AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.3.2023
COM(2023) 104 final
Moladh le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine maidir le Tásca Geografacha a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí, lena leasaítear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Molann an Coimisiún comhaontú a chaibidliú maidir le leasú a dhéanamh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine (‘CCCF’) a mhéid a bhaineann le Tásca Geografacha (TGanna) a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí. Bheadh na leasuithe i bhfoirm Prótacail a chuirfí le CCCF.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is príomhghné de bheartas trádála an Aontais é tásca geografacha an Aontais Eorpaigh (AE) a chur chun cinn agus a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Is sínitheoirí iad an tAontas, a Bhallstáit agus Poblacht na Casacstáine le CCCF, a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2020. Faoin CCCF sin, agus go háirithe faoi Theideal III, Caibidil 7, Roinn 2 de, chomhaontaigh na Páirtithe rialacha a bhaineann le cosaint TGanna a chumhdófar i gcórais an dá Pháirtí. Le bunú rialacha den sórt sin, díríodh ar ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh TGanna ón Aontas agus ón gCasacstáin, i gcás go ndéanann na páirtithe iarratas ar chlárú díreach TGanna sa Chasacstáin nó san Aontas. De bhun Airteagal 83 de CCCF, tá na Páirtithe tiomanta tús a chur leis an gcaibidlíocht, tráth nach déanaí ná 7 mbliana tar éis an dáta ar a thiocfaidh Teideal III de CCCF i bhfeidhm, d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le TGanna a chosaint ina gcríocha faoi seach. Tháinig Teideal III de CCCF i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2016 nuair a cuireadh CCCF i bhfeidhm go sealadach. Dá bhrí sin, tá na Páirtithe tiomanta tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le TGanna a chosaint tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2023.
Tá an gealltanas sin i gcomhréir le príomhchuspóirí beartais an Aontais maidir le TGanna a chosaint i réimse na trádála idirnáisiúnta i dtáirgí talmhaíochta. Comhaontú maidir le TGanna a chosaint, i bhfoirm Prótacail a ghabhann le CCCF atá ann cheana, dhéanfadh sé beartas cáilíochta an Aontais Eorpaigh a threisiú, cleachtais mheabhlacha a chomhrac agus cosc a chur ar úsáid éagórach TGanna. Chuideodh sé le luach breise a chur le honnmhairí talmhaíochta an Aontais agus bheadh geilleagar an Aontais níos iomaíche dá bharr.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá tabhairt i gcrích an chomhaontaithe maidir le TGanna leis an gCasacstáin ag teacht leis an straitéis fhoriomlán maidir le beartas TGanna an Aontais a chur chun cinn. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas TGanna le haghaidh táirgí talmhaíochta a chosaint ar fud an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ardleibhéal cosanta dírí a chur ar fáil don liosta de TGanna an Aontais sa Chasacstáin agus TGanna na Casacstáine san Aontas; tabharfaidh sé buntáiste iomaíoch freisin do tháirgeoirí táirgí a bhfuil tásca geografacha orthu.
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí a mholadh don Chomhairle Cinneadh a ghlacadh lena n‑údarófar tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú déthaobhach idir an tAontas agus an Chasacstáin maidir le TGanna a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí. Ba cheart na treoracha caibidlíochta atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh seo a bheith ag gabháil leis an gCinneadh seo. An comhaontú leis an gCasacstáin a bheidh ann amach anseo, beidh sé i bhfoirm Prótacail a ghabhann le CCCF atá ann cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an chaibidlíocht ar chomhaontú déthaobhach maidir le TGanna leis an gCasacstáin i gcomhréir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus go háirithe le cuspóirí an Aontais maidir le straitéis an Aontais chun beartas TGanna a chur chun cinn. Sna comhaontuithe déthaobhacha uile a caibidlíodh le déanaí tá forálacha maidir le TGanna a chur chun cinn agus a chosaint.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an moladh bunaithe ar Airteagal 218 (3) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Coinneofar Parlaimint na hEorpa ar an eolas ag gach céim den nós imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas.
•Comhréireacht
Tá an moladh ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
•An rogha ionstraime
Is é comhaontú idirnáisiúnta an t‑aon bhealach chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 83 de CCCF a bhaint amach. Leagtar amach in Airteagal 218 CFAE an nós imeachta chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair le haghaidh an tionscnaimh seo, toisc nach bhfuil aon rogha beartais eile ann. Tá na Páirtithe tiomanta faoi CCCF tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn TGanna a chosaint trí chomhaontú déthaobhach faoi thráthchlár socraithe. Thairis sin, rinne na páirtithe leasmhara agus an tionscal agrai-bhia a ndeachthas i gcomhairle leo tríd an nGrúpa Comhairleach ábhartha de chuid AS AGRI a athdhearbhú go bhfuil spéis mhór acu TGanna a chosaint trí chomhaontuithe déthaobhacha. Tá an spéis chéanna ann ar thaobh na Casacstáine.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon tionchar díreach ag an gComhaontú ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Meastar go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht tráth nach déanaí ná mí na Bealtaine 2023.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá an Coimisiún ag moladh:
–go nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh lena n‑údarófar don Choimisiún caibidlíocht a thosú agus a sheoladh chun CCCF atá ann cheana a leasú d’fhonn Prótacal maidir le cosaint TGanna le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí a chur isteach;
–go n‑ainmneofar an Coimisiún mar idirbheartaí an Aontais ar an ábhar sin;
–go gceapfaidh an Chomhairle Coiste speisialta chun cuidiú leis an gCoimisiún sa chaibidlíocht sin, sa chás seo, an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
–go bhformheasfaidh an Chomhairle na treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an moladh seo.
Moladh le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine maidir le Tásca Geografacha a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí, lena leasaítear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is sínitheoirí iad an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus Poblacht na Casacstáine leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe (‘CCCF’), a tháinig i bhfeidhm ina iomláine an 1 Márta 2020.
(2)Tá Teideal III (Trádáil agus Gnó) de CCCF, lena n‑áirítear na forálacha maidir le tásca geografacha, á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí 1 Bealtaine 2016 ann.
(3)Le hAirteagal 83 de CCCF, cuirtear d’oibleagáid ar na Páirtithe tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le tásca geografacha a chosaint ina gcríocha faoi seach tráth nach déanaí ná 7 mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm Theideal III de CCCF,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh le Poblacht na Casacstáine, thar ceann an Aontais, maidir le leasuithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Casacstáine (CCCF) i bhfoirm Prótacail maidir le Tásca Geografacha (TGanna) a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, bia-ábhair, fíonta agus biotáillí.
Airteagal 2
Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán