AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2023
COM(2023) 395 final
2023/0272(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 395 final} - {SWD(2023) 395 final} - {SWD(2023) 396 final} - {SWD(2023) 397 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
·Forais agus cuspóirí an togra
Is dúil thar a bheith guaiseach é an mearcair a mbaineann riosca mór leis don chomhshaol agus do shláinte an duine. Is néaratocsain chumhachtach é a spreagann damáiste buan inchinne agus duáin in aosaigh agus a dhéanann difear d’fhorbairt féatais agus luathóige. Dá réir sin, tá mearcair aicmithe faoi dhlí an Aontais mar dhúil atá tocsaineach don atáirgeadh, marfach má ionanálaítear é, a dhéanann damáiste do na horgáin uile trí nochtadh fada nó ilnochtadh agus atá an‑tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí díobhálacha fadtréimhseacha.
I bhfianaise an riosca a bhaineann le mearcair do shláinte an duine agus don chomhshaol araon, d’fhorbair an Coimisiún, in 2005, Sainstraitéis maidir le Mearcair arna athbhreithniú in 2010 lena n‑iarrtar ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar gach gné de mhearcair, lena n‑áirítear a úsáid i dtáirgí. Dá thoradh sin, tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an gconclúid seo a leanas:
‘Ba cheart táirgí ar cuireadh mearcair leo, i gcás inar ann do roghanna malartacha inmharthana, a chéimniú amach a ghasta agus a iomláine is féidir, agus é mar sprioc dheiridh gur cheart na táirgí uile ar cuireadh mearcair leo a chéimniú amach, agus imthosca teicniúla agus eacnamaíocha agus riachtanais taighde agus forbartha eolaíche á gcur san áireamh.’
Tagann an togra seo faoi chomhthéacs beartais níos leithne freisin trína bheith ag rannchuidiú le comhlíonadh chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht agus an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (anseo feasta; ‘ZPAP’) a glacadh faoi. Is é is aidhm dó go háirithe gealltanas an Aontais a chomhlíonadh go dtabharfaidh sé ceannaireacht le dea‑sampla agus a áirithiú nach ndéanfar ceimiceáin ghuaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas a tháirgeadh lena n‑onnmhairiú i gcomhréir le Tionscnamh Suaitheanta 8 den Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú maidir le lorg truailliúcháin seachtrach an Aontais a íoslaghdú, lena n‑áirítear trí reachtaíocht ábhartha a leasú. Thairis sin, rannchuidíonn an tionscnamh sin le forbairt creata nua Aontais um tháirgí inbhuanaithe, chomh maith le clár oibre an Aontais maidir leis an dícharbónú trí roghanna malartacha soilsithe níos fuinneamhéifeachtúla, amhail lampaí dé‑óide astaithe solais (LED), a bheith á gcur in ionad lampaí ina bhfuil mearcair a chur chun cinn.
Is é Rialachán (AE) 2017/852 (an Rialachán maidir le Mearcair anseo feasta) an phríomhionstraim de dhlí an Aontais atá tiomnaithe do mhearcair agus comhdhúile mearcair (‘mearcair’ nó ‘Hg’ anseo feasta) lena dtugtar aghaidh ar shaolré iomlán na substainte sin ó mhianadóireacht phríomha mearcair go dtí diúscairt dramhaíola mearcair ar deireadh agus lena dtrasuitear Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘Coinbhinsiún Minamata’ nó ‘Coinbhinsiún’ anseo feasta) arna dhaingniú ag an Aontas i mí na Bealtaine 2017 agus ag na Ballstáit uile. Ceann de na príomhghnéithe ar a dtugtar aghaidh leis an Rialachán maidir le Mearcair, baineann sí le húsáid mearcair i dtáirgí trí thoirmisc a chur ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú raon táirgí ar cuireadh mearcair leo, rud a chomhlánaíonn dá réir sin forálacha a leagtar síos in ionstraimí eile Aontais lena socraítear teorainneacha maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar an margadh agus a allmhairiú. D’fhonn Eoraip saor ó mhearcair a bhunú, tugtar aghaidh leis an togra ar na húsáidí deiridh atá fágtha de na húsáidí a bhaintear d’aon ghnó as mearcair i dtáirgí san Aontas.
De réir an chlásail athbhreithnithe a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán maidir le Mearcair, iarrtar ar an gCoimisiún toradh a mheasúnaithe maidir leis na nithe seo a leanas a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:
(a)a indéanta a bheadh sé úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach go hiomlán, agus b’fhearr sin faoi 2030, agus an gá go ndéanfaidh an tAontas rialáil ar astaíochtaí mearcair gaolmhara ó chréamatóiriamaí;
(b)na sochair chomhshaoil a bhaineann le toirmeasc a chur ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí eile atá fágtha ar cuireadh mearcair leo, agus a indéanta a bheadh an toirmeasc sin, ar táirgí iad a bhfuil a gcur ar an margadh toirmiscthe cheana nó le toirmeasc go luath i gcomhréir le hionstraimí eile Aontais.
Foráiltear le mír 3 d’Airteagal 19 go gcuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an measúnú thuasluaite i láthair.
Ghlac an Coimisiún i mí Lúnasa 2020 a Thuarascáil Athbhreithnithe maidir lena indéanta a bheadh sé úsáid mearcair i malgam fiaclóireachta agus i dtáirgí eile a chéimniú amach. Sa tuarascáil sin agus i measúnú tionchair an Choimisiúin ina dhiaidh sin araon, léiríodh a iomchuí a bheadh sé togra reachtach a chur i láthair chun úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach agus chun srian a chur le monarú agus onnmhairiú lampaí áirithe ina bhfuil mearcair.
Is í malgam fiaclóireachta an úsáid is mó atá fágtha de na húsáidí a bhaintear d’aon ghnó as mearcair san Aontas, agus meastar gur úsáideadh thart ar 40 t in 2019. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán maidir le Mearcair, cuirtear toirmeasc páirteach cheana féin ón 1 Eanáir 2018 ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhiúlfhiacla agus ar dhaoine den phobal atá soghonta (i.e., leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois agus mná atá torrach agus mná atá ag cothú linbh ar an gcíoch), ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis ar bhonn riachtanais shonracha leighis an othair. Ina theannta sin, faoi Airteagal 10(3), bhí ar na Ballstáit plean náisiúnta a fhorbairt faoin 1 Iúil 2019 maidir le húsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú síos.
A mhéid a bhaineann le táirgí eile ar cuireadh mearcair leo, cuirtear toirmeasc le hAirteagal 5 ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear in Iarscríbhinn II ó na dátaí céimnithe amach a shonraítear inti (ón 31 Nollaig 2018 nó 2020), ach amháin i gcás ina measfar go bhfuil siad fíor‑riachtanach le haghaidh úsáidí cosanta sibhialta agus míleata nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh taighde, calabrú ionstraimí nó mar chaighdeán tagartha. Na táirgí ar cuireadh mearcair leo dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, is táirgí iad a bhfuil roghanna malartacha saor ó mhearcair atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil lena n‑aghaidh. Liostaítear faoi láthair le hIarscríbhinn II na sé chineál táirgí ar cuireadh mearcair leo seo a leanas:
·ceallraí agus taisc‑cheallraí,
·lasca agus athsheachadáin áirithe,
·raon lampaí ina bhfuil mearcair, lena n‑áirítear dlúthlampaí fluaraiseacha (CFLanna) agus lampaí fluaraiseacha líneacha (LFLanna) áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta, lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFLanna EEFLanna) ar cuireadh mearcair leo le haghaidh taispeáintí leictreonacha agus gal‑lampaí mearcair ardbhrú (HPMVanna) chun críoch soilsithe ghinearálta.
·cosmaidí (seachas roinnt táirgí súl),
·lotnaidicídí, bithicídí agus antaiseipteáin logánta,
·feistí tomhais neamhleictreonacha áirithe (e.g. teirmiméadair, baraiméadair).
Tráth a glacadh an Rialachán maidir le Mearcair (mí na Bealtaine 2017), na táirgí thuasluaite ar cuireadh mearcair leo a chuimsítear in Iarscríbhinn II, ba tháirgí iad a raibh a gcur ar an margadh agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas toirmiscthe cheana i gcomhréir le hionstraimí eile Aontais, lena n‑áirítear Treoir (CE) 2006/66 maidir le ceallraí, Rialachán (CE) 1907/2006 REACH, Rialachán (CE) 1223/2009 maidir le táirgí cosmaideacha agus Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (‘Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha’ anseo feasta).
I bhfianaise infhaighteacht mhéadaithe roghanna malartacha saor ó mhearcair atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, tá táirgí breise ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta nua idir an dá linn maidir lena gcur ar an margadh agus a n‑allmhairiú faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha. I ndáil leis sin, tá monarú agus onnmhairiú leanúnach na dtáirgí sin ar cuireadh mearcair leo ina gcúis shuntasach le truailliú mearcair, go háirithe i dtríú tíortha a bhfuil easpa acmhainní go minic acu chun a áirithiú go ndéanfaí bainistíocht chomhshaoil fhónta ar dhramhaíl agus ina gcuireann táirgí de dhéantús an Aontais, dá bhrí sin, leis an ualach náisiúnta táirgí guaiseacha agus leis an riosca do mhiondíoltóirí áitiúla, úsáideoirí deiridh agus áitritheoirí. Onnmhairíodh 13-38 t mearcair ón Aontas in 2018 i bhfoirm malgaim fiaclóireachta chomh maith le 0.5 t mearcair i lampaí (atá coibhéiseach le 156 mhilliún lampa ina bhfuil mearcair) in 2020.
Dá bhrí sin, féachann an togra lena áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir an Rialachán maidir le Mearcair agus an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha agus, dá réir sin, le rannchuidiú le gealltanais an Aontais faoi Thionscnamh Suaitheanta 8 den Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú trí mhonarú agus onnmhairiú na lampaí seo a leanas ina bhfuil mearcair a chéimniú amach:
–Le hIarscríbhinn II (Cuid A) (iontráil 3) a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, cuirtear toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na CFLanna seo a leanas chun críoch soilsithe ghinearálta: (i) CFL.i ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair > 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa agus (ii) CFL.ni ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair > 3,5 mg in aghaidh an dóire lampa.
Mar bheart leantach i ndáil le glacadh Threoir Tarmligthe (AE) 2022/276 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III (iontrálacha 1, 1(a), 1(b), 1(c), 1(d) agus 1(e)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ón 24 Feabhra 2023 ar aghaidh, ní fhéadtar aon CFL a úsáidtear chun críoch soilsithe ghinearálta a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a chion mearcair nialasach.
–Le hIarscríbhinn II (Cuid A) (iontráil 4, pointe a) a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, cuirtear toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú LFLanna fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta de < 60 W ina bhfuil cion mearcair > 5 mg in aghaidh an dóire lampa.
Mar bheart leantach i ndáil le glacadh Threoir Tarmligthe (AE) 2022/284 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III (iontrálacha 2(a), 2(a)(1), 2(a)(2), 2(a)(3), 2(a)(4) agus 2(a)(5)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ón 24 Feabhra 2023 nó ón 24 Lúnasa 2023 ar aghaidh, ní fhéadtar aon LFL fosfair trí bhanda a úsáidtear chun críoch soilsithe ghinearálta a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a chion mearcair nialasach.
–De bharr nach gcumhdaítear lampaí fluaraiseacha fosfair neamhlíneacha trí bhanda le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, ní cheadaítear le Treoir Tarmligthe (AE) 2022/282 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III (iontráil 2(b)(3)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ón 24 Feabhra 2025 ar aghaidh, lampaí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a gcion mearcair nialasach.
–Le hIarscríbhinn II (Cuid A) (iontráil 4, pointe b) a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, cuirtear toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú LFLanna fosfair halafosfáite de < 40 vata ina bhfuil cion mearcair > 10 mg in aghaidh an dóire lampa.
Le hIarscríbhinn III (iontráil 2(b)(1)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ní cheadaítear lampaí fosfair halafosfáite líneacha a bhfuil feadán > 28 mm ar trastomhas acu (e.g., T10 agus T12) a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a gcion mearcair nialasach amhail an 13 Aibreán 2012.
–De bharr nach gcumhdaítear lampaí fluaraiseacha fosfair halafosfáite neamhlíneacha le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, ní cheadaítear le hIarscríbhinn III (iontráil 2(b)(2)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ón 13 Feabhra 2016, lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a gcion mearcair nialasach.
–De bharr nach gcumhdaítear gal‑lampaí sóidiam ardbhrú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair faoi láthair, ní cheadaítear le Treoir Tarmligthe (AE) 2022/283 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III (iontrálacha 4(b)(I), 4(b)(II) agus 4(b)(III)) a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ón 24 Feabhra 2023 ar aghaidh, gal‑lampaí sóidiam ardbhrú le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe Ra > 60: P ≤ 155 W, > 60: 155 W < P ≤ 405 W nó > 60: P > 405 W a chur ar mhargadh an Aontais ná a allmhairiú ach amháin má tá a gcion mearcair nialasach.
Ina theannta sin, ní hamháin go bhféachann an togra le comhleanúnachas le dlí an Aontais maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo a áirithiú, ach féachann sé freisin le Cinneadh MC‑4/3 ó Choinbhinsiún Minamata arna ghlacadh ag na Páirtithe ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin i mí an Mhárta 2022 (‘COP4’ anseo feasta) a chur chun feidhme, lena leasaítear, inter alia, Iarscríbhinn A (Cuid I) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an liosta de tháirgí eile ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmeasc ar mhonarú agus ar thrádáil idirnáisiúnta.
De facto, trí Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair a ailíniú leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, cuirtear lampaí a chumhdaítear le Cinneadh MC‑4/3 (mír 5) atá le breithniú ag COP5 (mí na Samhna 2023) isteach sa Rialachán sin leis an togra seo, rud a thugann ról ceannaireachta don Aontas le haghaidh caibidlíocht idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo. Baineann sé sin leis na lampaí seo a leanas:
·LFLanna fosfair halafosfáite > 40 vata;
·LFLanna fosfair halafosfáite ≤ 40 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 10 mg in aghaidh an lampa;
·LFLanna fosfair halafosfáite < 60 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 5 mg/lampa
Cé go gcumhdaítear leis an togra seo na trí iontráil thuasluaite gan beann ar Chinneadh MC‑4/3 mír 5, a bhuí leis an sainordú Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair a ailíniú leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, tá an cinneadh sin fós ábhartha maidir leis na dátaí céimnithe amach. Dá bhrí sin, beartaítear leis an togra seo na dátaí céimnithe amach is uaillmhianaí atáthar ag brath a dhéanamh faoi mhír 5 le haghaidh na dtáirgí sin agus, tríd an méid sin a dhéanamh, léirítear leis uaillmhian leanúnach an Aontais faoi Choinbhinsiún Minamata, rud atá léirithe sa togra reachtach a rinne an tAontas roimh COP4 agus sa sainordú caibidlíochta ábhartha a thug na Ballstáit don Choimisiún.
Thairis sin, tá an togra seo ina chomhlánú freisin ar Chinneadh MC‑4/3 (mír 1) lena ndearnadh ocht gcinn nua de tháirgí ar cuireadh mearcair leo a chur le hIarscríbhinn A (Cuid I) a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata, lena n‑áirítear CLFi chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 5 mg in aghaidh an dóire lampa. Cuirfear toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí sin ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. Trasuitear é sin isteach in Iarscríbhinn II (Cuid A) a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair trí bhíthin an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún a bheartaítear i gcomhthráth. Tá údar le húsáid Rialacháin Tharmligthe de réir Airteagal 20 den Rialachán maidir le Mearcair.
I bhfianaise an mhéid thuas, is iad seo a leanas cuspóirí an togra seo:
(i)
an toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta a leathnú chuig an bpobal trí chéile
san Aontas ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh (céimniú amach iomlán), agus an ceart ag
cleachtóirí fiaclóireachta é a úsáid fós i gcás ina measfar go bhfuil géarghá leis chun aghaidh a thabhairt ar
riachtanais shonracha leighis an othair (e.g., ailléirgí, saincheisteanna rialaithe taise, etc.) á choimirciú.
(ii)
toirmeasc a chur ar mhalgam fiaclóireachta a mhonarú san Aontas agus a onnmhairiú
ón 1 Eanáir 2025.
(iii)
na sé tháirge bhreise seo a leanas ar cuireadh mearcair leo a chur faoi réir toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
trína gcur le hIarscríbhinn II:
·CFLanna chun críoch soilsithe ghinearálta, nach gcumhdaítear go fóill le hIarscríbhinn II ná leis an leasú gaolmhaireacht ar Iarscríbhinn II a leanann as an nGníomh Tarmligthe a luaitear thuas;
·LFLanna fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn II go fóill;
·LFLanna fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn II go fóill;
·Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha chun críoch soilsithe ghinearálta;
·Lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha;
·Lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta.
Leis an togra seo, ní thugtar isteach oibleagáid uile‑Aontais ar na Ballstáit ná ar oibreoirí teicneolaíocht laghdaithe astaíochtaí mearcair a fheistiú ar chréamatóiriamaí. Cé go ndearna an Coimisiún measúnú ar an ngá atá ann don Aontas na hastaíochtaí mearcair gaolmhara ó chréamatóiriamaí a rialáil i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán, thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú nach mbeadh na costais agus na hualaí riaracháin comhréireach vis-à-vis na cuspóirí comhshaoil atá á saothrú agus go mbeidís scaipthe go míchothrom freisin ar fud na mBallstát (féach freisin Roinn 3).
·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ní as féin atá feidhm ag an Rialachán maidir le Mearcair ach i gcomhcheangal le forálacha mearcair a leagtar síos in ionstraimí eile Aontais lena socraítear rialuithe sonracha inter alia maidir le hastaíochtaí mearcair isteach san aer agus san uisce, lena n‑áirítear ó shuiteálacha tionsclaíocha, stóráil shealadach dramhaíola mearcair agus an cion mearcair i mbia mara. Mar a shonraítear thuas, is é is aidhm don tacar ionstraimí agus forálacha Aontais maidir le mearcair Eoraip atá saor ó mhearcair a bhaint amach.
Rannchuidíonn an togra seo leis an gcuspóir beartais sin trí shrianta breise a chur ar úsáid mearcair i dtáirgí áirithe ar cuireadh mearcair leo, i.e. malgam fiaclóireachta agus lampaí ina bhfuil mearcair. Agus é sin á dhéanamh dó, méadaíonn sé comhsheasmhacht inmheánach dhlí an Aontais maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo tríd an toirmeasc ar na lampaí lena mbaineann a bhfuil mearcair iontu a chur ar mhargadh an Aontais nó a allmhairiú, ar toirmeasc é a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, a chomhlánú le toirmeasc ar mhonarú lampaí den sórt sin san Aontas agus ar a n‑onnmhairiú.
Tá comhthreomhaireacht freisin idir an Rialachán maidir le Mearcair agus Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (Rialachán PIC) toisc go ndéantar inneachar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair a áireamh go córasach in Iarscríbhinn V (Cuid 2) a ghabhann le Rialachán PIC chun críoch comhsheasmhachta. Leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair a eascraíonn as an togra seo, tugtar le fios leis go ndéanfar iad a chomhtháthú ansin in Iarscríbhinn V (Cuid 2) a ghabhann le Rialachán PIC, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí iad.
·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Rannchuidíonn an tionscnamh seo le Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht 2020 agus le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú 2021, a ghlactar faoin gComhaontú Glas don Eoraip, a chur chun feidhme.
Faoi na doiciméid bheartais sin, iarrann an Coimisiún go háirithe go gcuirfear toirmeasc ar na ceimiceáin is díobhálaí in earraí tomhaltais agus tá geallta aige ‘go dtabharfaidh sé ceannaireacht le dea‑shampla, agus, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, go n‑áiritheoidh sé nach ndéanfar ceimiceáin ghuaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas Eorpach a tháirgeadh lena n‑onnmhairiú, lena n‑áirítear trí reachtaíocht ábhartha a leasú más gá agus de réir mar is gá’, agus a lorg truailliúcháin seachtrach a laghdú dá réir (Tionscnamh Suaitheanta 8 den Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú).
Ina theannta sin, rannchuidíonn an tionscnamh sin le dhá Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) a chur chun feidhme laistigh den Aontas, i.e. saol sláintiúil a áirithiú agus dea‑bhail a chur chun cinn do gach duine gan beann ar aois (Sprioc 3) agus patrúin tomhaltais agus táirgeachta inbhuanaithe a áirithiú (Sprioc 12), agus le clár oibre an Aontais maidir leis an dícharbónú trí roghanna malartacha soilsithe níos fuinneamhéifeachtúla, amhail lampaí dé‑óide astaithe solais (LED), a bheith á gcur in ionad lampaí ina bhfuil mearcair a chur chun cinn.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
·Bunús dlí
Baineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine. Dá réir sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an Rialacháin atá beartaithe.
·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Eascraíonn an tionscnamh seo go díreach as Airteagal 19 den Rialachán maidir le Mearcair. Sonraítear le mír 3 den fhoráil sin go gcuirfidh an Coimisiún togra reachtach i láthair, más iomchuí, in éineacht lena thuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
Mar a luaitear thuas, thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil Athbhreithnithe go bhfuil gá le gníomhaíocht an Aontais chun, inter alia, úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach go hiomlán san Aontas agus reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo a ailíniú. Cé gur féidir leis na Ballstáit an méid sin a dhéanamh, bheadh sé ní b’éifeachtaí agus ní b’éifeachtúla dá ndéanfaí ar leibhéal an Aontais é i bhfianaise chineál na mbeart atá le déanamh (i.e., toirmeasc aonfhoirmeach ar úsáid malgaim fiaclóireachta, ailíniú dhlí an Aontais maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo).
Is truailleán trasteorann é mearcair, a thaistealaíonn thar theorainneacha náisiúnta, idir na Ballstáit agus thar theorainneacha seachtracha an Aontais araon. Dá réir sin, is féidir rialú iomchuí éifeachtach ar thruailliú a bhaint amach níos gasta agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais i gcomparáid leis na Ballstáit a bheith ag gníomhú astu féin ar bhealach neamh‑chomhordaithe.
Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, bheifí in ann creat dlíthiúil níos comhsheasmhaí agus níos soiléire a bhunú freisin trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile na saincheiste, ó mhonarú go honnmhairiú. Chuirfeadh rialacha soiléire beachta uile‑Aontais ar a gcumas do dhaoine aonair agus daoine dlítheanacha lena mbaineann a gcearta agus a n‑oibleagáidí ina n‑iomláine a fhionnadh.
Ba ghníomhaí ríthábhachtach i gcónaí é an tAontas ar an leibhéal domhanda, á mholadh go ndéanfaí gach úsáid mearcair agus a thrádáil uile a chéimniú amach go gasta. Dlí an Aontais a bheith comhleanúnach leis an mbeartas sin, dá bhrí sin, neartóidh sé inchreidteacht an Aontais agus imreoidh sé tionchar dearfach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ar an leibhéal idirnáisiúnta.
·Comhréireacht
Sa doiciméad Measúnaithe Tionchair a ghabhann leis an togra seo tá measúnú comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar gach rogha beartais. Cuirtear toradh na hanailíse sin san áireamh go hiomlán in inneachar an togra seo. An céimniú amach beartaithe d’úsáid, monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta agus an toirmeasc beartaithe ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú lampaí ábhartha ina bhfuil mearcair, meastar go bhfuil siad comhréireach. Trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an gcéimniú amach agus an toirmeasc thuasluaite sin, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir comhshaoil atá á shaothrú a bhaint amach, i.e., Eoraip atá saor ó mhearcair, nach n‑onnmhaireoidh a thuilleadh táirgí ar cuireadh mearcair leo a bhfuil roghanna malartacha saor ó thocsainí agus níos fuinneamhéifeachtúla ar fáil lena n‑aghaidh.
Leis an measúnú ar an rogha beartais lena gcuimsítear rialáil ar astaíochtaí mearcair ó chréamatóiriamaí bunaithe ar oibleagáid teicneolaíocht laghdaithe astaíochtaí a úsáid, thángthas ar an gconclúid nach mbeadh na costais agus na hualaí riaracháin gaolmhara comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú agus, dá bhrí sin, ní choinnítear an rogha sa togra seo.
·An rogha ionstraime
Ós Rialachán í an ionstraim Aontais atá á leasú, is i bhfoirm Rialacháin atá an togra.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Faoi chuimsiú fhorbairt an Mheasúnaithe Tionchair, eagraíodh raon gníomhaíochtaí éagsúla comhairliúcháin idir mí na Nollag 2021 agus mí Mheán Fómhair 2022 chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara. Chuathas i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara trí cheistneoir spriocdhírithe ina raibh ceisteanna speisialaithe sna trí réimse sainleasa (malgam fiaclóireachta, astaíochtaí mearcair ó chréamatóiriamaí agus táirgí ar cuireadh mearcair leo), agallaimh leantacha, dhá cheardlann chomhairliúcháin agus grúpa fócais. Chuathas i gcomhairle le gach páirtí leasmhar ábhartha eile tríd an gceistneoir comhairliúcháin phoiblí a óstáladh ar an tairseach ‘Cloisimis uait’. Leagtar amach thíos an príomh‑ionchur a fuarthas maidir leis na trí réimse fadhbanna:
A mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta, creideann níos mó ná 70 % de na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo go mbeadh céimniú amach ginearálta ag teastáil chun scor de mhalgam fiaclóireachta ar bhonn uile‑Aontais, agus creideann 28 % gurb éard ab iomchuí céimniú síos de réir a chéile a bheadh le roghnú ag gach Ballstát de réir tosaíochtaí agus coinníollacha náisiúnta. Bunaithe ar thorthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí ar Líne, tugann saoránaigh, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais cleachtóirí fiaclóireachta comhshaoil tacaíocht ar bhonn leathan do chéimniú amach malgaim fiaclóireachta faoi 2025. Chuir comhlachais ghnó agus cleachtóirí fiaclóireachta i dtábhacht gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine ar ioncam íseal ar réitigh mhalartacha lena n‑áirítear raon iomlán beart coisctheach maidir le sláinteachas fiacla agus go dtabharfar riachtanais shonracha leighis othar san áireamh mar is cuí. Chuir dornán eagraíochtaí ábhair imní in iúl maidir le céimniú amach luath, á léiriú go bhféadfadh sé gur leor treochtaí i mbearta coisctheacha agus i bhfeachtasaíocht maidir le sláinte béil chun úsáid malgaim fiaclóireachta a laghdú.
Maidir le hastaíochtaí mearcair gaolmhara ó chréamatóiriamaí, tá tuiscint ghinearálta ag na páirtithe leasmhara go bhfuil siad nasctha go díreach le húsáid leanúnach malgaim fiaclóireachta agus thacaigh tromlach na bhfreagróirí le beartas uile‑Aontais chun astaíochtaí mearcair ó chréamatóiriamaí a rialú.
Táirgí ar cuireadh mearcair leo: Aontaíonn comhlachais ghnó, údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhfuil freagracht ar an Aontas, i gcomhthéacs Choinbhinsiún Minamata, leanúint de bheith ag tabhairt ceannaireacht dhomhanda chun foinsí mearcair antrapaigineacha a chéimniú amach. I ndáil leis sin, is príomheilimint iad srianta ar mhonarú agus ar thrádáil idirnáisiúnta táirgí ar cuireadh mearcair leo, go háirithe i gcás ina mbeidh roghanna malartacha indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch. Ba é tuairim láidir na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha uile gur cheart don Aontas deireadh a chur le táirgeadh agus onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo, a bhfuil toirmeasc orthu cheana ar an margadh inmheánach, óir is cleachtas é a thagann salach go díreach ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Thacaigh comhlachais ghnó le gníomhaíochtaí comhchuibhithe go domhanda, ach chuir siad in iúl gur fearr leo toirmeasc idirnáisiúnta i bhfianaise an éilimh i dtríú tíortha agus tríú tíortha a bheith á soláthar.
·Bailiú agus úsáid saineolais
Faoi chreatchonradh (FWC) ENV.F.1/FRA/2019/0001, chuir an Coimisiún Eorpach comhairleoir seachtrach ar conradh chun conradh sonrach a dhéanamh cúnamh a thabhairt maidir leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an Athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le Mearcair.
·Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair agus dá thoradh thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 24 Márta 2023.
Maidir le húsáid malgaim fiaclóireachta, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair gurb í an rogha beartais ab fhearr oibleagáid uile‑Aontais a thabhairt isteach chun úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach ó 2025 ar aghaidh, ina fhianaise (i) go mbeadh na sochair chomhshaoil agus shláinte ba mhó ann dá thoradh, lena n‑áirítear i dtéarmaí laghduithe ar astaíochtaí mearcair ó chréamatóiriamaí, (ii) gur féidir an tráthchlár sin a chur chun feidhme mar atá léirithe ag na Ballstáit sin a rinne úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach cheana nó a bheartaíonn í a chéimniú amach agus ag an treocht laghdaitheach fhoriomlán in úsáid malgaim fiaclóireachta, (iii) go bhfuil coinne leis go mbeidh an difríocht chostais idir malgam fiaclóireachta agus roghanna malartacha saor ó mhearcair ag dul i laghad de réir mar a rachaidh an t‑éileamh agus an nuálaíocht i méid, (iv) go n‑áiritheofaí leis go mbeadh an céimniú amach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát agus go dtabharfaí ról ceannaireachta don Aontas dá réir sin mar cheannródaí i ndáil le caibidlíocht idirnáisiúnta amach anseo laistigh de Choinbhinsiún Minamata agus i ndáil le hiomaíochas margaidh an Aontais amach anseo, (v) go rannchuideodh an toirmeasc sin leis na cuspóirí a leagtar amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoin bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú agus faoin Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht a chomhlíonadh.
Na tionchair eacnamaíocha a bheidh ann mar gheall ar úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach faoi 2025, tá coinne leis gur tionchair bheaga a bheidh iontu ó tharla, as measc na 23 iarmhonaróir malgaim fiaclóireachta atá bunaithe san Aontas, nach ann ach do cheithre cinn díobh nár fhógair go fóill gur scoir siad dá dtáirgeadh (rachaidh a ndeimhnithe in éag in 2023, áfach), rud a chuireann i dtábhacht go rabhthas ag aistriú go seasta le blianta beaga anuas i dtreo céimniú amach cheana féin agus roghanna malartacha saor ó mhearcair ar fáil. Costais bhreise theoranta atá bainteach le haistriú chuig roghanna malartacha inacmhainne, tá coinne leis go gcumhdófar iad le córais slándála sóisialta agus/nó cúram sláinte príobháideach.
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí mearcair ó chréamatóiriamaí, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair, maidir le rogha beartais lena gcuimsítear oibleagáid dhlíthiúil chun teicneolaíocht laghdaithe astaíochtaí mearcair a fheistiú ar chréamatóiriamaí (gan beann ar a n‑acmhainneacht), (i) nach mbeadh tairbhe leis an rogha beartais sin ó thaobh costais de, nó nach mbeadh ach beagán tairbhe léi, agus nach mbeadh sochair chomhshaoil shuntasacha ann dá toradh, (ii) go gcuirfeadh sí brú eacnamaíoch suntasach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a oibríonn créamatóiriamaí ísealacmhainne, dá gcuirfí i bhfeidhm maidir leis na créamatóiriamaí uile í, (iii) go mbeadh ualach riaracháin suntasach ar oibreoirí agus údaráis inniúla ann dá deasca agus (iv) go mbeadh laghdú éifeachtúlachta agus éifeachtachta ann dá deasca go háirithe agus breithniú á dhéanamh uirthi i gcomhcheangal le malgam fiaclóireachta a chéimniú amach.
An rogha beartais lena gcuimsítear an Coimisiún a bheith ag forbairt treoirdhoiciméad nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de, coinníodh í dá bhrí sin mar an rogha beartais ab fhearr. Ullmhóidh an Coimisiún an treoirdhoiciméad sin tar éis ghlacadh an togra le haghaidh an Rialachán maidir le Mearcair a leasú. Ní cuid den tionscnamh seo é dá bhrí sin.
Maidir le monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair gurb í an rogha beartais ab fhearr oibleagáid a bhunú an monarú agus an t‑onnmhairiú sin a thoirmeasc. Bheadh an toirmeasc sin i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh chun é a ailíniú leis an gcéimniú amach a bheartaítear dá úsáid. Mar thoradh ar thoirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a onnmhairiú chuig tríú tíortha, is dócha go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar ábhair líonta malartacha saor ó mhearcair a bhfuil an margadh lena n‑aghaidh ag fás san Aontas.
Maidir le monarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí eile lena mbaineann ar cuireadh mearcair leo, i.e., lampaí ina bhfuil mearcair, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair gurb í an rogha beartais ab fhearr toirmeasc uile‑Aontais a thabhairt isteach sa Rialachán maidir le Mearcair ar mhonarú agus onnmhairiú lampaí ina bhfuil mearcair a bhfuil toirmeasc ar a gcur ar an margadh inmheánach, a bhuí leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha. 2026 agus 2028 na dátaí céimnithe amach a bheadh ann bunaithe ar na dátaí céimnithe amach is luaithe a coinníodh le haghaidh caibidlíochta ag COP5 i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (féach thuas). Le toirmeasc uile‑Aontais, cheadófaí don Aontas gníomhaíocht láithreach a dhéanamh agus onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo a laghdú a thuilleadh gan beann ar an toradh dothuartha a bheidh ar chaibidlíocht amach anseo faoi Choinbhinsiún Minamata. Tá gníomhaíocht den sórt sin ina comhartha láidir do thríú tíortha agus áirithítear léi go seasfar le hiomaíochas agus inchreidteacht mhargadh an Aontais vis-à-vis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú agus i Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht.
Tá coinne leis gur tionchair bheaga a bheidh sna tionchair a imreoidh toirmeasc den sórt sin ar mhonarú agus onnmhairiú toisc nach mbaineann sé ach le ceithre mhonaróir ar fud an Aontais a bhfuil a línte táirgthe tiontaithe acu, cuid mhór, chun díriú ar LEDanna. Thairis sin, thabharfadh sé caoi don Aontas a gcuireann sé leis an stoc mearcair a laghdú i gcomhréir lena ghealltanais chun a lorg truailliúcháin seachtrach a laghdú, go háirithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoin bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú agus faoi Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht, agus chun comhleanúnachas inmheánach dhlí an Aontais maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo a neartú.
·Oiriúnacht rialála agus simpliú
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith rialáil níos fearr, ullmhaíodh an togra go hionchuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht iomlán agus ar phlé leanúnach le páirtithe leasmhara agus aird chuí á tabhairt ar ualaí nach bhfuil gá leo a sheachaint. Tá sé bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil, dá dtagraítear sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, agus ar shaineolas ina gcuirtear aiseolas seachtrach san áireamh. Leis an Rialachán maidir le Mearcair, ní fhorchuirtear faoi láthair aon tuairisciú (ná costais tuairiscithe ghaolmhara) ar oibreoirí créamatóiriamaí, ar chleachtóirí fiaclóireachta ná ar tháirgeoirí táirgí ar cuireadh mearcair leo. Tuairiscíonn údaráis na mBallstát ar chur chun feidhme an Rialacháin, agus tá neasualach riaracháin bliantúil an tuairiscithe fhoriomláin sin íseal (30 000 – 100 000 EUR in aghaidh na bliana don Aontas ina iomláine) agus tá sé bunaithe ar shonraí ba cheart a bheith ar fáil d’údaráis cheana.
·Cearta bunúsacha
Urramaítear cearta bunúsacha leis an togra, go háirithe iad sin sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leis an togra, rannchuidítear freisin leis an gceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach nasctha leis an tionscnamh seo.
5.EILIMINTÍ EILE
·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Chun a áirithiú go gcéimneofar amach úsáid malgaim fiaclóireachta go héifeachtach, beidh ar na Ballstáit faireachas margaidh agus seiceáil comhlíontachta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás an toirmisc ar mhalgam fiaclóireachta a mhonarú agus a onnmhairiú agus ar lampaí ina bhfuil mearcair a mhonarú, a allmhairiú agus a onnmhairiú, ní fhágfaidh an leasú ar Airteagal 10 den Rialachán maidir le Mearcair (malgam fiaclóireachta) agus ar an síneadh le hIarscríbhinn II (Cuid A) a ghabhann leis an Rialachán sin go mbeidh oibleagáid ad hoc ar an Aontas faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Soláthrófar aon fhaisnéis ábhartha don Choimisiúin trí thuarascálacha ó na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Mearcair, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus leis an gCinneadh um Thuairisciú a glacadh faoi. I gcomhpháirt leis na hiarrachtaí dícharbónaithe a bhíonn ar siúl go leanúnach, ba cheart go mbeadh níos lú mearcair san aer, san uisce agus san ithir de réir a chéile de bharr an togra seo, rud a bheidh le rianú faoin Tuarascáil Faireacháin agus Ionchais Truaillithe Nialasaigh, ar tuarascáil dhébhliantúil í.
·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Beartaítear ar dtús le hAirteagal 1 go gcomhlánófar Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 le mír nua 2a a thabharfaidh isteach toirmeasc uile‑Aontais ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Comhlánaíonn mír nua 2a mír 2 atá ann faoi láthair, lena dtoirmeasctar cheana an úsáid sin le haghaidh cóireáil ar dhiúlfhiacla agus cóireáil fiaclóireachta ar leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois, ar mhná atá torrach agus ar mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch. I gcomhréir le mír 2 atá ann cheana, déantar foráil le mír nua 2a maidir leis an bhféidearthacht go leanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta de bheith ag úsáid malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riochtaí sonracha leighis orthu (e.g., ailléirgí).
Is é an dara rud a bheartaítear le hAirteagal 1 Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a chomhlánú le mír nua 7 a thabharfaidh isteach toirmeasc uile‑Aontais ar mhonarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Comhlánaíonn an toirmeasc beartaithe sin an toirmeasc a bheartaítear a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta don phobal trí chéile agus, tríd an méid sin a dhéanamh, rannchuidiú le comhlíonadh chuspóir an Aontais a lorg truailliúcháin seachtrach a laghdú, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú agus le Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht. Tá allmhairiú malgaim fiaclóireachta fós ceadaithe chun é a chur ar a gcumas do chleachtóirí fiaclóireachta leanúint dá úsáid le haghaidh an líon fíorbheag cásanna inar gá sin mar gheall ar dhálaí sonracha leighis othar.
Le hAirteagal 2, beartaítear Iarscríbhinn II (Cuid A) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 a leasú trí chúig chineál lampaí ina bhfuil mearcair a chur léi.
Na maoluithe dá ndéantar foráil faoi Airteagal 5, mír 2, de Rialachán (AE) 2017/852, beidh feidhm acu maidir leis na táirgí nuathoirmiscthe sin ar cuireadh mearcair leo, ar dá mbua a fhéadfar leanúint de réir dlí de mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear in Iarscríbhinn II (Cuid A) i gcás táirgí ar cuireadh mearcair leo a mheastar a bheith fíor‑riachtanach le haghaidh úsáidí cosanta sibhialta agus míleata nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh taighde, calabrú ionstraimíochta nó mar chaighdeán tagartha.
CFLanna chun críoch soilsithe ghinearálta nach gcumhdaítear cheana le hiontrálacha 3 agus 3a
Le hiontráil nua 3b atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), comhlánaítear iontráil 3 atá ann cheana agus féachtar lena hailíniú leis na srianta maidir le CFLanna a chur ar an margadh mar a leagtar síos as an nua faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, a bhuí le Treoir Tarmligthe (AE) 2022/276 ón gCoimisiún. Thairis sin, le hiontráil nua 3b atá beartaithe, tagraítear d’iontráil 3a, a cuireadh isteach san Iarscríbhinn sin trí bhíthin Rialachán Tarmligthe [...] ón gCoimisiún lena dtrasuitear i ndlí an Aontais mír 1 de Chinneadh MC‑4/3 arna ghlacadh ag COP4 i gCoinbhinsiún Minamata. Is é an 31 Nollaig 2025 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú i gcomhréir leis an dáta céimnithe amach a comhaontaíodh ag COP4 (féach mír 1 de Chinneadh MC‑4/3). Le léamh agus cur chun feidhme iontrálacha 3, 3a agus 3b d’Iarscríbhinn II (Cuid A) i gcomhcheangal, tabharfar le fios go mbeidh toirmeasc uile‑Aontais ar mhonarú agus onnmhairiú gach CFL chun críoch soilsithe ghinearálta gan beann ar a vatacht, a méid nó paraiméadair eile agus, dá réir sin, comhlánófar an toirmeasc ar a gcur ar an margadh agus a n‑allmhairiú a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
LFLanna fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach gcumhdaítear cheana le hiontráil 4, pointe (a)
Le hiontráil nua 4a atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), comhlánaítear iontráil 4, pointe (a) atá ann cheana agus féachtar lena hailíniú leis na srianta a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha faoi Threoir Tarmligthe (AE) 2022/284 ón gCoimisiún. Is é an 31 Nollaig 2027 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú agus, tríd an méid sin a dhéanamh, cuirtear san áireamh an dáta céimnithe amach is uaillmhianaí a bheartaigh na Páirtithe don chaibidlíocht ag COP5 faoi mhír 5 de Chinneadh MC‑4/3. Le léamh agus cur chun feidhme iontráil 4a agus iontráil 4, pointe (a) d’Iarscríbhinn II (Cuid A) i gcomhcheangal, tabharfar le fios go mbeidh toirmeasc uile‑Aontais ar mhonarú agus onnmhairiú LFLanna fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta gan beann ar a vatacht, a méid nó paraiméadair eile agus go mbeidh feidhm aige, agus comhlánófar dá réir sin an toirmeasc ar a gcur ar an margadh agus a n‑allmhairiú a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
LFLanna fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta nach gcumhdaítear cheana le hiontráil 4, pointe (b)
Le hiontráil nua 4b atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), comhlánaítear iontráil 4, pointe (b) atá ann cheana agus féachtar le hIarscríbhinn II (Cuid A) a ailíniú leis na srianta atá ann cheana maidir le LFLanna fosfair halafosfáite a chur ar an margadh a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ón 13 Aibreán 2012. Is é an 31 Nollaig 2025 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú agus, tríd an méid sin a dhéanamh, cuirtear san áireamh an dáta céimnithe amach is uaillmhianaí a bheartaigh na Páirtithe don chaibidlíocht ag COP5 faoi mhír 5 de Chinneadh MC‑4/3. Le léamh agus cur chun feidhme iontráil 4b agus iontráil 4, pointe (b) d’Iarscríbhinn II (Cuid A) i gcomhcheangal, tabharfar le fios go mbeidh toirmeasc uile‑Aontais ar mhonarú agus onnmhairiú LFLanna fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta gan beann ar a vatacht, a méid nó paraiméadair eile agus go mbeidh feidhm aige, agus comhlánófar dá réir sin an toirmeasc ar a gcur ar an margadh agus a n‑allmhairiú a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha
Le hiontráil nua 4c atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), féachtar leis an Iarscríbhinn sin a ailíniú leis na srianta atá ann cheana maidir le lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha a chur ar an margadh a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ón 24 Feabhra 2025 ar aghaidh. Is é an 31 Nollaig 2027 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú i gcomhréir le mír nua 4a (thuas) lena dtugtar aghaidh ar LFLanna fosfair trí bhanda. Leis an dáta sin, cuirtear an dáta céimnithe amach is uaillmhianaí a caibidlíodh maidir le LFLanna fosfair trí bhanda (féach mír 5 de Chinneadh MC‑4/3) san áireamh ina iomláine agus féachtar dá réir sin leis an dáta céimnithe amach do lampaí fosfair trí bhanda líneacha agus neamhlíneacha a ailíniú.
Lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha
Le hiontráil nua 4d atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), féachtar leis an Iarscríbhinn sin a ailíniú leis na srianta atá ann cheana maidir le lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha a chur ar an margadh a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ón 13 Aibreán 2016. Is é an 31 Nollaig 2025 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú i gcomhréir le mír nua 4b (thuas) lena dtugtar aghaidh ar LFLanna fosfair halafosfáite. Leis an dáta sin, cuirtear an dáta céimnithe amach is uaillmhianaí a caibidlíodh maidir le LFLanna fosfair halafosfáite (féach mír 5 de Chinneadh MC‑4/3) san áireamh ina iomláine agus féachtar dá réir sin leis an dáta céimnithe amach do lampaí fosfair halafosfáite líneacha agus neamhlíneacha a ailíniú.
Gal‑lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta
Le hiontráil nua 5a atá beartaithe in Iarscríbhinn II (Cuid A), féachtar leis an Iarscríbhinn sin a ailíniú leis na srianta atá ann cheana maidir le gal‑lampaí sóidiam ardbhrú a chur ar an margadh a leagtar síos faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ón 24 Feabhra 2027 ar aghaidh. Is é an 31 Nollaig 2027 an dáta léirithe óna scoirfear de na lampaí sin a onnmhairiú, a allmhairiú agus a mhonarú. Leis an dáta sin, cuirtear conclúidí an Mheasúnaithe Tionchair san áireamh ina n‑iomláine agus áirithítear tréimhse aistrithe leordhóthanach le haghaidh mhonaróirí an Aontais.
Beartaítear le hAirteagal 3 go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2023/0272 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bhí measúnú agus tuairisciú le déanamh ag an gCoimisiún ar an ngá atá le rialáil a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, ar astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair (‘mearcair’) ó chréamatóiriamaí, ar a indéanta a bheadh sé úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach don phobal trí chéile san fhadtéarma, agus b’fhearr sin a dhéanamh faoi 2030, agus ar na sochair chomhshaoil a bhaineann le toirmeasc ar mhonarú agus onnmhairiú táirgí eile ar cuireadh mearcair leo, agus ar indéantacht an toirmisc sin, ar táirgí iad a bhfuil toirmeasc ar a gcur ar mhargadh an Aontais agus ar a n‑allmhairiú isteach san Aontas.
(2)Tar éis na conclúide ar tháinig an Coimisiún uirthi ina thuarascáil agus sa Mheasúnú Tionchair uaidh ina diaidh sin, shuigh an Coimisiún gurb iomchuí togra reachtach a chur i láthair, i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2017/852, maidir le húsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach agus monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta agus lampaí áirithe ina bhfuil mearcair a thoirmeasc.
(3)Is í an úsáid a bhaintear as táirgí ar cuireadh mearcair leo, lena n‑áirítear úsáid malgaim fiaclóireachta agus lampaí ina bhfuil mearcair, an úsáid is mó atá fágtha de na húsáidí a bhaintear d’aon ghnó as mearcair san Aontas. Tá na roghanna malartacha saor ó mhearcair tagtha chun bheith indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, áfach, agus tá siad ar fáil go héasca.
(4)I bhfianaise roghanna malartacha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar an bpobal trí chéile, agus an fhéidearthacht go n‑úsáidfí malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu á coinneáil ar bun. Chun malgam fiaclóireachta, atá toirmiscthe ar mhargadh an Aontais, a chosc óna bheith monaraithe lena onnmhairiú ón Aontas, is gá monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir.
(5)Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i measc nithe eile, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a shonraítear inti. Chuaigh an díolúine sin in éag cheana féin an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, agus rachaidh sí in éag an 24 Feabhra 2023 nó an 24 Feabhra 2027 i gcás dlúthshoilse fluaraiseacha, lampaí fluaraiseacha líneacha agus gal‑lampaí sóidiam ardbhrú áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta, agus i gcás lampaí fluaraiseacha fosfair trí bhanda neamhlíneacha. Ina theannta sin, liostaítear lampaí fluaraiseacha líneacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta lena dtoirmeasc amach anseo i gCinneadh MC‑4/3 arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú, a reáchtáladh an 23 nó 25 Márta 2022, de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gCoimisiún. Ós rud é nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad áireamh inti, ar mhaithe le comhleanúnachas, chun a monarú agus a n‑onnmhairiú a thoirmeasc ó na dátaí i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Threoir 2011/65/AE agus na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC‑4/3.
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
‘2a. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhuine ar bith den phobal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair.’;
(b)cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:
‘7. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, beidh toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a mhonarú agus a onnmhairiú.’;
(2)Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán