This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023IP0081
European Parliament resolution of 15 March 2023 on EU-Armenia relations (2021/2230(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an Airméin (2021/2230(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an Airméin (2021/2230(INI))
IO C, C/2023/404, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/404/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/404 |
23.11.2023 |
P9_TA(2023)0081
An caidreamh idir AE agus an Airméin
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an Airméin (2021/2230(INI))
(C/2023/404)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (CEPA), a tháinig i bhfeidhm ina iomláine an 1 Márta 2021, |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 17 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Tuarascáil Chomhpháirtíochta Cur Chun Feidhme ar an Airméin (SWD(2022)0154), |
|
— |
ag féachaint do ráiteas an 6 Deireadh Fómhair 2022 tar éis an chruinnithe cheathairshleasaigh idir an tUachtarán Aliyev, an Príomh-Aire Pashinyan, an tUachtarán Macron agus an tUachtarán Michel, |
|
— |
ag féachaint do Dhearbhú an 19 Samhain 2020 ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an Nagarna-Carabaic, |
|
— |
ag féachaint d’Orduithe an 7 Nollaig 2021 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sna cásanna idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, |
|
— |
ag féachaint d’Orduithe ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an 22 Feabhra 2023 maidir le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (an Airméin v. an Asarbaiseáin agus an Asarbaiseáin v. an Airméin), |
|
— |
ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), |
|
— |
ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) an 26 Bealtaine 2020, i gcás Makuchyan agus Minasyan v an Asarbaiseáin agus an Ungáir (17247/13), a tháinig chun bheith críochnaitheach an 12 Deireadh Fómhair 2020, |
|
— |
ag féachaint do ghníomhaíochtaí chomhchathaoirleacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus Ghrúpa Mhionsc, |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 2 Iúil 2021, dar teideal Recovery, resilience and reform: post 2020 Eastern Partnership priorities [Téarnamh, athléimneacht agus athchóiriú: tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir] (SWD(2021)0186), |
|
— |
ag féachaint d’Innéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir 2021, |
|
— |
ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) ó Chomhairle na hEorpa, go háirithe a ceathrú tuarascáil tíre maidir leis an Airméin, a foilsíodh an 4 Deireadh Fómhair 2016, agus na conclúidí uaithi maidir le cur chun feidhme na moltaí i leith na hAirméine, a foilsíodh an 10 Meán Fómhair 2019, |
|
— |
ag féachaint do Rún 2418 ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 25 Eanáir 2022 maidir le sáruithe líomhnaithe ar chearta daoine LADTI i gCugas Theas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ó Choimisinéir um Chearta an Duine Chomhairle na hEorpa tar éis a cuairte ar an Airméin ón 16 go dtí an 20 Meán Fómhair 2018, a foilsíodh an 29 Eanáir 2019, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Márta 2020 dar teideal ‘Eastern Partnership policy beyond 2020: Reinforcing Resilience – an Eastern Partnership that delivers for all’ [Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020: Treisiú na hAthléimneachta – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanann beart do chách] (JOIN(2020)0007), |
|
— |
ag féachaint don Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, a foilsíodh an 2 Iúil 2021, |
|
— |
ag féachaint do chlár ilbhliantúil táscach an Choimisiúin (2021-2027) don Airméin, |
|
— |
ag féachaint don toradh ar an gceathrú cruinniú de Chomhairle Comhpháirtíochta AE-na hAirméine an 18 Bealtaine 2022, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán an 27 Deireadh Fómhair 2021 de chuid Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) ar thoghcháin pharlaiminteacha luath san Airméin arna reáchtáil an 20 Meitheamh 2021, |
|
— |
ag féachaint do Threochlár AE maidir le Rannpháirtíocht leis an tSochaí Shibhialta san Airméin 2021-2027, |
|
— |
ag féachaint dó rún uaithi an 4 Iúil 2018 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (2), |
|
— |
ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, roimh Chruinniú Mullaigh mhí an Mheithimh 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo, lena n-áirítear rúin an 13 Meán Fómhair 2012 maidir leis an Asarbaiseáin: cás Ramil Safarov (4), an 15 Aibreán 2015 maidir le comóradh céad bliain Chinedhíothú na hAirméine (5), an 20 Bealtaine 2021 maidir le príosúnaigh chogaidh i ndiaidh na coinbhleachta is déanaí idir an Airméin agus an Asarbaiseáin (6), an 10 Márta 2022 maidir le scriosadh na hoidhreachta cultúrtha i Nagarna-Carabaic (7), an 8 Meitheamh 2022 maidir le slándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta (8), an 18 Eanáir 2023 maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme — tuarascáil bhliantúil 2022 (9), agus an 19 Eanáir 2023 maidir le hiarmhairtí daonnúla an imshuí sa Nagarna-Carabaic (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0036/2023), |
|
A. |
de bhrí, le breis agus tríocha bliain, gur eascair na mílte taismeach, scrios ollmhór agus easáitiú na céadta míle duine as coinbhleacht Nagarna-Carabaic chomh maith leis an ionradh a rinne an Asarbaiseáin ar chríoch cheannasach na hAirméine le déanaí; de bhrí nár réitíodh coinbhleacht Nagarna-Carabaic go fóill; |
|
B. |
de bhrí go meastar go bhfuil thart ar 4 500 duine san Asarbaiseáin agus san Airméin fós ar iarraidh agus na céadta mílte duine easáitithe ina dtír féin ón gcéad choimhlint Nagarna-Carabaic sna 1990idí; |
|
C. |
de bhrí, de réir ráiteas sos cogaidh an 9 Samhain 2020, go bhfuil gealltanas tugtha ag na páirtithe fanacht sna poist a bhí acu an lá sin, príosúnaigh chogaidh (POWanna) agus daoine eile a mhalartú, agus gach nasc eacnamaíoch agus iompair sa réigiún a dhíbhlocáil; |
|
D. |
de bhrí nach bhfuil an ráiteas tríthaobhach an 9 Samhain 2020, a tugadh isteach tar éis an chogaidh 44 lá a spreag an Asarbaiseáin in 2020, curtha chun feidhme go hiomlán agus go bhfuil an sos comhraic fós á shárú arís agus arís eile, rud a fhágann go bhfuil níos mó taismigh ann; de bhrí go raibh 3 825 thaismeach ar thaobh na hAirméine mar thoradh ar an gcogadh 44 lá agus go bhfuil 203 duine fós ar iarraidh, lena n-áirítear sibhialtaigh; |
|
E. |
de bhrí gur ionsaigh an Asarbaiseáin trí chúige Airméinis i mí Mheán Fómhair 2022: Gegharkunik, Syunik, agus Vayots Dzor; de bhrí gur thuairiscigh údaráis na hAirméine go raibh forghabháil 220 km2 de chríoch cheannasach na hAirméine mar thoradh ar an ionsaí, gur fhág sé 201 duine, idir mhíleata agus shibhialta, marbh agus go bhfuil 27 duine fós ar iarraidh; |
|
F. |
de bhrí go measann údaráis na hAirméine go raibh tionchar ag an tuairgneáil ar nithe sibhialta agus ar bhonneagar ar 36 phobal agus lonnaíocht, 192 teach, dhá scoil, ionad leighis amháin agus trí theach aíochta, chomh maith le línte soláthair cumhachta agus píblínte; de bhrí gur sárú soiléir é sin ar shláine críche na hAirméine agus ar noirm an dlí idirnáisiúnta lena dtoirmisctear díriú ar bhonneagar sibhialtach; |
|
G. |
de bhrí go leanann gníomhaíochtaí míleata na hAsarbaiseáine ráitis ar údar imní iad ó údaráis na hAsarbaiseáine ina ndéantar tagairt do chríoch Phoblacht na hAirméine mar thalamh sinsearach na hAsarbaiseáine agus ag bagairt forneart a úsáid; de bhrí, ó mhí na Nollag 2022, go bhfuil bac curtha ar thrácht sibhialtach idir an Airméin agus Nagarna-Carabaic ar chonair Lachin, rud a raibh tionchar diúltach aige ar sheachadtaí bia agus soláthairtí agus seirbhísí riachtanacha eile chuig an réigiún; |
|
H. |
de bhrí gur eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ordú ceangailteach an 22 Feabhra 2023 ag tabhairt le fios go gcaithfidh an Asarbaiseáin gach beart atá faoina réir aici a dhéanamh chun gluaiseacht daoine, feithiclí agus lasta gan bhac feadh chonair Lachín sa dá threo a áirithiú; |
|
I. |
de bhrí gur chinn ECtHR an 16 Meán Fómhair 2022 go bhfuil an beart eatramhach uaithi an 29 Meán Fómhair 2020 lena n-iarrtar ar pháirtithe a ngealltanais faoi Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, lena n-áirítear maidir le príosúnaigh chogaidh, i bhfeidhm fós agus go bhfuil feidhm aige maidir leis na himeachtaí atá i gceist; |
|
J. |
de bhrí go bhfuil tuairiscí inchreidte ann, lena n-áirítear fís-sleachta, go ndearnadh POWanna de chuid na hAirméine a mharú go seachbhreithiúnach, fuadach forfheidhmithe agus aithisiú ar na mairbh; de bhrí gur ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) an 7 Nollaig 2021 go raibh oibleagáid ar an Asarbaiseáin, agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 gur athdhearbhaigh sí an oibleagáid ‘cosaint ar fhoréigean agus ar dhochar coirp do gach duine a gabhadh i ndáil le coinbhleacht 2020 atá fós faoi choinneáil, agus a slándáil agus a gcomhionannas faoin dlí a áirithiú’; de bhrí gur tháinig físeáin chun solais freisin ina léirítear coireanna cogaidh líomhnaithe i gcoinne na hAsarbaiseáine le linn chogadh 2020; |
|
K. |
de bhrí, in ainneoin gur scaoil údaráis na hAsarbaiseáine roinnt POWanna de chuid na hAirméine, go bhfuil líon neamhnochta acu, idir mhíleata agus shibhialtach, fós faoi choinneáil san Asarbaiseáin faoi dhálaí anaithnide; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil AE tiomanta do réigiún Chugas Theas a chur chun cinn atá slán, cobhsaí, síochánta agus rathúil ar mhaithe le gach duine atá ina gcónaí sa réigiún agus de bhrí go bhfuil AE réidh chun ról gníomhach a imirt mar bhróicéir macánta chun idirghabháil a dhéanamh ar shocrú síochána inbhuanaithe agus mar chomhpháirtí iontaofa; |
|
M. |
de bhrí go dtacaíonn AE le réiteach síochánta ar aon choinbhleachtaí réigiúnacha atá fós gan réiteach trí mhodhanna taidhleoireachta; |
|
N. |
de bhrí, tar éis an chruinnithe cheathairthaobhaigh idir an tUachtarán Aliyev, an Príomh-Aire Pashinyan, an tUachtarán Macron agus an tUachtarán Michel an 6 Deireadh Fómhair 2022 i bPrág, an 20 Deireadh Fómhair 2022 go ndearna AE Acmhainn Faireacháin shealadach AE a imscaradh ar thaobh na hAirméine den teorainn idirnáisiúnta leis an Asarbaiseáin agus é mar chuspóir aige faireachán, anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar an staid sa réigiún, a mhair go dtí an 19 Nollaig 2022; de bhrí gur chinn AE, an 23 Eanáir 2023, misean sibhialtach a bhunú san Airméin; de bhrí gur seoladh Misean na hEorpa san Airméin an 20 Feabhra 2023; |
|
O. |
de bhrí go ndearna an Airméin agus an Asarbaiseáin moltaí maidir leis na coinníollacha le haghaidh conradh síochána lena rialaítear a gcaidreamh idir stáit; de bhrí gur chomhaontaigh ceannairí polaitiúla na dtíortha le déanaí dlús a chur leis an obair shubstainteach chun an dréacht-téacs a chur chun cinn; |
|
P. |
de bhrí go ndearna toradh na coinbhleachta in 2020 i Nagarna-Carabaic agus timpeall uirthi tramatú ar shochaí na hAirméine agus gur thit an tír isteach i ngéarchéim pholaitiúil dhomhain; de bhrí gur reáchtáil an tír toghcháin pharlaiminteacha ina dhiaidh sin in 2021; de bhrí gur nochtadh polarú domhain leis an bhfeachtas toghcháin, rud a léiríodh i reitric ghéar; de bhrí nár laghdaigh toradh an toghcháin an teannas polaitiúil, rud a spreag na dúshláin slándála atá os comhair na hAirméine; |
|
Q. |
de bhrí go n-éilítear le normalú inbhuanaithe an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin go gcuirfear deireadh leis an bhforéigean ar fad, go dtabharfar aghaidh ar bhunchúiseanna uile na coinbhleachta, go háirithe go ráthófaí cearta agus slándáil phobal na hAirméine sa Nagarna-Carabaic, agus go ndéanfar gach comhaontú a dhéantar idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a chur chun feidhme go hiomlán chun cobhsaíocht fhadtéarmach an chaidrimh dhéthaobhaigh agus an réigiúin i gcoitinne a áirithiú; de bhrí nach féidir an sprioc sin a bhaint amach ach amháin nuair is féidir le húdaráis na hAirméine agus na hAsarbaiseáine cómhaireachtáil shíochánta agus urraim do chearta mionlaigh a ráthú; |
|
R. |
de bhrí go raibh tionchar tubaisteach ag na coinbhleachtaí armtha idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus stairiúil an réigiúin ina iomláine; |
|
S. |
de bhrí, in ord ó CBI an 7 Nollaig 2021, inar ordaíodh don Asarbaiseáin gníomhartha loitiméireachta agus aithisithe a dhéanann difear d’oidhreacht chultúrtha na hAirméine a chosc agus a phionósú, go ndearnadh líomhaintí tromchúiseacha maidir le rannpháirtíocht údaráis na hAsarbaiseáine i dtaca le reiligí, eaglaisí agus séadchomharthaí stairiúla i Nagarna-Carabaic a scriosadh; |
|
T. |
de bhrí gur léirigh an Airméin dlúthpháirtíocht le muintir na Tuirce tar éis an chreatha talún thubaistigh an 6 Feabhra 2023 trí oibrithe tarrthála agus cabhair dhaonnúil a sheoladh; de bhrí gur féidir leis an gcéim chun cinn stairiúil sin rannchuidiú tuilleadh leis an bpróiseas chun caidreamh idir an dá thír a normalú; |
|
U. |
de bhrí go bhfuil an caidreamh idir AE agus an Airméin bunaithe ar luachanna coiteanna, amhail an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus ar leas comhroinnte rannpháirtíocht na hAirméine in athchóirithe eacnamaíocha agus polaitiúla chomh maith le comhar réigiúnach, lena n-áirítear faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir; de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar aidhm dheiridh ag an Aontas tacú leis an Airméin ina próiseas athchóirithe; |
|
V. |
de bhrí gur bunphrionsabal ríthábhachtach de chuid CEPA é cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear trí Chairt na Náisiún Aontaithe, Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a urramú; |
|
W. |
de bhrí gur minic a bhíonn ar chosantóirí chearta an duine, ar ghníomhaithe agus ar eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta aghaidh a thabhairt ar fhuathchaint ar líne, feachtais chlúmhillte agus díriú ar ghrúpaí éagsúla de chuid na heite deise atá nasctha le réimis roimhe seo san Airméin; de bhrí nach bhfuil cosaint ná aitheantas acu don obair a dhéanann siad do shochaí na tíre agus d’athchóirithe daonlathacha, go háirithe chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn; |
|
X. |
de bhrí, tráthnóna an 20 Deireadh Fómhair 2022, go ndearna lánúin óg aerach a bhí 16 bliana d’aois agus 21 bhliain d’aois féinmharú dúbailte mar thoradh ar an idirdhealú forleatach i sochaí na hAirméine, a cumasaíodh le blianta de neamhghníomhaíocht rialtais maidir le tionscnaimh frith-idirdhealaithe agus chomhionannais; de bhrí go scaipeadh an fhuathchaint ar na meáin shóisialta agus ar aipeanna teachtaireachtaí ina dhiaidh sin le saoirse ó phionós, rud a spreagann idirdhealú atá ann cheana i leith daoine LADTIA; de bhrí gur tharla ionsaithe le déanaí ar na meáin shóisialta i gcoinne ‘Right Side’, eagraíocht neamhrialtasach (ENR) a chosnaíonn cearta trasinscneacha an duine; de bhrí gur scaip na hionsaitheoirí faisnéis bhréagach, gur ghríosaigh siad fuath agus gur eisigh siad bagairtí báis ar an duine a bhunaigh í, Lilit Martirosyan, cosantóir chearta daonna daoine trasinscneach; de bhrí gur tharla ionsaithe foréigneacha in aghaidh mná trasinscneacha arís agus arís eile ó shamhradh 2022i leith, lena n-áirítear teagmhas i mí Iúil 2022 in Yerevan inar bheoshruthaigh déantóir an ionsaithe é ar na meáin shóisialta agus go bhfuair sé moladh; |
|
Y. |
de bhrí go ndéantar cearta daonna daoine LADTIA san Airméin a chur i leataobh sa chás ab fhearr de agus go ndéanann an rialtas agus institiúidí stáit iad a throid go gníomhach sa chás ba mheasa; de bhrí go léirítear le Mapa agus Innéacs Tuair Ceatha (Rainbow) 2022 ón gCumann Idirnáisiúnta, Aerach, Déghnéasach, Trasghnéasach agus Idirghnéasach Eoraip go bhfuil ceann de na heasnaimh is mó sa reachtaíocht agus sa bheartas lena gcosnaítear daoine LADTIA ag an Airméin, agus gurb í an tríú tír ba mheasa i ndáil leis sin i measc thíortha uile Chomhairle na hEorpa, atá ceangailte le Cónaidhm na Rúise; |
|
Z. |
de bhrí gur ghlac Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa rún in 2022 maidir le sáruithe ar chearta daoine LADTIA i gCugas Theas agus gur iarr sé ar údaráis reachtaíocht a athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin; de bhrí go léiríonn na moltaí torthaí 2016 ECRI; de bhrí gur chinn ECRI cheana féin in 2019 nár tugadh aghaidh leordhóthanach ar a mholtaí agus nár glacadh aon cheann d’fhorálacha ábhartha an Chóid Choiriúil nua; de bhrí go bhfuil easpa freagartha an Rialtais ar mholtaí comhlachtaí idirnáisiúnta scáfar; |
|
AA. |
de bhrí gur aithin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ina breithiúnas maidir le Cásanna 71367/12 agus 72961/12 (Oganezova v an Airméin) go bhfuil gá le bearta dlí choiriúil maidir leis an bhfuathchaint, go háirithe ar fhorais an ghnéaschlaonta agus an tsaoil ghnéasaigh; de bhrí go dtoirmeasctar faoi láthair leis an dlí baile fuathchaint, ach go bhfuil gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne fós san áireamh i saintréithe íospartaigh an chiona in ainneoin mholtaí na gcomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha ina leith sin; |
|
AB. |
de bhrí go ndearna an Airméin feabhas 16 phointe ar Innéacs na Dearcthaí Éillithe de chuid Transparency International thar na cúig bliana ó 2016 go 2021; |
|
AC. |
de bhrí go bhfuil feabhsuithe suntasacha daonlathacha agus dul chun cinn dearfach déanta ag an Airméin i gcoinne an éillithe, ach gur tháinig moill ar na hathchóirithe frithéillithe agus breithiúnacha a gealladh in 2021 tar éis na géarchéime polaitiúla agus eacnamaíche a spreagadh leis an bpaindéim agus a d’eascair as coinbhleacht athnuaite sa Nagarna-Carabaic; |
|
AD. |
de bhrí go bhfuil an Airméin ar thús cadhnaíochta ina comharsanacht in Innéacs Daonlathais 2021 an Aonaid Faisnéise Eacnamaíche agus in Innéacs Domhanda um Shaoirse an Phreasa 2022 dar teideal Tuairisceoirí gan Teorainneacha; |
|
AE. |
de bhrí go bhfuil feabhas curtha ag an Airméin ar a seasaimh i dtuarascáil 2022 an Bhainc Dhomhanda maidir le Mná, Gnó agus Dlí, an Tuarascáil maidir le hInnéacs Domhanda na nÉiceachóras Tosaithe 2022, agus Tuarascáil 2021 an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda maidir le hIomaíochas; |
|
AF. |
de bhrí gur tháinig feabhas ar rangú na hAirméine i bhFóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir 2020-2021 in Innéacs 2020-2021 agus gur bhain sí an staid is fearr amach ó thaobh an daonlathais agus an dea-rialachais de; de bhrí go bhfuair an Airméin measúnú dearfach i dtuarascáil 2022 (Náisiúin faoi Bhealach) Nations in Transit de chuid Freedom House; |
|
AG. |
de bhrí go raibh impleachtaí diúltacha ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar réigiún Chugas Theas agus go bhfuil an staid slándála sa réigiún níos casta dá bharr; |
|
AH. |
de bhrí nach ann do ullmhacht líomhnaithe na Rúise chun slándáil na hAirméine a ráthú, mar a léiríodh leis an easpa freagartha atá aici ar ionsaithe leanúnacha na hAsarbaiseáine fiú i bhfianaise iarracht na hAirméine dul i muinín Eagraíocht an Chonartha um Chomhshlándáil (CSTO); de bhrí gur thosaigh páirtithe daonlathacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Airméin ag ceistiú bhallraíocht na tíre in CSTO; de bhrí nach raibh coimeádaithe síochána na Rúise a imscaradh sa réigiún toilteanach agus nach raibh siad in ann tuilleadh ionsaithe ón Asarbaiseáin a chosc agus go bhfuil a láithreacht ag laghdú go seasta, go háirithe tar éis thús chogadh neamhdhleathach foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; |
|
AI. |
de bhrí go bhfuil an Airméin ina sprioc don bhréagaisnéis ó thíortha comharsanachta, go háirithe ó eagraíochtaí meán na Rúise, ós rud é go mbíonn eagraíochtaí nuachta na hAirméine ag brath den chuid is mó ar an Rúis le haghaidh foinsí nuachta agus gníomhaireachtaí nuachta; |
|
AJ. |
de bhrí go bhfuil an Airméin mar sprioc ag oibríochtaí faisnéise na hAsarbaiseáine, go háirithe leis an aidhm úsáideoirí meán sóisialta a chiapadh agus faisnéis bhréagach a scaipeadh; |
Coinbhleachtaí a réiteach agus an caidreamh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a normalú
|
1. |
á mheas go bhfuil an choinbhleacht armtha Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, arb í is cúis le fulaingt agus scriosadh ollmhór thar na blianta, tar éis cur isteach go mór ar fhorbairt shocheacnamaíoch agus ar chobhsaíocht réigiún Chugas Theas ina iomláine; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir síocháin mharthanach agus inbhuanaithe a bhaint amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin trí mhodhanna míleata agus trí bhagairt an fhórsa, ach go bhfuil gá le socrú polaitiúil cuimsitheach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na prionsabail a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí de chuid ESCE 1975, eadhon neamhúsáid an fhornirt, sláine críche agus cearta comhionanna agus féinchinntiúchán pobal, agus Prionsabail Bhunúsacha 2009 Ghrúpa ESCE Mhionsc agus na comhaontuithe uile ar thángthas orthu idir an dá pháirtí, lena n-áirítear Dearbhú Alma Ata 1991; |
|
2. |
á athdhearbhú, chun go mbeidh sé éifeachtach, nach mór a áireamh i gconradh cuimsitheach síochána forálacha lena ráthaítear sláine chríoch cheannasach na hAirméine, cearta agus slándáil phobal na hAirméine a bhfuil cónaí orthu sa Nagarna-Carabaic agus i limistéir eile a bhfuil coinbhleacht iontu, agus filleadh pras sábháilte dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin ina dtithe; á mheabhrú go bhfuil bunchúis na coinbhleachta, arb é staid agus slándáil dhaonra na hAirméine sa Nagarna-Carabaic agus stádas an réigiúin a bhí uathrialaitheach roimhe seo, fós gan réiteach; á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta a aird a choinneáil ar an gcoinbhleacht sin, ar coinbhleacht í atá ina hábhar cobhsaíochta agus slándála don réigiún ar fad; |
|
3. |
ag cáineadh go láidir go ndearna an Asarbaiseáin ionsaí míleata ar mhórscála i mí Mheán Fómhair 2022 i gcoinne an iliomad áiteanna i gcríoch cheannasach na hAirméine, ar sárú tromchúiseach é ar an sos comhraic agus a tháinig salach ar ghealltanais a tugadh roimhe sin, lena n-áirítear iad siúd a rinneadh mar chuid de chainteanna faoi idirghabháil AE; ag cáineadh go ndearnadh ionradh míleata isteach i gcríoch na hAirméine a aithnítear go hidirnáisiúnta ó mhí na Bealtaine 2021; á mheabhrú go leanann sé sin na sáruithe ar shláine críche Phoblacht na hAirméine mar a tuairiscíodh i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna 2021; ag tathant go bhfillfeadh na fórsaí uile ar na hionaid a bhí acu an 9 Samhain 2020 agus á chur i bhfáth nach bhfuil aon nasc díreach ag an ionsaí is déanaí i mí Mheán Fómhair leis an gcoinbhleacht fhadtéarmach os cionn Nagarna-Carabaic; á athdhearbhú nach mór iomláine chríochach na hAirméine a urramú go hiomlán i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le Cairt na Náisiún Aontaithe agus á iarraidh ar údaráis na hAsarbaiseáine, dá bhrí sin, tarraingt siar ó gach cuid de chríoch na hAirméine láithreach agus na POWanna atá faoina rialú a scaoileadh saor; ag tathant ar AE a bheith rannpháirteach ar bhealach níos gníomhaí maidir leis an gcoinbhleacht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a réiteach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don dá thaobh prionsabal na sláine críochaí a urramú, rud atá ríthábhachtach don tsíocháin sa réigiún; |
|
4. |
ag cáineadh imshuí leanúnach atá á dhéanamh ar chonair Lachin, atá ag déanamh na géarchéime daonnúla in Nagorno-Karabakh níos measa; ag cáineadh na heachtra marfaí idir an Asarbaiseáin agus Airméanaigh Nagorno-Carabaic a tharla an 5 Márta 2023, as ar tháinig básanna iomadúla agus a chuir an próiseas chun síocháin a bhunú idir an dá thír i mbaol arís; ag tathant ar an Asarbaiseáin deireadh a chur le haon bhacainní a chuirfeadh bac ar shaoirse agus ar shlándáil gluaiseachta feadh na conaire sin mar a leagtar síos i ráiteas tríthaobhach an 9 Samhain 2020; á iarraidh ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní uile a bhaineann le feidhmiú chonair Lachin trí idirphlé agus trí chomhairliúcháin leis na páirtithe uile lena mbaineann; |
|
5. |
á chur in iúl gur saoth léi an bás suntasach, an damáiste suntasach agus an scrios suntasach; á thabhairt dá haire, go háirithe, gur cailleadh beagnach 300 duine mar thoradh ar ionsaí mhí Mheán Fómhair 2022, ar fir seirbhíse agus sibhialtaigh Airméineacha 210 díobh, agus gur easáitíodh 7 600 sibhialtach ar a laghad ó chúigí na hAirméine de Vayots Dzor, Syunik agus Gegharkunik de réir oifig Ombudsman na hAirméine; |
|
6. |
ag tathant ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin an ráiteas maidir leis an sos comhraic trípháirteach an 9 Samhain 2020 a chur chun feidhme ina iomláine agus ag cáineadh na hAsarbaiseáine as sáruithe rialta ar an sos comhraic; á chur i bhfáth gur gá an plé maidir leis an gconradh síochána a bheidh ann amach anseo a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coinbhleachta agus staonadh ó aon chéimeanna a bhféadfadh tuilleadh géaraithe a bheith mar thoradh orthu; á mheabhrú nach féidir le cur chun feidhme Airteagal 9 de ráiteas sos cogaidh an 9 Samhain 2020 dul i gcoinne iomláine chríochach agus cheannasacht Phoblacht na hAirméine; |
|
7. |
á iarraidh ar an dá pháirtí bearta a chur chun feidhme go práinneach chun a bpobail faoi seach a ullmhú le haghaidh cómhaireachtáil shíochánta, lena n-áirítear iad siúd a fheabhsaíonn teagmháil idir daoine; á áitiú go bhfuil géarghá ann go staonfaidh an dá pháirtí, agus go háirithe údaráis na hAsarbaiseáine, ó aon reitric naimhdeach nó ó aon ghníomhaíochtaí a bhféadfaí a mheas go spreagann siad fuath nó foréigean follasach nó go dtacaíonn siad le saoirse ó phionós, nó go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn de na hiarrachtaí chun atmaisféar a bhunú agus a chur chun cinn a chabhródh le hiontaoibh agus le hathmhuintearas, le comhar agus le síocháin inbhuanaithe; ag cur béim ar an ngá práinneach atá le bearta méadaithe agus inchreidte chun muinín a chothú chun dul i ngleic leis na fadhbanna fadtéarmacha a bhaineann le polarú, easpa muiníne, fuathchaint agus reitric ghríosaitheach eile; |
|
8. |
á iarraidh ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin sásra um cheartas idirthréimhseach a bhunú mar chéim cothaithe muiníne chun síocháin agus athmhuintearas marthanach a bhaint amach, chun aitheantas a thabhairt don fhulaingt ar an dá thaobh, le sainordú chun cinniúint na ndaoine atá ar iarraidh a fháil amach, chun príosúnaigh chogaidh a aisdúichiú agus chun infheistíocht a dhéanamh i bhfírinní stairiúla a bhunú bunaithe ar mheasúnú fíorasach ar imeachtaí le linn na coinbhleachta armtha a thosaigh in 1988; á mholadh go gcuirfí baill den phobal acadúil, iriseoirí neamhspleácha agus gníomhaithe na sochaí sibhialta ón dá thaobh san áireamh sa sásra sin; á mholadh go dtabharfadh AE tacaíocht agus go gcuideodh sé leis an obair sin a éascú i gcomhar le comhlachtaí eile amhail na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile; |
|
9. |
á mheabhrú gur thug seasamh éighníomhach an Aontais a braitheadh a bhí ann le linn chogadh 2020 agus díreach ina dhiaidh an deis do ghníomhaithe réigiúnacha eile, amhail an Rúis agus an Tuirc, tionchar a imirt sa réigiún; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh taidhleoireacht choisctheach Eorpach níos gníomhaí a bheith ina cuidiú chun toradh den sórt sin a chosc; ag tacú go láidir, dá bhrí sin, leis an tionscnamh a rinne Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, chun cruinnithe déthaobhacha de cheannairí na hAirméine agus na hAsarbaiseáine a thionól agus a idirghabháil sa Bhruiséil agus ag spreagadh obair ionadaí speisialta an Aontais do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia ar an láthair; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dlúth-rannpháirtíocht leanúnach AE agus formáid idirghabhála faoi stiúir AE chun tuilleadh ionsaithe a chosc agus chun réiteach síochánta a bhaint amach ar an gcoinbhleacht; |
|
10. |
á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an choinbhleacht sin a athbheochan agus rannchuidiú go héifeachtach leis an gcoinbhleacht sin a réiteach go síochánta, lena n-áirítear trí thacú le cobhsú, athshlánú iarchoinbhleachta, atógáil agus bearta cothaithe muiníne; |
|
11. |
ag tathant ar rialtais an dá thír páirt iomlán a ghlacadh i ndréachtú conartha síochána a bheidh cuimsitheach agus inghlactha go frithpháirteach agus ar cheart leis aghaidh a thabhairt ar shlándáil dhaonra na hAirméine sa Nagarna-Carabaic, ar fhilleadh daoine easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe agus ar chosaint na hoidhreachta cultúrtha, reiligiúnaí agus stairiúla; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na cruinnithe a bhí ag airí gnóthaí eachtracha an dá thír an 30 Meán Fómhair 2022 sa Ghinéiv agus an 8 Samhain 2022 in Washington D.C.; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi bunú choimisiúin teorann na hAsarbaiseáine agus na hAirméine agus á thabhairt dá haire an plé tosaigh maidir le próiseas an teorannaithe teorann; á chur in iúl gur geal léi an tríú cruinniú de na coimisiúin teorannaithe teorann an 3 Samhain 2022 sa Bhruiséil agus ag tathant ar AE súil ghéar a choinneáil ar an bpróiseas sin; á iarraidh ar an dá thaobh bailchríoch a chur ar an bpróiseas teorannaithe teorann agus conradh síochána a shíniú a luaithe is féidir, agus oibriú le chéile chun an próiseas dímhianadóireachta a thabhairt chun críche; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú ceathairthaobhach idir an tUachtarán Aliyev, an Príomh-Aire Pashinyan, an tUachtarán Macron agus an tUachtarán Michel an 6 Deireadh Fómhair 2022 faoi chuimsiú chruinniú an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh i bPrág chun misean sibhialta AE de 40 saineolaí faireacháin a imscaradh ar feadh tréimhse dhá mhí, dar críoch an 19 Nollaig 2022, ar thaobh na hAirméine den teorainn leis an Asarbaiseáin chun tacú le cothú muiníne trí fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an tsosa comhraic agus chun tacú le hobair na gcoimisiún teorann; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi seoladh Mhisean sibhialtach an Aontais Eorpaigh san Airméin faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, arb é is aidhm dó cuidiú leis an tslándáil sa réigiún a mhéadú trí líon na dteagmhas i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir teorann san Airméin a laghdú, chun leibhéal na rioscaí don daonra atá ina gcónaí sna limistéir sin a laghdú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar an talamh, agus infheictheacht AE sa réigiún a mhéadú ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi toilteanas na hAirméine an misean atá ar na bacáin ar a críoch a éascú agus á iarraidh ar an Asarbaiseáin cead a thabhairt do mhisean AE a bheith i láthair ar a taobh den teorainn chomh maith; á iarraidh go ndéanfaidh AE agus/nó ESCE an próiseas críochaithe a éascú go hidirnáisiúnta chun inchreidteacht, cothroime agus inbhuanaitheacht a áirithiú; |
|
15. |
á athdhearbhú gur gá teacht ar chomhaontú maidir le hiompar agus cumarsáid idir réigiúin iarthar na hAsarbaiseáine agus Poblacht Fhéinrialaitheach Nakhchivan, agus é a chur chun feidhme trí mhodhanna síochánta, ar réigiúin iad nach sáraíonn sláine críche na hAirméine; á áitiú gur gá módúlachtaí an iompair earraí ar an mbealach sin a chomhaontú go déthaobhach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin; á thabhairt dá haire go mbeidh deis shuntasach ann d’fhorbairt shocheacnamaíoch i réigiún Chugas Theas trí dhíbhlocáil a dhéanamh ar naisc réigiúnacha iompair agus cumarsáide; |
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi an cúnamh daonnúil a chuir an tAontas ar fáil don phobal atá buailte ag an gcoinbhleacht sa Nagarna-Carabaic agus timpeall an réigiúin sin agusan ról ceannasach atá aige maidir le cuidiú le dímhianú daonnúil sna limistéir atá thíos leis an gcoinbhleacht; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú agus cúnamh breise a áirithiú d’iarrachtaí chun mianaigh a ghlanadh, lena n-áirítear trealamh, oiliúint agus oideachas maidir le rioscaí; á iarraidh go mbeadh comhar breise ann maidir le dímhianaithe breise ann le saineolaithe ó Bhallstáit AE agus ó ENRanna; |
|
17. |
á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh AE a mhéadú do dhaoine atá i ngátar, cur chun feidhme beart cothaithe muiníne níos uaillmhianaí a éascú, agus idirphlé idir-reiligiúnach agus idireitneach a chur chun cinn, cearta mionlach a chosaint agus teagmhálacha duine le duine idir saoránaigh a fheabhsú chun an dúshraith a leagan le haghaidh cómhaireachtáil inbhuanaithe agus shíochánta; á iarraidh go dtiocfar ar réitigh a bheidh inghlactha ag an dá thaobh maidir le filleadh sábháilte na bpobal easáitithe; |
|
18. |
á thabhairt dá haire go bhfuil iliomad dúshlán cruthaithe ag ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine don Airméin ó thaobh na slándála agus na forbartha eacnamaíche de agus go bhfuil impleachtaí móra sochaíocha aige freisin mar thoradh ar theacht ollmhór náisiúnaigh de chuid na Rúise sa tír agus ar an tionchar indíreach a bhíonn ag smachtbhannaí idirnáisiúnta i gcoinne na Rúise ar gheilleagar na hAirméine; á iarraidh ar AE cúnamh a thabhairt don Airméin iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na bhforbairtí sin a mhaolú; |
|
19. |
á mholadh go mbunófaí sásra ráthaíochta idirnáisiúnta sealadach ar mhaithe le sábháilteacht agus le slándáil dhaonra na hAirméine agus gach fillte i Nagarna-Carabaic; |
|
20. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá idirghabháil idirnáisiúnta, i bhfianaise na míchothromaíochta cumhachta suntasaí idir na taobhanna, agus ról an-tábhachtach AE sa chomhthéacs sin chun comhaontú cothrom agus cosaint chearta phobal Nagarna-Carabaic a áirithiú; |
|
21. |
á iarraidh go dtabharfaí rochtain ar Nagarna-Carabaic ar eagraíochtaí daonnúla idirnáisiúnta, go háirithe ar na Náisiúin Aontaithe, agus á mheabhrú nach gceadaítear ach do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge rochtain ar an réigiún faoi láthair, rud nach leor chun measúnú cruinn a dhéanamh ar choinníollacha agus ar riachtanais an daonra atá ina chónaí ann; |
|
22. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil ‘coimeádaithe síochána’ Rúiseacha mar a thugtar orthu ann agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhorbairtí polaitiúla i gCugas Theas agus i gclár oibre athchóirithe an réigiúin amach anseo; |
|
23. |
á thabhairt dá haire, agus sainordú cothaithe síochána fhórsaí na Rúise á dhul in éag i gceann trí bliana, gur cheart láithreacht síochánaíochta nua a áirithiú ar an láthair, agus á chur i bhfáth gur gá gur misean síochánaíochta idirnáisiúnta é sin; |
|
24. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí an méid atá i ndán do POWanna agus sibhialtaigh de chuid na hAirméine a coinníodh le linn na coinbhleachta agus ina diaidh agus atá fós á gcoinneáil go neamhdhleathach ag an Asarbaiseáin; á chur in iúl gur geal léi scaoileadh saor cuid acu; ag cáineadh go gcuireadh pianbhreithe ar an 33 POW agus sibhialtach i mbraighdeanas a dearbhaíodh agus iad a choinneáil i gcónaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil a bpríosúnacht ag teacht salach ar na hiarrataí uile ón gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Pharlaimint, go scaoilfí saor na POWanna agus na sibhialtaigh i mbraighdeanas uile atá ann go fóill; á chur i bhfáth gur páirtithe iad an Airméin agus an Asarbaiseáin araon i gCoinbhinsiún na Ginéive (III) maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh, ina sonraítear nach mór cóir dhaonnachtúil a chur ar POWanna i gcónaí agus nach mór iad a scaoileadh saor agus a aisdúichiú gan mhoill tar éis deireadh a chur le cogaíocht ghníomhach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach fios fós cad atá i ndán do níos mó ná 200 Airméineach, lena n-áirítear 20 sibhialtach, i ndáil le cogadh 2020 agus cá bhfuil siad; á thabhairt dá haire go bhfuil tús curtha le nósanna imeachta ag Meitheal na Náisiún Aontaithe um Easnaimh Fhorneartaithe nó Neamhthoilteanacha agus gur iarr sí faisnéis ar an Asarbaiseáin i ndáil le 18 nduine ar a laghad atá ar iarraidh; á iarraidh ar gach taobh cinniúint agus cá bhfuil na daoine atá imithe ar iarraidh a shoiléiriú, agus caitheamh le corpáin le dínit; á éileamh arís go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll iad siúd atá fós á gcoinneáil, lena n-áirítear iad siúd a gabhadh le linn na n-achrann míleata a tharla le déanaí, agus go gcaithfí leo i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
25. |
ag cáineadh go láidir go ndearna fórsaí armtha na hAsarbaiseáine pearsanra míleata na hAirméine a chéasadh, a chiorrú agus a mharú, lena n-áirítear mná, agus ochtar POW neamharmtha de chuid na hAirméine i mí Mheán Fómhair 2022; á chur in iúl gur saoth léi go ndearna déantóirí na coire na gníomhartha gránna sin a scannánú agus go ndearna siad iad a phostáil ar na meáin shóisialta iad féin; á thabhairt dá haire gurb ann do thuarascálacha ó ghrúpaí um chearta an duine, go háirithe ó Human Rights Watch, lena n-aicmítear an gníomh sin mar choir chogaidh; á iarraidh go ndéanfar imscrúdú iomlán neamhspleách agus neamhchlaonta chun iad siúd atá freagrach a shainaithint agus chun iad a thabhairt chun cuntais as a gcuid gníomhaíochtaí; |
|
26. |
ag cáineadh gach cás céastóireachta agus fuadaigh forfheidhmithe chomh maith le drochíde agus géarleanúint comhlachtaí; á éileamh go n-áiritheoidh údaráis na hAsarbaiseáine go mbeidh an t-imscrúdú a d’oscail oifig an ionchúisitheora mhíleata an 2 Deireadh Fómhair 2022 trédhearcach agus éifeachtach agus go dtabharfar na saighdiúirí agus na ceannasaithe freagracha chun cuntais mar thoradh air; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, nár cuireadh aon fhaisnéis ar fáil chun na críche sin go dtí seo; ag an am céanna, á iarraidh ar údaráis imscrúdaitheacha na hAirméine leanúint den imscrúdú ar phíosa scannán 2020 saighdiúirí de chuid na hAsarbaiseáine a líomhnaítear a bheith faoi réir coireanna cogaidh agus déantóirí na coire a shainaithint agus iad a thabhairt chun cuntais; |
|
27. |
á áitiú go bhfuil an dá stát faoi oibleagáidí idirnáisiúnta imscrúduithe neamhspleácha, prasa, poiblí agus éifeachtacha a dhéanamh agus gach líomhain inchreidte maidir le sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive agus sáruithe eile ar an dlí idirnáisiúnta agus ar choireanna cogaidh a ionchúiseamh chun cuntasacht na ndaoine sin atá freagrach agus sásamh a áirithiú do na híospartaigh; |
|
28. |
ag cáineadh go ndearnadh scrios ar oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus stairiúil na hAirméine agus na hAsarbaiseáine ó thús choinbhleacht Nagarna-Carabaic; ag tathant ar an Asarbaiseáin agus ar an Airméin staonadh ó bhunús na hoidhreachta cultúrtha, reiligiúnaí nó stairiúla sa réigiún a scriosadh, a fhaillí nó a athrú tuilleadh agus, ina ionad sin, a ndícheall a dhéanamh an éagsúlacht shaibhir sin a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh cuntasacht ann maidir leis na gníomhaíochtaí sin; á chur i bhfáth go méadaíonn scriosadh na hoidhreachta cultúrtha teannas agus fuath idir tíortha agus go gcuireann sé le díchobhsú an réigiúin agus, ar an gcaoi sin, go mbaintear an bonn d’iarrachtaí na gcainteanna déthaobhacha a tionóladh le déanaí; á iarraidh go ndéanfar láithreáin a ndearnadh damáiste dóibh a athbchóiriú i gcomhréir le caighdeáin agus tásca Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) chomh maith le rannpháirtíocht níos mó an phobail idirnáisiúnta i gcosaint na hoidhreachta cultúrtha agus reiligiúnaí sa réigiún; á chur in iúl gur saoth léi nach raibh misean UNESCO in ann cuairt a thabhairt ar na limistéir atá buailte dhá bhliain ó síníodh ráiteas sos cogaidh an 9 Samhain 2020; á iarraidh ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin comhoibriú go hiomlán le UNESCO agus cuairt a mhisin ar an dá thír a cheadú agus a éascú gan réamhchoinníollacha; á thabhairt dá haire go bhfuil sé léirithe ag an Airméin go bhfuil sí toilteanach misean den sórt sin a fháil; |
|
29. |
ag spreagadh go mbeadh teagmhálacha déthaobhacha méadaithe idir údaráis pholaitiúla na hAirméine agus na hAsarbaiseáine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag sochaithe sibhialta an dá thír maidir le feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an dá thír; á chur i bhfáth gur gá dul i gcomhairle agus comhoibriú leis an tsochaí shibhialta agus le cosantóirí chearta an duine, go háirithe maidir le saincheisteanna an athmhuintearais agus an chúnaimh dhaonnúil, chomh maith lena thábhachtaí atá cistiú inbhuanaithe agus saoirse na n-eagraíochtaí sin a gcuid oibre a dhéanamh gan srianta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Airméin agus san Asarbaiseáin a rannchuidíonn go fírinneach leis an athmhuintearas; |
An beartas eachtrach agus slándála
|
30. |
ag tacú le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Tuirc ar mhaithe le hathmhuintearas, cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach chomh maith le forbairt shocheacnamaíoch agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, lena n-áirítear eitiltí a atosú idir an dá thír; á iarraidh go ndéanfar comhaontuithe ar tháinig na hionadaithe speisialta orthu a chur chun feidhme go pras; á mheabhrú gur theip ar an iarracht a rinneadh roimhe seo an caidreamh idir an Airméin agus an Tuirc a normalú trí phrótacail 2009 a shíniú mar gheall ar thacaíocht aontaobhach na Tuirce don Asarbaiseáin agus mar gheall ar a cinneadh oscailt na teorann agus bunú caidrimh taidhleoireachta leis an Airméin a bheith coinníollach ar réiteach choinbhleacht Nagarna-Carabaic; á iarraidh ar an dá thaobh páirt a ghlacadh sa phróiseas de mheon macánta agus gan réamhchoinníollacha agus á iarraidh ar AE tacú go gníomhach leis an bpróiseas sin; á chur in iúl go bhfuil súil aici go bhféadfadh sé sin spreagadh a thabhairt do normalú an chaidrimh i réigiún Chugas Theas; ag spreagadh an athuair go dtabharfadh an Tuirc aitheantas do Chinedhíothú na hAirméine chun an bealach a réiteach d’fhíor-athmhuintearas idir muintir na Tuirce agus na hAirméine, agus chun lánurraim a thabhairt dá oibleagáidí maidir le hoidhreacht chultúrtha na hAirméine a chosaint; |
|
31. |
á mheabhrú nár gníomhachtaíodh clásail CSTO le linn chogadh 2020 ná i mí Mheán Fómhair 2022, in ainneoin iarrataí ón Airméin; ag spreagadh na hAirméine, chun cosaint níos fearr a áirithiú dá ceannasacht agus dá hiomláine chríochach, breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a comhpháirtíochtaí agus a comhghuaillíochtaí slándála féideartha a éagsúlú lena comhpháirtithe réigiúnacha agus Eora-Atlantacha, mar nár leor a spleáchas seanbhunaithe ar an Rúis agus ar a comhghuaillithe in CSTO; |
|
32. |
á thabhairt dá haire gur spéis leis an Iaráin cosc a chur ar naisc nua iompair a thógáil idir Poblacht Fhéinrialaitheach Nakhchivan le réigiúin iarthar na hAsarbaiseáine, mar a comhaontaíodh sa ráiteas faoin sos comhraic an 9 Samhain 2020, a mbeadh tionchar suntasach aige, dá n-éireodh léi, ar na hionchais go mbeadh comhaontú síochána ann; ag tarraingt aird údaráis na hAirméine ar na rioscaí a bhaineann le comhoibriú le réimeas forlámhach na hIaráine, ar soláthróir trealaimh mhíleata é, i measc coireanna agus sáruithe eile, atá á úsáid ag an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; |
|
33. |
ag tacú le hiarrachtaí na hAirméine leas a bhaint as Tionól Parlaiminteach Euronest mar fhóram tábhachtach don idirphlé polaitiúil le tíortha comharsanachta agus, dá bhrí sin, ag spreagadh na hAirméine chun leanúint d’úsáid iomlán a bhaint as; |
Athchóirithe daonlathacha, an smacht reachta agus an dea-rialachas
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm iomlán CEPA an 1 Márta 2021 agus tiomantas na hAirméine dá chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gur creat é an comhaontú do AE agus don Airméin chun oibriú le chéile i raon leathan réimsí, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú, cur leis an bhfás eacnamaíoch agus comhar earnálach a chothú; á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an Rialtas na hAirméine CEPA mar threoirphlean straitéiseach le haghaidh athchóirithe lárnacha san Airméin; á mholadh go ndearna an Airméin na hathchóirithe suntasacha agus an próiseas daonlathaithe críochnúil a chuir chun feidhme le blianta beaga anuas agus, dá bhrí sin, as a bheith ina ceannaire sa daonlathas sa réigiún; á aithint gur aithin an Coimisiún agus an tArdionadaí an Airméin mar dhaonlathas iomlán ina dTuarascáil Cur Chun Feidhme Comhpháirtíochta 2022 maidir leis an Airméin; |
|
35. |
á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Airméin maidir le treochlár CEPA a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gComhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun athchóirithe leanúnacha agus athchóirithe a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme; á thabhairt dá haire, amhail ó mhí Mheán Fómhair 2022, go bhfuil na bearta curtha chun feidhme ag an Airméin nó go bhfuil siad á gcur chun feidhme laistigh de sprioc-amanna 2019, 2020, 2021 agus 2022 threochlár CEPA; |
|
36. |
á aithint go bhfuil ag éirí leis an Airméin maidir leis an comhrac i gcoinne na coireachta agus an éillithe, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na tíortha is sábháilte sa réigiún; |
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi luaththoghcháin pharlaiminteacha 2021, lenar deimhníodh neart an daonlathais san Airméin agus tacaíocht a muintire don chlár oibre um athchóiriú; ag spreagadh don rialtas chun leanúint d’athchóirithe a chur chun feidhme, in ainneoin an chomhthéacs chasta idirnáisiúnta agus na ndúshlán atá ann don Airméin, chun institiúidí daonlathacha, an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú; á athdhearbhú gurb é AE an deontóir is mó a thacaíonn le próiseas athchóirithe na hAirméine agus go leanann sé cur chuige dreasacht-bhunaithe ‘tuilleann breis tuilleadh’ agus ‘níos lú ar son níos lú’ sa chúnamh a thugann sé; |
|
38. |
ag spreagadh na hAirméine chun leanúint dá hiarrachtaí athchóirithe a chur chun feidhme agus an daonlathas, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú agus á chur in iúl gur mór aici an dul chun cinn atá déanta cheana; á chur in iúl gur mór aici an dul chun cinn atá déanta ag an Airméin i gcur chun feidhme a straitéise náisiúnta maidir le hathchóirithe breithiúnacha agus dlíthiúla agus a straitéise frithéillithe náisiúnta chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla cuimsitheacha agus á iarraidh ar an Airméin na bearta is gá a dhéanamh chun cearta an duine a chosaint ar bhealach níos fearr, go háirithe cearta na mban agus cearta mionlach, lena n-áirítear daoine LADTIA; á thabhairt dá haire go léirítear sna tuarascálacha ó ENRanna áirithe agus ó ionadaithe ón bhfreasúra an baol go bhféadfadh cúlchéimniú a bheith ann, i réimsí áirithe ar a laghad; ag tathant ar an rialtas dul chun cinn infheicthe a dhéanamh sna réimsí sin; á iarraidh ar an Airméin leanúint de bheith ag comhoibriú le AE maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme agus á iarraidh ar AE tacaíocht a mhéadú sna réimsí sin, go háirithe maidir le tacaíocht theicniúil agus malartú saineolais; |
|
39. |
á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile sa tír leanúint de na hathchóirithe riachtanacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an smacht reachta, saoirse na meán agus neamhspleáchas na breithiúnachta a neartú, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail dhaonlathacha agus do chearta an duine; |
|
40. |
á chur in iúl gur oth léi an teanga dheighilteach a úsáideann lucht freasúra polaitiúil go minic agus na hiarrachtaí millteacha atá á ndéanamh ag roinnt grúpaí polaitiúla atá cleamhnaithe ag an Rúis chun an próiseas síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a chur de dhroim seoil; |
|
41. |
á thabhairt dá haire na hathchóirithe póilíneachta uaillmhianacha a rinne Rialtas na hAirméine le tacaíocht fhorleathan AE, arb é is aidhm dóibh timpeallacht níos sábháilte a chruthú agus muinín a mhéadú idir an pobal agus na póilíní, agus go háirithe bunú sheirbhís phatróil nua na hAirméine agus aireacht inmheánach a bheartaítear a bhunú; |
|
42. |
á iarraidh go gcríochnófar an t-imscrúdú cuimsitheach ar na cásanna líomhnaithe mí-úsáide fornirt ag póilíní i gcoinne agóideoirí, iriseoirí, pearsana an fhreasúra agus gníomhaithe; |
|
43. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta i múnlú agus i gcur chun feidhme príomh-athchóirithe; á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach atá ag ENRanna agus ag gníomhaithe ar son chearta an duine i gcosaint an daonlathais agus chearta an duine; á iarraidh ar Rialtas na hAirméine a chomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú tuilleadh, agus reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosaint níos fearr a thabhairt do chosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar Thoscaireacht AE agus ar ionadaíochtaí na mBallstát san Airméin cur lena dtacaíocht d’obair na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar Rialtas na hAirméine iarrachtaí comhpháirteacha a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis atá dírithe ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus ar ghníomhaithe ar son chearta an duine, arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint dá ról maidir le tacú leis an daonlathas agus é a chur chun cinn; |
Urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha
|
44. |
á thabhairt chun suntais go n-áirítear mar chuspóir le hAirteagal 1 de CEPA feabhas a chur ar an gcomhar i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais d’fhonn an smacht reachta agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a threisiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá saoirse na meán, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhthionóil chun daonlathas bríomhar a chaomhnú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil bréagaisnéis agus reitric ghéar ann, lena n-áirítear i leith grúpaí imeallaithe; ag tathant ar na húdaráis seasamh go catagóiriúil le cearta uile an duine a chumhdaítear in ECHR, go háirithe nuair a bhaineann siad le grúpaí leochaileacha amhail mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine LADTIA; |
|
45. |
á mheabhrú gur bunchloch de chórais dhaonlathacha é an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe; á mheas gur deis é an t-aistriú daonlathach san Airméin chun an córas um chearta an duine a neartú; á mheabhrú gur spreag Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine an rialtas chun seasamh pras a ghlacadh agus roinnt athchóirithe dlíthiúla a ghlacadh; á mheas go bhfuil na moltaí uile ar fáil do na húdaráis chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cearta an duine agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme iad; |
|
46. |
á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar shaoirse na meán san Airméin mar a léirítear in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2022; ag spreagadh na n-údarás náisiúnta chun leanúint d’athchóirithe a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar shaoirse na meán sa tír; á chur i bhfáth, cé go bhfuil timpeallacht na meán sa tír éagsúil, go bhfuil deighilt agus tionchar úinéirí na meán ar bheartais eagarthóireachta mar shaintréith di freisin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cásanna fuathchainte agus foréigin fhisiciúil atá dírithe ar iriseoirí; |
|
47. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di na feachtais bhréagaisnéise gan staonadh ón Rúis san Airméin, a scaipeann go meáin na hAirméine agus ar ardáin na meán sóisialta, lena ndírítear ar AE agus ar an Iarthar i gcoitinne; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS oibriú i gcomhar le húdaráis na hAirméine chun an bhréagaisnéis a chomhrac, go háirithe trí thacaíocht a mhéadú do na meáin neamhspleácha sa tír agus iarrachtaí a dhéanamh chun oiliúint a chur ar éagsúlacht earnáil na meán agus chun cur le leibhéal méadaithe litearthachta sna meáin san Airméin; |
|
48. |
á iarraidh ar Rialtas na hAirméine staonadh ó bhearta a úsáid a chuireann teorainn le saoirse cainte agus saoirse na meán agus iad ag comhrac i gcoinne cur isteach eachtrach, lena n-áirítear bréagaisnéis; á áitiú go mbeadh comhar níos fearr ann le geallsealbhóirí éagsúla maidir le dlíthe a bhfuil tionchar acu ar chearta an duine, ar dhaonlathú agus ar na meáin; |
|
49. |
á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an staid maidir le comhionannas inscne, ionadaíocht na mban agus cóir chomhionann ar gach leibhéal den saol polaitiúil, eacnamaíoch agus sochaíoch, agus an comhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe agus an fhoréigin teaghlaigh; á iarraidh ar an Airméin daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rannpháirtíocht pholaitiúil na mban fós íseal in ainneoin gur tugadh isteach cuóta inscne do liostaí iarrthóirí; |
|
50. |
á thabhairt chun suntais éifeacht ar leith na coinbhleachta ar mhná agus ar ghrúpaí imeallaithe, lena n-áirítear staid leochaileach na mban a easáitíodh ó na limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus an méadú ar an bhforéigean teaghlaigh i ndiaidh an chogaidh a bhí ann le déanaí, chomh maith le mná a eisiamh ón bpróiseas síochána oifigiúil; á iarraidh ar Rialtas na hAirméine, chomh maith le hidirghabhálaithe idirnáisiúnta, deireadh a chur le bacainní ar rannpháirtíocht na mban agus saineolaithe ban agus cosantóirí ban ar chearta an duine a áireamh go córasach i ngach comhairliúchán; |
|
51. |
á chur in iúl gur geal léi an clár oibre do mhná, don tsíocháin agus don tslándáil a chur chun cinn agus a chur in ord tosaíochta ag an Airméin faoi chuimsiú a beartas agus a clár náisiúnta, agus é mar chuspóir leis rannpháirtíocht pholaitiúil agus phoiblí na mban a áirithiú ar gach leibhéal den nós imeachta cinnteoireachta, a gcumhachtú agus comhionannas inscne a chur chun cinn; á thabhairt dá haire go bhfuil glacadh an dara plean gníomhaíochta náisiúnta de chuid na hAirméine chun Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun feidhme ríthábhachtach chun iarrachtaí na hAirméine a chomhdhlúthú chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní i gcoinbhleachtaí agus chun príomhshruthú inscne a thuilleadh i rialachas na hearnála slándála; |
|
52. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá neamh-idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne, agus go rachadh feabhsuithe i ndáil leis sin chun tairbhe go mór d’fhorbairt dhaonlathach na hAirméine agus go gcabhródh siad le cosaint chearta an duine a chur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil an Airméin ag titim ar gcúl i gcosaint chearta LADTIA agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid sa tír; ag tathant ar údaráis na hAirméine seasamh le cearta daoine LADTIA agus fóibe-LADTIA, eisiamh sóisialta, stiogmatú agus gach cineál idirdhealaithe i gcoinne daoine LADTIA ina reachtaíocht a chosc agus a chomhrac agus á iarraidh ar AE tacú leis an Airméin sa phróiseas sin; |
Caidreamh eacnamaíoch agus trádála
|
53. |
á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht le 10 mbliana anuas ar mhéid na trádála déthaobhaí idir an Airméin agus an tAontas; ag spreagadh na hAirméine, AE agus a Bhallstáit, chomh maith le cuideachtaí agus infheisteoirí Eorpacha, chun na bearta is gá a dhéanamh chun a gcaidreamh eacnamaíoch agus trádála a fheabhsú tuilleadh; |
|
54. |
á thabhairt dá haire, amhail ón 1 Eanáir 2022, gur stad an Airméin de thairbhe a bhaint as Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (GSP) agus as a socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas (GSP+); á iarraidh ar an Airméin cur leis an rath a bhí ar thrádáil faoi tharaifí fabhracha GSP agus GSP+ agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá ar fáil laistigh de CEPA; |
|
55. |
ag cur sonrú in acmhainneacht an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta chun cabhrú leis an Airméin geilleagar inbhuanaithe dinimiciúil athléimneach a thógáil; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Airméin maidir le tionscnaimh shuaitheanta a chur chun feidhme; |
Comhar earnálach
|
56. |
á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta an 15 Samhain 2021 agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndaingneofar go pras é; |
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an comhaontú maidir le comhar straitéiseach le Europol i mí Mheán Fómhair 2021 agus an dul chun cinn suntasach a rinneadh sa chaibidlíocht chun comhaontú le Eurojust a shíniú; |
|
58. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Airméin isteach i nGréasán Imirce na hEorpa mar bhreathnóir i mí Dheireadh Fómhair 2022; |
|
59. |
á chur in iúl gur geal léi comhlachas na hAirméine le Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta AE do 2021-2027, lena gcuirtear ar chumas taighdeoirí, nuálaithe agus eintiteas taighde ón Airméin comhpháirtíochtaí lena gcomhghleacaithe san Aontas a neartú, agus á chur in iúl gur geal léi comhar rathúil na hAirméine le clár Erasmus+; |
|
60. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Airméin tar éis dul isteach i gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027, rud a neartóidh earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hAirméine agus a chuirfidh borradh faoina hiarrachtaí a bheith níos cuimsithí, níos digití agus níos inbhuanaithe; |
|
61. |
á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit aitheantas a thabhairt don dul chun cinn atá déanta ag an Airméin le blianta beaga anuas i ndáil leis na comhaontuithe maidir le héascú víosaí agus athligean isteach a chur chun feidhme, agus i ndáil le hidirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí a oscailt leis an Airméin chun tacú le teagmhálacha duine le duine, le naisc dhéthaobhacha níos dlúithe agus le dul chun cinn maidir le hathchóiriú; |
|
62. |
á athdhearbhú gur cúis imní di oibriú leanúnach ghléasra cumhachta núicléiche Metsamor atá as dáta; á iarraidh go nglacfaí treochlár nó plean gníomhaíochta go pras chun an gléasra a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú go sábháilte, agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann a acmhainneacht fuinnimh a ionadú, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun slándáil fuinnimh agus forbairt inbhuanaithe na hAirméine a áirithiú i gcomhréir le forálacha CEPA; á chur in iúl gur geal léi cuairt Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) ar an Airméin i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus ag spreagadh Údarás Rialála Núicléach na hAirméine chun comhar frithpháirteach a chothú agus leas iomlán a bhaint as tacaíocht IAEA; ag tathant ar an Airméin aon bheart is gá a dhéanamh chun stáisiún núicléach Metsamor a thabhairt suas le caighdeáin idirnáisiúnta chun a áirithiú go n-oibreoidh sé go sábháilte agus go slán, ar feadh na hidirthréimhse is gá ar a laghad go dtí go mbeidh rogha mhalartach leordhóthanach eile ann a chuirfear ina ionad go hiomlán oibríochtúil agus go ráthófar slándáil fuinnimh; |
|
63. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta atá glactha ag an Airméin cheana féin maidir leis an aistriú glas agus a tiomantas astaíochtaí a laghdú 40 % faoi 2030; á iarraidh ar an Airméin páirt bhreise a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus an gá atá leis an gcomhshaol a chosaint; ag spreagadh na hAirméine chun a spriocanna laghdaithe astaíochtaí a mhéadú faoina rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta chun go léireodh sé a tiomantas agus a cuntas teiste maith maidir le hastaíochtaí a laghdú; |
|
64. |
á iarraidh ar údaráis na hAirméine céimeanna ríthábhachtacha a ghlacadh chun dlús a chur le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite, chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus chun foinsí fuinnimh a éagsúlú, agus é á chur san áireamh gurb ionann allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis fós agus os cionn 80 % d’allmhairí gáis na hAirméine, chomh maith leis an gcomhar déthaobhach idir an Airméin agus an Iaráin maidir le malartú fuinnimh; |
o
o o
|
65. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na hAirméine. |
(1) IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.
(2) IO C 118, 8.4.2020, lch. 43.
(3) IO C 362, 8.9.2021, lch. 114.
(4) IO C 353 E, 3.12.2013, lch. 148.
(5) IO C 328, 6.9.2016, lch. 2.
(6) IO C 15, 12.1.2022, lch. 156.
(7) IO C 347, 9.9.2022, lch. 198.
(8) IO C 493, 27.12.2022, lch. 70.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0009.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0012.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/404/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)