AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.8.2023
COM(2023) 492 final
2023/0301(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (‘Bun‑Rialachán CBI’), ní mór beo-acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar dhóigh lena ndéantar na speicis atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a tháirgeadh. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí ina uirlis thábhachtach chun an méid sin a áirithiú.
Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos an plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, sonraítear a thuilleadh na spriocraonta básmhaireachta iascaigh. Úsáidtear na raonta sin sa togra seo chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a bhaint amach agus go háirithe chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
Tá sé d’aidhm ag an togra seo deiseanna iascaireachta na mBallstát le haghaidh 2024 a shocrú, le haghaidh na stoc éisc is suntasaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt. Tá sé d’aidhm ag an togra seo freisin iascaigh áineasa mhuirí a rialáil a mhéid is gá chun na stoic éisc a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chaomhnú. Chun na cinntí bliantúla maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí a shimpliú agus a shoiléiriú, tá na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt á socrú le rialachán ar leithligh ó bhí 2006 ann.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Socraítear leis an togra TACanna agus cuótaí ar leibhéil atá comhsheasmhach le cuspóirí Bhun‑Rialachán CBI.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an togra.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit de réir chuspóirí Bhun‑Rialachán CBI agus Phlean Ilbhliantúil Mhuir Bhailt. Faoi Airteagail 16(6), 16(7) agus 17 de Bhun‑Rialachán CBI, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu a chionroinnt ar na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu de réir critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, agus na Ballstáit ag cionroinnt na TACanna cionroinnte, is féidir leo an corrlach lánroghnach is gá a fheidhmiú, i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu a chumhdaítear leis an togra.
•An rogha ionstraime
Meastar gur rialachán an ionstraim is iomchuí toisc gur féidir ceanglais a leagan síos leis a bhaineann go díreach leis na Ballstáit agus le gnólachtaí ábhartha. Cuideoidh sé sin lena áirithiú go gcuirfear na ceanglais chun feidhme ar bhealach tráthúil agus comhchuibhithe, rud a mbeidh níos mó deimhneachta dlíthiúla mar thoradh air.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí Chomhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt, ar bhonn na Teachtaireachta uaidh Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2024 (COM(2023) 303 final). Sholáthair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) an bunús eolaíoch atá leis an togra. Na réamhthuairimí a rinne na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo a chur in iúl maidir leis na stoic éisc uile lena mbaineann, cuireadh iad san áireamh a mhéid ab fhéidir gan a bheith ag teacht salach ar na beartais atá ann faoi láthair ná aon mheath ar staid na n‑acmhainní leochaileacha a chruthú.
Pléadh an chomhairle eolaíoch maidir le teorainneacha ar ghabhálacha agus maidir le stádas na stoc freisin leis na Ballstáit san fhóram réigiúnach BALTFISH i mí an Mheithimh 2023.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ICES i dtaca leis an modheolaíocht atá le húsáid. Tá comhairle eolaíoch ó ICES bunaithe ar chreat comhairle arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus arna eisiúint i gcomhréir lena chreatchomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.
Bíonn comhairle eolaíoch á lorg ag an Aontas ó ICES gach bliain maidir leis an staid ina bhfuil stoic éisc thábhachtacha. Cumhdaítear gach stoc i Muir Bhailt leis an gcomhairle a fhaightear agus moltar TACanna do na stoic is suntasaí ó thaobh na tráchtála de.
•Measúnú tionchair
Tá an togra ina chuid de chur chuige fadtéarmach lena ndéantar an iascaireacht a mhodhnú go leibhéil fhadtéarmacha inbhuanaithe agus a chothabháil ar na leibhéil sin. Le himeacht ama, meastar go mbeidh na nithe seo a leanas ann de thoradh an chur chuige sin: (i) brú iascaireachta cobhsaí; (ii) cuótaí níos airde; agus, dá bhrí sin, (iii) ioncam níos fearr le haghaidh iascairí agus teaghlaigh iascairí. Meastar go rachaidh an méadú ar líon na ngabhálacha chun tairbhe do na grúpaí seo a leanas: tionscal na hiascaireachta; na tomhaltóirí; an tionscal próiseála agus miondíola; an chuid eile den tionscal a bhaineann le hiascaireacht tráchtála agus áineasa. Sa chomhthéacs sin, ní mór béim a leagan ar an nasc idir an t‑iascach inbhuanaithe agus timpeallacht shláintiúil mhuirí i Muir Bhailt, i gcomhréir leis an straitéis bhithéagsúlachta agus le tionscnaimh ghaolmhara eile, go háirithe plean gníomhaíochta an Aontais maidir le héiceachórais mhuirí agus le hiascach.
Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Dá bhrí sin, cuirtear tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na Comhairlí Comhairleacha san áireamh ann más rud é go ndearna ICES agus/nó an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur coinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.
Go dtí 2019 d’éirigh le cinntí maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt básmhaireacht iascaireachta na stoc uile lenar ghabh comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a thabhairt i gcomhréir le raonta na huastáirgeachta inbhuanaithe tráth a socraíodh TAC, cé is moite de scadáin i Muir Bhailt Thiar. Is cosúil gur éirigh leis na cinntí sin stoic a athshlánú freisin agus an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta a athchothromú. In 2019, mar sin féin, ba léir go raibh troisc ó Mhuir Bhailt Thoir faoi bhrú mór. Ón uair sin, tugtar le tuiscint i meastacháin ICES gur dócha go leanfaidh an stoc sin de bheith ídithe sna blianta amach romhainn. In 2021 ba léir go raibh an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun na dteorainneacha bitheolaíocha sábháilte (i.e. faoi bhun phointe tagartha Blim mar a thugtar air) le blianta fada anuas, agus chuir ICES i bhfios go láidir freisin go bhfuil roinnt pobal bradán an‑lag. Cé gur mheas ICES go dtí 2020 go raibh an bhithmhais maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir faoi bhun leibhéil shláintiúla (i.e. faoi bhun phointe tagartha Btrigger, mar a thugtar air), measann ICES anois gur thart ar Blim an bhithmhais ó bhí lár na 1990idí ann agus go bhfuil sí faoi bhun Blim le roinnt blianta anuas. Ar deireadh, cé gur mheas ICES go dtí 2022 gur tháinig scadáin ó Mhuir na Boitnia an‑ghar don teorainn Btrigger , measann ICES anois go bhfuil an stoc faoi bhun na teorann sin ó bhí 2021 ann. Dá bhrí sin, teastaíonn tuilleadh dul chun cinn go fóill chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a chothabháil i gcás stoic uile Mhuir Bhailt.
D’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le stoic éagsúla Mhuir Bhailt an 31 Bealtaine 2023. Measann ICES go bhfuil an bhithmhais maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar agus troisc ó Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar fós faoi bhun Blim. Tá an bhithmhais maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir faoi bhun Blim freisin agus tá scadáin ó Mhuir na Boitnia faoi bhun Btrigger. Tugtar comhairle réamhchúraim maidir le troisc agus bradáin i Muir Bhailt Thoir agus ó Mhuir Bhailt Thiar i Murascaill na Fionlainne. Fuair na seacht stoc eile an chomhairle seo a leanas maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe:
·tá saláin, scadáin i Murascaill Ríge, agus leathóga os cionn Btrigger;
·tá scadáin i Murascaill na Boitnia tar éis titim faoi bhun Btrigger;
·tá scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar agus Láir faoi bhun Blim;
·tá na pobail éagsúla bradán sa phríomh‑imchuach fós i ndálaí an‑éagsúil (idir bheith faoi bhun Rlim agus os cionn RMSY).
Agus an méid thuas á chur san áireamh, tá sé beartaithe leanúint den chur chuige maidir le bradáin sa phríomh‑imchuach agus an TAC a laghdú faoi 15 % i gcomparáid le 2023. Mhéadódh an togra na deiseanna iascaireachta le haghaidh bradán i Murascaill na Fionlainne faoi 7 % i gcomparáid le 2023. Laghdódh an togra na deiseanna iascaireachta le haghaidh scadán i Murascaill Ríge faoi 20 % i gcomparáid le 2023. Maidir leis na stoic eile, d’iarr an Coimisiún ar ICES tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an gcaidreamh idir speicis agus foghabhálacha dosheachanta. Tabharfaidh an Coimisiún a thogra cothrom le dáta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin faighte aige ó ICES.
Dá bhrí sin, ní féidir tionchar eacnamaíoch an togra le haghaidh 2024 a mheas ag an gcéim seo, cé go mbeidh laghdú ar na deiseanna iascaireachta le haghaidh na mBallstát uile.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leanann an togra de bheith solúbtha ó thaobh cur i bhfeidhm sásraí um malartuithe cuótaí a leagadh síos cheana sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt sna blianta roimhe sin. Níor beartaíodh aon riail nua ná nós imeachta riaracháin nua d’údaráis phoiblí (údaráis an Aontais nó údaráis náisiúnta) a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin a mhéadú.
Baineann an togra le rialachán bliantúil a bhfuil feidhm aige maidir le 2024 agus dá bhrí sin níl clásal athbhreithnithe ann.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta, agus tuairiscithe
Cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle go ndéantar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm TACanna agus cuótaí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe nó grúpaí stoc i ndáil le hiascaireacht i Muir Bhailt.
D’fhonn cuótaí an Aontais a shocrú do na stoic a roinntear le Cónaidhm na Rúise, rinneadh cainníochtaí na stoc sonrach sin a asbhaint ó na gabhálacha a mhol ICES. Leagtar amach na TACanna agus na cuótaí arna gcionroinnt ar na Ballstáit san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.
Níl ICES in ann luachanna raonta an FMSY a chinneadh fós i gcás troisc ó Mhuir Bhailt Thoir. Dá bhrí sin, d’eisigh sé comhairle réamhchúraim le haghaidh 2024 arís. Den 5ú bliain as a chéile, molann ICES gabhálacha nialasacha de throisc ó Mhuir Bhailt Thoir a cheadú. Measann ICES nach bhfuil ach 71 % de Blim in 2023 i méid an stoic agus go bhfanfaidh sé faoin leibhéal sin sa mheántéarma, fiú mura ndéanfar aon iascaireacht in aon chor. Thairis sin, measann ICES go bhfuil an earcaíocht fós íseal. I bhfianaise staid laghdaithe na stoc, glacadh dianbhearta ó bhí 2019 ann. Dúnadh an t‑iascach spriocdhírithe ar throisc ó Mhuir Bhailt Thoir, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus tá an TAC teoranta d’fhoghabhálacha dosheachanta chun tachtadh fhormhór na n‑iascach eile i Muir Bhailt a sheachaint. Glacadh bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta ó bhí 2019 ann, i bhfoirm cosc le linn an tséasúir sceite lena gcumhdaítear an bhuaicthréimhse sceite, na limistéir sceite a d’fhéadfadh a bheith ann agus imirce sceite. Glacadh eisceachtaí ón gcosc le linn an tséasúir sceite maidir le hiascaigh atá go hiomlán eolaíoch, iascaigh chósta áirithe ar mionscála ina n‑úsáidtear trealamh éighníomhach, agus iascaigh scadán áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine. Thairis sin, tá cosc ar iascaireacht áineasa ó bhí 2020 ann sa phríomhlimistéar dáileacháin ós rud é go mbeadh na cainníochtaí a ghabhfaí substaintiúil i gcomparáid le TAC na foghabhála. Ós rud é nach raibh an t‑am fós ag na bearta ceartaitheacha sin feabhas a chur ar stádas an stoic, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhun‑Rialachán CBI, iad a choinneáil agus deireadh a chur san am céanna leis an eisceacht maidir le hiascaigh scadán áirithe ó thréimhse an choiscthe le linn an tséasúir sceite toisc go ndúnfar an t‑iascach spriocdhírithe scadán láir. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de throisc ó Mhuir Bhailt Thoir in iascaigh eile. Tá gá leis an bhfaisnéis sin toisc go mbaineann an fhaisnéis atá ar fáil faoi láthair le 2020 agus toisc go bhfuil athrú tagtha ar imthosca na n‑iascach ó shin i leith, go háirithe an earcaíocht an‑ard leathóg le blianta beaga anuas.
I gcomhairle ICES maidir le troisc ó Mhuir Bhailt Thiar, tá éiginnteachtaí suntasacha ann le roinnt blianta anuas. Ina chomhairle uaidh le haghaidh 2021, thug ICES le fios go raibh an stoc faoi bhun Blim den chuid is mó le 10 mbliana anuas. Mar thoradh air sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle an t‑iascach spriocdhírithe a dhúnadh, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus an TAC a theorannú d’fhoghabhálacha dosheachanta i dtreo nach dtachtfaí iascaigh eile. Rinne an Chomhairle na bearta ceartaitheacha eile atá ann cheana a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta a choinneáil ar bun nó a neartú freisin. Go háirithe, rinne an Chomhairle an cosc le linn an tséasúir sceite a choinneáil ar bun lena gcumhdaítear an bhuaicthréimhse sceite agus na limistéir sceite a d’fhéadfadh a bheith ann, cé is moite de na nithe seo a leanas: (i) iascaigh atá go hiomlán eolaíoch; (ii) iascaigh chósta áirithe ar mionscála ina n‑úsáidtear trealaimh éighníomhacha; (iii) iascaigh pheiligeacha scadán áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus (iv) iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha in uiscí éadoimhne áirithe. Thairis sin, chuir an Chomhairle síneadh le tréimhse an choiscthe le linn an tséasúir sceite chun slatiascaireacht áineasa a chumhdach. Lasmuigh de thréimhse an choiscthe le linn an tséasúir sceite, laghdaigh an Chomhairle an teorainn ghabhála le haghaidh slatiascaireacht áineasa go dtí iasc amháin in aghaidh an tslatiascaire in aghaidh an lae. Ós rud é go bhfuil na héiginnteachtaí fós ann, chinn ICES a chomhairle le haghaidh 2024 a íosghrádú chuig comhairle réamhchúraim chatagóir 3 agus leibhéal na ngabhálacha iomlána molta le haghaidh troisc ó Mhuir Bhailt Thiar a laghdú 97 %. Tá sé ráite ag ICES go bhfuil bithmhais an stoic faoi bhun Blim le formhór na 15 bliana seo caite agus go raibh sí ar leibhéal níos ísle ná riamh in 2022. Cé go bhfuil méadú beag tagtha air ó bhí 2022 ann, tá sé i bhfad faoi bhun Blim fós. I bhfianaise na comhairle maidir le gabhálacha ísle, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhun‑Rialachán CBI, deireadh a chur le slatiascaireacht áineasa, na hiascaigh spriocdhírithe a choinneáil dúnta, cosc le linn an tséasúir sceite a choinneáil ar bun agus deireadh a chur leis an eisceacht i gcás iascaigh scadán áirithe toisc go mbeidh na hiascaigh spriocdhírithe scadán thiar agus láir dúnta. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de throisc ó Mhuir Bhailt Thiar in iascaigh eile, go háirithe in iascaigh iasc leathógach.
Ó bhí na 1990idí ann ar a laghad, tá ICES ag rá go bhfuil stádas stoc bradán sna haibhneacha i limistéar Mhuir Bhailt ilchineálach, agus go bhfuil roinnt stoc bradán sna haibhneacha sláintiúil ach go bhfuil stoic bradán sna haibhneacha eile an‑lag. Tar éis dó taighde tagarmharcála a dhéanamh, thug ICES le fios ina chomhairle uaidh le haghaidh 2022 den chéad uair, gur cheart, chun stoic laga na n‑aibhneacha a chosaint, deireadh a chur le gach gabháil tráchtála agus áineasa bradán sa phríomh‑imchuach, ar iascaigh mheasctha iad ó nádúr a ghabhann bradáin ó stoic shláintiúla agus stoic laga araon ó na haibhneacha. Mar sin féin, mheas ICES freisin an tráth céanna go mbeadh sé fós indéanta leanúint den iascach spriocdhírithe atá ann cheana i limistéir chósta Mhurascaill na Boitnia agus Mhuir Åland (foranna 29N, 30 agus 31) le linn imirce shamhraidh na mbradán. Dá bhrí sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle an t‑iascach spriocdhírithe ar bhradáin sa phríomh‑imchuach a dhúnadh agus TAC foghabhála a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta, le díolúine d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus fós an t‑iascach spriocdhírithe ar bhradáin a choinneáil ar oscailt le linn thréimhse an tsamhraidh sna limistéir chósta thuaidh sin. Ó bhí 2021 ann ghlac an Chomhairle bearta ceartaitheacha breise freisin a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta agus chuir sí toirmeasc ar iascaireacht le spiléir thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte. Thairis sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle go mbeidh, in iascaigh áineasa, feidhm ag teorainn laethúil gabhála de bhradán amháin a bhfuil a eite shaille gearrtha in aghaidh an tslatiascaire i gcás ina ndúntar an t‑iascach tráchtála dírithe agus nuair a dhúntar é, agus ina bhfuil toirmeasc ar theicnící gabhála agus scaoilte. Ina chomhairle uaidh le haghaidh 2024, athdhearbhaíonn ICES gur cheart, chun stoic laga na n‑aibhneacha a chosaint, deireadh a chur leis na gabhálacha uile tráchtála agus áineasa bradán sa phríomh‑imchuach, agus go bhféadfadh, san am céanna, roinnt iascach bradán spriocdhírithe leanúint ar aghaidh faoi choinníollacha áirithe. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil stoc amháin bradán sna haibhneacha i Muir na Boitnia (foroinn 30 ICES) faoi bhun an phointe tagartha ábhartha, measann ICES nach féidir an t‑iascach spriocdhírithe a dhéanamh i limistéir chósta le linn mhíonna imirce an tsamhraidh ach amháin i mBá na Boitnia (foroinn 31 ICES) agus gur cheart leibhéal na ngabhálacha iomlána a laghdú dá réir. Ar an mbonn sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhun‑Rialachán CBI, molann an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) na hiascaigh spriocdhírithe a theorannú do Bhá na Boitnia; (ii) an TAC a choigeartú go dtí an leibhéal a mholann ICES; agus (iii) na bearta ceartaitheacha atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun.
D’eisigh ICES comhairle réamhchúraim maidir le bradáin i Murascaill na Fionlainne le haghaidh 2024. Ar an mbonn sin, molann an Coimisiún TAC i gcomhréir le Airteagal 16(4) de Bhun‑Rialachán CBI. Molann an Coimisiún an méid seo a leanas a choinneáil ar bun: (i) an tsolúbthacht theoranta idirlimistéir idir an dá TAC bradán; (ii) toirmeasc ar bhric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle; agus (iii) toirmeasc ar spiléir a úsáid chun bric gheala nó bradáin a iascach thar cheithre mhuirmhíle.
Tá an measúnú ar scadáin i Murascaill na Boitnia neamhchinnte le blianta beaga anuas. Ina chomhairle uaidh le haghaidh 2023, laghdaigh ICES a mheastachán ar bhithmhais an stoic agus mheas sé gur thit sí chuig leibhéal atá díreach os cionn Btrigger. Thug ICES le fios gur dócha gur mar gheall ar an laghdú ar mhéid na scadán, feiniméan a thug iascairí cósta áirithe faoi deara cheana féin le tamall anuas. Ina chomhairle uaidh le haghaidh 2024, rinne ICES bithmhais an stoic a laghdú a thuilleadh agus tá sí faoi bhun Btrigger anois. Thairis sin, fiú gan aon ghabháil in aon chor, is é 9 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi bhun Blim in 2025. Ar an mbonn sin, molann an Coimisiún an t‑iascach spriocdhírithe a dhúnadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Phlean Ilbhliantúil Mhuir Bhailt. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de scadáin i Muir na Boitnia in iascaigh eile, go háirithe san iascach salán..
I gcás scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, is é 71 % de Blim in 2023 an méid stoic a mheas ICES ina chomhairle le haghaidh 2024. Measann ICES freisin go bhfanfaidh an bhithmhais faoi bhun Blim go dtí 2025 ar a laghad, fiú gan aon iascaireacht in aon chor. Tá an earcaíocht ar leibhéal níos ísle ná riamh leis na blianta fada. Ós rud é nach dtabharfaí an bhithmhais maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar os cionn an Blim sa ghearrthéarma mar thoradh ar aon cheann de na cásanna gabhála, tá a chomhairle maidir le gabhálacha nialasacha a cheadú á hathdhearbhú ag ICES don 6ú bliain as a chéile. Ó bhí 2021 ann chinn an Chomhairle an t‑iascach spriocdírithe a dhúnadh, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch agus d’iascaigh chósta ar mionscála, agus TAC a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta i dtreo nach dtachtfaí iascaigh eile. Ós rud é nach raibh an t‑am fós ag na bearta ceartaitheacha sin stádas stoic a fheabhsú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Phlean Ilbhliantúil Mhuir Bhailt, an t‑iascach spriocdhírithe a choinneáil dúnta agus deireadh a chur leis an eisceacht maidir le hiascaigh chósta áirithe ar mionscála. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis bhreise ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar in iascaigh eile. Tá gá leis an bhfaisnéis sin toisc nach mór na hiascaigh ar mionscála a dhúnadh agus gur cosúil nach leor an fhaisnéis atá ar fáil faoi láthair chun TAC iomchuí a mholadh.
Tá stádas na bithmhaise maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir éiginnte le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, rinne ICES staidéar tagarmharcála in 2023. Measann ICES anois go bhfuil sí faoi bhun Blim le 30 bliain anuas, lena n‑áirítear é a bheith faoina bun le blianta beaga anuas. Fiú gan aon ghabháil in aon chor, is é 22 % an dóchúlacht go bhfanfaidh an stoc faoi bhun Blim in 2025. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an t‑iascach spriocdhírithe a dhúnadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Phlean Ilbhliantúil Mhuir Bhailt. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de scadáin ó Mhuir Bhailt Láir in iascaigh eile, go háirithe san iascach salán.
MarMar a tharla i mblianta roimhe seo, tugtar le fios i gcomhairle ICES le haghaidh 2024 maidir le scadáin i Murascaill Ríge go n‑aistríonn roinnt scadán ó Mhuir Bhailt Láir ón bpríomh‑imchuach isteach i Murascaill Ríge agus go n‑aistríonn roinnt scadán i Murascaill Ríge amach as Murascaill Ríge isteach sa phríomh‑imchuach. Ina theannta sin, amhail blianta roimhe seo, molann ICES na scadáin imirceacha sin a chur leis an TAC nó iad a bhaint den TAC le haghaidh scadáin i Murascaill Ríge. Le haghaidh 2024, measann an Coimisiún, mar sin féin, ós rud é go bhfuil an stoc scadán i Muir Bhailt Láir faoi bhun Blim agus gur cheart, dá bhrí sin, gabhálacha scadán i Muir Bhailt Láir a laghdú a mhéid is féidir, nárbh iomchuí gabhálacha scadán ó Mhuir Bhailt Láir a chur leis an TAC le haghaidh scadán i Murascaill Ríge. Os a choinne sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí leanúint den mhéid scadán i Murascaill Ríge a aistríonn amach as Murascaill Ríge a bhaint ós rud é nach bhfuil na scadáin sin i Murascaill Ríge a thuilleadh. Laghdú 23 % is ea luach phointe FMSY atá mar thoradh air sin le haghaidh an TAC maidir le scadáin i Murascaill Ríge. Ar an mbonn sin, agus ós rud é go bhfuil an stoc os cionn Btrigger, molann an Coimisiún an TAC a shocrú sa raon is airde i gcomhréir le hAirteagal 4(5)(c) de Phlean Ilbhliantúil Mhuir Bhailt chun an laghdú ar an TAC a theorannú go -20 %.
Is meascán de na nithe seo a leanas atá sa TAC le haghaidh leathóg: (i) an chomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh an stoic i bhforanna 21, 22 agus 23; agus (ii) an chomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh an stoic i bhforanna 24 go 32, a ndearna ICES uasghrádú uirthi go dtí comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe i gcatagóir 2 de shonraí ICES in 2022. De réir chomhairle ICES le haghaidh 2024, rinneadh earcaíocht urghnách i dtaca leis an dá stoc in 2019-2021. Thairis sin, tháinig laghdú suntasach ar líon iomlán na ngabhálacha a thugtar i dtír agus tá méadú tagtha ar líon na n‑ábhar muirí aischurtha. Thairis sin, ba cheart idirghníomhaíochtaí ilspeiceas a chur san áireamh, ós rud é gur foghabháil dhosheachanta in iascaigh leathóg iad troisc, agus is féidir le leibhéil foghabhála a bheith ard, go háirithe chomh fada agus nach n‑úsáidtear trealaimh iascaireachta níos roghnaithí. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de throisc sna hiascaigh leathóg.
De réir chomhairle ICES le haghaidh 2024, tá an bhithmhais maidir le saláin os cionn Btrigger, cé go raibh an brú iascaireachta roimhe sin os cionn FMSY agus go raibh an earcaíocht níos ísle ná riamh in 2021 agus 2022. Maidir le leibhéal an TAC, tá an Coimisiún ag fanacht le faisnéis ó ICES maidir le leibhéal na bhfoghabhálacha dosheachanta de stoic éagsúla scadán sna hiascaigh leathóg.
Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, leagtar síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‑áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha, faoi seach. In Airteagal 2 dá chuid, ordaítear go mbíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Le hAirteagal 15(9) de Bhun‑Rialachán CBI leagtar síos freisin an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair cuspóirí CBI a bhaint amach, ba cheart a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin i gcás nach mbaineann na Ballstáit leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Bhun‑Rialachán CBI.
Molann an Coimisiún freisin Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle a leasú chun TAC a shocrú le haghaidh troisc Ioruacha, a gcuirfear tús leis an mbliain iascaireachta ina leith an 1 Samhain 2023. Tá leibhéal an TAC marcáilte mar ‘pm’ (pro memoria) go dtí go bhfoilseofar comhairle ICES a bhfuil coinne léi an 9 Deireadh Fómhair 2023 agus go dtí go rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe.
2023/0301 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go nglactar bearta caomhnaithe agus an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil á cur san áireamh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) agus ag comhlachtaí comhairleacha eile agus aon chomhairle a fhaightear ó chomhairlí comhairleacha.
(2)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n‑áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá deiseanna iascaireachta le cionroinnt i measc na mBallstát ar dhóigh lena n‑áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.
(3)Dá bhrí sin, ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar impleachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus i bhfianaise na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.
(4)Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear plean ilbhliantúil um na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus um an t‑iascach a shaothraíonn na stoic sin. Is é is aidhm don phlean sin a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil ar a mbeifear in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna ilbhliantúla sin.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/1139, tá na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin le socrú chun an bhásmhaireacht iascaireachta ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe, arna shloinneadh ina raonta, a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2024 maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le rialacha agus cuspóirí an phlean ilbhliantúil arna bhunú leis an Rialachán sin.
(6)D’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt an 31 Bealtaine 2023.
(7)Is ann do stoic áirithe a dtugann ICES comhairle ina leith nach ndéanfaí iad a ghabháil. Mar sin féin, má bhunaítear na TACanna le haghaidh na stoc sin ar an leibhéal a moladh, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn de thoradh na hoibleagáide gach gabháil a thabhairt i dtír, lena n‑áirítear foghabhálacha ó na stoic sin, in iascaigh mheasctha. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an t‑iascach a choinneáil ar bun i bhfianaise na n‑impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar gach stoc in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe, is iomchuí TACanna sonracha a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha na stoc sin. Ba cheart leibhéal na TACanna sin a shocrú chun a áirithiú go laghdófar ráta básmhaireachta na stoc sin agus go gcuirfear dreasachtaí ar fáil chun feabhas a chur ar an roghnaíocht agus foghabhálacha na stoc sin a sheachaint. Chun gabhálacha na stoc a laghdú a bhfuil TACanna foghabhála socraithe ina leith, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na n‑iascach as a ngabhtar na stoic sin a shocrú ar leibhéil a chuideoidh le bithmhais na stoc leochaileach a athshlánú go leibhéil inbhuanaithe. Ba cheart bearta teicniúla agus rialaithe a mbeadh dlúthbhaint acu le deiseanna iascaireachta a bhunú freisin chun aischur neamhdhleathach a chosc.
(8)Maidir leis an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thoir, measann ICES go bhfuil an bhithmhais maidir leis an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thoir fós faoi bhun an phointe tagartha teorann maidir le bithmhais an stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh laghdú a bheith ar an acmhainneacht síolraithe (Blim), agus gur ar éigean a tháinig méadú uirthi i gcomparáid le 2022. Dá bhrí sin, molann ICES don 5ú bliain as a chéile gan aon trosc ó Mhuir Bhailt Thoir a ghabháil. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 1380/2013, na hiascaigh spriocdhírithe atá dúnta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun, agus deireadh a chur san am céanna leis an eisceacht maidir le hiascaigh scadán sórtáilte atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ó thréimhse an choiscthe le linn an tséasúir sceite, ós rud é go ndúnfar an t‑iascach atá spriocdhírithe ar scadáin an láir. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.
(9)Maidir leis an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thiar, rinne ICES a chomhairle maidir le comhairle réamhchúraim a íosghrádú mar thoradh ar éiginnteachtaí leanúnacha sa chomhairle. Is cosúil faoi láthair go bhfuil an stoc faoi bhun Blim le formhór na 15 bliana seo caite agus go raibh sé ar leibhéal níos ísle ná riamh in 2022. Tá an chomhairle réamhchúraim maidir le gabhálacha an‑íseal. Sna himthosca sin, is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 1380/2013, na hiascaigh spriocdhírithe atá dúnta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun, agus deireadh a chur san am céanna leis an eisceacht maidir le hiascaigh scadán sórtáilte atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, ós rud é go ndúnfar an t‑iascach atá spriocdhírithe ar scadáin an láir. Thairis sin, is iomchuí deireadh a chur le haon iascach áineasa. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.
(10)Maidir le bradáin i bhforanna 22 go 31 ICES, lean ICES dá chomhairle maidir le gabhálacha nialasacha, chuir sé teorainn leis an bhféidearthacht leanúint d’iascaigh spriocdhírithe shamhraidh chósta d’fhoroinn 31 ICES agus laghdaigh sé a chomhairle maidir le gabhálacha dá réir. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 1380/2013, an limistéar iascaireachta agus leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a choigeartú i gcomhréir le comhairle ICES, agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun.
(11)Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú i bhforoinn 32 ICES, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin idir foranna 22 go 31 ICES agus foroinn 32 ICES in 2019. I bhfianaise na n‑athruithe ar dheiseanna iascaireachta don dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht sin a choinneáil ar bun.
(12)Toirmeasc a chur ar iascaireacht ar bhric gheala thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus teorannú a dhéanamh ar fhoghabhálacha breac geal go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán, bhí ról acu maidir le laghdú substaintiúil ar an míthuairisciú nach beag a bhí ann roimhe sin ar ghabhálacha san iascach bradán, go háirithe iad siúd a thuairiscítí mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí, dá bhrí sin, na srianta atá ann cheana a choinneáil ar bun chun an míthuairisciú a choinneáil ag leibhéal íseal.
(13)Ba cheart bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc agus bradán, agus bearta chun na stoic breac geal agus bradán a chaomhnú, a bheith gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 1380/2013.
(14)Maidir le scadáin i Murascaill na Boitnia, laghdaigh ICES bithmhais an stoic atá faoi bhun an phointe tagartha anois ar faoina bun a bhfuil gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta le déanamh (Btrigger). Thairis sin, deir ICES gurb é 9 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi bhun Blim in 2025, fiú gan aon ghabháil in aon chor. Sna himthosca sin, is iomchuí na hiascaigh spriocdhírithe a dhúnadh de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.
(15)Maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, measann ICES, cé gur tháinig méadú ar bhithmhais an stoic, nach bhfuil inti ach 71 % de Blim. Thairis sin, tá an earcaíocht fós ar leibhéil níos ísle ná riamh agus meastar nach n‑athshlánófar an bhithmhais os cionn Blim in 2025. Dá bhrí sin, molann ICES don 6ú bliain as a chéile gan aon scadán ó Mhuir Bhailt Thiar a ghabháil. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2016/1139, na hiascaigh spriocdhírithe atá dúnta a choinneáil ar bun agus deireadh a chur leis an eisceacht maidir le hiascairí ar mionscála. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.
(16)Maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir, measann ICES anois go bhfuil an stoc faoi bhun Blim den chuid is mó le 30 bliain anuas, lena n‑áirítear é a bheith faoina bhun le blianta beaga anuas. Thairis sin, fiú gan aon ghabháil in aon chor, is é 22 % an dóchúlacht go bhfanfaidh an stoc faoi bhun Blim in 2025. Sna himthosca sin, is iomchuí na hiascaigh spriocdhírithe a dhúnadh de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.
(17)Maidir le scadáin i Murascaill Ríge, measann ICES go bhfuil an bhithmhais os cionn Btrigger agus go bhfuil an brú iascaireachta ag FMSY Measann ICES freisin go meascann an stoc sin le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir. Bunaithe ar mheastacháin ICES, cuireadh an meascadh sin san áireamh roimhe seo agus na deiseanna iascaireachta ar leith á socrú. Mar sin féin, i bhfianaise an stádais maidir leis an stoc scadán ó Mhuir Bhailt Láir, níor cheart an méid scadán ó Mhuir Bhailt Láir a aistríonn isteach i Murascaill Ríge a chur leis an TAC le haghaidh scadán i Murascaill Ríge le haghaidh 2024. Sna himthosca sin, is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú sa an raon is airde de FMSY chun na héagsúlachtaí ó bhliain go bliain a theorannú go méid nach mó ná 20 % de bhun Airteagal 4(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/1139.
(18)Maidir le leathóga, de réir na comhairle ó ICES bíonn troisc á bhfoghabháil in iascaigh leathóg. Thairis sin, tá méadú suntasach tagtha ar an ráta aischuir leathóg. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tosca sin a chur san áireamh agus na deiseanna iascaireachta le haghaidh leathóg a shocrú dá réir.
(19)Maidir le saláin, measann ICES nach raibh aon earcaíocht láidir ann ó bhí 2014 ann, cé go bhfuil an bhithmhais os cionn Btrigger. Ina theannta sin, measann ICES go raibh an earcaíocht ar leibhéal níos ísle ná riamh in 2021 agus 2022. Thairis sin, is minic gur iascaigh mheasctha iad na hiascaigh salán, ina mbíonn scadáin freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tosca sin a chur san áireamh agus na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán a shocrú dá réir.
(20)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 33 de maidir le gabhálacha agus an iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus Airteagal 34 de maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír faoi réir an Rialacháin seo atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún acu.
(21)Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, leagtar síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‑áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, tá an Chomhairle le cinneadh, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 leagtar síos freisin an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3(2), 3(3) agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(22)Tá an bhithmhais maidir le troisc ó Mhuir Bhailt Thoir, troisc ó Mhuir Bhailt Thiar, scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin ó Mhuir Bhailt Láir faoi bhun an Blim. Tá an bhithmhais maidir le stoc scadán na Boitnia faoi bhun Btrigger agus meastar go dtiocfaidh sí an‑ghar do Blim in 2024. Ní cheadaítear ach iascaigh foghabhála agus iascaigh eolaíocha i gcás na stoc sin uile in 2024. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise athléimneacht réasúnta íseal éiceachóras Mhuir Bhailt, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a bhfuil sciar cuóta de na TACanna ábhartha acu gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2024, ionas nach rachaidh gabhálacha in 2024 thar na TACanna ábhartha. Thairis sin, i bhforanna 22-30 ICES, tá an bhithmhais maidir le gach stoc bradán sna haibhneacha faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh gealóg (Rlim) agus ní cheadófar ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2024. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit ábhartha gealltanas comhchosúil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i ndáil le gabhálacha bradán sa phríomh‑imchuach in 2024.
(23)[ionadchoinneálaí le haghaidh ‘trosc Ioruach’ - Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh an troisc Ioruaigh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a. Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair a bheidh an tréimhse iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha. Chun go bhféadfar tús a chur leis an iascach an 1 Samhain 2023, agus ar bhonn comhairle eolaíoch nua agus tar éis dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, is gá TAC sealadach a shocrú le haghaidh troisc Ioruacha i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. Ba cheart an TAC sealadach sin a shocrú i gcomhréir le comhairle ICES a foilsíodh an 9 Deireadh Fómhair 2023.]
(24)[ionadchoinneálaí le haghaidh modhnuithe eile].
(25)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir.
(26)Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2024. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le troisc Ioruacha i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024, ós rud é gurb é sin séasúr iascaireachta an troisc Ioruaigh. Ar chúiseanna práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2024 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2023/194.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.
2.Tá feidhm aige freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(2)ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe (TAC)’:
(a)in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;
(b)i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil as gach stoc gach bliain;
(3)ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;
(4)ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt mar shampla;
(5)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, lena n‑áirítear meastóireacht atá bunaithe ar athróga, ar sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar;
(6)ciallaíonn ‘TAC anailíseach’ TAC a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith.
CAIBIDIL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA
Airteagal 4
TACanna agus cionrannta
Leagtar amach san Iarscríbhinn na TACanna, na cuótaí agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo.
Airteagal 5
Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta
1.Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(b)asbhaintí agus ath‑chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(c)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(d)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(e)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2.Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó anailíseacha chun na TACanna agus na cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 847/96 a shainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
3.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TAC réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.
4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‑úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Sainaithnítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun críocha an mhaolaithe ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha dá bhforáiltear san Airteagal sin.
Airteagal 7
Dúnadh chun sceitheadh trosc a chosaint
1.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.
2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.
3.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.
4.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 3 sna cásanna seo a leanas:
(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;
(c)soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22 i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.
5.Áiritheoidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), agus mír 4, pointí (b) agus (c), go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit inniúil faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíocht iascaireachta tráth ar bith.
Airteagal 8
Bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 26
Beidh toirmeasc ar iascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 26.
Airteagal 9
Bearta maidir le hiascaigh áineasa bradán i bhforanna 22 go 31
1.Beidh toirmeasc ar iascaigh áineasa bradán i bhforanna 22-31. Aon eiseamal den bhradán a gabhadh de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.
2.De mhaolú ar mhír 1, déanfar iascaigh áineasa bradán a cheadú faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a)ní fhéadfar níos mó ná an t‑aon eiseamal amháin de bhradáin a bhfuil a n‑eite shaille gearrtha a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire áineasa in aghaidh an lae;
(b)tar éis dó an chéad bhradán a bhfuil a eite shaille gearrtha a ghabháil, scoirfidh an t‑iascaire áineasa d’iascaireacht bradán ar feadh an chuid eile den lá;
(c)déanfar gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír ina eiseamal iomlán.
3.De mhaolú breise ar mhír 1, ceadófar iascaigh áineasa bradán i bhforoinn 31 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte.
4.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 10
Bearta maidir leis an stoic breac geal agus bradán i bhforanna 22 go 32 a chaomhnú
1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais bric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 32. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal a bheidh ar bord tráth ar bith nó a tugadh i dtír tar éis gach turais iascaireachta.
2.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ar bhric gheala nó bradáin thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 31.
3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 11
Tarchur sonraí
Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil nó arna dtabhairt i dtír chuig an gCoimisiún de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:
(1)In Iarscríbhinn IA, Cuid B, in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha (Trisopterus esmarkii) i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES, cuirtear an méid seo a leanas:
‘
|
Speiceas:
|
an trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara
|
Limistéar:
|
3a; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a
|
|
|
Trisopterus esmarkii
|
|
|
(NOP/2A3A4.)
|
|
|
|
Bliain
|
2023
|
|
2024
|
|
|
TAC anailíseach
|
|
|
An Danmhairg
|
46 929
|
(1)(3)
|
pro memoria (pm)
|
(1)(6)
|
|
Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96
|
|
An Ghearmáin
|
9
|
(1)(2)(3)
|
pm
|
(1)(2)(6)
|
|
Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96
|
|
An Ísiltír
|
35
|
(1)(2)(3)
|
pm
|
(1)(2)(6)
|
|
|
|
|
|
|
An tAontas
|
46 973
|
(1)(3)
|
pm
|
(1)(6)
|
|
|
|
|
|
|
An Ríocht Aontaithe
|
11 439
|
(2)(3)
|
pm
|
(2)(6)
|
|
|
|
|
|
|
An Iorua
|
0
|
(4)
|
pm
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
Oileáin Fharó
|
0
|
(5)
|
pm
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
TAC
|
58 412
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
|
Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina bhfoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.
|
|
(2)
|
Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a, 3a agus 4.
|
|
|
|
|
|
(3)
|
Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.
|
|
|
|
|
|
(4)
|
Bainfear úsáid as greille shórtála.
|
|
|
|
|
|
|
(5)
|
Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.
|
|
|
(6)
|
Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.
|
|
’;
(2)[ionadchoinneálaí].
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024.
De mhaolú ar an dara mír:
(a)Beidh feidhm ag Airteagal 12, pointe (1), ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;
(b)[ionadchoinneálaí].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán