Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023JC0029

TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Sainréigiún Riaracháin Macao Tuarascáil bhliantúil le haghaidh 2022

JOIN/2023/29 final

An Bhruiséil,18.8.2023

JOIN(2023) 29 final

TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Sainréigiún Riaracháin Macao








Tuarascáil bhliantúil le haghaidh 2022


TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

SAINRÉIGIÚN RIARACHÁIN MACAO

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL LE hAGHAIDH 2022

Achoimre

Ó a aistríodh Macao go dtí Daon‑Phoblacht na Síne in 1999, choinnigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit súil ghéar ar fhorbairtí polaitiúla agus eacnamaíocha i Sainréigiún Riaracháin (SR) Macao faoin bprionsabal ‘aon tír amháin, dhá chóras’. Tacaíonn an tAontas leis an bprionsabal sin agus lena chur chun feidhme faoin Dlí Bunúsach, arb é is aidhm dó a áirithiú nach n‑athrófar an dóigh bheatha, an smacht reachta agus cosaint na gceart agus na saoirsí bunúsacha in Macao go dtí 2049.

Tá an tuarascáil bhliantúil seo, ina gcumhdaítear an bhliain 2022, á heisiúint de réir an ghealltanais a tugadh do Pharlaimint na hEorpa in 1999.

Cuireadh dlús le comhtháthú Macao sa phlean forbartha náisiúnta in 2022. Lean a rialtas ar aghaidh leis an leasú ar an Dlí maidir le Slándáil Náisiúnta a Chosaint, agus ar an tslí sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de na saoirsí polaitiúla agus bunúsacha a chumhdaítear sa Dlí Bunúsach. Ar an 15 Nollaig, ghlac an Tionól Reachtach leis an mbille d’aon toil ag an gcéad léamh.

Leanadh ar aghaidh in 2022 le meath leibhéal ard uathrialach, ceart agus saoirsí Macao, uathriail, cearta agus saoirsí a bhí le cosaint go dtí 2049 ar a laghad.

I rith na bliana cuireadh diansrianta sóisialta agus taistil a bhain le COVID-19 i bhfeidhm, srianta a bhí mar bhonn le Macao a aonrú ón gcuid eile den domhan. I mí Feabhra, in Macao, maolaíodh na srianta taistil do thaistealaithe ó mhórthír na Síne chun deis téarnaimh a thabhairt do gheilleagar atá ag brath go mór ar earnáil turasóireachta na Síne.

In 2022 tugadh athrú suntasach faoi deara sa timpeallacht chluichíochta, mar gheall ar thriail Alvin Chau, cathaoirleach an oibritheora ‘juncaeid’ casaíne is mó 1 , agus de bhrí gur glacadh le dlí cluichíochta nua.

Ba iad seo a leanas na príomhstraitéisí forbartha faoi threoir an rialtais láir i mBéising - éagsúlú eacnamaíoch, lánpháirtiú i Mórcheantar an Bhá agus forbairt Domhanchrios Comhair Guangdong-Macao in Hengqin.

I rith na gcéad trí ráithe de 2022, laghdaigh OTI Macao 27.8 % go dtí Macanese Pataca (MOP) 130.3 billiún (EUR 15.6 billiún), 61 % níos ísle ná 2019 (roimh an bpaindéim). Bhí an margadh fostaíochta seasmhach agus lean an rialtas ar aghaidh le bearta tacaíochta COVID‑19 chur ar fáil don daonra agus do chuideachtaí.

Chuir na srianta taistil a bhain le COVID, lena n‑áirítear tréimhse coicíse ar coraintín, cosc ar oifigigh ó Oifig an Aontais cuairt a thabhairt ar Macao nó imeachtaí a reáchtáil ann, rud a chur bac ar a gcuid oibre agus srian lena dteagmháil le hoifigigh rialtais, an tsochaí shibhialta, cuideachtaí agus páirtithe leasmhara eile. Chomh maith leis sin, chuir na srianta taistil bac ar rochtain chonsalach Bhallstáit an Aontais ar shaoránaigh den AE in Macao agus rochtain chonsalach ar shaoránaigh na Portaingéile in Hong Cong.

I.Forbairtí polaitiúla, dlíthiúla agus sóisialta

Ó dícháilíodh 21 iarrthóir roimh thoghcháin an Tionóil Reachtaigh in 2021, níl ionadaíocht á déanamh ar an bhfreasúra sa Tionól níos mó. Nuair a foilsíodh tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Tionóil, áfach, dhearbhaigh a uachtarán go raibh éifeachtúlacht an chomhlachta ‘méadaithe go suntasach’.

I mí na Nollag, thogh Macao 12 thoscaire chuig an Daon‑Chomhdháil Náisiúnta (NPC) as 15 iarrthóir ar fad. Iarbhaill de NPC ab ea naonúr toscairí, lena n‑áirítear uachtarán an Tionóil.

Thogh Cumann Dlíodóirí Macau Vong Hin Fai mar cheannasaí, ball den Tionól Reachtach agus Daon‑Chomhdháil Náisiúnta na Síne.

Lean Oifig Eacnamaíoch agus Chultúrtha Taipei in Macao lena cuid oibríochtaí. I mí Dheireadh Fómhair, dheimhnigh Aire Téavánach Chomhairle na nGnóthaí Mórthíre go raibh síneadh víosa ceadaithe ag Macao do thriúr ionadaithe na Téaváine in SAR, i ndiaidh leamhsháinn‑thaidhleoireachta a bhain le hiarratas Macao go síneodh na hionadaithe ‘gealltanas Sín amháin’, aitheantas gur cuid den tSín í an Téaváin. Lean Macao le hOifig Eacnamaíoch agus Chultúrtha a choinneáil oscailte sa Téaváin.

Ar an 10 Aibreán 2022, reáchtáil an Fóram um Chomhar Eacnamaíoch agus Trádála idir an tSín agus tíortha ina labhraítear an Phortaingéilis (Fóram Macao) Comhdháil Aireachta Urghnách maidir le Comhar Eacnamaíoch agus Trádála idir an tSín agus tíortha ina labhraítear an Phortaingéilis. Ba é Príomh‑Aire na Síne, Li Keqiang, a thug an óráid oscailte ar líne, tráth ar lorg sé níos mó comhair idir an tSín agus tíortha ina labhraítear an Phortaingéilis agus go mbunófaí ionad cumarsáide maidir le cosc eipidéime in Macao.

Tionchar bheartais COVID-19

Chuir Macao ‘straitéis dhinimiciúil COVID-nialasach’ mhórthír na Síne chun feidhme. I mí Eanáir, d’fhorchuir Macao cosc coicíse ar eitiltí paisinéara isteach ó lasmuigh de mhórthír na Síne, i ndiaidh trí chás dearfacha a shainaithint i measc taistealaithe. Ar an 1 Mheán Fómhair, d’athoscail Macao a theorainn chuig an domhan mór, agus cheadaigh sé do shaoránaigh as 41 náisiún dul isteach sa gcríoch gan cead a fháil ó na húdaráis sláinte roimh ré. Bhí tréimhse ar coraintín in óstán fós i bhfeidhm le haghaidh taistealaithe ó lasmuigh de mhórthír na Síne. Laghdaigh fad na tréimhse ar coraintín de réir a chéile, ó 21 lá ag tús na bliana go dtí 5 lá i dtreo dheireadh na bliana. Cuireadh tréimhse dianghlasála i bhfeidhm idir an 11 Iúil agus an 23 Iúil. D’ordaigh an rialtas do chónaitheoirí roinnt babhtaí de thástáil PCR agus de mhearthástáil antaigine a dhéanamh ag céimeanna éagsúla den ráig áitiúil. Bhí feachtas tástála dírithe ar náisiúnaigh choigríche shonracha, Filipínigh go háirithe, de bhrí go mbíonn siad fostaithe mar oibrithe tí go minic 2 .

Níorbh fhéidir rochtain chonsalach a thabhairt do thaidhleoirí in Hong Cong a bhí creidiúnaithe do Macao mar gheall ar dhiancheanglais choraintín.

Laghdaigh an daonra go dtí 672 800 cónaitheoir in 2022, bunaithe ar eolas atá curtha ar fáil ag an mBiúró Staitisticí agus Daonáirimh 3 . Mhéadaigh an líon oibrithe neamhchónaitheacha agus an líon saoránach Eorpach a bhí ina gcónaí in Macao.

Forbairtí reachtacha

Tharla dhá phríomhfhorbairt reachtacha in 2022. Ba é an chéad cheann an Dlí Cluichíochta leasaithe 4 , a bhfuil sé d’aidhm aige cur le leibhéal rialaithe na n‑údarás chomh fada is a bhaineann le hoibríochtaí casaíne agus, go háirithe, chomh fada is a bhaineann le hoibritheoirí juncaeid casaíne. Ba é an dara ceann an leasú ar an Dlí um Shlándáil Náisiúnta, agus bhíothas fós ag leanúint ar aghaidh leis an obair ag deireadh na bliana. Fianaise ab ea an dréacht a ritheadh ag an gcéad léamh i mí na Nollag go mbeadh an dlí níos sriantaí agus ailínithe le Dlí um Shlándáil Náisiúnta Hong Cong 5 .

Tharraing triail iomráiteach an toicí cluichíochta, Alvin Chau, a raibh seomraí VIP á reáchtáil aige i gcasaíní, aird ar a dhiongbháilte is atá na húdaráis chomh fada is a bhaineann le rialú na hearnála cluichíochta a neartú. Chinn an chúirt go raibh Chau ciontach as 162 cúiseamh, lena n‑áirítear cluichíocht agus calaois mhídhleathach a chumasú, agus gearradh príosúnacht 18 mbliana air i mí Eanáir 2023. Chomh maith leis sin, cúisíodh an dara hoibritheoir juncaeid is mó, Levo Chan, i leith calaoise, sciúradh airgid agus sindeacáit choiriúil a rith 6 . Táthar ag súil nach mbeidh geilleagar Macao ag brath an oiread céanna ar ghníomhaíochtaí cearrbhachais amach anseo, i gcomhthéacs chomhrac na Síne in aghaidh éilliú agus sciúradh airgid.

Ina aitheantas beartais i mí na Samhna, thug an Príomhfheidhmeannach Ho Iat Seng tús áite do cheisteanna sochaíocha, agus thagair sé do shliocht as an óráid a thug an tArd-Rúnaí Xi Jinping ar an 1 Iúil chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó bunaíodh Páirtí Cumannach na Síne. D’fhógair seo go mbeadh an rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an gcúigiú céim de chóras poiblí CCTV ar a dtugtar ‘Súil sa Spéir’. Chuir baill den tsochaí shibhialta agus polaiteoirí ar son an daonlathais in iúl go raibh imní orthu faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar phríobháideachas agus ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta. I mí Iúil, thagair Coiste um Chearta an Duine na NA do na hábhair imí chéanna 7 .

Ina aitheantas beartais, thagair an Príomhfheidhmeannach Ho do phleananna chun córas toghcháin an Tionóil Reachtaigh a athchóiriú in 2023, chun an prionsabal ar a dtugtar ‘Macao á riar ag tírghráthóirí’ a chur chun feidhme.

Chomh maith leis sin, d’fhógair an Príomhfheidhmeannach go mbeifí ag glacadh le Dlí Ceardchumainn. Ainneoin go gcumhdaítear an ceart chun ceardchumainn a chruthú sa Dlí Bunúsach, ní raibh dlí ag Macao lena mbunú a dhlisteanú. I mí Eanáir 2023, rith an Tionól Reachtach an bille ag an gcéad léamh. Thagair an tsochaí shibhialta d’ábhar imní nár áiríodh an ceart dul ar stailc sa reachtaíocht agus nach ndearnadh foráil sa reachtaíocht maidir le cómhargáil.

An tslándáil náisiúnta

Leag an rialtas níos mó béime ar an tslándáil náisiúnta. Ar an 15 Nollaig, rith an Tionól Reachtach bille dar teideal ‘Leasú ar Dhlí Uimh. 2/2009 – An Dlí maidir le Slándáil Náisiúnta a Chosaint 8 ‘ ag an gcéad léamh. Faoin Dlí sin, a ritheadh in 2009 ar dtús, tá toirmeasc ar thréas, dealú, gníomhartha treascartha i gcoinne Rialtas Láir na nDaoine, ceannairc, goid rún stát, slándáil náisiúnta in Macao a bheith á cur i mbaol ag eagraíochtaí polaitiúla coigríche agus eagraíochtaí polaitiúla in Macao i gclaonpháirt le heagraíochtaí polaitiúla coigríche chun an tslándáil náisiúnta a chur i mbaol.

I mí Lúnasa, ag seoladh an chomhairliúcháin, dhearbhaigh an Rúnaí Slándála go gcumasódh an leasú an dlí chun slándáil náisiúnta a chosaint an méid céanna le dlíthe mhórthír na Síne agus Hong Cong. Sonraíodh sa doiciméad comhairliúcháin, i ndáil le slándáil náisiúnta a chosaint, nach bhfuil ach freagracht ‘tír amháin’ i gceist gan idirdhealú a dhéanamh idir ‘dhá chóras’.

Cuireann an dlí leasaithe le raon feidhme na gcionta atá ann cheana. Áirítear sa chion dealaithe anois gníomhaíochtaí ‘neamh-fhoréigneacha’ seachas ‘gníomhaíochtaí foréigneacha agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha tromchúiseacha.’ Cumhdaítear an córas stáit iomlán sa sprioc treascartha anois. D’fhéadfadh goid rún stáit a bheith faoi réir pionóis níos déine má chuireann an fhaisnéis neamhspleáchas, aontacht agus leasanna slándála na tíre i mbaol. Tá an raon feidhme a bhaineann le claonpháirtíocht a chúiseamh leathnaithe agus anois is claonpháirtíocht le haon eagraíocht, cumann nó duine aonair lasmuigh de Macao atá i gceist. Chruthaigh an leasú cionta nua, cosúil le ‘ceannairc a thionscnamh nó tacú léi’, atá dírithe ar chaint i suíomhanna príobháideacha. Údaraíonn ‘bearta réamhchúraim’ idircheapadh cumarsáid phearsanta agus cosc scoir sealadach a fhorchur ar dhaoine aonair ‘ar léir go bhféadfaidís coir a dhéanamh a d’fhéadfadh slándáil náisiúnta a chur i mbaol’. Téann sé seo thar na forálacha a áirítear i nDlí um Shlándáil Náisiúnta (NSL) Hong Cong.

Tharraing Cumann Dlíodóirí Macau agus Cumann Sineirge Macau aird ar an bpointe nach bhféadfaí tráchtaireacht a dhéanamh ar chlásail leasaithe shonracha de bhrí nach raibh siad liostaithe sa doiciméad comhairliúcháin. Chuir Cumann Iriseoirí Macau in iúl go raibh raon feidhme cionta áirithe leathnaithe gan sainmhínithe dlí soiléire a chur ar fáil. Leag an cumann béim ar an bpointe go bhféadfaí an cion treascartha a úsáid mar bhealach chun srian a chur ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh agus d’fhiafraigh sé an bhféadfadh an rialtas treoirlínte a eisiúint.

Cearta, saoirsí agus comhdheiseanna

I mí Iúil, ina athbhreithniú tréimhsiúil ar Macao faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, léirigh Coiste um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe imní maidir leis an gcosc ar thionóil shíochánta, easpa cosanta do chearta imirceach agus na critéir incháilitheachta don Tionól Reachtach 9 .

Thug an Coiste faoi deara go raibh an chuma ar an scéal gur bhain breithiúna Macao míbhrí as an gCúnant agus gur bunaíodh srianta a bhí róleathan maidir leis an gceart saoirse chun tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí. Mhol an Coiste do Macao ‘dlús a chur lena iarrachtaí feasacht a mhúscailt i measc breithiúna, ionchúisitheoirí, ghairm an dlí agus an phobail i gcoitinne ar na cearta atá leagtha amach sa Chúnant, agus a n‑infheidhmeacht faoi dhlí áitiúil.’

Bhí saoirse comhthionóil fós i mbaol. In 2020 agus 2021, dhiúltaigh na húdaráis don iarratas ón Aontas um Fhorbairt Dhaonlathach (DDU) bigilí faoi sholas coinnle a eagrú ar an 4 Meitheamh chun comóradh a dhéanamh ar shléacht Tiananmen a tharla in 1989, arb é COVID-19 an chúis a bhí luaite leis in 2020 agus an fhéidearthacht ‘go ndéanfaí damáiste do cháil an rialtais láir’ in 2021. In 2022, chinn DDU gan iarratas a dhéanamh ar údarú chun bigil faoi sholas coinnle a eagrú ar an 4 Meitheamh, ar fhaitíos go raibh baol níos airde ann go mbeadh rannpháirtithe á ngabháil.

Saoirse comhlachais. Thionscain an rialtas nós imeachta chun glacadh le Dlí Ceardchumainn, nach n‑áirítear ann, áfach, an ceart dul ar stailc nó chun cómhargála. Ar an 12 Meitheamh, foilsíodh an tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán 45 lá a reáchtáladh in 2021 10 . Leagadh béim ar an bpointe gur tarraingíodh aird i roinnt tuairimí ar an gceart dul ar stailc sa dlí atá molta. Mar fhreagairt, dúirt an rialtas go mbunódh an dlí córas ‘úrnua’ ar cheart d’fhostóirí agus d’oibrithe a úsáid ‘de réir a chéile’.

Bhí saoirse an phreasa fós faoi bhrú, de bhrí gur thogh cumann an n‑iriseoirí, cumann a mbíodh fonn air a thuairimí a nochtadh, Cumann Preasa Portaingéilise agus Béarla Macau, bord nua a gheall oibriú leis an rialtas agus tuilleadh maoinithe a fháil ó Bhiúró Faisnéise an Rialtais.

Ábhar imní eile ab ea príobháideachas agus cosaint sonraí freisin. I gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne COVID-19, chuir na húdaráis córas rianaithe iarratas i bhfeidhm a bhain le suiteáil bogearraí le haghaidh geoshuímh agus bailiú sonraí pearsanta.

Leis an gCóras Dlí lena Rialaítear Idircheapadh agus Cosaint Cumarsáide arna leasú, údaraítear na póilíní chun teileachumarsáid a idircheapadh i gcásanna de choireanna amhrasta amhail sceimhlitheoireacht, coireanna a chuireann an tslándáil náisiúnta i mbaol nó cibearchoireacht. Faoi imthosca áirithe, ceadaítear do na póilíní logaí teileafóin ó oibritheoirí teileachumarsáide a iarraidh gan cead a fháil ó bhreitheamh roimh ré. Ó Lúnasa 2023, beidh oibritheoirí teileachumarsáide ag déileáil le pionós má theipeann orthu sonraí a chur ar fáil ar iarratas ó ghníomhaireachtaí rialtais.

Tá thart ar 23 543 oibrí tí neamhchónaitheach in Macao, agus is mná de bhunadh na nOileán Filipíneach, Vítneam, na hIndinéise, Mhaenmar agus Neipeal iad a bhformhór. In 2022, chuir srianta taistil a bhain leis an bpaindéim cosc orthu bualadh lena dteaghlaigh thar lear. Bunaithe ar eolas atá curtha ar fáil ag ceardchumainn na n‑oibrithe tí, bhí cásanna ann nuair nár íocadh oibrithe tí, agus cásanna nuair a chaill oibrithe tí a gcuid post mar gheall ar imní a bhain le héilliú. Ní raibh dualgas ar fhostóirí árachas sláinte a fháil d’oibrithe tí. Ní raibh aon chonradh caighdeánach ná ioncam íosta ann fós, de bhrí nach mbaineann an Dlí maidir le Tuarastal Íosta le hoibrithe tí coigríche. Lean gníomhaireachtaí earcaíochta le táillí costasacha a ghearradh ar oibrithe tí, táillí a bhí cothrom le tuarastal dhá mhí go minic.

Tugadh cásanna d’idirdhealú in aghaidh mionlach eitneach faoi deara. Ar an 21 Iúil, d’ordaigh an rialtas do náisiúnaigh Fhilipíneacha, lena n‑áirítear iad siúd a bhí ina gcónaí in Macao, trí lá de thástálacha aigéid núicléasaigh i ndiaidh a chéile a dhéanamh idir an 22 - 24 Iúil mar chuid den chomhrac i gcoinne COVID‑19. Chuir an rialtas deireadh leis an mbeart i ndiaidh do Pháirtí Forásach an Lucht Oibre na nOibrithe Tí aird ar ábhair imní a bhain le hidirdhealú. Ba é seo an dara babhta de thástáil bunaithe ar náisiúntacht a eagraíodh in 2022, i ndiaidh treoir den chineál céanna a bhí dírithe ar shaoránaigh ó Mhaenmar i mí an Mheithimh.

D’áirigh Roinn Stáit na Stát Aontaithe ina liosta ‘Leibhéal 3’de gháinneáil ar dhaoine, ag líomhain ‘den tríú bliain as a chéile nár chuir an rialtas seirbhísí ar fáil d’aon íospartach nó nár thionscain sé ionchúisimh gháinneála.’ 11

Ní dhearnadh aon idirphlé leis an bpobal LADTIA+ agus ní aithnítear pósadh comhghnéis. Dá bharr sin, níl na cearta dlíthiúla céanna ag baill den phobal LADTIA+ is atá ag daoine eile, eadhon chomh fada is a bhaineann le dlí tuismitheoireachta agus dlí oidhreachta. Ní cheadaítear do dhaoine trasinscneacha a n‑inscne a mhodhnú ar a gcártaí aitheantais.

Ní raibh dóthain eolais ag cleachtóirí sláinte maidir le riachtanais othair LADTIA+. D’iarr an eagraíocht ar a dtugtar ‘Tuar Ceatha Macau’ ar an rialtas seirbhísí sláinte speisialaithe a bhunú agus pearsanra leighis a leithdháileadh chun comhairle, diagnóis agus cóireáil chuí ar fáil do dhiosfóiria inscne.

II.Forbairtí eacnamaíocha

Sa chéad trí ráithe de 2022, laghdaigh OTI Macao 27.8 % bliain i ndiaidh bliana 12 go dtí MOP 130.3 billiún (EUR 15.6 billiún) 13 . Bhí an figiúr sin 61 % níos ísle i gcomparáid le 2019, (MOP 330 billiún / EUR 39.6 billiún), fianaise ar an tionchar suntasach a bhí ag srianta a bhain leis an bpaindéim ar gheilleagar Macao.

I mí Dheireadh Fómhair, thuar an CAI go gcrapfadh geilleagar Macao 22.4 % in 2022, i gcomparáid le ráta fáis de 15.5 % a bhí á thuar i mí Aibreáin 14 . In 2021, mhéadaigh OTI Macao 18 % (i ndiaidh dó crapadh 56.3 % in 2020).

Bhí tionchar suntasach ag an líon íseal turasóirí ar an ngeilleagar. In 2022, thug 5.7 milliún turasóir cuairt ar an gcathair, níos lú ná 15 % den líon turasóirí a thug cuairt ar an gcathair i rith na tréimhse céanna in 2019 (39.4 milliún). Roimhe sin, onnmhairí seirbhísí cluichíochta 15 a bhí i leath de OTI Macao. Mar gheall ar an laghdú ar an líon turasóirí, áfach, níorbh fhiú na honnmhairí sin ach MOP 24.8 billiún (EUR 3.0 billiún) sa chéad trí ráithe de 2022 – laghdú 54.5  % bliain i ndiaidh bliana nó 13.7  % dá luach don tréimhse chéanna in 2019 (MOP 181 billiún / EUR 21.7 billiún). Ba é 38.5  % an meánráta áitíochta óstáin i rith na bliana, i gcomparáid le 50  % in 2021 agus 91  % in 2019.

Bhí an margadh saothair seasmhach ainneoin na timpeallachta geilleagraí dúshlánaí, ba é an ráta dífhostaíochta 3.5  % ag deireadh na bliana, i gcomparáid le 1.7   % roimh an bpaindéim.

Bhí an leibhéal boilscithe íseal, ar an meán, mhéadaigh an praghasinnéacs tomhaltóirí ilchodach 1.0  %

Bhí an leibhéal laghdaithe de ghníomhaíocht gheilleagrach mar bhonn le hioncam fioscach níos ísle, agus mhéadaigh an caiteachas rialtais. B’éigean don rialtas tarraingt ar a chúlchistí fioscacha chun caiteachas a mhaoiniú. Laghdaigh cúlchistí caipitil go dtí MOP 563 billiún (EUR 67.5 billiún) i mí na Samhna, laghdú 12.2  % bliain i ndiaidh bliana. Mar sin féin, is leor iad fós chun sé bliana measta de chaiteachas rialtais ag leibhéil 2022 a chlúdach.

In 2021, ba é luach an stoic d’infheistíochtaí coigríche MOP 334 billiún (EUR 40.0 billiún), i gcomparáid le MOP 297 billiún (EUR 35.6 billiún) in 2020. Ba é Hong Cong an fhoinse infheistíochtaí ba mhó, 49  %, agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí mhórthír na Síne, 34  % (níl infheistíochtaí ó ionaid eischósta san áireamh).

Beartas eacnamaíoch

Tarraingíodh aird in aitheasc beartais bhliantúil an Phríomhfheidhmeannaigh ar na beartais eacnamaíocha atá le cur chun feidhme in 2023. Chomh fada is a bhaineann le beartas eacnamaíoch, is iad na tosaíochtaí atá ann dlús a chur faoin téarnamh, na hearnálacha turasóireachta agus cluichíochta a athbheochan, cur leis an méid infheistíochta atá á dhéanamh i mbonneagar agus tithíocht, agus leanúint ar aghaidh leis an straitéis um éagsúlú eacnamaíoch.

Ar aon dul le 14ú Plean Cúig Bliana na Síne don tréimhse idir 2021-2025, leag an Príomhfheidhmeannach béim ar an ngá atá le Macao a chomhtháthú tuilleadh i mbeartais náisiúnta, go háirithe, beartais a bhaineann le crios Hengqin agus Mórcheantar an Bhá. D’fhógair sé go mbeadh dlús á chur le tógáil bonneagair, lena n‑áirítear limistéir forbartha nua, naisc iompair iarnróid agus bóthair, tithíocht, tionscadail athchúrsála agus oibreacha draenála uisce.

Príomhthosaíocht fós ab ea tacú leis an ngeilleagar, a raibh tionchar ag srianta paindéime air. Chuir an rialtas síneadh le go leor beart tacaíochta airgeadais COVID-19 do theaghlaigh agus cuideachtaí (lena n‑áirítear laghduithe cánach agus tarscaoiltí táillí éagsúla le haghaidh daoine agus cuideachtaí, lamháltais chíosa, agus scéim oiliúna fhóirdheonaithe).

Lean cónaitheoirí ar aghaidh ag baint tairbhe as an scéim rannpháirtíochta rachmais a bunaíodh in 2008 chun luaíochtaí na forbartha eacnamaíche a roinnt le cónaitheoirí. Fuair cónaitheoirí buana MOP 10 000 (EUR 1 199) agus fuair cónaitheoirí neamhbhuana MOP 6 000 (EUR 719). D’fhógair an Príomhfheidhmeannach ina aitheasc beartais go bhfaigheadh cónaitheoirí an méid céanna in 2023, mar aon le fóirdheontas ídithe eisceachtúil de MOP 10 000 le haghaidh bliain bhreise. Chomh maith leis sin, san aitheasc beartais tugadh isteach scéim fóirdheontais fostaíochta shealadach d’fhostóirí a bhfuil cónaitheoirí áitiúla dífhostaithe á n‑earcú acu. Ní áirítear oibrithe tí imircigh sa scéim rannpháirtíochta rachmais.

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Tionól Reachtach an Dlí Cluichíochta leasaithe, rud ba chúis leis na rialacha a bhain le hoibriú casaíní a ghéarú. Leis an dlí leasaithe, tugtar údarú don Phríomhfheidhmeannach conradh lamháltais chasaíne a fhoirceannadh ar fhorais a bhaineann le bagairtí don tslándáil náisiúnta. Chomh maith leis sin, leagtar amach ann spriocanna beartais nua maidir le sreafaí trasteorann neamhdhleathacha caipitil a chosc, agus sciúradh airgid a bhaineann le gníomhaíochtaí cluichíochta a chomhrac, agus ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ag an rialtas láir. Chomh maith leis sin, tacaíonn an dlí le héagsúlú eacnamaíoch, de bhrí go gceanglaítear ar oibritheoirí cluichíochta pleananna infheistíochta a chur ar fáil arb é an aidhm atá leo éagsúlú an gheilleagair. Chiallaigh an dlí leasaithe seo go raibh téarma na lamháltas casaíne á ghearradh ina leath go dtí 10 mbliana; cuireadh caidhp ar an líon táblaí agus meaisíní cluichíochta leictreonacha; agus cuireadh cosc ar fho-lamháltais. Ní mór do lamháltóirí casaíne athbhreithniú feidhmíochta a dhéanamh gach trí bliana. Mar thoradh ar an dlí tá an cháin chluichíochta méadaithe 1  % (go dtí 40  %) agus bunaíodh préimh bhliantúil íosta. Tá an scairchaipiteal íosta atá le bheith i seilbh stiúrthóirí bainistíochta casaíní (ní mór gur cónaitheoirí buana de chuid Macao iad) méadaithe ó 10 go dtí 15  %.

Bhí an dlí leasaithe mar bhonn leis na rialacha maidir le gníomhaíochtaí poiblíochta cluichíochta a ghéarú. Ní cheadaítear do thionscnóirí ach seirbhísí a chur ar fáil do lamháltóir casaíne amháin, agus ní cheadaítear socruithe roinnte‑ioncaim idir tionscnóirí agus casaíní níos mó. Bhí aidhm den chineál céanna ag an Tionól Reachtach nuair a ghlac sé le ‘An córas chun cluichí áidhe a dhúshaothrú’ i mí na Nollag. De réir mheastacháin an rialtais, bhí an dlí sin, ar a dtugtar an ‘Dlí Juncaeid’ freisin, mar bhonn le laghdú suntasach de thart ar 80  % ar ghníomhaíochtaí juncaeid.

Chuaigh lamháltais chluichíochta in éag ag deireadh 2022. Sheol an rialtas tairiscint phoiblí chun conarthaí lamháltais nua a bhronnadh de réir an Dlí Cluichíochta leasaithe. Cuireadh tús leis na lamháltais nua i mí Eanáir 2023 agus bheidh siad bailí le haghaidh 10 mbliana. Choimeád na seisear oibritheoirí cluichíochta bhunaithe a lamháltais. Níor éirigh leis an seachtú tairgeoir, aonad de chuid na hilchuideachta cluichíochta domhanda, Genting Malysia, sa phróiseas tairisceana. Ceanglaíodh ar gach oibritheoir plean infheistíochta a fhorbairt le haghaidh méid iomlán measta de MOP 120 billiún (EUR 14.4 billiún), lena n‑áirítear fógraíocht a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí neamhchluichíochta, de réir na straitéise um éagsúlú.

Is é an aidhm atá leis an straitéis um éagsúlú eacnamaíoch tionscail éagsúla a fhorbairt cosúil le turasóireacht neamhchluichíochta, coinbhinsiúin agus taispeántais, sláinte (lena n‑áirítear leigheas traidisiúnta na Síne), seirbhísí airgeadais, agus eolaíocht agus teicneolaíocht. Ainneoin gur tugadh laghdú faoi deara le blianta beaga anuas, an earnáil chluichíochta a bhí freagrach as thart ar leath de OTI réamh-COVID na cathrach. Ina aitheasc beartais, thug an Príomhfheidhmeannach, Ho Iat Seng, gealltanas go méadófaí ranníocaíocht na n‑earnálacha neamhchluichíochta go dtí 60  % de OTI.

Maidir le seirbhísí airgeadais, is é an aidhm atá ag na húdaráis margadh bannaí áitiúil a fhorbairt (lena n‑áirítear bannaí glasa agus liostuithe bannaí de chuid institiúidí agus cuideachtaí mórthíre), gníomhaíochtaí bainistíochta rachmais agus léasaithe airgeadais, baincéireacht infheistíochta agus réitigh thrasteorann renminbi. Chun an méid sin a bhaint amach, tá cinneadh déanta ag an rialtas creat dlíthiúil an chórais airgeadais áitiúil a athchóiriú agus bonneagar mhargadh airgeadais Macao a fhorbairt. Ghlac an Tionól Reachtach le dlí iontaobhais nua chun samhlacha aistrithe maoine, réitigh phleanála agus éagsúlaithe airgeadais agus árachais a chur ar fáil d’institiúidí poiblí agus airgeadais. Ag mí na Nollag 2022, bhí 13 urrús fiachais eisithe ar thaisclann lárnach urrús Macao, ag bainc i mórthír na Síne agus ag eintitis rialtais den chuid is mó.

Ó seoladh é in 2018, ba iad liostuithe bannaí iomlána ar Chongwa (Macao) Financial Assets Transaction, S.A. (MOX) – ardán Macao do liostú agus trádáil bannaí – MOP 350 billiún (EUR 41.9 billiún), de réir ionadaithe dá chuid. I mí Márta 2022, shínigh MOX agus Stocmhalartán Lucsamburg comhaontú comhair, i ndiaidh Meabhrán Tuisceana a síníodh i mí Eanáir 2020. Tá sé seo dírithe ar urrúis liostaithe ar MOX a dhéanamh níos feiceálaí d’infheisteoirí idirnáisiúnta.

Comhtháthú eacnamaíoch le mórthír na Síne

De bhrí go raibh deireadh curtha le formhór de shrianta na paindéime faoi dheireadh na bliana, ba é an aidhm a bhí ag Macao a sheasamh mar lárionad turasóireachta agus fóillíochta agus mar mhol le haghaidh seirbhísí gnó agus airgeadais a bhunú an athuair, go háirithe idir mórthír na Síne agus tíortha ina labhraítear an Phortaingéilis.

I mí Mheán Fómhair 2022, chomhaontaigh Macao agus cúige Guangdong comhar maidir le feistí leighis, seirbhísí slándála sóisialaí agus rialtais, oideachas agus nuálaíoch a neartú.

Is críoch é Domhanchrios Comhair Guangdong-Macao ina bhfuil thart ar 100 ciliméadar cearnach atá lonnaithe in Hengqin i mórthír na Síne, atá á riar go comhpháirteach ag Guangdong agus Macao 16 . Is é an cuspóir atá leis éagsúlú eacnamaíoch Macao a chumasú agus cur leis an lánpháirtiú eacnamaíoch agus dlíthiúil laistigh de mhórthír na Síne, ar aon dul le tosaíochtaí 14ú Plean Cúig Bliana na Síne a bhfuil cur síos déanta air thuas.

Cuireadh dlús faoi lánpháirtiú Macao le mórthír na Síne i mí na Nollag nuair a d’fhógair an rialtas láir go mbeadh cead ag feithiclí neamhthráchtála ó Macao dul isteach i gcúige Guangdong ón 1 Eanáir 2023 faoi bheartas maidir le Feithiclí Macao a bheith ag Taisteal ó Thuaidh.

III.Caidreamh idir Macao agus mórthír na Síne

I ndiaidh 20ú Comhdháil Pháirtí Pháirtí Cumanannach na Síne i mí Dheireadh Fómhair, d’fhiafraigh an Príomhfheidhmeannach, Ho Iat Seng, ar earnálacha difriúla na sochaí áitiúil staidéar a dhéanamh ar ‘spiorad an 20ú Comhdháil Náisiúnta’ 17 .

Bhuail an Príomhfheidhmeannach Ho leis an Uachtarán Xi Jinping dhá bhabhta in 2022: nuair a bhí ceiliúradh á dhéanamh ar chomóradh 25 bliain ó tugadh Hong Cong ar láimh don tSín, agus le linn dó a bheith ar cuairt dualgais ar an tSín.

Tharla athruithe suntasacha pearsanra i rith 2022. I mí Márta, cheap an rialtas láir Fu Ziying, iar-stiúrthóir na hOifige Idirchaidrimh i Rialtas Phobal an Láir, mar Chomhairleoir Gnóthaí Slándála Náisiúnta don Choiste um Shlándáil Náisiúnta a Chosaint in Macao. I mí Bealtaine, ceapadh iar-leas-ghobharnóir chúige Fujian agus leas-stiúrthóir ar an Oifig Idirchaidrimh, Zheng Xincong mar Cheannasaí na hOifige Idirchaidrimh agus Comhairleoir na nGnóthaí Slándála Náisiúnta.

IV.Caidreamh déthaobhach agus comhar idir an AE-Macao in 2022

Ba é an aidhm a bhí le Comhaontú Trádála agus Comhair 1992 idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Macao an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Macao a neartú tuilleadh. Tagraítear ann do chomhar a bhaineann le trádáil, an geilleagar, eolaíocht agus teicneolaíocht.

Is ardán é Comhchoiste an AE/Macao d’idirphlé idir Macao agus an tAontas Eorpach i roinnt réimsí. Reáchtáladh an 23ú cruinniú Comhchoiste in 2019, ach níor reáchtáladh aon chruinnithe eile, ainneoin iarratais ón Aontas Eorpach.

Sa chéad 11 mhí de 2022, ba é an tAontas comhpháirtí trádála earraí is mó Macao, ról a bhí á chomhlíonadh ag mórthír na Síne roimhe sin, agus ba é an AE a bhí freagrach as 30  % de thrádáil iomlán SAR i rith na tréimhse sin. Tá trádáil dhéthaobhach AE-Macao bunaithe go heisiach beagnach (níos mó ná 95  %) ar easpórtálacha chuig an AE, agus tá thart ar 33  % d’iompórtálacha Macao á dtionscnamh san AE.

Bunaithe ar shonraí Eurostat, b’fhiú trádáil dhéthaobhach earraí san Aontas, sa chéad 11 mhí de 2022, EUR 1 147 milliún (arbh ionann é sin agus méadú níos lú ná 1  % i gcomparáid le 2021). B’fhiú easpórtálacha an Aontais chuig Macao, só-earraí den chuid is mó, earraí leathair, éadaí agus feisteas, agus uaireadóirí agus seodra EUR 1 100 milliún, agus mar thoradh orthu bhí barrachas trádála EUR 1 053 milliún.

Ba é an tAontas an ceathrú foinse infheistíochta coigríche ba mhó a bhí ag Macao in 2021 (níl ionaid eischósta san áireamh) tar éis Hong Cong, mórthír na Síne agus na Stáit Aontaithe. De réir staitisticí oifigiúla Macao, ba leis an Aontas Eorpach a bhain 5.8  % den stoc infheistíochta dírí coigríche iomlán (IDC) in 2021 (níl ionaid eischósta san áireamh). Ba ón bPortaingéil amháin a tháinig 88 % d’infheistíocht an Aontais in SAR. De réir Eurostat, b’fhiú stoic IDC AE in Macao EUR 1.42 billiún ag deireadh 2021 18 , agus b’fhiú stoic IDC Macao san Aontas EUR 1.85 billiún.

(1)

I domhan na gcasaíní, is éard atá i gceist le 'juncaed' clár taistil gearrthéarmach eagraithe ag oibritheoir juncaeid chun cearrbhaigh shaibhre, ó mhórthír na Síne den chuid is mó, a mhealladh i dtreo Macao.

(2)

https://www.thestandard.com.hk/breaking-news/section/3/192590/Macau%E2%80%99s-Covid-zero-plan-now-targets-city%E2%80%99s-Filipino-workers.

(3)

https://www.dsec.gov.mo/ts/#!/step2/KeyIndicator/en-US/240.

(4)

https://www.al.gov.mo/pt/law/year/507.

(5)

https://www.al.gov.mo/pt/law/lawcase/553.

(6)

https://www.thestandard.com.hk/section-news/section/11/249158/18-years-in-jail-for-junket-king

(7)

https://tbinternet.ohchr.org/_layouts/15/treatybodyexternal/SessionDetails1.aspx?SessionID=2572&Lang=en

(8)

https://www.al.gov.mo/pt/law/lawcase/553

(9)

https://tbinternet.ohchr.org/_layouts/15/treatybodyexternal/Download.aspx?symbolno=CCPR%2FC%2FCHN-MAC%2FCO%2F2&Lang=en

(10)

https://www.gov.mo/pt/consulta-de-politicas/consulta-publica-sobre-a-lei-sindical/

(11)

https://www.state.gov/reports/2022-trafficking-in-persons-report/macau/

(12)

Foinse: An tSeirbhís Staidrimh agus Daonáirimh, Sainréigiún Riaracháin (SAR) Rialtas Macao, atá ar fáil ag: https://www.dsec.gov.mo/en-US/ .

(13)

Tiontaithe go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte InforEuro mhí na Nollag 2021.

(14)

‘Téarnamh I Rith Paindéime: ábhair imní maidir le sláinte, cur isteach ar sholáthar agus brú praghsanna’, Deireadh Fómhair 2021, https://www.imf.org/en/Publications/WEO/Issues/2021/10/12/world-economic-outlook-october-2021.

(15)

Tomhaistear easpórtálacha seirbhísí cluichíochta mar chaiteachas neamhchónaitheoirí ar chluichíocht.

(16)

Tá crios comhair Hengqin lonnaithe ag imeall theas chathair mhórthíre na Síne, Zhuhai. Ní scartar an limistéar ó Macao ach le stráice uisce amháin, agus nasctar le chéile iad le droichead.

(17)

https://macaudailytimes.com.mo/ho-iat-seng-to-fully-implement-spirit-of-national-congress-report.html

(18)

https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/BOP_FDI6_GEO__custom_6643309/default/table?lang=en

Top