Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023JC0025

Togra comhpháirteach le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

JOIN/2023/25 final/2

An Bhruiséil,7.7.2023

JOIN(2023) 25 final/2 DOWNGRADED on 10.10.2023

2023/0276(NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

(1)An XXX ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/XXX lena mbunaítear creat chun aghaidh a thabhairt ar thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí dhróin agus comhpháirteanna arna monarú le comhpháirteanna de thionscnamh idirnáisiúnta lena n‑áirítear compháirteanna de thionscnamh na hEorpa, a sholáthar.

(2)Leis an gCinneadh ón gComhairle cuirtear toirmeasc ar chomhpháirteanna a úsáidtear i monarú Aerárthaí Gan Foireann (UAVanna) a onnmhairiú ón Aontas chuig an Iaráin.

(3)Déantar foráil leis an gCinneadh ón gComhairle freisin maidir le toirmeasc taistil, cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá freagrach as tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint acu leis. Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/XXX.

(4)Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de, tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun Cinneadh (CBES) 2023/XXX a chur chun feidhme.

(5)Ba cheart d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus don Choimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán a dhéanamh maidir le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2023/0276 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine 1 ,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 31 Iúil 2014 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine 2 .

(2)Le Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle cuirtear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol le haon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a sholáthar d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n‑úsáid sa Rúis. Liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú 3 . Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014.

(3)Le Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle, cuirtear toirmeasc freisin ar earraí agus teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, nó le forbairt earnáil na cosanta agus na slándála, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n‑úsáid sa Rúis. Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 agus liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014. 4

(4)Le Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle, cuirtear toirmeasc freisin ar earraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n‑úsáid sa Rúis. Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 agus liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin in Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle.

(5)An 17 Márta 2014 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 5 .

(6)An 20 Deireadh Fómhair 2022, chuir an Chomhairle triúr de mhuintir na hIaráine agus eintiteas amháin de chuid na hIaráine le liosta díobh siúd atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES agus faoi Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle, i bhfianaise a róil i bhforbairt agus i seachadadh Aerárthaí Gan Foireann (UAVanna) a úsáideann an Rúis ina cogadh i gcoinne na hÚcráine. An 12 Nollaig 2022 chuir an Chomhairle ceathrar de mhuintir na hIaráine agus ceithre eintiteas de chuid na hIaráine leis an liosta sin freisin. An 25 Feabhra 2023 chuir an Chomhairle ceathrar eile de mhuintir na hIaráine leis an liosta sin.

(7)An xx/xx/xxxx ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Le Cinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle, cuirtear toirmeasc ar chomhpháirteanna a úsáidtear i monarú UAVanna a onnmhairiú chuig an Iaráin. Déantar foráil leis freisin maidir le toirmeasc taistil, cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá freagrach as tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint acu leis. Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/XXX.

(8)Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(9)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(10)Maidir leis an nós imeachta chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart a áireamh ann na forais le liostú a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe nó do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a chur isteach.

(11)Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n‑acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 6 agus Rialachán (AE) 2018/1725 7 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil.

(12)Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo.

(13)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos, lena n‑áirítear smachtbhannaí cóiriúla de réir mar is iomchuí, agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘éileamh’ aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó tar éis an dáta sin, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)frithéileamh;

(v)éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar é, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

(b)ciallaíonn ‘conradh nó idirbheart’ aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le ‘conradh’ banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

(c)tagraíonn ‘údaráis inniúla’ d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(d)ciallaíonn ‘acmhainní eacnamaíocha’ sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(e)ciallaíonn ‘reo acmhainní eacnamaíocha’ cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n‑áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(f)ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n‑áirítear ach nach bhfuil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n‑áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

(v)creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

(vi)litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

(vii)doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(g)ciallaíonn ‘reo cistí’ cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n‑eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht phunainne san áireamh;

(h) ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n‑áirítear a n‑aerspás.

Airteagal 2

1.Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n‑úsáid san eitlíocht nó i dtionscal an spáis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, beidh toirmeasc ar a ndíol, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n‑úsáid sa Rúis, agus beidh an toirmeasc céanna ar a soláthar, ar a n‑aistriú agus ar a n‑onnmhairiú.

1a. Beidh toirmeasc ar idirthuras na n‑earraí agus na teicneolaíochta trí chríoch na hIaráine, dá dtagraítear i mír 1, a onnmhairítear ón Aontas.

2.Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) chun cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n‑earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n‑úsáid san Iaráin;

(b) maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n‑úsáid san Iaráin.

3. De mhaolú ar mhíreanna 1, 1a agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt i dtaca le díol, soláthar, aistriú, idirthuras nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh‑mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh‑mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann chun na gcríoch seo a leanas:

(a) chun críoch leighis nó cógaisíochta; nó

(b) chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.

4. Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhír 3 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 3

1.Na cistí, agus na hacmhainní eacnamaíocha uile, ar leis na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí seo a leanas iad, nó atá faoina n‑úinéireacht nó atá ina seilbh nó á rialú acu:

(a) na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III atá freagrach as tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint acu leis, déanfar iad a reo; agus

(b) daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann, a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.

Airteagal 3a

De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh cinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a) go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n‑áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;

(b)  gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)  gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)  go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)  go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Airteagal 3b

De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1 a liostú in Iarscríbhinn III, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in‑fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)  ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)  ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn III é an cinneadh; agus

(d)  níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Airteagal 3c

De mhaolú ar Airteagal 3, agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn III í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn III, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t‑údarás inniúil mar a leanas:

(a)     Bainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh na híocaíochta ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn III; agus

(b)     Ní sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.

Airteagal 3d

1. Le hAirteagal 3, mír 2, ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fuair cistí arna n‑aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t‑údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3, mír 1, maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)  ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b) íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3; nó

(c) íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in‑fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3, mír 1, fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

Airteagal 3e

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n‑áirítear a gcláir, a gcistí agus a n‑eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n‑eagraíochtaí gaolmhara;

(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n‑eagraíochtaí daonnúla sin;

(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n‑eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.

Airteagal 4

1.na daoine nádúrtha atá freagrach as tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint acu leis agus daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leo, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, cuirfear cosc orthu dul isteach i gcríoch Bhallstáit nó idirthuras a dhéanamh tríd an gcríoch sin

2.Le mír 1, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

Airteagal 4a

1.Beidh cur i bhfeidhm Airteagal 4 gan dochar do na cásanna ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid an dlí idirnáisiúnta, is é sin:

(a)  mar thír óstála d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b) mar thír óstála do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c) faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)  faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

2.Measfar go bhfuil feidhm freisin ag mír 1 i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstála de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

Airteagal 4b

1.Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ó na bearta a fhorchuirtear in Airteagal 4 a dheonú i gcás ina bhfuil údar cuí le taisteal ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n‑óstáil aige, nó atá á n‑óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n‑áirítear tacaíocht do smacht reachta, daonlathas, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hÚcráine.

2. Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 4a fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó den Chomhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin nó níos mó den Chomhairle agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

3. I gcás, de bhun Airteagal 4b, míreanna 1 agus 2, ina n‑údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh an t‑údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 5

1.D’ainneoin na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3, mír 1, nó faisnéis atá ina seilbh acu faoi chistí agus faoi shócmhainní eacnamaíocha laistigh de chríoch an Aontais ar le, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus nár chaith na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí leo, a bhfuil an oibleagáid dhlíthiúil orthu amhlaidh a dhéanamh, mar chistí agus mar shócmhainní eacnamaíocha reoite, chomh maith le faisnéis faoi sholáthar, díol, onnmhairiú nó aistriú na n‑earraí agus na teicneolaíochta in Iarscríbhinn II, a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus

(b)rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

3.Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

4.    Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n‑áirítear údaráis forfheidhmiúcháin agus riarthóirí na gclár oifigiúil ina bhfuil daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí mar aon le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe cláraithe, faisnéis lena n‑áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile de chuid na mBallstát agus leis an gCoimisiún Eorpach.

5.    Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2018/1725 agus a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun comhar éifeachtach a áirithiú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún Eorpach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a mhéid sin amháin.

Airteagal 6

1.Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagal 2 agus Airteagail 3a, 3b agus 3c laistigh de 2 sheachtain tar éis na húdaruithe sin a dheonú agus;

(b)údaruithe arna ndeonú faoi Airteagal 4b;

(c)sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta.

2.Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

Airteagal 7

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Iarscríbhinn III a leasú ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle i dtaca leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle;

(b)Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle i dtaca leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle; agus

(c)Iarscríbhinn I a leasú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit.

2.Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1(a), lena n‑áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh nó, murab eol an seoladh, cuirfidh sé an cinneadh in iúl don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, trí dheis a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach i gceachtar cás.

3.I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Coimisiún an cinneadh i bhfianaise na mbarúlacha nó na fianaise nua a chuirtear isteach, agus dá thoradh sin féadfaidh sé Iarscríbhinn III a leasú de réir an nós imeachta cumhachtaithe i mír 1(a). Cuirfear an duine nádúrtha nó dlítheanach ar an eolas faoi thoradh an athbhreithnithe.

Airteagal 8

1.Beidh in Iarscríbhinn III na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

2.Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 9

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n‑áirítear pionóis choiriúla de réir mar is iomchuí, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

Airteagal 10

1.Próiseálfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

(a)leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)inneachar Iarscríbhinn III a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(c)próiseáil faisnéise faoi thionchar bhearta an Rialacháin seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

3.Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Coimisiún mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, mír 8, de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.

Airteagal 11

1.Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an mbeart sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 12

1.Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n‑áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t‑éileamh:

(a)  daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(b)aon duine, eintiteas nó comhlacht eile de chuid na hIaráine;

(c)  aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b).

2.In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t‑éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t‑éileamh a shásamh le mír 1.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

1.Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nós d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)tuairisceoidh siad laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn III, cibé acu is déanaí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leis iad, atá á sealbhú nó á rialú acu, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

(b)rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun aon fhaisnéis den chineál sin a fhíorú.

3.I gcás nach gcomhlíonfar mír 2, measfar gur rannpháirtíocht a bheidh ann, dá dtagraítear i mír 1, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.

4.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain faoin bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2(a).

5.Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

6.Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus a mhéid sin amháin.

Airteagal 14

1.Próiseálfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

(a)leasuithe ar Iarscríbhinn III a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)inneachar Iarscríbhinn III a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(c)próiseáil faisnéise faoi thionchar bhearta an Rialacháin seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Coimisiún mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.

Airteagal 15

1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n‑údaráis inniúla, lena n‑áirítear sonraí teagmhála na n‑údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

3.I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn I an seoladh agus na sonraí teagmhála a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 16

Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í agus chuige sin amháin.

Airteagal 17

Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)laistigh de chríoch an Aontais, lena n‑áirítear laistigh dá aerspás;

(b)ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;

(c)maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

Airteagal 18

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L , , lch. .
(2)    IO L 229, 31.7.2014, lch. 13.
(3)    IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.
(4)    IO L 229, 31.7.2014, lch. 1.
(5)    IO L 176I, 20.10.2022, lch. 5.
(6)    IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(7)    IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
Top

An Bhruiséil,7.7.2023

JOIN(2023) 25 final/2 DOWNGRADED on 10.10.2023

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le Togra Comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine



An Coimisiún Eorpach

An Ard‑Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue Joseph II 54

B-1049 An Bhruiséil, An Bheilg

Seoladh ríomhphoist: relex-sanctions@ec.europa.eu

IARSCRÍBHINN II

Liosta na n‑ítimí dá dtagraítear in Airteagal 2

Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na Nótaí Ginearálta, na hAcrainmneacha agus na Giorrúcháin, agus ag na Sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, cé is moite de ‘Páirt I – Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe, Nótaí Ginearálta a ghabhann le hIarscríbhinn I, pointe 2.

Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear i Liosta Comhchoiteann Míleata (LCM) an Aontais Eorpaigh (2020/C 85/01).

Gan dochar d’Airteagal 13 den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir rialú faoi Airteagal 2 den Rialachán seo.

Catagóir 3 – Leictreonaic

3A601    Ciorcaid iomlánaithe mar a leanas:

       a.    Micrichiorcad micririalaitheora;

       b.    Eagar Geataí In‑ríomhchláraithe sa Réimse (FPGAnna);

       c.    Próiseálaí comharthaí;

       d.    Anailíseoir comharthaí;

       e.    Tiontaire ó Analógach go Digiteach (ADC);

       f.    Rialaitheoir voltais;

       g.    Ionchódóir físeán;

       h.    Cuimhne; nó

       i.    Aimplitheoir ‘MMIC’.

3A602    Comhpháirteanna leictreonacha seo a leanas:

       a.    Scagaire ‘RF’ nó scagaire trasnaíochta leictreamaighnéadaí (EMI).

Catagóir 6 – Braiteoirí agus léasair

6A601    Braiteoirí optúla nó an trealamh agus na comhpháirteanna díobh, mar a leanas:

       a.    Feadáin dianaitheora íomhá agus comhpháirteanna díobh atá saindeartha;

b.    Trealamh íomháithe amhairc dhírigh a oibríonn sa speictream infheicthe nó sa speictream infridhearg, lena n‑ionchorpraítear feadáin dianaitheora íomhá; nó

       c.    Braiteoirí teirmeacha le haghaidh ceamaraí.

6A602    Ceamaraí, córais nó trealamh mar a leanas:

       a.    Ceamaraí a chomhlíonann critéir Nóta 3 a ghabhann le 6A003.b.4 1 ;

b.    Ceamaraí ina n‑ionchorpraítear aon cheann de na braiteoirí a liostaítear in 6A601; nó

c.    Córais Aershuirbhéireachta.

Catagóir 7 – Loingseoireacht agus Eitleonaic

7A601    Córais Loingseoireachta Táimhe, Aonaid um Thomhas Táimhe (IMU), méadair luasghéaraithe nó gíreascóip.

7A602    Gléasra cúnta radloingseoireachta le haghaidh aerárthaí agus comhpháirteanna díobh.

7A603    Radair atá saindeartha le haghaidh ‘UAVanna’ agus comhpháirteanna díobh.

Catagóir 9 – Aerspás agus tiomáint

9A601    ‘UAVanna’ nó ‘aerárthaí’ gan foireann, atá deartha chun gur féidir iad a eitilt faoi rialú le ‘radharc cinn’ an ‘oibreora’.

9A602    Aerinnill ghástuirbín (inneall turba-liáin, turba-scairde, turba-fean nó , turba-sheafta) le haghaidh aerárthaí, agus comhpháirteanna díobh.

9A603    Innill aerárthaigh, cé is moite díobh siúd a shonraítear in 9A602, mar seo a leanas:

a.    Innill loiní dócháin inmheánaigh, frithingeacha spréachadhainte nó rothlacha le haghaidh aerárthaí agus comhpháirteanna díobh.

b.    Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú le haghaidh aerárthaí agus comhpháirteanna díobh.

9A604    Aonaid rialaithe eitilte agus aonaid chianrialaithe, le haghaidh ‘UAVanna’.

IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA nDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 3

(1)    Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
Top