This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023IP0330
European Parliament resolution of 14 September 2023 on Parliamentarism, European citizenship and democracy (2023/2017(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bParlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas (2023/2017(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bParlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas (2023/2017(INI))
IO C, C/2024/1769, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1769/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1769 |
22.3.2024 |
P9_TA(2023)0330
Parlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bParlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus an daonlathas (2023/2017(INI))
(C/2024/1769)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 9, 10, 11, 15 agus 17(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 15, 20 agus 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (1) (Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr). |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann leis an gceart vótála agus an ceart seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (2), |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i gcás shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (3), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir le ceart tionscnaimh na Parlaiminte (4), |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gcinneadh sin (5), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 ar chur chun feidhme fhorálacha na gConarthaí a bhaineann le saoránacht AE (6), agus dá rún an 9 Márta 2022 le tograí don Choimisiún maidir le scéimeanna um shaoránacht agus cónaí trí infheistíocht (7), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 ar fhorbairtí agus coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh (8), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin (9), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar na conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (10), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 6 Aibreán 2022 maidir le gníomhaíochtaí oideachais saoránachta a chur chun feidhme (11), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 12 Aibreán 2016 maidir le foghlaim AE ar scoil (12), |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 16 Aibreán 2014 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (13), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta tar éis Chomhdháil Spéicéirí Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh a tionóladh i bPrág an 24-25 Aibreán 2023 (14), |
|
— |
ag féachaint do na conclúidí ó Chruinniú Iomlánach Chomhdháil LXIX na gCoistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais a tionóladh i Stócólm an 14-16 Bealtaine 2023 (15), |
|
— |
ag féachaint don Dearbhú ó Léon maidir leis an bparlaiminteachas a glacadh ag an gComhdháil chun Lá Idirnáisiúnta na Parlaiminte a chomóradh: Neartú na bParlaimintí chun an Daonlathas a Fheabhsú, a tionóladh i Léon an 30 Meitheamh — an 1 Iúil 2023 (16), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (17), |
|
— |
ag féachaint don Togra le haghaidh Forógra d’Eoraip Chónaidhme: Ceannasach, Sóisialta agus Éiceolaíoch, arna ghlacadh ag Grúpa Spinelli an 29 Lúnasa 2022 (18), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0249/2023), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil ar AE agus ar a Pharlaimintí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus atá casta mar gheall ar thosca seachtracha amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, paindéim COVID-19, géarchéimeanna aeráide agus fuinnimh, bréagaisnéis, trasnaíocht eachtrach agus digiteáil, agus ar an taobh eile mar gheall ar thosca inmheánacha amhail teacht chun cinn foircneacha agus gníomhaithe polaitiúla a chuireann polarú, pobalachas, náisiúnachas, milleán agus achrann sula ndéantar réitigh choiteanna a chuardach; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an bonn á bhaint ó mhuinín na saoránach as an bpolaitíocht agus as cinnteoirí polaitiúla; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil géarghá le sainmhíniú agus tuiscint choiteann ar an daonlathas parlaiminteach liobrálach agus ar an toil pholaitiúil chun é a dhéanamh níos athléimní chun feidhmiú scaradh na gcumhachtaí a áirithiú agus d’fhonn saoránaigh a spreagadh chun úsáid a bhaint as a gceart vótála i ngach toghchán; |
|
C. |
de bhrí gur féidir le daonlathas na hEorpa tuilleadh dlisteanachta a ghiniúint trí athrú agus oiriúnú d’fhorbairtí reatha; de bhrí gur gá don Eoraip daonlathas parlaiminteach liobrálach a chothú, a neartú agus a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear an parlaiminteachas, saoránacht Eorpach agus gnéithe rannpháirtíochta de dhaonlathas na hEorpa, agus úsáid á baint as na hionstraimí uile atá faoi shainchúram na gConarthaí; de bhrí go bhfuil gá le hathchóiriú ar bhunchlocha daonlathacha an Aontais, i gcás inar gá trí athrú ar an gConradh; |
|
D. |
de bhrí nár cheart aon chinnteoireacht a bheith ann gan dlisteanacht dhaonlathach trí fhormheas parlaiminteach; de bhrí, in ainneoin gurb í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid AE a thoghtar go díreach agus, dá bhrí sin, i gcroílár dhaonlathas liobrálach na hEorpa, nach bhfuil ceart tionscnaimh díreach ginearálta aici go fóill, rud a neartódh a cumas ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth na saoránach agus a léireodh na hábhair imní atá ardaithe ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta; |
|
E. |
de bhrí go sonraítear in Airteagal 15 CAE nach bhfeidhmeoidh an Chomhairle Eorpach feidhmeanna reachtacha ná feidhmiúcháin; de bhrí go gcuireann gnéithe áirithe de chóras uachtaránachta rothlach na Comhairle chomh maith le ról na Comhairle Gnóthaí Ginearálta bac ar a bhfeidhmiú éifeachtúil agus gur gá iad a athchóiriú d’fhonn feabhas a chur ar an bpróiseas reachtach laistigh de chóras an dá sheomra; |
|
F. |
de bhrí gur gá míchothromaíochtaí institiúideacha a tháinig chun cinn le himeacht ama a cheartú agus cuntasacht an fheidhmeannais i leith an reachtais a mhéadú, go háirithe cumhachtaí grinnscrúdaithe a thabhairt don Pharlaimint ar an gComhairle Eorpach, chomh maith le cuntasacht pholaitiúil an Choimisiúin don Pharlaimint a fheabhsú; de bhrí nach ionann i gcónaí an caidreamh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, a léirítear go minic mar chóras reachtach dhá sheomra, agus an cleachtas iarbhír ná nach ndearnadh institiúidiú air; |
|
G. |
de bhrí go bhfuil an vótáil aontoilíochta fós ina bac de facto ar an gclár oibre Eorpach a chur chun cinn agus ar dhaonlathas na hEorpa a fhorbairt agus a athchóiriú tuilleadh, mar go gceadaíonn sé do rialtas amháin de chuid Ballstáit bac a chur ar chinnteoireacht AE, rud a dhéanann dochar do leas na hEorpa go minic; |
|
H. |
de bhrí go bhfuil sé tábhachtach d’institiúidí AE aird níos fearr a thabhairt ar an ról atá ag Coiste na Réigiún (CnaR) agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa chreat reachtach mar ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na sochaí sibhialta eagraithe; |
|
I. |
de bhrí gur dhíol sásaimh do chonclúidí Uachtaránacht Chomhdháil Spéicéirí Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh (EUSC), a tionóladh i bPrág an 24-25 Aibreán 2023, tionscnamh Pharlaimint na hEorpa sa Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC) ‘dul chun cinn comhpháirteach a dhéanamh ar ról na bParlaimintí i ndaonlathas feidhmiúil agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun parlaiminteachas nua-aimseartha a neartú, d’fhonn an chéad EUSC eile i Maidrid a chur ar an eolas faoi na torthaí ar an ábhar sin’ (19); de bhrí gur thug COSAC LXIX, a tionóladh i Stócólm an 14-16 Bealtaine 2023, dá aire na conclúidí seo ó EUSC, go háirithe an iarraidh ar COSAC malartú dea-chleachtas a mholadh agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun parlaiminteachas nua-aimseartha a neartú (20); |
|
J. |
de bhrí gur ghlac an Chomhdháil Dhomhanda chun Lá Idirnáisiúnta na Parlaiminte a Chomóradh, a tionóladh in León an 30 Meitheamh agus an 1 Iúil 2023, Dearbhú Léon maidir le parlaiminteachas; de bhrí go dtacaíonn an dearbhú sin le tionscnamh Pharlaimint na hEorpa atá dírithe ar chairt a dhréachtú maidir le ról an pharlaiminteachais i ndaonlathas éifeachtach; de bhrí go meastar go nglacfar an chairt sin go críochnaitheach ag EUSC i Maidrid an 21-23 Aibreán 2024 (21); |
|
K. |
de bhrí go n-iarrtar i gconclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa go ndéanfaí daonlathas na hEorpa a neartú, go gcuirfí feabhas ar phróiseas cinnteoireachta AE chun a áirithiú go mbeidh ar chumas AE gníomhú, agus go ndéanfaí an daonlathas ionadaíoch a chomhlánú agus a fheabhsú trí rannpháirtíocht agus rochtain na saoránach ar fhaisnéis agus ar líon na ndaoine óga a mhéadú; de bhrí go n-iarrtar freisin sna conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go neartófaí an tSaoránacht Eorpach, mar shampla trí reacht um shaoránacht Eorpach a fhorbairt lena mbunaítear cearta agus saoirsí sonracha; |
|
L. |
de bhrí gur léirigh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus tionscadail rathúla eile atá ann cheana maidir le rannpháirtíocht na saoránach gur spéis leis na saoránaigh a bheith san áireamh i saol daonlathach an Aontais ar bhonn rialta; de bhrí gur chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa taithí luachmhar ar fáil maidir le dul i dteagmháil le saoránaigh ar mhórscála, as a gcaithfear ceachtanna a fhoghlaim; |
|
M. |
de bhrí nach ndearnadh saoránacht AE agus a chearta gaolmhara, a tugadh isteach le Conradh Maastricht agus a feabhsaíodh tuilleadh le Conradh Liospóin, a chur chun feidhme ach go páirteach; de bhrí gur minic nach mbíonn a lán saoránach Eorpach ar an eolas go hiomlán faoina gcearta a eascraíonn as saoránacht an Aontais; |
|
N. |
de bhrí go ndeonaítear saoránacht AE faoi láthair in éineacht le saoránacht Ballstáit, le maoirseacht theoranta ón Aontas féin; |
|
O. |
de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát fós ag soláthar cláir víosaí órga, mar a thugtar orthu, agus scéimeanna d’infheisteoirí mar bhealach chun a náisiúntacht a fháil agus, dá bhrí sin, saoránacht AE; |
|
P. |
de bhrí, in ainneoin na socruithe faoi Threoir 93/109/CE ón gComhairle (22) agus faoi Threoir 94/80/CE ón gComhairle (23) faoi seach maidir le rannpháirtíocht saoránach neamhnáisiúnach de chuid an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha ina dtír chónaithe, go bhfuil go leor bacainní fós ar shaoránaigh den Aontas neamhnáisiúnta maidir lena gcearta toghcháin a fheidhmiú i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa; |
|
Q. |
de bhrí, de réir Airteagal 10(3) CAE, go bhfuil an ceart ag saoránaigh a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais agus nach mór cinntí a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh; de bhrí go meastar gur bealach amháin é an daonlathas rannpháirteach chun feasacht pholaitiúil agus idirphlé le saoránaigh uile an Aontais a fheabhsú; |
|
R. |
de bhrí go bhfuil easpa feasachta fós ann maidir leis na hionstraimí rannpháirtíochta atá ann cheana, amhail an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, achainíocha chuig Parlaimint na hEorpa, gearáin chuig an Ombudsman Eorpach, comhairliúcháin phoiblí agus Comhphléití leis na Saoránaigh; de bhrí go bhfuil tionchar ag ilroinnt ard ionstraimí rannpháirtíochta agus easpa obair leantach ar an daonlathas rannpháirteach in AE, rud lena gcuirtear teorainn lena rath agus lena gcuirtear cosc orthu cur le bonneagar rannpháirtíochta cuimsitheach agus éifeachtúil; |
|
S. |
de bhrí nach mór d’aon bhearta chun rannpháirtíocht agus daonlathas na saoránach a neartú aghaidh a thabhairt ar an deighilt dhigiteach in AE agus ar na deacrachtaí a chruthaíonn sé chun go mbeidh an rannpháirtíocht sin éifeachtach; |
|
T. |
de bhrí go bhfuil raon feidhme teoranta ag na painéil saoránach nua a mhol an Coimisiún mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus nach gcomhlíonann siad ionchais na saoránach mar a chuirtear in iúl sa Chomhdháil iad; |
|
U. |
de bhrí nach bhfuil an reifreann mar ionstraim daonlathais dhírigh ar fáil faoi láthair ar leibhéal AE; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go ndéanfaí meastóireachtaí ar an úsáid a bhaintear as reifrinn uile-AE ar ábhair bhunúsacha a thabharfadh athruithe paraidíme ar ghníomhaíochtaí agus ar bheartais AE, amhail athchóiriú na gConarthaí; |
|
V. |
de bhrí go bhfuil réabhlóid ag tarlú i nósanna tomhaltais na meán, go háirithe i measc daoine óga, rud a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do rochtain ar fhaisnéis atá bunaithe ar fhíricí, a bhfuil taighde maith déanta uirthi agus, ag an am céanna, infhaighteacht ábhair ísealcháilíochta agus polaraithe a mhéadú, agus go bhféadfadh ilroinnt sochaithe agus an bonn a bhaint ó dhaonlathais a bheith mar thoradh uirthi; de bhrí gur bunchloch de dhaonlathas dea-fheidhmiúil é rochtain ar sheirbhísí meán atá neamhspleách, iolraíoch agus ar ardchaighdeán; |
Parlaiminteachas
|
1. |
á aithint go bhfuil an daonlathas parlaiminteach liobrálach faoi bhrú le linn na tréimhse reatha ina bhfuil dúshláin choiteanna agus dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus nach mór é a chothú, a neartú agus a fhorbairt tuilleadh; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag na Parlaimintí i gcroílár dhaonlathas na hEorpa mar sheomraí dírthofa na saoránach, na reachtóirí agus na ngrinnscrúdaitheoirí ar an bhfeidhmeannas; á aithint nach féidir leis an daonlathas liobrálach é féin a chruthú go rathúil ach amháin má éiríonn go maith leis an bparlaiminteachas agus má fheidhmíonn sé; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhthuiscint, prionsabail bhunúsacha agus sainmhíniú ar an daonlathas parlaiminteach liobrálach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa chun ‘Cairt choiteann maidir le ról na bParlaimintí i ndaonlathas liobrálach feidhmiúil’ a fhorbairt in éineacht le parlaimintí AE; |
|
2. |
á mheas go lagaítear gach parlaimint sa phróiseas cinnteoireachta leis an treocht reatha laistigh de AE i leith |bogadh ó dhaonlathas ‘parlaiminteach’ i dtreo daonlathas ‘rialtasach; ag tabhairt dá haire le teann áiféala go bhfuil éagothroime cumhachta ag dul i méid i dtreo na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí, lena ndéantar ollstruchtúr institiúideach an Aontais mar a bhunaítear leis na Conarthaí é a mhaolú; á chreidiúint, sa chomhthéacs sin, gur cheart an chothromaíocht a athbhunú i bhfabhar na dlisteanachta daonlathaí trí chearta coibhéiseacha don Pharlaimint; á mheas go dtéann cleachtas na Comhairle Eorpaí ‘tasc a chur ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún’ thar ról na treorach straitéisí a shanntar dó leis na Conarthaí, agus dá bhrí sin go bhfuil sé contrártha d’fhocal agus spiorad na gConarthaí araon; á mheas gur gá roinnt na n-inniúlachtaí agus prionsabal na coimhdeachta mar a shainítear sna Conarthaí a urramú; |
|
3. |
á chreidiúint go láidir, i stát daonlathach, nach mór do na Parlaimintí a bheith rannpháirteach i ngach próiseas cinnteoireachta; á chur i bhfáth gur cheart ceart díreach ginearálta tionscnaimh reachtaigh, an ceart fiosrúcháin agus údarás iomlán ar an mbuiséad a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, mar an t-aon institiúid de chuid AE a thoghtar go díreach, agus gur cheart, mar sheomra de shaoránaigh AE, go mbeadh sí ina ceann feadhna ar thosaíochtaí straitéiseacha chlár oibre reachtach na hEorpa; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí leasú ar Airteagail 225 agus 226 CFAE; |
|
4. |
á mholadh an athuair go ndéanfaí fíorsheomra reachtach den Chomhairle trí líon na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a laghdú trí bhíthin cinneadh ón gComhairle Eorpach, agus ar an gcaoi sin córas reachtach atá désheomrach i ndáiríre a chruthú a mbeadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rannpháirteach ann, agus an Coimisiún ag gníomhú mar fheidhmeannas; á chreidiúint gur cheart córas uachtaránachta rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh a athchóiriú d’fhonn éifeachtúlacht an phróisis reachtaigh a mhéadú laistigh de chóras an dá sheomra; á mholadh gur cheart don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta a bheith ina Comhairle reachtach ag teacht le chéile go poiblí, cosúil le Parlaimint na hEorpa sa suí iomlánach, agus gur cheart go ndéanfaí struchtúir ullmhúcháin thrédhearcacha de gach foirmíocht eile de chuid na Comhairle, agus go dtionólfaí cruinnithe rialta go poiblí, ag feidhmiú ar bhealach comhchosúil le coistí Pharlaimint na hEorpa; |
|
5. |
á chur in iúl go bhfuil sí ag iarraidh ar an gComhairle le fada aistriú ó vótáil aontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe i gcás inar féidir sin faoi na Conarthaí sa ghearrthéarma, mar shampla trí na clásail éagsúla maidir le passerelle sna Conarthaí a ghníomhachtú, agus go buan trí bhíthin athruithe ar na Conarthaí, chun bacainní reachtacha a shárú, chun feabhas a chur ar chumas AE gníomhú agus chun cinnteoireacht AE a dhéanamh níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos daonlathaí; |
|
6. |
á mheas gur gá don Pharlaimint a feidhmeanna grinnscrúdaithe pholaitiúil ar an gCoimisiún a neartú, lena n-áirítear an fhéidearthacht a thabhairt isteach tairiscintí cáinte i gcoinne coimisinéirí aonair a ghníomhachtú; |
|
7. |
á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí le nósanna imeachta reachtacha speisialta ina dtugtar an ceart chun tionscnaimh reachtaigh don Pharlaimint leis na Conarthaí malartuithe frithpháirteacha maidir le féilire reachtach a bhunú do na tionscnaimh lena mbaineann chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal an chomhair dhílis i measc na dtrí institiúid; ag dréim leis, i bhfianaise an mhéid sin, go dtabharfar spreagadh nua do na cainteanna idirinstitiúideacha idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an athchóiriú a bhfuil géarghá leis ar an Dlí Toghcháin Eorpach agus ar cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa; |
|
8. |
á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún leanúint d’fheabhas a chur ar mhódúlachtaí comhair le Coiste Eorpach na Réigiún agus le CESE, lena n-áirítear ag an gcéim réamhreachtach, chun a áirithiú gur féidir a dtuairimí agus a measúnuithe a chur san áireamh le linn an phróisis reachtaigh; á mholadh, go háirithe, go neartófaí malartuithe neamhfhoirmiúla ar leibhéal tiomanta agus ar leibhéal an ghrúpa pholaitiúil idir gníomhaithe ábhartha na n-institiúidí, agus go n-iarrfaí ar Rapóirtéirí Choiste Eorpach na Réigiún agus CESE a bheith rannpháirteach i ndréacht-tuarascálacha a bhreithniú sa choiste parlaiminteach agus i gcruinnithe faisnéisithe coiste maidir le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, i gcás inarb infheidhme; |
|
9. |
ag cur béim ar ról lárnach na bparlaimintí atá i gcroílár an daonlathais agus ar an ngá atá ann roinnt shoiléir na n-inniúlachtaí a urramú idir na leibhéil éagsúla den daonlathas liobrálach Eorpach, i.e. na leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5 CAE, chun dlisteanacht dhaonlathach agus próiseas cinnteoireachta éifeachtúil a áirithiú agus chun muinín agus comhar idir Parlaimintí ar leibhéil éagsúla a fheabhsú; á chur i bhfios, ina leith sin, gurb iad na parlaimintí náisiúnta is fearr atá in ann sainordú a thabhairt agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a rialtas faoi seach i ngnóthaí Eorpacha, agus go dtugann Parlaimint na hEorpa an feidhmeannas Eorpach chun cuntais go daonlathach, rud a áirithíonn a dlisteanacht freisin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidirphlé polaitiúil agus malartú rialta idir parlaimintí chun feasacht agus tuiscint a chruthú ar obair pharlaiminteach agus ar chinntí parlaiminteacha, amhail i gcreataí Chomhdháil Chathaoirligh Pharlaimintí AE (EUSC) agus COSAC; |
|
10. |
á mheabhrú gur gá feabhas a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta in obair institiúidí AE, go háirithe trí chomhoibriú leis na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis na sainchumais atá sna Conarthaí reatha cheana féin agus ról níos lárnaí a áirithiú d’ionadaithe ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil sa phróiseas chun ‘coimhdeacht ghníomhach’ a bhaint amach, agus é mar aidhm leis sin níos mó úinéireachta ar bheartais AE a chur chun cinn; á mholadh, thairis sin, go ndéanfaí ‘coimhdeacht ghníomhach’ a neartú trí phróiseas chun an ceart a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa; ag tacú, sa chomhthéacs sin, leis an gclár ‘An Eoraip a Thógáil le Comhairleoirí Áitiúla’, lena gcruthaítear líonra Eorpach de pholaiteoirí a thoghtar go háitiúil agus atá dírithe ar an Aontas Eorpach a chur in iúl; |
|
11. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil daonlathas parlaiminteach bríomhar i gceist le parlaimint atá i láthair; á thabhairt chun suntais gur rannchuidigh an digiteáil agus an phaindéim le claochlú digiteach na bparlaimintí agus gur lig siad d’Fheisirí, a bheadh eisiata murach sin, a bheith rannpháirteach sa saol parlaiminteach; á chur i bhfios go láidir nár cheart próisis dhigiteála a chur in ionad na vótála, na ndíospóireachtaí agus na gcaibidlíochtaí i láthair, ach amháin i gcásanna faoi chúinsí sonracha; á chur i bhfáth go bhféadfadh úsáid fheabhsaithe féidearthachtaí digiteacha rannchuidiú le tuiscint pholaitiúil níos fearr idir na parlaimintí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus Eorpach, chun cumarsáid, comhroinnt faisnéise agus feasachta a mhéadú, chun astaíochtaí iompair agus taistil a laghdú agus chun teagmháil leis na saoránaigh a neartú; |
|
12. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di éabhlóid thapa agus mhórscála na bhfeachtas bréagaisnéise spriocdhírithe, agus mí-úsáid na hintleachta saorga ghiniúna agus é mar aidhm léi cosc a chur ar shaoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh agus, ar deireadh, an bonn a bhaint ó phróisis dhaonlathacha laistigh den Aontas; á iarraidh ar pharlaimintí náisiúnta na mBallstát malartuithe rialta a bhunú maidir le cosaint a ndaonlathas i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus ionramháil faisnéise le Parlaimint na hEorpa mar chuid de chomhar idirpharlaiminteach COSAC; á iarraidh go mbeadh straitéis chomhordaithe AE ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán agus chun ciste suntasach buan eagarthóireachta agus tacaíochta do na meáin nuachta de chuid AE a bhunú; |
|
13. |
á thabhairt chun suntais gur gá muinín na dtoghthóirí i bpróisis toghcháin a neartú trína áirithiú go mbeidh na toghcháin uile saor agus cothrom; á iarraidh, ina leith sin, ar an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip misin breathnóireachta toghchán a eagrú le linn na dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2024; ag spreagadh na mBallstát arís chun úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin; |
Saoránacht Eorpach
|
14. |
á iarraidh go gcruthófaí Reacht Saoránachta AE chun cearta agus saoirsí saoránacht-shonracha a shoiléiriú agus a chomhdhlúthú lena nasctar na saoránaigh san Aontas; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún céimeanna nithiúla a ghlacadh chun cearta agus saoirsí saoránacht-shonracha a leathnú de réir an nós imeachta faoi Airteagal 25 CFAE; á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh an Reacht prionsabail agus luachanna an Aontais níos nithiúla agus, ag an am céanna, go gcuirfear modhanna nua ar fáil do shaoránaigh chun iad a choimirciú agus a chaomhnú; |
|
15. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil idirphléití éifeachtacha leis na saoránaigh agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach nasctha go láidir leis an ngné Eorpach den oideachas saoránachta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá gné Eorpach an oideachais saoránachta a fheabhsú i ngníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim, chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh gníomhach agus ar an eolas ionas go mbeidh siad in ann páirt iomlán a ghlacadh sa saol sibhialta agus sóisialta ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na mBallstát agus i saol daonlathach an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach Eorpach a fhorbairt chun inniúlachtaí saoránachta in AE a fheabhsú agus bearta tacaíochta a fhorbairt a bheidh dírithe ar rochtain chomhionann ar oideachas saoránachta a sholáthar; á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach ba cheart a bheith ag an tsochaí shibhialta, ag ollscoileanna agus ag eagraíochtaí taighde eile i straitéis den sórt sin; |
|
16. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit saoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh iad (i.e. saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad) a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir lena gceart chun vótáil i dtoghcháin bhardasacha agus Eorpacha nó maidir lena gceart chun seasamh i dtoghcháin bhardasacha agus Eorpacha; á chur i bhfáth gur cheart breithniú a dhéanamh ar leathnú chuig ceart ‘soghluaiste’ na saoránach sin de chuid AE chun vótáil agus seasamh i dtoghcháin réigiúnacha agus náisiúnta sna Ballstáit; á chur i bhfios gur féidir leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún na cearta sin a thabhairt isteach tríd an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 25 CFAE, agus san fhadtéarma gur cheart é a bheith fréamhaithe in Airteagal 22 CFAE trí athrú ar an gConradh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le feachtais múscailte feasachta maidir leis na cearta sin le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth nach mór na bacainní riaracháin agus an t-idirdhealú uile atá fós ann a bhaint chun deiseanna comhionanna a áirithiú do shaoránaigh shoghluaiste uile an Aontais, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe; |
|
17. |
á iarraidh an athuair go dtabharfaí isteach aois chomhchuibhithe don cheart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir ar fud na mBallstát chun idirdhealú a sheachaint; á mholadh go dtabharfaí isteach aois íosta vótála 16, gan dochar d’orduithe bunreachtúla atá ann cheana, chun na cearta agus na dualgais atá ag daoine óga na hEorpa cheana féin i roinnt Ballstát a léiriú; |
|
18. |
á mheabhrú go bhfuil a himní curtha in iúl go leanúnach ag Parlaimint na hEorpa go mbaintear an bonn ó choincheap na saoránachta Eorpaí le haon scéim náisiúnta lena mbaineann díol díreach nó indíreach shaoránacht AE; á iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann deireadh a chur leis na cleachtais sin; |
|
19. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cleachtas atá ag Ballstáit áirithe an ceart chun vótála i dtoghcháin pharlaiminteacha náisiúnta a bhaint dá saoránaigh nuair a chónaíonn siad thar lear; ag tathant ar na Ballstáit sin deireadh a chur le ceart vótála a bhaint ar an mbealach sin; |
An daonlathas ionadaíoch a chomhlánú trí rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú
|
20. |
á athdhearbhú, i gcomhréir le téacs bunaidh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go bhfuil gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún obair leantach éifeachtach a dhéanamh ar chonclúidí na Comhdhála, gach ceann acu laistigh de shainchúram a n-inniúlachtaí agus i gcomhréir leis na Conarthaí; á iarraidh go ndéanfaí torthaí an Chomhordaitheora Eorpaigh a chur chun feidhme go pras agus go comhsheasmhach, lena gcuimseofar 49 dtogra agus 326 bheart nithiúla arna gcur i gcrích ag na Painéil Saoránach Eorpach de chuid an Choiste; á iarraidh an athuair go mbeadh Coinbhinsiún ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí; |
|
21. |
á chreidiúint gur féidir aghaidh a thabhairt ar cheann de na bealaí inar féidir aghaidh a thabhairt ar ionchais na saoránach Eorpach maidir le rannpháirtíocht níos rialta agus níos fónta i saol daonlathach an Aontais (24) trí shásraí rannpháirtíochta a fheabhsú agus a fhorbairt laistigh de AE; |
|
22. |
á chur i bhfáth gur gá bonneagar cuimsitheach rannpháirtíochta in AE a fheabhsú agus a fhorbairt, le nasc agus comhtháthú níos fearr ar ionstraimí rannpháirtíochta atá ann cheana agus bealaí níos fearr le haghaidh rannpháirtíocht bhuan; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar ilroinnt bhonneagar rannpháirtíochta AE trí ionad ilfhreastail a chruthú do na hionstraimí rannpháirtíochta Eorpacha uile le creat institiúideach arna chur ar bun chun an mol lárnach agus a chaidreamh le saoránaigh a riar; |
|
23. |
á chur i bhfios go láidir gur féidir le sásraí agus ionstraimí daonlathais dhírigh nó rannpháirtíochta an daonlathas parlaiminteach liobrálach ionadaíoch a chomhlánú ach gan iad a ionadú i ndomhan atá ag éirí níos casta, áit a bhfuil gá le comhréitigh inmharthana agus dhaonlathacha a lorg; ag tabhairt dá haire gur féidir le sásraí an daonlathais dhírigh nó rannpháirtíochta a bheith ina n-ionstraimí úsáideacha má chomhlíontar ceanglais áirithe; ag moladh go háirithe go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht na n-ionstraimí rannpháirtíochta Eorpacha atá ann cheana trí obair leantach fhóinteach éigeantach a sholáthar; |
|
24. |
á mheabhrú nach bhféadfar rannpháirtíocht fheabhsaithe agus mhéadaithe a bheith ann ach amháin trí aghaidh a thabhairt ar fhadhb an idirdhealaithe, go háirithe mar thoradh ar an deighilt dhigiteach agus ar na deacrachtaí a chruthaíonn sí do rannpháirtíocht éifeachtach i saol daonlathach an Aontais; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh feidhmchláir dhigiteacha chun rannpháirtíocht na saoránach a chur chun cinn simplí agus iomasach; |
|
25. |
á mholadh go n-institiúideofaí próisis mhachnamhacha ionadaíocha rannpháirtíochta bunaithe ar shamhail Phainéil Saoránach Eorpach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; á chreidiúint gur gá ‘mionphobail’ le rannpháirtithe a roghnaítear go randamach agus a dhéanann ionadaíocht ar fhothacair de struchtúr socheacnamaíoch an Aontais agus, ar an gcaoi sin, speictream iomlán na sochaí, a eagrú ar bhealach a chabhraíonn le cosc a chur ar rochtain neamhchothrom ar rannpháirtíocht i saol daonlathach an Aontais trí bhealach a sholáthar do shaoránaigh nach mbeadh an deis sin acu murach sin chun a bhfís a chur in iúl; |
|
26. |
á chreidiúint go bhfuil sé tábhachtach saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach a neartú ar leibhéal AE trí eolas sonrach a fháil faoi AE agus faoi ghné Eorpach na n-ábhar atá á bplé; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar an easpa eolais ar bheartais agus ar chinnteoireacht AE i measc an phobail i gcoitinne trí oideachas níos fearr faoi AE i scoileanna; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh oiliúint thiomnaithe agus próiseas plé leanúnach ann ina dtabharfar an fhaisnéis riachtanach do na saoránaigh ar phainéil saoránach a chomhlánófar trí thacaíocht a thabhairt do shaineolaithe más gá, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí oscailte a bhféadfadh moltaí agus conclúidí a bheith mar thoradh orthu; |
|
27. |
á mholadh, go háirithe, go gcruthófaí sásra struchtúrtha rannpháirtíochta, i gcomhréir le acquis AE, ar a dtugtar an Agora na hEorpa, ar cheart dó a bheith ag obair ar bhonn bliantúil, lena ndéanfaí plé ar thosaíochtaí AE don bhliain atá romhainn le torthaí an phlé a thíolacfar an 9 Bealtaine 2023 mar ionchur don phróiseas comhairliúcháin maidir le Clár Oibre Bliantúil an Choimisiúin (CAWP); á thabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí sna torthaí sin togra le haghaidh théama sonrach na Bliana Eorpaí sa timthriall bliantúil ina dhiaidh sin; á mholadh gur cheart ionadaithe Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go rialta maidir le forbairtí na bpléití sin chun iad a chur san áireamh ina cuid oibre parlaimintí; |
|
28. |
á chur i bhfáth, i rith na bliana, go bpléifidh saoránaigh Agora na hEorpa an t-ábhar a bhaineann le téama sonrach na Bliana Eorpaí, agus gur cheart a dtograí agus a gconclúidí a thíolacadh ag deireadh na bliana; á mheas gur cheart roghanna éagsúla le haghaidh obair leantach ag an bParlaimint a leagan síos agus aird á tabhairt ar mhéideanna na dtromlach a thacaíonn leis na conclúidí sin sa phainéal, agus go bhféadfaí díospóireachtaí, éisteachtaí, ceisteanna parlaiminteacha nó tuarascálacha a áireamh san obair leantach sin; |
|
29. |
á mholadh gur cheart do chomhpháirt Óige den Agora a bheith ina cuid de bhunú Thionól Eorpach na nÓg, a d’fhéadfadh faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ‘seiceáil óige’ ar fud phróiseas reachtach AE mar a d’iarr an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa; á mholadh go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa idirchaidreamh le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta chun sásra a bhunú le hionadaithe amhail polaiteoirí tofa áitiúla óga, ionadaithe na sochaí sibhialta óige agus na gcomhpháirtithe sóisialta, ar cheart dó comhoibriú go dlúth le Tionól na nÓg chun an tseiceáil óige a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh go háirithe i ndíospóireacht pholaitiúil ar thodhchaí na hEorpa, ós rud é go mbraithfidh a dtodhchaí ar chinntí an lae inniu; |
|
30. |
á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh le fada meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht Conarthaí AE a leasú chun reifrinn uile-Aontais a cheadú maidir le hábhair bhunúsacha lena dtionscnaítear athruithe paraidíme ar ghníomhaíochtaí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh amhail athchóiriú ar Chonarthaí AE; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, nár cheart toradh an reifrinn a ghlacadh ach amháin má tá tromlach dúbailte i bhfabhar, arb ionann é agus tromlach na mBallstát agus tromlach na vótálaithe a bhíonn ag vótáil; á mholadh go bhféadfaí an reifreann uile-AE sin a eagrú le linn thoghcháin pharlaiminteacha na hEorpa trí bhallóid bhreise a sholáthar lena dtabharfaí aghaidh ar an mbunábhar bunreachtúil atá i gceist; á chur i bhfios gur cheart, go hidéalach, aon reifreann Eorpach a eagrú ar an lá céanna ar fud an Aontais; |
|
31. |
á mholadh go dtabharfaí isteach comhairliúcháin uile-Eorpacha le saoránaigh ar líne, arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa; á chreidiúint, tríd an deis a thabhairt do gach saoránach a dtuairimí a chur in iúl maidir le gnóthaí Eorpacha reatha, go méadófar an mhuinín atá acu as próiseas cinnteoireachta na hEorpa agus an tuiscint atá acu air; á mheas go neartaíonn an sásra rannpháirtíochta nua sin ról PE i leith na n-institiúidí eile; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire go bhféadfaí saoránacht Eorpach a fheidhmiú trí uirlisí ar líne amhail comhairliúcháin ar líne agus bailiú sínithe ar líne do Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh; á thabhairt dá haire gur féidir le ríomh-shainaitheantas (eID) úsáid na n-uirlisí sin ar an leibhéal Eorpach a éascú chomh maith le roghanna éagsúla a sholáthar maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit uirlisí ríomhdhaonlathais a thabhairt isteach ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta, agus iad a chomhtháthú go cuí sa phróiseas polaitiúil; |
|
33. |
á iarraidh go n-áireofaí leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) agus le cinn eile atá dírithe ar chlaochlú digiteach a chur chun cinn san Aontas rochtain ar riaracháin a shimpliú trí na seirbhísí éagsúla nó trí fheidhmchláir rannpháirtíochta saoránach a úsáid i measc a gcuspóirí; á iarraidh go mbeadh línte taighde agus infheistíochta ann atá dírithe ar an rochtain sin a éascú chun an deighilt dhigiteach a íoslaghdú agus chun cáilíocht shóisialta agus dhaonlathach a uasmhéadú; |
o
o o
|
34. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus chuig Comhairle na hEorpa. |
(1) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0037.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0038.
(4) IO C 493, 27.12.2022, lch. 112.
(5) IO C 465, 6.12.2022, lch. 171.
(6) IO C 449, 23.12.2020, lch. 6.
(7) IO C 347, 9.9.2022, lch. 97.
(8) IO C 449, 23.12.2020, lch. 6.
(9) IO C 252, 18.7.2018, lch. 215.
(10) IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.
(11) IO C 434, 15.11.2022, lch. 31.
(12) IO C 58, 15.2.2018, lch. 57.
(13) IO C 443, 22.12.2017, lch. 39.
(14) https://parleu2022.cz/wp-content/uploads/2023/04/EUSC-Prague-Presidency-Conclusions-final-EN-1.pdf.
(15) https://secure.ipex.eu/IPEXL-WEB/download/file/8a8629a88827df1e018828991e660000/Contribution%20adopted%20by%20the%20LXIX%20COSAC.pdf.
(16) https://www.congreso.es/backoffice_doc/prensa/notas_prensa/99181_1688138271277.pdf.
(17) https://www.europarl.europa.eu/resources/library/media/20220509RES29121/20220509RES29121.pdf.
(18) https://thespinelligroup.eu/wp-content/uploads/2022/10/20220912_Proposal-Manifesto-for-a-Federal-Europe-political-social-and-ecological.pdf.
(19) https://parleu2022.cz/wp-content/uploads/2023/04/EUSC-Prague-Presidency-Conclusions-final-EN-1.pdf.
(20) https://secure.ipex.eu/IPEXL-WEB/conferences/cosac.
(21) https://www.congreso.es/backoffice_doc/prensa/notas_prensa/99181_1688138271277.pdf.
(22) Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (IO L 329, 30.12.1993, lch. 34).
(23) Treoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (IO L 368, 31.12.1994, lch. 38).
(24) BertelsmannStiftung, ‘ Sár-Rannpháirtíocht saoránach san Aontas. Institiúidiú Thionóil Eorpacha na Saoránach ’, 2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1769/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)