AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2023
COM(2023) 610 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Fraince um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fraince don bhliain 2023
{SWD(2023) 610 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Fraince um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fraince don bhliain 2023
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú agus go háirithe Airteagal 5(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.
(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil ar shainaithin sé inti go bhfuil an Fhrainc ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Fraince don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.
(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.
(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan‑Nialasach chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht monaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan‑nialasachta agus leis na táirgí glan‑nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030, teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.
(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan‑Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh‑in‑aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.
(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.
(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine a chur i bhfeidhm ag an am céanna chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.
(9)An 28 Aibreán 2021, chuir an Fhrainc a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Fraince. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an bhFrainc. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(10)An 11 Bealtaine 2023, chuir an Fhrainc a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 isteach agus, an 11 Bealtaine 2023, chuir sí a Clár Cobhsaíochta don bhliain 2023 isteach, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Fraince maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an bhFrainc an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Fraince ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Fraince. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Fraince ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(12)Rinne an Coimisiún grinn‑athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 don Fhrainc agus d’fhoilsigh sé a thorthaí an 24 Bealtaine 2023. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Fhrainc. Go háirithe, tá leochaileachtaí a bhaineann le fiachas ard rialtais, iomaíochas agus fás íseal táirgiúlachta, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, fós ann ach tá comharthaí ann go bhfuil laghdú tagtha orthu. Tá laghdú ag teacht ar fhiachas an rialtais ó tháinig téarnamh ar OTI in 2021, i ndiaidh méadú a theacht air le linn na paindéime. In 2022, rinne bearta fioscacha éagsúla maolú suntasach ar thionchar na géarchéime fuinnimh ach chuir siad moill ar laghdú fiachais. Tuartar go dtiocfaidh laghdú breise ar fhiachas i mbliana agus an bhliain seo chugainn, ach meastar go dtiocfaidh treocht aníos air arís ina dhiaidh sin in éagmais gníomhaíochta beartais, go bhfanfaidh sé ard agus os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, agus go mbeidh dúshláin mheántéarmacha fós ann maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach. Na bearta beartais a glacadh le blianta beaga anuas a bhfuil sé d’aidhm acu fás féideartha a fheabhsú, d’fhéadfadh siad cuidiú leis an méadú réamh‑mheasta ar fhiachas poiblí a cheartú sa mheántéarma. Glacadh roinnt athchóirithe chun borradh a chur faoin iomaíochas costais. Tá tionchar measartha dearfach ar an iomaíochas le feiceáil cheana féin, agus tá coinne leis go mbeidh a dtionchar iomlán le feiceáil sna blianta amach romhainn. Ar an gcaoi chéanna, meastar go mbainfidh táirgiúlacht saothair tairbhe as cur chun feidhme éifeachtach na n‑infheistíochtaí agus na n‑athchóirithe atá beartaithe. Léirigh geilleagar na Fraince athléimneacht le bliain anuas, ós rud é gur lú an tionchar a bhí ag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh ar an iomaíochas costais ná mar a bhí sa chuid eile den limistéar euro. Tá feabhas ag teacht ar onnmhairí mar gheall ar théarnamh breise na turasóireachta trasteorann agus thionscal na n‑aerárthaí, a ndearna an phaindéim difear mór dóibh. Cé gur tháinig méadú ar fhiachas na hearnála príobháidí le linn na tréimhse is measa den phaindéim, bhí iasachtaí corparáideacha níos airde fite fuaite le méaduithe ar chothromas agus ar charnadh maolán leachtachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh díghiaráil phoiblí agus phríobháideach níos deacra mar gheall ar rátaí úis níos airde. Bhí an fhreagairt bheartais fabhrach, ach tá dúshláin fós ann atá dírithe ar bhainistíocht airgeadais phoiblí. Tá cur chun feidhme éifeachtach na n‑athchóirithe a glacadh le déanaí ríthábhachtach i gcónaí chun leochaileachtaí a laghdú a thuilleadh, is é sin an t‑athchóiriú ar an mbainistíocht airgeadais phoiblí agus an sásra nua chun meastóireachtaí bliantúla ar chaiteachas poiblí a dhéanamh. Tá an dá ghníomhaíocht ríthábhachtach chun leanúint de chaiteachas a shrianadh agus chun fiachas poiblí a choinneáil ag laghdú go leanúnach. Thairis sin, tá athchóiriú glactha ag an rialtas ar an gcóras pinsin phoiblí a bhfuil coinne leis go gcuideoidh sé le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí.
(13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, tháinig laghdú ar easnamh rialtas ghinearálta na Fraince ó 6.5 % de OTI in 2021 go 4.7 % in 2022, agus thit an t‑ollfhiachas rialtais ó 112.9 % de OTI ag deireadh 2021 go 111.6 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE; sa tuarascáil pléadh staid bhuiséadach na Fraince, ós rud é gur sháraigh a heasnamh rialtais ghinearálta in 2022 luach tagartha 3 % de OTI an Chonartha, agus gur sháraigh a hollfhiachas rialtais an 60 % de luach tagartha OTI an Chonartha agus nár urramaigh sé an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh na critéir easnaimh agus fiachais. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht an 8 Márta 2023, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a oscailt in earrach na bliana 2023; dá réir sin, luaigh an Coimisiún go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don Fhrainc é sin a chur san áireamh i bhforghníomhú a buiséid don bhliain 2023 agus le linn di an Dréachtphlean Buiséadach do 2024 a ullmhú.
(14)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh leis na bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú ar an gcáin intíre ar thomhaltas deiridh leictreachais (TICFE); cé gur áiríodh ar na bearta méadaithe caiteachais sin fóirdheontais dhíreacha chun soláthróirí gáis agus leictreachais a chúiteamh i leith na huasteorann ar phraghsanna gáis agus leictreachais rialáilte, fóirdheontais chun an méadú ar phraghsanna breosla iompair mhiondíola agus ar fhiontair dianfhuinnimh a theorannú, chomh maith le haistrithe chuig teaghlaigh ar ioncam íseal. Frithchúitíodh costas na mbeart sin go páirteach le cánacha nua ar bhrabúis amhantair na dtáirgeoirí agus soláthróirí fuinnimh, is é sin cáin dlúthpháirtíochta eisceachtúil ar bhreoslaí iontaise agus cuideachtaí scagtha agus sásra chun ioncam na margaí infrimeallacha ó ghiniúint leictreachais a uasteorannú, chomh maith le hioncaim cánach indíreacha ó tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite agus fóirdheontais níos ísle dóibh, rud a eascraíonn as an mbearna dhearfach idir an margadh agus na praghsanna tagartha leictreachais. Measann an Coimisiún gurb ionann glanchostas buiséadach na mbeart sin agus 0.9 % de OTI in 2022. Ag an am céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.5 % de OTI in 2022, ó 2.6 % in 2021.
(15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle gur cheart don Fhrainc an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a úsáid in 2022 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh agus beartas fioscach stuama á shaothrú aici ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart go gcaomhnódh an Fhrainc infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.
(16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach in 2022 fabhrach - arbh ionann í agus 2.0 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Fhrainc de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí a mhaoinítear leis tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, b’ionann sin agus 0.6 % de OTI in 2022 (0.7 % de OTI in 2021). Ba é cur chun feidhme tosaigh an phlean le linn an chéad dá bhliain ba chúis leis an laghdú imeallach ar chaiteachas a mhaoinigh deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais in 2022. Chuir infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Fhrainc infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, sholáthraigh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin dar méid 1,7 pointe céatadáin don staid fhioscach. Áiríodh leis an rannchuidiú suntasach fairsingiúcháin sin tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú (glanchostas buiséadach breise 0.8 % de OTI). Ag an am céanna, chuir innéacsú na bpinsean, na sochar sóisialta agus an phá phoiblí (0.4 % de OTI) leis an bhfás ar ghlanchaiteachas príomhúil reatha. Dá bhrí sin, níor chuir an Fhrainc teorainn leordhóthanach leis an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta. Maidir leis an rannchuidiú suntasach fairsingiúcháin de chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta, ní raibh sé sin ach i bpáirt mar gheall ar na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin.
(17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta fabhrach in 2023 agus ina dhiaidh sin. Tá sé measta ag an rialtas go dtiocfaidh méadú 1.0 % in 2023 agus 1.6 % in 2024 ar an bhfíor-OTI. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún gur fíor-OTI is ísle ná sin a bheidh ann in 2023 agus in 2024, is é sin 0.7 % agus 1.4 %, go príomha mar gheall ar ranníocaíochtaí níos ísle le fás ar an éileamh intíre in 2023, rud a eascraíonn as ollfhoirmiú caipitil sheasta agus fardail, agus as éileamh seachtrach in 2024.
(18)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá an rialtas ag súil go méadóidh cóimheas an easnaimh rialtais ghinearálta go 4.9 % de OTI in 2023. Léiríonn an méadú in 2023 den chuid is mó gur tháinig moill ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus go bhfuileasnaimh ionchasacha ioncaim ann. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ó 111.6 % ag deireadh 2022 go 109.6 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais de 4.7 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin níos ísle ná an t‑easnamh réamh‑mheasta sa Chlár Cobhsaíochta, go príomha mar gheall ar leaisteachas cánach níos airde a bhfuil an Coimisiún ag súil leis, rud as a dtiocfaidh ioncam níos airde. I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI comhchosúil ann, is é sin 109.6 % in 2023.
(19)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, tá coinne leis go leanfaidh siad de thionchar a bheith acu ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022, go háirithe an laghdú ar TICFE agus na fóirdheontais dhíreacha chun soláthróirí gáis agus leictreachais a chúiteamh i leith na huasteorann ar phraghsanna gáis agus leictreachais rialáilte, chomh maith le bearta nua amhail an dearbhán breosla iompair de réir tástáil acmhainne (‘Carburant Chèque’) do theaghlaigh ar ioncam íseal, a chuirtear in ionad an lacáiste ginearálaithe a cuireadh i bhfeidhm in 2022, agus na fóirdheontais do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide nach mbaineann tairbhe as taraifí leictreachais rialáilte, chun an méadú ar an mbille fuinnimh go dtí deireadh‑2023 a chumhdach. Déantar costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach go fóill le cánacha nua ar bhrabúis amhantair na dtáirgeoirí agus soláthróirí fuinnimh, is é sin sásra chun ioncam na margaí infrimeallacha ó ghiniúint leictreachais a uasteorannú, chomh maith le hioncaim cánach indíreacha ó tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite agus fóirdheontais níos ísle dóibh, rud a eascraíonn as an mbearna dhearfach idir an margadh agus na praghsanna tagartha leictreachais. Agus an t‑ioncam sin á chur san áireamh, tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 1.0 % de OTI in 2023. De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún meastar gurb é 0.2 % de OTI in 2023 (i gcomparáid le 0.1 % de OTI in 2022) méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh le haghaidh 2023. Ar deireadh, meastar go mbainfidh comhardú rialtais 2023 tairbhe as deireadh a chur le beart éigeandála sealadach COVID-19 de 0.5 % de OTI.
(20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle go ndéanfadh an Fhrainc beartas fioscach stuama a áirithiú in 2023, go háirithe trí theorainn a chur leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir fhéideartha mheántéarmaigh, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ag an am céanna, ba cheart don Fhrainc a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag athrú. Moladh don Fhrainc freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.
(21)In 2023, tuartar go mbeidh an staid fhioscach i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún crapthach (+0.5 % de OTI) i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach fhairsingiúcháin a bheith ann in 2022 (-2.0 % de OTI). Réamh‑mheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 ranníocaíocht chrapthach de 0.6 % de OTI don staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh de 0.1 % de OTI. Go hachomair, tá fás réamh‑mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, b’ionann sin agus 0.4 % de OTI in 2023, cé gur thug infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta ranníocaíocht neodrach don staid fhioscach. Da bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFrainc infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus tá sé beartaithe aici infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail infheistíochtaí faoin bplean France 2030 chun infheistíocht a chothú in T & F úrscothach agus sna réimsí digiteacha, chomh maith le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh in‑athnuaite i gcórais téimh agus athchóiriú foirgneamh poiblí agus príobháideach, bearta a thacaíonn le dícharbónú na hearnála tionsclaíochta, infheistíochtaí in iompar inbhuanaithe, sláinte agus oideachas, a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
(22)De réir an Chláir Chobhsaíochta, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4.4 % de OTI in 2024. Is léiriú é an laghdú in 2024 den chuid is mó ar tharraingt siar fhormhór na mbeart tacaíochta fuinnimh, i gcomhpháirt le leaisteachas cánach níos airde. Leis an gclár, táthar ag súil go bhfanfaidh cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI cobhsaí den chuid is mó ag 109.5 % ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais de 4.3 % de OTI in 2024. Tá sé sin níos ísle ná an t‑easnamh a réamh‑mheastar sa chlár, go príomha mar gheall ar bhunéifeacht a eascraíonn as easnamh níos ísle atá réamh‑mheasta cheana féin ag an gCoimisiún le haghaidh 2023. I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI comhchosúil ann, is é sin 109.5 % ag deireadh 2024.
(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile le formhór na mbeart tacaíochta fuinnimh in 2024. Measann an Coimisiún faoi láthair gur 0.2 % de OTI in 2024 a bheidh i nglanchostas na mbeart tacaíochta fuinnimh. Tá na meastacháin sin ag brath ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú eile ar phraghsanna fuinnimh. Na bearta tacaíochta fuinnimh atá beartaithe faoi láthair le fanacht i bhfeidhm in 2024, ní cosúil go bhfuil siad dírithe ar theaghlaigh nó ar ghnólachtaí leochaileacha. Ní chaomhnaíonn siad go hiomlán an comhartha praghais chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.
(24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go gcuirfear feabhas bliantúil ar chomhardú an bhuiséid struchtúraigh chun an cuspóir meántéarmach a bhaint amach, agus 0.5 % de OTI mar thagarmharc. Agus breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh, bheadh sé iomchuí an t‑easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, agus feabhas struchtúrach 0.7 % de OTI ar a laghad le haghaidh 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 thar 2.3 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Ag an am céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a mheasann an Coimisiún gurb ionann iad faoi láthair agus 1.0 % de OTI in 2023), ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú a spriocdhíríodh, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Bunaithe ar mheastacháin an Choimisiúin, thiocfadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil a bheadh faoi bhun an uasráta fáis atá molta do 2024 mar thoradh air sin.
(25)Má ghlactar leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, tá sé beartaithe ag réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go dtiocfaidh fás 3.1 % ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, rud atá faoi bhun an ráta fáis atá molta. Is lú an coigeartú atá tuartha i réamhaisnéis an Choimisiúin ná an coigilteas a thiocfaidh as deireadh iomlán a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh. Is é is cúis leis sin infheistíochtaí méadaithe faoin gclár France 2030 agus tarraingt siar iomlán na cánach táirgeachta ar bhreisluach gnólachtaí.
(26)De réir an chláir, meastar go bhfanfaidh infheistíocht rialtais cobhsaí ag 3.8 % de OTI idir 2023 agus 2024. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin athchóiriú ar rialachas an airgeadais phoiblí agus sásra nua athbhreithnithe caiteachais, athchóirithe ar an gcóras sochar pinsin agus dífhostaíochta, chomh maith le hinfheistíochtaí chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú, ar cuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta iad freisin. Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2027. Dé réir an chláir, meastar go laghdóidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta de réir a chéile go 3.7 % de OTI in 2025, go 3.2 % in 2026 agus go 2.7 % faoi 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go laghdóidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI in 2027. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ó 109.5 % ag deireadh 2024 go 108.3 % ag deireadh 2027.
(27)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Fraince faoi lán seoil. Chuir an Fhrainc iarraidh amháin ar íocaíocht isteach, rud a chomhfhreagraíonn do 38 ngarsprioc agus sprioc sa phlean agus a bhfuil eisíocaíocht fhoriomlán EUR 7 400 000 mar thoradh air. Léiríonn garspriocanna an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme i réimsí an airgeadais phoiblí, na tithíochta, na soghluaisteachta, na fostaíochta, na scileanna agus na sláinte. Léiríonn roinnt spriocanna infheistíochtaí móra i réimsí an athchóirithe fuinnimh ar fhoirgnimh, dícharbónú na tionsclaíochta, feithiclí glana, taighde, fostaíocht don aos óg, agus oideachas. Thíolaic an Fhrainc athbhreithniú ar a plean i mí Aibreáin 2023, lena n‑áirítear caibidil REPowerEU. Maidir leis an iarraidh ón bhFrainc a plean a mhodhnú, tá sé sin bunaithe ar an ngá atá ann na nithe a leanas a chur san áireamh: an boilsciú ard a tharla in 2022, na suaití sa slabhra soláthair agus an t‑athbhreithniú anuas ar leithdháileadh uasta deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Fraince i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.
(28)D’fhormheas an Coimisiún formhór dhoiciméad clársceidealaithe na Fraince maidir le beartas comhtháthaithe in 2022 cé is moite de chlár Saint‑Martin, a glacadh an 20 Márta 2023. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Fhrainc.
(29)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise roimh an bhFrainc maidir le ganntanas scileanna, éagothromaíochtaí sa chóras oideachais agus maidir le beartas fuinnimh agus an t‑aistriú glas. Dá dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin sin, d’fhéadfaí scileanna na n‑oibrithe a neartú, táirgiúlacht saothair a mhéadú, gnólachtaí na Fraince a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, agus, dá réir sin, geilleagar na Fraince a dhéanamh níos iomaíche ar an iomlán.
(30)Tá méadú ag teacht ar an nganntanas lucht saothair i gcónaí. De réir shuirbhé 2023 ar riachtanais an lucht saothair (‘Pôle Emploi’), measann 61 % d’fhostóirí go mbeidh deacrachtaí ann ó thaobh na fostaíochta de in 2023, go háirithe i gcás lucht saothair oilte san earnáil tógála agus san earnáil tionsclaíochta — dhá earnáil a bhfuil tionchar mór ag an aistriú glas agus digiteach orthu. Le blianta beaga anuas, tá borradh curtha ag an bhFrainc faoin infheistíocht in uas‑sciliú agus athsciliú oibrithe, le tacaíocht i bpáirt ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Léiríonn meastóireachtaí, áfach, go bhfuil bacainní iomadúla fós ar uas‑sciliú daoine ar bheagán oiliúna, rud a bhaineann an bonn d’éifeachtacht na gclár spriocdhírithe amhail an ‘plean infheistíochta i scileanna’. Cé go bhfuil an ráta ag dul i méid, tá rannpháirtíocht na n‑oibrithe ar bheagán oiliúna fós i bhfad níos ísle ná rannpháirtíocht oibrithe eile, agus is gnách leo níos lú tairbhe a bhaint as oiliúint a mbíonn cáilíocht mar thoradh uirthi. Tugann sé sin le fios gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht ag an gcóras oideachais i gcónaí borradh a chur faoi líon na ndaoine óga atá ag dul isteach i margadh an tsaothair a bhfuil bunscileanna agus cáilíochtaí leordhóthanacha acu.
(31)D’ainneoin an leibhéal foriomlán caiteachais phoiblí os cionn mheán ECFE agus torthaí maithe, tá sciar suntasach de scoláirí lagchumasacha i gcóras oideachais na Fraince, agus tá an cúlra socheacnamaíoch fós ina thuarthóir láidir ar fheidhmíocht na ndaltaí. Is ábhar imní ar leith é tearcghnóthachtáil agus neamh‑comhionannais maidir le scileanna sealbhaithe sa mhatamaitic. De réir suirbhéanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá laghdú leanúnach tagtha ar mheánfheidhmíocht sa mhatamaitic le 30 bliain anuas sa Fhrainc. Rinneadh roinnt céimeanna chun sealbhú bunscileanna a neartú, lena n‑áirítear trí oiliúint leanúnach múinteoirí sa mhatamaitic agus sa Fhraincis a threisiú, rud ar cuireadh tús leis in 2019, agus trí mhodúl tacaíochta uair an chloig sa mhatamaitic agus sa Fhraincis a chur leis an gcéad bhliain den mheánscoil ón mbliain scoile 2023/24 ar aghaidh. Tá an plean chun méideanna ranga a laghdú faoina leath sa chéad agus sa dara grád i réamh‑bhunscoileanna poiblí agus i mbunscoileanna poiblí faoi mhíbhuntáiste beagnach curtha i gcrích agus tá an tionchar fadtéarmach ar thorthaí foghlama an 300 000 dalta lena mbaineann á mheas. Mar sin féin, ní bhaineann sciar suntasach de dhaltaí faoi mhíbhuntáiste, lasmuigh de réimsí tosaíochta, tairbhe as. Tá dúshláin fós ann, in ainneoin infheistíochtaí agus dul chun cinn, maidir le rochtain daltaí agus mac léinn faoi mhíchumas ar an gcóras príomhshrutha oideachais.
(32)In 2022, lean an Fhrainc d’infheistíocht a dhéanamh sa chóras printíseachta agus i roghanna foghlama obairbhunaithe breise, amhail an t‑athchóiriú ar an ngairmoiliúint i meánscoileanna. Cé go bhféadfadh toradh dearfach a bheith ag na bearta sin, níl a dtionchar le brath go fóill agus bheadh gá le rannpháirtíocht níos mó ó ghairmithe agus ó mhúinteoirí i ndearadh na gclár. D’ainneoin bearta chun feabhas a chur ar dhálaí múinteoireachta, lena n‑áirítear méadú ar phá na múinteoirí, tá imní fós ann maidir le tarraingteacht ghairm na múinteoireachta agus sciar ard na mball foirne ar conradh, ar ball foirne iad a mbíonn leibhéil níos ísle cáilíochtaí agus taithí acu go minic ná mar a bhíonn ag baill foirne bhuana agus rochtain neamhleor acu ar dheiseanna oiliúna. Ar an iomlán, tá an cóimheas idir múinteoirí agus mic léinn fós ar na cóimheasa is airde san Aontas.
(33)Ní bhraitheann meascán fuinnimh na Fraince chomh mór sin ar bhreoslaí iontaise agus a bhraitheann tíortha eile san Aontas, cé go bhfuil sí fós ag brath ar bhreoslaí iontaise allmhairithe. Tháinig laghdú 16 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Fraince sa tréimhse Lúnasa 2022 - Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, laghdú a bhí os cionn na sprice laghdaithe 15 %. D’fhéadfadh an Fhrainc leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024. Is práinní anois don Fhrainc dlús a chur lena hiarrachtaí na spriocanna maidir le fuinneamh in‑athnuaite a leagtar síos ina plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach de bharr na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus na bpraghsanna arda fuinnimh. Le 19.1 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh ag teacht ó fhuinneamh in‑athnuaite, chaill an Fhrainc a sprioc maidir le 23 % dá cuid fuinnimh a bheith ag teacht ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh don bhliain 2020. Níl sí ar an mbóthar ceart ach oiread chun sprioc 2030 maidir le fuinneamh in‑athnuaite a bhaint amach agus tá sí ag titim ar gcúl maidir le húsáid fuinnimh in‑athnuaite, go háirithe maidir le táirgeadh leictreachais agus téamh. Dá ndéanfaí foinsí in‑athnuaite fuinnimh amhail fuinneamh gréine agus gaoithe a chur in úsáid go tapa, chuirfí le slándáil fuinnimh agus éagsúlú soláthair na Fraince trí úsáid breoslaí iontaise a laghdú. Is féidir cur in úsáid na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh a mhíniú trí nósanna imeachta riaracháin mall agus casta a bhaineann le ceadú. Na moilleanna ar cheadú do na teicneolaíochtaí uile (gaoth ar tír agus amach ón gcósta chomh maith le grianfhuinneamh) baineann siad le heaspa tacaíochta polaitiúla do thionscadail, le pleanáil neamhleor agus le nósanna imeachta fada casta ceadaithe. Tá glacadh an phobail agus dúshláin dhlíthiúla ann freisin, rud a chruthaíonn éiginnteacht d’infheisteoirí agus d’fhorbróirí. D’fhéadfaí dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe trí thuilleadh foirne agus acmhainní airgeadais a leithdháileadh sa riarachán lárnach ar an leibhéal réigiúnach agus sna húdaráis ábhartha agus oibreoirí eangaí chomh maith. Tá nósanna imeachta feabhsaithe maidir le pleanáil spásúil agus cur i bhfeidhm níos tapúla na nósanna imeachta tairisceana ríthábhachtach freisin chun suiteáil tionscadal in‑athnuaite a dhaingniú. Ghlac an Fhrainc dlí in 2023 maidir le dlús a chur le táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑aithnítear gur gá teas agus gás in‑athnuaite a fhorbairt go mór agus sciar an leictreachais in‑athnuaite a mhéadú chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha maidir le húsáidí a leictriú. Dá gcuirfí chun feidhme i gceart é, d’fhéadfadh an dlí cur in úsáid níos tapúla tionscadal in‑athnuaite a chothú. D’ fhéadfadh sé sin an Fhrainc a chur ar an gconair chun cuspóirí 2030 a bhaint amach.
(34)Chun an leibhéal idirnaisc a thabhairt cothrom leis an sprioc 10 % le haghaidh 2020, tá tacaíocht bhreise d’idirnascairí leictreachais trasteorann (atá á bhforbairt nó á bpleanáil) ríthábhachtach i gcónaí chun sciartha móra d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú. Trí thús áite a thabhairt don infheistíocht i mbonneagar fuinnimh intíre agus trasteorann araon, cuideofar leis an spleáchas ar bhreosla iontaise agus go háirithe ar ghás na Rúise a laghdú. Moltar infheistíochtaí nua bonneagair agus líonraí a bheith slán i gcás inar féidir, chun a n‑inbhuanaitheacht fhadtéarmach a éascú trí bhreoslaí inbhuanaithe a chur in ionad breoslaí inbhuanaithe amach anseo. Tá idirnaisc ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach fuinnimh go héifeachtúil trí acmhainní a chomhthiomsú chun cinnteacht fhoriomlán an tsoláthair a bhaint amach.
(35)Tá mórthionscadail i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Fraince maidir le hathchóiriú tithíochta sóisialta agus tithíochta aonair, mar aon le foirgnimh phoiblí agus gnólachtaí beaga. Maidir le foirgnimh chónaithe a athchóiriú, dhírigh formhór na dtionscadal ar oibreacha aonchéime, rud a mbíonn athchóirithe teoranta mar thoradh air. Sa chéad leath de 2022, ní raibh dhá chéim athchóirithe ar a laghad ann ach i gcás 27 % de na hoibreacha, agus ní raibh ach 5 % díobh ina n‑athchóirithe iomlána. D’fhéadfadh mórthionchar a bheith ag athchóirithe móra maidir le tomhaltas fuinnimh in earnáil na bhfoirgneamh a laghdú. Ina theannta sin, dá ndéanfaí iarrachtaí níos mó chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a dhíriú ar chabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal foirgnimh a athchóiriú agus an stoc foirgneamh leis an bhfeidhmíocht fuinnimh is measa a athchóiriú, d’fhéadfaí cabhrú chun deireadh a chur leis an 5.2 milliún teaghais is neamhéifeachtúla ó thaobh fuinnimh de (tithíocht le rátáil éifeachtúlachta fuinnimh F agus G) faoi 2030. Le Dlí 2021 maidir leis an Aeráid agus an Athléimneacht, tugadh isteach roinnt beart chun athchóiriú fairsing foirgneamh a spreagadh, amhail an toirmeasc ar thithíochta cíosa ag a bhfuil rátáil éifeachtúlachta fuinnimh G amhail ó 2025, F ó 2028 agus E ó 2034. Chun gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh níos suntasaí a spreagadh, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcreat beartais chun athchóiriú domhain a spreagadh agus chun cabhrú leis an bhFrainc éifeachtúlacht fuinnimh a stoc foirgneamh a mhéadú a thuilleadh, agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh ar ioncam íseal.
(36)Is sa Fhrainc a dhéantar beagnach 11 % d’infheistíocht caipitil fiontair iomlán an Aontais i ngnólachtaí teicneolaíochta aeráide nuathionscanta agus i ngnólachtaí teicneolaíochta aeráide atá i mbun fáis. Mar sin féin, d’ainneoin tacaíocht mhór phoiblí, níl ach 29 % de ghnólachtaí beaga na Fraince tar éis níos mó ná 1 % dá láimhdeachas a infheistiú chun a bheith tíosach ar acmhainní (40 % ar an meán san Aontas). Bíonn ualach mór riaracháin ar thionscnóirí tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glaine agus bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar nósanna imeachta fada agus rioscaí dlíthíochta. Tógann sé 17 mí ar an meán chun cead tógála a fháil, údarú comhshaoil a fháil agus an próiseas imscrúdaithe phoiblí a chur i gcrích le haghaidh tionscadal tionsclaíoch. Is éard atá i gceist leis an nós imeachta pointí blocála, nuair a chaithfidh úinéir an tionscadail fanacht ar fhreagraí ó chomhlachtaí éagsúla (cúirt riaracháin, tuairim an údaráis comhshaoil, tuairisc ón imscrúdaitheoir poiblí). Ina theannta sin, ní mór comhairliúchán poiblí a reáchtáil le haghaidh tionscadail thionsclaíocha mhóra. Maireann an próiseas seo 6 mhí ar a laghad, rud a chuireann leis an am a thógann sé an cead tógála a fháil, údarú comhshaoil a fháil agus an t‑imscrúdú poiblí a dhéanamh. D’fhéadfadh tionscadail infheistíochta a bheith faoi réir nósanna imeachta dlíthíochta a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt blianta, rud a fhágann go dtréigfear tionscadail. Cé go bhfuil gá le nósanna imeachta ceadaithe chun leasanna sáraitheacha poiblí agus príobháideacha a chosaint, ba cheart iad a shimpliú agus dlús a chur leo i gcás tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glaine. Trí nósanna imeachta riaracháin a sheoladh i gcomhthráth agus láithreáin thionsclaíocha atá réidh lena n‑úsáid a mholadh, d’fhéadfaí am a shábháil freisin.
(37)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, cur in úsáid agus cothabháil teicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas‑sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair sa Fhrainc le haghaidh roinnt gairmeacha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil uathu don aistriú glas, lena n‑áirítear teicneoirí innealtóireachta sibhialta, oibreoirí gléasraí táirgthe cumhachta, agus gairmithe innealtóireachta.
(38)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2022 agus léirítear a tuairim i moladh (1) thíos.
(39)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú ó thaobh praghsanna fuinnimh de; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost‑éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Fraince, rannchuidíonn moltaí (1), (2) (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh, an cheathrú moladh agus an chúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.
(40)I bhfianaise ghrinn‑athbhreithniú an Choimisiúin agus an mheasúnaithe sin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2023. Léirítear a cuid moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i molta (1) thíos. Na beartais dá dtagraítear i moladh (1), cuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas rialtais, le hiomaíochas lag agus le fás íseal táirgiúlachta. Cuireann moltaí (2) agus (3) le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1). Na beartais dá dtagraítear i moladh (1), cuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus leis na moltaí le haghaidh an limistéir euro a chur chun feidhme, i gcomhréir le haithris 39.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Fhrainc in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Dá mba ghá le bearta tacaíochta i ngeall ar mhéaduithe eile ar phraghsanna fuinnimh, déanfaidh an Fhrainc a áirithiú go ndírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go bhfuil siad inacmhainne ó thaobh cúrsaí fioscacha de, agus go gcaomhnaítear dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh.
Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 2.3 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024.
Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach dheontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.
Le haghaidh na tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach stuama mheántréimhseach a bhaint amach.
Dálaí creata a fheabhsú a thuilleadh chun infheistíocht agus nuálaíocht a éascú.
2.Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme seasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus bailchríoch a chur go pras leis an aguisín, lena n‑áirítear caibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhar agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.
3.Aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna, go háirithe trí roghanna foghlama obairbhunaithe breise a chur ar fáil agus trí sciar na ndaoine a bhfuil bunscileanna acu a ardú. Acmhainní agus modhanna a chur in oiriúint do riachtanais na mac léinn agus na scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste chun an córas oideachais agus oiliúna a dhéanamh níos cothroime agus níos cuimsithí. Feabhas a chur ar na dálaí oibre agus ar an oiliúint tosaigh agus leanúnach do mhúinteoirí.
4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite, ag díriú go háirithe ar fhoinsí gaoithe, gréine agus geoiteirmeacha agus ar bhithghás, lena n‑áirítear fuinnimh in‑athnuaite a tháirgeadh ar mhionscála agus féintomhaltas comhchoiteann a chur chun cinn, agus teicneolaíochtaí stórála gaolmhara a chur chun cinn trí infheistíocht phoiblí mhéadaithe trí infheistíocht phríobháideach a éascú agus trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill cheadaithe. Eangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a uasghrádú a thuilleadh agus idirnaisc leictreachais trasteorann a mhéadú. An creat beartais a fheabhsú a thuilleadh chun athchóiriú domhain foirgneamh agus dícharbónú na gcóras téimh a spreagadh, agus béim ar leith a leagan ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar stoc foirgneamh ag a bhfuil an fheidhmíocht fuinnimh is ísle. Timpeallacht rialála tacaíochta a chothú chun infheistíocht a mhéadú i monaraíocht na teicneolaíochta glaine, lena n‑áirítear tríd an gceadú a shimpliú agus dlús a chur leis. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán