Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IR0904

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — COP28 UNFCCC: Ról na n-údarás fonáisiúnta lena áirithiú nach rachfaí strae le uaillmhian na haeráide (Tuairim féintionscnaimh)

COR 2023/00904

IO C, C/2023/1323, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1323/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1323/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1323

22.12.2023

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — COP28 UNFCCC: Ról na n-údarás fonáisiúnta lena áirithiú nach rachfaí strae le uaillmhian na haeráide

(Tuairim féintionscnaimh)

(C/2023/1323)

Rapóirtéir:

Rafał TRZASKOWSKI (PL/PPE), Méara Vársá

MOLTAÍ BEARTAIS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

Tá CnaR á chur in iúl gur cúis bhuartha dó torthaí scéiniúla Thuarascáil Sintéise AR6 an Phainéil Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide (IPCC) (SYR), tuarascáil a mheabhraíonn dúinn go neamhbhalbh gur dócha go mbeidh an téamh domhanda os cionn na tairsí 1,5 oC roimh dheireadh an chéid, fiú má bhíonn laghduithe móra ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

2.

Meabhraíonn sé go n-aithníonn IPCC gur cumasóir ar mhórán tábhachta don ghníomhú ar son na haeráide atá sa rialachas il-leibhéil éifeachtach, lena n-éilítear próisis chinnteoireachta chuimsitheacha maidir le pleanáil agus cur chun feidhme, leithdháileadh acmhainní iomchuí, athbhreithniú ar na hinstitiúidí, faireachán agus meastóireacht.

3.

Is díol sásaimh dó gur cinneadh socruithe cistiúcháin nua a bhunú ag an 27ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP27) mar fhreagairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste, is mian leis a chur in iúl gur oth leis nár éirigh le COP27 slí chinntitheach a thabhairt san áireamh d’aon ghuth agus go soiléir chun an t-ardú teochta domhanda a theorannú go 1,5 oC, lena n-áirítear sprioc chun astaíochtaí domhanda a bhaint amach faoi 2025, sin agus deireadh a chur de réir a chéile gan mhoill le húsáid bhuanchíocrach na mbreoslaí iontaise.

4.

A mhéid a bhaineann leis na conairí uile atá múnlaithe ar fud an domhain atá ar fáil sa tuarascáil ó IPCC chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC, tá sé á chur in iúl go láidir ag CnaR go bhfuil laghduithe tapa agus domhain ar astaíochtaí GCT i ngach earnáil i gceist leo: ar na straitéisí maolaithe chun na laghduithe sin a bhaint amach, tá an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go foinsí fuinnimh ísealcharbóin nó saor ó charbón, bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an éifeachtúlacht a fheabhsú, astaíochtaí neamh-CO2 a laghdú, agus modhanna aistrithe dé-ocsaíde carbóin (CDR) a úsáid chun astaíochtaí iarmharacha gás ceaptha teasa a fhrithchothromú.

5.

Is ábhar imní do CnaR gurbh é samhradh 2023 an samhradh ba theo dár taifeadadh riamh ar fud an domhain (1), agus teocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo le brath san iliomad réigiún agus cathair mar aon le teagmhais adhaimsire arbh iad ba chúis le tionchair uafásacha ar phobail agus ar éiceachórais nádúrtha. Is rud é atá CnaR a chur i bhfáth gur tuilleadh méadú ar na rioscaí aeráide an rud a tharlóidh má bhíonn moill ar chur chun feidhme na mbeart éifeachtach chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dó, rud a fhágfaidh go mbeidh méadú ar mheath na bithéagsúlachta, méadú ar na rioscaí sláinte, mar aon le caillteanas buan agus damáiste; tugann sé dá aire go gcuirtear i bhfios go láidir do lucht déanta beartas san Achoimre uirbeach ar an IPCC AR6 SYR gur ar na cathracha agus ar na ceantair uirbeacha is measa a bheidh éifeacht an athraithe aeráide le brath, agus go mbeidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) dul i ngleic le teagmhais adhaimsire atá ag dul in olcas agus i ndéine.

6.

Tá sé á thabhairt chun suntais aige gur comhghuaillithe lárnacha iad na cathracha agus na réigiúin leis an uaillmhian a chur níos sia chun cinn, i dtús ama agus le linn na COPanna freisin, trí mhuinín na n-idirbheartaithe náisiúnta a chothú i gcur chun feidhme na spriocanna atá le Comhaontú Pháras ar láthair a limistéar féin; meabhraíonn sé gurb iad na cathracha is cúis le os cionn 70 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain, gur sna cathracha a chaitear thart ar 80 % d’fhuinneamh an domhain (2), agus gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an leibhéal is neasa do na saoránaigh, rud a léiríonn sofheictheacht agus inchreidteacht an ghníomhaithe ar son na haeráide.

7.

Tá sé á chur i bhfios go láidir aige go bhfuil na cathracha agus na réigiúin ar thús cadhnaíochta sa ghníomhaíocht uaillmhianach i gcoinne an athraithe aeráide in ainneoin na bhfreagrachtaí atá orthu a bheith ag dul i dtroime. Tá léargas air sin i dTuarascáil Tionchair 2022 Chúnant Domhanda na Méaraí maidir leis an Aeráid agus le Fuinneamh (GCoM), tuarascáil a léiríonn go bhfuil os cionn 12 500 de shínitheoirí GCoM in 144 thír i ngleic leis an athrú aeráide cheana ós áil leo feabhas a chur ar an éifeachtúlacht agus ar an neamhspleáchas fuinnimh, trí bhíthin na hinfheistíochta san fhuinneamh in-athnuaite, trí aghaidh a thabhairt ar an rochtain ar fhuinneamh agus tríd an oiriúnú don athrú aeráide.

8.

Tá sé á chur i bhfios go láidir aige nach mór don chéad athbhreithniú domhanda (GST) na Páirtithe agus na geallsealbhóirí neamh-Pháirtí ar fad a bhrostú chun gnímh ar son na haeráide ar bhealach trédhearcach. Measann sé gur deis órga é GST chun dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide trí oibriú ar gach leibhéal rialachais agus earnála, trí chothú na muiníne agus rannpháirtíocht na saoránach, mar aon le cothú na trédhearcachta agus na cuntasachta. Tá sé á chur i bhfios go láidir, cé nach mór dúinn uaillmhian a chleachtadh i leith méadú ár gcuid cuspóirí aeráide, nach ceart inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch, poist ardcháilíochta ná tionscail a chur i mbaol de bharr aon ghníomhaíocht a dhéanfar, ach gur cheart é a bheith d’aidhm acu poist ghlasa breise a chruthú agus geilleagair áitiúla a athbheochan. Ní mór, freisin, aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is measa a lorg guail agus a lorg carbóin agus ar na réigiúin is forimeallaí d’fhonn aistriú cóir a áirithiú.

9.

Aithníonn sé an gá ríthábhachtach atá le huaillmhian roinnt Páirtithe a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin bheagfhorbartha chun an t-athrú aeráide a chomhrac d’fhonn aistriú glas agus cóir a ráthú. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe, fothú acmhainneachta, agus infheistíocht do na réigiúin sin chun a rannpháirtíocht fhiúntach a áirithiú sna hiarrachtaí maidir le gníomhú ar son na haeráide agus maidir le forbairt na hathléimneachta.

Deis don Aontas Eorpach: oibriú ar mhaithe le comhar leanúnach i dtreo COP28, le linn COP28 agus ina dhiaidh sin

10.

Ba dhíol sásaimh do CnaR an comhar tairbhiúil leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na comhreachtóirí ag COP27, agus athdhearbhaíonn sé gur cuid dá thiomantas sineirgí a neartú agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróisis UNFCCC a chur chun cinn. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tuilleadh tacaíochta a thabhairt do rannpháirtíocht Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh ag COP28.

11.

Tá sé ag tathant ar Uachtaránacht na Spáinne iarraidh ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh aitheantas a thabhairt sna Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis na hullmhúcháin i gcomhair COP28 do cheannaireacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le líofacht a chur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an ngníomhaíocht maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus na saoránaigh a rannpháirtiú go héifeachtach san am céanna i gclaochlú na nósanna maireachtála, na bpatrún tomhaltais agus an táirgthe inbhuanaithe, maille le béim ar an ngá atá le rannpháirtíocht bhreise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas chun rannchuidithe a chinntear go náisiúnta, pleananna náisiúnta oiriúnaithe (NAPanna) agus straitéisí fadtéarmacha a nuashonrú agus a chur chun feidhme.

12.

Tá sé á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithníodh ról na rialtas fonáisiúnta sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le COP27. Is mian leis Parlaimint na hEorpa a spreagadh chun téagar a chur sna teachtaireachtaí sin maidir le COP28. Tá béim á cur aige ar thábhacht na gníomhaíochta láidre comhordaithe idir toscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus toscaireachtaí CnaR ar COP 28, á áirithiú go mbeidh tagairt sna doiciméid deiridh maidir le COP28 do ról na gcathracha agus na réigiún.

13.

Aithníonn sé ról ceannródaíoch an Aontais arb éard is cuspóir dó an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, mar aon leis an dul chun cinn a rinneadh i leith an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a ghlacadh, sin agus an dícheall atáthar a dhéanamh chun sprioc an laghdaithe íosta de 55 % faoin mbliain 2030 a threisiú. Tá béim á cur aige ar a thábhachtaí atá sé lántairbhe a bhaint as próiseas leasuithe na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) mar uirlis éifeachtach chun spriocanna an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme. Tá sé á chur in iúl aige go bhfuil a chuid fearais réidh chun rannchuidithe go gníomhach le sprioc nua aeráide de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh 2040, i gcomhréir le práinn na héigeandála atá ann i gcúrsaí aeráide. Tá sé a chur i dtreis aige gur iomaí cathair maille le cuid de na Ballstáit a bhfuil tuilleadh uaillmhéine feasta sna pleananna atá acu leis an neodracht aeráide a chomhlíonadh i bhfad roimh 2040. San am céanna, tá béim á cur aige ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do na saoránaigh is leochailí trí bhíthin aistriú inbhuanaithe a bheidh cuimsitheach cóir agus a fhéachfaidh freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú go dímhór.

14.

Cuireann CnaR chun suntais gur cheart an ghéarchéim aeráide a phríomhshruthú i ngach beartas Eorpach agus, dá bhrí sin, gur cheart gach beartas a bheith aeráid-díonach faoi mar a luaitear sa Dlí Aeráide Eorpach.

15.

Is dá chuid tiomantais a bheith ag rannchuidiú i dtólamh le ceannaireacht an Aontais sa chaibidlíocht idirnáisiúnta faoi chúrsaí aeráide trí bhíthin taidhleoireacht aeráide fhonáisiúnta fheabhsaithe, agus is dá chuid tiomantais fós páirt a ghlacadh i ngach comhlacht um chaidreamh seachtrach de chuid CnaR (ARLEM, CORLEAP, Comhchoistí Comhairleacha, comhar idir piaraí) ionas go mbeidh beart á dhéanamh go háitiúil de réir na ngealltanas atá ann go domhanda.

Gníomhaíocht áitiúil mhaolaithe agus oiriúnaithe a chur chun cinn chun spriocanna Chomhaontú Pháras a aimsiú

Gníomh a dhéanamh ar mhaithe le maolú

16.

Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR nár ceart a mheas gur rogha mhalartach é cuspóir na slándála fuinnimh domhanda ar chuspóirí Chomhaontú Pháras, agus tá sé ag tathant ar na Páirtithe gan na cuspóirí sin a chur i mbaol agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, chuig táirgeadh fuinnimh ísealcharbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe, agus, ar deireadh thiar, úsáid na mbreoslaí iontaise a chur ar ceal diaidh ar ndiaidh, gan costas díréireach a chur ar na cathracha agus na réigiúin atá ag brath ar bhreoslaí iontaise.

17.

Is mian leis prionsabal an aistrithe chóir a athdhearbhú, agus is mian leis béim a chur ar an ról ríthábhachtach atá ag rialtais fhonáisiúnta le dlús a chur le haistriú cóir agus glan fuinnimh atá comhoiriúnach go sóisialta le comhthéacsanna agus riachtanais áitiúla agus réigiúnacha, lena gcuirtear cosc ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbochtaineacht soghluaisteachta. Tá sé á chur i bhfáth gur ríthábhachtach an dá rud an t-athsciliú agus an t-uas-sciliú, go háirithe an t-aistriú in earnálacha an lucht saothair.

18.

Meabhraíonn sé go luaitear i gComhaontú Pháras nár cheart slándáil an tsoláthair bia a chur i mbaol agus nach mór do na Páirtithe sa Chomhaontú iarrachtaí a dhéanamh deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

19.

Tá CnaR ag iarraidh ar na Páirtithe uile costéifeachtacht agus neodracht theicneolaíoch a chur san áireamh maidir le laghduithe agus aistrithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus cúrsaí athléimneachta a mhéadú chun an teicneolaíocht is iomchuí agus is oiriúnaí dá riachtanais a áirithiú ach córas fuinnimh cobhsaí, iontaofa agus éagsúil a choinneáil san am céanna a mbaineann costais inmharthana leis do shaoránaigh.

20.

Tá sé ag athdhearbhú thiomantas diongbháilte na n-údarás áitiúil agus réigiúnach borradh a chur faoin ngníomhú ar son na haeráide – tiomantas is uaillmhianaí ná tiomantas cuid de na rialtais náisiúnta (3) – faoi mar a léirítear sna cathracha agus sna réigiúin i dtionscnaimh mar an Rás i dtreo an Nialais, an Rás chun Athléimneachta, Misean MI um Aistriú Uirbeach, Conairí maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, Cúnant Domhanda na Méaraí, comhaontuithe glasa áitiúla, agus líonraí de leithéid ICLEI, Réigiúin4, Comhghuaillíocht Faoi2, Cathracha C40, an Comhaontas Aeráide agus tuilleadh nach iad.

21.

Tá sé á thabhairt chun suntais, laistigh den Aontas, go bhfuil os cionn 11 000 bardas a shínigh Cúnant na Méaraí ag obair chun a gcuid astaíochtaí a laghdú, a gcuid athléimneachta a mhéadú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus go bhfuil os cionn 100 cathair rannpháirteach i Misean AE maidir le 100 Cathair Neodrach Cliste tiomanta don aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030.

22.

Tá sé á thabhairt chun suntais aige a thábhachtaí atá an comhtháthú ingearach i mbeartais aeráide agus tá sé ag tathant ar na Páirtithe a gcuid gealltanas fonáisiúnta, a gcuid gníomhaíochtaí agus gach a d’éirigh leo a áireamh sna NDCanna agus NAPanna. Tá sé á chur i bhfios go bhfuil sainorduithe agus freagrachtaí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in earnálacha ríthábhachtacha astaithe, mar iompar agus úsáid na talún, agus go bhfuil gá le rianú ar an dul chun cinn sna hearnálacha sin chun na spriocanna náisiúnta a aimsiú.

23.

Tá sé á thabhairt chun suntais gur cheart rannchuidithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun spriocanna náisiúnta a aimsiú san Aontas a aithint go foirmiúil trí iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht fhonáisiúnta a chainníochtú san athbhreithniú atá ag teacht aníos ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

24.

Tá sé á chur in iúl gur díol sásaimh dó moltaí an tSainghrúpa Ardleibhéil maidir leis na Gealltanais Astaíochtaí Glan-Nialais d’Eintitis Neamhstáit (4) a bheith ann, agus tá béim á cur aige ar an ngá atá le caighdeáin níos láidre agus níos soiléire a thabhairt i gceist le haghaidh ghealltanais astaíochtaí glan-nialasacha ó ghnólachtaí, ó institiúidí airgeadais, ó chathracha agus ó réigiúin. Molann sé do na Páirtithe an rochtain ar shonraí a éascú agus tacú le LRAnna le huirlisí agus acmhainneacht chun cásanna a fhorbairt a bheadh bunaithe ar shonraí, an dul chun cinn a rianú agus ceapadh na mbeartas atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun feidhme, rud lenarbh fhéidir spriocanna náisiúnta agus pleananna áitiúla a ailíniú ar bhealach ní b’éifeachtaí.

25.

Tá sé á athdhearbhú aige gur de thiomantas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a gcuid eolais agus a gcuid saineolais a roinnt le chéile, mar aon leis na ceachtanna atá foghlamtha acu, sin agus an chumhacht nuálaíochta atá sa ghníomhú ar son na haeráide go forleathan, rud is rún leo d’fhonn cuidiú leis an dícheall atá á dhéanamh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chun spriocanna Pháras a aimsiú.

26.

Tá béim aige ar a thábhachtaí atá cláir chuimsitheacha forbartha scileanna agus oideachais ar an leibhéal áitiúil chun an t-eolas agus na scileanna is gá le haghaidh iarrachtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú ar an athrú aeráide a chur ar fáil do phobail, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha. Molann sé do na rialtais agus na geallsealbhóirí tús áite a thabhairt do thionscnaimh athscilithe agus uas-scilithe laistigh de phobail áitiúla.

An t-oiriúnú don athrú aeráide

27.

Is díol sásaimh dó an cinneadh a rinneadh ag COP27 chun tús a chur le forbairt creata don Sprioc Dhomhanda maidir le hOiriúnú (GGA), agus is rud é atá sé a athdhearbhú gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na gníomhaithe is oiriúnaí chun spriocanna an oiriúnaithe a shainiú ós acu is cruinne atá eolas ar riachtanais na athléimneachta agus ar réitigh a ndaonra agus a gcríoch féin; dá bhrí sin, is láidir a mholann sé go dtógfadh na Páirtithe NAPanna a bheadh bunaithe ar ghníomhaíochtaí fonáisiúnta.

28.

Meabhraíonn sé gur tháinig tubaistí nádúrtha éagsúla sa mhullach ar beagnach 50 milliún duine san Aontas idir 1980 agus 2020, tubaistí ba chúis le caillteanas eacnamaíoch luach EUR 12 bhilliún ar an meán in aghaidh na bliana (5). Admhaíonn sé gur mheasa an caillteanas in áiteanna thar a chéile, agus admhaíonn sé go ndearnadh díobháil do chathracha agus do réigiúin a raibh dúshláin eile le sárú acu cheana an fás íseal eacnamaíoch, meath an daonra, nó an dífhostaíocht ard i measc an aosa óig, cuir i gcás.

29.

Tá sé ag iarraidh go mbeadh cur chuige oiriúnaithe ann faoi stiúir áitiúil, cur chuige a chuirfeadh ar a chumas don phobal ar tharla tubaiste ina gceantar féin an chéad ghníomh a dhéanamh chun athraithe, agus tá sé ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé rioscaí agus éifeachtaí an ‘mhí-oiriúnaithe’ a laghdú. Tá sé á chur i bhfios aige gur díréireach an dochar a dhéanann an t-athrú aeráide do na daoine is leochailí, leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí dúchasacha ina measc, mar aon le daoine atá leochaileach de bharr na ndálaí maireachtála san áit a bhfuil cónaí orthu (ceantair ina bhfuil coimhlint, mar shampla, sin nó ceantair a bhfuil an t-athrú aeráide ag déanamh dochair dóibh go díréireach).

30.

Cuireann sé i bhfáth go n-aithnítear sna tuarascálacha ó IPCC gur minic a chuirtear srian ar chumas na mban dul in oiriúint don athrú aeráide agus é a chomhrac i ngeall ar an ról atá acu ina dteaghlach féin agus sa tsochaí, ar bhacainní institiúideacha agus ar noirm shóisialta. Molann sé do na Páirtithe leanúint de bheartas aeráide inscne fhreagrúil a chur chun cinn trí Chlár Oibre Líoma maidir le hInscne agus tríd an bPlean Gníomhaíochta maidir le hInscne a chur chun feidhme agus trí ionadaíocht chothrom na mban a áirithiú i bpróisis chinnteoireachta. Tá sé den tuairim dhaingean nár chóir breathnú ar mhná mar thairbhithe leochaileacha ach mar ghníomhaithe éifeachtacha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide.

31.

Is díol sásaimh do CnaR Barúil Ghinearálta Uimh. 26 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta an linbh i gcomhthéacs an chomhshaoil agus béim ar leith ar an athrú aeráide. Tugann sé dá aire gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an chéad leibhéal chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhifreáilte an athraithe aeráide ar an leanbh agus chun cearta an linbh a áirithiú, chun tacú le gníomhaíocht aeráide a fhreagraíonn don leanbh agus do chúrsaí inscne, agus chun beartais a chur chun feidhme lena n-áiritheofar urraim do chearta daonna an linbh go hiomlán.

32.

Tá sé á chur i dtreis aige, ainneoin an dul chun cinn a rinneadh ag COP27 le seoladh Chlár Oibre um Oiriúnú Sharm el-Sheikh, nach leor na sreafaí airgeadais domhanda atá ann faoi láthair le haghaidh an oiriúnaithe, agus ba mhaith leis na Páirtithe a spreagadh le spriocanna agus pleananna inchreidte a chur ar fáil chun an caipiteal sin a úsáid.

33.

Is díol sásaimh dó cuimsiú na bithéagsúlachta a bheith ar cheann de na téamaí atá á dtabhairt i gceist le haghaidh creat GGA, arae is scrios a imríonn an t-athrú aeráide ar an mbithéagsúlacht, agus is maslach an dochar a dhéanann sé dó, agus is amhlaidh a chuireann cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta comaoin ar an oiriúnú don athrú aeráide. Dá bhrí sin, i gcomhréir le Plean Cur Chun Feidhme Sharm el-Sheikh, molann sé do na Páirtithe smaoineamh ar réitigh a bheadh bunaithe ar an dúlra mar uirlisí príomha sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú don athrú sin, maille le comhthairbhí móra san am céanna ó thaobh sláinte agus cáilíocht saoil de. Tá sé thabhairt chun suntais aige, i ndáil leis an méid sin, gur tubaisteach an tionchar atá á imirt ar an mbithéagsúlacht ag an gcogadh foghach neamhdhleathach atá an Rúis a fhearadh ar an Úcráin, cogadh atá ag scriosadh éiceachóras ríthábhachtach, rud a bhfuil tionchar an-suntasach aige ar ainmhithe agus ar dhaoine.

34.

Tá béim á cur aige ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na naisc éagsúla atá ann idir an aeráid, an bhithéagsúlacht agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna). Is cuid den tiomantas atá aige iad na iarrachtaí leanúnacha chun próisis a ailíniú agus a chomhordú i measc UNFCCC, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus SDGanna na Náisiún Aontaithe chun sineirge agus comhchuibhiú a chur chun cinn.

Caillteanas agus damáiste

35.

Is díol sásaimh do CnaR an dul chun cinn a rinneadh ag COP27 maidir le Líonra Santiago a chur ar oibríocht, sin agus an cinneadh socruithe nua cistiúcháin a bhunú chun freagairt don chaillteanas agus don damáiste sna tíortha i mbéal forbartha is lú dídean i gcoinne an athraithe aeráide, tíortha a bhfuil dochar doleigheasta á dhéanamh dóibh cheana ag an athrú céanna, rud a bheidh ag dul in ainseal sna blianta atá romhainn is baol. Meabhraíonn sé go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cheana i dtaca le haghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste, mar is léir ó ghealltanais airgeadais na hAlban agus na Vallúine, rud a léiríonn go bhfuil an comhar idir an Domhan Thuaidh agus an Domhan Theas ag dul chun uaillmhéine.

36.

Tá béim á cur aige ar an ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndiagnóisiú na bhfreagairtí, sin agus i measúnú agus i múnlú na bhfreagairtí, rud atá bunaithe ar na sonraí is fearr dá bhfuil ar fáil maidir le riachtanais, rioscaí agus bagairtí a ndaonra agus a gcríoch féin, faoi mar a léiríodh in Practical Action for Addressing Loss and Damage, cáipéis de chuid rialtas na hAlban.

37.

Tá sé á thabhairt chun suntais gur rud é seachadadh díláraithe mhaoiniú an chaillteanais agus an damáiste trí chóras airgeadais na rialtas áitiúil a fhéadfaidh an teacht ar mhaoiniú a éascú ar an leibhéal áitiúil nuair a bhíonn suaitheadh mór ann; gur ar an bhfreagairt do dhálaí áitiúla atá na hinfheistíochtaí dírithe; gur mó éifeacht atá le díriú na freagartha ar thosaíochtaí na saoránach ach an seachadadh díláraithe sin a bheith á dhéanamh.

An gealltanas agus an cur chun feidhme: sodar a chur faoin ngníomhaíocht áitiúil agus fhonáisiúnta le bearnaí a líonadh d’fhonn spriocanna Chomhaontú Pháras a aimsiú

38.

Tá CnaR ag tabhairt dá aire go gcruthófar poist ghlasa bhreise, go ndéanfar athbheochan na ngeilleagar áitiúil, go gcuirfear laghdú ar na rátaí dífhostaíochta, go dtiocfaidh feabhas ar shláinte an phobail agus méadú ar an tairbhe eacnamaíocha dá réir mar thoradh ar an infheistiú sa ghníomhú áitiúil ar son na haeráide.

39.

Is láidir atá sé a chur i bhfios gur gá gach sreabhadh airgid a shocrú ionas gur slán dóibh i gcoinne athrú na haeráide, sin agus gur gá éisteacht le gealltanas an airgeadais agus dul ar chuntar eisíocaíocht an airgeadais aeráide, agus is láidir dá réir atá sé ag iarraidh go mbeadh rochtain dhíreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar chistiú na aeráide ós riachtanach sin chun réitigh shaincheaptha éifeachtacha a sholáthar lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin uathúla atá le sárú ag na pobail éagsúla ar a gcríoch féin.

40.

Is láidir atá sé a mholadh fós go gcuirfí méadú ar an tacaíocht dhíreach agus ar an gcúnamh teicniúil atá á dtabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá sé a athdhearbhú aige gur mór is tábhachtach tacú le fothú na hacmhainneachta agus le cláir oiliúna spriocdhírithe chun úsáid na gcistí aeráide agus roghanna maoinithe a éascú trí bhíthin píblínte soiléire cur chun feidhme a chruthú.

41.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur díol sásaimh dó misin an Aontais maidir le cathracha cliste aeráid-neodracha agus leis an oiriúnú don athrú aeráide mar shamhlacha iniolraithe a d’fhéadfaí a leathnú ní hamháin laistigh den Aontas ach i réigiúin eile ar fud an domhain. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cistí díreacha a mholadh trí Mhisean an Aontais i ndáil le cathracha cliste aeráid-neodracha chun tionscadail an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun feidhme ar láthair na háite.

42.

Tá sé á chur i bhfios go láidir aige gur mór is tábhachtach ar an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta leas a bhaint as acmhainní airgeadais ó gach foinse, an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí ina measc. Aithníonn sé an ról atá ag na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus an Banc Forbartha Iltaobhach maidir le slógadh an mhaoinithe i gcomhair an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide, agus iarrann sé ar na hinstitiúidí sin a áirithiú go mbeidh rochtain chuíchóirithe ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar chistiú, rud ba cheart a bheith glan ar chonstaicí maorlathacha gan údar.

43.

Tá sé á chur bhfios agus i bhfáth go bhfuil gá le comhar níos dlúithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le sainiú na mbeart fioscach ábhartha, i gcomhréir leis an aitheantas a thugann Comhaontú Pháras don ‘tábhacht atá le cineálacha cur chuige comhtháite, iomlánaíocha agus cothromaithe neamh-mhargaidh ionas gur féidir comhar deonach a bheith ann le haghaidh na bpáirtithe chun cuidiú le cur chun feidhme a gcuid NDCanna (…) go héifeachtach comhordaithe (6)’, agus cuireann sé i bhfios go spreagfadh sé sin na páirtithe, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta le páirt a ghlacadh go gníomhach sa taighde, san fhorbairt agus i gcur chun feidhme an chur chuige neamh-mhargaidh atá acu féin.

44.

Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí comhordú méadaithe chun freagairt do na feachtais mhífhaisnéise agus bréagaisnéise atá ann — feachtais arb éard is aidhm dóibh míchlú a tharraingt ar an ngníomhaíocht áitiúil ar son na haeráide — comhardú a d’fhágfadh go mbeadh acmhainní leormhaithe ann chun feasacht a mhúscailt, chun acmhainneacht a fhorbairt, sin agus chun pobail áitiúla a rannpháirtiú sa ghníomhú ar son na haeráide.

Ó aitheantas go comhpháirtíocht: ranníocaíochtaí fonáisiúnta le próisis UNFCCC a chatalú

45.

Is díol sásaimh do CnaR seoladh thionscnamh Uachtaránacht COP27 maidir le hathléimneacht uirbeach inbhuanaithe don chéad ghlúin eile (SURGe), chomh maith le heagrú an chéad chruinniú Aireachta maidir leis an uirbiú agus an aeráid, agus tá sé ag iarraidh ar Uachtaránacht Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (UAE) leanúint den Chruinniú Aireachta seo ag COP28 agus páirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscnamh SURGe.

46.

Is díol sásaimh dó tiomantas Uachtaránacht COP28 an chéad toscaireacht dhomhanda riamh de mhéaraí ag an gcruinniú mullaigh domhanda maidir le gníomhú ar son na haeráide a áirithiú agus tosaíochtaí áitiúla maidir leis an aeráid agus rannchuidiú i gclár COP28 a áireamh.

47.

Tá sé á chur in iúl gur díol sásaimh dó ráiteas na n-airí aeráide, fuinnimh agus comhshaoil G7 a bheith ann in 2023, áit n-aithnítear an ról tábhachtach atá ag na gníomhaithe fonáisiúnta sa chlaochlú i dtreo geilleagar a bheidh glan-nialasach agus aeráid-díonach, ciorclach agus dúlra-dearfach, sin agus bunú table ronde G7 maidir le gníomhartha fonáisiúnta ar son na haeráide a bheidh mar bhonn eolais faoi G20 agus COP28.

48.

Tacaíonn sé leis an tionscnamh ó rialtas na Fraince COPanna réigiúnacha a thabhairt isteach, rud atá á mholadh ag CnaR ó bhí 2021 ann (7). Ós rud é go n-áirithítear le réigiúnach go mbeidh úinéireacht ag saoránaigh agus gnólachtaí ar an gComhaontú Glas agus ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus go mbeifear in ann faisnéis allamuigh a bhailiú freisin a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena gcuirfear eolas nithiúil áitiúil agus dea-chleachtais ar fáil, iarrann CnaR ar Bhallstáit eile an Aontais a machnamh a dhéanamh ar an gcleachtas sin a thabhairt isteach ina gcríocha féin chomh maith.

49.

Tá aird á tarraingt aige ar an ról ríthábhachtach atá ag toghlach na Rialtas Áitiúil agus na nÚdarás Bardasach (LGMA) le guthanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach aontú go domhanda, sin agus le líonra domhanda de rialtais fhonáisiúnta atá toilteanach cur i gcoinne an athraithe aeráide a threisiú go leanúnach; molann sé do na Páirtithe uile in UNFCCC oibriú i gcomhar le toghlach LGMA agus leis na gníomhaithe neamhstáit chun rannchuidiú go dearfach leis an bpróiseas ullmhúcháin i gcomhair COP 27 agus comhar níos fearr chur ar bun le Friends of Multilevel Action, UNFCCC.

50.

Tá sé ag iarraidh ar na High-Level Champions féachaint an bhféadfaí Seachtain Réigiúnach na hAeráide a leathnú chun na hEorpa go luath.

51.

Is díol sásaimh dó gur glacadh Creat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal (GBF) ag CBD COP15 agus gur thacaigh siad le ról lárnach na rialtas áitiúil le rannchuidiú leis, go háirithe trí rialtais fhonáisiúnta a áireamh go foirmiúil ina bpríomh-chomhpháirtithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta i dtaca leis an mbithéagsúlacht; molann sé go láidir do na Páirtithe i gComhaontú Pháras forálacha inchurtha eile den chur chuige eiseamláireach sin a ghlacadh.

52.

Is den tiomantas atá aige gníomhú ina nasc díreach, an rochtain ar fhaisnéis a sholáthar, agus an t-eolas is déanaí a chur ar fáil go rialta do chomhaltaí CnaR agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Eoraip maidir le dul chun cinn na caibidlíochta le linn COP 28. Is mór aige an chomhpháirtíocht agus an tacaíocht ó institiúidí eile an Aontais chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil go rialta, óir is cóngaraí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha don chaibidlíocht idirnáisiúnta faoi chúrsaí aeráide dá bharr.

An Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)   Summer 2023: the hottest on record | Copernicus.

(2)  Plean Straitéiseach NA-Habitat 2020-2023.

(3)  Mar shampla, tá 75 % de chathracha C40 ag laghdú a gcuid astaíochtaí níos tapúla ná an meán ina dtír féin.

(4)   Integrity matters: net zero commitments by businesses, financial institutions, cities and regions.

(5)  Forléargas ar rioscaí na dtubaistí nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine d’fhéadfadh a bheith i ndán don Aontas Eorpach: Eagrán 2020.

(6)  Faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras, ceadaítear comhoibriú deonach na dtíortha chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí a leagtar amach ina NDCanna a aimsiú. Faoi Airteagal 6, féadfaidh tír creidmheasanna carbóin a thuilltear ó laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a aistriú chun cuidiú le tír/tíortha eile spriocanna aeráide a aimsiú. In Airteagal 6.8 aithnítear cineálacha cur chuige neamh-mhargaidh chun maolú agus oiriúnú a chur chun cinn, agus is amhlaidh a thugtar isteach comhar trí mhaoiniú, aistriú teicneolaíochta agus fothú acmhainneachta, i gcás nach bhfuil aon trádáil astaíochtaí i gceist.

(7)  Opinion of the European Committee of the Regions — Stepping up Europe’s 2030 climate ambition towards COP26 (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 440, 29.10.2021, lch. 25).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1323/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top