Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IE1665

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rochtain ar uisce: dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus a himpleachtaí don bheartas sóisialta (tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2023/01665

    IO C 349, 29.9.2023, p. 60–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/60


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rochtain ar uisce: dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus a himpleachtaí don bheartas sóisialta

    (tuairim féintionscnaimh)

    (2023/C 349/10)

    Rapóirtéirí:

    Kinga JOÓ agus Carlos Manuel TRINDADE

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    25.1.2023

    Bunús dlí

    Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    21.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    171/19/22

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tacaíonn CESE go hiomlán leis na rúin ó na Náisiúin Aontaithe ina ndearbhaítear gur ceart bunúsach daonna é an ceart ar uisce (1) agus gur bunriachtanas é chun taitneamh a bhaint as an saol agus as cearta uile an duine (2). Le Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus le prionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, bunaítear na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis an gceart rochtain a fháil ar uisce. I gcás an athraithe aeráide, is tábhachtaí fós an bhochtaineacht uisce agus bíonn beartais phoiblí de dhíth chun dul i ngleic léi. I gcás ganntanas uisce, is iad na daoine leochaileacha is mó a bhíonn thíos leis.

    1.2.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm maidir le gach beartas uisce agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce, rud a bheidh i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta freisin. Ba cheart seirbhísí uisce agus sláintíochta a bheith inbhuanaithe, cothrom, éifeachtach, ar ardcháilíocht agus inacmhainne do chách, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí sóisialta leochaileacha.

    1.3.

    Tá CESE den tuairim gur cheart caitheamh leis an rochtain uilíoch ar uisce óil agus ar shláintíocht ardchaighdeáin ar phraghsanna cothroma don phobal mar leas poiblí seachas mar thráchtearra, agus ar an ábhar sin nár cheart é a bhainistiú de réir rialacha an mhargaidh aonair.

    1.4.

    Iarrann CESE ar an gCoimisiún cur chuige coiteann a chur chun cinn chun bochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus chun sainmhíniú cuimsitheach a fhorbairt lena bhféadfar tuiscint inláimhsithe chomhroinnte a fháil ar an rud is bochtaineacht uisce ann (3). Ar an gcaoi sin, féadfaidh gach Ballstát sainmhíniú a fhorbairt a bheidh oiriúnach dá chomhthéacs féin, i gcomhréir leis an gceann Eorpach.

    1.5.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt trína ndéanfar faireachán ar an rochtain ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta (4) inacmhainne ar ardchaighdeán, agus ar neamhréireachtaí spásúla, sóisialta agus inscne sna seirbhísí sin ag leibhéal na mBallstát agus an Aontais. Iarrann sé ar an gCoimisiún, freisin, staid na himeartha a mhapáil agus faireachán rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar. Ba cheart na sonraí a bheith iontaofa, bailí agus ar fáil go poiblí. Beidh an méid sin ag teastáil freisin chun Airteagal 16(a) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (dá ngairfear an Treoir maidir le hUisce Óil anseo feasta) a chomhlíonadh (5), agus tá CESE ag súil go nglacfar an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le hAthmhúnlú na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (6), lena dtugtar isteach Airteagal 19 maidir le Rochtain ar Shláintíocht.

    1.6.

    Molann CESE don Choimisiún gur cheart gealltanas a chuimsiú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le hUisce Óil go mbeadh rochtain ag cách ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta, mar a leagtar amach i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 de chuid na Náisiún Aontaithe. Molann CESE don Choimisiún treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh maidir le praghsáil uisce agus sláintíochta, faoinar féidir leis na Ballstáit creat rialála atá oiriúnach dá chomhthéacs féin a fhorbairt. Ba cheart do na treoirlínte sin urraim a thabhairt do cheart an duine ar uisce agus prionsabal an neamh-dhíghrádaithe, cosúil lena bhfuil molta ag na Náisiúin Aontaithe maidir le cearta an duine agus an rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht.

    1.7.

    Tá sé á chur i bhfios ag CESE nár cheart comhlíonadh riachtanas sóisialta eile a chur i mbaol de bhrí go bhfuiltear ag íoc as soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta. Ar an ábhar sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt ar na bearta maidir le hinacmhainneacht a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile, agus go sonrach i gcás tomhaltóirí leochaileacha. Bunaithe ar an bhforléargas sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt lena bhféadfaidh na Ballstáit teaghlaigh a bhfuil fadhbanna inacmhainneachta acu, agus tomhaltóirí leochaileacha go háirithe, a shainaithint, agus bearta réitigh a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart a áirithiú leis na treoirlínte sin nach ndéanfar soláthar uisce aon úsáideora leochailigh a dhínascadh (7). Ba cheart léargas iomlánaíoch ar chásanna na dteaghlach a ndéantar difear dóibh a bheith mar bhonn do na bearta sin, agus ba cheart ionstraimí beartais shóisialta, bearta beartais tithíochta, agus bearta sonracha a bhaineann le soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach atá sonrach don chomhthéacs. Ba cheart prionsabal na dlúthpháirtíochta a chur san áireamh agus na bearta sin á maoiniú; ba cheart féachaint ar chineálacha nuálacha cistiúcháin chomh maith le cistiú poiblí, e.g. cistí tiomnaithe a ionchorprófar i mbillí uisce a chur ar bun.

    1.8.

    Molann CESE go ndéanfaidh an tAontas creataí rialála maidir le comhaontuithe i gcás lamháltas uisce a ghlacadh agus a neartú chun an t-uisce a bhainistiú mar leas poiblí seachas mar thráchtearra ar féidir é a thrádáil. Maidir leis na creataí rialála sin, ba cheart na nithe seo a leanas a áirithiú:

    a)

    go bhfuil siad i gcomhréir le cearta an duine;

    b)

    go gcuirtear inbhuanaitheacht na n-éiceachóras uisceach chun cinn leo;

    c)

    go ndéantar iad a bhunú agus a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach le rannpháirtíocht an phobail;

    d)

    go bhfuil siad ina gcomhlánú ar chreat na gceart lamháltais le hinstitiúidí poiblí chun cearta úsáide uisce a aisghabháil mar mhalairt ar chúiteamh cóir agus iad a ath-leithdháileadh, le linn géarchéimeanna triomaigh, ar úsáideoirí atá i gcruachás.

    1.9.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríocht bhunúsach idir bainistíocht phoiblí agus phríobháideach uisce agus go bhfuil dea-shamplaí agus drochshamplaí ar fáil ar an leibhéal poiblí agus príobháideach araon. Mar sin féin, toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús san earnáil phríobháideach, is deacair bunriachtanas uilíocht na seirbhíse a chomhlíonadh, i.e. freastal ar 100 % den phobal. Creideann CESE gur fearr is féidir le bainistíocht uisce phoiblí rochtain uilíoch ar chórais uisce agus séarachais a ráthú ar phraghas cothrom agus caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha agus athbhunú agus cosaint éiceachóras á gcur san áireamh.

    1.10.

    Tá CESE den tuairim gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit uile fís chomhshaoil a ghlacadh agus cláir a fhorbairt lena gcisteofar na dáileoirí uisce chun laghdú sceití agus caillteanais uisce a áirithiú, ós rud é go ndéanann siad léirscrios ar bhainistiú acmhainní uisce. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar réitigh theicniúla nua agus nuálacha, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, chun dul i ngleic leis an nganntanas uisce, leithéidí úsáid níos mó a bhaint as uisce liath agus fuíolluisce cóireáilte, agus as saoráidí cóireála fuíolluisce ar mhionscála atá díláraithe.

    1.11.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiúchán poiblí a chur ar fáil chun bonneagar a fhorbairt, agus aird ar leith á tabhairt ar úinéirí maoine ar bheagán acmhainní agus ar chomharsanachtaí uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus a raibh riachtanais athchóirithe bonneagair acu le fada. Ba cheart féachaint le forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar uisce agus sláintíochta i gcomhthéacs an Rabharta Athchóiriúcháin. Ina theannta sin, maidir leis an bpleanáil spásúlachta, ba cheart soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de a chur san áireamh.

    1.12.

    Agus é á thabhairt dá aire aige go bhfuil go leor abhantrach san Eoraip a bhaineann le breis agus Ballstát amháin, molann CESE creat rialachais pholaitiúil agus theicniúil a ghlacadh agus go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach i ngach ceann de na habhantracha san Aontas (féach pointe 6.4 agus 6.5). Molann CESE don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na bainistíochta abhantraí agus sásraí polaitiúla, teicniúla agus rannpháirtíochta a thionscnamh chun í a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún Comhairle Abhantraí a chur ar bun a dhéanfaidh ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, a chabhróidh leis an Údarás Abhantraí agus a ghlacfaidh ról an idirghabhálaí chuici féin i gcoinbhleachtaí trasteorann.

    1.13.

    Molann CESE don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

    tionscadail talmhaíochta agus thionsclaíocha atá an-dian ar uisce a rialáil i ndáil le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta iartheachtacha agus, i gcásanna áirithe, próiseas céimnithe amach a fhorbairt le haghaidh na dtionscadal sin, réitigh a aimsiú do na gnólachtaí, na hoibrithe agus na críocha lena mbaineann agus na cistí riachtanacha a leithdháileadh chun cothromaíocht a bhaint amach sa réiteach a aimseofar;

    reachtaíocht a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh sreabhadh íosta ag dul i bhfarraige;

    a chinntiú go nglacfaidh an tAontas pleananna éigeandála faoina dtabharfaí tosaíocht don rochtain ar uisce a bheadh in úsáid ag daoine i ngéarchéim ghanntanais.

    1.14.

    Molann CESE go ndéanfaidh an tAontas beartais a tharraingt suas chun tomhaltóirí a chosaint, faoina n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag cách ar uisce óil sábháilte ar phraghas cothrom, agus ar chórais leordhóthanacha séarachais. Ba cheart rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí éagsúla lena mbaineann (tomhaltóirí, oibrithe, gnólachtaí) i gcomhlachtaí comhairliúcháin a chuimsiú sna beartais sin.

    1.15.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheasacht chónaitheoirí an Aontais ar luach an uisce, agus ar a thábhachtaí atá rochtain ar uisce agus ar shláintíocht do chách. Ba cheart leas a bhaint as acmhainneacht na cumarsáide agus an oideachais chun úsáid níos inbhuanaithe an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta a chur chun cinn (8). Ba cheart díriú ar leanaí agus daoine óga mar phríomhghníomhaithe in úsáid inbhuanaithe an tsoláthair uisce agus seirbhísí sláintíochta amach anseo, ach ba cheart na haoisghrúpaí uile a chuimsiú sa mhúscailt feasachta. I gcás teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht uisce, ba cheart an mhúscailt feasachta a chomhtháthú le bearta eile chun feabhas a chur ar rochtain na dteaghlach sin ar sholáthar uisce agus ar sheirbhísí sláintíochta ardchaighdeáin ar phraghas réasúnta.

    1.16.

    Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur cheart suirbhéanna ar riachtanais phearsanra san earnáil uisce a dhéantar ar bhonn córasach a bheith ag gabháil le beartais uisce an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear na cáilíochtaí is gá, forbairt an lucht saothair, agus bainistiú sláinte agus sábháilteachta ceirde. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta san earnáil.

    2.   Réamhrá agus raon feidhme na tuairime

    2.1.

    Is gné bhunúsach é uisce i ngach réimse saoil. Is príomhghné den fhorbairt inbhuanaithe é freisin agus is bunriachtanas do shíocháin na sibhialtachta é. Tá an t-athrú aeráide ag cur le fadhbanna a bhaineann le huisce cheana féin, agus beidh fadhbanna níos mó fós á gcruthú aige amach anseo. Tá pobail dhaonna, agus grúpaí leochaileacha go háirithe, faoi bhrú breise de bharr soláthairtí neamhleora fionnuisce.

    2.2.

    In 2010 (9), thug Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe aitheantas sainráite do cheart an duine ar uisce agus ar shláintíocht, agus treisíodh an t-aitheantas sin ag Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe (10). Aithníonn na Náisiúin Aontaithe freisin gur bunriachtanais iad uisce óil glan agus sláintíocht chun cearta uile an duine a bhaint amach. I measc na 17 SDG de chuid na Náisiún Aontaithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, tá Sprioc 6 – ‘Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine’. Taobh leis na gealltanais dhomhanda sin, sonraítear i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ceart rochtana ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear uisce agus sláintíocht.

    2.3.

    Bhunaigh an tAontas Eorpach creat cuimsitheach dlíthiúil agus rialachais chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní uisce an Aontais, agus tá dul chun cinn déanta aige maidir lena chur chun (11)(12). I dtuairimí ó CESE roimhe seo moladh go láidir na dúshláin a bhaineann le huisce a nascadh le bearta chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an sprioc deireadh a chur léi (13), soláthar uisce agus sláintíochta a chur chun cinn mar sheirbhísí poiblí ríthábhachtacha do chách (14), agus an rochtain ar uisce óil a éascú do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna iargúlta agus i limistéir thuaithe faoi mhíbhuntáiste nó imeallacha (15).

    2.4.

    Sa tuairim féintionscnaimh seo, dírítear ar na dúshláin reatha a bhaineann le rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht. Féachtar inti freisin ar na bearta a bheidh le glacadh ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil agus ar ról na sochaí sibhialta eagraithe maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus na héifeachtaí a ghabhann léi, ar na daoine is leochailí go háirithe. Ar deireadh, scrúdaítear inti bealaí chun éifeachtaí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha na bochtaineachta uisce agus an tionchar atá aici ar shláinte an duine a mhaolú.

    2.5.

    Is ann don bhochtaineacht uisce san Aontas Eorpach, ainneoin go bhfuil seasamh measartha maith ag an Aontas i dtéarmaí domhanda. Tá na milliúin saoránach de chuid an Aontais ann nach mbíonn rochtain acu ar uisce ná ar shláintíocht dea-chaighdeáin agus inacmhainne go laethúil, staid a bhféadfaí bochtaineacht uisce a thabhairt uirthi. Is é sin le rá, séantar ar na milliúin Eorpach a gceart rochtana ar uisce agus ar shláintíocht inacmhainne agus dea-chaighdeáin.

    2.6.

    Mar sin féin, baineann iarmhairtí forleathana sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil leis an mbochtaineacht uisce, lena n-áirítear rioscaí sláinte ar leibhéal an duine aonair agus an phobail, infhostaitheacht laghdaithe, meathlú an gheilleagair áitiúil, eisiamh sóisialta, truailliú comhshaoil, gluaiseachtaí/imirce an daonra agus éagobhsaíocht pholaitiúil. Níl na hiarmhairtí sin i gcomhréir leis an méid uisce a úsáideann na teaghlaigh sin ná leis an bhfuíolluisce a tháirgeann siad i gcomparáid leis an tionsclaíocht agus leis an talmhaíocht. Léiriú ar an méid sin is ea gur bhain an chéad Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis le rochtain ar uisce agus ar shláintíocht, tionscnamh inar éilíodh go mbeadh soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta ag an uile dhuine san Aontas, go dtabharfaí tús áite do chearta an duine ar leasanna an mhargaidh ó thaobh soláthar uisce de agus go ndéanfadh an tAontas iarrachtaí breise chun a áirithiú go mbeadh rochtain ag cách ar uisce agus ar shláintíocht (16). Chun tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin a bhaint amach, ní mór aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht uisce, go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an ghealltanais ann gan aon duine a fhágáil ar lár.

    2.7.

    Faoin Treoir maidir le hUisce Óil, bunaítear oibleagáid faoina gcaithfidh na Ballstáit gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce óil. Mar sin féin, ní aithníonn sé an ceart ag cách ar rochtain ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht, mar a áirítear sna spriocanna forbartha inbhuanaithe. Iarrann CESE ar an gCoimisiún an t-aitheantas sin a chur san áireamh sa chéad athbhreithniú eile ar an Treoir maidir le hUisce Óil.

    2.8.

    Is oth le CESE nach bhfuil ach sonraí teoranta agus ilroinnte ar fáil, rud a fhágann gur deacair forbhreathnú cuimsitheach a fháil ar scála agus ar shaintréithe an fheiniméin.

    3.   Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht ar ardchaighdeán

    3.1.

    Ní úsáideann 9,8 milliún duine san Aontas Eorpach, nó 2,2 % dá dhaonra, uisce óil sábháilte ó fhoinse ardchaighdeáin a bhfuil rochtain air ina dtithe féin (17). Tá 2 % eile ann, tuairim is 9,4 milliún duine, nach bhfuil rochtain acu ar bhunseirbhísí uisce óil ach lasmuigh dá n-áitreabh (18). Tá tuairim is 450 000 duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas (19) nach bhfuil rochtain acu ar bhunseirbhísí uisce óil fiú. Tá 6,7 milliún duine san Aontas Eorpach, nó 1,5 % den daonra, atá ina gcónaí agus gan áiseanna sláintíochta acu, is é sin le rá i dteach nach bhfuil folcadán, cithfholcadán ná leithreas insruthlaithe ann, agus tá 84,5 milliún duine, nó 19 % den daonra, nach bhfuil rochtain acu ar chóireáil thánaisteach fuíolluisce ar a laghad (20).

    3.2.

    Déanann bochtaineacht uisce difear go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do theaghlaigh leochaileacha.

    Tá breis agus trí oiread seans go mbeidh teaghlaigh faoi bhochtaineacht ag maireachtáil gan áiseanna sláintíochta acu (21).

    Bíonn tionchar díréireach ag an easpa rochtana ar uisce, sláintíocht agus sláinteachas (‘WASH’) ar mhná ar chúiseanna éagsúla, mar shampla mar gheall ar an ról díréireach a bhíonn acu cúraimí tí a dhéanamh, agus mar gheall ar shaincheisteanna cúraim a bhaineann le sláinteachas míosta.

    Déantar difear díréireach do leanaí, toisc iadsan is mó a bhíonn i mbaol de dheasca iarmhairtí drochshláinteachais.

    Is mó, freisin, a bhraitheann daoine faoi mhíchumas, nó daoine a bhfuil riachtanais shonracha acu, iarmhairtí na bochtaineachta uisce.

    Bíonn daoine gan dídean, go háirithe daoine a chodlaíonn amuigh, buailte go mór ag an easpa rochtana ar uisce, sláintíocht agus sláinteachas mar gheall ar an bhfíoreaspa tithíochta.

    An mionlach eitneach is mó san Eoraip, na Romaigh, bíonn siadsan thíos go mór leis an easpa rochtana ar uisce óil agus sláintíocht atá sábháilte agus inacmhainne. Cónaíonn gach tríú Romach i dteach gan uisce buacaire (22), agus níl leithreas insruthlaithe sa teach nó cithfholcadán ach ag beagán os cionn a leath (23). Tá samplaí ann de phobail imeallaithe, a mbíonn ró-ionadaíocht ag Romaigh iontu, a ndiúltaítear bunseirbhísí uisce óil dóibh, fiú, nuair a dhéantar na buacairí poiblí a dhúnadh síos (24), agus de phobail imeallaithe a chónaíonn i limistéir a bhuailtear le héilliú screamhuisce de bharr gníomhaíochtaí eacnamaíocha (25).

    Is minic nach mbíonn ach rochtain mhísásúil ag imircigh ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta, go háirithe imircigh gan doiciméid i gcóiríocht éigeandála agus i gcóiríocht neamhfhoirmiúil.

    D’fhéadfadh easpa rochtana ar uisce inacmhainne agus ar shláintíocht inacmhainne dul i bhfeidhm ar ghnólachtaí teaghlaigh ar le teaghlaigh leochaileacha iad, rud a chruthaíonn fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha.

    3.3.

    Maidir leis na héagothromaíochtaí sóisialta ó thaobh rochtana de, baineann tábhacht le difríochtaí spásúla sa bhonneagar uisce agus sláintíochta cé go bhfuil cúiseanna eile leo freisin. Is iomaí limistéar ina dtrasnaíonn na fadhbanna a bhaineann leis an mbonneagar agus na fadhbanna sóisialta. D’fhéadfadh pobail imeallaithe amuigh faoin tuath a bheith faoi mhíbhuntáiste ar leith. Ina theannta sin, i gcomharsanachtaí ar bheagán acmhainní a bhfuil riachtanais athchóirithe acu le fada, cuireann bonneagar lag leis an mbochtaineacht uisce agus le fadhbanna comhshaoil.

    3.4.

    San am céanna, bíonn tionchar ag athruithe déimeagrafacha dháileadh geografach an éilimh ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta. Cuireann an t-uirbiú brú breise ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta i roinnt mhaith limistéar uirbeach a bhfuil daonra mór iontu. In áiteanna eile den Aontas, i limistéir thuaithe go háirithe – ach i limistéir eile freisin – is deacair líonraí a fheidhmiú mar gheall ar laghdú daonra.

    3.5.

    Cé gur grúpaí sóisialta is mó atá thíos leis na fadhbanna thuasluaite a bhaineann le heaspa rochtana ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta, tá cion i bhfad níos mó de phobal an Aontais Eorpaigh – 30 % ar an meán – a ndéanann strus maidir le huisce (i.e. neamhréir idir an t-éileamh ar uisce agus an soláthar uisce) difear éigin dóibh (26). Bíonn dianstrus maidir le huisce ar dhaoine i ndeisceart na hEorpa i rith na bliana. In áiteanna eile san Eoraip, bíonn ganntanas uisce ann ó am go chéile agus i dteophointí sonracha. San iomlán, tá 8 milliún duine san Eoraip ina gcónaí i limistéir ina dtarlaíonn triomaigh go minic nó ina mbíonn strus maidir le huisce (27). Meastar go dtiocfaidh laghdú séasúrach breise ar an soláthar uisce sa chuid is mó den Eoraip mar thoradh ar an athrú aeráide.

    3.6.

    Thairis sin, sa mhéid go bhfuil timthriallta hidreolaíocha agus patrúin báistí ag athrú mar thoradh ar an athrú aeráide agus go bhfuil teochtaí ag ardú mar thoradh air, is fachtóir é a théann i bhfeidhm go mór ar an strus maidir le huisce, agus a mbíonn tionchar díreach aige ar an rochtain ar uisce, sláintíocht agus sláinteachas ar bhealaí iomadúla. Titeann soláthar agus cáilíocht an uisce de bharr triomach, ardú teochta agus fiú báisteach mhór, agus déantar damáiste don bhonneagar, rud a chruthaíonn deacrachtaí ó thaobh iompraíochtaí sláinteachais agus sláintíochta a chothabháil. D’fhéadfadh ardú ar leibhéal na farraige an soláthar uisce óil a laghdú mar gheall ar thuilte agus ionsá salanda. Tá ganntanas fianaise ann maidir leis an Eoraip go sonrach; mar sin féin, bunaithe ar na treochtaí domhanda is féidir glacadh leis le réasún go mbeidh tionchar díréireach ag an athrú aeráide ar dhaoine, teaghlaigh agus pobail leochaileacha (28).

    3.7.

    Baineann éagsúlacht mhór leis an méid uisce a úsáideann teaghlaigh, ag brath ar an mBallstát atá i gceist, idir 77 agus 220 lítear an duine in aghaidh an lae (29). Is lú uisce a úsáidtear i mBallstáit an oirthir, tríd is tríd, ná i mBallstáit an iarthair, agus tá cuid de Bhallstáit an deiscirt ar na húsáideoirí is mó; mar sin féin, tá asluitigh ann (30).

    3.8.

    Cé go bhfuil cáilíocht an uisce san Aontas Eorpach go maith, tríd is tríd, tá fadhbanna fós le cáilíocht an uisce i limistéir áirithe, mar a léirítear leis na cásanna neamhchomhlíontachta a seoladh i gcoinne roinnt Ballstát bunaithe ar an Treoir maidir le hUisce Óil. Ina theannta sin, tá baol mór ann go mbeidh uisce óil neamhshábháilte in úsáid mura mbeidh rochtain ar sholáthar uisce óil, agus ar bhunseirbhísí uisce go háirithe, a bhainistítear go sábháilte.

    3.9.

    Tá ardleibhéal sásaimh ann le cáilíocht an uisce óil tríd is tríd, cé nach mar sin atá i ngach áit. Léiríonn sonraí suirbhé ó lár na 2010idí gur mheas 82 % de chónaitheoirí an Aontais gur uisce óil dea-chaighdeáin a bhí sa limistéar ina raibh cónaí orthu (31), ach nár aontaigh thart ar 7 % díobh leis sin. Ní raibh an measúnú ginearálta ar uisce óil san Aontas chomh fabhrach céanna in aon chor, gan ach 27 % ag aontú leis an ráiteas go bhfuil rochtain mhaith ar uisce folláin agus glan san Aontas i gcoitinne.

    3.10.

    Cé gur uisce buacaire a bhíonn in úsáid ag formhór mór na gcónaitheoirí san Aontas le haghaidh níocháin, sláinteachas pearsanta agus cócaireachta, tá cion na ndaoine a dhéanann uisce buacaire a ól beagán níos ísle. I lár na 2010idí, thuairiscigh os cionn 90 % de dhaoine go raibh uisce buacaire in úsáid acu le haghaidh cócaireachta, ní raibh ach 55 % a dúirt go n-ólann siad uisce buacaire i gcónaí mar atá, agus bhí 10 % eile a ólann uisce sconna tar éis é a scagadh i gcónaí.

    3.11.

    Le fiche nó tríocha bliain anuas bhíothas ag breathnú ar uisce mar thráchtearra agus rinneadh seirbhísí uisce a phríobháidiú agus a airgeadrú. Le blianta beaga anuas tá na próisis sin á gceistiú agus tá samplaí ann cheana féin de bhardais a d’éirigh leo smacht a fháil ar na seirbhísí uisce arís. Tá uisce riachtanach don saol, is leas coiteann é, agus is cuid de chearta an duine é. Sa chomhthéacs sin, creideann CESE, mar sheirbhísí chun leas an phobail, gur cheart soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a bheith faoi réir rialáchán soiléir lena ráthaítear oibleagáidí seirbhíse, chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú uisce agus fuíolluisce ar phraghas inacmhainne ar an leibhéal uilíoch, agus go mbeidh cáilíocht leordhóthanach seirbhíse ar fáil. Na díolúintí atá ann i gcás an uisce agus an fhuíolluisce a leagadh síos sa Treoir maidir le Lamháltais (2014/23/AE), agus a deonaíodh mar thoradh ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis maidir le Right2Water, ba cheart don Choimisiún na díolúintí sin a choinneáil. Molann CESE don Choimisiún seirbhísí uisce a dhíolmhú ó rialacha an mhargaidh aonair. (32)

    4.   Inacmhainneacht

    4.1.

    Is ábhar mór imní é inacmhainneacht soláthair uisce agus seirbhísí sláintíochta do chónaitheoirí an Aontais mar gheall ar an méadú ar phraghas an fhuinnimh le déanaí (i measc cúiseanna eile) agus meastar go dtiocfaidh méadú ar chostas na seirbhísí sin. Cé nach gcuireann costais an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta ualach rómhór ar theaghlaigh ar an iomlán, is minic iad ina n-ualach ar theaghlaigh ísealioncaim, agus is dócha go méadófar ar líon na dteaghlach sin. D’fhágfadh tairseach 3 % go mbeadh fadhbanna inacmhainneachta le soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta ag an 5 % is boichte den phobal i 13 Bhallstát, agus go ndéanfaí difear don 10 % is boichte den phobal, fiú, i dtíortha áirithe (33). Ag an am céanna, d’fhéadfadh cur chuige den sórt sin maidir le fadhbanna inacmhainneachta a thomhas a bheith ina ábhar díospóide; d’fhéadfadh sé go mba dheacair é a thomhas, nó nach léireofaí scála iomlán na faidhbe ós rud e nach gcuirfí san áireamh na teaghlaigh a dhéanann tearcúsáid, difríochtaí i bpraghsáil an uisce (34) agus staid ioncaim choibhneasta na dteaghlach.

    4.2.

    Léirítear ardleibhéal difríochtaí spásúla idir tíortha agus laistigh díobh ó thaobh phraghas an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta de (35), ach ceal staitisticí mionsonraithe, ní féidir forléargas cuimsitheach a dhéanamh orthu. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn gréasáin níos faide agus costais oibriúcháin níos airde ag baint leis na córais dáileacháin i limistéir thuaithe, agus taraifí níos airde dá réir sin.

    4.3.

    Is fadhb é inacmhainneacht an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta do theaghlaigh leochaileacha ní hamháin mar gheall ar an ioncam íseal, ach mar gheall ar dhroch-chaighdeán a gcuid trealamh nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna, agus toisc go gcaitheann siad níos mó ama sa bhaile. Déantar difear díréireach do mhná, leanaí agus daoine óga atá imeallaithe, agus do dhaoine dífhostaithe freisin.

    4.4.

    Cé go mbeidh bearta sóisialta spriocdhírithe agus éifeachtacha ag teastáil mar réiteach ar na fadhbanna inacmhainneachta atá ann, níl aon fhorléargas cuimsitheach ann faoi láthair ar bhearta na mBallstát chun díriú ar fhadhbanna inacmhainneachta, lena n-áirítear bearta le haghaidh tomhaltóirí leochaileacha. Níl aon fhorléargas cuimsitheach ar fáil ach oiread ar an bhféidearthacht go gcuirfear deireadh le seirbhísí – nó nach ndéanfar sin – nó maidir le seirbhísí íosta. Mar sin féin, tá faisnéis ar leith ann i dtaca le tíortha áirithe (36), a léiríonn raon éagsúil de na bearta sin chun díriú ar shaincheist na hinacmhainneachta.

    4.5.

    Rinneadh forbairt ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as sa Treoir Réime maidir le hUisce sa mhéid go bhfuil de chuspóir inti go ndéanfar an costas iomlán a aisghabháil chun sláinte na n-éiceachóras a ráthú. Mar sin féin, más rud é go ndéantar an prionsabal sin a chur i bhfeidhm beifear ag teacht salach ar phrionsabal na rochtana uilíche ar uisce óil ar ardcháilíocht agus ar phraghsanna inacmhainne. Ar an leibhéal praiticiúil, cruthófar iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta, agus tiocfaidh méadú go háirithe ar neamhionannais, ós rud é gur taraifí níos airde go comhréireach a bheidh roimh na pobail is boichte, é sin nó ní bheidh na pobail sin faoi réir an phrionsabail a leagtar amach thuas. Tá CESE den tuairim gur cheart bunphrionsabal a dhéanamh den phrionsabal go mbeadh rochtain ag cách ar uisce óil ardchaighdeáin ar phraghsanna inacmhainne agus gur cheart é a chur san áireamh mar aon leis na hábhair imní chomhshaoil atá taobh thiar de na prionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus go ndéanfar an costas iomlán a aisghabháil.

    4.6.

    Is luamhán tábhachtach é struchtúr na taraife uisce d’inacmhainneacht, d’éifeachtúlacht, do chothromas agus do chaomhnú uisce chun go mbeifear in ann urraim a thabhairt ar an gceart atá ag an duine ar uisce, chun na héiceachórais a chosaint, agus chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní shóisialta. Chuige sin, tá struchtúir taraife éagsúla ann, lena n-áirítear struchtúr an Rapóirtéara Speisialta (37) maidir le cearta an duine ar uisce óil sábháilte agus sláintíocht ag an 76ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe (38).

    5.   Inbhuanaitheacht

    5.1.

    Faoi chuimsiú na tuairime seo, ní fhéachtar ar fhadhbanna comhshaoil, amhail ionsá salanda nó truailliú, a d’fhéadfadh a bheith freagrach as fadhbanna sóisialta ar deireadh thiar. Dírítear ar na gníomhaíochtaí daonna a mbíonn an róshaothrú mar thoradh orthu agus a bhíonn ina gcúis le coinbhleachtaí úsáide. Is é an fhadhb den sórt sin is mó a bhfuiltear ar an eolas faoi nuair a chuireann úsáid duine amháin ar uisce cosc ar pháirtí eile uisce a úsáid. Féachann reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus an reachtaíocht náisiúnta leis an bhfadhb sin a réiteach trí bhainistiú abhantrach (39), a ndearnadh leibhéil éagsúla cur chun feidhme agus gnóthachtála air ar fud na hEorpa.

    5.2.

    Nuair a bhaintear ró-úsáid as uisce is ea is mó a chuirtear leis an nganntanas uisce agus le díghrádú cháilíocht an uisce agus na seirbhísí. Mar sin féin, cuireann díghrádú cháilíocht an uisce leis an nganntanas uisce freisin, ní toisc go mbaintear den chainníocht uisce, ach toisc go dtagann laghdú ar an soláthar uisce atá oiriúnach chun críoch ar bith agus toisc an chóireáil uisce a bheith níos costasaí dá réir. Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an róshaothraithe, ba cheart dúinn díriú ar na cúiseanna seachas ar na hiarmhairtí, a pléadh sa phointe roimhe seo. Cuireann an róshaothrú le fadhbanna comhshaoil, rud a chruthaíonn fadhbanna sóisialta ós rud é go mbraitheann gníomhaíochtaí an chine dhaonna ar éiceachórais, agus ar éiceachórais shláintiúla go háirithe.

    5.3.

    Tá fadhb ar leith ag teacht chun cinn, eadhon, go bhfuil tionscadail talmhaíochta agus thionsclaíocha sárdhiana á bhforbairt i limistéir ar bheagán uisce, rud nach bhfuil indéanta gan uisce a aistriú ó abhantracha eile agus ró-úsáid a bhaint as uiscí dromchla. Tagann ann d’fhadhbanna comhshaoil agus sóisialta iartheachtacha dá dheasca sin. Mar shampla, mar thoradh ar róshaothrú abhann, is lú dríodair agus cothaithigh a shroicheann an fharraige, rud a chuireann le díghrádú na limistéar cósta agus a laghdaíonn na stoic éisc. Ar an iomlán, bíonn ídiú éiceachóras mar thoradh ar an róshaothrú, rud is mó a dhéanann difear do na pobail is leochailí.

    5.4.

    Tagann fadhbanna sóisialta chun cinn leis an laghdú ar iascaigh agus, d’fhéadfadh an laghdú a thagann ar an turasóireacht feadh an chladaigh cur leis na fadhbanna sin. Cé gur féidir na fadhbanna díghrádaithe cósta a mhaolú le hinfheistíochtaí móra chun an turasóireacht a chothú, ní hamhlaidh an scéal leis na stoic éisc. Ar an taobh eile, sa chás go ritheann an tAontas reachtaíocht d’fhonn deireadh a chur leis na tionscadail atá freagrach as an róshaothrú, beidh air aghaidh a thabhairt, freisin, ar dhífhostú na n-oibrithe sin.

    5.5.

    Ní róshaothrú a bhíonn i gceist i gcás sceití agus caillteanais uisce (40), ach is úsáid neamhéifeachtúil uisce iad atá do-ghlactha. Mar sin féin, is saincheist í a bhfuil dearcadh uathúil ag teastáil ina leith. Maidir le sceití agus caillteanais uisce, is dearcadh eacnamaíoch is mó a bhíonn ag dáileoirí an uisce a bheartaítear lena chaitheamh ag an duine (41). Beifear sásta dul i ngleic le sceití agus caillteanais go dtí gur costasaí leanúint de dhul i ngleic leo seachas cur suas leo. Is iondúil gur ag leibhéal 15 % de sceití agus caillteanais, nó thart air, a bhíonn an pointe sin (42). D’fhéadfadh cur chuige eile a bheith ann, agus i bhfianaise an ghanntanais uisce atá ag dul i méid sa lá inniu, tá géarghá leis sin chun leibhéal faoi bhun 15 % a bhaint amach.

    6.   Rialachas

    6.1.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur sainchúram na mbardas iad dáileadh uisce agus sláintíocht ar fud an domhain, agus go bhfreastalaíonn cineálacha éagsúla dáileoirí (cuideachtaí nó seirbhísí bardasacha) ar bhardas amháin nó níos mó. Tá sé á thabhairt dá aire aige, freisin, go bhfreastalaíonn cuideachtaí uisce poiblí ar fhormhór mór na ndaoine san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. De bhreis ar chineálacha éagsúla na ndáileoirí uisce, bíonn mór-idirdhealú eile amháin i gceist: bainistiú poiblí agus bainistiú príobháideach. Gheofar cineálacha éagsúla bainistíochta faoin dá cheannteideal sin. Is féidir teacht ar dhea-shamplaí agus drochshamplaí den bhainistiú poiblí agus den bhainistiú príobháideach araon. Mar sin féin, toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús sa bhainistiú príobháideach, is deacair bunriachtanas uilíocht na seirbhíse a chomhlíonadh, gné ar fearr is féidir an tseirbhís phoiblí a bhaint amach go héifeachtúil ar phraghas réasúnta agus le cáilíocht leordhóthanach seirbhíse. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go dtacaíonn na samplaí den soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a chur faoi chúram údarás áitiúil athuair le fiche bliain anuas leis an gconclúid sin.

    6.2.

    Chun cáilíocht seirbhíse, inacmhainneacht agus seirbhísí uilíocha a áirithiú, is í rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, ar leibhéal na bainistíochta agus sna comhlachtaí rialála, an bealach is fearr chun dáileadh uisce agus sláintíocht a choinneáil ar an mbóthar ceart chun SDG 6 a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil an ganntanas ag dul i méid agus praghsanna ag ardú. Ar leibhéal an dáileora uisce, tá ag éirí go maith le Córdoba, áit a bhfuil bord comhroinnte, ar a bhfuil geallsealbhóirí, ag an gcomhlacht bardasach EMACSA, sampla den bhainistiú rannpháirtíochta (43). D’fhonn rialáil níos éifeachtaí a áirithiú, ba cheart bord a mbeadh geallsealbhóirí páirteach ann a bheith ag na comhlachtaí rialála, seachas duine aonair a bheith i gceannas orthu.

    6.3.

    D’fhéadfadh aibhneacha agus dobharlaigh idirnáisiúnta a bheith ina n-ábhar teannais agus ina gcúis coimhlinte idir stáit ar deireadh, fiú laistigh den Aontas Eorpach. Measann CESE, agus molann sé, gur cheart don Aontas a bheith rannpháirteach sa chuid sin den rialachas a bhaineann le habhantracha a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo, go ndéanfaí prionsabail ghinearálta agus cuspóirí inláimhsithe a shainiú agus go ndéanfaí faireachán cáilithe, agus gurb é sin an bealach is fearr chun rannchuidiú le bainistiú uisce in aimsir ghanntanais, rud is cúis le géarchéimeanna de chineálacha éagsúla.

    6.4.

    Samhail rialachais uisce neamhéifeachtúil atá ann faoi láthair mar gheall ar scaipeadh na gcomhlachtaí faireacháin, easpa ordlathais i gcás na gcomhlachtaí sin agus doiléireacht an mhaorlathais. Tá géarghá le samhail nua rialachais a aimsiú le haghaidh éiceachórais hiodrálacha, go háirithe iad sin a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo. Tá údaráis iomadúla san earnáil uisce a bhfuil freagrachtaí orthu ag céimeanna éagsúla den timthriall uisce, a mbíonn físeanna agus cuspóirí acu a thagann salach ar a chéile, agus a mbíonn freagrachtaí forluiteacha orthu, uaireanta. Molann CESE don Choimisiún go mbeadh creat rialachais abhantraí ann le comhlachtaí polaitiúla agus teicniúla ar leibhéal abhantracha chun treoir pholaitiúil ghinearálta agus bainistiú teicniúil a áirithiú ar an mbealach is éifeachtaí, chomh maith le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile trí shásraí éifeachtacha rannpháirtíochta.

    6.5.

    Molann CESE go háirithe samhail rialachais a bheidh polaitiúil agus teicniúil araon, daonlathach agus oscailte, a dhíreoidh ar phrionsabal na rochtana uilíche ar uisce óil ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm, ar phraghsanna a bheidh inacmhainne don phobal. Molann CESE gur cheart ‘coistí rialachais’ a bheith ann a mbeadh comhdhéanta de bhaill ó na tíortha uile lena mbaineann, agus é de chúram orthu bainistiú polaitiúil a dhéanamh agus aon choinbhleacht leasa idir tíortha a réiteach. Ba cheart do choiste teicniúil saineolaithe tacú leis na coistí sin um rialachas abhantracha agus ba cheart dóibh na habhantracha a bhainistiú ar an leibhéal teicniúil. Ba cheart don ‘choiste rialachais’ ordlathas na bhfreagrachtaí a bhunú go poiblí agus go dian idir é féin agus na heintitis éagsúla sna tíortha a bhfuil baint acu leis an abhantrach ionas nach mbeidh aon neamh-chomhoiriúnacht ná aon mhíthuiscint ann maidir le freagrachtaí. Ba chóir ‘Comhairle Chomhairleach’ a bheith ag feidhmiú taobh leis an gcoiste um rialachas abhantracha. Beidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gComhairle sin, go háirithe eagraíochtaí comhshaoil, aeráide agus tomhaltóirí agus na comhpháirtithe sóisialta, agus beidh de ról aici idirphlé sibhialta struchtúrtha a dhéanamh leis an gcoiste um rialachas agus cuidiú chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach.

    An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  https://www.ohchr.org/en/water-and-sanitation

    (2)  https://digitallibrary.un.org/record/687002.

    (3)  Féach, freisin, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus an athléimneacht san Aontas Eorpach: dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 88.).

    (4)  Mar chomhlánú ar an bhfaireachán a leagtar amach sa Treoir maidir le hUisce Óil (Treoir (AE) 2020/2184).

    (5)   IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.‘daoine a shainaithint nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus cúiseanna le heaspa rochtana den sórt sin’ https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020L2184

    (6)   Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú), COM(2022) 541 final, 2022/0345 (COD),

    (7)  Féach freisin: https://www.aquapublica.eu/article/news/access-water-and-sanitation-must-be-priority-commission-action-plan-implement-pillar

    (8)  Mar a cuireadh i bhfios go láidir, i measc nithe eile, sna teachtaireachtaí agus sna moltaí beartais ó Chruinniú Mullaigh Bhúdaipeist 2016 maidir le hUisce (https://www.budapestwatersummit.hu/hu/Vilagtalalkozo/Letoltheto_dokumentumok) agus san Iarratas ó Bhúdaipeist ag Cruinniú Mullaigh 2019 maidir le hUisce: (https://www.budapestwatersummit.hu/en/Summit/Budapest_Appeal).

    (9)  Rún 64/292: The human right to water and sanitation (2010), https://www.un.org/waterforlifedecade/human_right_to_water.shtml

    (10)  https://sdgs.un.org/sites/default/files/2023-03/Closing%20press%20release_waterconference_FINAL_24Mar.pdf

    (11)  Athmhúnlú ar an Treoir maidir le hUisce Óil (2018).

    (12)  Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (2022).

    (13)   IO C 248, 25.8.2011, lch. 43 (níl leagan Gaeilge ann).

    (14)   IO C 12, 15.1.2015, lch. 33 (níl leagan Gaeilge ann).

    (15)   IO C 367, 10.10.2018, lch. 107 (níl leagan Gaeilge ann).

    (16)  https://right2water.eu/.

    (17)  https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.SMDW.ZS?locations=EU(an bhliain tagartha: 2020). Céatadán na ndaoine nach raibh uisce óil ó fhoinse fheabhsaithe in úsáid acu, ar uisce é a raibh rochtain air san áitreabh, a bhí ar fáil de réir mar a theastaigh agus a bhí saor ó éilliú faecach agus ó éilliú ceimiceán tosaíochta. I measc na bhfoinsí uisce feabhsaithe tá uisce píopaí, tollphoill nó tobair fheadánacha, toibreacha tochailte faoi chosaint, fuaráin faoi chosaint, agus uisce arna phacáistiú nó arna sholáthar.

    (18)  https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.BASW.ZS?locations=EU (an bhliain tagartha: 2020). Cuimsítear leis an táscaire sin daoine a úsáideann bunseirbhísí uisce agus daoine a úsáideann seirbhísí uisce a bhainistítear go sábháilte. Sainmhínítear le bunseirbhísí uisce óil uisce óil ó fhoinse fheabhsaithe, ar choinníoll go bhféadfar an turas fillte chun é a bhailiú a dhéanamh laistigh de 30 nóiméad. I measc na bhfoinsí uisce feabhsaithe tá uisce píopaí, tollphoill nó tobair fheadánacha, toibreacha tochailte faoi chosaint, fuaráin faoi chosaint, agus uisce arna phacáistiú nó arna sholáthar.

    (19)  Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_06_10/default/table?lang=en. https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/demo_pjan/default/table?lang=en

    (20)  Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_06_20/default/table?lang=en.https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/demo_pjan/default/table?lang=en

    (21)  https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdho05/default/table?lang=en

    (22)  https://fra.europa.eu/en/content/fra-opinions-eu-midis-ii-roma

    (23)  https://www.europarl.europa.eu/news/en/headlines/society/20200918STO87401/roma-what-discrimination-do-they-face-and-what-does-eu-do

    (24)  http://www.errc.org/uploads/upload_en/file/thirsting-for-justice-march-2017.pdf

    (25)  https://eeb.org/wp-content/uploads/2020/04/Pushed-to-the-Wastelands.pdf

    (26)  https://www.eea.europa.eu/publications/water-resources-across-europe-confronting.

    (27)  An chéad éisteacht maidir le Time for a Blue Deal, 27 Feabhra 2023.

    (28)  https://www.preventionweb.net/understanding-disaster-risk/risk-drivers/poverty-inequality

    (29)  Eureau, The governance of water services in Europe, 2020 https://www.eureau.org/resources/publications/5268-the-governance-of-water-services-in-europe-2020-edition-2/file.

    (30)  https://smartwatermagazine.com/news/locken/water-ranking-europe-2020

    (31)  https://circabc.europa.eu/sd/a/0070b535-5a6c-4ee4-84ba-6f6eb1682556/Public%20Consultation%20Report.pdf

    (32)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

    (33)  https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/blue_deal_fiasconaro.pdf.

    (34)  https://www.oecd-ilibrary.org/sites/e1b8a4b6-en/index.html?itemId=/content/component/e1b8a4b6-en.

    (35)  https://www.eureau.org/resources/publications/eureau-publications/5824-europe-s-water-in-figures-2021/file.

    (36)  https://www.wareg.org/documents/affordability-in-european-water-systems/, https://www.oecd.org/env/resources/15425332.pdf.

    (37)  Is taraif chéimnithe a mholann an rapóirtéir inar cheart an chéad chéim a bheith inacmhainne nó saor, fiú, i gcúinsí áirithe agus an ceart atá ag an duine ar uisce á chomhlíonadh aici; taraif aisghabhála costas ba cheart a bheith sa dara céim; agus ba cheart praghsanna i bhfad níos airde a bheith i gceist leis an tríú céim lena ngintear tras-fhóirdheontais idir só agus úsáidí bunúsacha agus lena ndéantar an róshaothrú a sheachaint. Measann CESE gur cheart do gach Ballstát nó fiú do gach soláthraí uisce agus sláintíochta sainmhíniú a thabhairt ar luachanna gach céime.

    (38)   Risks and impacts of the commodification and financialization of water on the human rights to safe drinking water and sanitation, Tuarascáil arna chur faoi bhráid 76ú Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ag an Rapóirtéir Speisialta maidir le cearta an duine i ndáil le huisce óil sábháilte agus leis an tsláintíocht, Pedro Arrojo Agudo, A/76/159.

    (39)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1) (an Treoir Réime maidir le hUisce).

    (40)  Ar an iomlán, is uisce a d’imigh amú go fisiciúil agus nach ndéantar a bhilleáil a bhíonn i gceist le sceití agus caillteanais, ag cur san áireamh go mbeidh cuid den uisce nach mbilleáiltear údaraithe, áfach. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar chothromaíocht uisce.

    (41)  Sa mhír seo, ní úsáid uisce údaraithe nach mbilleáiltear atá i gceist le caillteanais.

    (42)  Sin an spriocluach tipiciúil a bhíonn in úsáid sa Phortaingéil. D’fhéadfadh spriocluachanna difriúla a bheith ag Ballstáit eile, ach níl an luach féin ábhartha d’fhorbairt ár smaoinimh.

    (43)  Enrique Ortega de Miguel agus Andrés Sanz Mulas, Water Management in Córdoba (Spain): A Participative, efficient and Effective Public Model in Reclaiming Public Water, TNI ed., 2005.


    Top