AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.4.2023
COM(2023) 223 final
2023/0128(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí (athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 172 final} - {SWD(2023) 117 final} - {SWD(2023) 118 final} - {SWD(2023) 119 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is cearta maoine intleachtúla sui generis iad Deimhnithe Forlíontacha Cosanta (DFCanna) lena gcuirtear síneadh suas le 5 bliana leis an téarma 20 bliain a bhaineann le paitinní le haghaidh táirgí íocshláinte nó táirgí cosanta plandaí (PPPanna) . Is é is aidhm dóibh fritháireamh a dhéanamh ar chaillteanas na cosanta paitinne éifeachtaí mar thoradh ar an tástáil éigeantach agus fhada a bhíonn de dhíth san Aontas le haghaidh údarú margaíochta rialála na dtáirgí sin.
Tiocfaidh an phaitinn aonadach i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2023, lena gceadófar go gcumhdófar gach Ballstát rannpháirteach ar bhealach aonadach le paitinn aonair.
Is é is aidhm don togra seo córas DFC an Aontais a shimpliú a mhéid a bhaineann le DFCanna náisiúnta le haghaidh táirgí cosanta plandaí, chomh maith le trédhearcacht agus éifeachtúlacht an chórais sin a fheabhsú. Fógraíodh an tionscnamh seo i gclár oibre an Choimisiúin don bhliain 2022 mar thionscnamh uimhir 16 faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT).
Le Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 déantar foráil maidir le DFCanna le haghaidh táirgí cosanta plandaí a bheidh le deonú ar leibhéal náisiúnta ar bhonn iarratais náisiúnta, agus de réir na tíre. Ar an gcuma chéanna, le Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 déantar foráil maidir le DFCanna le haghaidh táirgí íocshláinte. Is sa dá bheart sin le chéile a chorpraítear córas DFC an Aontais. Ó tharla go bhfuil leasuithe le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1610/96, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú, agus sin é an chéad chuspóir atá ag an togra seo, agus ag togra comhthreomhar atá comhchosúil leis maidir le táirgí íocshláinte (COM(2023).
Mar a deimhníodh sa mheastóireacht a rinneadh in 2020 (SWD(2020)292 final), baineann nósanna imeachta scrúdúcháin ar leithligh sna Ballstáit (i gcomhthráth nó i ndiaidh a chéile) leis na nósanna imeachta, go hiomlán náisiúnta, atá ann sa lá atá ann inniu chun DFCanna a dheonú. As sin eascraíonn dúbailt oibre, agus mar thoradh air sin, costais arda agus neamhréireachtaí níos minice idir na Ballstáit sna cinntí maidir le DFCanna a dheonú nó a dhiúltú, lena n-áirítear i gcúrsaí dlíthíochta os comhair cúirteanna náisiúnta. Is é an neamhréireacht idir na Ballstáit sna gcinntí maidir le DFCanna a dheonú nó a dhiúltú an chúis aonair is minice a luann na cúirteanna náisiúnta le haghaidh réamhtharchuir chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm chóras DFC an Aontais. Dá bhrí sin, eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil shuntasach as na nósanna imeachta go hiomlán náisiúnta atá ann faoi láthair.
I bPlean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil an Choimisiúin a fhoilsíodh i mí na Samhna 2020 (COM(2020) 760 final), lena dtógtar ar an meastóireacht DFC, cuirtear i dtábhacht an gá atá ann dul i ngleic leis an ilroinnt atá fós ann i gcóras maoine intleachtúla an Aontais. Sa Phlean tugadh faoi deara gur ar an leibhéal náisiúnta amháin atá cosaint DFC ar fáil le haghaidh táirgí íocshláinte agus PPPanna. Ag an am céanna, tá nós imeachta láraithe ann chun paitinní Eorpacha a dheonú chomh maith le tacar aonair rialacha chun údaruithe margaíochta a fháil le haghaidh táirgí cosanta plandaí.
Ina theannta sin, cuid mhór de na hargóintí a dhéantar sa Straitéis Chógaisíochta don Eoraip (COM(2020) 761 final) a mhéid a bhaineann le DFCanna le haghaidh táirgí íocshláinte, is argóintí iad atá infheidhme freisin maidir le DFCanna agus PPPanna. Cuirtear i dtábhacht sa Straitéis sin an tábhachta a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in T&F chun cógais nuálacha a chruthú. Mar sin féin, maidir leis na difríochtaí sin idir na Ballstáit ó thaobh chur chun feidhme na gcóras maoine intleachtúla, go háirithe le haghaidh DFCanna, cuireadh i dtábhacht sa straitéis go n-eascraíonn astu dúbailtí agus neamhéifeachtúlachtaí a théann i bhfeidhm ar iomaíochas an tionscail cógaisíochta. D’iarr an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon ar an gCoimisiún na heasnaimh sin a cheartú.
Dá bhrí sin, is é an dara cuspóir atá leis an togra seo nós imeachta láraithe a thabhairt isteach chun DFCanna le haghaidh PPPanna a dheonú. Leis sin, bheadh iarratasóirí in ann DFCanna a fháil sna Ballstáit ainmnithe éagsúla (faoi réir údaruithe margaíochta a bheith deonaithe i ngach ceann acu/do gach ceann acu), trí chomhdú a dhéanamh ar ‘iarratas láraithe ar DFC’ amháin a chuirfí faoi réir nós imeachta scrúdúcháin láraithe DFC’ amháin.
Cé gur údarás láraithe a dhéanfadh an scrúdú sin, is iad oifigí náisiúnta éagsúla na Ballstáit ainmnithe a dhéanfadh deonú iarbhír DFCanna, ar bhonn tuairim dhearfach ón údarás scrúdúcháin lárnach. Bheadh an tuairim ón údarás scrúdúcháin lárnach ceangailteach ar oifigí náisiúnta na mBallstát ainmnithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Maidir le príomhghnéithe substainteacha an nós imeachta láraithe atá beartaithe – i.e. na coinníollacha a bhaineann le deimhnithe a fháil, chomh maith lena n-éifeacht dhlíthiúil – is ionann iad agus príomhghnéithe an chórais DFC atá ann cheana. Leis an togra seo tugtar isteach forálacha nua nós imeachta maidir leis an scrúdú láraithe agus ní beartaítear leis modhnú a dhéanamh ar raon feidhme ná éifeacht na gceart a thugtar le DFCanna náisiúnta a dheonaítear faoi láthair i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1610/96. Déantar na forálacha nós imeachta nua céanna a chur isteach freisin sa togra comhthreomhar thuasluaite maidir le DFCanna le haghaidh táirge íocshláinte (COM(2023) 231).
Ag an am céanna, tá tograí comhthreomhara á ndéanamh chun deimhnithe aonadacha a chruthú le haghaidh táirgí íocshláinte (cf. (COM(2023) 222) agus le haghaidh PPPanna (COM(2023) 221). Chuirfí iarratais ar na deimhnithe aonadacha sin faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin láraithe céanna ar a dtugtar tuairisc sa togra seo, go háirithe i gcás iarratais ‘chomhcheangailte’ lena n-iarrtar deimhniú aonadach agus deimhnithe náisiúnta araon, mar a mhínítear thíos. Leis sin áirithítear comhsheasmhacht iomlán ar fud an phacáiste athchóirithe DFC ina iomláine.
Sa tábla seo mínítear cuspóirí na gceithre thogra ghaolmhara:
|
Táirgí íocshláinte
|
|
Táirgí cosanta plandaí
|
|
TOGRA 1
Rialachán maidir leis an DFC le haghaidh táirgí íocshláinte (athmhúnlú)
|
← Airt. 114 CFAE →
|
TOGRA 2
Rialachán maidir leis an DFC le haghaidh táirgí cosanta plandaí (athmhúnlú)
|
|
TOGRA 3
Rialachán maidir leis an DFC aonadach le haghaidh táirgí íocshláinte
|
← Airt. 118 CFAE →
|
TOGRA 4
Rialachán maidir leis an DFC aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí
|
Thairis sin, maidir le DFCanna náisiúnta – mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 agus i gCaibidil II den togra seo – ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuirfidh aon ní cosc ar iad a dheonú ar bhonn paitinn aonadach mar an phaitinn bhunúsach.
Ar deireadh, tá an togra seo mar chuid de ‘phacáiste paitinne an Aontais’ a fógraíodh in 2023, ina n-áirítear, seachas athbhreithniú, nuachóiriú agus tabhairt isteach córais le haghaidh deimhnithe cosanta forlíontacha aonadacha, tionscnamh nua maidir le ceadúnú éigeantach agus reachtaíocht maidir le bunphaitinní caighdeáin. Leis an togra seo comhlánaítear an córas um paitinní aonadacha, rud atá ina chéim mhór i dtreo an margadh aonair le haghaidh paitinní a chur i gcrích.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an nós imeachta láraithe atá beartaithe go hiomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus a bhaineann le táirgí agraicheimiceacha agus go hiomlán comhsheasmhach le reachtaíocht ábhartha eile. Áirítear leis sin an phaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi (‘paitinn aonadach’) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012, agus an Comhaontú gaolmhar maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní. Tiocfaidh an córas um paitinní aonadacha i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2023.
Ar deireadh, leis an athchóiriú DFC agus na tionscnaimh eile a liostaítear sa phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil rannchuidítear leis an straitéis nuálaíochta níos leithne atá ag an Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an margadh aonair (nó an margadh ‘inmheánach’). Is é sin an bunús dlí céanna a úsáidtear le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 (Airteagal 100a, agus ansin Airteagal 95, faoi seach, den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, mar a tugadh air an tráth sin), agus is gá arís dul ar iontaoibh Airteagal 114 chun córas DFC an Aontais a oiriúnú i bhfianaise na caoi ar cuireadh an córas atá ann cheana i bhfeidhm. D'ainneoin go bhfuil DFCanna comhchuibhithe – agus sainmhínithe go deimhin – cheana féin le dlí an Aontais, tá cásanna ann go fóill inar dheonaigh roinnt Ballstát DFCanna agus inar diúltaíodh d’iarratais den cineál díreach céanna i mBallstáit eile nó inar deonaíodh iad maille le raon feidhme éagsúil. Dá bhrí sin bíonn ar iarratasóirí DFC dul i ngleic le cinntí eisréimneacha ar fud an Aontais maidir leis an táirge céanna, agus costais á dtabhú acu as DFCanna a chur i bhfeidhm agus a chothabháil i roinnt Ballstát. Mar thoradh air sin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo, agus le tuilleadh gníomhaíochta den sórt sin ón Aontas féadfar, murab ionann agus idirghabháil náisiúnta ó na Ballstáit, creat comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú, agus féadfar laghdú a chur ar an gcostas iomlán agus ar ualach iomlán na dtáillí a bheidh le híoc in iliomad Ballstát. Le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais neartófaí sláine an mhargaidh aonair trí chóras láraithe, cothrom agus trédhearcach a chur ar fáil ar fud an Aontais, agus mhaolófaí na hiarmhairtí diúltacha as nósanna imeachta iomarcacha, a d’fhéadfadh a bheith eisréimneach, agus a bhíonn roimh iarratasóirí. Dá bhrí sin, de bharr a chineáil, tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú le haghaidh táirgí cosanta plandaí nuálacha atá faoi réir údaruithe margaíochta. Ina theannta sin, mar thoradh ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais bheadh monaróirí nuálacha leantacha in ann tairbhe a bhaint as creat éifeachtach um maoin intleachtúil sna margaí táirgí ábhartha.
•Coimhdeacht
Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir na cuspóirí is bonn leis an togra a bhaint amach. Leis an gcur chuige uile-Aontais a chuirfear i bhfeidhm tríd an nós imeachta láraithe a bheartaítear áiritheofar go mbeidh na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme comhsheasmhach ar fud an Aontais, rud a áiritheoidh deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na rannpháirtithe ábhartha uile sa mhargadh.
•Comhréireacht
Ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a sainaithníodh a bhaint amach. Tá a raon feidhme teoranta do na gnéithe sin nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go sásúil ina n-aonar agus inar féidir le gníomhaíocht ón Aontais torthaí níos fearr a bhaint amach, e.g. i dtéarmaí cinntí comhsheasmhacha maidir le hiarratais ar DFC chun ualaí agus costais riaracháin a laghdú, agus chun an trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú.
•An rogha ionstraime
De bhrí gur le Rialacháin amháin a rialaítear an reachtaíocht DFC atá ann faoi láthair, ní féidir aon ionstraim eile a bheartú chun an reachtaíocht DFC de chuid an Aontais atá ann faoi láthair (Rialachán (CE) Uimh. 1610/96) a athmhúnlú agus chun nós imeachta láraithe a thabhairt isteach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex-post agus seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Rinneadh meastóireacht ar an gcóras DFC in 2020 (SWD(2020) 292). Fuarthas amach inti go ndéantar an nuálaíocht agus infhaighteacht cógais leighis nua agus PPPanna a chur chun cinn le DFCanna agus go gcuidítear le cuideachtaí a chuid infheistíochtaí T&D a fhorchúiteamh mar thoradh orthu. Cé go soláthraítear creat coiteann laistigh den Aontas Eorpach leis na Rialacháin DFC, is ar an leibhéal náisiúnta a riartar iad. Mar thoradh ar an ilroinnt sin cruthaítear costais arda agus cuirtear ualach riaracháin ar iarratasóirí (go háirithe FBManna) agus ar riaracháin náisiúnta. Eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil as freisin, ó tharla gur féidir difríochtaí a bheith ann i raon feidhme na cosanta ar fud an Aontais. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar úsáideoirí DFC agus ar dhéantóirí táirgí leantacha. Treisítear ar na héifeachtaí diúltacha sin mar gheall ar easpa trédhearcachta, go háirithe ón taobh tras-teorann de, rud a fhágann go mbíonn sé deacair a dhéanamh amach cén chosaint DFC atá ann, cé na Ballstáit inar ann di agus cad iad na táirgí atá faoi chosaint. Déantar difear leis sin do shealbhóirí DFC agus do mhonaróirí táirgí leantacha.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí le linn na meastóireachta ar an gcóras DFC (idir an 12 Deireadh Fómhair 2017 agus an 4 Eanáir 2018). Ina theannta sin, ar áireamh sa staidéar de chuid Institiúid Max Planck a luaitear thíos bhí suirbhé ar pháirtithe leasmhara sna Ballstáit a rinneadh in 2017 in Institiúid Allensbach (‘suirbhé Allensbach’), ar suirbhé é inar áiríodh roinnt ceisteanna maidir le hoibriú na gcóras DFC (náisiúnta) atá ann faoi láthair. Thairis sin, ón 8 Márta go dtí an 5 Aibreán 2022, bhí páirtithe leasmhara in ann aiseolas a sholáthar ar an nGlao ar Fhianaise ón gCoimisiún. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair (SWD(2023) 118).
•Bailiú agus úsáid saineolais
Leis an staidéar ar na gnéithe dlíthiúla de chuid DFCanna san Aontas a rinne Institiúid Max Planck in 2018 (go háirithe Caibidil 22 de) soláthraítear príomhthorthaí maidir le hoibriú na gcóras DFCanna atá ann faoi láthair (le haghaidh táirgí íocshláinte). Sa staidéar breise ó Institiúid Max Planck a críochnaíodh in 2022 soláthraítear anailís níos deimhne ar an dearadh atá ar nós imeachta láraithe.
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair agus cuireadh é faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála i ndeireadh 2022 agus, tar éis é a chur isteach arís, fuarthas tuairim dhearfach an 16 Nollaig 2022 (SWD(2023) 118).
Sainaithníodh na roghanna seo a leanas:
–Rogha 0: Gan aon athrú beartais.
–Rogha 1: Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na gcóras DFC atá ann faoi láthair. Leis an rogha seo sholáthrófaí treoirlínte/moltaí comhchoiteanna d’oifigí paitinní náisiúnta (OPNanna) maidir le cur i bhfeidhm Rialachán DFC, lena dtógfar ar an taithí atá acu agus ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE). Leis na treoirlínte seo mholfaí rialacha comhchoiteanna freisin maidir le foilsiú agus inrochtaineacht na faisnéise DFC sna cláir náisiúnta.
–Rogha 2: Aitheantas frithpháirteach i gcomhair cinntí náisiúnta. Leis seo chuirfí ar chumas na n-iarratasóirí iarratas ar DFC a chomhdú le OPN ainmnithe, ar a dtugtar an oifig thagartha, agus thabharfadh na OPNanna go léir eile aitheantas do chinneadh na hoifige sin.
–Rogha 3: Comhdú agus scrúdú láraithe ar iarratais ar SPC, as a dtiocfaidh tuairim neamhcheangailteach. Leis seo chruthófaí údarás lárnach le haghaidh iarratais ar DFCanna a chomhdú san Aontas, ar údarás é a scrúdódh iarratais agus a d’eiseodh tuairim i dtaobh an ndeonófaí nó nach ndeonófaí DFC. D’fhéadfadh OPNanna an tuairim sin a leanúint nó, de rogha air sin, scrúdú dá gcuid féin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is ar an leibhéal náisiúnta a choinneofaí an cinneadh maidir le cosaint DFC a dheonú. Ní fhéadfadh ach sealbhóirí paitinne Eorpaí – agus, i gcás táirgí íocshláinte, sealbhóirí ar údarú margaíochta láraithe – an córas sin a úsáid.
–Rogha 4: Comhdú agus scrúdú láraithe ar iarratais ar SPC, as a dtiocfaidh tuairim cheangailteach. Is ionann sin agus rogha 3, ach bheadh ar OPNanna an tuairim a leanúint. Dá bhrí sin, cé gurbh iad na hoifigí náisiúnta fós a dhéanfadh cinntí maidir le cosaint DFC a dheonú, is údarás lárnach a chinnfeadh toradh na gcinntí sin.
–Rogha 5: ‘DFC aonadach’ lena gcomhlánaítear an phaitinn aonadach. Dhéanfadh an t-údarás lárnach, i dteannta iarratais a scrúdú, ‘DFC aonadach’ a dheonú d’iarratasóirí ag a bhfuil paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi. Ní bheadh an DFC aonadach bailí ach amháin i gcríocha na mBallstát (17 díobh ar dtús) ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní.
Ní thiocfadh na roghanna sin in ionad DFCanna, ach sholáthrófaí leo bealaí malartacha chun cosaint DFC a fháil ar fud an Aontais.
Cumasc de rogha 4 agus rogha 5 is ea an rogha thosaíochta. Dhéanfadh sé foráil maidir le nós imeachta láraithe a bhféadfadh deonú DFCanna náisiúnta a bheith mar thoradh air i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile, agus/nó deonú DFC aonadach (lena gcumhdaítear na Ballstáit sin ina bhfuil éifeacht ag an bpaitinn bhunúsach aonadach). Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cén t-eintiteas is ceart gníomhú mar an t-údarás scrúdúcháin, rinneadh roinnt critéar a mheas: cuntasacht (go háirithe do Pharlaimint na hEorpa), ailíniú le luachanna polaitiúla uileghabhálacha an Aontais agus tosaíochtaí beartais reatha, agus taithí ar mheasúnú substainteach DFC. Dá bhrí sin moltar gur cheart go dtiocfadh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) chun bheith ina údarás scrúdúcháin lárnach, le tacaíocht ó oifigí náisiúnta.
I gcás Rogha 1, maidir le treoirlínte le haghaidh iarratais ar DFC náisiúnta a scrúdú, níor leor í léi féin chun na neamhréireachtaí idir na cleachtais náisiúnta a shárú, ó tharla go mbeadh an treoraíocht neamhcheangailteach. Mar sin féin, i gcomhthéacs roghanna tosaíochta 4 agus 5, ba cheart do EUIPO treoirlínte a fhorbairt ina léirítear a chuid cleachtas. Bheadh oifigigh atá i gceannas ar nósanna imeachta a bhaineann le DFCanna agus a n-úsáideoirí araon in ann úsáid phraiticiúil a bhaint as na treoirlínte sin, lena n-áirítear comhairleoirí gairmiúla a chuidíonn le hiarratasóirí (e.g. trí shamplaí a thairiscint). Leis an treoraíocht sin, dhéanfaí breithniú ar na cleachtais a d’fhorbair na painéil scrúdúcháin, go háirithe ós rud é go n-áireofar orthu scrúdaitheoirí ó roinnt Ballstát éagsúil, chun an chomhsheasmhacht idir na cleachtais scrúdúcháin faoin nós imeachta láraithe nua a fheabhsú. Thairis sin, féadfaidh oifigí náisiúnta leas a bhaint as treoirlínte arna bhforbairt ag an údarás scrúdúcháin i gcomhair a gcuid nósanna imeachta scrúdúcháin (náisiúnta) féin.
D’fhéadfadh Rogha 2 gan dóthain intuarthachta a sholáthar, de bhrí go bhféadfadh oifigí áirithe a bheith níos boige ná a chéile, as a dtiocfadh ‘siopadóireacht dlínse’ dá dheasca, agus le Rogha 3 léi féin, bheadh oifigí in ann athscrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar DFC, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh dibhéirseachtaí a bheith ann mar thoradh air sin maidir leis an gcinneadh chun DFC a dheonú nó a dhiúltú, rud a d’fhágfadh ilroinnt bhreise sa mhargadh aonair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Dá gcuirfí ar chumas sealbhóirí paitinní Eorpacha roinnt DFCanna (náisiúnta) a fháil ar fud an Aontais trí nós imeachta láraithe, bheifí ag cur simpliú suntasach ar fáil i gcomparáid leis an staid reatha inar gá iarratas a dhéanamh ar DFCanna náisiúnta agus iad a dheonú ar leithligh i ngach Ballstát. Leis an nós imeachta láraithe nua atá beartaithe meastar go dtiocfaidh laghduithe suntasacha ar chostais agus ar ualach riaracháin na n-iarratasóirí, agus deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht fheabhsaithe, lena n-áirítear le haghaidh tríú páirtithe (e.g. déantóirí táirgí leantacha).
Thairis sin, ó tharla go n-athmhúnlófar agus go n-aisghairfear Rialachán (CE) Uimh 1610/96) leis an togra seo, bainfear amach toradh leis ina bhfeicfear ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’.
•Cearta bunúsacha
Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha, go háirithe ós rud é nach bhfuil sé beartaithe gnéithe substainteacha na gcóras DFC atá ann cheana a athrú (e.g. coinníollacha maidir le deonú, raon feidhme, éifeachtaí). Tá an tionscnamh comhsheasmhach leis an gCairt um Chearta Bunúsacha ós rud é go soláthraítear leis deimhneacht dhlíthiúil níos fearr d’iarratasóirí ar cheart maoine intleachtúla agus, i gcás inar gá, do thríú páirtithe, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha nós imeachta le haghaidh scrúdú, freasúra agus achomhairc os comhair an údaráis láraithe.
Go háirithe, i gcás ina mbeidh tuairim scrúdúcháin diúltach, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a chomhdú os comhair na mBord Achomhairc de chuid EUIPO.
Ina theannta sin, féadfaidh oifig náisiúnta cinneadh a dhéanamh gan DFC a dheonú, ainneoin tuairim scrúdúcháin dhearfach a bheith eisithe, i gcásanna áirithe atá sainithe go cúng, mar atá i gcásanna ina bhfuil athrú tagtha ar chúinsí ábhartha sa Bhallstát sin ó comhdaíodh an t-iarratas láraithe (amhail gan an phaitinn bhunúsach a bheith i bhfeidhm a thuilleadh). Thairis sin, beidh ról lárnach ag scrúdaitheoirí ó oifigí náisiúnta sa nós imeachta scrúdúcháin láraithe agus beidh siad rannpháirteach sa scrúdú substainteach ar an iarratas, agus féadfaidh siad páirt a ghlacadh in imeachtaí freasúra chomh maith.
Ar an taobh eile, beidh tríú páirtithe in ann barúlacha a chur isteach le linn iarratas láraithe a bheith á scrúdú, agus freasúra a thionscnamh i gcoinne tuairim scrúdúcháin. I gcás ina ndeonaíonn oifigí náisiúnta DFCanna náisiúnta ar bhonn tuairim dhearfach, beidh tríú páirtithe in ann agóid a dhéanamh i gcoinne a mbailíochta os comhair na gcúirteanna náisiúnta éagsúla nó os comhair comhlachtaí inniúla eile, mar is féidir a dhéanamh cheana féin sa lá atá inniu ann de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1610/96.
Mar a mhínítear a thuilleadh thíos faoi ‘DFC aonadach’, ní eisiatar leis an togra seo iarratais láraithe ar DFC lena n-ainmnítear Ballstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le DFCanna náisiúnta a dheonú sna Ballstáit sin, fad is go n-eisiatar cosaint dhúbailte, fiú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun DFCanna aonadacha a dheonú.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais, ós rud é go bhfanfaidh an córas go hiomlán féinmhaoinithe de thoradh táillí iarratasóirí, mar is amhlaidh atá cheana féin i gcás na gcóras DFCanna atá ann cheana agus a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1610/96, agus is é an t-údarás scrúdúcháin, arb é EUIPO, a chuirfidh chun feidhme é. Is as barrachas buiséadach carntha EUIPO a mhaoineofar na costais bhunaithe is gá a bhaineann leis na cúraimí a thugtar do EUIPO, lena n-áirítear costais na gcóras digiteach nua. In Iarscríbhinn 5D a ghabhann leis an measúnú tionchair soláthraítear miondealú ar an tionchar buiséadach ar an údarás scrúdúcháin.
Beidh na tionchair airgeadais ar na Ballstáit (oifigí náisiúnta) fós íseal freisin. Go deimhin, cé gur dócha go dtiocfaidh méadú ar líon na DFCanna ar a ndéanfar iarratas gach bliain, tá sé íseal go leor faoi láthair, fiú i mBallstáit mhóra. Mar shampla, in 2017, comhdaíodh 70 iarratas ar DFCanna sa Ghearmáin agus 72 iarratas ar DFCanna sa Fhrainc. Ba in Éirinn a comhdaíodh an líon iarratas is mó (95). Athraíonn an meánchostas de réir na tíre. Ar bhonn an mheánchumhdaigh reatha (20 Ballstát) agus ar bhonn na ré (3.5 bliana), chosnódh cosaint DFC le haghaidh táirge ar leith thart ar EUR 98 500 ar an meán. D’fhonn gach ceann de na 27 mBallstát a chumhdach ar feadh 5 bliana, d’íocfaí beagnach EUR 192 000 san iomlán (gan aon táillí arna ngearradh ag dlíodóirí paitinne san áireamh). Chun miondealú ar na costais a fháil, féach Iarscríbhinn 5B den mheasúnú tionchair (SWD(2023) 118).
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Beartaítear meastóireacht a dhéanamh gach 5 bliana.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Struchtúr foriomlán an togra
I gCaibidil I den togra áirítear sainmhínithe agus forálacha ginearálta eile.
I gCaibidil II den togra áirítear an chuid is mó d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 atá ann cheana maidir le hiarratais náisiúnta ar dheimhnithe, a comhdaíodh in oifigí náisiúnta, gan a substaint a athrú, cé is moite de mhionoiriúnuithe teicniúla lena dtugtar an rialachán athmhúnlaithe cothrom leis na caighdeáin dréachtaithe reatha.
I gCaibidil III áirítear forálacha nua lena sainítear an nós imeachta láraithe nua. Tugtar tuairisc bhreise ar an Roinn sin anseo thíos.
Tá forálacha críochnaitheacha i gCaibidil IV, lena n-áirítear aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1610/96.
Comhleanúnachas leis an togra comhthreomhar a bhaineann le táirgí íocshláinte
Tá an togra seo thar a bheith comhchosúil leis an gceann a tíolacadh i gcomhthráth maidir le DFCanna le haghaidh táirgí íocshláinte (COM(2023) 231), maille le líon teoranta athruithe atá nasctha go díreach leis na difríochtaí intreacha idir táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí, maidir le húdaruithe margaíochta go háirithe (ó tharla nach ann d’údaruithe margaíochta láraithe i gcomhair táirge cosanta plandaí). Thairis sin, maidir leis an ‘tarscaoileadh monaraíochta DFC’ a cuireadh isteach i Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 le Rialachán (AE) 2019/933, níl feidhm aige ach amháin maidir le táirgí íocshláinte agus dá bhrí sin ní gá é a léiriú sa leagan nua (athmhúnlú) de Rialachán (CE) Uimh. 1610/96.
Paitinn bhunúsach
Leis na Rialacháin DFC atá ann cheana ní fhorchuirtear aon teorainn leis na cineálacha paitinní (‘bunúsacha’) nach mór d’iarratas náisiúnta SPC brath orthu, agus dá bhrí sin féadfaidh siad a bheith: (1) ina paitinn náisiúnta atá mar thoradh ar iarratas ar phaitinn náisiúnta nó mar thoradh ar iarratas ar phaitinn Eorpach; nó (2) ina paitinn aonadach (‘paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi’). Chun deireadh a chur le haon éiginnteacht dhlíthiúil iarmharach, déanfar soiléiriú ar an rogha i dtaobh a bheith ag brath ar an dara cineál paitinne sin trí mhionleasuithe, in aithrisí an togra seo, ina dtagraítear go sainráite do phaitinní aonadacha. I ndáil leis sin, maidir le mír 28 de mheabhrán míniúcháin an togra le haghaidh Rialachán (CE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirge cosanta plandaí a chruthú (COM(94)579) ba cheart a thabhairt faoi deara gur beartaíodh leis ‘nuair a bhaintear úsáid as an nós imeachta Eorpach chun paitinn Chomhphobail a fháil, is mó go mór gur gá go mbeidh sé riachtanach freisin go mbíonn feidhm ag an deimhniú sin chomh maith céanna maidir le táirge cosanta plandaí atá faoi chosaint ag paitinn Chomhphobail’ (dá ngairtear ‘paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi’ anois nó, ar bhealach níos neamhfhoirmiúla, ‘paitinn aonadach’).
Moltar nach mór iarratais ar DFCanna a chomhdaítear faoin nós imeachta láraithe nua (Caibidil III den togra seo) a bheith bunaithe ar phaitinní Eorpacha i gcáil ‘paitinní bunúsacha’ amháin, lena n-áirítear paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi. Leis sin éascófar an scrúdú ar iarratais láraithe ar DFC ó tharla, i gcás ina n-eisiatar breith dhearfach de bhun iarratas ar phaitinn Eorpach a chomhdú agus scrúdú, deonófar mar thoradh air sin paitinn Eorpach ag a bhfuil, seachas roinnt eisceachtaí, éilimh chomhionanna i gcás gach tíre ainmnithe, rud atá ag teastáil le haghaidh paitinní aonadacha.
Thairis sin, sa lá atá inniu ann, maidir le formhór na n-aireagán atá paitinnithe san Aontas, bíonn siad faoi chosaint ag paitinní Eorpacha, ar paitinní iad nach ndeonaítear ach mar thoradh ar nós imeachta scrúdúcháin críochnúil, agus ní faoi chosaint ag paitinní náisiúnta, nach bhfuil faoi réir mionscrúdú substainteach i roinnt Ballstát.
Dá bhrí sin, faoin nós imeachta láraithe atá beartaithe, dá gceadófaí iarratais láraithe ar DFC a bheith bunaithe ar phaitinní náisiúnta, bheadh sé níos déine a mhéid a bhaineann le hiarratais den sórt sin a scrúdú, ó tharla go mbeadh sé riachtanach scrúdú ar leithligh a dhéanamh, i gcás gach ceann de na Ballstáit ainmnithe, i dtaobh an amhlaidh go bhfuil an táirge lena mbaineann faoi chosaint ag gach ceann de na paitinní náisiúnta éagsúla atá i bhfeidhm, ar paitinní iad nach gá go mbeadh na héilimh chéanna iontu. D’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do dheimhneacht dhlíthiúil freisin.
Bheadh sé níos éasca an t-iarratas a scrúdú dá mbeadh ceanglas ann ar dá réir nach mór éilimh na paitinne bunúsaí (Eorpaí) a bheith comhionann i gcás gach Ballstáit atá ainmnithe in iarratas láraithe ar DFC. Is tearc iad, áfach, na cásanna ina n-áirítear dhá shraith éileamh nó níos mó i bpaitinn Eorpach le haghaidh Ballstáit éagsúla, agus bíonn sé fíoreisceachtúil níos mó ná dhá shraith éileamh a bheith ann. Ar an gcúis sin, ní áirítear sa togra seo ceanglas ar dá réir nach mór éilimh na paitinne bunúsaí a bheith comhionann i gcás gach Ballstáit atá ainmnithe in iarratas láraithe ar DFC.
Údarás scrúdúcháin/deonúcháin
Faoin nós imeachta láraithe atá beartaithe, déanfaidh údarás scrúdúcháin lárnach scrúdú substainteach ar iarratas láraithe ar DFC, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le deonú a shainítear in Airteagal 3 de na Rialacháin DFC atá ann cheana. Molann an Coimisiún gurb é EUIPO a bheidh mar t-údarás scrúdúcháin lárnach, go háirithe toisc gur gníomhaireacht de chuid an Aontais í agus, dá bhrí sin, gur cuid de dhlíchóras an Aontais é.
Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht fhoirmiúil an iarratais láraithe ar DFC, chuirfeadh an t-údarás scrúdúcháin lárnach an scrúdú substainteach ar an iarratas ar iontaoibh painéil. Ar an bpainéal sin bheadh comhalta den údarás lárnach sin agus beirt scrúdaitheoirí cáilithe, ag a bhfuil taithí ar chúrsaí DFC, agus ar beirt iad a thagann as dhá oifig paitinní náisiúnta éagsúla sna Ballstáit. Sula n-ainmneoidh siad scrúdaitheoirí atá cáilithe chun saincheisteanna DFC a scrúdú, beidh na hoifigí paitinní náisiúnta sin tar éis toiliú, trí chomhaontú ad hoc leis an údarás scrúdúcháin lárnach, le bheith rannpháirteach sa chóras scrúdúcháin láraithe seo. Tá ganntanas inniúlachtaí agus scileanna ann i gcúrsaí DFC agus bíonn scrúdaitheoirí DFC cáilithe ar fáil sa lá atá inniu ann sna hoifigí paitinní náisiúnta. Thairis sin, mar gheall ar an líon measartha íseal táirgí a ndéantar iarratais ar DFC ina leith gach bliain (líon is lú ná 100), tá údar le dul ar iontaoibh scrúdaitheoirí cáilithe atá ann cheana sna Ballstáit, seachas grúpa saineolaithe nua a chruthú. Le linn an scrúdaithe, féadfaidh tríú páirtithe a gcuid barúlacha a chur isteach maidir le bailíocht iarratais láraithe áirithe ar DFC tar éis a fhoilsithe.
Nós imeachta scrúdúcháin agus leigheasanna
Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an iarratas láraithe ar DFC, eiseoidh an t-údarás scrúdúcháin lárnach tuairim scrúdúcháin ina ndéarfar, i gcás gach ceann de na Ballstáit ainmnithe, ar cheart nó nár cheart deonú nó diúltú a dhéanamh ar DFC náisiúnta lena gcomhlíontar na critéir is infheidhme (agus ar an gcéad dul síos na critéir sin a shainítear in Airteagal 3). Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a chomhdú i gcoinne tuairim dhiúltach nó i gcoinne tuairim atá diúltach go páirteach (mar a mhínítear thíos a thuilleadh).
Chun go gcuirfear san áireamh an gá atá le córas iomlán leigheasanna a bheith ann agus chun nach mbeidh gá do thríú páirtithe agóid a dhéanamh i gcoinne tuairim scrúdúcháin dhearfach i gcúirteanna náisiúnta a mbeadh orthu, ar a seal, tarchur a dhéanamh chuig Cúirteanna an Aontais, beidh tríú páirtithe in ann agóid a dhéanamh i gcoinne tuairim dhearfach (nó tuairim atá dearfach go páirteach) trí nós imeachta freasúra a thionscnamh le linn an 2 mhí tar éis fhoilsiú na tuairime scrúdúcháin. D’fhéadfaí tuairim scrúdúcháin a leasú mar thoradh ar fhreasúra den sórt sin.
Is féidir dúshláin a thugtar i gcoinne na tuairime scrúdúcháin a achomharc os comhair na mBord Achomhairc, agus ina dhiaidh sin os comhair na Cúirte Ginearálta agus, b’fhéidir, ar deireadh os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi réir an chórais chun cead achomhairc a lorg faoi Airteagal 170a agus de réir Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, nó faoin nós imeachta athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 256, mír 2, CFAE, Airteagal 62 de Reacht na Cúirte agus Airteagal 191 agus de réir Rialacha Nós Imeachta CBAE.
Tarchuirfear an tuairim (lena n-áirítear i gcás inar leasaíodh í tar éis freasúra) chuig na hoifigí náisiúnta de chuid gach ceann de na Ballstáit ainmnithe. I gcás tuairim dhearfach, deonóidh na Ballstáit ainmnithe DFC náisiúnta i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, e.g. maidir le foilsiú, clárú i mbunachair sonraí ábhartha agus táillí (athnuachana) bliantúla a íoc, mura bhfuil athrú tagtha ar imthosca, amhail gan an phaitinn bhunúsach a bheith i bhfeidhm a thuilleadh i mBallstát áirithe. Faoi réir thoradh aon achomhairc os comhair na mBord Achomhairc nó os comhair chúirteanna an Aontais, más diúltach é an tuairim scrúdúcháin, ní mór don oifig náisiúnta lena mbaineann diúltú don iarratas.
Tar éis dheonú na DFCanna ar an leibhéal náisiúnta, beidh tríú páirtithe fós in ann imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnamh os comhair an chomhlachta atá freagrach faoin dlí náisiúnta as cúlghairm na bpaitinní bunúsacha comhfhreagracha, nó os comhair chúirteanna inniúla na mBallstát, lena n-áirítear Cúirt Aontaithe na bPaitinní, de réir mar is infheidhme. Tá feidhm ag an gcéanna maidir le frithéileamh féideartha ar dhearbhú neamhbhailíochta DFC.
Na húdaruithe margaíochta lena mbaineann
Ós rud é go bhfuil córas limistéir san Aontas i dtaca le húdaruithe margaíochta le haghaidh PPPanna agus ós rud é nach bhfuil ach údaruithe margaíochta náisiúnta ann le haghaidh PPPanna, ní féidir an ceanglas maidir le húdarú láraithe is infheidhme maidir le PPPanna, a áirítear sa togra comhthreomhar (COM(2023) 231) lena gcruthaítear nós imeachta láraithe chun deimhnithe le haghaidh táirgí íocshláinte a dheonú, a chur i bhfeidhm sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ceadófar údaruithe margaíochta náisiúnta a bheith mar bhunús chun deimhnithe a dheonú le haghaidh PPPanna faoin nós imeachta láraithe a leagtar síos sa Rialachán seo.
Thairis sin, ó tharla gur minic a dheonaítear údaruithe margaíochta le haghaidh táirge cosanta plandaí ar leith ar dhátaí éagsúla i mBallstáit éagsúla, d’fhéadfadh sé, ar dháta comhdaithe iarratais láraithe ar dheimhnithe, gur deonaíodh údaruithe i roinnt de na Ballstáit ainmnithe agus ní i ngach ceann acu. Ós rud é go meastar gur minic a tharlóidh a leithéid sin, is minic a chuirfísrian mór ar líon na mBallstát a d’fhéadfaí a ainmniú go bailí in iarratas láraithe ar dheimhnithe le haghaidh PPP áirithemar gheall ar an gceanglas traidisiúnta maidir le húdaruithe bailí a bheith ar fáil ar dháta comhdaithe an iarratais.
Chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, tá sé beartaithe deonú deimhnithe le haghaidh PPP a cheadú, tríd an nós imeachta láraithe, nuair a chomhlíontar dhá choinníoll i ndáil le húdaruithe margaíochta, mar mhaolú ar an gceanglas traidisiúnta thuasluaite:
–ar dháta comhdaithe an iarratais, ní cheanglaítear ach go ndearnadh iarratas ar údaruithe margaíochta i ngach ceann de na Ballstáit ainmnithe, ach
–roimh dheireadh an phróisis scrúdúcháin, ní mór údaruithe a bheith deonaithe i ngach ceann de na Ballstáit ainmnithe. Ag an am céanna, cheanglófaí nach gcuirtear deireadh leis an bpróiseas scrúdúcháin tráth nach luaithe ná 18 mí tar éis an t-iarratas a chomhdú, chun gur mó is dócha go mbeifear tar éis na húdaruithe atá ‘ar iarraidh’ a dheonú faoin tráth sin. I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll seo i gceann de na Ballstáit ainmnithe, áfach, chuirfí na himeachtaí scrúdúcháin ar fionraí go dtí go mb’fhéidir go ndeonófaí na húdaruithe atá ‘ar iarraidh’, ar choinníoll – ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla — go dtarlóidh sé sin roimh dhul in éag na paitinne bunúsaí.
Gnéithe substainteacha den chóras DFC
Maidir leis na gnéithe substainteacha atá leagtha síos faoi láthair i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 i gcomhair na gcóras náisiúnta DFC atá ann cheana, ní bheartaítear leis an athchóiriú sin iad a mhodhnú ná a shoiléiriú a thuilleadh i bhfianaise chásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais, ós rud é:
–go bhfuil an cásdlí maidir le DFCanna ag cóineasú de réir a chéile, agus ag laghdú de réir a chéile ar éiginnteacht maidir leis an gcóras DFC a léirmhíniú, agus ag an am céanna d’fhéadfadh tuilleadh leasuithe luaineachtaí agus éiginnteacht nua a ghníomhachtú a mhéid a bhaineann leis an léirmhíniú cuí ar na rialacha leasaithe;
–níor iarr freagróirí ar shuirbhé Allensbach go ndéanfaí Airteagal 3 de Rialacháin DFC a leasú (ceist 48) fiú má mheasann siad go bhfuil cásdlí CBAE doiléir ar bhealaí áirithe (ceist 46).
Aithrisí nua
Tugadh faoi deara nach raibh aon aithrisí ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt chun Airteagal 3 a léirmhíniú. Dá réir sin, baineann aithrisí áirithe leis na coinníollacha (mar a leagtar amach in Airteagal 3) maidir le DFCanna a dheonú, déantar cásdlí na Cúirte Breithiúnais a ionchorprú leo. Is é is aidhm dó sin comhsheasmhacht a áirithiú. Go háirithe, leis na breithiúnais i gcásanna C-121/17 agus C-673/18 léirítear Airteagal 3(1)(a) agus 3(1)(d) den Rialachán DFC atá ann faoi láthair, faoi seach, agus ba cheart iad a mheas mar chásdlí socair. Ba amhlaidh don chás freisin maidir le breithiúnas C-471/14, ar dá réir gurb é dáta an chéad údaraithe margaíochta san Aontas, de réir bhrí Airteagal 13, an dáta a ndearnadh fógra faoin gcinneadh lena ndeonaítear an t-údarú a thabhairt do sheolaí an chinnidh.
An ceanglas ar dá réir ba cheart an táirge a bheith faoi chosaint ag paitinn bhunúsach, is é is brí dó gur cheart don táirge teacht faoin raon feidhme atá ag ceann amháin nó níos mó d’éilimh na paitinne sin, arna léiriú go cuí ag dáta comhdaithe na paitinne bunúsaí. Áirítear leis sin freisin cásanna ina gcomhfhreagraíonn an táirge do shainmhíniú feidhme ginearálta a úsáidtear i gceann d’éilimh na paitinne bunúsaí, agus ina dtagann sé dá bhrí sin faoi raon feidhme an aireagáin a chumhdaítear leis an bpaitinn sin, fiú mura léirítear é i bhfoirm ar leith mar chorprú sonrach sa phaitinn, ar choinníoll go bhfuil sé inaitheanta go sonrach ón bpaitinn.
Maidir le go leor cuspóirí ginearálta a leagtar amach i Meabhrán Míniúcháin an togra (COM(94)579) dár ndearnadh Rialachán (CE) Uimh. 1610/96, tá siad go hiomlán ábhartha i gcónaí sa lá atá inniu ann, agus ba cheart leanúint dá n-úsáid mar threoir maidir le léirmhíniú, i gcás inarb ábhartha. Áirítear leis sin an cuspóir ar dá réir más rud é gur deonaíodh deimhniú don tsubstaint ghníomhach féin cheana féin, ní fhéadfar deimhniú nua a dheonú don tsubstaint ghníomhach sin, cibé cé na hathruithe a rinneadh maidir le gnéithe eile den táirge cosanta plandaí (úsáid a bhaint as salann éagsúil, as támháin éagsúla, as cur i láthair éagsúil, etc.).
Thairis sin, maidir leis na cearta a thugtar le deimhniú, leis an deimhniú tugtar an chosaint chéanna agus a thugtar le paitinn bhunúsach, ach ní chosnaítear ach an táirge a chumhdaítear leis an údarú, le haghaidh gach úsáide cógaisíochta a údaraítear, go dtí go rachaidh an phaitinn bhunúsach in éag.
A mhéid a bhaineann leis na cearta a thugtar le deimhniú, agus i gcomhréir leis na ráitis níos luaithe maidir le díorthaigh, tá sé iomchuí a mheas, maidir leis an gcosaint ar tháirge a thugtar le deimhniú, go gcumhdaítear léi díorthaigh de chuid an táirge atá coibhéiseach leis an táirge ó thaobh na fíteashláintíochta de.
Córas teanga
Beartaítear leis an Rialachán seo go bhféadfar iarratas láraithe ar DFC a chomhdú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. I ndáil leis sin, tá an méid téacs in iarratas ar DFC thar a bheith beag, go háirithe i gcomparáid le paitinní, agus ní bheadh ualach i gceist leis i gcomhair iarratasóirí. Ní bheadh aon aistriúchán ag teastáil maidir le hábhair áirithe, amhail an phaitinn bhunúsach agus na húdaruithe margaíochta ábhartha a shainaithint, na dátaí ábhartha, agus sainaithint an iarratasóra/na n-iarratasóirí agus an táirge lena mbaineann. Meastar, dá bhrí sin, go mbeidh na costais aistriúcháin i bhfad níos ísle ná mar a bheadh i gcás iarratais ar phaitinn. Féach an measúnú tionchair (SWD(2023) 118) le haghaidh ríomh cruinn.
Achomhairc
Bíonn cinntí ón údarás scrúdúcháin lárnach faoi réir achomhairc. Baineann sé sin freisin le tuairim scrúdúcháin atá diúltach (nó atá diúltach go páirteach) arna heisiúint ag an údarás scrúdúcháin lárnach, d’fhéadfadh iarratasóir achomharc a chomhdú os comhair an údaráis scrúdúcháin lárnaigh, le linn tréimhse teoranta tar éis eisiúint na tuairime scrúdúcháin. Tá feidhm aige sin freisin maidir le cinntí eile ón údarás sin; mar shampla, féadfaidh aon cheann de na páirtithe i bhfreasúra achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh a bhaineann le freasúra. D’fhéadfaí tuairim scrúdúcháin a leasú mar thoradh ar achomharc.
I gcás iarratas ‘comhcheangailte’ ar DFC dá dtagraítear thíos – is é sin iarratas ar DFC ina n-iarrtar go ndeonófar DFC aonadach agus DFCanna náisiúnta freisin – bheadh achomharc den sórt sin infheidhme maidir leis an tuairim (choiteann) scrúdúcháin a bhaineann leis an iarratas comhcheangailte ar DFC.
Is os comhair na mBord Achomhairc de chuid EUIPO a d’éistfí an t-achomharc. Ba cheart comhaltaí de na Boird Achomhairc a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 166 (5) de Rialachán (AE) 2017/1001. Féadfaidh na comhaltaí sin a bheith ina scrúdaitheoirí náisiúnta freisin, ach ní fhéadfadh sé gurb iad na scrúdaitheoirí céanna a raibh baint acu cheana féin le hiarratais láraithe nó iarratais ar dheimhnithe aonadacha a scrúdú.
Ó thaobh ualach oibre de, déantar iarratais ar DFC le haghaidh níos lú ná 100 táirge gach bliain ar an meán, le haghaidh táirgí íocshláinte agus PPPanna le chéile, agus trí bharúlacha tríú páirtí a thabhairt isteach, ba cheart go gcuideofaí le líon na n-achomharc a choinneáil ar leibhéal an-íseal.
Táillí
Ní foláir táille iarratais agus b’fhéidir táillí nós imeachta eile, amhail an táille le haghaidh freasúraí agus achomharc, a íoc leis an údarás scrúdúcháin lárnach. I gcás DFCanna náisiúnta a dheonaítear faoin nós imeachta láraithe, chaithfí táillí athnuachana a íoc leis na hoifigí paitinní náisiúnta sna Ballstáit uile inar deonaíodh deimhnithe den sórt sin. Bheadh sé sin éagsúil, áfach, i gcás deimhnithe aonadacha a dheonaítear faoi na tograí comhthreomhara COM(2023) 222 agus COM(2023) 221, ar dá réir a ghearrfaidh an t-údarás scrúdúcháin táillí iarratais agus táillí bliantúla (athnuachana). Socrófar i ngníomh cur chun feidhme leibhéal na dtáillí a bheidh le n-íoc leis an údarás scrúdúcháin lárnach.
Aistrithe airgeadais idir an t-údarás lárnach agus na hoifigí paitinní náisiúnta (OPNanna)
Ós rud é go bhféadfadh sé nach leor na táillí nós imeachta a íocann iarratasóirí leis an údarás scrúdúcháin lárnach chun na costais arna dtabhú ag an údarás sin faoin nós imeachta láraithe nua a chumhdach, is gá a áirithiú go n-aistreofar chuig an údarás scrúdúcháin lárnach codán de na táillí athnuachana arna mbailiú ag oifigí náisiúnta le haghaidh DFCanna arna ndeonú ar bhonn an nós imeachta láraithe. Tarlaíonn sé sin cheana féin idir oifigí paitinní náisiúnta agus Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP) maidir le táillí athnuachana le haghaidh paitinní Eorpacha. Ag an am céanna, is gá a áirithiú go n-íocfar go cuí as a rannpháirtíocht na hoifigí náisiúnta sin a bhíonn rannpháirteach sa nós imeachta láraithe nua a mhéid a bhaineann leis an scrúdú substainteach ar iarratais láraithe ar DFC.
Dlíthíocht
Cibé acu a fuarthas é faoi nósanna imeachta náisiúnta reatha an lae inniu nó faoin nós imeachta láraithe nua atá beartaithe, maidir le DFC atá bunaithe ar phaitinn Eorpach, lena n-áirítear paitinn aonadach, beifear in ann ábhar dlíthíochta a dhéanamh de os comhair an chomhlachta atá freagrach faoin dlí náisiúnta as cúlghairm na paitinne bunúsaí comhfhreagraí, ar cúirt náisiúnta é de ghnáth, agus d’fhéadfadh sé freisin, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha (i.e. iad sin a bhfuil an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní daingnithe acu), gurb é Cúirt Aontaithe na bPaitinní é i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme (cf. Airteagal 3(b) den Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní, mar aon le hAirteagal 2(g) agus Airteagal 32).
Gnéithe náisiúnta
Ós rud é go ndeonaítear deimhnithe náisiúnta (DFCanna) mar thoradh ar an nós imeachta láraithe atá beartaithe, beidh go leor ceanglas agus nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana, is infheidhme faoi láthair maidir leis na DFCanna a ndéantar iarratas orthu go náisiúnta, infheidhme chomh maith céanna maidir leis na deimhnithe a dheonaítear faoin nós imeachta láraithe atá beartaithe. Baineann sé sin go háirithe le ceanglais maidir le foilsiú, cláir náisiúnta agus táillí athnuachana a íoc.
Níl aon athrú beartaithe ar na nósanna imeachta breithiúnacha is infheidhme maidir le DFCanna a dheonaítear go náisiúnta, cibé acu a dheonaítear iad ar bhonn iarratas náisiúnta nó iarratas láraithe, e.g. a mhéid a bhaineann le cúlghairm agus forfheidhmiú, faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní, dá pháirtithe, i gcás inarb infheidhme. I bhfocail eile, féadfar caingne neamhbhailíochta agus caingne sáraithe a thabhairt os comhair Chúirt Aontaithe na bPaitinní freisin i ndáil le DFC a dheonaítear go náisiúnta ar bhonn paitinn Eorpach, faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme, go háirithe an ceanglas ar dá réir nár roghnaíodh an phaitinn ná an DFC chun gan a bheith páirteach i ndlínse Chúirt Aontaithe na bPaitinní.
DFCanna Aonadacha
Tá togra comhthreomhar (COM(2023) 221) beartaithe chun DFC aonadach le haghaidh táirge cosanta plandaí a chruthú. Ní bheadh an deimhniú aonadach sin ar fáil ach amháin ar bhonn paitinn Eorpach le héifeacht aonadach (‘paitinn aonadach’), mar phaitinn bhunúsach, agus chuirfeadh sé a chuid éifeachtaí i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach (17 mBallstát ar dtús).
Bheadh an nós imeachta um iarratais ar dheimhnithe aonadacha den sórt sin a chomhdú agus a scrúdú go lárnach mar an gcéanna mutatis mutandis leis an nós imeachta láraithe a leagtar amach sa togra seo. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí in iarratas ‘comhcheangailte’ ar DFC iarraidh ar DFC aonadach a dheonú (i gcás na mBallstát a chumhdaítear leis an bpaitinn bhunúsach) agus iarraidh ar DFCanna náisiúnta a dheonú i mBallstáit eile. Chuirfí an t-iarratas ‘comhcheangailte’ sin faoi réir nós imeachta scrúdúcháin amháin, lena gcuirfí as an áireamh aon neamhréireachtaí, agus lena gcuirfí laghdú suntasach ar na costais agus ar an ualach riaracháin i gcomhair iarratasóirí. Ar mhaithe le soiléireacht, ní eisiatar leis an togra seo iarratais láraithe ar SPC lena n-ainmnítear Ballstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha, ar choinníoll nach n-iarrtar aon DFC aonadach go comhuaineach i gcás den sórt sin.
2023/0128 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí (athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
(2)Le taighde ar tháirgí cosanta plandaí rannchuidítear le feabhas leanúnach a chur ar tháirgeadh agus ar sholáthar flúirse bia ar ardchaighdeán agus ar phraghsanna inacmhainne.
(3)Le taighde ar chosaint plandaí rannchuidítear le feabhas leanúnach a chur ar tháirge barr.
(4)Ní leanfar de tháirgí cosanta plandaí, go háirithe na táirgí sin atá ann de thoradh ar thaighde fada costasach, a fhorbairt san Aontas más rud é go gcumhdaítear iad le rialacha fabhracha lena ndéantar foráil maidir le cosaint leordhóthanach chun taighde den sórt sin a spreagadh.
(5)Chun go mbeidh iomaíochas in earnáil na cosanta plandaí, is gá, mar thoradh ar chineál dílis an tionscail, leibhéal cosanta i leith na nuálaíochta a bheith ann atá coibhéiseach leis an gcosaint a dheonaítear do tháirgí íocshláinte le Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán nua COM(2023) 231] .
(6)Mar gheall ar an tréimhse atá ann idir an tráth a gcomhdaítear iarratas ar phaitinn do tháirge cosanta plandaí nua agus an tráth a bhfaightear an t-údarú chun an táirge cosanta plandaí sin a chur ar an margadh, níl tréimhse na cosanta éifeachtaí faoin bpaitinn leordhóthanach chun an infheistíocht a dhéantar sa taighde a chumhdach agus chun na hacmhainní is gá a giniúint chun ardleibhéal taighde a choinneáil ar bun.
(7)De bharr na staide sin bíonn easpa cosanta ann, rud a chuireann pionós ar thaighde cosanta plandaí agus ar iomaíochas na hearnála.
(8)Ar cheann de phríomhchuspóirí an deimhnithe fhorlíontaigh cosanta (‘deimhniú’) tá an tionscal Eorpach a chur ar an mbonn iomaíochais céanna le tríú tíortha.
(9)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le réiteach aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais, rud a d’fhágfadh go gcuirfí cosc ar fhorbairt ilchineálach dlíthe náisiúnta as a dtiocfadh tuilleadh neamhionannas ar dhóigh dóibh bac a chur ar shaorghluaiseacht táirgí cosanta plandaí laistigh den Aontas agus, ar an ábhar sin, difear díreach a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
(10)Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le deimhniú a dheonóidh gach Ballstát, faoi na coinníollacha céanna, arna iarraidh sin do shealbhóir paitinne náisiúnta nó paitinne Eorpaí, a bhfuil nó nach bhfuil éifeacht aonadach aige, i ndáil le táirge cosanta plandaí dár deonaíodh údarú margaíochta. Leis an deimhniú ba cheart go soláthrófaí dá shealbhóir tréimhse bhreise cosanta leordhóthanaí tar éis don phaitinn bhunúsach dul in éag. Ba cheart iarratas ar dheimhniú den sórt sin a chomhdú leis an oifig maoine tionscail inniúil (‘an t-údarás náisiúnta inniúil’) de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.
(11)Ba cheart a áireamh ar cheann de na coinníollacha maidir le deimhniú a dheonú go bhfuil an táirge cosanta leis an bpaitinn bhunúsach, sa chiall gur cheart go dtiocfadh an táirge faoi raon feidhme éilimh amháin nó níos mó de chuid na paitinne sin, arna léiriú ag an duine atá oilte san ealaín de réir thuairisc na paitinne ar a dháta comhdaithe. Ní gá gur cheart go gceanglófaí leis sin go sainaithneofaí substaint ghníomhach an táirge go sainráite sna héilimh. Nó, i gcás ullmhóide, ní gá gur cheart go gceanglófaí leis sin go n-aithneofaí gach ceann dá shubstaintí gníomhacha go sainráite sna héilimh, ar choinníoll go bhfuil gach ceann acu inaitheanta go sonrach i bhfianaise na faisnéise uile a nochtar leis an bpaitinn sin.
(12)Chun róchosaint a sheachaint, ba cheart a fhoráil nach bhfeadfar cosaint a thabhairt don táirge céanna i mBallstát ach le haon deimhniú amháin, cibé acu náisiúnta nó aonadach. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal nár cheart go mbeadh an táirge, ná aon díorthach amhail salainn, eistir, éitir, isiméirí, meascáin d’isiméirí, nó coimpléascaigh, atá coibhéiseach leis an táirge ó thaobh na fíteashláintíochta de, tar éis a bheith ina n-ábhar deimhnithe cheana féin, cibé acu ina n-aonar nó in éineacht le comhábhar gníomhach breise amháin nó níos mó, agus cibé acu le haghaidh na feidhme céanna nó le haghaidh ceann eile.
(13)Laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach, níor cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a thugtar le deimhniú ach amháin maidir leis an táirge, is é sin an tsubstaint ghníomhach nó teaglamaí den chéanna, a chumhdaítear leis an údarú chun an táirge a chur ar an margadh agus maidir le haon úsáid a bhaintear as an táirge mar tháirge cosanta plandaí, ar úsáid í a bheidh údaraithe sula dtéann an deimhniú in éag.
(14)Chun cosaint chothrom a áirithiú, áfach, leis an deimhniú ba cheart go mbeadh a shealbhóir i dteideal cosc a chur ar thríú páirtí monarú a dhéanamh ní hamháin ar an táirge a shainaithnítear sa deimhniú ach díorthaigh den táirge sin freisin, amhail salainn, eistir, éitir, isiméirí, meascáin d’isiméirí, nó coimpléascaigh, atá coibhéiseach leis an táirge ó thaobh na fíteashláintíochta de, fiú i gcás nach luaitear na díorthaigh sin go sainráite sa tuairisc ar an táirge sa deimhniú. Dá bhrí sin, is gá a mheas go mbaineann an chosaint a thugtar leis an deimhniú le díorthaigh choibhéiseacha den sórt sin, laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach.
(15)Mar bheart breise chun a áirithiú nach bhféadfaidh níos mó ná deimhniú amháin an táirge céanna a chosaint in aon Bhallstát, níor cheart níos mó ná deimhniú amháin don táirge sin a dheonú don sealbhóir ar níos mó ná paitinn amháin don táirge céanna. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil dhá phaitinn lena gcosnaítear an táirge i seilbh beirt shealbhóirí, ba cheart go gceadófaí deimhniú amháin don táirge sin a dheonú do gach duine de na sealbhóirí sin, i gcás inar féidir leo a léiriú nach bhfuil siad nasctha go heacnamaíoch. Thairis sin, níor cheart aon deimhniú a dheonú do dhílseánach paitinne bunúsaí i leith táirge is ábhar d’údarú atá i seilbh tríú páirtí, gan toiliú an pháirtí sin.
(16)D’fhonn an tsolúbthacht is mó is féidir a áirithiú agus gan idirdhealú míchuí a dhéanamh idir sealbhóirí ar chineálacha éagsúla paitinní, níor cheart aon teorainn a bheith leis an gcineál paitinne ar ina leith a fhéadfar iarratas ar dheimhniú náisiúnta a dhéanamh os comhair údarás náisiúnta inniúil. Dá bhrí sin, ba cheart é sin a bheith indéanta fós ar bhonn paitinn náisiúnta nó paitinn Eorpach agus, go háirithe, ba cheart é sin a bheith indéanta freisin i leith paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi (‘paitinn aonadach’).
(17)Ba cheart ré na cosanta a dheonaítear leis an deimhniú a bheith de chineál a d’fhágfadh go soláthrófaí cosaint éifeachtach dhóthanach léi. Chun na críche sin, ba cheart sealbhóir paitinne agus deimhnithe araon a bheith in ann uastréimhse fhoriomlán 15 bliana d’eisiachas a theachtadh ón tráth a bhfaightear údarú den chéad uair chun an táirge cosanta plandaí i dtrácht chun é a chur ar an margadh san Aontas.
(18)Ba cheart na leasanna go léir atá i dtreis in earnáil atá chomh casta agus chomh híogair leis an gcosaint plandaí a chur san áireamh. Chun na críche sin, ní féidir an deimhniú a dheonú ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana. Ina theannta sin, ba cheart an chosaint a dheonaítear a theorannú go dian don táirge dá bhfuarthas údarú chun é a chur ar an margadh de chuid Ballstáit mar tháirge cosanta plandaí.
(19)Is trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin a bheifear in ann áirithiú na cosanta leordhóthanaí ar an nuálaíocht a bhaint amach go héifeachtach i réimse na cosanta plandaí, agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh táirgí cosanta plandaí á ráthú.
(20)Is bailí iad freisin na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear in aithrisí 13, 14 agus 15 agus a leagtar síos in Airteagal 4, Airteagal 8 (1), pointe (c), agus Airteagal 17 (2) den Rialachán seo, mutatis mutandis, i gcomhair an léirmhínithe go háirithe ar aithris 9 agus Airteagail 3 agus 4, Airteagal 8 (1), pointe (c), agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach tagairt nua do COM(2023) 231].
(21)Ó cruthaíodh cosaint fhorlíontach, is ar bhonn náisiúnta amháin a rinneadh iarratas ar dheimhnithe agus a deonaíodh iad, rud a d’fhág gur ghá roinnt iarratais chomhchosúla a chomhdú agus a scrúdú i gcomhthráth i roinnt Ballstát. Mar thoradh air sin, bhí dúbailt oibre le déanamh ag iarratasóirí agus oifigí inniúla maoine tionsclaíche araon (‘údaráis náisiúnta inniúla’) a bhí i mbun imeachtaí scrúdaithe ar leithligh i leith táirge ar leith, agus cruthaíodh neamhréireachtaí ó am go chéile chomh maith sna cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla i mBallstáit éagsúla. Is gnách go mbaineann difríochtaí den sórt sin leis na coinníollacha maidir le deimhniú a dheonú nó a dhiúltú agus áirítear orthu deimhniú a dheonú i mBallstát amháin ach diúltú dó i mBallstát eile maidir leis an táirge céanna nó difríochtaí i gcur i bhfeidhm na gcoinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le réamhúdarú margaíochta nó cé acu a bhí nó nach raibh an táirge faoi réir deimhniú forlíontach cosanta cheana féin. Eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil as a leithéid agus níl sé i gcomhréir le haidhmeanna an mhargaidh inmheánaigh.
(22)Tá nós imeachta láraithe ann chun paitinní Eorpacha a dheonú. Ina theannta sin, tá an ‘phaitinn aonadach’ mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le teacht i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2023 le haghaidh na mBallstát go léir a bhfuil an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní daingnithe acu.
(23)Dá bhrí sin, is gá na nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana maidir le deonú deimhnithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a chomhlánú le nós imeachta láraithe. Leis an nós imeachta sin, ba cheart a bheith in ann, i gcás inar paitinn Eorpach í an phaitinn bhunúsach, lena n-áirítear paitinn aonadach, deonú deimhnithe náisiúnta a iarraidh le haghaidh dhá Bhallstát ainmnithe nó níos mó trí iarratas aonair ‘láraithe’ a chomhdú agus a scrúdú. Tar éis deimhnithe a dheonú faoin nós imeachta láraithe, ba cheart na deimhnithe sin a bheith coibhéiseach leis na deimhnithe a dheonaítear faoi nósanna imeachta náisiúnta agus ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna.
(24)Le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaíodh, faoi Airteagal 2, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’). Ar mhaithe leis an margadh inmheánach, ba cheart d’údarás scrúdúcháin aonair an nós imeachta láraithe a chur i gcrích. Is féidir é sin a bhaint amach ach an tasc chun iarratais ar dheimhnithe faoin nós imeachta láraithe a scrúdú a thabhairt don Oifig i gcomhréir leis an Rialachán seo.
(25)Chun foráil a dhéanamh maidir le scrúdú simplithe ar iarratas láraithe, níor cheart a chomhdú a bheith ar fáil ach amháin ar bhonn paitinn Eorpach, lena n-áirítear paitinn aonadach. Níor cheart an t-iarratas láraithe a bheith ar fáil ar bhonn sraith paitinní náisiúnta neamhspleácha, ós rud é gur dócha go mbeidh na héilimh iontu difriúil, rud a d’fhágfadh go mbeadh castacht níos mó ann le linn an scrúdaithe i gcomparáid leis na cásanna inar paitinn Eorpach í an phaitinn bhunúsach.
(26)Ós rud é go bhféadfar údaruithe margaíochta le haghaidh táirge cosanta plandaí ar leith a dheonú ar dhátaí éagsúla i mBallstáit éagsúla, chuirfí srian thar a bheith dian ar na Ballstáit a d’fhéadfaí a ainmniú go bailí in iarratas láraithe ar dheimhnithe le haghaidh táirge cosanta plandaí áirithe, dá gceanglófaí gur cheart údaruithe a bheith deonaithe sna Ballstáit uile atá ainmnithe san iarratas. Dá bhrí sin, ba cheart deonú deimhnithe ar bhonn iarratas láraithe den sórt sin a cheadú i gcás ina ndearnadh iarratas ar a laghad ar údaruithe margaíochta sna Ballstát ainmnithe go léir, ar choinníoll go ndeonaítear na húdaruithe sin roimh dheireadh an phróisis scrúdúcháin. Ar an gcúis sin, níor cheart an tuairim scrúdúcháin a ghlacadh níos luaithe ná 18 mí ón dáta a comhdaíodh an t-iarratas láraithe. Mar sin féin, más rud é nár deonaíodh aon údarú i mBallstát ainmnithe roimh dhul in éag don tréimhse sin, ba cheart don Oifig, i ndáil leis an mBallstát sin, na himeachtaí scrúdúcháin a chur ar fionraí, agus iad a atosú, arna iarraidh sin, ar choinníoll go ndéantar an t-údarú sin a dheonú ar deireadh sula dtéann an phaitinn bhunúsach in éag.
(27)Ba cheart deis a bheith ag an Oifig táille a ghearradh ar an iarratas láraithe ar dheimhniú, chomh maith le táillí nós imeachta eile amhail táille le haghaidh freasúra nó achomhairc. Ba cheart na táillí a ghearrann an Oifig a leagan síos le gníomh cur chun feidhme.
(28)Ba cheart cead a bheith ag iarratasóir ‘iarratas comhcheangailte’ a thaisceadh freisin lena n-áireofaí iarratas ar dheimhniú aonadach mar a leagtar amach i Rialachán [COM(2023) 221]. Ba cheart iarratas comhcheangailte den sórt sin a chur faoi réir nós imeachta scrúdúcháin aonair.
(29)Chun cosaint dhúbailte a sheachaint, níor cheart go bhféadfaí deimhnithe – cibé acu deimhnithe náisiúnta nó deimhnithe aonadacha – a dheonú don táirge céanna sa Bhallstát céanna ar bhonn iarratas náisiúnta agus iarratas láraithe araon.
(30)Chun próiseas cothrom trédhearcach a ráthú, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun laghdú a chur ar an riosca go mbeidh dúshláin bhailíochta ann ina dhiaidh sin, ba cheart deis a bheith ag tríú páirtithe, tar éis an t-iarratas láraithe a bheith foilsithe, barúlacha a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de 3 mhí le linn an scrúdú láraithe a bheith ar siúl. Ba cheart Ballstáit a áireamh freisin ar na tríú páirtithe sin a gceadaítear dóibh barúlacha a chur isteach. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear, áfach, do chearta tríú páirtithe chun imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnamh os comhair an chomhlachta atá freagrach faoin dlí náisiúnta as an bpaitinn bhunúsach chomhfhreagrach a chúlghairm. Tá gá leis na forálacha sin chun rannpháirtíocht tríú páirtithe a áirithiú roimh dheonú na ndeimhnithe agus ina dhiaidh.
(31)Ba cheart don Oifig an t-iarratas láraithe ar dheimhnithe a scrúdú agus tuairim scrúdúcháin a eisiúint. Sa tuairim sin ba cheart lua a dhéanamh ar na cúiseanna a bhfuil sí dearfach nó diúltach i ndáil le gach ceann de na Ballstáit ainmnithe.
(32)Ba cheart do phainéal scrúdúcháin, ar a áireofaí comhalta amháin den Oifig chomh maith le beirt scrúdaitheoirí atá fostaithe ag na hoifigí paitinne náisiúnta, an scrúdú ar iarratas láraithe ar dheimhniú a dhéanamh, faoi mhaoirseacht na hOifige. Ar an gcaoi sin d’áiritheofaí go mbainfí an leas is fearr as saineolas i gcúrsaí deimhnithe forlíontacha cosanta, saineolas nach bhfuil le fáil ach amháin sna hoifigí náisiúnta sa lá atá inniu ann. Chun cáilíocht optamach an scrúdaithe a áirithiú, ba cheart critéir oiriúnacha a leagan síos maidir le rannpháirtíocht scrúdaitheoirí sonracha sa nós imeachta láraithe, go háirithe maidir le cáilíochtaí agus coinbhleachtaí leasa.
(33)I gcás ina gcinnfidh an Oifig go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le deimhniú a dheonú i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ainmnithe in iarratas láraithe, ach i gcás nach bhfuil siad á gcomhlíonadh i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil éilimh éagsúla ag an bpaitinn bhunúsach Eorpach i gceann de na Ballstáit ainmnithe nach gcumhdaítear an táirge leo, ba cheart don Oifig tuairim dhearfach a eisiúint le haghaidh na mBallstát ainmnithe sin ina gcomhlíontar na coinníollacha chun deimhniú a fháil, agus tuairim dhiúltach dóibh siúd nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh iontu.
(34)Chun cearta nós imeachta tríú páirtithe a choimirciú agus chun córas iomlán leigheasanna a áirithiú, ba cheart do thríú páirtithe a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne tuairim scrúdúcháin, trí imeachtaí freasúra a thionscnamh laistigh de thréimhse ghearr tar éis fhoilsiú na tuairime sin, agus d’fhéadfadh leasú na tuairime sin a bheith mar thoradh ar an bhfreasúra sin.
(35)Tar éis an scrúdú ar iarratas láraithe a chur i gcrích, agus tar éis do na teorainneacha ama le haghaidh achomhairc agus freasúra dul in éag, nó, i gcás inarb iomchuí, tar éis cinneadh críochnaitheach ar bhonn na bhfiúntas a bheith eisithe, ba cheart an tuairim a tharchur chuig oifigí paitinne náisiúnta na mBallstát ainmnithe faoi seach.
(36)I gcás ina mbeidh an tuairim scrúdaithe dearfach do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach deimhniú a dheonú i gcomhréir leis na rialacha intíre is infheidhme, go háirithe maidir le foilsiú, clárú i mbunachair sonraí ábhartha agus táillí bliantúla a íoc.
(37)I gcás ina bhfuil an tuairim scrúdúcháin diúltach do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach an t-iarratas a dhiúltú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.
(38)Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha substainteacha céanna maidir le hiarratais náisiúnta agus iarratais láraithe a mhéid a bhaineann go háirithe leis an raon feidhme, leis na coinníollacha chun deimhnithe a fháil, le hábhar cosanta na ndeimhnithe agus éifeacht na ndeimhnithe, agus lena bhfoilsiú. Is é an toradh a bheadh ar an nós imeachta láraithe go ndeonófaí deimhnithe náisiúnta atá go hiomlán comhionann leo siúd a dheonaítear ar bhonn iarratais náisiúnta.
(39)Ós rud é go bhféadfadh acmhainn riaracháin theoranta a bheith ag údaráis náisiúnta inniúla áirithe chun scrúdú substainteach iomlán a dhéanamh ar iarratais ar dheimhnithe, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta leanúint de bheith in ann gan fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha go léir maidir le deimhniú a dheonú ar bhonn iarratas náisiúnta. Mar sin féin, chun cáilíocht agus aonfhoirmeacht na ndeimhnithe a dheonaítear faoin nós imeachta láraithe a áirithiú, ba cheart don Oifig scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha uile maidir le deimhniú a dheonú faoin nós imeachta láraithe.
(40)I gcás ina ndéanfar difear díobhálach don iarratasóir nó do pháirtí eile le cinneadh ón Oifig, ba cheart é a bheith de cheart ag an iarratasóir nó ag an bpáirtí sin, faoi réir táille, achomharc i gcoinne an chinnidh a chomhdú laistigh de 2 mhí os comhair Bord Achomhairc de chuid na hOifige. Baineann sé sin freisin leis an tuairim scrúdúcháin, rud ar ina choinne a d’fhéadfadh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh. Ba cheart cinntí ón mBord Achomhairc sin, ina dhiaidh sin, a bheith faoi réir ag caingne os comhair na Cúirte Ginearálta, cúirt a bhfuil dlínse aici an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh a chur ar neamhní nó a athrú. I gcás iarratas comhcheangailte lena n-áirítear iarraidh ar dheimhniú aonadach, féadfar achomharc coiteann a chomhdú.
(41)Agus comhaltaí na mBord Achomhairc á gceapadh in ábhair a bhaineann le hiarratais láraithe ar dheimhnithe, ba cheart a gcuid taithí roimhe sin ar dheimhniú forlíontach cosanta nó ar ábhair phaitinne a chur san áireamh.
(42)Féadfaidh aon duine agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht deimhnithe arna dheonú tar éis an nós imeachta láraithe os comhair cúirt inniúil de chuid Ballstáit, lena n-áirítear Cúirt Aontaithe na bPaitinní i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha.
(43)Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart clár a bhunú a bheidh ina phointe rochtana aonair lena gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le hiarratais ar dheimhnithe faoin nós imeachta láraithe agus maidir lena stádas, lena n-áirítear maidir le deimhnithe arna ndeonú ar an mbonn sin ag oifigí náisiúnta, ar cheart dóibh aon fhaisnéis ghaolmhar a roinnt leis an Oifig. Ba cheart an clár sin a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.
(44)Le Rialachán [COM(2023) 221] cruthaítear deimhniú forlíontach cosanta aonadach le haghaidh táirge cosanta plandaí, a fhéadfar a iarraidh le haghaidh na mBallstát sin ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. Féadfar an iarraidh ar dheimhniú aonadach den sórt sin a dhéanamh in iarratas comhcheangailte ar dheimhniú faoin nós imeachta láraithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás den sórt sin, ba cheart an t-iarratas comhcheangailte ina gcuimsítear an dá iarraidh a bheith faoi réir nós imeachta scrúdúcháin láraithe aonair. Ba cheart eisiamh a dhéanamh ar chosaint dhúbailte ó dheimhniú aonadach agus deimhniú arna dheonú de bhun an Rialacháin seo araon.
(45)Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, ba cheart gur teangacha oifigiúla uile an Aontais iad teangacha oifigiúla uile na hOifige. Ba cheart don Oifig glacadh le haistriúcháin fíoraithe, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, ar dhoiciméid agus faisnéis. Féadfaidh an Oifig, más cuí, úsáid a bhaint as meaisínaistriúcháin fíoraithe.
(46)Ba cheart foráil airgeadais a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar luach saothair leordhóthanach leis na údaráis náisiúnta inniúla a bhíonn rannpháirteach sa nós imeachta láraithe as a rannpháirtíocht.
(47)Ba cheart na costais bhunaithe is gá a bhaineann leis na cúraimí a thugtar don Oifig, lena n-áirítear costais na gcóras digiteach nua, a mhaoiniú ó bharrachas carntha buiséadach na hOifige.
(48)Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na nithe seo a leanas: (i) sonrú a dhéanamh ar ábhar agus foirm an fhógra achomhairc agus ar ábhar agus foirm an chinnidh ón mBord Achomhairc, (ii) mionsonraí a shonrú maidir le heagrú na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le deimhnithe, (iii) na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide a shonrú, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige, agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil, (iv) socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal a leagan amach, (v) leagan amach na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh, (vi) leagan amach na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt, (vii) mionsonraí a shonrú maidir le ríomh agus fad na dteorainneacha ama agus (viii) na socruithe mionsonraithe maidir le hatosú na n-imeachtaí a leagan amach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(49)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na foirmeacha iarratais atá le húsáid; (ii) rialacha maidir le nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhdú, agus nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a ndéanann painéil scrúdúcháin iarratais láraithe a scrúdú agus tuairimí scrúdúcháin a ullmhú, chomh maith le heisiúint tuairimí ón Oifig, (iii) critéir na mbealaí trína mbunófar na painéil, agus na critéir chun scrúdaitheoirí a roghnú, (iv) méideanna na dtáillí is infheidhme a bheidh le híoc leis an Oifig, (v) na huasrátaí a shonrú do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis, agus (vi) rialacha maidir le haistrithe airgeadais idir an Oifig agus na Ballstáit, méideanna na n-aistrithe sin, agus an luach saothair a bheidh le híoc ag an Oifig maidir le rannpháirteachas na n-údarás náisiúnta inniúil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(50)Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta ar fheidhmiú an nós imeachta láraithe, i gcomhar lena gceanglaítear i Rialachán [COM(2023) 231].
(51)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Ba cheart na rialacha sa Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin. Go háirithe, leis an Rialachán seo féachtar le lánurraim a thabhairt don cheart chun maoine agus don cheart chun cúraim sláinte agus don cheart chun leighis éifeachtaigh in Airteagail 17 agus 47 den Chairt.
(52)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, d’fhonn a áirithiú go mbíonn na rialacha is infheidhme comhsheasmhach ar fud an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(53)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir tagairt leis nuair a bheidh fáil uirthi].
(54)Ba cheart socruithe iomchuí a dhéanamh chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Chun go mbeidh a dóthain ama ag an Oifig chun an nós imeachta láraithe a chur chun feidhme agus a sheoladh, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le hiarratais láraithe a leagtar síos sa Rialachán seo ón [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach dáta 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta (‘deimhniú’) le haghaidh táirgí cosanta plandaí a chosnaítear le paitinn i gcríoch Ballstáit agus atá, sula gcuirtear ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí é, faoi réir nós imeachta údaraithe riaracháin mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘táirgí cosanta plandaí’ substaintí gníomhacha agus ullmhóidí ina bhfuil substaint ghníomhach amháin nó níos mó, atá cóirithe san fhoirm inar soláthraíodh iad don úsáideoir, agus atá beartaithe chun na gcríoch seo a leanas:
(a)plandaí nó táirgí plandaí a chosaint i gcoinne gach orgánach díobhálach nó gníomhaíocht orgánach den sórt sin a chosc, a mhéid nach sainmhínítear thíos na substaintí nó na hullmhóidí sin ar shlí eile;
(b)tionchar a imirt ar phróisis saoil plandaí, seachas mar chothaitheach (e.g. rialaitheoirí fáis plandaí);
(c)táirgí plandaí a chaomhnú, a mhéid nach bhfuil substaintí nó táirgí den sórt sin faoi réir fhorálacha speisialta na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le leasaithigh;
(d)plandaí míchuibhiúla a scriosadh; nó
(e)codanna de phlandaí a scriosadh, fás míchuibhiúil plandaí a shrianadh nó a chosc;
(2)ciallaíonn ‘substaintí’ dúile ceimiceacha agus a gcomhdhúile, mar is ann dóibh go nádúrtha nó trí mhonarú, lena n-áirítear aon eisíontas a tharlaíonn mar thoradh dosheachanta ar phróiseas an mhonaraithe;
(3)ciallaíonn‘substaintí gníomhacha’ substaintí nó miocrorgánaigh lena n-áirítear víris, a ghníomhaíonn go ginearálta nó go sonrach:
(a)i gcoinne orgánaigh dhíobhálacha; nó
(b)ar phlandaí, codanna plandaí nó táirgí plandaí;
(4)ciallaíonn ‘ullmhóidí’ meascáin nó tuaslagáin ina bhfuil dhá shubstaint nó níos mó, agus inar substaint ghníomhach ceann amháin díobh ar a laghad, ar meascáin nó tuaslagáin iad a bheartaítear lena n-úsáid mar tháirgí cosanta plandaí;
(5)ciallaíonn‘táirgí’ plandaí beo agus codanna beo de phlandaí, lena n-áirítear torthaí úra agus síolta;
(6)ciallaíonn ‘táirgí plandaí’ táirgí ina staid neamhphróiseáilte nó táirgí nach ndearnadh ach ullmhúchán simplí orthu amhail muilleáil, triomú nó fáisceadh, agus a dhíorthaítear ó phlandaí, ach gan plandaí iad féin a áireamh ;
(7)ciallaíonn ‘orgánaigh dhíobhálacha’ lotnaidí plandaí nó lotnaidí táirgí plandaí a bhaineann le ríocht na n-ainmhithe nó na bplandaí, agus ina theannta sin víris, baictéir agus míceaplasma agus paitiginí eile;
(8)ciallaíonn ‘táirge’ an tsubstaint ghníomhach nó an teaglaim de shubstaintí gníomhacha de chuid táirge cosanta plandaí;
(9)ciallaíonn ‘paitinn bhunúsach’ paitinn lena gcosnaítear táirge ina cháil mar tháirge, ullmhóid , próiseas chun táirge a fháil nó feidhm de chuid táirge, agus atá ainmnithe ag a sealbhóir chun críche an nós imeachta le haghaidh deimhniú a dheonú;
(10)ciallaíonn ‘iarratas náisiúnta’ iarratas ar dheimhniú a dhéantar os comhair údarás náisiúnta inniúil de bhun Airteagal 9;
(11)ciallaíonn ‘iarratas láraithe’ iarratas a dhéantar os comhair na hOifige de bhun Airteagal 19 d’fhonn deimhnithe a dheonú, le haghaidh an táirge a shainaithnítear san iarratas, sna Ballstáit ainmnithe;
(12)ciallaíonn ‘Ballstát ainmnithe’ Ballstát dá lorgaítear deimhniú faoin nós imeachta scrúdúcháin láraithe a leagtar síos i gCaibidil III, mar a shainaithnítear in iarratas láraithe ar dheimhniú;
(13)ciallaíonn ‘paitinn Eorpach’ paitinn arna deonú ag Oifig Eorpach na bPaitinní (‘OEP’) faoi na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach (‘CPE’);
(14)ciallaíonn ‘paitinn aonadach’ paitinn Eorpach a thairbhíonn d’éifeacht aonadach sna Ballstáit sin a bhíonn rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012;
(15)ciallaíonn ‘údarás náisiúnta inniúil’ an t-údarás náisiúnta atá inniúil, i mBallstáit áirithe, chun deimhnithe a dheonú agus chun diúltú d’iarratais ar dheimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 9(1).
Caibidil II
Iarratais náisiúnta ar dheimhniú
Airteagal 3
Coinníollacha chun deimhniú a fháil
1.Deonófar deimhniú más rud é, sa Bhallstát ina gcuirtear isteach an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar dháta an iarratais sin, go bhfuil na coinníollacha go léir seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a)go bhfuil an táirge faoi chosaint ag paitinn bhunúsach atá i bhfeidhm;
(b)gur deonaíodh údarú bailí chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge íocshláinte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ;
(c)nach raibh an táirge ina ábhar do dheimhniú cheana;
(d)gurb é an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí.
2.Don té a shealbhaíonn níos mó ná paitinn amháin don táirge céanna ní dheonófar níos mó ná deimhniú amháin le haghaidh an táirge sin. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil ar feitheamh dhá iarratas nó níos mó maidir leis an táirge céanna agus a thagann ó bheirt sealbhóirí paitinní éagsúla nó níos mó, féadfar deimhniú amháin don táirge sin a eisiúint do gach duine de na sealbhóirí sin, i gcás nach bhfuil siad nasctha go heacnamaíoch.
Airteagal 4
Raon feidhme na cosanta
Laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach, ní bhainfidh an chosaint a thugtar le deimhniú ach amháin leis an táirge a chumhdaítear leis na húdaruithe chun an táirge cosanta plandaí comhfhreagrach a chur ar an margadh agus leis an údarú le haghaidh aon úsáid a bhaintear as an táirge mar tháirge cosanta plandaí, ar úsáid í a bheidh údaraithe sula dtéann an deimhniú in éag.
Airteagal 5
Éifeachtaí na ndeimhnithe
Leis an deimhniú tabharfar na cearta céanna agus a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha céanna agus na n-oibleagáidí céanna.
Airteagal 6
Teideal chuig an deimhniú
1.
Deonófar an deimhniú do shealbhóir na paitinne bunúsaí nó don chomharba i dteideal de chuid an tsealbhóra sin.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás inar deonaíodh paitinn bhunúsach i leith táirge atá faoi réir údarú atá i seilbh tríú páirtí, ní dheonófar deimhniú le haghaidh an táirge sin do shealbhóir na paitinne bunúsaí gan toiliú an tríú páirtí sin.
Airteagal 7
Iarratas ar dheimhniú
1.Taiscfear an t-iarratas ar dheimhniú laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás ina ndeonaítear an t-údarú chun an táirge a chur ar an margadh sula ndeonaítear an phaitinn bhunúsach, taiscfear an t-iarratas ar dheimhniú laistigh de 6 mhí ón dáta a dheonaítear an phaitinn.
Airteagal 8
Ábhar an iarratais ar dheimhniú
1.Beidh an méid seo a leanas san iarratas ar leasú:
(a)iarraidh ar dheimhniú a dheonú, ina luafar go háirithe:
(i)ainm agus seoladh an iarratasóra;
(ii)más rud é go bhfuil ionadaí ceaptha ag an iarratasóir,ainm agus seoladh an ionadaí sin;
(iii)uimhir na paitinne bunúsaí agus teideal an aireagáin;
(iv)uimhir agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus, más rud é nach é an t-údarú seo an chéad údarú chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas, uimhir agus dáta an údaraithe sin;
(b)cóip den údarú chun an táirge a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), ar údarú é ina sainaithnítear an táirge, agus ina bhfuil, go háirithe, uimhir agus dáta an údaraithe agus achoimre ar shaintréithe an táirge arna liostú i gCuid A, roinn 1, pointí 1.1 go 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 283/2013 ón gCoimisiún nó i gCuid B, Roinn 1, pointí 1.1 go 1.4.3 de ;
(c)i gcás nach é an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge íocshláinte san Aontas, faisnéis maidir le céannacht an táirge a údaraítear amhlaidh agus an fhoráil dlí faoinar tharla an nós imeachta údaraithe, mar aon le cóip den fhógra inar foilsíodh an t-údarú san fhoilseachán oifigiúil nó, in éagmais fógra den sórt sin, aon doiciméad eile lena gcruthaítear gur eisíodh an t-údarú, an dáta a eisíodh é agus céannacht an táirge a údaraíodh;
2.Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh táille iníoctha nuair a dhéantar iarratas ar dheimhniú.
Airteagal 9
Iarratas ar dheimhniú a thaisceadh
1.Taiscfear an t-iarratas ar dheimhniú leis an oifig inniúil maoine tionscail sa Bhallstát a dheonaigh an phaitinn bhunúsach nó ar thar a cheann a deonaíodh í agus ina bhfuarthas an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), chun an táirge a chur ar an margadh, mura rud é go n-ainmníonn an Ballstát údarás eile chun na críche sin.
2.Foilseoidh an t-údarás dá dtagraítear i mír 1 fógra i dtaobh an iarratais ar dheimhniú. Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir san fhógra:
(a)ainm agus seoladh an iarratasóra;
(b)uimhir na paitinne bunúsaí;
(c)teideal an aireagáin;
(d)uimhir agus dáta an údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus an táirge a shainaithnítear san údarú sin;
(e)i gcás inarb ábhartha, uimhir agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas.
Airteagal 10
An deimhniú a dheonú nó an t-iarratas a dhiúltú
1.I gcás ina gcomhlíonann an t-iarratas ar dheimhniú agus an táirge lena mbaineann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, deonóidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) an deimhniú.
2.Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, diúltóidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) don iarratas ar dheimhniú más rud é nach gcomhlíonann an t-iarratas nó an táirge lena mbaineann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.
3.I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas ar dheimhniú na coinníollacha a leagtar síos Airteagal 8, iarrfaidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ar an iarratasóir an neamhrialtacht a cheartú, nó an táille a íoc, laistigh de thréimhse shonraithe.
4.Más rud é nach gceartaítear an neamhrialtacht nó nach n-íoctar an táille de réir mhír 3 laistigh den tréimhse shonraithe, diúltóidh an t-údarás don iarratas.
5.Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go bhfuil an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) le deimhnithe a dheonú gan a fhíorú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (c) agus (d), á gcomhlíonadh.
Airteagal 11
Foilsiú
1.Foilseoidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a luaithe is féidir, fógra á rá gur deonaíodh deimhniú . Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir san fhógra:
(a)ainm agus seoladh shealbhóir an deimhnithe;
(b)uimhir na paitinne bunúsaí;
(c)teideal an aireagáin;
(d)uimhir agus dáta an údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus an táirge a shainaithnítear san údarú sin;
(e)i gcás inarb ábhartha, uimhir agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas;
(f)ré an deimhnithe.
2.Foilseoidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a luaithe is féidir, fógra á rá gur deonaíodh deimhniú . Beidh an fhaisnéis arna liostú in Airteagal 9(2) ar a laghad san fhógra.
Airteagal 12
Táillí bliantúla
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an deimhniú faoi réir táillí bliantúla a íoc.
Airteagal 13
Ré an deimhnithe
1.Tiocfaidh an deimhniú i bhfeidhm ag deireadh théarma dleathach na paitinne bunúsaí ar feadh tréimhse is comhionann leis an tréimhse atá caite idir an dáta a taisceadh an t-iarratas ar phaitinn bhunúsach agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas, arna laghdú de thréimhse 5 bliana.
2.D’ainneoin mhír 1, ní fhéadfaidh ré an deimhnithe a bheith níos faide ná 5 bliana ón dáta a thagann sé i bhfeidhm.
3.Chun ré an deimhnithe a ríomh, ní chuirfear an chéad údarú margaíochta sealadach san áireamh ach amháin má thagann údarú cinntitheach maidir leis an táirge céanna ina dhiaidh go díreach.
Airteagal 14
Dul in éag an deimhnithe
Rachaidh an deimhniú in éag i gcás aon cheann de na teagmhais seo a leanas:
(a)i ndeireadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 13;
(b)más rud é go dtugann sealbhóir an deimhnithe suas é;
(c)más rud é nach n-íoctar in am an táille bhliantúil a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 12;
(d)más rud é nach bhféadfar, agus fad nach bhféadfar, an táirge arna chumhdach leis an deimhniú a chur ar an margadh a thuilleadh tar éis an t-údarú iomchuí nó na húdaruithe iomchuí chun é a chur ar an margadh a tharraingt siar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó le forálacha coibhéiseacha den dlí náisiúnta, de réir mar is infheidhme.
Chun críoch phointe (d), féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a chinneadh, uaidh féin nó ar iarraidh ó thríú páirtí, go rachaidh an deimhniú in éag.
Airteagal 15
Neamhbhailíocht an deimhnithe
1.Beidh an deimhniú neamhbhailí i gcás aon cheann de na teagmhais seo a leanas :
(a)deonaíodh an deimhniú ar shlí atá contrártha d’Airteagal 3;
(b)go bhfuil an phaitinn bhunúsach tar éis dul in éag sula dtéann a théarma dleathach in éag;
(c)déantar an phaitinn bhunúsach a chúlghairm nó a theorannú a mhéid nach mbeadh an táirge dár deonaíodh an deimhniú cosanta a thuilleadh le héilimh na paitinne bunúsaí nó, tar éis ré na paitinne bunúsaí a bheith imithe in éag, go bhfuil forais ann le cúlghairm a dhéanamh rud a d’fhágfadh go raibh údar maith leis an gcúlghairm sin nó leis an teorannú sin.
2.Maidir le hiarratas ar dhearbhú á rá go bhfuil an deimhniú neamhbhailí, nó maidir le caingean le haghaidh an chéanna, féadfaidh aon duine iarratas den sórt sin a dhéanamh nó caingean den sórt sin a thabhairt os comhair an chomhlachta atá freagrach faoin dlí náisiúnta as an bpaitinn bhunúsach chomhfhreagrach a chúlghairm, nó os comhair cúirt inniúil de chuid Ballstáit.
Airteagal 16
Fógra i dtaobh dul in éag nó neamhbhailíochta
Más rud é go dtéann an deimhniú in éag i gcomhréir le hAirteagal 14, pointí (b), (c) nó (d), nó más rud é go bhfuil sé neamhbhailí i gcomhréir le hAirteagal 15, foilseoidh an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) fógra ina thaobh sin .
Airteagal 17
Achomhairc
1.Maidir le cinntí ón údarás dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó cinntí ón gcomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ar cinntí iad a ghlactar faoin gCaibidil seo, féadfar na hachomhairc chéanna a dhéanamh ina leith agus a dhéantar trí na hachomhairc dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta in aghaidh cinntí dá leithéid arna nglacadh i leith paitinní náisiúnta.
2.Beifear in ann achomharc a dhéanamh i leith an chinnidh chun an deimhniú a dheonú, ar achomharc é arb é is aidhm dó ré an deimhnithe a cheartú i gcás ina bhfuil dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas, agus atá san iarratas ar dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 8, mícheart.
Airteagal 18
Nós imeachta
1.In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo, beidh feidhm maidir leis an deimhniú ag na forálacha nós imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta maidir leis an bpaitinn bhunúsach chomhfhreagrach agus, i gcás inarb iomchuí, ag na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir leis na deimhnithe dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do COM(2023) 231], mura leagtar síos leis an dlí náisiúnta forálacha speisialta nós imeachta le haghaidh deimhnithe.
2.D’ainneoin mhír 1, eisiafar an nós imeachta maidir le cur i gcoinne deimhniú a dheonú .
Caibidil III
Nós imeachta láraithe le haghaidh deimhnithe
Airteagal 19
Raon feidhme an iarratais láraithe
1.I gcás inar paitinn Eorpach í an phaitinn bhunúsach, lena n-áirítear paitinn aonadach, agus i gcás inar deonaíodh údaruithe chun an táirge a chur ar an margadh i mBallstát amháin ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, feadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta sa Chaibidil seo.
2.Taiscfear iarratas láraithe le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh arna bunú le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1001 (‘an Oifig’).
3.Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 agus Airteagail 13 go 17 maidir le hiarratais láraithe.
4.Taiscfear an t-iarratas láraithe trí fhoirm iarratais shonrach a úsáid.
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhfoirm iarratais atá le húsáid chun iarratas láraithe a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
Airteagal 20
Ábhar an iarratais láraithe
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas láraithe:
(a)ainmniú na mBallstát ina bhfuil deimhnithe á lorg faoin nós imeachta láraithe;
(b)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1).
Airteagal 21
Inghlacthacht iarratais láraithe a scrúdú
1.Scrúdóidh an Oifig na nithe seo a leanas:
(a)cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratas láraithe Airteagal 20;
(b)cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratas láraithe Airteagal 7;
(c)cé acu a íocadh nó nár íocadh an táille dá dtagraítear in Airteagal 33(1) laistigh den tréimhse fhorordaithe.
2.I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas láraithe na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na bearta is gá a dhéanamh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh agus socróidh an Oifig spriocdháta le haghaidh an chomhlíonta sin.
3.I gcás nár íocadh an táille dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), nó nár íocadh go hiomlán í, cuirfidh an Oifig an méid sin in iúl don iarratasóir.
4.I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 2, diúltóidh an Oifig don iarratas.
Airteagal 22
Foilsiú an iarratais láraithe
I gcás ina gcomhlíonann an t-iarratas láraithe Airteagal 21, foilseoidh an Oifig an t-iarratas, gan moill mhíchuí, sa Chlár.
Airteagal 23
An t-iarratas láraithe a scrúdú
1.Measfaidh an Oifig an t-iarratas ar bhonn na gcoinníollacha uile in Airteagal 3(1) le haghaidh gach ceann de na Ballstáit ainmnithe.
2.I gcás ina ndéanann an t-iarratas láraithe ar dheimhniú agus an táirge lena mbaineann sé Airteagal 3(1) a chomhlíonadh i leith gach ceann nó roinnt de na Ballstáit ainmnithe, glacfaidh an Oifig tuairim réasúnaithe dhearfach i leith na mBallstát sin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoin tuairim sin don iarratasóir.
3.I gcás nach ndéanann an t-iarratas láraithe ar dheimhniú agus an táirge lena mbaineann sé Airteagal 3(1) a chomhlíonadh i leith gach ceann nó roinnt de na Ballstáit ainmnithe, glacfaidh an Oifig tuairim réasúnaithe dhiúltach i leith na mBallstát sin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoin tuairim sin don iarratasóir.
4.Déanfaidh an Oifig an tuairim scrúdúcháin a aistriú go teangacha oifigiúla na mBallstát ainmnithe go léir. Féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as meaisínaistriúcháin fíoraithe.
5.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhdú, agus nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a ndéanann painéil scrúdúcháin iarratais láraithe a scrúdú agus tuairimí scrúdúcháin a ullmhú, chomh maith le heisiúint tuairimí ón Oifig. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
Airteagal 24
Coinníollacha sínte chun deimhniú a fháil
1.De mhaolú ar Airteagal 3(1), pointe (b), glacfaidh an Oifig tuairim dhearfach le haghaidh táirge cosanta plandaí ar leith, ar bhonn iarratas láraithe, i gcás gach Ballstáit ainmnithe i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)ar dháta an iarratais sin, rinneadh iarratas ar údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;
(b)deonaíodh údarú bailí sular glacadh an tuairim scrúdúcháin.
2.Ní ghlacfar an tuairim scrúdúcháin níos luaithe ná 18 mí tar éis an t-iarratas láraithe a chomhdú, mura rud é gur deonaíodh údarú bailí chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i ngach ceann de na Ballstáit ainmnithe, ar dháta comhdaithe an iarratais láraithe.
3.Maidir le Ballstát ainmnithe nár deonaíodh aon údarú ann níos luaithe ná 18 mí tar éis an t-iarratas láraithe a chomhdú, cuirfidh an Oifig na himeachtaí scrúdúcháin ar fionraí, agus atosóidh sí ar na himeachtaí sin má dheonaíonn agus nuair a dheonaíonn an t-údarás inniúil náisiúnta údarú den sórt sin, agus má chuireann an t-iarratasóir an t-údarú sin faoi bhráid na hOifige sula dtéann an phaitinn bhunúsach in éag.
Airteagal 25
Barúlacha ó thríú páirtithe
1.Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na hOifige maidir leis an incháilitheacht chun cosanta fhorlíontaigh atá ag roinnt leis an táirge lena mbaineann an t-iarratas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá ainmnithe.
2.Maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach a chuir barúlacha i scríbhinn isteach i gcomhréir le mír 1, ní bheidh sé ina pháirtí sna himeachtaí.
3.Cuirfear isteach barúlacha tríú páirtí laistigh de 3 mhí tar éis fhoilsiú an iarratais láraithe sa Chlár.
4.Cuirfear aon bharúlacha ó thríú páirtí isteach i scríbhinn agus é sin i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, agus luafar iontu na forais ar a bhfuil siad bunaithe.
5.Tabharfar fógra don iarratasóir faoi aon bharúlacha ó thríú páirtí. Féadfaidh an t-iarratasóir trácht a dhéanamh ar na barúlacha laistigh de theorainn ama a shocróidh an Oifig.
Airteagal 26
Cur i gcoinne
1.Laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fhoilsiú na tuairime scrúdúcháin i leith iarratas láraithe, féadfaidh aon duine (‘freasúróir’) fógra freasúra i gcoinne na tuairime sin a chomhdú leis an Oifig.
2.Ní fhéadfar freasúra a chomhdú ach amháin ar na forais nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 i gcás ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ainmnithe.
3.Comhdófar freasúra i scríbhinn, agus sonrófar ann na forais ar a bhfuil sé á dhéanamh. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go cuí go dtí go n-íocfar an táille freasúra.
4.San fhógra freasúra beidh na nithe seo a leanas:
(a)na tagairtí don iarratas láraithe a bhfuil freasúra á chomhdú ina choinne, ainm a shealbhóra, agus sainaithint an táirge;
(b)sonraí an fhreasúróra agus, i gcás inarb infheidhme, sonraí a ionadaí;
(c)ráiteas maidir lena mhéid atáthar ag cur i gcoinne na tuairime scrúdúcháin agus maidir leis na forais ar a bhfuil an freasúra bunaithe.
5.Painéal scrúdúcháin arna bhunú ag an Oifig i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le painéil scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28 a scrúdóidh an freasúra. Ní áireofar ar an bpainéal freasúra, áfach, aon scrúdaitheoir a raibh baint aige roimhe sin leis an bpainéal scrúdúcháin a scrúdaigh an t-iarratas láraithe.
6.I gcás ina dtabharfaidh an painéal freasúra dá aire nach gcomhlíontar míreanna 2, 3, nó 4 leis an bhfógra freasúra, diúltóidh sé don fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don fhreasúróir, mura rud é gur leigheasadh na heasnaimh sin roimh dhul in éag don tréimhse comhdaithe freasúra dá dtagraítear i mír 1.
7.An cinneadh chun diúltú do fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, cuirfear é in iúl do shealbhóir an iarratais láraithe, maille le cóip den fhógra freasúra.
Beidh fógra freasúra neamh-inghlactha i gcás ina ndearna an Oifig achomharc a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis chaingne chéanna a bhreithniú de réir a bhfiúntais, agus i gcás ina mbeidh údarás mar chinneadh críochnaitheach bainte amach ag an gcinneadh ón Oifig i dtaobh an achomhairc sin.
8.I gcás nach ndiúltófar don fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, tarchuirfidh an Oifig an fógra freasúra go pras chuig an iarratasóir, agus foilseoidh sí é sa Chlár. I gcás inar comhdaíodh roinnt fógraí, cuirfidh an Oifig na fógraí sin in iúl go pras do na freasúróirí eile.
9.Foilseoidh an Oifig cinneadh maidir leis an bhfreasúra laistigh de 6 mhí, mura n-éilítear tréimhse níos faide mar gheall ar chastacht an cháis.
10.Má mheasann an painéal freasúra nach ann d’fhoras fhreasúra lena ndéantar dochar do choinneáil ar bun na tuairime scrúdúcháin, diúltóidh sé don fhreasúra, agus luafaidh an Oifig an méid sin sa Chlár.
11.I gcás ina measann an painéal freasúra gurb ann d’fhoras amháin ar a laghad fhreasúra lena ndéantar dochar do choinneáil ar bun na tuairime scrúdúcháin, glacfaidh sé tuairim leasaithe, agus luafaidh an Oifig an méid sin sa Chlár.
12.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta chun freasúra a chomhdú agus a scrúdú.
Airteagal 27
An ról atá ag údaráis náisiúnta inniúla
1.Ar iarraidh a dhéanfar chuig an Oifig, féadfaidh an Oifig aon údarás náisiúnta inniúil náisiúnta a cheapadh mar oifig rannpháirteach sa nós imeachta scrúdúcháin. A luaithe a cheapfar údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir leis an Airteagal seo, ainmneoidh an t-údarás sin scrúdaitheoir amháin nó níos mó a mbeidh baint aige le scrúdú a dhéanamh ar iarratais láraithe amháin nó níos mó.
2.Tabharfaidh an Oifig agus an t-údarás inniúil náisiúnta comhaontú riaracháin i gcrích sula gceapfar an t-údarás náisiúnta inniúil sin mar oifig rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
Sa chomhaontú sonrófar cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe, go háirithe an gealltanas foirmiúil ón údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann an Rialachán seo a chomhlíonadh maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin láraithe.
3.Féadfaidh an Oifig údarás náisiúnta inniúil a cheapadh mar oifig rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1 ar feadh 5 bliana. Féadfar tréimhsí breise 5 bliana a chur leis an gceapachán sin.
4.Sula gceapfar údarás náisiúnta inniúil, nó sula gcuirfear fadú lena cheapachán, nó roimh dhul in éag do cheapachán den sórt sin, tabharfaidh an Oifig éisteacht don údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann.
5.Déanfaidh gach údarás inniúil náisiúnta a cheaptar faoin Airteagal seo liosta a sholáthar don Oifig ina sainaithneofar na scrúdaitheoirí aonair atá ar fáil le bheith rannpháirteach in imeachtaí scrúdúcháin agus freasúra. Nuashonróidh gach údarás náisiúnta inniúil den sórt sin an liosta sin i gcás ina mbeidh athrú ann.
Airteagal 28
Painéil scrúdúcháin
1.Beidh na measúnaithe faoi Airteagail 23 agus 26 á seoladh ag painéal scrúdúcháin ar a n-áireofar comhalta amháin ón Oifig chomh maith le beirt scrúdaitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 27(1) ó dhá údarás náisiúnta inniúla rannpháirteacha éagsúla.
2.Beidh scrúdaitheoirí neamhchlaonta agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu agus dearbhóidh siad don Oifig aon choinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, tar éis iad a ainmniú.
3.Le linn painéal scrúdúcháin a bhunú, áiritheoidh an Oifig an méid seo a leanas:
(a)cothromaíocht thíreolaíoch i measc na n-oifigí rannpháirteacha;
(b)cuirtear san áireamh ualach oibre gach scrúdaitheora;
(c)ní bhainfidh níos mó ná scrúdaitheoir amháin atá fostaithe ag údarás náisiúnta inniúil as an díolúine a leagtar síos in Airteagal 10(5).
4.Foilseoidh an Oifig forléargas bliantúil ar líon na nósanna imeachta, lena n-áirítear le haghaidh scrúdúcháin, freasúra agus achomhairc, ina raibh gach údarás inniúil náisiúnta rannpháirteach.
5.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir na mbealaí trína mbunófar na painéil a chinneadh, agus na critéir chun scrúdaitheoirí a roghnú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
Airteagal 29
Achomhairc
1.Aon pháirtí in imeachtaí faoin gCaibidil seo dá ndéanann cinneadh ón Oifig difear díobhálach, lena n-áirítear glacadh tuairime scrúdúcháin, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair na mBord Achomhairc.
2.Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú an achomhairc. Beidh éifeacht ag cinneadh ón Oifig nár cuireadh ina choinne an lá tar éis dháta dhul in éag na tréimhse achomhairc dá dtagraítear i mír 3.
3.Déanfar fógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh. Ní mheasfar an fógra a bheith comhdaithe ach amháin go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha. I gcás achomhairc, déanfar ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach na forais achomhairc a chomhdú laistigh de 4 mhí ó dháta fógartha an chinnidh.
4.Tar éis inghlacthacht an achomhairc a scrúdú, déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir le tuillteanais an achomharc.
5.Más rud é, mar thoradh ar achomharc os comhair Bhoird Achomhairc na hOifige, go dtiocfar ar chinneadh nach bhfuil i gcomhréir leis an tuairim scrúdúcháin agus i gcás ina n-athchuirtear an t-achomharc faoi bhráid na hOifige, féadfar, le cinneadh na mBord, an tuairim sin a neamhniú nó a athrú sula dtarchuirfear é chuig údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát ainmnithe.
6.Féadfar caingean a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ó na Boird Achomhairc maidir le hachomhairc, laistigh de 2 mhí ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin, mar gheall ar shárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta, sárú ar Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sárú ar an Rialachán seo nó ar aon riail dlí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm nó le mí-úsáid cumhachta. Beidh an chaingean oscailte d’aon pháirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc dá ndéanann cinneadh an Bhoird difear díobhálach. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.
7.Gabhfaidh éifeacht le cinntí na mBord Achomhairc an lá tar éis dháta éagtha na tréimhse dá dtagraítear i mír 6 nó, má tugadh caingean os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, ón dáta i ndiaidh an dáta a dhíbhfear caingean den sórt sin nó a dhífhostófar aon achomharc a comhdaíodh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta. Glacfaidh an Oifig na bearta is gá chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.
8.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar ábhar agus foirm an fhógra achomhairc dá dtagraítear i mír 3, ar an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú agus ar ábhar agus foirm an chinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 30
Boird Achomhairc
1.I dteannta na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hAirteagal 165 de Rialachán (AE) 2017/1001, is ar na Boird Achomhairc arna dtionscnamh leis an Rialachán sin a bheidh an fhreagracht as achomhairc a chinneadh i gcoinne cinntí ón Oifig a ghlactar ar bhonn Airteagal 29(1).
2.Ar Bhord Achomhairc in ábhair a bhaineann le hiarratais láraithe ar dheimhnithe beidh triúr comhaltaí, a mbeidh beirt díobh ar an laghad cáilithe de réir dlí. I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé glaoch ar bheirt chomhaltaí eile le haghaidh an cháis sin.
3.An tArd-Bhord dá dtagraítear in Airteagal 165 (2), (3) agus 4, chomh maith le hAirteagal 167 (2) de Rialachán (AE) 2017/1001, ní bheidh sé ann in ábhair a bhaineann le hiarratais láraithe ar dheimhnithe. Cinntí a ghlacfaidh comhalta aonair, amhail faoi Airteagal 165 (2) de Rialachán (AE) 2017/1001, ní bheidh siad indéanta.
4.Maidir le comhaltaí de na Boird Achomhairc in ábhair a bhaineann le hiarratais láraithe, ceapfar iad i gcomhréir le hAirteagal 166 (5) de Rialachán (AE) 2017/1001.
Airteagal 31
Tarmligean cumhachta maidir leis na Boird Achomhairc
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraí a shonrú maidir le heagrú na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le deimhnithe faoin Rialachán seo.
Airteagal 32
Cur chun feidhme náisiúnta maidir le tuairim scrúdúcháin láraithe
1.Tar éis dul in éag don tréimhse ar lena linn a fhéadfar achomharc nó freasúra a chomhdú gan aon achomharc ná freasúra a bheith comhdaithe, nó tar éis cinneadh críochnaitheach maidir leis na fiúntais a bheith eisithe, tarchuirfidh an Oifig an tuairim scrúdúcháin agus na haistriúcháin uirthi chuig údarás náisiúnta inniúil gach Ballstáit ainmnithe.
2.Maidir le hiarratas láraithe, i gcás inar eisíodh tuairim scrúdúcháin dhearfach le haghaidh Ballstát ainmnithe nó níos mó, deonóidh an t-údaráis náisiúnta inniúil de chuid gach ceann de na Ballstáit sin deimhniú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme.
3.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan deimhniú a dheonú, i gcás ina bhfuil athrú tagtha ar imthosca ábhartha, sa Bhallstát sin, ó comhdaíodh an t-iarratas láraithe i leith ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), pointí (b) nó (c), nó Airteagal 14, an chéad mhír, pointe (d). I gcás den sórt sin, diúltóidh an Ballstát sin don iarratas a mhéid a bhaineann leis an mBallstát sin.
4.Beidh deimhniú arna dheonú ag údarás inniúil náisiúnta faoin Airteagal seo faoi réir Airteagail 4, 5, 11 agus Airteagail 12 go 18, agus na reachtaíochta náisiúnta is infheidhme.
5.I gcás inar eisíodh tuairim scrúdúcháin dhiúltach le haghaidh Ballstát ainmnithe nó níos mó, eiseoidh an t-údaráis náisiúnta inniúil de chuid gach ceann de na Ballstáit sin cinneadh diúltaithe de réir a rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme.
Airteagal 33
Táillí
1.Gearrfaidh an Oifig táille ar iarratas láraithe ar dheimhnithe.
2.Gearrfaidh an Oifig táille ar achomharc a dhéanamh, agus ar fhreasúra a dhéanamh.
3.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a chinneadh cad iad méideanna na dtáillí a ghearrfaidh an Oifig, na teorainneacha ama ar laistigh díobh nach mór iad a íoc, agus na bealaí ina n-íocfar na táillí sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
4.Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir le deimhnithe a dheonaítear faoin gCaibidil seo.
Airteagal 34
An Clár
1.A mhéid a bhaineann le hiarratais láraithe ar dheimhnithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí, sa Chlár a chuirfear ar bun faoi Airteagal 35 de Rialachán [COM(2023) 231], áireofar, i gcás gach iarratais láraithe nó deimhnithe, an fhaisnéis uile seo a leanas:
(a)ainm agus seoladh an iarratasóra nó shealbhóir an deimhnithe;
(b)ainm agus seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 37(3);
(c)an t-iarratas, chomh maith lena dháta taiscthe agus dáta a fhoilsithe;
(d)cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte nó le táirge cosanta plandaí;
(e)na Ballstáit ainmnithe;
(f)uimhir na paitinne bunúsaí;
(g)sainaithint an táirge ar iarradh deimhnithe ina leith;
(h)uimhreacha agus dátaí na n-údaruithe chun an táirge a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus sainaithint an táirge a shainaithnítear i ngach ceann díobh;
(i)uimhir agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas;
(j)dáta na tuairime scrúdúcháin i leith gach ceann de na Ballstáit ainmnithe agus achoimre uirthi;
(k)i gcás inarb infheidhme, ré an deimhnithe atá le deonú;
(l)i gcás inarb infheidhme, comhdú freasúra, agus a thoradh, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme achoimre ar an tuairim scrúdúcháin athbhreithnithe;
(m)i gcás inarb infheidhme, comhdú achomhairc, agus toradh na n-imeachtaí achomhairc, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme achoimre ar an tuairim scrúdúcháin athbhreithnithe;
(n)i gcás inarb infheidhme agus i gcás ina bhfuil fáil orthu, sonraí na ndeimhnithe a deonaíodh i ngach ceann de na Ballstáit;
(o)i gcás inarb infheidhme, trácht ina luaitear gur diúltaíodh don iarratas láraithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ainmnithe;
(p)i gcás inarb infheidhme, trácht ina luaitear go bhfuil deimhniú imithe i léig nó gur dearbhaíodh é a bheith neamhbhailí;
(q)faisnéis maidir le híocaíocht táillí bliantúla, mar a sholáthraíonn na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.
2.Sa Chlár beidh athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aistrithe, agus ag gabháil le gach ceann díobh beidh an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin.
3.Beidh an Clár agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as meaisínaistriúchán fíoraithe le haghaidh na faisnéise atá le foilsiú sa Chlár.
4.Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis a roinnt go pras leis an Oifig maidir le deonú, dul in éag, neamhbhailíocht nó aistrithe deimhnithe agus maidir le diúltú iarratas faoi Chaibidlí II agus III, agus maidir le táillí bliantúla gaolmhara a íoc.
5.Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige a chinneadh go ndéanfar faisnéis seachas an fhaisnéis sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thaifeadadh sa Chlár.
6.Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bhailiú, a eagrú, a chur ar fáil don phobal agus a stóráil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 8. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh.
7.Soláthróidh an Oifig sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe ón gClár arna iarraidh sin agus tar éis táille a íoc.
8.Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
(a)na hiarratais a riar i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus leis na gníomhartha a ghlacfar dá bhun;
(b)an Clár a choinneáil ar bun agus é a chur ar fáil lena iniúchadh ag údaráis phoiblí agus oibreoirí eacnamaíocha;
(c)tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.
9.Measfar na sonraí go léir a bheith chun leas an phobail, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ar sonraí iad a bhaineann leis na hiontrálacha i míreanna 1 agus 2 agus féadfaidh gach tríú páirtí rochtain a fháil orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, coinneofar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.
Airteagal 35
Bunachar sonraí
1.De bhreis ar an oibleagáid Clár a choimeád, baileoidh an Oifig na sonraí go léir a sholáthair iarratasóirí nó aon bharúlacha ó thríú páirtithe eile sna himeachtaí de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomhartha a ghlacfar dá bhun agus coinneoidh sí i mbunachar leictreonach sonraí iad.
2.Is féidir go n-áireofar sonraí pearsanta sa bhunachar sonraí thar na sonraí sin a áirítear sa Chlár, a mhéid go mbíonn gá le sonraí den sórt sin faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
(a)riar a dhéanamh ar iarratais agus/nó cláruithe deimhnithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha a ghlacfar dá bhun;
(b)rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun na himeachtaí ábhartha a sheoladh ar shlí níos fusa agus níos éifeachtúla;
(c)teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus le tríú páirtithe eile;
(d)tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.
3.Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí leictreonach agus maidir leis an dóigh a ndéanfar a inneachar, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 34(3), a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín-inléite, lena n-áirítear an táille ar rochtain den sórt sin.
4.Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar sonraí den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite an pháirtí lena mbaineann.
5.Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Mar sin féin, féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta den bhunachar sonraí tar éis 18 mí ó dhul in éag an deimhnithe nó, i gcás inarb iomchuí, ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith.
Airteagal 36
Trédhearcacht
1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid a shealbhaíonn an Oifig.
2.Glacfaidh Bord Bainistíochta na hOifige rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an Rialacháin seo.
3.Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Oifig faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 tríd an Ombudsman Eorpach nó féadfaidh siad bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 228 agus 263 CFAE faoi seach.
4.Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 37
Uiríoll
1.Déanfar ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch os comhair na hOifige i gcomhréir leis an Airteagal seo sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear le Caibidil III den Rialachán seo, seachas maidir le hiarratas láraithe a chomhdú.
2.Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Féadfaidh fostaí de chuid duine dlítheanach ionadaíocht a dhéanamh freisin thar ceann daoine dlítheanacha eile a bhfuil nasc eacnamaíoch acu leis an duine dlítheanach a bhfuil an fostaí sin ag déanamh ionadaíochta thar a cheann.
Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha eile laistigh den Aontas nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó laistigh den Aontas nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu laistigh den Aontas.
Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú leis an Oifig, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid.
3.Ceapfar ionadaí coiteann i gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt.
4.Ní fhéadfaidh ach cleachtóir atá bunaithe san Aontas agus atá i dteideal gníomhú mar ionadaí gairmiúil in ábhair phaitinne os comhair oifig náisiúnta paitinní nó Oifig Eorpach na bPaitinní, nó dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirteanna nó binsí Ballstáit, ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair na hOifige.
Airteagal 38
Iarratais comhcheangailte
1.Ina theannta sin, féadfar a áireamh in iarratas láraithe iarraidh ar dheimhniú aonadach a dheonú, mar a shainmhínítear i Rialachán [COM(2023) 221] (‘iarratas comhcheangailte’).
2.Cuirfear an t-iarratas comhcheangailte faoi réir nós imeachta scrúdúcháin láraithe aonair, chomh maith le nós imeachta freasúra nó achomhairc aonair, i gcás ina mbeidh sé comhdaithe i gcoinne tuairime nó cinnidh maidir leis an iarratas láraithe agus leis an iarratas ar dheimhniú aonadach araon.
3.San iarratas comhcheangailte ar dheimhnithe náisiúnta a dheonú go comhthreomhar ní ainmneofar na Ballstáit a bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach ina leith. Chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas comhcheangailte, tabharfar neamhaird ar aon ainmniú Ballstáit, san iarratas comhcheangailte, a bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach ina leith.
Airteagal 39
An Rannán Deimhnithe Forlíontacha Cosanta
Bunófar Rannán Deimhnithe Fhorlíontaigh Cosanta (‘Rannán DFC’) laistigh den Oifig agus beidh sé freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo agus i gCaibidil III de Rialachán [COM(2023) 231], agus i Rialacháin [COM(2023) 222] agus [COM(2023) 221] chomh maith, lena n-áirítear go háirithe:
(a)glacadh agus maoirsiú an scrúdaithe ar iarratais láraithe ar dheimhnithe, achomhairc agus barúlacha ó thríú páirtithe;
(b)tuairimí scrúdúcháin a ghlacadh thar ceann na hOifige i ndáil le hiarratais láraithe ar dheimhnithe;
(c)cinneadh a dhéanamh maidir le freasúraí i gcoinne tuairimí scrúdúcháin;
(d)an Clár agus an bunachar sonraí a choinneáil ar bun.
Airteagal 40
Teangacha
1.Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chuirfear chuig an Oifig i ndáil leis na nósanna imeachta faoin Rialachán seo, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
2.Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, is iad teangacha oifigiúla uile an Aontais a bheidh i dteangacha na hOifige i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle.
Airteagal 41
Teachtaireachtaí chuig an Oifig
1.Féadfar teachtaireachtaí a dhírítear ar an Oifig a sheoladh go leictreonach. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir lena mhéid is féidir na teachtaireachtaí sin a thaisceadh go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina dtaiscfear iad.
2.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide a shonrú, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil.
Airteagal 42
Cinntí agus teachtaireachtaí na hOifige
1.Beidh ar áireamh sna cinntí ón Oifig seo faoin gCaibidil seo tuairimí scrúdúcháin agus sonrófar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Ní bhunófar iad ach amháin ar chúiseanna agus fianaise ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna a chur i láthair. I gcás ina dtionólfar imeachtaí ó bhéal os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh nó an bharúil in iúl i scríbhinn do na páirtithe.
2.Léireofar in aon chinneadh, tuairim, teachtaireacht nó fógra ón Oifig faoin gCaibidil seo an Rannán DFC agus an painéal ábhartha chomh maith le hainm nó ainmneacha na scrúdaitheoirí atá freagrach. Beidh sé sínithe ag na scrúdaitheoirí sin, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun an Rannán DFC agus ainmneacha na scrúdaitheoirí atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as aitheantas seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí nó teachtaireachtaí eile trí aon mhodh teicniúil cumarsáide.
3.Cinntí ón Oifig faoin gCaibidil seo ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo lena chur in iúl go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn san Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Leis an teachtaireacht sin tarraingeofar aird na bpáirtithe freisin ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 29. Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomhairc ar fáil.
Airteagal 43
Imeachtaí ó bhéal
1.Má mheasann an Oifig imeachtaí ó bhéal a bheith caoithiúil, eagrófar iad ar thionscnamh na hOifige nó ar iarraidh ó aon pháirtí sna himeachtaí.
2.Maidir le himeachtaí ó bhéal os comhair painéal scrúdúcháin nó painéal freasúra, ní bheidh siad ar oscailt don phobal.
3.Maidir le himeachtaí ó bhéal os comhair na mBord Achomhairc, lena n-áirítear fógairt an chinnidh agus, de réir mar a bheidh, fógairt cinnidh athbhreithnithe, beidh siad ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh na Boird Achomhairc a mhalairt i gcásanna ina bhféadfadh míbhuntáistí tromchúiseacha gan údar a bheith ag baint leis an bpobal a ligean isteach, go háirithe le haghaidh páirtí sna himeachtaí.
4.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal a leagan amach.
Airteagal 44
Fianaise a ghlacadh
1.In aon imeachtaí os comhair na hOifige, beidh na modhanna seo a leanas ar áireamh sna modhanna chun fianaise a thabhairt nó a fháil:
(a)na páirtithe a éisteacht;
(b)iarrataí ar fhaisnéis;
(c)doiciméid agus samplaí fianaise a thíolacadh;
(d)finnéithe a éisteacht;
(e)barúlacha ó shaineolaithe;
(f)ráitis i scríbhinn faoi mhionn nó faoi dhearbhasc nó ag a bhfuil éifeacht chomhchosúil faoin dlí sa Stát ina ndéantar an ráiteas a ullmhú.
2.Féadfaidh an painéal ábhartha duine dá bhaill a choimisiúnú chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a tugadh ar aird.
3.Má mheasann an Oifig nó an painéal ábhartha go bhfuil sé riachtanach go dtabharfadh páirtí, finné nó saineolaí fianaise ó bhéal, eiseoidh sí toghairm don duine lena mbaineann chun teacht os a comhair. 1 mhí amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse fógra i dtoghairm den sórt sin, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn siad ar thréimhse níos giorra.
4.Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoi fhinné nó saineolaí a éisteacht os comhair na hOifige. Beidh sé de cheart acu a bheith i láthair agus ceisteanna a chur ar an bhfinné nó ar an saineolaí.
5.Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin méideanna na gcostas a bheidh le híoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, maidir leis na costais a bhaineann le glacadh fianaise amhail dá dtagraítear san Airteagal seo.
6.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh a leagan amach.
Airteagal 45
Fógra a thabhairt
1.Déanfaidh an Oifig, mar chuid den ghnáthchleachtas, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí, lena n-áirítear tuairimí, agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid na Caibidle seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun na Caibidle seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith.
2.Féadfar an fógra a thabhairt ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán leictreonach. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach.
3.I gcás ina bhfuil an fógra le tabhairt trí fhógra poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a thosóidh an tréimhse míosa agus ar dhul in éag na tréimhse sin, measfar go mbeidh fógra tugtha faoin doiciméad.
4.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt a leagan amach.
Airteagal 46
Teorainneacha ama
1.Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an teagmhas ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná 1 mhí amháin agus ní bheidh sé níos mó ná 6 mhí.
2.Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil an Oifig suite.
3.Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil an Oifig suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha.
4.Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear cumarsáid chuí nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát lena mbaineann nó a bhfuil a n-oifig cláraithe suite sa Bhallstát sin, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu a bhfuil áit ghnó aige sa Bhallstát lena mbaineann, go cuirfear fadú go dtí dáta a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le gach teorainn ama a rachadh in éag, murach an fadú sin, an dáta a thosaíonn tarlú den sórt sin nó i ndiaidh an dáta sin, ar teorainneacha ama iad a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Agus an dáta sin á chinneadh aige, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Má dhéanann an tarlú difear do cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag an gcinneadh maidir le gach páirtí sna himeachtaí.
5.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí maidir le ríomh agus fad na dteorainneacha ama a shonrú.
Airteagal 47
Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú
1.Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó ar iarraidh chuige sin ó pháirtí, aon earráid teanga nó aon earráid tras‑scríofa nó dearmaid fhollasacha sna cinntí ón Oifig, lena n-áirítear barúlacha, nó earráidí teicniúla i bhfaisnéise foilsithe sa Chlár.
2.I gcás ina ndearna an Oifig iontráil sa Chlár nó ina ndearna sí cinneadh ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó déanfar an cinneadh a chúlghairm laistigh de 1 bhliain ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ón dáta a glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí.
3.Coimeádfaidh an Oifig taifead d’aon chealú nó cúlghairm den sórt sin.
4.Foilseoidh an Oifig ceartúcháin agus cealuithe.
Airteagal 48
Restitutio in integrum
1.Maidir le haon pháirtí eile sna himeachtaí os comhair na hOifige faoin gCaibidil seo nach raibh in ann, d’ainneoin an chúraim chuí uile a bhí de dhíth i ngeall ar na dálaí a bheith déanta, teorainn ama de chuid na hOifige a chomhlíonadh, déanfar a chearta a athbhunú, ar iarratas, más rud é go bhfuil sé mar iarmhairt ag an mbacainn roimh chomhlíonadh, de bhun fhorálacha na Caibidle seo, go gcaillfear aon cheart nó aon mhodh sásaimh.
2.Déanfar an t-iarratas ar athbhunú a chomhdú i scríbhinn laistigh de 2 mhí ón tráth a baineadh an bhacainn roimh chomhlíonadh na teorann ama. Críochnófar an gníomh a fágadh ar lár laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh an t-iarratas inghlactha ach amháin laistigh den bhliain go díreach tar éis dul in éag na teorann ama nár cloíodh léi.
3.San iarratas ar athbhunú luafar na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus leagfar amach na fíorais ar a bhfuil sé ag brath. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille le haghaidh athbhunú na gceart.
4.Déanfaidh an Rannán DFC, nó i gcás inarb infheidhme an Bord Achomhairc, cinneadh maidir leis an iarratas.
5.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ná in Airteagal 26(1) agus (3).
Airteagal 49
Na himeachtaí a bhriseadh
1.Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige faoin gCaibidil seo:
(a)i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an iarratasóra, nó i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an duine a údaraítear de réir an dlí náisiúnta chun gníomhú thar ceann an iarratasóra. Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas difear d’údarú ionadaí a cheaptar faoi Airteagal 37, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin ar iarraidh ón ionadaí sin;
(b)i gcás ina mbeidh cosc ar an iarratasóir, ar chúiseanna dlíthiúla mar thoradh ar chaingean in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige;
(c)i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil ionadaí an iarratasóra, nó i gcás ina mbeidh cosc ar an ionadaí sin, ar chúiseanna dlíthiúla mar thoradh ar chaingean in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige.
2.Athchromfar ar imeachtaí os comhair na hOifige a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh.
3.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le hatosú imeachtaí os comhair na hOifige.
Airteagal 50
Costais
1.Is é an páirtí a chaillfidh in imeachtaí freasúra, lena n-áirítear in imeachtaí achomhairc gaolmhara, a iompróidh na táillí a íocann an páirtí eile. Is é an páirtí a chaillfidh a iompróidh na costais uile freisin arna dtabhú ag an bpáirtí eile, ar costais iad atá riachtanach do na himeachtaí, lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe agus luach saothair de chuid ionadaí, laistigh de na huasrátaí a leagtar síos le haghaidh gach catagóire costais sa ghníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir le mír 7. Beidh na táillí a bheidh le híoc ag an bpáirtí a chaillfidh teoranta do na táillí a íocann an páirtí eile sna himeachtaí sin.
2.I gcás ina n-éireoidh le gach páirtí i gcinn áirithe agus ina dteipfidh gach páirtí i gcinn eile, nó más gá ar chúiseanna cothromais, cinnfidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc cionroinnt eile a dhéanamh ar na costais.
3.I gcás ina bhfoirceanntar imeachtaí, is faoi rogha an Rannáin DFC nó an Bhoird Achomhairc a bheidh na costais.
4.I gcás ina dtabharfaidh na páirtithe réiteach ar chostais i gcrích os comhair an Rannáin DFC nó an Bhoird Achomhairc, ar réiteach é atá éagsúil ón réiteach dá bhforáiltear i míreanna 1 go 3, tabharfaidh an comhlacht lena mbaineann an comhaontú sin ar aird.
5.Socróidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc méid na gcostas a bheidh le híoc de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is í clárlann an Bhoird Achomhairc nó an Rannáin DFC a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas a bheidh le haisíoc. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh thréimhse 2 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh, ar ina leith a rinneadh iarratas chun na costais a shocrú, chun bheith críochnaitheach, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta is leor dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí. I gcás ina socrófar méid na gcostas de bhun na chéad abairte den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlacfar de bhun mhír 7 den Airteagal seo, gan beann ar cé acu a tabhaíodh na costais go hiarbhír nó nár tabhaíodh.
6.Sna cinntí maidir le socrú na gcostas arna nglacadh i gcomhréir le mír 5 luafar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus féadfaidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh air ar iarraidh a chomhdaítear laistigh de 1 mhí ón dáta a thugtar fógra faoi dhámhachtain na gcostas. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na gcostas. Déanfaidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.
7.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
8.Agus na huasrátaí á sonrú aige maidir le costais taistil agus chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí nó an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionólfar na himeachtaí béil, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid agus a bhaineann le costais na hionadaíochta, an gá lena áirithiú nach mbainfidh an páirtí eile mí-úsáid as an oibleagáid atá ann na costais a iompar ar chúiseanna oirbheartaíochta. Ina theannta sin, déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle. An páirtí a chaillfidh, ní iompróidh sé ach costais aon pháirtí amháin sna himeachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, costais aon ionadaí amháin.
Airteagal 51
Forfheidhmiú cinntí lena socraítear méid na gcostas
1.Cinneadh infhorfheidhmithe a bheidh in aon chinneadh deiridh ón Oifig lena socraítear méid na gcostas.
2.Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú, agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Déanfaidh an t‑údarás sin an t‑ordú maidir le forfheidhmiú a chur i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile a bheith ann seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh
3.Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i mbun an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.
4.Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.
Airteagal 52
Forálacha airgeadais
1.Maidir le caiteachais a thabhóidh an Oifig le linn na cúraimí breise a tugadh di i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh, cumhdófar iad leis na táillí nós imeachta atá le híoc ag iarratasóirí léi agus, más gá, le codán de na táillí bliantúla a íocfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe a dheonaítear faoin gCaibidil seo leis na údaráis náisiúnta inniúla. Socrófar an codán sin ar luach áirithe i dtosach, ach athbhreithneofar é gach 5 bliana d’fhonn inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Oifig faoin Rialachán seo agus faoi Rialacháin [COM(2023) 231], [COM(2023) 222] agus [COM(2023) 221] chomh maith, a mhéid nach gcumhdaítear caiteachas a thabhaíonn an Oifig le táillí faoi na Rialacháin sin.
2.Chun mír 1 a chur chun feidhme, coimeádfaidh gach údarás inniúil náisiúnta cuntas ar na táillí bliantúla arna n-íoc leo ag sealbhóirí na ndeimhnithe a dheonaítear faoin gCaibidil seo.
3.Maidir le caiteachas a thabhóidh údarás náisiúnta inniúil atá rannpháirteach in imeachtaí faoin gCaibidil seo, cumhdóidh an Oifig iad, agus íocfar iad go bliantúil, ar bhonn líon na n-imeachtaí lena raibh baint ag an údarás náisiúnta inniúil sin le linn na bliana roimhe sin.
4.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le haistrithe airgeadais idir an Oifig agus na Ballstáit, méideanna na n-aistrithe sin, agus an luach saothair atá le híoc ag an Oifig maidir le rannpháirteachas na n-údarás náisiúnta inniúil dá dtagraítear i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55.
Airteagal 53
Forálacha idirthréimhseacha
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deimhnithe a deonaíodh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Seicia , na hEastóine, na Cróite, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Rómáine, na Slóivéine agus na Slóvaice roimh dháta a n-aontachais, faoi seach.
Caibidil IV
Forálacha Críochnaitheacha
Airteagal 54
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 26(13), Airteagal 29(8), Airteagal 31, Airteagal 41(2), Airteagal 43(4), Airteagal 44(6), Airteagal 45(4), Airteagal 46(5) agus 49(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26(13), Airteagal 29(8), Airteagal 31, Airteagal 41(2), Airteagal 43(4), Airteagal 44(6), Airteagal 45(4), Airteagal 46(5) agus Airteagal 49(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 26(13), Airteagal 29(8), Airteagal 31, Airteagal 41(2), Airteagal 43(4), Airteagal 44(6), Airteagal 45(4), Airteagal 46(5) agus Airteagal 49(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 55
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh Coiste um Dheimhnithe Forlíontacha Cosanta arna bhunú le Rialachán [COM(2023) 231] cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 56
Meastóireacht
Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 5 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm Chaibidil III.
Airteagal 57
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1610/96.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 58
Teacht i bhfeidhmagus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 19 go 52, agus Airteagail 54 go 56 ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach: an chéad lá den 12ú mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán