Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0130

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

COM/2023/130 final

An Bhruiséil,9.3.2023

COM(2023) 130 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.CUSPÓIR

Ba cheart don Aontas Eorpach tús a chur le caibidlíocht le Stát Ilnáisiúnach na Bolaive chun Comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

2.COMHTHÉACS AN MHOLTA

Sa saol domhandaithe ina bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos trasnáisiúnta agus ilchineálaí, ba cheart na húdaráis forfheidhmithe dlí a bheith réitithe go hiomlán chun comhoibriú le comhpháirtithe seachtracha chun slándáil a saoránach a áirithiú. I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 1 , tá Europol in ann príomhról a ghlacadh maidir le comhar le tríú tíortha a mhéadú chun dul i gcoinne na coireachta agus na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le beartais sheachtracha agus uirlisí eile an Aontais. I Straitéis mhí Aibreáin 2021 an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe tugtar chun suntais go bhfuil gá práinneach ann tuilleadh forbairt a dhéanamh ar fhaisnéis Europol maidir le coireacht thromchúiseach agus eagraithe agus feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha le (tuilleadh) tríú tíortha agus réigiúin atá ina moil le haghaidh coireacht eagraithe ardriosca a dhéanann difear do Bhallstáit an Aontais 2 .

Ó thaobh Europol de, tá an comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rí-thábhachtach chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag dul i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta. Tá sé níos tábhachtaí fós an comhar le tríú tíortha a neartú i bhfianaise an Mheasúnaithe ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe 2021 a d’ullmhaigh Europol. Mar shampla, mar phríomhthoradh ar an measúnú sin ar an mbagairt aithnítear go mbeidh líonraí coiriúla i Meiriceá Laidineach ag comhoibriú go fóill le grúpaí coiriúla eagraithe atá bunaithe san Aontas Eorpach chun gáinneáil a dhéanamh ar dhrugaí amach anseo.

A mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol caidreamh comhair a bhunú agus a choimeád le comhpháirtithe idirnáisiúnta trí shocruithe oibre agus riaracháin, ar socruithe iad nach féidir leo féin a bheith ina mbunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú, áfach. Murab ionann agus le comhaontú idirnáisiúnta, is é Europol a thugann na socruithe sin i gcrích agus níl siad ina gceangal ar an Aontas Eorpach ná ar a Bhallstáit 3 .

Le Rialachán 2016/794 4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 athraíodh an creat dlíthiúil chun sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus tríú tíortha. Ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017, tá an inniúlacht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir Europol agus tríú tíortha aistrithe chuig an Aontas agus é ag gníomhú de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 5 . Ar thogra ón gCoimisiún, tá naoi núdarú ar chaibidlíocht le tríú tíortha glactha ag an gComhairle cheana féin 6 , agus tá údarú glactha aici comhaontú cuimsitheach a chaibidliú le Interpol, comhaontú lena gcumhdaítear malartú sonraí pearsanta le Europol 7 freisin. Is leis an Nua-Shéalainn a síníodh an chéad chomhaontú le déanaí 8 . 

Cé go mbaineann an Moladh seo go sonrach le caibidlíocht leis an mBolaiv, ba cheart féachaint air mar chuid d’iarracht níos leithne feabhas a chur ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mheiriceá Laidinigh ar díol spéise iad. I ndáil leis sin, molann an Coimisiún Eorpach an tráth céanna tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta comhchosúla leis an mBrasaíl, le hEacuadór, le Meicsiceo agus le Peiriú, agus é d’aidhm aige feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.

3.CUSPÓIRÍ AN MHOLTA

Tá grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidinigh ina mbagairt thromchúiseach ar shlándáil inmheánach an Aontais ós rud é go bhfuil an bhaint idir a ngníomhaíochtaí agus sraith coireanna laistigh den Aontas ag dul i méid, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí. Sa Mheasúnú a rinne an tAontas Eorpach ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) in 2021 tugtar chun suntais go bhfuil méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de dhrugaí aindleathacha á ngáinneáil chuig an Aontas ó Mheiriceá Laidineach, lena ngintear brabús ilbhilliún euro, brabús a úsáidtear chun réimse leathan eagraíochtaí coiriúla a mhaoiniú (eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí atá bunaithe san Aontas) agus chun an smacht reachta a lagú san Aontas Eorpach 9 .

Deimhnítear i dtuarascálacha atá ann le déanaí go bhfuil cócaon níos infhaighte san Eoraip ná a bhí riamh agus go bhfuil an druga níos inacmhainne agus níos inrochtana ag úsáideoirí ná mar a bhí roimhe seo 10 . I gcomhréir le sonraí ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht, is é Stát Ilnáisiúnach na Bolaive an tríú tír ar domhan is mó a shaothraíonn cóca, agus is inti a shaothraítear 12.5 % den chóca ar domhan 11 . Is ar muir a iompraítear an chuid is mó den táirge a urghabhtar san Aontas, i gcoimeádáin mhuirí den chuid is mó 12 , agus seoltar chuig an Aontas é go díreach ó na tíortha táirgthe, lena náirítear Stát Ilnáisiúnach na Bolaive, agus ó thíortha imeachta chomharsanacha i Meiriceá Laidineach 13 . Tá eagraíochtaí coireachta eagraithe atá bunaithe san ilchríoch sin seanbhunaithe agus tá siad gníomhach i réimsí eile coireachta a thagann faoi shainordú Europol freisin, amhail an chibearchoireacht, an sciúradh airgid agus coireanna comhshaoil.

Ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2022-2024, chuir Europol i bhfios go bhfuil an méadú ar an éileamh ar dhrugaí agus an méadú ar na bealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san Aontas ina núdar maith le comhar feabhsaithe le tíortha Mheiriceá Laidinigh 14 , i measc nithe eile. Chuige sin, i mí na Nollag 2022, cuireadh Stát Ilnáisiúnach na Bolaive ar liosta Europol de chomhpháirtithe tosaíochta lena bhféadfaidh an ghníomhaireacht Socruithe Oibre a thabhairt i gcrích.

Tá an Bholaiv rannpháirteach sa Sásra Comhordúcháin agus Comhair um Dhrugaí de chuid Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh. Thairis sin, tá Stát Ilnáisiúnach na Bolaive ina bhall d’Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá (Ameripol) agus de Choiste Slándála Inmheánaí Mheiriceá Laidinigh (CLASI) 15 , coiste a bunaíodh in 2022 agus a fhaigheann tacaíocht ó Chlár Cúnaimh na hEorpa‑Mheiriceá Laidinigh in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (El PacCtO) 16 . Ina theannta sin, mhaoinigh an tAontas Eorpach cláir sa tír ar fiú ós cionn EUR 108 milliún iad ó 2008 chun tacú leis an troid in aghaidh na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí, agus chun acmhainneacht phóilíní na Bolaive a neartú maidir lena mbeartas náisiúnta chun an choireacht eagraithe a chomhrac. Dá réir sin tá an tír tiomanta do chuidiú chun deireadh a chur le grúpaí coireachta eagraithe a bhfuil baint acu le táirgeadh drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí. Go deimhin, tá an Bholaiv sainaitheanta ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) mar chomhpháirtí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun soláthar domhanda an chócaoin a laghdú 17 .

Bheadh méadú ar an gcomhar oibríochtúil agus ar an malartú faisnéise ábhartha idir Europol agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive tábhachtach chun dul i gcoinne cionta coiriúla tromchúiseacha in go leor réimsí coireachta a bhaineann leis an leas coiteann, amhail an gháinneáil ar dhrugaí agus an chibearchoireacht. Mar gheall ar an easpa bunús dlí bailí atá ann faoi dhlí an Aontais, áfach, na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí sa Bholaiv atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, níl siad in ann aon sonraí pearsanta a fháil ó Europol. Cuireann an méid sin bac ar thuilleadh forbairt a dhéanamh ar an gcomhar idir an dá pháirtí.

Ar na cúiseanna sin, agus straitéis pholaitiúil an Aontais á cur san áireamh mar a achoimrítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 18 , i Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 19 , agus i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí 2021-2025 20 , measann an Coimisiún gur gá an Bholaiv a áireamh mar thír thosaíochta chun tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Bolaive sa ghearrthéarma.

4.EILIMINTÍ DLÍ

Le Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) leagtar amach creat dlíthiúil le haghaidh Europol, go háirithe a cuspóirí, a tascanna, a raon feidhme inniúlachta, a coimircí cosanta sonraí agus a bealaí chun oibriú i gcomhar le comhpháirtithe seachtracha.

Tá an Moladh seo comhsheasmhach le forálacha Rialachán Europol.

Is é is aidhm don Mholadh seo údarú a fháil don Choimisiún ón gComhairle chun comhaontú idirnáisiúnta a chaibidliú thar ceann an Aontais Eorpaigh. Is é Airteagal 218(3) agus (4) CFAE an bunús dlí atá ag an gComhairle chun an tús caibidlíochta a údarú.

I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, údaraítear don Choimisiún Comhaontú a chaibidliú thar ceann an Aontais le Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Tá inniúlacht an Aontais sa réimse sin curtha i bhfeidhm aige cheana agus tá rialacha leagtha síos aige i ndáil leis sin trí chreat rialacha a ghlacadh lena rialaítear gníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Glacadh Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 agus tá sé infheidhme ón 1 Bealtaine 2017 21 . Leasaíodh é le Rialachán 2022/991 an 27 Meitheamh 2022 22 .

(2)Le forálacha Rialachán (AE) 2016/794, go háirithe na forálacha a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déantar foráil go bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(3)Ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (an ‘Comhaontú’).

(4)Mar a mheabhraítear in Aithris 35 de Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) freisin i rith na caibidlíochta le haghaidh an Chomhaontaithe, agus sula dtabharfar an Comhaontú i gcrích ar aon chuma.

(5)Leis an gComhaontú ba cheart na cearta bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, ceart a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(6)Níor cheart don Chomhaontú difear a dhéanamh d’aistriú sonraí pearsanta ná do chineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus ba cheart dó a bheith gan dochar don aistriú sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle] ábhartha.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    COM(2020) 605 final (24.7.2020), lch. 21.
(2)    COM(2021) 170 final (14.4.2021), lch. 9.
(3)    Féach Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53–114), dá ngairtear ‘Rialachán (AE) 2016/794’ anseo feasta.
(4)    Féach Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794.
(5)    Féach Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794, lena gceadaítear sonraí pearsanta a aistriú ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta.
(6)    An Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Túinéis, an Tuirc agus an Nua-Shéalainn.
(7)    Cinneadh (AE) 1312/21 ón gComhairle an 19 Iúil 2021, lgh. 2–5.
(8)    Cinneadh (AE) 1090/22 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022.
(9)    European Union Serious and Organised Crime Threat Assessment, A corrupting Influence: the infiltration and undermining of Europe’s economy and society by organised crime [Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe, Tionchar Éillitheach: Insíothlú agus an bonn a bhaint de gheilleagar agus de shochaí na hEorpa trí choireacht eagraithe].
(10)    EU Drug Markets: Cocaine [Margaí drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon], le fáil ar EU Drug Markets: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(11)    EU Drug Markets: Cocaine [Margaí drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon], lch. 10, le fáil ar EU Drug Markets: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(12)    Europol and the global cocaine trade [Europol agus an trádáil domhanda cócaoin], le fáil ar https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en .
(13)    Europol and the global cocaine trade [Europol agus an trádáil domhanda cócaoin], le fáil ar https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en .
(14)    Europol Programming Document 2022-2024 [Doiciméad Clársceidealaithe Europol 2022-2024], lch. 150.    
(15)    Is gníomhaireacht é CLASI le haghaidh idirphlé polaitiúil agus teicniúil idir comhpháirtithe cinn maidir le beartais slándála i dtíortha Mheiriceá Laidinigh, gníomhaireacht a bhfuil cur chuige an-sonrach agus an-oibríochtúil aici.
(16)    The CLASI and its political, strategic and operational implications [CLASI agus a impleachtaí polaitiúla, straitéiseacha agus oibríochtúla], an 2 Márta 2022, le fáil ar The CLASI and its political, strategic and operational implications - EL PAcCTO .
(17)    EU Drug Markets: Cocaine [Margaí drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon], le fáil ar EU Drug Markets: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(18)    COM(2020) 605 final, 24 Iúil 2020.
(19)    Doiciméad (AE) 14178/20 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020.
(20)    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 272/02, an 8 Iúil 2021.
(21)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53–114).
(22)    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lgh. 1–42).
Top

An Bhruiséil,9.3.2023

COM(2023) 130 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac


















IARSCRÍBHINN

Treoracha caibidlíochta le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Ilnáisiúnach na Bolaive maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Bolaive atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

Le linn na caibidlíochta ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe a chur i gcrích.

(1)Beidh sé de chuspóir ag an gComhaontú bunús dlí a sholáthar maidir le haistriú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla Stát Ilnáisiúnach na Bolaive, chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na tíre sin agus na mBallstát, chomh maith lena gcomhar frithpháirteach i ndáil le coireacht agus sceimhlitheoireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí a áirithiú an tráth céanna i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(2)Chun an teorannú de réir cuspóra a ráthú, ní bheidh baint ag an gcomhar nó ag an malartú sonraí faoin gComhaontú ach le coireanna agus cionta coiriúla gaolmhara a thagann faoi inniúlacht Europol i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán 2016/794 (‘cionta coiriúla’ le chéile). Go háirithe, ba cheart an comhar a bheith dírithe ar an sceimhlitheoireacht a chosc, an choireacht eagraithe a shuaitheadh, agus an gháinneáil ar dhrugaí agus an chibearchoireacht a chomhrac. Sonrófar a raon feidhme sa Chomhaontú agus na críocha dá bhféadfaidh Europol sonraí a aistriú ina leith chuig údaráis inniúla Stát Ilnáisiúnach na Bolaive.

(3)Sa Chomhaontú leagfar amach go soiléir agus go beacht na coimircí agus na rialuithe is gá maidir le sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, gan beann ar a náisiúntacht nó a náit cónaithe, nuair a mhalartófar sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Bolaive. I dteannta na gcoimircí a leagtar amach thíos, áireofar orthu sin an ceanglas go mbeidh aistriú sonraí pearsanta faoi réir oibleagáidí rúndachta agus nach núsáidfear na sonraí pearsanta chun pionós an bháis ná aon fhoirm d’íde chruálach agus mhídhaonna a iarraidh, a ghearradh ná a chur i gcrích, gan dochar do choimircí breise a bhféadfadh gá a bheith leo.

Go háirithe:

(a)Sa Chomhaontú beidh sainmhínithe ar théarmaí ríthábhachtacha a chomhlíonann Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2016/680.

(b)Leis an gComhaontú urramófar prionsabal na sonraíochta, agus áiritheofar leis nach bpróiseálfar na sonraí chun críoch eile seachas críocha an aistrithe. Chuige sin, leagfar amach go soiléir agus go beacht críocha na próiseála a dhéanfaidh na Páirtithe ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, agus ní bheidh na críocha sin níos leithne nó mar is gá i gcásanna aonair chun an sceimhlitheoireacht agus na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Chomhaontú a chosc agus a chomhrac.

(c)Na sonraí pearsanta a aistreoidh Europol i gcomhréir leis an gComhaontú, déanfar iad a phróiseáil go cóir, ar bhonn dlisteanach agus chun na gcríoch dár aistríodh iad, agus chun na gcríoch sin amháin. Leis an gComhaontú déanfar foráil maidir leis an oibleagáid atá ar Europol, an tráth a naistreofar na sonraí, aon srian ar rochtain nó úsáid na sonraí, lena náirítear srianta i ndáil lena naistriú, a scriosadh, nó aon phróiseáil bhreise orthu, a chur in iúl. Leis an gComhaontú cuirfear d’oibleagáid ar údaráis inniúla Stát Ilnáisiúnach na Bolaive na srianta sin a urramú agus sonrófar ann an chaoi a fhorfheidhmeofar comhlíonadh na srianta sin go praiticiúil. Beidh na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha, agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcríoch sin. Beidh siad cruinn agus coinneofar cothrom le dáta iad. Ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críocha dár naistríodh iad. Beidh iarscríbhinn ag gabháil leis an gComhaontú ina mbeidh liosta uileghabhálach de na húdaráis inniúla i Stát Ilnáisiúnach na Bolaive ar féidir le Europol sonraí pearsanta a aistriú chucu, chomh maith le tuairisc ghearr ar a ninniúlachtaí.

(d)Ní cheadófar do Europol sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil a aistriú, agus ní cheadófar dó sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile. Ba cheart coimircí sonracha a bheith sa Chomhaontú freisin maidir le haistriú sonraí pearsanta i leith íospartaigh cionta coiriúla, finnéithe agus daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, chomh maith le mionaoisigh.

(e)Leis an gComhaontú áiritheofar cearta infheidhmithe daoine aonair a bpróiseálfar a gcuid sonraí pearsanta trí rialacha a leagan síos maidir leis an gceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, lena náirítear na forais shonracha chun go gceadófaí srianta riachtanacha comhréireacha. Leis an gComhaontú áiritheofar freisin ceart in-fhorfheidhmithe chun dea-riaracháin agus ceart in-fhorfheidhmithe chun leighis bhreithiúnaigh d’aon duine a bpróiseáilfear a chuid sonraí faoin gcomhaontú, agus ráthófar leigheasanna éifeachtacha.

(f)Sa Chomhaontú leagfar síos na rialacha maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh agus maidir le taifid a choimeád chun críoch logála agus doiciméadaithe chomh maith leis na rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil do dhaoine aonair. Ba cheart foráil a dhéanamh leis freisin maidir le coimircí i ndáil le uathphróiseáil sonraí pearsanta.

(g)Sa Chomhaontú sonrófar na critéir ar ar a mbonn a léireofar iontaofacht na foinse agus cruinneas na sonraí.

(h)Sa Chomhaontú beidh an oibleagáid slándáil sonraí pearsanta a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear gan cead a thabhairt ach amháin do dhaoine údaraithe rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta. Sa Chomhaontú freisin beidh an oibleagáid fógra a thabhairt i gcás sárú ar shonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí a aistrítear faoin gComhaontú.

(i)Ní cheadófar faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Stát Ilnáisiúnach na Bolaive chuig údaráis eile sa Bholaiv, lena náirítear lena núsáid in imeachtaí breithiúnacha, ach amháin faoi réir coinníollacha agus coimircí iomchuí, lena náirítear réamhúdarú ó Europol.

(j)Beidh feidhm ag na coinníollacha céanna is atá ann faoi (i) maidir le faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Stát Ilnáisiúnach na Bolaive chuig údaráis i dtríú tír, leis an gceanglas breise nach gceadófar aistriú ar aghaidh den sórt sin ach amháin i ndáil le tríú tíortha a bhfuil Europol i dteideal sonraí pearsanta a aistriú chucu ar bhonn Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/794.

(k)Áiritheofar leis an gComhaontú córas formhaoirseachta faoi údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí, údaráis ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha imscrúdúcháin agus idirghabhála chun maoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis phoiblí sin i Stát Ilnáisiúnach na Bolaive a úsáideann sonraí pearsanta/faisnéis mhalartaithe, agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Go háirithe, beidh cumhachtaí ag na húdaráis neamhspleácha gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a gcuid sonraí pearsanta. Beidh na húdaráis phoiblí a úsáideann sonraí pearsanta freagrach as na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoin gComhaontú a chomhlíonadh.

(4)Déanfar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra éifeachtach um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe na rialacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.

(5)Beidh forálacha sa Chomhaontú maidir le faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil ar an gComhaontú.

(6)Beidh foráil sa Chomhaontú maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm agus foráil lena bhféadfaidh Páirtí é a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, go háirithe i gcás nach náirithíonn an tríú tír go héifeachtach a thuilleadh an leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a cheanglaítear faoin gComhaontú seo. Sonrófar sa Chomhaontú freisin an bhféadfar leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a thagann faoina raon feidhme agus a aistríodh sula ndearnadh é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Má cheadaítear don phróiseáil sonraí pearsanta dul ar aghaidh, is i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe tráth na fionraí nó an fhoirceanta a dhéanfar í ar aon chuma.

(7)Beidh comhúdarás ag an gComhaontú sa Bhulgáiris, sa tSeicis, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, sa Ghaeilge, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis agus beidh clásail teanga ann chuige sin. 

Top