AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.9.2023
COM(2023) 522 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le hoiriúnú na sonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2
IARSCRÍBHINN
Cinneadh Uimh. [cuir isteach uimhir an Chinnidh seo — le deimhniú 1/2023] ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar
arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
an ...
i ndáil le hoiriúnú na sonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile(‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 468(5) agus Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1).
(2) De bhun phointe (a) d’Airteagal 3(1) agus phointe (f) d’Airteagal 3(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le feithiclí lena ndéantar turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chláraítear den chéad uair níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (h), de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú, is é sin an 21 Lúnasa 2023, ní mór iad a fheistiú le tacagraf cliste 2.
(3)Sainmhínítear tacagraf cliste 2 i bhfomhír (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Foráiltear leis an gceathrú fleasc den fhomhír sin nach mór do thacagraif den sórt sin na sonraíochtaí a chomhlíonadh, ar sonraíochtaí iad a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna n-oiriúnú le Cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar.
(4)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, leagadh síos in Iarscríbhinn IC na sonraíochtaí maidir le tacagraf cliste 1 agus cuireadh in oiriúint é i bhFoscríbhinn 31-B-4-3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(h) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, glacadh é freisin de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. Trí Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, leagadh síos na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2. Tháinig sé i bhfeidhm an 19 Lúnasa 2021. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún, tugadh isteach bearta idirthréimhseacha breise. Ba cheart Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, arna leasú, a oiriúnú trí Chinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, de bhun fhomhír (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, an ceathrú fleasc.
(5) An trealamh lena n-áirithítear taifeadadh uathoibríoch ar an trasnú teorann, taifeadadh ar ghníomhaíochtaí luchtaithe agus taifeadadh ar dhíluchtaithe agus taifeadadh ar cé acu chun earraí nó paisinéirí a iompar a úsáidtear an fheithicil, tá sé ar fáil cheana féin san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe. Chomh maith leis sin, i gcás feithiclí nuachláraithe a dhéanann turais idirnáisiúnta agus atá lonnaithe i gcríoch an dá Pháirtí, tá feidhm ag oibleagáidí maidir lena bhfeistiú leis na tacagraif sin ón 21 Lúnasa 2023 ar aghaidh, i gcomhréir le dlí náisiúnta gach Páirtí. Mar sin féin, ní bheidh gnóthais in ann an ceanglas a leagtar síos faoi phointe (f) d’Airteagal 3(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2 a oiriúnú leis an gCinneadh seo. Chun am leordhóthanach agus soiléireacht dhlíthiúil maidir le cur i bhfeidhm an cheanglais sin a áirithiú, agus i bhfianaise go nglactar an Cinneadh seo níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2, is iomchuí dáta cur i bhfeidhm a leagan síos. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 21 Feabhra 2024 ar aghaidh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Oiriúnuithe ar shonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2
De bhun phointe (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, an ceathrú fleasc, oiriúnaítear Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún mar a leanas.
Tá feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas tríd síos Iarscríbhinn IC lena n-áirítear Foscríbhinní 1 go 17 a ghabhann léi:
(a)I gcás na Ríochta Aontaithe, cuirtear isteach ‘Páirtí’ in ionad na dtagairtí do ‘Ballstát’ nó ‘Ballstáit’ áit ar bith a bhfuil siad, ach amháin i gcás na dtagairtí i bpointe (229) d’fhoroinn 4.1 agus i bpointe (424) de Roinn 7;
(b)Cuirtear isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’;
(c)Cuirtear isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach, seachas i gcás na dtagairtí i bpointí (226d), (237), (402), (424), ITS_01 agus MIG_025;
(d)Cuirtear isteach ‘Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Treoir (AE) 2015/719’ agus ‘Treoir 96/53/CE ón gComhairle’;
(e) Cuirtear isteach ‘Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 3821/85 arna oiriúnú le Foscríbhinn 31-B-4-2 d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85’;
Déantar Roinn 1 (Sainmhínithe) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(f)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
‘(u) ciallaíonn ‘imlíne éifeachtach na rothaí’: meán na n-achar a thaistealaíonn gach roth lena ngluaistear an fheithicil (rotha tiomána) le linn imrothlú iomlán amháin. Déanfar na hachair sin a thomhas faoi choinníollacha tástála caighdeánacha mar a shainítear faoi cheanglas 414 agus sloinntear iad san fhoirm ‘l =... mm’. Féadfaidh monaróirí feithiclí ríomh teoiriciúil a chur in ionad thomhas na n-achar sin, lena gcuirtear san áireamh dáileadh an mheáchain ar na hacastóirí, feithicil gan ualach agus é ag feidhmiú mar is gnáth, is é sin leacht fuartháin, bealaí, breosla, uirlisí, roth breise agus an tiománaí. Tá na modhanna le haghaidh ríomh teoiriciúil den sórt sin faoi réir a bhformheasa ón údarás inniúil de chuid Páirtí agus is féidir iad a dhéanamh sula ngníomhachtófar an tacagraf agus an tráth sin amháin;’
(g)I bpointe (hh), cuirtear isteach ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/6/CEE ón gComhairle’;
(h)I bpointe (uu), cuirtear isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Treoir 92/23/CEE’;
(i)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an fhonóta i bpointe (vv):
Ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair ina bhfuil dhá roinn a shannann an monaróir do gach feithicil: an chéad cheann nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear saintréithe ginearálta na feithicle, go háirithe an cineál agus an samhail; an dara ceann a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfaidh na chéad cheithre charachtar a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus na ceithre charachtar eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, i gcomhar leis an gcéad roinn, aitheantas cruinn feithicle ar leith.’;
(j)I bpointe (yy), cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
‘a shuiteáiltear agus a úsáidtear i bhfeithiclí de chineál M1 agus N1 amháin, mar a shainmhínítear iad sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3);’;
(k)Scriostar pointe (aaa);
(l)I bpointe (ccc), cuirtear isteach ‘dáta chur i bhfeidhm Chinneadh Uimh. [cuir isteach uimhir an Chinnidh seo — le deimhniú 1/2023] ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.’ in ionad an tsainmhínithe ar ‘dáta tabhairt isteach’.
Déantar Roinn 2 (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(m)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír (7) d’fhoroinn 2.1:
Déantar é sin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.’.
Déantar Roinn 3 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(n)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad phointe (201) de d’fhoroinn 3.20:
‘Le nasc tiomnaithe sraithe iomchuí a úsáid, neamhspleách ar nasc bus roghnach CAN (ISO 11898 Feithiclí bóthair – Idirmhalartú faisnéise digití – Líonra Achair Rialaitheora (CAN) le haghaidh cumarsáide ardluais), féadfaidh an t-aonad feithicle na sonraí seo a leanas a aschur freisin ionas gur féidir le haonaid leictreonacha eile atá suiteáilte san fheithicil iad a phróiseáil:
– dáta agus am reatha AUL,
– luas na feithicle,
– an t-achar iomlán a thaistealaíonn an fheithicil (odaiméadar),
– gníomhaíocht tiománaí agus comhthiománaí atá roghnaithe faoi láthair,
faisnéis maidir le haon chárta tacagraif a bheith curtha isteach faoi láthair i sliotán an tiománaí agus i sliotán an chomhthiománaí agus (más infheidhme) faisnéis faoi aitheantas comhfhreagrach an chárta (uimhir an chárta agus an tír eisiúna).
Féadfaidh sé sonraí eile a aschur chomh maith leis an liosta íosta sin.
Craolfar na sonraí sin go buan nuair a bhíonn adhainte na feithicle AIR. Nuair a bhíonn adhainte na feithicle AS, ginfear aschur sonraí comhfhreagrach le haon athrú ar ghníomhaíocht an tiománaí nó ar ghníomhaíocht an chomhthiománaí ar a laghad agus/nó cárta tacagraif a chuirtear isteach nó a tharraingítear amach. I gcás ina gcoinnítear siar aschur sonraí fad is a bhíonn adhaint na feithicle AS, cuirfear na sonraí sin ar fáil a luaithe a bheidh adhainte na feithicle AIR an athuair.
Éileofar toiliú an tiománaí i gcás ina dtarchuirfear sonraí pearsanta.’;
(o)I bpointe (226d) de roinn 3.28, scriostar ‘, i gcomhréir le hAirteagal 12(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’.
Déantar Roinn 4 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(p)I bpointe (229) d’fhoroinn 4.1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘I gcás na Ríochta Aontaithe, is é UK an sainchomhartha a bheidh ann.’;
(q)I bpointe (237), cuirtear isteach ‘Airteagal 9(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Airteagal 26.4 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
(r)I bpointe (241) d’fhoroinn 4.4, in ionad na bhfocal ‘Críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus na Ríochta Aontaithe’;
Déantar Roinn 5 (Trealamh taifeadta a shuiteáil) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(s)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de phointe (397) d’fhoroinn 5.2:
‘(397) Maidir le feithiclí M1 agus N1 amháin, a bhfuil cuibheoir feistithe orthu i gcomhréir le Foscríbhinn 16 den Iarscríbhinn seo agus i gcás nach féidir an fhaisnéis uile is gá a áireamh, mar a thuairiscítear i gCeanglas 396, féadfar plaic bhreise, an dara ceann, a úsáid. I gcásanna den sórt sin, beidh na ceithre fhleasc dheireanacha ar a laghad a thuairiscítear i gCeanglas 396 ag an bplaic bhreise sin.’;
(t)I bpointe (402) d’fhoroinn 5.3 cuirtear isteach ‘Airteagal 5(3) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’.
Déantar Roinn 6 (Seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(u)Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Is i gCaibidil 5.3 den Iarscríbhinn seo a shainmhínítear na ceanglais maidir leis na himthosca inar féidir séalaí a bhaint’.
Déantar Roinn 7 (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(v)I bpointe (424) tar éis na tagartha do ‘Ballstáit’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe’, agus in ionad na tagartha do ‘Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Airteagal 13 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(w)I bpointe 2.163, cuirtear isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’ in ionad ‘Treoir 92/23/CEE’.
Déantar Foscríbhinn 11 (Sásraí slándála coiteanna) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(x)I bpointe 9.1.4 (Leibhéal Trealaimh: Aonaid Feithicle), sa chéad nóta faoi CSM_78, cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’;
(y)I bpointe 9.1.5 (Leibhéal Trealaimh: Cártaí Tacagraif), sa nóta faoi CS_89, cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’.
Déantar Foscríbhinn 12 (Seirbhís suite bunaithe ar an gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(``)I Roinn 2 (Buntréithe ghlacadóir GNSS), cuirtear isteach ‘comhoiriúnacht le Córas Méadúcháin Bunaithe ar Shatailítí (SBAS)’ in ionad na tagartha do ‘comhoiriúnacht na seirbhísí arna gcur ar fáil ag na cláir Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’.
Déantar Foscríbhinn 13 (Comhéadan ITS) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(aa)I gceanglas ITS_01, scriostar na téarmaí ‘, a iarrtar in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’.
Déantar Foscríbhinn 15 (Ascnamh: Cómhaireachtáil glúnta agus leaganacha de threalamh a bhainistiú) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(bb)I bhforoinn 2.2 cuirtear isteach ‘Iarscríbhinn IC a ghabhann leis an Rialachán seo arna oiriúnú le Cinneadh [cuir isteach uimhir an Chinnidh seo — le deimhniú 1/2023] ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.’ in ionad ‘Iarscríbhinn IC a ghabhann leis an Rialachán seo’;
(cc)I gceanglas MIG_025 i bhforoinn 5, cuirtear isteach ‘Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’ in ionad ‘Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’.
Déantar Foscríbhinn 16 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de catagóirí M1 agus N1) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(dd)I bpointe 5.1 sa tábla faoi Roinn (7) (Cineálcheadú de threalamh taifeadta i gcás ina mbaintear úsáid as cuibheoir), cuirtear isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad na tagartha ‘Treoir 2006/28/CE’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 21 Feabhra 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar Ceann an Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar
Na Comhchathaoirligh