Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0541

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le glacadh Cinnidh lena mbunaítear tairseach i ndáil le dramhaíl mhearcair, i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 2, den Choinbhinsiún sin

COM/2023/541 final

An Bhruiséil,22.9.2023

COM(2023) 541 final

2023/0328(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le glacadh Cinnidh lena mbunaítear tairseach i ndáil le dramhaíl mhearcair, i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 2, den Choinbhinsiún sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.ÁBHAR AN TOGRA

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (COP5) maidir le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh lena leagtar síos tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair (dá ngairtear ‘dramhaíl atá éillithe le mearcair’ anseo feasta), dá dtagraítear in Airteagail 11, mír 2(c), den Choinbhinsiún sin.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1.Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair

Is é Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘an Comhaontú’) 1 an príomhchreat dlíthiúil idirnáisiúnta arb aidhm dó sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar astaíochtaí antrapaigineacha agus ar scaoileadh mearcair nó comhdhúl mearcair isteach san aer, san uisce nó sa talamh. Tugtar aghaidh ann ar shaolré iomlán an mhearcair, ó mhianadóireacht phríomha an mhearcair go dtí diúscairt na dramhaíola mearcair.

Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017.

Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Chomhaontú mar aon lena chuid Ballstát uile.

Le hAirteagal 11, mír 2, den Chomhaontú, sonraítear, chun críoch an Chomhaontaithe seo, go gciallaíonn ‘dramhaíl mhearcair’ substaintí nó réada (a) déanta de mhearcair nó (b) ina bhfuil mearcair nó (c) atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair, i gcainníocht is mó ná na tairseacha a shaineodh Comhdháil na bPáirtithe, agus a ndéantar iad a dhiúscairt nó a bhfuil sé beartaithe iad a dhiúscairt nó nach mór iad a dhiúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gComhaontú. Sonraíonn an fhoráil sin nach bhfolaíonn an sainmhíniú sin ar ‘dhramhaíl mhearcair’ dramhaíl mianadóireachta (scraith uachtair, dramhcharraig agus fuíll), seachas dramhaíl mianadóireachta ó mhianadóireacht phríomha mearcair, ina bhfuil mearcair nó comhdhúile mearcair i gcainníocht is lú ná na tairseacha a shaineodh Comhdháil na bPáirtithe.

Le hAirteagal 11, mír 3, den Chomhaontú, sonraítear nach mór, i gcás dramhaíl ar dramhaíl mhearcair í de réir Airteagal 11, mír 2, an dramhaíl sin a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (‘BNDT’). Ag an tríú cruinniú (an 25-29 Samhain 2019) de Chomhdháil na bPáirtithe 2 , ghlac an Chomhdháil Cinneadh MC-3/5 3 , lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas:

Ar thaobh amháin, gach cineál dramhaíola ina bhfuil mearcair nó comhdhúile mearcair, nó atá comhdhéanta de mhearcair, is ‘dramhaíl mhearcair’ é de réir bhrí Airteagal 11(2) den Chomhaontú, gan beann ar an gcion mearcair nó comhdhúl mearcair atá ann. Maidir le scraith uachtair agus dramhcharraig ó mhianadóireacht nach mianadóireacht phríomha mearcair í, ní gá tairseacha a leagan síos in aon chor, rud a thugann le fios nach dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 11 den Chomhaontú.

 

Ar an taobh eile, maidir le dramhaíl atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair (‘dramhaíl atá éillithe le mearcair’), lena nairítear fuíll ó mhianadóireacht nach mianadóireacht phríomha mearcair í (‘fuíll mianaigh’), mar nach raibh na Páirtithe in ann teacht ar aon chomhaontú maidir leis, tá an grúpa saineolaithe teicniúla, a bhunaigh Comhdháil na bPáirtithe ag an dara cruinniú a bhí aici (19-23 Samhain 2018) 4 , le leanúint de phlé maidir leis na tairseacha is infheidhme le linn na tréimhse idirsheisiúnaí roimh an gcúigiú cruinniú a bheidh aici.

2.2.Comhdháil na bPáirtithe

Déanann Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú (‘COP’) na feidhmeanna a shanntar dó leis an gComhaontú agus, chuige sin, déanfaidh sé inter alia aon bheart a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheas agus a ghabháil air féin chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, lena n‑áirítear treoirlínte ábhartha a ghlacadh.

De réir Airteagal 28 den Chomhaontú agus de réir Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta 5 a ghlac Comhairle na bPáirtithe sa Chomhaontú ag an gcéad chruinniú a bhí aici (an 24-29 Meán Fómhair 2017) 6 , is aon vóta amháin atá ag gach Páirtí. Mar sin féin, an tAontas, mar eagraíocht réigiúnach um lánpháirtiú eacnamaíoch, déanann sé a cheart vótála a fheidhmiú maidir le hábhair a thagann faoina inniúlacht, agus líon vótaí aige atá cothrom le líon a chuid Ballstát atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú. Ní dhéanfaidh an tAontas a cheart vótála a fheidhmiú má fheidhmíonn aon cheann dá chuid Ballstát a cheart vótála, agus vice versa.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe

 

An grúpa saineolaithe teicniúla a bunaíodh de bhun Chinneadh MC-2/2 7 , a fuair sainorduithe fadaithe le cinntí MC-3/5 agus MC-4/6 8 , phléigh siad tairseacha maidir le dramhaíl mhearcair a thagann faoi fhochatagóir 2(c) d’Airteagal 11. Tar éis don ghrúpa na tuairimí uile a chuir na comhaltaí in iúl a mheas, chomhaontaigh siad a mholadh do Chomhdháil na bPáirtithe tairseach a bhunú i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair, agus trí luach tairsí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur i láthair do Chomhdháil na bPáirtithe chun cinneadh a dhéanamh ina leith. Tháinig an grúpa ar chomhaontú maidir le moltaí eile i ndáil leis na tairseacha.

Mar thoradh ar an obair shaineolach idirsheisiúnach thuasluaite d’fhorbair Rúnaíocht an Choinbhinsiúin tuarascáil thiomnaithe 9 , tuarascáil ina bhfuil moltaí do Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair a dhéanfar a bhreithniú agus arbh fhéidir go nglacfaí é ag COP5.

Áirítear ar na moltaí do Chomhdháil na bPáirtithe tairseach [25] [15] [10] mg/kg de thiúchan iomlán mearcair a bhunú le haghaidh dramhaíl atá éillithe le mearcair nó comhdhúile mearcair.

3.AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS

Is é an seasamh atá beartaithe agus atá le glacadh thar ceann an Aontais, ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, ná tacaíocht a thabhairt do ghlacadh gnímh bheartaithe, ar gníomh é atá comhsheasmhach le acquis an Aontais.

Go deimhin, cé go ndéanfaidh an gníomh atá beartaithe comhlánú ar Chinneadh MC-3/5 trí aghaidh a thabhairt ar chatagóir eile de dhramhaíl mhearcair, i.e. dramhaíl atá éillithe le mearcair, tá an seasamh seo atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán leis an seasamh arna ghlacadh ag an Aontas i bhfianaise COP3, a d’imir tionchar lárnach i bhforbairt an Chinnidh seo agus a chumhdaigh cheana féin saincheist na tairsí i ndáil le dramhaíl den sórt sin. Rialaítear dramhaíl mhearcair ar leibhéal an Aontais, go háirithe leis an Rialachán maidir le Mearcair 10 , leis an Treoir Réime Dramhaíola 11 , leis an Treoir maidir le Dramhaíl Eastóscach 12 agus leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir leis an Liosta Dramhaíola Eorpach 13 .

Braitheann dlí an Aontais maidir le dramhaíl ar an bpríomhoibleagáid arna leagan amach in Airteagail 13 agus 17 de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl, príomhoibleagáid a fhágann go ndéanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an oibleagáid sin, na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an bainistiú dramhaíola a chur i gcrích gan sláinte an duine a chur i mbaol agus gan dochar a dhéanamh don chomhshaol. Is leis na forálacha sin a chuirtear chun feidhme an oibleagáid maidir le BNDT a leagtar amach in Airteagal 11, mír 3, den Chomhaontú.

Go deimhin, cé go raibh ról tábhachtach ag an Aontas maidir le forbairt an Chomhaontaithe seo, lena n‑áirítear na forálacha atá ann maidir le dramhaíl mhearcair, agus cé gur chuir saineolaithe an Aontais go mór leis an bplé saineolach idirsheisiúnach thuasluaite, maidir le dramhaíl tá níos mó i gceist le acquis an Aontais ná Airteagal 11 den Chomhaontú amháin, mar go rialáiltear gach cineál dramhaíola mearcair dá dtagraítear san fhoráil seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus go ndéantar faoi réir bainistiú BNDT iad, gan beann ar an gcion mearcair nó comhdhúl mearcair atá iontu.

Tá gá le seasamh ón Aontas óir, a luaithe a ghlacfar an gníomh atá beartaithe, beidh ar na Páirtithe sa Chomhaontú é a chur chun feidhme. Maidir leis na trí luach atá beartaithe, ba cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir le luach aonair a bheidh le glacadh ag COP5. Is féidir leis an Aontas solúbthacht a léiriú maidir leis an luach deiridh.

4.BUNÚS DLÍ

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 14 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhdháil na bPáirtithe a bunaíodh le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair.

An gníomh a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige, mar go mbeidh ar na Páirtithe sa Chomhaontú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad agus go gcomhlíonfar iad.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.4.2. Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

2023/0328 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le glacadh Cinnidh lena mbunaítear tairseach i ndáil le dramhaíl mhearcair, i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 2, den Choinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair 15 (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle 16 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017.

(2)De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlac Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú (‘Comhdháil na bPáirtithe’) ag an gcéad chruinniú a bhí aici, déanfaidh na Páirtithe gach iarracht teacht ar chomhaontú maidir le gach ábhar substainteach de chomhthoil.

(3)Le linn an tríú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú an 25-29 Samhain 2019, ghlac an Chomhdháil Cinneadh MC-3/5 lena leagtar síos tairseacha i ndáil le dramhaíl atá comhdhéanta de mhearcair nó de chomhdhúile mearcair nó ina bhfuil mearcair nó comhdhúile mearcair, dá dtagraítear in Airteagal 11, mír 2, den Chomhaontú, agus lena gceanglaítear ar an ngrúpa saineolaithe teicniúla, a bhunaigh Comhdháil na bPáirtithe le linn an dara cruinniú a bhí aici an 19-23 Samhain 2018, tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair (‘dramhaíl atá éillithe le mearcair’), lena náirítear tairseacha i ndáil le fuíll ó mhianadóireacht nach mianadóireacht phríomha mearcair í.

(4)Le linn an dara mír de chuid an cheathrú chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe an 21-25 Márta 2022, ní raibh sé in ann Cinneadh a ghlacadh maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair, dá dtagraítear in Airteagal 11, mír 2(c), den Chomhaontú. Ina ionad sin, le Cinneadh MC-4/6, iarradh ar an ngrúpa saineolaithe teicniúla leanúint dá chuid oibre go príomha trí mhodhanna leictreonacha agus cruinniú amháin duine ar dhuine a thionól ar feadh tréimhse leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhramhaíl mhearcair a thagann faoi mhír 2(c) d’Airteagal 11, faoi réir infhaighteacht acmhainní, agus tuairisc a thabhairt ar a chuid oibre do Chomhdháil na bPáirtithe ag a chúigiú cruinniú.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a leagan síos, toisc go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gCinneadh atá beartaithe, má fhormheastar é, ós rud é go mbeidh ar na Páirtithe sa Chomhaontú bearta a dhéanamh chun é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal réigiúnach.

(6)Rannchuidigh an tAontas go mór le forbairt na bhforálacha maidir le dramhaíl atá sa Chomhaontú agus leis an obair shaineolach idirsheisiúnach a seoladh le Cinneadh MC-3/5 agus as ar tháinig na moltaí; de bhrí go gcuireann acquis an Aontais cheana féin de cheangal, maidir le gach cineál dramhaíola mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11, mír 2, den Chomhaontú, ar a náirítear dramhaíl atá éillithe le mearcair, go ndéanfar an cineál sin dramhaíola a bhainistiú gan sláinte an duine a chur i mbaol agus gan dochar a dhéanamh don chomhshaol, gan beann ar an gcion mearcair atá sa dramhaíl sin.

(7)Níor cheart don Aontas tacú le glacadh Cinnidh ó Chomhdháil na bPáirtithe ach amháin má tá an Cinneadh sin i gcomhréir le acquis an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú, is éard a bheidh ann tacú le glacadh Cinnidh maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair ar Cinneadh é atá comhsheasmhach le acquis an Aontais.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle    

An tUachtarán

(1)    Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (Téacs agus Iarscríbhinní), https://mercuryconvention.org/en/documents/minamata-convention-mercury-text-and-annexes
(2)     An tríú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (COP-3), an Ghinéiv, an Eilvéis, 25 - 29 Samhain 2019 https://mercuryconvention.org/en/meetings/cop3
(3)    Cinneadh arna ghlacadh ag an tríú Comhdháil de chuid Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair – MC-3/5 - Tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair, an 7 Eanáir 2020,     https://mercuryconvention.org/sites/default/files/documents/decision/UNEP-MC-COP3-Dec5-MercuryWasteThresholds.EN.pdf
(4)    An dara cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (COP-2), an Ghinéiv, an Eilvéis, an 19 - 23 Samhain 2018https://mercuryconvention.org/en/meetings/cop2
(5)    Cinneadh arna ghlacadh ag an gcéad Chomhdháil de chuid Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair – MC-1/1: Rialacha Nós Imeachta, an 22 Samhain 2017, https://mercuryconvention.org/sites/default/files/documents/decision/UNEP-MC-COP1-Dec1-RulesProcedure.EN.pdf
(6)    An chéad chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (COP-2), an Ghinéiv, an Eilvéis, an 24 - 29 Meán Fómhair 2017, https://mercuryconvention.org/en/meetings/cop1  
(7)    Cinneadh arna ghlacadh ag an dara Comhdháil de chuid Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair – MC-2/2: Tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair, an 6 Nollaig 2018,https://mercuryconvention.org/sites/default/files/documents/decision/UNEP-MC-COP2-Dec2-MercuryWasteThresholds.EN.pdf
(8)    Cinneadh arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair – MC-4/6: Tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair, an 8 Aibreán 2022, https://mercuryconvention.org/en/documents/mercury-waste-thresholds-1
(9)    UNEP/MC/WT.2/L.1 Dréachttuarascáil maidir le cruinniú an ghrúpa onnmhairiúcháin theicniúil maidir le tairseach i ndáil le dramhaíl mhearcair, ar fáil ag: https://mercuryconvention.org/sites/default/files/inline-files/2_L1_meeting_report_final.pdf  
(10)    Cinneadh 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach
(11)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl
(12)    Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE
(13)    Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 lena nionadaítear Cinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach
(14)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64.
(15)    Cóip dheimhnithe de Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, ar fáil ag: https://treaties.un.org/doc/Treaties/2013/10/20131010%2011-16%20AM/CTC-XXVII-17.pdf  
(16)    Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).
Top