Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0618

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta Mhálta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Mhálta don bhliain 2023

COM/2023/618 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 618 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta Mhálta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Mhálta don bhliain 2023

{SWD(2023) 618 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta Mhálta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Mhálta don bhliain 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe 3 , rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil Málta ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach Mhálta don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan‑Nialasach’ 4 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar i ndáil le hacmhainneacht monaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan‑nialasachta agus leis na táirgí glan‑nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 5 , teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 6 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála fuinnimh, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan‑Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh‑in‑aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin 7 . Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-24 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh 8 . Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine á chur i bhfeidhm leo chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 13 Iúil 2021, chuir Málta a phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 5 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta 9 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag Málta. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 25 Aibreán 2023, thíolaic Málta a Chlár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus thíolaic sé a Chlár um Chobhsaíocht don bhliain 2023 an 3 Bealtaine 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil Mhálta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir le Málta 10 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn Mhálta ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn Mhálta ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 11 , tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta Mhálta ó 7,8 % de OTI in 2021 go 5,8 % in 2022, agus thit an t‑ollfhiachas rialtais ó 55,1 % de OTI ag deireadh 2021 go 53,4 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 12 ; rinneadh plé sa tuarascáil ar staid bhuiséadach Mhálta, ós rud é gur sháraigh a easnamh rialtais ghinearálta in 2022 luach tagartha an Chonartha, mar atá, 3 % de OTI. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh critéar an easnaimh. I gcomhréir lena Theachtaireacht an 8 Márta 2023 13 , níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; dá réir sin, thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, le nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart do Mhálta é sin a chur san áireamh i bhfeidhmiú a bhuiséid do 2023 agus in ullmhú an Dréachtphlean Bhuiséadaigh do 2024.

(13)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh ar na bearta laghdaithe ioncaim sin laghduithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh agus áiríodh ar na bearta méadaithe caiteachais sin fóirdheontais ar tháirgeadh fuinnimh mar chúiteamh ar an méadú ar phraghas an leictreachais allmhairithe agus ar astaíochtaí carbóin. Measann an Coimisiún go mbeidh glanchostas buiséadach na mbeart sin cothrom le 2,5 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe as an Úcráin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gur 0.1 % de OTI a bhí i gceist leis an gcostas sin in 2022. An tráth céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0,8 % de OTI in 2022, ó 3,2 % in 2021.

(14)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh Málta staid fhioscach thacúil in 2022 14 , lena n‑áirítear ón mbogadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

(15)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 15 in 2022 neodrach den chuid is mó, ag - 0,2 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean Málta de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí a bhí le maoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. B’ionann caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 0,9 % de OTI in 2022 (1,1 % de OTI in 2021). Bhí an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar thoradh ar ionsú níos ísle ar chistí eile de chuid an Aontais. Rinne infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0,2 pointe céatadáin leis an staid fhioscach 16 . Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh Málta infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta nach raibh i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, sholáthar an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin dar méid 0,9 pointe céatadáin don staid fhioscach. Áiríodh leis an rannchuidiú suntasach fairsingiúcháin sin, áfach, tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise de 1,9 % den OTI) a mhaolú, chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % den OTI). Dá bhrí sin, bhí smacht leormhaith ag Málta ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(16)Tá an cás maicreacnamaíoch atá ina bhuntaca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta réalaíoch in 2023 agus ina dhiaidh sin. Tá sé measta ag an rialtas go dtiocfaidh méadú 4,1 % ar an bhfíor-OTI in 2023 agus méadú 4,5 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh fás iarbhír OTI níos ísle de 3,9 % in 2023 agus 4,1 % in 2024, de bharr rannchuidiú níos ísle glanonnmhairí le fás den chuid is mó.

(17)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, measann an rialtas go laghdófar cóimheas an easnaimh rialtais ghinearálta go 5,0 % de OTI in 2023. Leis an laghdú in 2023, léirítear den chuid is mó an méadú ar ioncaim eile, lena n‑áirítear na fáltais ó scéimeanna saoránachta agus cónaithe infheisteoirí na tíre, agus déantar an laghdú ar na fóirdheontais, lena n‑áirítear céimniú amach chostais athstruchtúraithe na n‑aerlínte náisiúnta a bhfuil coinne leis, a chúiteamh go páirteach le méadú ar thomhaltas idirmheánach agus ar ollfhoirmiú caipitil sheasta. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ó 53,4 % ag deireadh 2022 go 54,5 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais 5,1 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa Chlár Cobhsaíochta. I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go mbeidh cóimheas comhchosúil ollfhiachais rialtais‑OTI ann, is é sin 54,8 % ag deireadh 2023.

(18)Tá coinne leis go leanfaidh na bearta fioscacha a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú de thionchar a imirt ar an gcomhardú rialtais in 2023. Is éard atá i gceist leo bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022, go háirithe laghduithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh agus fóirdheontais ar tháirgeadh fuinnimh mar chúiteamh ar an méadú ar phraghas an leictreachais allmhairithe agus ar astaíochtaí carbóin. Réamh‑mheastar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 1,7 % de OTI in 2023 17 . De réir dealraimh, níl na bearta in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta do 2023 (i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2022). Ar deireadh, tá coinne leis go mbainfidh comhardú an rialtais do 2023 tairbhe ar luach 0,8 % de OTI as deireadh a chur le bearta éigeandála sealadacha COVID-19 de réir a chéile.

(19)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 18 go ndéanfadh Málta gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 19 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine ar a dteitheadh ón Úcráin. Ba cheart do Mhálta a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh do Mhálta freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

(20)Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann (+ 0,4 % de OTI) in 2023, i gcomhthéacs boilsciú ard. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach neodrach, tríd agus tríd, a bheith ann in 2022 (- 0,2 % de OTI). Réamh‑mheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 rannchuidiú crapthach de 0,8 % de OTI don staid fhioscach. Ar an iomlán, tá fás réamh‑mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é 1,6 % de OTI an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2023, agus rinne infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0,3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach 20 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag Málta infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní réamh‑mheastar go ndéanfaidh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú léi. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha agus le haghaidh slándáil fuinnimh, go háirithe chun foirgnimh phríobháideacha agus phoiblí a athchóiriú, lena n‑áirítear ospidéil agus scoileanna, chun an earnáil iompair a leictriú agus do thionscadail a bhaineann le digiteáil an riaracháin phoiblí agus na hearnála príobháidí, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(21)De réir an Chláir Cobhsaíochta, meastar go laghdófar an t‑easnamh rialtais ghinearálta go 4,3 % de OTI in 2024. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú in 2024 an laghdú ar fhóirdheontais, lena n‑áirítear céimniú amach scéimeanna luathscoir na n‑aerlínte náisiúnta, agus fás srianta an bhille pá agus an chaiteachais ar thomhaltas idirmheánach arna chúiteamh go páirteach leis an méadú ar chaiteachas ar úis. Sa chlár, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú go 55,7 % ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais 4,5 % de OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa chlár. I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go mbeidh cóimheas comhchosúil ollfhiachais rialtais‑OTI ann, is é sin 56,1 % ag deireadh 2024.

(22)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur le cuid de na bearta tacaíochta fuinnimh de réir a chéile in 2024. Faoi láthair, glacann an Coimisiún le 1,5 % de OTI mar ghlanchostas na mbeart tacaíochta fuinnimh. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú an athuair ar phraghsanna fuinnimh. An chuid is mó de na bearta tacaíochta fuinnimh a bhfuil sé beartaithe faoi láthair go mbeidh siad i bhfeidhm go fóill in 2024, ní cosúil go bhfuil siad dírithe ar theaghlaigh nó ar ghnólachtaí leochaileacha. Ní chaomhnaíonn siad go hiomlán an comhartha praghais chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

(23)Le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle éilítear go ndéanfaí feabhas bliantúil ar an gcomhardú struchtúrach i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh faoi 0,5 % de OTI mar thagarmharc 21 . Agus aird á tabhairt ar bhreithnithe inbhuanaitheachta fioscaí 22 agus ar an ngá atá leis an easnamh a laghdú faoi bhun an luacha tagartha de 3 % de OTI, bheadh sé iomchuí feabhas de 0,5 % de OTI ar a laghad a chur ar an gcomhardú struchtúrach do 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 thar 5,9 %, mar a léirítear sa mholadh seo.

An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a mheasann an Coimisiún faoi láthair ag 1,7 % de OTI in 2023 iad) de réir a chéile ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú atá spriocdhíriú, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Bunaithe ar mheastacháin ón gCoimisiún, bheadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil níos ísle ná mar a moladh do 2024 mar thoradh air sin.

(24)Ag glacadh leis nach dtiocfaidh aon athrú ar bheartais, réamh‑mheastar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go dtiocfaidh fás 3,3 % ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, fás atá faoi bhun an ráta fáis atá molta. Is lú an coigeartú a réamh‑mheastar sa réamhaisnéis ón gCoimisiún ná an coigilteas ó chéimniú amach iomlán na mbeart tacaíochta fuinnimh, arb é is cúis leis sin go príomha an chuid is mó de na bearta sin a bheith i bhfeidhm go fóill.

(25)De réir an chláir, tá coinne leis go laghdófar infheistíocht ón rialtas ó 3,8 % de OTI in 2023 go 3,1 % de OTI in 2024. Leis an infheistíocht is lú léirítear an infheistíocht is lú a mhaoinítear go náisiúnta agus infheistíocht a fhaigheann maoiniú ón Aontas seachas ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin infheistíochtaí ard‑bhreisluacha agus athchóirithe struchtúracha i dtreo na n‑aistrithe glasa, digiteacha agus fuinnimh, lena n‑áirítear sláinte agus rialachas, atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.

(26)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go laghdófar an t‑easnamh rialtais ghinearálta go 3,6 % de OTI in 2025 agus go dtitfidh sé go 2,9 % den OTI faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe nach rachaidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta thar 3 % de OTI in 2026. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI, ó 55.7 % ag deireadh 2024 go 56.1 % faoi dheireadh 2026.

(27)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta faoi lán seoil. An 8 Márta 2023 thíolaic Málta iarratas amháin ar íocaíocht, a chomhfhreagraíonn do 19 ngarsprioc agus sprioc sa phlean agus as ar eascair íocaíocht amach fhoriomlán EUR 52,3 milliún (i ndeontais). An 26 Aibreán 2023, thíolaic Málta leasú ar a phlean, in éineacht leis an gcaibidil REPowerEU. Tá coinne leis go dtabharfaidh an chaibidil REPowerEU a moladh le déanaí aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le soláthar agus slándáil fuinnimh, agus go gcuirfidh sí dlús leis an aistriú chuig foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Thairis sin, tá roinnt modhnuithe á moladh ag Málta ar an bplean bunaidh i bhfianaise an laghdaithe ar an leithdháileadh iomlán agus chun oiriúnú do chúinsí oibiachtúla. Tá na leasuithe sin á measúnú faoi láthair ag an gCoimisiún agus, nuair a ghlacfar iad, beidh siad faoi réir fhormheas na Comhairle. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa sa phlean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha Mhálta i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

(28)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile Mhálta maidir leis an mbeartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin i Málta.

(29)Lasmuigh de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair Mhálta a bhaineann le gnéithe den chóras cánach lena n‑éascaítear pleanáil ionsaitheach chánach, beartas fuinnimh agus an t‑aistriú chuig an ngeilleagar glas.

(30)Tá sé ríthábhachtach i gcónaí dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach chánach chun éifeachtúlacht agus cothroime na gcóras cánach a fheabhsú. I bhfianaise éifeachtaí iarmhartacha straitéisí pleanála ionsaithí cánach idir na Ballstáit, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh chun reachtaíocht an Aontais a chomhlánú trí bheartais náisiúnta ó na Ballstáit go léir. Tá bearta déanta ag Málta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais pleanála ionsaithí cánach trí thionscnaimh idirnáisiúnta agus Eorpacha a comhaontaíodh roimhe seo a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ina plean téarnaimh agus athléimneachta geallann Málta go rachaidh sé i ngleic leis an tsaincheist. Na gealltanais rialacha maidir le praghsáil aistrithe a thabhairt isteach agus staidéar neamhspleách a choimisiúnú maidir le híocaíochtaí amach agus íocaíochtaí isteach (i.e. idir cónaitheoirí AE agus cónaitheoirí tríú tíortha), a mbeidh reachtaíocht le leanúint ina ndiaidh i gcomhréir le torthaí an staidéir, léirítear leo go bhfuiltear ar an mbóthar ceart. Mar sin féin, go dtí go gcuirfidh Málta i bhfeidhm cánacha siarchoinneálacha ar ús, díbhinní agus íocaíochtaí ríchíosa a dhéanann cuideachtaí atá bunaithe i Málta le dlínsí cánach nialasaí agus dlínsí ísealchánach (mar atá i gceist leis seo go gciallaíonn sé sin aon dlínse ag a bhfuil ráta cánach corparáide reachtúil faoi bhun 9 %, is é sin an ráta cánach corparáide reachtúil is ísle san Aontas), sin nó bearta cosanta coibhéiseacha – chun a áirithiú nach féidir le gnólachtaí a mbrabúis a aistriú go tríú tíortha gan cháin a íoc orthu, tá ardriosca ag baint i gcónaí le neamhchánachas dúbailte i ndáil leis na brabúis sin. Thairis sin, tá baol ann i gcónaí go mbeidh neamhchánachas dúbailte ann do chuideachtaí agus do dhaoine aonair araon mar gheall ar an gcaoi a ndéileáiltear le cuideachtaí cónaitheacha gan sainchónaí. Ní thabharfar aghaidh ar an tsaincheist ach go páirteach trí Threoir an Aontais maidir le Cáin Íosta a chomhlíonadh, treoir nach mbeidh feidhm aici maidir le corparáidí móra ach nuair a chuirfidh Málta chun feidhme í.

(31)Is mór an ról atá ag breoslaí iontaise i ngeilleagar Mhálta fós, rud a fhágann go bhfuil sé ag brath go mór ar allmhairí fuinnimh agus go bhfuil sé neamhchosanta ar fhorbairtí domhanda praghsanna, cé nach n‑allmhairíonn an tír ola ná gás ón Rúis go díreach. In 2021, úsáideadh breoslaí iontaise don chuid is mó de ghiniúint leictreachais Mhálta, agus ní raibh foinsí in‑athnuaite i gceist ach l1 11,9 % den ghiniúint. Tá acmhainneacht shuntasach fuinnimh gréine agus gaoithe amach ón gcósta ag Málta, rud nach bhfuil in úsáid. Gealltanas an rialtais teicneolaíochtaí foinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta a ghlacadh amach anseo chomh maith lena sciar neamhcheangailteach de spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta a léiriú, is aistriú dearfach beartais é sin, ach tá tionscadail nithiúla fós le sainaithint. Is bac é acmhainneacht agus solúbthacht na heangaí leictreachais maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus éifeachtúlacht, iontaofacht agus slándáil an tsoláthair cumhachta a mhéadú. Chuige sin, ní mór infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú eangaí, lena n‑áirítear ó bhuiséad deontais REPowerEU Mhálta. Tá feabhas á chur ag Málta ar chinnteacht a soláthair fuinnimh tríd an dara idirnascaire leictreachais a thógáil leis an Iodáil.

(32)Is beag rannchuidiú Mhálta le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 a bhaint amach agus is ag méadú i gcónaí atá an tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe. D’fhéadfadh Málta bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú agus an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: suiteáil painéal gréine ar gach foirgneamh nua a spreagadh; a áirithiú go n‑úsáidfear suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh ar gach foirgneamh nua poiblí agus neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáidigh os cionn 250 m² aige; aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla, agus dreasachtaí eacnamaíocha breise a chur ar fáil d’úinéirí tí. D’fhéadfadh úsáid na teicneolaíochta digití, amhail feidhmchláir chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar úsáid fuinnimh, cuidiú leis an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Chuirfeadh cur chun feidhme éifeachtach an chreata rialála náisiúnta nua don tionscal tógála le cáilíocht (lena n‑áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh) foirgneamh agus le sábháilteacht an phróisis tógála. Tháinig méadú 12,7 % ar thomhaltas gáis nádúrtha Mhálta sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna le 5 bliana anuas, sin a mhalairt de threocht ón sprioc laghdaithe de 15 %. D’ainneoin na díolúine a deonaíodh do Mhálta, moltar do Mhálta feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 23 .

(33)Ina theannta sin, i bhfianaise an spleáchais leanúnaigh ar charranna príobháideacha, tá méadú ag teacht ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar i gcónaí, agus is é sin an fhoinse is mó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh‑ETS i Málta. Tá sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha i bhfad níos ísle ná meán an Aontais agus is go han‑mhall atá sé ag méadú. Chun astaíochtaí agus brú tráchta a laghdú, bheadh ar Mhálta feabhas a chur ar an iompar poiblí (poncúlacht, am turais laghdaithe), córais chliste iompair a úsáid (chun feabhas a chur ar shreabha tráchta, ar shábháilteacht agus ar fhorfheidhmiú rialacha tráchta), agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ‘soghluaisteachta boige’ le haghaidh roghanna malartacha sábháilte ar úsáid gluaisteán príobháideach (amhail cosáin agus bealaí rothaíochta/scútar leictreonach sábháilte, leithscartha agus idirnasctha).

(34)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glan‑nialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas‑sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas oibrithe i Málta i gcás sé ghairm a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil dóibh le haghaidh an aistrithe ghlais, lena n‑áirítear oibrithe monaraíochta agus oibrithe tógála.

(35)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 24 i moladh (1) thíos.

(36)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú ó thaobh praghsanna fuinnimh de; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost‑éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht macra-airgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás Mhálta, cuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh agus an ceathrú moladh maidir leis an limistéar euro. 

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Málta in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023 trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta a chur chun feidhme i ngeall ar mhéaduithe nua ar phraghsanna fuinnimh, a áirithiú go ndíreofaí na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeadh na bearta sin inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh leo.

Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 5,9 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024.

Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

Maidir leis an tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, in éineacht le hinfheistíochtaí agus athchóirithe a chuideoidh le fás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.

2.Leanúint dá phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go leanúnach agus bailchríoch a chur go pras ar an aguisín, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, d’fhonn tús tapa a chur lena chur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa clár beartais comhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

3.Aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghnéithe den chóras cánach lena bhféadfaí pleanáil ionsaitheach chánach a éascú do dhaoine aonair agus do chuideachtaí ilnáisiúnta, lena n‑áirítear trí chánachas leordhóthanach a áirithiú ar íocaíochtaí úis, ríchíosanna agus díbhinní amach, agus trí na rialacha do chuideachtaí gan sainchónaí orthu a leasú.

4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, lena n‑áirítear fuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus grianfhuinneamh, agus acmhainneacht chóras na heangaí leictreachais a uasghrádú agus a leathnú, lena n‑áirítear tarchur, dáileadh agus stóráil ceallraí. An t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, go háirithe i bhfoirgnimh chónaithe. Astaíochtaí ó iompar de bhóthar a laghdú trí aghaidh a thabhairt ar bhrú tráchta trí cháilíocht fheabhsaithe seirbhíse san iompar poiblí, trí chórais chliste iompair agus trí infheistiú i mbonneagar soghluaisteachta bog. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3)    COM(2022) 780 final.
(4)    COM(2023) 62 final.
(5)    COM(2023) 168 final.
(6)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(7)    COM(2023) 141 final.
(8)    COM(2022) 583 final.
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta (ST 11941/2021 INIT; ST 11941/2021 ADD 1.
(10)    SWD(2023) 618 final.
(11)    Táscairí Euro Eurostat, 47/2023, 21.4.2023
(12)    COM(2023) 631 final, 24.5.2023.
(13)    COM(2023) 141 final, 8.3.2023.
(14)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Mhálta don bhliain 2021 (IO C 304, 29.7.2021, lch. 83).
(15)    Is é rud a bhíonn i gceist le tomhas na staide fioscaí an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh, ach lena n‑áirítear caiteachas a mhaoinítear trí thacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fioscacha.
(16)    Leis an gcaiteachas caipitil eile a mhaoinítear go náisiúnta, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,3 pointe céatadáin de OTI.
(17)    Is ionann an figiúr agus leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n‑áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
(18)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta Mhálta um Athchóiriú agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Mhálta don bhliain 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 146. 
(19)    Ar bhonn réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 9,5 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh Málta (meán 10 bliana), rud a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
(20)    Réamh‑mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú neodrach 0,0 pointe céatadáin de OTI.
(21)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0,5 % de OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % de OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
(22)    Mheas an Coimisiún go mbeadh gá ag Málta le meánmhéadú bliantúil 0,3 pointe céatadáin mar sciar de OTI ar an bpríomhchomhardú struchtúrach chun laghdú inchreidte fiachais a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcoinneofar an fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhair 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an t‑easnamh agus an fiachas rialtais réamh‑mheasta do 2024.
(23)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle.
(24)    Faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
Top