Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , agus thug sé tuairim uaidh an […] 23 .

    (25)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo chun cosc, brath agus imscrúdú na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine a threisiú a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina naonar i bhfianaise chineál trasteorann na gcoireanna sin, ach gur fearr is féidir, de bharr éifeachtaí an chomhair agus na comhroinnte faisnéise, iad a bhaint ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (26)Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán na cearta agus coimircí bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (27)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha chun feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus ar thacaíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, trí:

    (a)    Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach laistigh de Europol agus creat rialachais lena ghníomhaíochtaí a rialáil agus tacú leo a bhunú;

    (b)    feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na Ballstáit, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

    (c)    an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus le Europol a threisiú;

    (d)    na huirlisí is gá a sholáthar do Europol chun tacú le gníomhaíochtaí údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach chun cionta coiriúla a thagann faoi chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac agus chun iad a neartú;

    (e)    feabhas a chur ar an gcomhar idir Europol agus tríú tíortha.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)    ciallaíonn ‘smuigleáil imirceach’ aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 de Threoir [XXX] [lena leagtar síos rialacha íosta chun iontráil neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle] 24 ;

    (2)    ciallaíonn ‘gáinneáil ar dhaoine’ aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 ;    

    (4)    ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla na mBallstát a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/794;

    (5)    ciallaíonn ‘oifigeach idirchaidrimh inimirce’ oifigeach idirchaidrimh arna imscaradh i dtríú tír ag údaráis inniúla Ballstáit, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce, lena náirítear i gcás nach bhfuil sna saincheisteanna sin ach ina gcuid de dhualgais an oifigigh idirchaidrimh.    

    Caibidil II

    CREAT RIALACHAIS AN LÁRIONAID EORPAIGH IN AGHAIDH SMUIGLEÁIL IMIRCEACH

    Airteagal 3

    An Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach

    Bunaítear an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach laistigh de Europol mar lárionad saineolais speisialaithe de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (l), de Rialachán (AE) 2016/794. Tacóidh sé leis na Ballstáit smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus comhlíonfaidh sé na cúraimí a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6.

     

    Airteagal 4

    Comhdhéanamh an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach

    1.    Beidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach comhdhéanta d'fhoireann Europol agus beidh ionadaithe ó na heintitis seo a leanas rannpháirteach ann i gcomhlíonadh na gcúraimí straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 5:

    (a)ionadaí ó gach Ballstát, ó sheirbhís speisialaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7;

    (b)ionadaí ó Eurojust;

    (c)ionadaí ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    (d)de rogha Europol agus, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ionadaí amháin nó níos mó a bhfuil baint aige le cur chun feidhme oibríochtúil thosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, go háirithe ar an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT).

    Tionólfaidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach cruinniú de na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) dhá uair sa bhliain ar a laghad agus glacfaidh an Coimisiún páirt sa chruinniú sin.

    Féadfaidh Europol cuireadh a thabhairt d'eintitis eile a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5 a dhéanamh, lena n‑áirítear comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.

    2.    Beidh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach comhdhéanta d'fhoireann Europol agus beidh ionadaithe ó na heintitis seo a leanas rannpháirteach ann i gcomhlíonadh na gcúraimí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 6:

    (a)    i gcás gach Ballstáit, oifigeach idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/794 arna ainmniú go sonrach chun déileáil le smuigleáil imirceach;

    (b)    oifigeach idirchaidrimh de chuid Eurojust mar bhuanionadaí ag Europol;

    (c)    oifigeach idirchaidrimh de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta mar bhuanionadaí ag Europol.

       Féadfaidh Europol cuireadh a thabhairt d'eintitis eile a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 a dhéanamh, lena náirítear comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.

    3.    Chun críche mhír 2 den Airteagal sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , déanfaidh Eurojust oifigeach idirchaidrimh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an Rialachán sin, a imscaradh chuig an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.

    4.    Chun críocha mhír 2 den Airteagal sin chomh maith le hAirteagal 68(1), pointe (b), Airteagal 87 (1), pointe (d) agus Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2019/1896, agus i gcomhréir le hAirteagal 68(2) agus (5) den Rialachán sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta oifigeach idirchaidrimh, ag gníomhú di i gcomhréir leis an Rialachán sin, a imscaradh chuig an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.

    5.    Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, agus chun comhlíonadh na gcúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán sin a éascú, soláthróidh gach cuid ábhartha eile de struchtúir inmheánacha Europol an tacaíocht is gá don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.

    Airteagal 5

    Cúraimí straitéiseacha an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach

    Is iad seo a leanas na cúraimí straitéiseacha a leagfar ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach:

    (a)anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar chun cuidiú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a leagan síos chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/794;

    (b)creat a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme oibríochtúil thosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, go háirithe faoi chuimsiú EMPACT, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/794;

    (c)tacú le comhordú, comhar agus malartú faisnéise maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine idir gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Eurojust agus, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla féin, lena náirítear trí shocruithe oibre eatarthu, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (j), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (d)faireachán a dhéanamh ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine atá á dhéanamh sa Aontas agus i dtríú tíortha, i gcomhar leis na Ballstáit, le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794, agus faisnéis a sholáthar go rialta do na Ballstáit agus don Choimisiún, lena náirítear sonraí staidrimh comhiomlánaithe agus nuashonruithe staide arna bhfáil ó fhaisnéis arna roinnt ag na Ballstáit;

    (e)anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme na dtascfhórsaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 5a de Rialachán (AE) 2016/794 agus imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 5b de Rialachán (AE) 2016/794, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (f)anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/794 maidir le tionscnamh imscrúdaithe choiriúil ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (g)anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún chomh maith le gníomhaireachtaí nó comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí, maidir le bealaí agus modi operandi maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, lena náirítear maidir le léiriú go bhféadfar páirtithe príobháideacha a úsáid le haghaidh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (h)anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún chomh maith le gníomhaireachtaí nó comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí, maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (i)tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, ina sainaithneofar na príomhthosaíochtaí oibríochtúla agus gníomhaíochtaí gaolmhara féideartha ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/794.

    Airteagal 6

    Cúraimí oibríochtúla an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach

    Is iad seo a leanas na cúraimí oibríochtúla a leagfar ar an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach:

    (a)    gníomhaíochtaí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú le gníomhaíochtaí údaráis inniúla na mBallstát maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus iad a neartú, lena náirítear nuair a dhéantar na coireanna sin a éascú, a chur chun cinn nó a dhéanamh ag baint úsáid as an idirlíon, lena náirítear na meáin shóisialta, agus lena náirítear i gcomhthéacs imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (c) agus pointe (m), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (b)    tacú le gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise trasteorann, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, chomh maith le foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus tascfhórsaí oibríochtúla, maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, lena náirítear trí thacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2016/794;

    (c)    tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochtúil a sholáthar do ghníomhaíochtaí oibríochtúla arna stiúradh ag na Ballstáit, go háirithe faoi chuimsiú EMPACT, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/794;

    (d)    tacú le Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol le meastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 5b(3) de Rialachán (AE) 2016/794, ar iarrataí arna ndéanamh ag na Ballstáit ar imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a bhaineann le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, lena náirítear iarrataí den sórt sin a chur in ord tosaíochta bunaithe ar riachtanais oibríochtúla;

    (e)    cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a shainaithint a bhféadfadh bunú tascfhórsa oibríochtúil a bheith ag teastáil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (AE) 2016/794, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a chur ar an eolas faoi chásanna den sórt sin;

    (f)    cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a shainaithint a bhféadfadh imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a bheith ag teastáil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5b de Rialachán (AE) 2016/794, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a chur ar an eolas faoi chásanna den sórt sin;

    (g)    cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a shainaithint a bhféadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/794 a bheith ag teastáil ina leith maidir le hiarrataí ó Europol le haghaidh imscrúdú coiriúil a thionscnamh agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a chur ar an eolas faoi chásanna den sórt sin;

    (h)    cásanna maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a shainaithint a bhféadfadh comhar le tríú tíortha a bheith ag teastáil ina leith, lena náirítear trí shonraí pearsanta a mhalartú.

    Caibidil III

    COMHAR IDIR NA BALLSTÁIT AGUS EUROPOL MAIDIR LE SMUIGLEÁIL IMIRCEACH AGUS GÁINNEÁIL AR DHAOINE A CHOSC AGUS A CHOMHRAC

    Airteagal 7

    Seirbhísí speisialaithe náisiúnta chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac

    1.    Ainmneoidh gach Ballstát, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí, seirbhís speisialaithe amháin nó níos mó laistigh dá údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, lena náirítear trí imscrúduithe coiriúla. I ndiaidh ainmniú dá leithéid, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach.

    2.    Áiritheoidh gach Ballstát go mbaileoidh a sheirbhísí speisialaithe arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le himscrúduithe coiriúla ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine agus a eascraíonn astu agus go gcomhroinnfidh siad an fhaisnéis sin a luaithe is féidir le Europol agus le Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 8.

    3.    Ceanglóidh gach Ballstát, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí, a sheirbhísí speisialaithe arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo go díreach le Feidhmchlár Líonra Europol um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (w), de Rialachán (AE) 2016/794. I ndiaidh ceangal dá leithéid, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach.

    4.    Cuirfidh gach Ballstát acmhainní leordhóthanacha ar fáil dá sheirbhísí speisialaithe arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 lena áirithiú go mbeidh na seirbhísí speisialaithe sin ullmhaithe chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac ar bhealach éifeachtach, agus chun faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt i gcomhréir le mír 2 ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

    5.    Cuirfidh gach Ballstát líon iomchuí ball foirne ó na seirbhísí speisialaithe arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ar fáil don díorma dá dtagraítear in Airteagal 5b(6) de Rialachán (AE) 2016/794, ionas gur féidir leis na baill foirne sin páirt a ghlacadh in imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht.

    Airteagal 8

    Faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine do Europol agus do na Ballstáit

    1.    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, soláthróidh gach Ballstát faisnéis do Europol atá i seilbh a údarás inniúil agus a bhaineann le cionta coiriúla maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine.

    2.    Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil do Europol in am agus i dtráth.

    3.    Soláthróidh gach Ballstát faisnéis do na Ballstáit eile agus, ag an am céanna, do Europol, faisnéis atá i seilbh a údarás inniúil agus a bhaineann le cionta coiriúla maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine i gcás ina bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ábhartha do na Ballstáit eile sin chun cionta coiriúla den sórt sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú sna Ballstáit sin.

    4.    Bainfidh gach Ballstát úsáid as SIENA chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a sholáthar do Bhallstáit eile agus do Europol, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) agus Airteagal 18(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/794.

    5.    Ceanglóidh gach Ballstát a oifigigh idirchaidrimh inimirce le SIENA. I gcás nach féidir oifigeach idirchaidrimh inimirce a nascadh le SIENA ar chúiseanna teicniúla ríthábhachtacha a bhaineann leis an staid sa tríú tír um imscaradh, cuirfidh an toifigeach idirchaidrimh inimirce sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta trí bhealaí slána eile. Soláthróidh an túdarás inniúil sin an fhaisnéis do Europol, go díreach nó trí aonad náisiúnta Europol, ag baint úsáid as SIENA.

    Caibidil IV

    FEABHAS A CHUR AR THACAÍOCHT EUROPOL CHUN SMUIGLEÁIL IMIRCEACH AGUS GÁINNEÁIL AR DHAOINE A CHOMHRAC

    Airteagal 9

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794

    Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:

    (1)    in Airteagal 2, cuirtear isteach pointí (w), (x) agus (y) seo a leanas:

    ‘(w)    ciallaíonn ‘SIENA’ an feidhmchlár slán líonra um malartú faisnéise, arna bhainistiú ag Europol, agus é mar aidhm malartú faisnéise a éascú;

    (x)    ciallaíonn ‘tascfhórsa oibríochtúil’ sásra comhordúcháin arna bhunú ag na Ballstáit i measc a núdarás inniúil le tacaíocht ó Europol chun gníomhaíochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta um fhaisnéis choiriúil a dhéanamh maidir le coireacht a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol lena néilítear gníomhaíocht chomhordaithe agus chomhbheartaithe;

    (y)    ciallaíonn ‘imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil’ imscaradh fhoireann Europol nó saineolaithe náisiúnta ar iasacht i gcríoch Ballstáit, arna iarraidh sin don Bhallstát sin, chun tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin.’;

    (2)    Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

       (a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

       (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)    gníomhaíochtaí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar:

    (i) go comhpháirteach le húdaráis inniúla na mBallstát;

    (ii) i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus, i gcás inarb iomchuí, i gcuibhreann le Eurojust;

    (iii) i gcomhthéacs tascfhórsaí oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 5a;

    (iv) i gcomhthéacs imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 5b;’;

       (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    ‘(h)    tacú le gníomhaíochtaí trasteorann malartuithe faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, chomh maith le foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus tascfhórsaí oibríochtúla, lena náirítear trí thacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais a sholáthar;’;

       (iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    ‘(l)    lárionaid saineolais de chuid Aontais a fhorbairt chun cineálacha áirithe coireachta a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chomhrac, lena náirítear Ionad Cibearchoireachta na hEorpa agus, i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán maidir le Smuigleáil Imirceach a Chomhrac], an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach;

    _________

    * Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an… maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol do choireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 (IO L …, ELI: …)’;

       (iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (s):

    ‘(s) gníomhaíochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta um fhaisnéis choiriúil a éascú, lena n‑áirítear maidir le daoine dá dtagraítear i bpointe (r), agus lena n‑áirítear trí thascfhórsaí oibríochtúla agus trí imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil;’;

       (v) cuirtear pointe (za) seo a leanas isteach:

    ‘(za)    tacú leis na Ballstáit sonraí bithmhéadracha a phróiseáil ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.’;

       (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Ní chuirfidh Europol bearta comhéigneacha i bhfeidhm agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige.

    Féadfaidh baill foirne Europol tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d'údaráis inniúla na mBallstát le linn do na húdaráis sin bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, lena n‑áirítear i gcomhthéacs cur chun feidhme tascfhórsaí oibríochtúla agus chur chun feidhme imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú, trí thacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar, agus trí bheith i láthair nuair a dhéantar na bearta sin a fhorghníomhú.

    Beidh sé de chumhacht ag foireann Europol bearta imscrúdaitheacha neamh‑chomhéigneacha a fhorghníomhú iad féin ar choinníoll gur iarr Ballstát ar Europol déanamh amhlaidh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus gur údaraigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin d'fhoireann Europol na bearta imscrúdaitheacha neamh‑chomhéigneacha a iarradh a fhorghníomhú.

    Déanfaidh baill foirne Europol na bearta imscrúdaitheacha neamh‑chomhéigneacha sin i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.’;

    (3)    cuirtear isteach an tAirteagal 5a agus an tAirteagal 5b seo a leanas:

    'Airteagal 5a

    Tascfhórsaí oibríochtúla

    1.    Féadfaidh na Ballstáit tascfhórsa oibríochtúil a bhunú ar feadh ré gníomhaíochtaí nó imscrúduithe faisnéise coiriúla tiomnaithe áirithe. Éascóidh Europol bunú cur chun feidhme tascfhórsa oibríochtúil agus tacóidh sé leis sin.

    2.    Tiocfaidh na Ballstáit a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil ar chomhaontú le Europol maidir le pleanáil, comhordú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus imscrúduithe um fhaisnéis choiriúil an tascfhórsa oibríochtúil.

    3.    Áiritheoidh na Ballstáit a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil comhleanúnachas agus sineirgí le creat an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT).

    4.    Féadfaidh na Ballstáit a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil a chinneadh cuireadh a thabhairt do Bhallstáit eile, do thríú tíortha agus do chomhpháirtithe eile dá dtagraítear in Airteagal 23 páirt a ghlacadh sa tascfhórsa oibríochtúil nó tacú leis. Déanfar rannpháirtíocht tríú tíortha agus comhpháirtithe eile sa tascfhórsa oibríochtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    5.    Chun tacú le cur chun feidhme tascfhórsa oibríochtúil, cuirfidh Europol an tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais dá bhforáiltear leis an Rialachán seo ar fáil, i gcomhréir le mír 2.

    6.    Déanfaidh gach Ballstát a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil nó a ghlacfaidh páirt ann nó a thacóidh leis, i gcomhréir leis an bpleanáil, leis an gcomhordú agus leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2:

    (a)    an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar gan mhoill do Europol agus do na Ballstáit eile a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil, a ghlacfaidh páirt ann nó a thacóidh leis, ag baint úsáid as SIENA agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a chur ar fáil go díreach i gcomhréir le hAirteagal 20(2a);

    (b)    úsáid a bhaint as an tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais arna soláthar ag Europol;

    (c)    gníomhaíochtaí agus imscrúduithe faisnéise coiriúla tiomnaithe áirithe a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás inar gá aghaidh a thabhairt ar an gcoireacht lena mbaineann an tascfhórsa oibríochtúil;

    (d)    imscrúduithe airgeadais comhthreomhara a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais chun sócmhainní coiriúla a shainaithint agus a urghabháil;

    (e)    páirt a thabhairt dá oifigigh idirchaidrimh a imscarfar i dtríú tíortha ina ndéantar imscrúdú ar ghníomhaíochtaí coiriúla i gcomhthéacs an tascfhórsa oibríochtúil i bhfeabhas a chur ar chomhar agus ar chomhroinnt faisnéise, agus an fhaisnéis a gheofar a sholáthar do Europol, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    7.    Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a mholadh d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann tascfhórsa oibríochtúil a bhunú trína naonaid náisiúnta i gcás ina measann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go gcuirfeadh sé luach leis an gcomhrac i gcoinne coire a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol.

    8.    Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir le tascfhórsaí oibríochtúla a bhunú agus a chur chun feidhme.

    Airteagal 5b

    Imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil

    1.    Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil ar a chríoch a iarraidh chun úsáid a bhaint as an tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais arna soláthar ag Europol chun coireanna a thagann faoi chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac.

    2.    Déanfar imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil i gcomhthéacs imscrúduithe casta agus mórscála lena néilítear tacaíocht Europol, lena náirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe nó tascfhórsaí oibríochtúla, nó chun tacú le seiceálacha i gcoinne bunachair shonraí ábhartha chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais, nó foirne tacaíochta bainistíochta imirce a neartú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó chun tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit i mórtheagmhais idirnáisiúnta.

    3.    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meastóireacht ar an iarraidh arna déanamh ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 agus féadfaidh sé imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a fhormheas ar feadh tréimhse teoranta ama is féidir a athnuachan, agus na riachtanais oibríochtúla agus na hacmhainní atá ar fáil á gcur san áireamh. Beidh cinneadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin bunaithe ar mheasúnú riosca.

    4.    A luaithe a bheidh an iarraidh arna déanamh ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 formheasta ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tiocfaidh an Ballstát sin agus Europol ar chomhaontú go comhpháirteach maidir le módúlachtaí imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil. Oibreoidh baill foirne Europol agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscarfar sa Bhallstát i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 4(5), agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ar ina chríoch a dhéanfar an timscaradh.

    5.    I gcásanna eisceachtúla práinne lena néilítear imscaradh láithreach Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil i gcríoch Ballstáit, áiritheoidh an Ballstát sin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ndéanfar na bearta a leagtar amach i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 laistigh de thréimhse 72 uair an chloig.

    6.    Cuirfidh Europol díorma de shaineolaithe na mBallstát ar bun chun críche imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil. Beidh an díorma comhdhéanta de dhíorma saineolaithe a bheidh ag obair ina mBallstáit agus is féidir a chur ar fáil láithreach do Europol chun na críche sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid saineolaithe ar fáil chun páirt a ghlacadh, mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, in imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, arna iarraidh sin do Europol.

    7.    Maidir leis an mBallstát ar ina chríoch a dhéanfar imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, déanfaidh sé an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na módúlachtaí arna gcomhaontú dá dtagraítear i mír 4:

    (a)    an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar gan mhoill do Europol, i gcás inar féidir, trí fhaisnéis i mbunachair sonraí náisiúnta a chur ar fáil go díreach d'fhoireann Europol agus do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscarfar ina chríoch i gcomhréir lena dhlí náisiúnta;

    (b)    úsáid a bhaint as an tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach arna soláthar ag foireann Europol arna himscaradh ina críoch;

    (c)    a chur ar chumas fhoireann Europol agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscarfar ina chríoch bheith i láthair agus bearta imscrúdaithe á ndéanamh.

    8.    Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil i gcríoch Ballstáit a mholadh d'údaráis inniúla an Bhallstáit sin trína aonad náisiúnta i gcás ina measann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go gcuirfeadh sé luach le coir a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac.

    9.    Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir le himscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena náirítear maidir le líon agus próifílí na saineolaithe a chuimseofar sa díorma agus aon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

    10.    Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo i gcás ina gcuirfear imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil i gcrích i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c).

    ___________

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj ).’;

    (5)    in Airteagal 18(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)    malartú faisnéise a éascú, lena náirítear trí SIENA, idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha;’;

    (6)    Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

       (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc (‘smuigleáil inimirceach’):

    ‘- smuigleáil imirceach’;

       (b) cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

    ‘- sárú ar bhearta sriantacha an Aontais’.

    Caibidil V

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

    1.FRAMEWORK OF THE PROPOSAL/INITIATIVE

    1.1.Title of the proposal/initiative

    1.2.Policy area(s) concerned

    1.3.The proposal relates to

    1.4.Objective(s)

    1.4.1.General objective(s)

    1.4.2.Specific objective(s)

    1.4.3.Expected result(s) and impact

    1.4.4.Indicators of performance

    1.5.Grounds for the proposal/initiative

    1.5.1.Requirement(s) to be met in the short or long term including a detailed timeline for roll-out of the implementation of the initiative

    1.5.2.Added value of Union involvement (it may result from different factors, e.g. coordination gains, legal certainty, greater effectiveness or complementarities). For the purposes of this point 'added value of Union involvement' is the value resulting from Union intervention which is additional to the value that would have been otherwise created by Member States alone.

    1.5.3.Lessons learned from similar experiences in the past

    1.5.4.Compatibility with the Multiannual Financial Framework and possible synergies with other appropriate instruments

    1.5.5.Assessment of the different available financing options, including scope for redeployment

    1.6.Duration and financial impact of the proposal/initiative

    1.7.Management mode(s) planned

    2.MANAGEMENT MEASURES

    2.1.Monitoring and reporting rules

    2.2.Management and control system(s)

    2.2.1.Justification of the management mode(s), the funding implementation mechanism(s), the payment modalities and the control strategy proposed

    2.2.2.Information concerning the risks identified and the internal control system(s) set up to mitigate them

    2.2.3.Estimation and justification of the costeffectiveness of the controls (ratio of "control costs ÷ value of the related funds managed"), and assessment of the expected levels of risk of error (at payment & at closure)

    2.3.Measures to prevent fraud and irregularities

    3.ESTIMATED FINANCIAL IMPACT OF THE PROPOSAL/INITIATIVE

    3.1.Heading(s) of the multiannual financial framework and expenditure budget line(s) affected

    3.2.Estimated impact on expenditure

    3.2.1.Summary of estimated impact on expenditure

    3.2.2.Estimated impact on [body]'s appropriations

    3.2.3.Estimated impact on [body]'s human resources

    3.2.4.Compatibility with the current multiannual financial framework

    3.2.5.Thirdparty contributions

    3.3.Estimated impact on revenue

     

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol don choireacht sin a chosc agus a chomhrac, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794

    Tá an togra seo le haghaidh Rialachán maidir le smuigleáil Imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac ina chuid de phacáiste comhleanúnach freisin ina gcuimsítear togra le haghaidh Treoir maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe a chosc agus a chomhrac. Le chéile, ‘féachtar leis na tograí sin leis an gcreat dlíthiúil a nuachóiriú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena áirithiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus oibríochtúla is gá againn chun freagairt do modus operandi nua na smuigleálaithe’, mar a leagtar amach i gclár oibre 2024 ón gCoimisiún a fógraíodh an 17 Deireadh Fómhair a chuaigh thart.

     

    1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann

    An réimse beartais: Gnóthaí Baile

    Gníomhaíocht: An tSlándáil

    12 10 01 : Europol

    1.3.Baineann an togra le 

     beart nua

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 27  

    síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóir/cuspóirí

    1.4.1.Cuspóir/cuspóirí ginearálta 

    Mar fhreagairt ar riachtanais oibríochtúla phráinneacha agus ar shainaithint bearnaí a bhrú ar aghaidh, a mhéid a bhaineann sé smuigleáil imirceach a chomhrac, fógraíodh i gclár oibre an Choimisiúin do 2024 ‘go molfaidh sé an creat dlíthiúil a nuachóiriú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena áirithiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus oibríochtúla is gá againn chun freagairt do modus operandi nua na smuigleálaithe’ (féach COM(2023) 638 final). Bhí sé sin de thoradh ar fhógraí gaolmhara a rinne an tUachtarán Von der Leyen i Staid an Aontais 2023. Táthar ag súil go bhfeabhsófar leis an tionscnamh reachtach an comhrac i gcoinne na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine, go háirithe trí fheabhas a chur ar thacaíocht Europol chun cuidiú leis na Ballstáit Smuigleáil Imirceach, Gáinneáil ar Dhaoine agus cineálacha eile coireachta gaolmhara a thagann faoi shainordú Europol a chomhrac.

    Tagann cuspóirí ginearálta an tionscnaimh reachtaigh seo ó na spriocanna atá bunaithe ar an gConradh:

    1. go dtacóidh Europol le gníomhaíocht údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach, agus go dtreiseodh sé í, d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac 28 .

    2. Feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta lena mbaineann údaráis inniúla uile na mBallstát, lena náirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú 29 .

    1.4.2.Cuspóir/cuspóirí sonracha 

    Faightear na cuspóirí sonracha ó na cuspóirí ginearálta a leagtar amach thuas agus tagann siad leis an ábhar agus leis an raon feidhme mar a thuairiscítear in Airteagal 1 den Rialachán seo:

    Cuspóir sonrach Uimh.°1: Europol agus a Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a neartú mar Mheáchanlár le haghaidh gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil ar leibhéal an Aontais chomh maith le hanailís straitéiseach;

    Cuspóir sonrach Uimh.°2: feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na Ballstáit, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

    Cuspóir sonrach Uimh.°3: europol a threisiú mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus malartú faisnéise idir na Ballstáit, Europol, gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chomh maith le tríú tíortha a fhorbairt go hiomlán;

    Cuspóir sonrach Uimh.°4: na huirlisí is gá chun smuigleáil imirceach agus coireanna eile a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac a sholáthar do Europol.

    Cuspóir sonrach Uimh.°1: Europol agus a Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach (EMSC) a neartú mar Mheáchanlár le haghaidh gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil ar leibhéal an Aontais chomh maith le hanailís straitéiseach

    Is í an aidhm Europol agus a EMSC a threisiú mar an Meáchanlár chun gníomhaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla ar leibhéal an Aontais sa chomhrac in aghaidh smuigleáil imirceach a shainaithint. Beidh anailís straitéiseach agus measúnuithe ar bhagairtí ar fud an Aontais ina mbeidh gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais páirteach, lena n‑áirítear Frontex agus Eurojust, ina gcuidiú chun tacú ar bhealach níos éifeachtúla le tosaíochtaí na Comhairle agus na nGníomhaireachtaí sa réimse sin, go háirithe faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), agus rachaidh anailís réigiúnach, spriocdhírithe bunaithe ar bhreis eolais agus faisnéise ó ionchuir ó na Ballstáit agus ó Ghníomhaireachtaí chun tairbhe do ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus oibríochtúla faoi stiúir na mBallstát.

    Faoin gcuspóir sin, tá gá le hacmhainní breise chun na cúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla nua dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo a chomhlíonadh:

    Líon na speisialtóirí imscrúdaitheacha agus na nanailísithe sonraí a mhéadú<, go háirithe, sa Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach chun líon na dTascfhórsaí Oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó Europol 30 , agus imscrúduithe eile ar smuigleáil imirceach eagraithe agus ar gháinneáil eagraithe ar dhaoine agus na cionta cúlpháirtí agus preideacáide gaolmhara a mhéadú chomh maith le seirbhísí tacaíochta oibríochtúla ar an láthair i dtíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe. Ní mór d'imscrúduithe casta in aghaidh smuigleáil imirceach agus líonraí um gháinneáil ar dhaoine gach gné de na gníomhaíochtaí coiriúla a chumhdach: lóistíocht, airgeadais nó digiteach. Ba cheart do Europol a sheirbhísí oibríochtúla a thabhairt níos gaire d'fhoirne imscrúdaitheacha náisiúnta agus a áirithiú go bhfuil na cumais aige chun tacú le húdaráis na mBallstát agus na bearta imscrúdaitheacha á gcur chun feidhme.

    Líon Speisialtóirí Faireacháin OSINT/na Meán Sóisialta a mhéadú chun faireachán ar fhoinsí oscailte agus ar na meáin shóisialta, anailís ar an líonra sóisialta agus seirbhísí gaolmhara saineolaithe oibríochtúla a sholáthar chun tacú le himscrúduithe na mBallstát agus le bearta coisctheacha a bhaineann le smuigleáil eagraithe imirceach agus gáinneáil eagraithe ar dhaoine a dhéanann difear do na tíortha tionscnaimh, idirthurais agus/nó cinn scríbe. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní ag Europol chun próiseáil i bhfíor-am agus próiseáil ardcháilíochta na faisnéise ar líne a bhailítear a chur chun cinn agus bearta imscrúdaitheacha na mBallstát á gcur chun feidhme.

    Líon na Speisialtóirí Fóiréinsice, Díchriptithe agus Sonraí a mhéadú baint agus próiseáil tacar sonraí móra agus casta a bhailítear ó na tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe a áirithiú, lena n‑áirítear na Ballstáit agus Tríú Tíortha. Ní mór rochtain agus próiseáil sonraí fíor-ama agus ardcháilíochta mar aon leis an saineolas gaolmhar um eolaíocht sonraí a áirithiú chun úsáid sonraí bithmhéadracha a bhailítear go dleathach a áirithiú agus chun samhlacha nua a chruthú chun anailís a dhéanamh ar shonraí casta, a thagann as áiteanna lasmuigh den Aontas níos minice ná roimhe seo. Ba cheart do Europol na seirbhísí oibríochtúla sin a thabhairt níos gaire d'fhoirne imscrúdaitheacha náisiúnta agus a áirithiú go bhfuil na cumais aige chun tacú le húdaráis na mBallstát le Speisialtóirí Fóiréinsice, Díchriptithe agus Sonraí agus na bearta imscrúdaitheacha á gcur chun feidhme.

     Cuspóir sonrach Uimh.°2: feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na Ballstáit, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais

    Ag freagairt do na bearnaí a sainaithníodh maidir leis an gcomhar idirghníomhaireachta neamhleor agus maidir leis an treoir agus an comhordú neamhleor maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac ar leibhéal an Aontais, is é an aidhm struchtúr rialachais a bhunú le haghaidh comhar, stiúradh agus comhordú idirghníomhaireachta éifeachtach, ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil araon. Mar gheall go bhfuil cásanna smuigleála imirceach agus gáinneála ar dhaoine ina gcineál ard‑trasteorann agus go bhfuil siad tacaithe go háirithe ag cineálacha eile coireanna tromchúiseacha amhail sciúradh airgid nó góchumadh doiciméad, neartófar cumas uathúil Europol an léargas coiriúil a threisiú trí chros‑seiceáil a dhéanamh ar eolas agus ar fhaisnéis atá ann cheana a thagann ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, nó ó ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais thar ceann na mBallstát, chun tacú ar bhealach níos fearr le hiarracht na mBallstát in aghaidh na smuigleála imirceach.

    Faoin gcuspóir sin, tá gá le hacmhainní breise chun na cúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla nua dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo a chomhlíonadh:

    Speisialtóirí agus Anailísithe um Rianú Sócmhainní agus um Imscrúdú Airgeadais: seirbhísí um rianú sócmhainní, um shaineolas airgeadais agus um anailís ghaolmhar a sholáthar chun tacú le himscrúduithe na mBallstát maidir le smuigleáil eagraithe imirceach, gáinneáil eagraithe ar dhaoine agus coireanna gaolmhara agus chun feabhas a chur ar ghabháil agus ar choigistiú fáltas ó choireacht sna tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, lena náirítear na Ballstáit agus tríú páirtithe araon 31 .

    Anailísithe Straitéiseacha agus Speisialtóirí Sonraí: tacú le himscrúduithe na mBallstát, le beartú tosaíochta straitéiseach agus oibríochtúil, le cosc ar choireacht agus le faireachán ar threochtaí coireachta a bhaineann le smuigleáil eagraithe imirceach agus le coireanna gaolmhara trí sheirbhísí anailíse straitéisí a sholáthar lena gcumhdaítear na tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, lena n‑áirítear na Ballstáit agus Tríú Tíortha araon. Ba cheart go mbeadh na cumais ag Europol chun tacú le húdaráis na mBallstát le Measúnuithe ar Bhagairtí, Brath Luathrabhaidh agus Anailís ar chomharthaí agus ar bhrath, Measúnuithe Riosca agus tuarascálacha anailíse straitéisí eile.

    Cuspóir sonrach Uimh.°3: Europol a threisiú mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus malartú faisnéise idir na Ballstáit, Europol, gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chomh maith le tríú tíortha a fhorbairt go hiomlán.

    Ag freagairt don bhearna a sainaithníodh maidir leis an gcomhroinnt faisnéise neamhleor maidir le smuigleáil imirceach idir na Ballstáit agus Europol, is é an aidhm Europol a threisiú mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais maidir le smuigleáil imirceach. Ar an mbealach sin agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle, soláthróidh Europol tacaíocht theicniúil éifeachtach do na Ballstáit chun úsáid a bhaint as SIENA mar an meán réamhshocraithe cumarsáide. Laistigh dá shainordú agus i gcomhréir leis na coimircí atá ann cheana agus i gcomhthéacs chreat idir-inoibritheachta an Aontais, seiceálfaidh Europol faisnéis a choinnítear go hinmheánach nó a choinnítear i mbunachair sonraí sheachtracha ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos uileghabhálaí, amhail córais mhórscála TF ó fhearann CGB. Déanfar comhordú agus cion Europol le hoibríocht na mBallstát ar bhealach níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis bhithmhéadrach.

    Chun tacú leis an gcuspóir sin, bheadh ar Europol an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Maidir le SIENA,

    tacú le cur chun feidhme Seirbhísí Gréasáin SIENA sna Ballstáit agus comhpháirtithe comhair oibríochtúla eile de chuid tríú páirtí; infhaighteacht ard (99.9 %) sheirbhísí SIENA a áirithiú; 

    tacú le hiontógáil seirbhísí réamhtheachtacha (e.g. aistriúchán, baint eintiteas, seirbhísí na Formáide Uilíche Teachtaireachtaí (UMF)) agus seirbhísí iartheachtacha (e.g. an tArdán um Anailís ar Shonraí, an Coincheap um Anailís Oibríochtúil Chomhpháirteach) agus an tionchar orthu;

     tuilleadh leasa a bhaint as clúdach SIENA trína chomhtháthú in ailtireacht faisnéise iomlánaíoch (e.g. sonraí SIENA a ghiaráil isteach in EIS (Córas Faisnéise Europol) agus na huirlisí bithmhéadracha tacaíochta) agus tacaíocht thiomnaithe a chruthú do riachtanais an phobail mhéadaithe úsáideoirí (aonaid náisiúnta atá ag plé le smuigleáil imirceach) agus tacaíocht chuí a chur ar fáil do na Ballstáit agus do thríú páirtithe oibríochtúla ábhartha.

    Chun na gcríoch sin, bheadh gá le foireann bhreise (lena n‑áirítear líon teoranta conraitheoirí), go háirithe chun oibriú ar cheanglais, ailtireacht, slándáil, cosaint sonraí, forbairt, bainistiú tionscadal agus coinneáil ar bun na gcumas nua.

    Maidir le Bithmhéadracht,

    Córas Aitheantais Méarlorg Uathoibrithe (AFIS) (feidhmíocht, feidhmiúlachtaí, inscálaitheacht) a uasghrádú go suntasach/ceann nua a sholáthar chun tacú leis an tionscnamh um smuigleáil imirceach agus um gháinneáil ar dhaoine (de bhreis ar Idir-inoibritheacht an Aontais);

    feabhsuithe feidhmíochta agus feidhmiúlachta i réiteach nua um aithint aghaidhe (FACE), comhtháthú iomlán AFIS agus FACE nua i sreafaí oibre bainistíochta sonraí Europol;

    feabhas a chur ar na sreafaí oibre bithmhéadracha atá ann cheana chun leas iomlán a bhaint as na sonraí bithmhéadracha agus chun obair láimhe a laghdú;

    forbairt a dhéanamh ar an gcumas próifílí DNA a phróiseáil;

     athbhreithniú a dhéanamh ar EIS, SIENA agus ar fheidhmiúlachtaí iontógála sonraí maidir le sonraí bithmhéadracha;

    na feidhmiúlachtaí chun sonraí bithmhéadracha a chuardach in EIS agus trí chórais Cuardaigh Europol (QUEST) a fhorbairt;

    an Tairseach um Anailís ar Shonraí (DAP) le haghaidh sonraí bithmhéadracha a nuashonrú; athbhreithniú dhéanamh ar cheanglais athbhreithnithe agus coinneála sonraí maidir le sonraí bithmhéadrachta ar fud réiteach/na ceanglais sin a chuimsiú.

    Chun na gcríoch sin,

    tá gá le foireann bhreise, go háirithe chun oibriú ar cheanglais, ailtireacht, slándáil, cosaint sonraí, forbairt, bainistiú tionscadal agus coinneáil ar bun (feidhmiúil agus bonneagar araon) na gcumas nua.

    Tá gá le maoiniú (leithreasuithe buiséid) chun soláthar crua-earraí agus bogearraí a mhaoiniú agus líon teoranta conraitheoirí a fhostú a mhéid a bhaineann le SIENA a uasghrádú agus cumais bhithmhéadrachta a fhorbairt; i ndiaidh na forbartha, beidh gá le buiséad cothabhála chun bonneagar agus bogearraí (e.g. ceadúnais) a chothabháil agus chun tacú le sainchonraitheoirí go háirithe i réimse na feidhmíochta bithmhéadraí a choinneofar ar bun le himeacht ama.

    Maoiniú (leithreasuithe buiséid) chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit chun seirbhísí gréasáin SIENA a cheangal/a chomhtháthú.

    Cuspóir sonrach Uimh.°4: na huirlisí is gá chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus coireanna eile a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac a sholáthar do na Ballstáit.

    Is é an aidhm inniúlacht Europol chun tacaíocht láithreach agus oibríochtúil a neartú, lena n‑áirítear tacaíocht theicniúil do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Ar an dóigh sin, bainfidh na Ballstáit leas iomlán as coincheapa nuabhunaithe na dTascfhórsaí Oibríochtúla, as imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil chomh maith le tacaíocht theicniúil, fhóiréinseach agus airgeadais arna soláthar ag Europol.

    Chun tacú leis an gcuspóir sin, tá gá le hacmhainní breise chun

    beifear ábalta Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht gearrthéarmach a earcú 32 chun tacú le himscrúduithe na mBallstát faoi chuimsiú na dTascfhórsaí Oibríochtúla a bhaineann le smuigleáil eagraithe imirceach, agus le coireanna gaolmhara ó Cheanncheathrú Europol agus i dtíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, lena náirítear na Ballstáit agus Tríú Tíortha araon.

    An buiséad um imscaradh a mhéadú chun gur féidir foireann Europol agus Aoi-Oifigigh a imscaradh le haghaidh tacaíocht oibríochtúil.

    Buiséad Deontas na dTascfhórsaí Oibríochtúla a mhéadú 33 .

    Buiséad EMPACT a mhéadú, laistigh de bhuiséad Europol, chun go bhféadfar tacaíocht threisithe a chur ar fáil trí Dheontais Ardluacha (HVG), Deontais ar Luach Íseal (LVG) 34 agus trí mhaoiniú a thabhairt i gcomhair cruinnithe straitéiseacha agus oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi Phleananna Gníomhaíochta Oibriúcháin EMPACT arna nglacadh ag an gComhairle chun líonraí coiriúla (ardriosca) a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, agus réimsí coireachta ábhartha eile agus coireanna cumasúcháin a chomhrac agus cur isteach orthu.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Trí chuidiú leis an gcur isteach ar ghnólachtaí coiriúla agus ar struchtúir coireachta eagraithe, leis an togra seo, cuirfear cosc ar bhásanna imirceach, laghdófar imirce chontúirteach agus neamhrialta agus éascófar bunú beartais imirce inbhuanaithe de chuid an Aontais chomh maith le cosc a chur ar theacht i dtír ar dhaoine.

    Bainfidh daoine aonair agus an tsochaí i gcoitinne tairbhe as an togra freisin, trí fheabhas ar chumas Europol tacú le Ballstáit le coireacht a chomhrac agus saoránaigh an Aontais a chosaint.

    Cruthófar barainneachtaí scála i gcomhair riarachán leis an togra mar aistreofar leis impleachtaí na ngníomhaíochtaí spriocdhírithe ar acmhainní ón leibhéal náisiúnta go dtí leibhéal an Aontais. Bainfidh údaráis phoiblí sna Ballstáit tairbhe as an togra go díreach a bhuíoch le barainneachtaí scála lena mbainfear amach coigiltis i gcostais riaracháin.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Cuspóir sonrach Uimh.°1: europol agus a Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a neartú mar Mheáchanlár le haghaidh gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil ar leibhéal an Aontais chomh maith le hanailís straitéiseach:

    Líon/Cion na dtuarascálacha straitéiseacha comhpháirteacha ar smuigleáil imirceach le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais [sprioc 90 %]

    Líon/Cion na dtuarascálacha oibríochtúla comhpháirteacha ar smuigleáil imirceach, le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais [sprioc 70 %]

    Líon na dTuarascálacha Oibríochtúla arna sholáthar ag EMSC

    Líon na n‑oibríochtaí a bhfaightear tacaíocht ina leith ó EMSC

    Cuspóir sonrach Uimh.°2: feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na Ballstáit, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais

    An líon imscrúduithe ar smuigleáil imirceach ar thacaigh Europol le himscrúdú airgeadais comhthreomhar ina leith

    An líon fógraí Luathrabhaidh i ndáil le smuigleáil imirceach

    An líon imscrúduithe ar smuigleáil imirceach arna chomhordú ag Eurojust i gcás ina ndearna Eurojust cuardaigh ar fhaisnéis Europol nuair ab fhéidir sin go dlíthiúil [bunlíne 0, sprioc 100 %]

    Cion na n‑imscrúduithe ar smuigleáil imirceach arna chomhordú ag Europol i gcás ina ndearna Europol cuardaigh ar fhaisnéis a cuireadh ar fáil do Eurojust, nuair ab fhéidir sin go dlíthiúil [bunlíne 0, sprioc 100 %]

    An líon teachtaireachtaí SIENA arna malartú idir Europol agus Frontex maidir le smuigleáil imirceach

    An líon teachtaireachtaí SIENA arna malartú idir Europol agus Eurojust maidir le smuigleáil imirceach

    An líon foirne comhpháirteacha imscrúdaithe nua maidir le smuigleáil imirceach a fhaigheann tacaíocht ó Europol    

    Cuspóir sonrach Uimh.°3: Europol a threisiú mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais maidir le smuigleáil imirceach agus malartú faisnéise idir na Ballstáit, Europol, gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chomh maith le tríú tíortha a fhorbairt go hiomlán

    An líon seirbhísí speisialaithe náisiúnta a bhaineann le SIENA [sprioc 27]

    Cion na n‑oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtríú tíortha atá nasctha le SIENA [sprioc 100 %]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA a fuarthas ó oifigigh idirchaidrimh inimirce i dtríú tíortha c [sprioc 100 %]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA maidir le smuigleáil imirceach agus le heintitis phearsanta a bhfuil sonraí bithmhéadracha nasctha leo [gan aon sprioc ]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA idir na Ballstáit maidir le smuigleáil imirceach i gcás inar soláthraíodh cóip de [bunlíne 2019 ] do Europol: 48 %, sprioc : 90 %]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA idir na Ballstáit a fuair Europol maidir le smuigleáil imirceach a ndearna Europol cros‑seiceáil orthu [sprioc 100 %]

    Bhain cion na dteachtaireachtaí SIENA idir na Ballstáit a fuair Europol le smuigleáil imirceach a ndearna Europol cros‑seiceáil orthu agus ar bunaíodh nasc mar thoradh orthu. [gan sprioc]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA idir na Ballstáit a fuair Europol maidir le smuigleáil imirceach ina raibh faisnéis bhithmhéadrach a d'úsáid Europol chun cros‑seiceálacha a dhéanamh [sprioc 100 %]

    Cion na dteachtaireachtaí SIENA idir na Ballstáit a fuair Europol maidir le smuigleáil imirceach ina raibh faisnéis bhithmhéadrach a d'úsáid Europol chun cros‑seiceálacha a dhéanamh agus ar bunaíodh nasc mar thoradh orthu [gan aon sprioc]

    Líon na n‑eintiteas pearsanta nua maidir le smuigleáil imirceach arna lódáil ag na Ballstáit laistigh de chóras faisnéise Europol. Cion na n‑eintiteas pearsanta sin ina bhfuil faisnéis bhithmhéadrach lódáilte.

    An líon cásanna nua maidir le smuigleáil imirceach [bunlíne 2022 : 4889 ; gan sprioc]

    An líon daoine nua a raibh amhras fúthu maidir le smuigleáil imirceach [bunlíne 2019 : 10989 ; gan sprioc]

    An líon iarrataí a rinne Europol chun imscrúdú a thionscnamh maidir le smuigleáil imirceach [gan aon sprioc]

    Cuspóir sonrach Uimh.°4: Na huirlisí is gá chun smuigleáil imirceach agus coireanna eile a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac a sholáthar do na Ballstáit

    An líon Laethanta Gníomhaíochta (Comhpháirteacha) arna gcomhordú/arna dtacú ag EMSC

    An líon tascfhórsaí oibríochtúla a bunaíodh maidir le smuigleáil imirceach

    An líon tascfhórsaí oibríochtúla a bunaíodh maidir le gáinneáil ar dhaoine

    An líon spriocanna ardluacha gníomhacha arna shainaithint [bunlíne 2022 : 24; gan sprioc ]/ An líon spriocanna ardluacha a gabhadh nó ar cuireadh isteach orthu, maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine

    An líon Ballstát atá páirteach i dtascfhórsa atá tiomnaithe do smuigleáil imirceach nó do gháinneáil ar dhaoine

    Líon na nAoi-Oifigeach a Imscaradh (An líon míonna um imscaradh)

    An líon SNEnna gearrthéarmacha a roghnaíodh

    An líon iarrataí agus an t‑imscaradh tacaíochta oibríochtúla maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine

    Méid an ábhair a ndearna EU IRU measúnú air maidir le smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus coireanna gaolmhara eile

    An líon iarratas ar dheontas um thascfhórsaí oibríochtúla a fuarthas maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine

    An líon gníomhaíochtaí oibríochtúla arna bhforbairt agus ar tacaíodh leo laistigh de chreat na bpleananna gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha de EMPACT

    An líon iarratas ar dheontais EMPACT (HVG agus LVG) a cuireadh isteach, a próiseáladh agus a deonaíodh, agus mionsonraí maidir leis an méid a gealladh i réimse na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine

    I gcomhréir le hAirteagal 28 de FFR agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, tá faireachán á dhéanamh cheana ag Europol ar an dul chun cinn ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach le táscairí feidhmíochta. Tá 18 bPríomhtháscaire Feidhmíochta ag an ngníomhaireacht faoi láthair, arna gcomhlánú tuilleadh le 56 Tháscaire Feidhmíochta Chorparáideacha. Tuairiscítear na táscairí sin i dTuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear faireachán soiléir a dhéanamh ar an sprioc faoi dheireadh na bliana chomh maith le comparáid leis an mbliain roimhe. Déanfar na táscairí sin a oiriúnú de réir mar is gá tar éis ghlacadh an togra.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an tionscnaimh

    Beidh gá le bearta teicniúla agus nós imeachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh chur i bhfeidhm an tionscnaimh reachtaigh, go háirithe maidir le cuspóir sonrach Uimh. 3, ar cheart tús a chur leis nuair a thiocfaidh an reachtaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm:


    (i) faoin
    12 Nollaig 2024, comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar síos faoin Treoir maidir le malartú faisnéise i ndáil le hidir-inoibritheacht iomlán a nardán malartaithe faisnéise coiriúla atá bunaithe ar a bPointe Teagmhála Aonair náisiúnta agus maidir le hoibriú rianúil a gcóras bainistithe cásanna (CMS)

    (ii) Le linn na tréimhse 2025-2027, déanfaidh na Ballstáit a bpróisis oibríochtúla inmheánacha a nuashonrú de réir a chéile, agus dá réir sin mbainfidh siad leas as modhanna cumarsáide (naisc SIENA) agus uirlisí (lódálaithe sonraí agus uirlis QUEST) ar an leibhéal lárnach (Pointe Teagmhála Aonair, aonaid náisiúnta speisialaithe) agus ar an réimse (oifigigh inimirce i dtríú tíortha) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhalartaithe faisnéise maidir le smuigleáil imirceach, agus ar an gcumas faisnéis a sholáthar ar an mórchóir agus ar imscrúdú leanúnach do Europol, agus chun faisnéis Europol a sheiceáil maidir leis an ábhar sin. Dhíreodh nuashonruithe agus uasghráduithe den sórt sin go sonrach ar shonraí bithmhéadracha.

    Uasghrádóidh Europol a chumais theicniúla sa dá réimse bithmhéadrachta agus malartaithe faisnéise (féach gníomhaíochtaí sonracha faoi SO Uimh.°3 )

    (iii) faoi 2026 : uasghrádú ar chumais AFIS, FACE agus DNA

    (iv) faoin mbliain 2027 : sreafaí oibre bithmhéadracha, iontógáil sonraí bithmhéadracha a uathoibriú, lena n‑áirítear trí SIENA, DAP agus QUEST

    Ba cheart na hacmhainní ábhartha – go háirithe acmhainní daonna – a mhéadú ó scála de réir a chéile i gcomhréir leis an éileamh níos mó ar sheirbhísí Europol.

    Tar éis theacht i bhfeidhm di, cuirfear na gníomhaíochtaí chun feidhme de réir a chéile, i gcomhréir leis an méadú a mheastar a thiocfaidh ar éilimh ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí Europol, chomh maith leis an am atá riachtanach chun na hacmhainní nua a ghlacadh.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú ina n‑aonair.

    Tá struchtúir choireachta eagraithe atá ábalta oibríochtaí sofaisticiúla a dhéanamh lena gcumhdaítear raon iomlán seirbhísí um smuigleáil imirceach agus um gháinneáil ar dhaoine ina nardriosca do shlándáil na hEorpa. De réir Mheasúnú an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (EU SOCTA), tá thart ar 50 % de na líonraí a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach ina líonra polachoiriúla, a bhfuil baint acu freisin le gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar dhrugaí, calaois chánach, gáinneáil ar airm agus sciúradh airgid. Agus is de chineál trasnáisiúnta iad na gníomhaíochtaí coiriúla sin. Dá bhrí sin, ní féidir le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin iad a chomhrac go héifeachtach. Sin an fáth a roghnaíonn na Ballstáit oibriú le chéile faoi chuimsiú an Aontais, go háirithe tríd an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) 35 , chun dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann leis na cineálacha coireachta tromchúisí sin.

    Thairis sin, mar gheall ar bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, agus a spreagtar leis an gcaoi a mbaineann na coirpigh sin leas as na buntáistí a bhaineann leis an aistriú digiteach, domhandú agus soghluaisteacht, tá gá le tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí freisin. Soláthraítear le gníomhaíocht an Aontais bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun méadú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach a chomhrac, rud atá fós ina dhúshlán tromchúiseach nach mór dul i ngleic tuilleadh leis ar bhonn leanúnach, comhbheartaithe agus le chéile.

    Cruthófar barainneachtaí suntasacha scála ar leibhéal an Aontais de thoradh an togra, mar go n‑aistreofar cúraimí agus seirbhísí leis, ar féidir iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ón leibhéal náisiúnta go dtí Europol. Dá bhrí sin, soláthraítear leis an togra réitigh éifeachtacha ar dhúshláin nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta ar chor ar bith toisc go bhfuil siad ina ndúshláin thrasnáisiúnta.

     

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Tógann an togra seo ar ngá le haghaidh a thabhairt ar Smuigleáil imirceach mar ghníomhaíocht choiriúil dhinimiciúil, lúfar agus atá ag éirí níos casta i gcónaí a théann i gcion ar shlándáil inmheánach an Aontais.

    Tá an margadh le haghaidh seirbhísí smuigleála imirceach chuig an Aontas agus laistigh den Aontas ag méadú i gcónaí, rud atá spreagtha ag géarchéimeanna atá ag teacht chun cinn agus ag éirí níos measa, go háirithe cúluithe eacnamaíocha, éigeandálaí comhshaoil arb é an t‑athrú aeráide is cúis leo, chomh maith le coinbhleachtaí agus brú déimeagrafach in go leor tíortha tionscnaimh.

    Is coir ar fud an domhain é an smuigleáil imirceach lena gcuirtear saol na n‑imirceach i mbaol agus lena gcuirtear dúshlán roimh shláine na dteorainneacha idirnáisiúnta. Is cineál brabúsach gníomhaíochta coiriúla é seo do ghrúpaí coiriúla eagraithe agus tá sé ina dhúshlán mór daonnúil agus slándála don Aontas le blianta beaga anuas.

    Éilítear leis na bagairtí slándála sin atá ag teacht chun cinn tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí.

    Tógann an togra seo freisin ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar an dul chun cinn a baineadh amach ó rinneadh plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne smuigleáil imirceach (2021-2025) lena neartaítear tuilleadh an comhar oibríochtúil agus an malartú faisnéise i measc Bhallstáit an Aontais agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí an Aontais chun líonraí smuigleála imirceach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    Thairis sin, cuimsítear sa togra na moltaí a sholáthair Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta 2021 maidir le ‘tacaíocht Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac’.

    Léiríodh go soiléir le hathbhreithnithe a rinneadh roimhe seo ar shainordú Europol agus leis an éileamh ar sheirbhísí ó na Ballstáit atá ag méadú chomh maith leis an ról lárnach a bhí ag Europol in ailtireacht slándála inmheánaí an Aontais nach mór tacú le cúraimí Europol le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna.

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Tá an togra i gcomhréir leis an tírdhreach slándála atá ag athrú go tapa, toisc go n‑áiritheofar leis go mbeidh na cumais agus na huirlisí is gá ag Europol chun tacú go héifeachtach leis na Ballstáit chun smuigleáil imirceach, Gáinneáil ar Dhaoine agus cineálacha eile coireachta tromchúisí a chomhrac. Tá an togra ag teacht go hiomlán leis an méid a d'fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais 2023 ‘reachtaíocht nua agus struchtúr rialachais nua’ chun dul i ngleic le smuigléirí imirceacha. Tá sé i gcomhréir go hiomlán freisin le Clár Oibre an Choimisiúin do 2024 a fógraíodh i dtionscnamh reachtach faoi dheireadh 2023 ‘nuachóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena áirithiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus oibríochtúla is gá againn chun freagairt do modus operandi nua na smuigleálaithe’. Tá sé ag teacht go hiomlán ar deireadh leis an litir a seoladh chuig gach Ceann Stáit nó Rialtais roimh an gComhairle Eorpach (26-27 Deireadh Fómhair) inar fhógair an tUachtarán von der Leyen ‘go mbeidh tograí á ndéanamh ag an gCoimisiún ag deireadh na míosa seo chugainn [Samhain] chun ár gcreat reachtach a nuashonrú chun ár gcomhghníomhaíocht maidir le smuigleáil imirceach a neartú, agus fócas láidir á chur ar thionchar Europol a uasmhéadú’.

    Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán freisin le CAI toisc go dtacaíonn sé le roinnt gníomhaíochtaí in aghaidh na smuigleála atá beartaithe i gClár Oibre na Saoráide Téamaí faoin gCiste Slándála Inmheánaí le haghaidh 2023, 2024 agus 2025. In 2025 seolfaidh an Coimisiún glao arb é is aidhm dó feabhas a chur an gcosc agus ar an gcomhrac in aghaidh na smuigleála imirceach trí Chomhpháirtíochtaí Oibríochtúla Comhchoiteanna a bhunú. Treiseofar leis an ngníomhaíocht sin an comhar struchtúrtha idir forfheidhmiú an dlí, údaráis bhreithiúnacha agus seirbhísí ábhartha eile de chuid na mBallstát rannpháirteach agus na dtríú tíortha.

    Trí chuidiú a thabhairt leis an gcur isteach ar ghnólachtaí coiriúla, tacaítear leis an togra seo freisin le cuspóirí Straitéis an Aontais Slándála, chomh maith le Straitéisí an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 agus maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021-2025 a chuirfear chun feidhme i sineirgíocht iomlán.

    Tá freagairt láidir Eorpach a sholáthar ina cuid fhíor-riachtanach den chur chuige cuimsitheach i leith na himirce freisin maidir le smuigleáil imirceach laistigh agus lasmuigh den Aontas, a leagtar amach sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann.

    Cruthófar leis an togra freisin sineirgí le gníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Eurojust agus, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, rud a neartóidh an comhar foriomlán le Europol, i gcomhréir lena sainorduithe agus lena ninniúlachtaí féin.

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí chun athshannadh a dhéanamh

    Ó 2022 i leith, agus ó dháta an athbhreithnithe deiridh ar shainordú Europol, bhí treocht i dtreo fás easpónantúil i sreafaí sonraí na gníomhaireachta agus san éileamh ar a chuid seirbhísí, go háirithe maidir le smuigleáil imirceach, as a d’eascair athneartuithe foirne agus buiséid bhliantúil os cionn na leibhéal a réamhshocraíodh ar dtús. Ós rud é go dtabharfar isteach cúraimí nua tábhachtacha i Rialachán Europol leis an togra agus go ndéanfar cúraimí agus uirlisí eile a shoiléiriú, a chódú agus a shonrú, agus go leathnófar leis seo cumais Europol i gcomhthéacs na gconarthaí, dá bhrí sin, ní féidir é a chumhdach le leibhéal seasta acmhainní. Is gá na hacmhainní airgeadais agus daonna a threisiú le haghaidh an togra.

    Cuirfear tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise ar fáil i bpáirt tríd an gcorrlach agus trí fhritháireamh buiséadach i gcoinne chláir BMVI agus ISF.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

     tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2025 go 2027,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.An modh /na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 36   

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

       gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

    Bainistíocht indíreach trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar a n‑iontaoibh seo a leanas:

     eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

     an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

     comhlachtaí dlí phoiblí;

     comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

     comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

     comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    Nótaí

     

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Maidir leis an bhfaireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar an togra, leanfar na prionsabail a leagtar amach i Rialachán Europol 37 , sa Rialachán Airgeadais 38 agus déanfar a leithéid i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe 39 .

    Ní mór do Europol Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a sheoladh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go sonrach gach bliain, ina mbíonn cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla agus clársceidealú acmhainní. Leagfar amach sa Doiciméad na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a bhaintear amach na cuspóirí agus na torthaí. Ní mór do Europol Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta freisin. Go sonrach, áirítear faisnéis leis an tuarascáil sin ar a mhéid a bhaintear amach na cuspóirí agus na torthaí a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair. Ní mór an tuarascáil sin a sheoladh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

    Thairis sin, mar a léirítear in Airteagal 68 de Rialachán Europol, ní mór don Choimisiún meastóireacht ar Europol a choimisiúnú faoin 29 Meitheamh 2027 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Déanfar measúnú leis an meastóireacht sin, go háirithe, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus a chleachtais oibre. Ní mór na tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid an Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach, a dhéanann faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus a mhisean á chomhlíonadh aige, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. Cuirtear na tuarascálacha faoi bhráid na Comhairle, na bparlaimintí náisiúnta agus Bhord Bainistíochta Europol freisin. I gcás inarb iomchuí, cuirfear príomhthorthaí na dtuarascálacha meastóireachta ar fáil don phobal.

    Chun faireachán rialta a dhéanamh ar sholáthar na faisnéise is gá ó na Ballstáit, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na bparlaimintí náisiúnta go bliantúil freisin maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn gach Ballstát i ndáil leis an bhfaisnéis atá riachtanach do Europol chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an fhaisnéis a bhaineann le cineálacha coireachta a mheasann an tAontas gur tosaíocht é iad a chosc nó a chomhrac. Tarraingeoidh Europol suas na tuarascálacha ar bhonn na gcritéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna sainiú ag Bord Bainistíochta Europol.

    2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis an modh/leis na modhanna bainistíochta, le sásra/sásraí cur chun feidhme an mhaoiniúcháin, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Ós rud é go mbeidh tionchar ag an togra ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais chuig Europol, cuirfear buiséad an Aontais chun feidhme trí bhainistíocht indíreach.

    De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad Europol chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil80. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar Europol straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme arna comhordú i measc gníomhairí iomchuí a bhfuil baint acu leis an slabhra rialaithe.

    Maidir le rialuithe ex-post, tá Europol, mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir an méid seo a leanas go háirithe:

    - iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin

    - tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, ina dtugtar ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo

    - urscaoileadh bliantúil a dheonaíonn Parlaimint na hEorpa

    - imscrúduithe féideartha arna ndéanamh ag OLAF chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear úsáid cheart as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí.

    Mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta Europol, cuirfidh AS um Imirce agus Gnóthaí Baile a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme d’fhonn tuairisciú iontaofa faoi chuimsiú a Thuarascála Bliantúil ar Ghníomhaíochtaí a áirithiú. Cé go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe iomlán freagrach as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS um Imirce agus Gnóthaí Baile freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla a íoc go tráthrialta arna mbunú ag an Údarás Buiséadach.

    Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialúcháin agus cuntasachta ar fáil ag Europol.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Sainaithníodh na rioscaí seo a leanas:

    - acmhainní oibríochtúla faoi bhrú i ngeall ar riachtanais oibríochtúla ó na Ballstáit atá ag méadú agus gníomhaíochtaí coiriúla atá teacht chun cinn i gcónaí i réimse na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine

    - ilroinnt phríomhghnó Europol mar gheall ar líon níos mó cúraimí agus iarrataí

    - easpa leibhéal leordhóthanach acmhainní airgeadais agus daonna chun freastal ar riachtanais oibríochtúla

    - easpa acmhainní TFC, as a dtagann moilleanna ar fhorbairtí riachtanacha sa phríomhchóras agus

    nuashonruithe

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    Tuairiscíonn an Coimisiún an cóimheas idir ‘costais rialaithe/íocaíocht a dhéantar i ndáil le hEintitis a gCuirtear Bainistíocht Indíreach de Chúram Orthu agus Gníomhaireachtaí Díláraithe, lena n‑áirítear Europol’ agus is é 0.12 % é do 2022.

    Dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dlíthiúlacht agus rialtacht chuntais bhliantúla Europol le haghaidh 2022, lena dtugtar ráta earráide faoi bhun 2 % le fios. Ní thugann aon ní le fios go n‑éireoidh an ráta earráide sin níos measa sna blianta amach romhainn.

    Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 80 de Rialachán Airgeadais Europol maidir leis an bhféidearthacht go gcomhroinnfeadh an ghníomhaireacht cumas iniúchóireachta inmheánaí le comhlachtaí eile an Aontais a fheidhmíonn sa réimse beartais céanna mura bhfuil cumas iniúchóireachta inmheánaí chomhlacht aonair de chuid an Aontais cost‑éifeachtach.


    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Léirítear na bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, inter alia, in Airteagal 66 de Rialachán Europol agus faoi Theideal X de Rialachán Airgeadais Europol.

    Glacfaidh Europol páirt go háirithe i ngníomhaíochtaí coiscthe calaoise na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi chásanna toimhdithe de chalaois agus neamhrialtachtaí airgeadais eile – i gcomhréir lena straitéis frith‑chalaoise inmheánach.

    D'fhormheas an Ballstát Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe Europol don tréimhse 2022-2024, ag a chruinniú i mí an Mhárta 2022.

    Thairis sin, mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta, tá AS um Imirce agus Gnóthaí Baile tar éis a straitéis frith‑chalaoise féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhonn na modheolaíochta arna soláthar ag OLAF. Tagann gníomhaireachtaí díláraithe, agus Europol san áireamh, faoi raon feidhme na straitéise.

    Tá a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS um Imirce agus Gnóthaí Baile ó bhí 2013 ann, bunaithe ar an modheolaíocht arna soláthar ag OLAF.

    Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tháinig AS um Imirce agus Gnóthaí Baile 2022 ar an gconclúid go bhfuil na bearta frithchalaoise atá i bhfeidhm éifeachtach ar an iomlán.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteideal nó ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne bhuiséid

    Cineál  
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Líon  

    Difreáilte/Neamhdhifreáilte 40

    ó thíortha de chuid CSTE 41

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 42

    Ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    5

    12 10 01

    Difreáilte

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar an gcaiteachas 

    EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    5

    Slándáil agus Cosaint

    Europol

     

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh Europol

    Gealltanais

    -

    15,758

    19,678

    13,457

    48,892

    Íocaíochtaí

    -

    15,758

    19,678

    13,457

    48,892

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    7

    Caiteachas riaracháin

    AS GNÓTHAÍ BAILE

     

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

     Acmhainní Daonna

    -

    0,132

    0,435

    0,606

    1,173

     Caiteachas riaracháin eile

    0,002

    0,002

    0,002

    0,002

    0,008

    IOMLÁN AS GNÓTHAÍ BAILE

    Leithreasuithe

    0,002

    0,134

    0,437

    0,608

    1,181

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0,002

    0,134

    0,437

    0,608

    1,181

     

     

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    0,002

    15,892

    20,115

    14,065

    50,073

    Íocaíochtaí

    0,002

    15,892

    20,115

    14,065

    50,073

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú, i gcás inar gá, don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe Europol 

       Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

                                       Méideanna in EUR milliún (go dtí 3 ionad de dheachúlacha)

     

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Cineál

    Costas

    Costas

    Costas

    Costas

    Costas

    CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1: europol agus a Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a neartú mar Mheáchanlár le haghaidh gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil ar leibhéal an Aontais chomh maith le hanailís straitéiseach

    Aschur

    CEMC agus na heintitis ghaolmhara eile a bhaineann le smuigleáil imirceach a threisiú

    -

    1,186

    2,628

    2,673

    6,487

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    -

    1,186

    2,628

    2,673

    6,487

    CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2: feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na Ballstáit, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais

    Aschur

    Struchtúr rialachais a bhunú le haghaidh comhar, stiúradh agus comhordú idirghníomhaireachta éifeachtach

    -

    0,075

    0,242

    0,410

    0,727

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh.°2

    -

    0,075

    0,242

    0,410

    0,727

    CUSPÓIR SONRACH UIMH. 3: europol a threisiú mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus malartú faisnéise idir na Ballstáit, Europol, gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chomh maith le tríú tíortha a fhorbairt go hiomlán

    - Aschur

    Bithmhéadracht - córais a fhorbairt & SIENA a uasghrádú (crua-earraí, bogearraí, comhairleacht)

    -

    8,765

    9,526

    3,372

    21,662

    - Aschur

    Comhtháthaithe SIENA (Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise)

    -

    1,137

    1,345

    0,876

    3,358

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh.°3

    -

    9,902

    10,871

    4,248

    25,021

    CUSPÓIR SONRACH UIMH. 4: na huirlisí is gá chun smuigleáil imirceach agus coireanna eile a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac a sholáthar do Europol

    - Aschur

    Deontas EMPACT - smuigleáil imirceach agus coireanna gaolmhara

    -

    2,000

    2,000

    2,000

    6,000

    - Aschur

    Deontas na dTascfhórsaí Oibríochtúla

    -

    2,000

    3,000

    3,000

    8,000

    - Aschur

    tacú le Tascfhórsaí Oibríochtúla maidir le smuigleáil imirceach

    -

    0,595

    0,938

    1,125

    2,658

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh.°4

    -

    4,595

    5,938

    6,125

    16,658

    IOMLÁN chuspóirí 1 go 4

    -

    15,758

    19,678

    13,457

    48,892

    I gá inarb infheidhme, léirítear leis na figiúir suim ranníocaíocht an Aontais leis an ngníomhaireacht agus ioncam eile na gníomhaireachta (táillí agus muirir).

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna Europol 

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    Méideanna in EUR milliún (go dtí 3 ionad de dheachúlacha) I gcás inarb infheidhme, léirítear leis na figiúir suim ranníocaíocht an Aontais leis an ngníomhaireacht agus ioncam eile na gníomhaireachta (táillí agus muirir).

     

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Foirne sealadacha (Gráid AD)

    0,298

    1,014

    1,759

    3,072

    Foirne sealadacha (gráid AST)

    0

    0

    0

    0

    Foireann ar conradh

    0,265

    1,026

    1,872

    3,162

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    0,595

    0,938

    1,125

    2,658

    IOMLÁN 43

    1,158

    2,978

    4,757

    8,892

    Riachtanais foirne (FTE): 44

     

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Foirne sealadacha (Gráid AD)

    3

    7

    10

    10

    Foirne sealadacha (gráid AST)

    0

    0

    0

    0

    Foireann ar conradh

    5

    14

    20

    20

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    11

    17

    20

    20

    IOMLÁN

    19

    38

    50

    50

    Sonraí an mhéadaithe foirne:

    Cuspóir sonrach

    Baill foirne bhreise

    Leithdháileadh in Europol

    Cuspóir sonrach Uimh.°1

    Foireann bhreise a theastaíonn chun tacú le Lárionad Smuigleála na hEorpa agus chun líon na dTascfhórsaí Oibríochtúla (OTFanna) a fhaigheann tacaíocht ó Europol agus imscrúduithe eile ar smuigleáil imirceach eagraithe agus coireanna gaolmhara a mhéadú, chun an ghné ar líne maidir le himscrúduithe a chumhdach agus chun bheith ábalta tacaíocht theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar trí shraitheanna sonraí móra agus casta a bhailítear ó na Ballstáit agus ó Thríú Tíortha a bhaint agus a phróiseáil.

    Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):

    Saineolaithe imscrúdaitheacha agus anailísithe sonraí:

    2025: +3; 2026: +4; 2027: +4

    Speisialtóirí faireacháin OSINT/Na Meán: 2025: +1; 2026: +2; 2027: +2

    Speisialtóirí fóiréinseacha, díchriptithe agus sonraí:

    2025: +1; 2026: +2; 2027: +1

    An Stiúrthóireacht Oibríochtaí

    Cuspóir sonrach Uimh.°2

    Foireann bhreise chun seirbhísí um rianú sócmhainní, um shaineolas airgeadais agus um anailís ghaolmhar a sholáthar chun tacú le himscrúduithe na mBallstát maidir le smuigleáil eagraithe imirceach, gáinneáil eagraithe ar dhaoine agus coireanna gaolmhara. Chomh maith le tacú le himscrúduithe na mBallstát, le beartú tosaíochta straitéiseach agus oibríochtúil, le cosc ar choireacht agus le faireachán ar threochtaí coireachta a bhaineann le smuigleáil eagraithe imirceach agus le coireanna gaolmhara trí sheirbhísí anailíse straitéisí a sholáthar

    Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):

    Speisialtóirí agus Anailísithe um Rianú Sócmhainní agus um Imscrúdú Airgeadais:

    2025: +1; 2026: +1; 2027: +1

    Speisialtóirí anailíse straitéisí agus sonraí:

    2025: +1; 2026: +2; 2027: +1

    An Stiúrthóireacht Oibríochtaí

    Cuspóir sonrach Uimh.°3

    Foireann bhreise chun tacaíocht theicniúil éifeachtach a sholáthar do na Ballstáit chun úsáid a bhaint as SIENA mar an modh réamhshocraithe cumarsáide

    Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):

    2025: 0; 2026: +1; 2027: 0

    foireann bhreise chun oibriú ar cheanglais, ailtireacht, slándáil, cosaint sonraí, forbairt, bainistiú tionscadal agus coinneáil ar bun (feidhmiúil agus bonneagar araon) na gcumas bithmhéadrach nua.

    Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):

    2025: +1; 2026: +1; 2027: 0

    An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí

    Cuspóir sonrach Uimh.°4

    Foireann bhreise (SNEanna ar chostas gearrthéarmach) chun tacú le himscrúduithe na mBallstát faoi chuimsiú na dTascfhórsaí Oibríochtúla a bhaineann le smuigleáil imirceach eagraithe go háirithe, agus le coireanna gaolmhara ó Cheanncheathrú Europol agus i dtíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, lena n‑áirítear na Ballstáit agus Tríú Tíortha araon.

    Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):

    2025: +11; 2026: +6; 2027: +3

    An Stiúrthóireacht Oibríochtaí

    3.2.3.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-ArdStiúrthóireacht

       Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú aonad de dheachúlacha ar a mhéad)

     

    2024

    2025

    2026

    2027

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    20 01 02 01 agus 20 01 02 02 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    1

    3

    3

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

     

     

     

     

    Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: CL)  45

    20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    1

    1

    1

    20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

     

     

     

     

    IOMLÁN

    2

    4

    4

    Soláthróidh baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht na hacmhainní daonna is gá, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú, i gcás inar gá, don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus foireann shealadach

    -Na bearta nua a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh smuigleáil imirceach a chosc, lena náirítear an tidirphlé feabhsaithe le heintitis dhlítheanacha a meastar go núsáidfear iad chun imircigh a smuigleáil, dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Treoir maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac.

    -Seirbhís an chreata rialachais nua arna bhunú sa Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a áirithiú, dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac.

    -feabhas a chur ar fhaireachán, ar bhailiú, ar anailísiú agus ar chomhroinnt faisnéise agus sonraí maidir leis an bhfreagairt um cosc, leis an bhfreagairt bhreithiúnach agus le freagairt fhorfheidhmiú an dlí maidir le smuigleáil imirceach, chun ionchur a sholáthar maidir le ceapadh beartas fianaisebhunaithe, dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Treoir maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac agus sa Rialachán maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac.

    Foireann sheachtrach

    Chun tacú le creat oibríochtúil feabhsaithe Europol a thacaíonn leis na Ballstáit maidir le smuigleáil imirceach, eagrú agus reáchtáil Tascfhórsaí Oibríochtúla ábhartha, imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, gníomhaíochtaí faoi EMPACT, dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac.

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Cuirfear tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise ar fáil i bpáirt tríd an gcorrlach (EUR 20 milliún) agus trí fhritháireamh buiséadach i gcoinne chláir BMVI agus ISF.

       Éilítear leis an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 46 .

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh é sin le do thoil

    (1)    Anailís riosca Frontex 2023/2024.
    (2)    Anailís riosca Frontex le haghaidh 2023/2024.
    (3)    Staidéar domhanda maidir le smuigleáil imirceach (Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht, 2018).
    (4)    IOM, Tionscadal na nimirceach ar iarraidh, https://missingmigrants.iom.int/region/mediterranean.
    (5)    Meastacháin ó Europol.
    (6)    ‘Europol Spotlight (2023) Criminal Networks in Migrant Smuggling’.
    (7)    Anailís riosca Frontex le haghaidh 2023/2024
    (8)    ‘Europol Spotlight (2023) , Criminal Networks in Migrant Smuggling’
    (9)

       Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear an cinneadh sin, PE/37/2018/rev/1 IO L 295, 21.11.2018, lgh. 138-183.

    (10)    Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne IO L 162, 20.6.2002, lch. 1-3.
    (11)    Airteagal 72 CFAE.
    (12)    Airteagal 4(2) CFAE.
    (13)

       Europol (2023), Líonraí coiriúla i smuigleáil imirceach, sraith Thuarascáil Spotsolas Europol, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.

    (14)    Airteagal 67(1) CFAE.
    (15)    Tacaíocht Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac: comhpháirtí luachmhar, ach úsáid neamhleor as foinsí sonraí agus as bainistiú torthaí. Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 2021.
    (16)    Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chairt’ anseo feasta).
    (17)    Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chairt’ anseo feasta).
    (18)    Bunaithe ar Phlean Bunaithe Europol 2023 agus ar an leithdháileadh acmhainní in aghaidh na gníomhaíochta i ndoiciméad clársceidealaithe Europol 2023-2025
    (19)    COM(2022)684 final ( 2.12.2022).
    (20)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj .
    (21)        Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj ).
    (22)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
    (23)    IO C …
    (24)    [cuir an teideal agus an tagairt foilseacháin leis]
    (25)    Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2011/36/oj ).
    (26)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n‑ionadaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj ).
    (27)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (28)    Airteagal 88 TFUE
    (29)    Airteagal 87 TFUE
    (30)    In 2022, thacaigh Europol le 195 imscrúdú tosaíochta san iomlán ar smuigleáil imirceach, lena náirítear 9 dTascfhórsa Oibríochtúla. Chuir 34 bhall foirne EMSC seirbhísí gaolmhara ar fáil den chuid ba mhó, agus d'oibrigh go príomha ag Ceanncheathrú na gníomhaireachta. Tá gá le hacmhainní breise chun gur féidir líon na nimscrúduithe maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a bhfaightear tacaíocht ina leith a mhéadú, lena náirítear na Tascfhórsaí Oibríochtúla réigiúnacha. Ar an iomlán, tá Tascfhórsaí Oibríochtúla ina nionstraim sholúbtha agus athraíonn a ré agus a méid go mór. Is rannpháirtíocht fhadtéarmach atá dian ar acmhainní iad Tascfhórsaí Oibríochtúla (bíonn idir 4 agus 150 ball foirne iontu, faoi réir coinníollacha agus bagairtí cássonracha (e.g. gníomhú ar chásanna maidir le bagairt ar an mbeatha).
    (31)    -    Faoi láthair, déantar níos lú ná 2 % d'fháltais ó choireacht a choigistiú san Aontas agus tá smuigleáil imirceach anois ar cheann de na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha is brabúsaí do ghrúpaí na coireachta eagraithe. Ba cheart imscrúduithe airgeadais comhthreomhara a bheith ina riail agus ní ina neisceacht maidir le coireacht eagraithe a imscrúdú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ar a chumas ag Europol tacú le húdaráis na mBallstát le seirbhísí um rianú sócmhainní agus um imscrúdú airgeadais agus na bearta imscrúdaitheacha á gcur chun feidhme.
    (32)    Braitheann cúraimí na saineolaithe náisiúnta ar na riachtanais oibríochtúla agus sainítear iad sna Pleananna Oibríochtúla. D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo, áfach: saineolas i dteangacha ábhartha, anailís straitéiseach agus oibríochtúil, faireachán OSINT, rianú sócmhainní/imscrúduithe airgeadais, cibearchoireacht, fóiréinsic TF, oibríochtaí faireachais agus oibríochtaí faoi cheilt, calaoisí doiciméad agus i réimsí sonraithe eile a mheastar a bheith ábhartha do na foirne imscrúdaitheacha náisiúnta agus chun tacú le húdaráis na mBallstát agus na bearta imscrúdaitheacha á gcur chun feidhme ar an láthair nó ag Ceanncheathrú Europol.
    (33)    Le haonaid speisialaithe in aghaidh na smuigleála imirceach i ngach Ballstát agus naisc dhíreacha le SIENA, meastar go bhféadfadh sé go dtiocfadh méadú faoi dhó ar ranníocaíochtaí chomh maith le líon na noibríochtaí agus na dTascfhórsaí Oibríochtúla.
    (34)    Chun solúbthacht an chúnaimh do na Ballstáit laistigh de EMPACT a fheabhsú, thug Europol scéim um maoiniú isteach bunaithe ar dhá chineál deontais. (I) Bronntar deontais ardluacha (HVGanna) i ndiaidh glao traidisiúnta ar thograí lena mbaineann spriocdháta socraithe chun iarratais a chur isteach maidir le gníomhaíochtaí spriocdhírithe a mhaoiniú mar a leagtar síos sna Pleananna Gníomhaíochta Oibríochtúla (OAPanna) agus (II) deontais ar luach íseal (LVGanna) lena mbaineann nós imeachta oscailte chun maoiniú gearrthéarmach a sholáthar le haghaidh ghníomhaíochtaí OAPanna de chineál oibríochtúil ar leith. Le blianta beaga anuas, bhí antóir ar dheontais EMPACT, agus chuaigh na Ballstáit ina muinín níos mó agus níos mó, ag moladh a núsáideachta chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus chun torthaí a fháil. Anuraidh, bhí an timchlúdach LVGanna ídithe i mí na Samhna 2022 agus i mbliana, bhí sé ídithe cheana féin i mí Mheán Fómhair 2023, rud a chruthaigh neamhní sa dá chás agus a rinne dochar do chumas Europol tacú leis na Ballstáit agus do chumas na mBallstát sin a gcuid imscrúduithe a dhéanamh.
    (35)     https://www.europol.europa.eu/crime-areas‑and‑statistics/empact  
    (36)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
    (37)    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794
    (38)     https://www.europol.europa.eu/sites/default/files/documents/decision_of_the_europol_management_board_on_the_adoption_of_the_financial_regulation_applicable_to_europol_.pdf
    (39)     https://europa.eu/european‑union/sites/europaeu/files/docs/body/joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf
    (40)    LD Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (41)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (42)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, iarrthóirí ionchasacha ó na Balcáin Thiar.
    (43)    Leibhéil foirne arna ríomh ar bhonn mheánchostais an aonaid foirne a úsáidfear le haghaidh LFS, arna ninnéacsú leis an gcomhéifeacht ceartúcháin don Ísiltír (111.8 %).
    (44)    Déanfar an méadú ar fhoireann Europol a luaitear sa togra a chúiteamh le laghdú ar an atreisiú a dhéanfar amach anseo ar fhoireann FRONTEX. Comhaontóidh an dá ghníomhaireacht na módúlachtaí nithiúla don aistriú, laistigh de urramú na gcritéar agus na hamlíne atá leagtha síos ag na comhreachtóirí.
    (45)    AC=Foireann ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (46)    Féach Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2093/2020 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
    Top