AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.11.2023
COM(2023) 699 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)
1.RÉAMHRÁ
Glacadh Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) an 12 Meán Fómhair 2018.
Le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh ETIAS le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu. Ba cheart do ETIAS údarú taistil a sholáthar do na náisiúnaigh tríú tír sin tar éis a mheas nach bhfuil nó nach mbeidh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla ná ardriosca eipidéime ann de dheasca na daoine sin a bheith ar chríoch na mBallstát. Trí mheasúnú ar chuairteoirí a dhéanamh sula sroicheann siad na pointí trasnaithe teorann seachtraí, ba cheart do ETIAS cur le leibhéal ard slándála, leis an gcosc ar inimirce neamhdhlíthiúil, le cosaint na sláinte poiblí agus le héascú ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí.
De réir Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Foráiltear in Airteagal 89(2) go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse thosaigh 5 bliana ón 9 Deireadh Fómhair 2018, agus foráiltear ann freisin na coinníollacha maidir le fadú na tréimhse sin. Chuaigh an tréimhse thosaigh 5 bliana in éag an 8 Deireadh Fómhair 2023.
2.BUNÚS DLÍ
De bhun Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann thréimhse thosaigh 5 bliana ón 9 Deireadh Fómhair 2018 agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Is é is aidhm don tuarascáil seo an ceanglas sin a chomhlíonadh.
Foráiltear in Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 go ndéanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
3.1Comhairliúchán sula nglacfar iad
I gcomhréir le hAirteagal 89(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe a d’ainmnigh na Ballstáit, trí Shainghrúpa agus trí chomhairliúcháin i scríbhinn, le linn ullmhú na ngníomhartha tarmligthe is gá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme. Tugadh cuireadh do na Ballstáit uile saineolaithe a ainmniú chun páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin agus tugadh cuireadh do Pharlaimint na hEorpa páirt a ghlacadh iontu freisin.
Rinneadh na doiciméid a bhí ábhartha maidir leis na comhairliúcháin sin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar a fhoráiltear in Airteagal 89(5) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus sa Chomhthuiscint maidir le gníomhartha tarmligthe. Na barúlacha a cuireadh i láthair sna comhairliúcháin sin, cuireadh san áireamh iad agus leaganacha críochnaitheacha na ngníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú. Thairis sin, chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe.
3.2Gníomhartha tarmligthe a glacadh
Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe trí na gníomhartha tarmligthe seo a leanas a ghlacadh. Léirítear sa tábla thíos na gníomhartha ina bhfuil na bearta sonracha arna nglacadh faoi na cumhachtuithe ábhartha i Rialachán (AE) 2018/1240.
|
Gníomh Tarmligthe
|
Cumhachtuithe
|
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/969 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2019 maidir leis an uirlis lena gcuirtear ar chumas iarratasóirí a dtoiliú a thabhairt nó a tharraingt siar maidir le cur leis an tréimhse choinneála i ndáil lena gcomhad iarratais
|
Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/970 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2019 maidir leis an uirlis d’iarratasóirí chun stádas a n‑iarratas a sheiceáil agus chun tréimhse bhailíochta agus stádas a n‑údaruithe taistil a sheiceáil
|
Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/971 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 maidir leis na ceanglais a shainiú a bhaineann leis an tseirbhís cuntas slán lena gcuirtear ar chumas iarratasóirí aon fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise is gá a sholáthar
|
Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/946 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a mhéid a bhaineann le maoiniú a leithdháileadh ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun na costais a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar ETIAS a chumhdach
|
Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014
|
|
Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 a mhéid a bhaineann le húsáid na bratach
|
Airteagail 36(4) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/916 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais
|
Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 23 Samhain 2021 maidir le rioscaí slándála, rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla nó ardrioscaí eipidéime a shainiú tuilleadh
|
Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2022/1612 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena sonraítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna a bheidh le húsáid chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh
|
Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a shonrú maidir le comhfhreagairt idir na sonraí atá i dtaifead, i bhfoláireamh nó i gcomhad de chuid na gcóras faisnéise AE eile a cheadaítear agus i gcomhad iarratais ETIAS
|
Airteagal 11(9) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún lena sonraítear ábhar agus formáid na gceisteanna agus lena leagtar síos an tacar breise ceisteanna réamhshocraithe
|
Airteagal 17(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
3.3Agóid i gcoinne gníomhartha tarmligthe
De réir Airteagal 89(6) de Rialachán (AE) 2018/1240, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe laistigh de thréimhse 2 mhí ó dháta an fhógra, tréimhse ar féidir síneadh 2 mhí eile a chur léi. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gníomh tarmligthe laistigh den tréimhse sin, ní thagann an gníomh i bhfeidhm. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne aon cheann de na gníomhartha tarmligthe thuasluaite.
3.4An gá le síneadh a chur leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
Cé gur glacadh na gníomhartha tarmligthe go léir, nach mór, roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 5 bliana maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a fheidhmiú, níor glacadh ceithre ghníomh tharmligthe eile sa thréimhse thosaigh sin.
|
Gníomhartha Tarmligthe
|
Cumhachtuithe
|
|
Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le costais oibriúcháin agus chothabhála an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a thuairisciú chun méid na táille údaraithe taistil a athrú agus maidir leis an tacaíocht airgeadais do na Ballstáit le haghaidh speansais arna dtabhú i ndáil le seiceálacha teorann a shaincheapadh agus a uathoibriú chun ETIAS a chur chun feidhme
|
Airteagail 18(4) agus 85(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240
|
|
Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis na modhanna íocaíochta agus an próiseas bailiúcháin i ndáil leis an táille údaraithe taistil
|
Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Gníomhartha Tarmligthe ón gCoimisiún chun síneadh a chur leis na hidirthréimhsí agus na tréimhsí cairde dá bhforáiltear i ndiaidh theacht i bhfeidhm ETIAS
|
Airteagal 83(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
|
Gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún chun méid tháille údaraithe taistil ETIAS a athrú
|
Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2018/1240
|
Maidir le dhá ghníomh tarmligthe a ghlacadh, táthar fós ag feitheamh air sin. Is iad sin Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le costais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS a thuairisciú chun méid na táille údaraithe taistil a athrú agus maidir leis an tacaíocht airgeadais do na Ballstáit le haghaidh speansais arna dtabhú i ndáil le seiceálacha teorann a shaincheapadh agus a uathoibriú chun ETIAS a chur chun feidhme (dá ngairtear an ‘Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le costais a thuairisciú’ anseo feasta) agus Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis na modhanna íocaíochta agus an próiseas bailiúcháin i ndáil leis an táille údaraithe taistil.
Is é is cúis leis an moill maidir le glacadh na ngníomhartha sin gur tugadh tosaíocht don leasú ar ghníomhartha tarmligthe áirithe a glacadh cheana, ar gníomhartha iad ar ghá a mhodhnú tar éis Rialachán (AE) 2021/1134 a ghlacadh chun an Córas Faisnéise Víosaí agus Rialachán (AE) 2021/1152 a athchóiriú a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais chun críoch ETIAS. Leis an gcéad cheann, tugadh isteach rialacha nua maidir le húsáid ETIAS ag údaráis víosaí agus ag údaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, agus leis an dara ceann, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta idir ETIAS, ar thaobh amháin, agus córais faisnéise eile de chuid an Aontais agus sonraí Europol, ar an taobh eile, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh ETIAS sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais agus sonraí Europol a cheadú chun amais a shainaithint go huathoibríoch.
Thairis sin, cuireadh glacadh an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún maidir le costais a thuairisciú siar ar na cúiseanna seo a leanas:
a)níor ghá do na Ballstáit ná do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) é a chur chun feidhme go teicniúil; agus
b)ní bheadh a chuid forálacha infheidhme ach amháin tar éis theacht i bhfeidhm ETIAS.
Gné eile a d’fhág nárbh fhéidir na gníomhartha tarmligthe uile is gá a ghlacadh in am is ea an mhoill ar sheoladh an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) i ngeall ar roinnt saincheisteanna teicniúla. Ós rud é gur córais idirspleácha iad EES agus ETIAS, agus nach féidir le ETIAS teacht i bhfeidhm sula dtiocfaidh EES i bhfeidhm, tá moill dhosheachanta ar chur chun feidhme ETIAS de bharr na n‑athruithe san amlíne maidir le teacht i bhfeidhm EES.
Ina theannta sin, ní mór don Choimisiún síneadh a fháil ar tharmligean na cumhachta toisc nach féidir gníomhartha tarmligthe breise áirithe a ghlacadh go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí ETIAS. Is iad sin:
-Na Gníomhartha Tarmligthe ón gCoimisiún chun síneadh a chur leis na hidirthréimhsí agus na tréimhsí cairde dá bhforáiltear i ndiaidh theacht i bhfeidhm ETIAS (Airteagal 83(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240); agus
-Gníomh/Gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún chun méid tháille údaraithe taistil ETIAS a athrú.
Ós rud é nár cuireadh tús le hoibríochtaí ETIAS, ní féidir dóthain faisnéise a bhailiú chun a chinneadh an gá na hidirthréimhsí agus na tréimhsí cairde a shíneadh thar a bhfad tosaigh de 6 mhí nó an gá táille údaraithe taistil ETIAS a mhodhnú.
Fiú amháin tar éis na gníomhartha tarmligthe uile atá ar feitheamh a ghlacadh, beidh gá fós leis an gcumhachtú chun na gníomhartha sin a ghlacadh nó a leasú ionas go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann maidir le cur chun feidhme agus oibriú ETIAS agus chun iad a oiriúnú d’aon fhorbairt ábhartha.
4.CONCLÚID
Measann an Coimisiún gur fheidhmigh sé a chumhachtaí tarmligthe laistigh den chúram arna thabhairt dó le Rialachán (AE) 2018/1240.
I bhfianaise an mhínithe a thugtar i Roinn 3, measann an Coimisiún go bhfuil gá soiléir le síneadh intuigthe a chur le tarmligean na cumhachta dá bhforáiltear in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 go ceann tréimhse 5 bliana.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.