AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.2.2023
COM(2023) 47 final
2019/0263(NLE)
Togra leasaithe le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Coimhdeach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den chéad pháirt, an Íoslainn, den dara páirt, agus Ríocht na hIorua, den tríú páirt, maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, den chéad pháirt, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den dara páirt, an Íoslainn, den tríú páirt, agus Ríocht na hIorua, den cheathrú páirt, a síníodh an 16 agus an 21 Meitheamh 2011, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
An 14 Samhain 2019 chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, bunaithe ar Airteagal 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 6(2), an dara fomhír, den Ionstraim Aontachais, lena bhformheastar tabhairt i gcrích prótacail lena leasaítear an Comhaontú Coimhdeach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na páirtithe den Chomhaontú Coimhdeach, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh.
De bharr dheireadh na hidirthréimhse le haghaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 31 Nollaig 2020 bhí gá le leasuithe ar an bprótacal chun tagairtí don Ríocht Aontaithe a bhaint de. Dá bhrí sin shocraigh an Coimisiún na leasuithe ba ghá chuige sin trí chaibidlíocht leis an Íoslainn agus leis an Iorua. Tháinig na toscairí a bhí ag gníomhú thar ceann na bpáirtithe ar chomhaontú maidir leis na leasuithe.
Ina theannta sin, is gá Airteagal 2 den chinneadh ón gComhairle atá beartaithe a leasú chun a áirithiú go gcomhlíontar sannadh na gcumhachtaí idir na hinstitiúidí faoi na Conarthaí, agus go háirithe sainchumas an Choimisiúin faoi Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas go seachtrach.
Ar na cúiseanna sin tá an Coimisiún ag cur isteach an togra leasuithe seo le haghaidh an chinnidh ón gComhairle lena bhformheastar tabhairt i gcrích an phrótacail.
2019/0263 (NLE)
Togra leasaithe le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Coimhdeach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den chéad pháirt, an Íoslainn, den dara páirt, agus Ríocht na hIorua, den tríú páirt, maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, den chéad pháirt, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den dara páirt, an Íoslainn, den tríú páirt, agus Ríocht na hIorua, den cheathrú páirt, a síníodh an 16 agus an 21 Meitheamh 2011, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe d’Airteagal 6(2), an dara fomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Cinneadh [ ] ón gComhairle, an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Coimhdeach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den chéad pháirt, an Íoslainn, den dara páirt, agus Ríocht na hIorua, den tríú páirt, maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, den chéad pháirt, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den dara páirt, an Íoslainn, den tríú páirt, agus Ríocht na hIorua, den cheathrú páirt, a síníodh an 16 agus an 21 Meitheamh 2011, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’), síníodh an Prótacal sin an [ ], faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos faide anonn. Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Coimhdeach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den chéad pháirt, an Íoslainn, den dara páirt, agus Ríocht na hIorua, den tríú páirt, maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, den chéad pháirt, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den dara páirt, an Íoslainn, den tríú páirt, agus Ríocht na hIorua, den cheathrú páirt, a síníodh an 16 agus an 21 Meitheamh 2011, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’).
Airteagal 2
Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, le malartú na nótaí taidhleoireachta dá bhforáiltear le hAirteagal 3 den Phrótacal, chun toiliú an Aontais agus a Bhallstát a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán