Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0503

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus le hIarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú

COM/2023/503 final

An Bhruiséil,1.9.2023

COM(2023) 503 final

2023/0308(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus le hIarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le cinneadh ón gComhairle chun an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) maidir le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh chun modhnú a déanamh ar Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive (‘an Mholdóiv’), den pháirt eile (‘an Comhaontú’), chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ábhartha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a foilsíodh le déanaí a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide agus poist agus cúiréireachta a chur san áireamh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhlachais

De réir Airteagal 1(2), is é is aidhm don Chomhaontú coinníollacha a leagan síos maidir le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála, rud a mbeadh comhtháthú na Moldóive de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh mar thoradh air, lena n‑áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur ar bun mar a shonraítear i dTeideal V (Trádáil agus Cúrsaí a bhaineann le trádáil) den Chomhaontú, agus tacú le hiarrachtaí na Moldóive a hacmhainn eacnamaíoch a fhorbairt trí chomhar idirnáisiúnta, lena n‑áirítear trína reachtaíocht a chomhfhogasú le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tháinig an comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. D’iarr an Mholdóiv tuilleadh léirscaoilte maidir leis an earnáil fánaíochta, agus an Comhaontú a thabhairt cothrom le dáta chun gníomhartha de chuid an Aontais a foilsíodh le déanaí maidir le teileachumarsáid agus seirbhísí poist agus cúiréireachta a chur san áireamh.

Chun na rialacha maidir le ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a chur i bhfeidhm go cómhalartach idir an tAontas agus an Mholdóiv, ní mór don Mholdóiv comhfhogasú le acquis fánaíochta an Aontais, tríd an acquis sin a achtú go hiomlán agus a chur chun feidhme go hiomlán i ndlí na Moldóive, agus trí Chinneadh eile ón gCoiste Trádála ina dhiaidh sin.

2.2.An Coiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála

De bhun Airteagal 436(3) den Chomhaontú, beidh de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. De bhun Airteagal 438(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais aon cheann dá cuid cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‑áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh. Le Cinneadh Uimh. 3/2014 1 tharmlig an Chomhairle Comhlachais an chumhacht na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann, inter alia, le Caibidil 6 (Bunú, trádáil i seirbhísí agus tráchtáil leictreonach) de Theideal V (Trádáil agus Cúrsaí a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú chuig cruinniú an Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála, a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 6 a bhaineann leis na hIarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. Níl aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 6 a bhaineann leis na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoiste Trádála cinntí ceangailteacha a dhéanamh chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann le caibidlí ábhartha Theideal V den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. Glacann an Coiste Trádála a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála

Glacfaidh an Coiste Trádála le cinneadh maidir le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú (‘an gníomh atá beartaithe’) a mhodhnú.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe na hIarscríbhinní thuasluaite a mhodhnú chun gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a chur san áireamh agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a foilsíodh is déanaí a bhaineann le teileachumarsáid agus le seirbhísí poist a chur san áireamh chomh maith. Tá sé sin comhsheasmhach le cuspóir chomhfhogasú rialála na Moldóive de réir a chéile le acquis an Aontais mar a leagtar síos sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus in Airteagail 102, 230 agus 240 den Chomhaontú, a bhaineann go sonrach le comhfhogasú rialála in earnálacha na seirbhísí teileachumarsáide, poist agus cúiréireachta.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais i gcomhréir le hAirteagal 438(3) den Chomhaontú, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Beidh cumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle Comhlachais chuige. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Comhlachais a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe’. 

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis an gCoiste Trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh.

Is gá Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú chun gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a foilsíodh is déanaí a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide a chur le acquis an Aontais maidir le seirbhísí teileachumarsáide atá san Iarscríbhinn cheana. Is gá freisin gníomhartha áirithe atá san Iarscríbhinn cheana a scriosadh i gcás inar cuireadh gníomhartha a foilsíodh le déanaí ina n‑ionad nó inar leasaíodh iad leis na gníomhartha sin.

Is gá Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a mhodhnú chun acquis an Aontais maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta atá san Iarscríbhinn cheana a chur le gníomhartha de chuid an Aontais a foilsíodh is déanaí a bhaineann le seirbhísí poist agus cúiréireachta.

Liostaítear na gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais in Iarscríbhinní 1 agus 2 den ghníomh atá beartaithe.

Cuirtear chun feidhme leis an gcinneadh seo comhbheartas tráchtála an Aontais Eorpaigh i leith tír Chomhpháirtíochta Oirthir, bunaithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe Comhlachais thuasluaite. Tá sé comhsheasmhach le cuspóir chomhfhogasú rialála na Moldóive le acquis an Aontais arna leagan síos sa bhrollach agus in Airteagal 2 den Chomhaontú ina leagtar amach a chuspóirí.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) déantar foráil maidir le cinntí lena suitear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, i gcás ina n‑iarrfar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu sin, freisin, ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a fhéadfaidh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais. Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa chinneadh a ghlacfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 438(3) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais Eorpaigh ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí le comhbheartas tráchtála an Aontais. Go sonrach, sa chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE déantar foráil maidir leis an mbunús dlí don trádáil i seirbhísí, i ndáil le tríú tíortha lena n‑áirítear srianta maidir leis na coinníollacha creata rialála le haghaidh na seirbhísí sin a sholáthar.

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le comhbheartas tráchtála an Aontais Eorpaigh toisc go mbaineann an gníomh le trádáil i seirbhísí teileachumarsáide agus poist agus cúiréireachta leis an Moldóiv. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh ón gComhairle atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Comhaontú le cinneadh ón gCoiste Comhlachais, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0308 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus le hIarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile 3 (‘an Comhaontú’), i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)Foráiltear in Airteagal 436(3) den Chomhaontú go mbeidh de chumhacht ag Comhairle Chomhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive (‘an Chomhairle Comhlachais’) na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.

(3)De bhun Airteagal 438(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais aon cheann dá cuid cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‑áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh.

(4)Le Cinneadh Uimh. 3/2014 4 tharmlig an Chomhairle Comhlachais an chumhacht na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann, inter alia, le Caibidil 6 (Bunú, trádáil i seirbhísí agus tráchtáil leictreonach) de Theideal V (Trádáil agus Cúrsaí a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú chuig cruinniú an Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála, a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 6 a bhaineann leis na hIarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. Níl aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 6 a bhaineann leis na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.

(5)Ba cheart don Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh maidir le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a mhodhnú le linn 2023.

(6)Mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus i gcomhréir le hAirteagail 230 agus 240 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na Moldóive atá ann faoi láthair a chomhfhogasú le reachtaíocht an Aontais, rud a chiallaíonn go n‑áiritheoidh an Mholdóiv go ndéanfar na dlíthe atá ann cheana agus an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a oiriúnú de réir a chéile do acquis an Aontais. Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 102 den Chomhaontú go ndéanfaidh Poblacht na Moldóive a reachtaíocht a chomhfhogasú le gníomhartha an Aontais agus le hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.

(7)D’iarr an Mholdóiv tuilleadh comhtháthaithe san earnáil fánaíochta san Aontas Eorpach, agus an Comhaontú a thabhairt cothrom le dáta chun gníomhartha de chuid an Aontais a foilsíodh is déanaí an Aontais a bhaineann le teileachumarsáid agus seirbhísí poist agus cúiréireachta a chur san áireamh.

(8)De bhrí gur cheart Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a foilsíodh le déanaí a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is gá na gníomhartha ábhartha a chur leis an Iarscríbhinn. Is gá freisin gníomhartha áirithe atá san Iarscríbhinn cheana a scriosadh i gcás inar cuireadh gníomhartha a foilsíodh le déanaí ina n‑ionad nó inar leasaíodh iad leis na gníomhartha sin.

(9)De bhrí gur cheart Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a chomhlánú le gníomhartha de chuid an Aontais a foilsíodh le déanaí i ndáil le seirbhísí poist agus cúiréireachta, is gá na gníomhartha ábhartha a chur leis an Iarscríbhinn.

(10)Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála a bhunú, toisc go mbeidh an gníomh atá beartaithe, lena modhnaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin, ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn 2023 sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh ón gCoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive an 16 Nollaig 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean ón gComhairle Comhlachais chuig an gCoiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála (IO L 110, 29.4.2015, lch. 40).
(2)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.
(4)    Cinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive an 16 Nollaig 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean ón gComhairle Comhlachais chuig an gCoiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála (IO L 110, 29.4.2015, lch. 40).
Top

An Bhruiséil,1.9.2023

COM(2023) 503 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus le hIarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú


CEANGALTÁN

DRÉACHT
CINNEADH UIMH. X/2023 
Ó CHOISTE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS NA MOLDÓIVE SAN FHOIRMÍOCHT TRÁDÁLA

an xxx 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta),
a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais

idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

agus a mBallstáit, de pháirt,

agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

AN COISTE COMHLACHAIS SAN FHOIRMÍOCHT TRÁDÁLA (dá ngairtear an 'Coiste Trádála' anseo feasta),

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus an Mholdóiv den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 102, 230 agus 240 de,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive an 16 Nollaig 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean chuig an gComhairle Comhlachais san fhoirmíocht Trádála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile ('an Comhaontú'), i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)Foráiltear le hAirteagal 1(2), pointe (g), den Chomhaontú gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, coinníollacha a leagan síos maidir le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála, rud a mbeadh comhtháthú na Moldóive de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh mar a shonraítear sa Chomhaontú mar thoradh air, lena n-áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur ar bun, lena bhforálfar comhfhogasú rialála forleathan agus léirscaoileadh rochtana ar an margadh, i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus le cur i bhfeidhm trédhearcach na gceart agus na n-oibleagáidí sin.

(3)Foráiltear in Airteagal 102 den Chomhaontú go ndéanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a chomhfhogasú maidir le gníomhartha an Aontais agus ionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú seo, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.

(4)Foráiltear in Airteagal 230 den Chomhaontú go ndéanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a chomhfhogasú le gníomhartha an Aontais agus le hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-C a ghabhann leis an gComhaontú seo, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.

(5)D'iarr an Mholdóiv tuilleadh léirscaoilte maidir le rochtain ar an margadh i ndáil le fánaíocht.

(6)Tá rialacha maidir le fánaíocht ina gcuid de acquis an Aontais maidir leis an teileachumarsáid, ach níor áiríodh iad in Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) nuair a tugadh an Comhaontú i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXVIII-B a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht.

(7)Ag an gcéim reatha d’fhorbairt eacnamaíoch agus dhlíthiúil mhargadh inmheánach an Aontais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is iad seo a leanas gníomhartha ábhartha an Aontais Eorpaigh maidir le fánaíocht: Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (athmhúnlú) (‘EECC’), Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais i dtaca le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht le haghaidh maoluithe inbhuanaitheachta, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna agus uasráta foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos, agus Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.

(8)Le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2022/612 agus Airteagail 3(2) agus 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive faoi láthair. Dá bhrí sin, tá gá le hoiriúnú i ndáil leis na forálacha sin chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid na rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive.

(9)Ina theannta sin, tá acquis an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B tagtha chun cinn ón uair dheireanach a tugadh Iarscríbhinn cothrom le dáta an 4 Deireadh Fómhair 2019 agus tá acquis an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-C tagtha chun cinn ó tháinig an Comhaontú i bhfeidhm.

(10)Dá bhrí sin, is gá Iarscríbhinní XXVIII-B agus XXVIII-C a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú trí na gníomhartha a luaitear faoi phointí (7) agus (9) a chur le hIarscríbhinní XXVIII-B agus XXVIII-C den Chomhaontú agus trí ghníomhartha áirithe a gcuirfear na gníomhartha sin ina n-ionad a scriosadh.

(11)An 16 Nollaig 2014, rinne an Chomhairle Comhlachais, trí Chinneadh Uimh. 3/2014, an chumhacht a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála, dá dtagraítear in Airteagal 438(3) den Chomhaontú, chun Iarscríbhinní áirithe a bhaineann le trádáil a ghabhann leis an gComhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.

(12)Nuair a mheasfaidh an Mholdóiv go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, cuirfidh an Mholdóiv na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí chur chun feidhme na Moldóive, faoi bhráid chomhrúnaí an Choiste Comhlachais san fhoirmíocht Trádála,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis sin Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear leis sin Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tá an Cinneadh seo leagtha síos sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus gach téacs acu sin ar aon bharántúlacht.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [dáta]

Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála

Léon DELVAUX

Nicholas BURGE

Vadim GUMENE

Cristina CEBAN

Na Cathaoirligh

Na rúnaithe



IARSCRÍBHINN I

1.Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) trí na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais a chur leis:

Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (athmhúnlú). (‘EECC’)

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir (AE) 2018/1972 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

Tá forálacha Rialachán (AE) 2022/612, chun críocha an Chomhaontaithe seo, oiriúnaithe mar seo a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/612 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais i dtaca le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos

Tá forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, chun críocha an Chomhaontaithe seo, oiriúnaithe mar seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 3(2) agus 3(3) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) gan athrú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus cuirfear chun feidhme iad laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.

–Údarás rialála náisiúnta na Moldóive ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh sé rannpháirteach go hiomlán in obair Bhord Rialálaithe BEREC, i meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC: beidh cearta ag údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus beidh oibleagáidí uirthi a bheidh ar aon dul leis na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus leis na hoibleagáidí atá orthu, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta

–I bhfianaise an mhéid sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na Moldóive ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán BEREC. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán an Aontais thuasluaite, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige.

–Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na Moldóive lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtas arna nglacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena mbunaítear teimpléad don chonradh achomair a bheidh le húsáid ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí de bhun Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir 2014/61/AE chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1), arna leasú le: Rialachán (AE) Uimh. 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir 2015/2120/AE chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh 2007/176/CE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2006 lena mbunaítear liosta caighdeán agus/nó sonraíochtaí le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí agus saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara agus a chuirtear in ionad na leaganacha uile roimhe seo (IO L 86, 27.3.2007, lch. 11), arna leasú le: Cinneadh 2008/286/CE ón gCoimisiún an 17 Márta 2008 (IO L 93, 4.4.2008, lch. 24).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh 2007/176/CE ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear na socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le sainaithint leictreonach de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le sonraíochtaí agus nósanna imeachta teicniúla le haghaidh leibhéil mhuiníne do mhodhanna ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3)de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú)

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir (AE) 2019/1024 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach ('an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach').

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/2065 chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Moladh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Mholadh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/1925 chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne(Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó)

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2019/1150 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (an Rialachán maidir le Geobhlocáil)

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/302 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir 2002/58/CE chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

REACHTAÍOCHT MAIDIR LEIS AN SPEICTREAM RAIDIÓ

Cinneadh 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/195/AE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2013 lena sainítear na socruithe praiticiúla, na formáidí aonfhoirmeacha agus modheolaíocht i ndáil leis an bhfardal speictrim raidió a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/195/AE ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/687 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 694-790 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus i gcomhair úsáid náisiúnta sholúbtha san Aontas Eorpach

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/687 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2317 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2008/294/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/654/AE, chun oibríocht cumarsáidí soghluaiste ar bord aerárthaí (seirbhísí MCA) a shimpliú san Aontas

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2317 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/191 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh 2010/166/AE, chun teicneolaíochtaí nua agus bandaí minicíochta do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/191 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh (AE) 2017/899 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le húsáid an bhanda minicíochta 470-790 MHz san Aontas

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh (AE) 2017/899 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2017 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr-raoin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/804/CE

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2017/2077 (AE) ón gCoimisiún an 10 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz lena úsáid ar feadh am teoranta i dtrealamh radair gearr-raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/661 an 26 Aibreán 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/750 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 1 452-1 492 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas a mhéid a bhaineann lena gcuimsiú sna bandaí minicíochta 1 427–1 452 MHz agus 1 492–1 517 MHz

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/661 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874–876 agus 915–921 MHz

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/235 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leasaítear Cinneadh 2008/411/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 3 400-3 800 MHz

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/235 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le speictream raidió a chomhchuibhiú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/131/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1345 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le nuashonrú coinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis ghearr-raoin.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1345 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 24,25-27,5 GHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a sholáthar san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/784 a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 24,25-27,5 GHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/636 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2008/477/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 2 500-2 690 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/636 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/667 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/688/AE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le bandaí minicíochta 1 920-1 980 MHz agus 2 110-2 170 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/667 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57 (2) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmeanna a bhaineann le sábháilteacht Córas Cliste Iompair (ITS) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/671/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 945-6 425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le húsáid chomhchuibhithe bhandaí minicíochta péireáilte 874,4-880,0 MHz agus 919,4-925,0 MHz agus bhanda minicíochta neamhphéiráilte 1 900-1 910 MHz le haghaidh Raidió Móibíleach Iarnróid.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE a mhéid a bhaineann leis an nuashonrú ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis ghearr-raoin.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a mhéid a bhaineann le bandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2324 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2008/294/CE, chun teicneolaíochtaí rochtana breise agus bearta chun seirbhísí cumarsáide móibílí a oibriú (seirbhísí MCA) a chur san áireamh san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2324 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo

2.Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) trí na gníomhartha seo a leanas scriosadh:

–Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009

–Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le hÚdarú), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009

–Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

–Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 agus le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle    

–Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, arna leasú le Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .

–Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid.

–Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2005 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme lena n-airítear líonraí achair logánta raidió (WASanna/RLANanna)

–Cinneadh 2007/90/CE ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2007 lena leasaítear Cinneadh 2005/513/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme, lena n-airítear líonraí achair logánta Raidió (WASanna/RLANanna)

–Cinneadh 2006/804/CE ón gCoimisiún an 23 Samhain 2006 maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió le haghaidh feistí sainaitheanta radaimhinicíochta (RFID) a oibríonn sa bhanda ultra-ardmhinicíochta (UHF)

–Cinneadh 2007/131/CE ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2007 maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal

–Cinneadh 2009/343/CE ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2009 lena leasaítear Cinneadh 2007/131/CE maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal

–Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/702/AE ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Cinneadh 2007/131/CE maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal

–Cinneadh 2008/671/CE ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875 - 5 905 MHz d‘feidhmeanna sábháilteachta Córas Cliste Iompair (CCI)



IARSCRÍBHINN 2

Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) trí na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais a chur leis:

–Rialachán (AE) Uimh. 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018, maidir le seirbhís seachadta beartán trasteorann

–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1263 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear na foirmeacha chun faisnéis a chur isteach le seirbhísí seachadta beartán trasteorann de bhun Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/644 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1263 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Top